|
||||
|
| [EN] | ||
Uimhir 3 de 1965. | ||
| [EN] |
AN tACHT UM AN ACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956 (BUANÚ), 1965 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A BHEIDH AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLACHA SEALADACHA), 1956, I bhFEIDHM. [9 Márta, 1965.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
| [EN] |
An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, a bhuanú. |
1. —(1) Leanfaidh an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1968, agus rachaidh sé in éag ansin. |
| [EN] | (2) Aisghairtear leis seo an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1961. | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1965, a ghairm den Acht seo. |