6 1965


Uimhir 6 de 1965.


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHOINBHINSIÚN, I bhFORLÍONADH AR CHOINBHINSIÚN WARSAW, UM AONTÚ RIALACHA ÁIRITHE MAIDIR LE hIOMPAR IDIRNÁISIÚNTA d'AER A DHÉANFAIDH DUINE SEACHAS AN tIOMPRÓIR CONARTHACH, A RINNEADH I GUADALAJARA, MEICSICEO, AN 18ú LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, 1961, DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hAERSHEIRBHÍSÍ GO DTÍ CRÍOCH AN STÁIT, AGUS UAITHI, AGUS LAISTIGH DI AGUS THAIRSTI, AGUS MAIDIR LE RÁTAÍ AGUS TÁILLÍ A MHUIREARÓFAR AR AERSHEIRBHÍSÍ GO DTÍ CRÍOCH AN STÁIT, AGUS UAITHI AGUS LAISTIGH DI, A STIÚRADH AGUS A RIALÚ, CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CRÍOCHA EILE DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1936 GO 1963, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [30 Márta, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú

1936, Uimh. 40 .

1959, Uimh. 1 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “aersheirbhís” eitilt nó eitiltí a dhéanfaidh aerárthach nó aerárthaí a bheidh ag iompar paisinéirí, lasta nó poist ar luaíocht;

ciallaíonn “Coinbhinsiún Guadalajara” an Coinbhinsiún, i bhforlíonadh ar Choinbhinsiún Warsaw, um aontú rialacha

áirithe maidir le hiompar idirnáisiúnta d'aer a dhéanfaidh duine seachas an t-iompróir conarthach, a rinneadh i Guadalajara, Meicsiceo, an 18ú lá de Mheán Fómhair, 1961;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1959 .

(2) Forléireofar tagairtí san Acht seo do chríoch an Stáit, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí a fholaíonn na farraigí teorann in aice na críche sin.

Feidhm dlí sa Stát a bheith ag Coinbhinsiún Guadalajara.

2. —(1) Beidh feidhm dlí sa Stát ag forálacha Choinbhinsiún Guadalajara, mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dheimhniú ó am go ham cé hiad is Stáit Chonarthacha i gCoinbhinsiún Guadalajara agus cad iad na críocha ar ina leith is Stáit Chonarthacha iad faoi seach.

Léiriú ar Choinbhinsiún Guadalajara.

3. —(1) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ciallaíonn “Coinbhinsiún Warsaw” maidir le hiompar d'aer—

(a) más iompar é faoin gCoinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, an Coinbhinsiún sin, agus

(b) más iompar é faoin gCoinbhinsiún sin arna leasú leis an bPrótocol atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1959, an Coinbhinsiún sin arna leasú amhlaidh,

ach, maidir le cearta nó dliteanais de dhroim teagmhais roimh an lá a tháinig Cuid III d'Acht 1959 i ngníomh, ciallaíonn “Coinbhinsiún Warsaw” an Coinbhinsiún atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(2) In Airteagail VII agus VIII de Choinbhinsiún Guadalajara folaíonn “‘cúirt” (in eadráin a cheadaítear leis na Coinbhinsiúin dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo nó le hAirteagal IX, 3 de Choinbhinsiún Guadalajara) eadránaí.

Athachtú le leasuithe ar alt 18 den Phríomh-Acht.

1961, Uimh. 41 .

4. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 18 (a cuireadh isteach leis an Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 ) den Phríomh-Acht:

“Dliteanas iompróra i gcás paisinéir d'fháil bháis.

18. (1) (a) San alt seo—

ciallaíonn ‘cleithiúnaí’, maidir le paisinéir a ndéantar dliteanas i leith a bháis a chur ar iompróir le hAirteagal 17 de Choinbhinsiún Warsaw nó de Choinbhinsiún Guadalajara, aon duine de theaghleach an éagaigh a fhulaingeoidh díobháil nó anbhuain meabhrach;

ciallaíonn ‘duine de theaghlach’ banchéile, fearchéile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar,

(b) Nuair a bheidh aon ghaoil á rianú chun críocha an ailt seo—

(i) measfar gur sliocht dlisteanach ar an uchtóir nó ar na huchtóirí duine a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964;

(ii) faoi réir fhomhír (i) den mhír seo, measfar gur sliocht dlisteanach ar a mháthair agus ar a athair toimhdean duine neamhdhlisteanach;

(iii) measfar gur tuismitheoir duine eile duine atá in loco parentis don duine eile sin.

(2) Aon dliteanas chun damáistí a íoc a fhorchuirtear le hAirteagal 17 de Choinbhinsiún Warsaw nó de Choinbhinsiún Guadalajara ar iompróir i leith báis phaisinéara is dliteanas é in ionad aon dliteanais de chuid an iompróra i leith bhás an phaisinéara sin faoi aon reacht (lena n-áirítear Cuid IV den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961) nó faoin dlí coiteann, agus beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gcaingean chun an dliteanas a fhorchuirtear amhlaidh a chur i bhfeidhm—

(a) beidh an dliteanas inchurtha i bhfeidhm chun tairbhe do chleithiúnaithe an phaisinéara;

(b) ní fhéadfar ach aon chaingean amháin mar gheall ar dhamáistí a thionscnamh sa Stát i gcoinne an duine chéanna i leith an bháis;

(c) féadfaidh ionadaí pearsanta an phaisinéara an chaingean a thionscnamh nó, más rud é ar shé mhí a bheith caite tar éis an bháis, nach mbeidh aon ionadaí pearsanta ann nó nach mbeidh aon chaingean tionscanta ag an ionadaí pearsanta, féadfaidh gach duine nó aon duine de na cleithiúnaithe an chaingean a thionscnamh;

(d) cibé duine a thionscnóidh an chaingean, is é a bheidh inti caingean chun tairbhe do na cleithiúnaithe go léir a bhfuil cónaí orthu sa Stát nó, mura bhfuil cónaí orthu sa Stát, a chuirfidh in iúl gur mian leo tairbhe na caingne a fháil;

(e) tabharfaidh an gearánaí don chosantóir sonraí ar na daoine ar dóibh agus thar a gceann a bheidh an chaingean á tionscnamh;

(f) faoi réir mhír (m) den fho-alt seo—

(i) is é a bheidh sna damáistí iomlán na suimeanna (más aon suim é) a mheasfaidh an giúiré nó an breitheamh, de réir mar a bheidh, a bheith i gcoibhneas leis an díobháil a bhain de dheasca an bháis do gach duine de na cleithiúnaithe, faoi seach, ar dó nó thar a cheann a tionscnaíodh an chaingean, agus

(ii) faoi réir mhír (g) den fho-alt seo, iomlán na suimeanna sin (más aon suim é) a mheasfaidh an breitheamh is cúiteamh réasúnach in anbhuain meabhrach a bhain de dheasca an bháis do gach duine de na cleithiúnaithe sin;

(g) ní rachaidh iomlán aon suimeanna a dhámhfar de bhua fhomhír (ii) de mhír (f) den fho-alt seo thar mhíle punt;

(h) luafar ar leithligh sa dámhachtain gach aon suim a dhámhfar de bhua mhír (f) den fho-alt seo;

(i) ina theannta sin, féadfar damáistí a dhámhachtain i leith caiteachas adhlactha agus caiteachas eile a ndeachaigh an paisinéir, na cleithiúnaithe nó an t-ionadaí pearsanta fúthu iarbhír mar gheall ar an tionóisc ba chúis le bás an phaisinéara;

(j) is leor don chosantóir, agus é ag íoc airgid isteach sa chúirt sa chaingean, é a íoc in aon suim amháin mar dhamáistí le haghaidh na gcleithiúnaithe uile gan é a chionroinnt eatarthu;

(k) déanfar an méid a ghnóthófar sa chaingean a roinnt, tar éis na costais nár gnóthaíodh ón gcosantóir a bhaint de, ar na daoine a bheidh ina theideal i cibé scaireanna a bheidh an giúiré nó an breitheamh, de réir mar a bheidh, tar éis a chinneadh;

(l) nuair a bheifear ag measúnú na ndamáistí, ní chuirfear san áireamh aon suim is iníoctha ar bhás an phaisinéara faoi aon chonradh árachais, ná aon phinsean, aisce nó sochar eile dá leithéid is iníoctha faoi reacht nó ar shlí eile mar gheall ar bhás an éagaigh;

(m) féadfaidh an chúirt a dtabharfar an chaingean os a comhair, ag céim ar bith de na himeachtaí, cibé ordú a dhéanamh a fheicfear don chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint do na forálacha den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chuireann teorainn le dliteanas an iompróra agus d'aon imeachtaí a tionscnaíodh, nó is dóigh a thionscnófar, lasmuigh den Stát mar gheall ar bhás an phaisinéara.

(3) San alt seo ciallaíonn ‘Coinbhinsiún Guadalajara’ an Coinbhinsiún, i bhForlíonadh ar Choinbhinsiún Warsaw, um aontú rialacha áirithe maidir le hiompar idirnáisiúnta d'aer a dhéanfaidh duine seachas an t-iompróir conarthach, a rinneadh i Guadalajara, Meicsiceo, an 18ú lá de Mheán Fómhair, 1961.”

Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht.

5. —In alt 20 den Phríomh-Acht forléireofar tagairtí don Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Choinbhinsiún Guadalajara.

Srian le haersheirbhísí a oibriú.

6. —(1) Ní dhéanfar aersheirbhís a oibriú go dtí críoch an Stáit, ná uaithi, ná laistigh di ná thairsti, mura rud é—

(a) (i) gur seirbhís í de shaghas atá údaraithe le hordú faoi alt 7 den Acht seo agus go ndéanfar an tseirbhís a oibriú de réir forálacha an ordaithe, nó

(ii) go mbeidh údarás faoi alt 8 den Acht seo i bhfeidhm i leith na seirbhíse agus, má bhíonn aon fhorálacha nó coinníollacha san údarás, gur de réir na bhforálacha nó na gcoinníollacha sin a oibreofar an tseirbhís, agus

(b) i gcás seirbhís go dtí críoch an Stáit, nó uaithi nó laistigh di—

(i) má bhíonn ordú faoi alt 9 den Acht seo i bhfeidhm ag socrú na dtáillí nó na rátaí a mhuirearófar as paisinéirí, lasta agus post a iompar ar an tseirbhís, go ndeánfar na táillí nó na rátaí a socraíodh amhlaidh a mhuirearú ar an tseirbhís, agus

(ii) má bhíonn na táillí nó na rátaí a mhuirearófar as paisinéirí, lasta agus post a iompar ar an tseirbhís, ceadaithe ag an Aire faoi alt 10 den Acht seo, go ndéanfar na táillí nó na rátaí atá ceadaithe amhlaidh a mhuirearú ar an tseirbhís.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo agus alt 19 den Acht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Cumhacht chun oibriú aersheirbhísí a údarú le hordú.

1935, R. & O.R. Uimh. 560.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a údarú, faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar san ordú, go ndéanfar cibé aersheirbhísí, nó earnálacha d'aersheirbhísí, a shonrófar san ordú, a oibriú go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di nó thairsti.

(2) Féadfaidh cibé forálacha is iomchuí leis an Aire, maidir le hoibriú na n-aersheirbhísí lena mbaineann sé, a bheith in ordú faoin alt seo.

(3) Féadfar earnálacha aersheirbhísí a chur in iúl in ordú faoin alt seo ar cibé dóigh agus faoi threoir cibé nithe, lena n-áirítear tionscnamh agus ceann scríbe na beitilte nó na n-eitiltí a áirítear san aersheirbhís, is iomchuí leis an Aire.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(5) Ar theacht i ngníomh d'ordú faoin alt seo, scoirfidh an tOrdú um Aer-Loingseoireacht (Línte Eadarnáisiúnta), 1935, d'fheidhm a bheith aige.

Údarás chun aersheirbhísí a oibriú.

8. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin amháin, údarás a dheonú, nó diúltú údarás a dheonú, d'aon duine á thabhairt de theideal don duine sin aersheirbhís a oibriú go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di nó thairsti.

(2) Féadfaidh cibé forálacha agus coinníollacha is iomchuí leis an Aire a bheith in údarás faoin alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire, aon uair is cuí leis é, foráil nó coinníoll d'údarás faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(4) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, fanfaidh údarás faoin alt seo i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san údarás.

(5) Má sháraítear foráil nó coinníoll, nó má dhéantar faillí nó mainneachtain nó neamh-chomhlíonadh i gcás forála nó coinníll, in údarás faoin alt seo, féadfaidh an tAire an t-údarás a chúlghairm.

(6) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt seo, foirmeacha údarás faoin alt seo, foirmeacha iarratais le haghaidh na n-údarás sin, agus an t-eolas a bheidh le tabhairt don Aire ag iarratasóirí na n-údarás sin, a fhorordú, agus (le toiliú an Aire Airgeadais) a foráil go mbeidh táillí le híoc as deonú na n-údarás sin agus (leis an toiliú a dúradh) méid na dtáillí a fhorordú (lena n-áirítear suimeanna éagsúla i leith údarás maidir le haersheirbhísí éagsúla agus maidir le haersheirbhísí a bhí roimhe sin ina n-ábhar údarás faoin alt seo).

7. Beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire agus a dheimhniú nach raibh, ar lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh an iomlán de thréimhse shonraithe, údarás faoin alt seo i bhfeidhm i leith aersheirbhíse sonraithe, gan cruthúnas ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú ná gurbh oifigeach don Aire é, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt ar na nithe sin dá bhfuil ráite a airbheartófar a dheimhniú sa deimhniú agus leis an deimhniú.

Cumhacht chun táillí agus rátaí a mhuirearófar ar aersheirbhísí a shocrú.

9. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, na táillí nó na rátaí a shocrú a mhuirearófar as paisinéirí, lasta nó post a iompar ar aersheirbhísí go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo táillí nó rátaí éagsúla a shocrú i leith aersheirbhísí éagsúla nó i leith paisinéirí, lasta nó post d'earnálacha éagsúla, agus féadfaidh sé feidhm a bheith aige maidir le gach aersheirbhís go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di, nó bheith gan feidhm ach amháin maidir le haersheirbhís shonraithe nó aersheirbhísí sonraithe go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Táillí agus rátaí a mhuirearófar ar aersheirbhísí a cheadú.

10. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin amháin, na táillí nó na rátaí a cheadú a bheartófar a mhuirearú as paisinéirí, lasta nó post a iompar ar aersheirbhís go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di, nó diúltú iad a cheadú.

(2) Beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire agus a dheimhniú nach raibh, ar lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh an iomláin de thréimhse shonraithe, na táillí nó na rátaí a muirearaíodh ar aersheirbhís shonraithe chun paisinéirí, lasta nó post a iompar ar an tseirbhís arna gceadú faoin alt seo, gan cruthúnas ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú ná gurbh oifigeach don Aire é, ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt ar na nithe sin dá bhfuil ráite a airbheartófar a dheimhniú sa deimhniú agus leis an deimhniú.

Taifid a choimeád agus eolas a thabhairt don Aire i dtaobh aersheirbhísí.

11. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin alt seo—

(a) a cheangal ar dhaoine a bheidh ag oibriú aersheirbhísí go dtí críoch an Stáit, nó uaithi, nó laistigh di nó thairsti—

(i) taifid a choimeád de cibé nithe a shonrófar sna rialacháin maidir leis na haerárthaí a bheidh ag gabháil do na seirbhísí sin,

(ii) taifid a choimeád de cibé nithe a shonrófar sna rialacháin maidir leis na paisinéirí, an lasta agus an post a iomprófar ar na seirbhísí sin,

(iii) cóipeanna, coimrithe, agus achomaireachtaí de na taifid réamhráite a thabhairt don Aire, cibé tráthanna a shonrófar sna rialacháin, agus

(iv) más cuí leis an Aire é, na coimrithe agus na hachomaireachtaí réamhráite a thabhairt i cibé foirm a fhorordóidh an tAire sna rialacháin,

(v) taifid a choimeádfar de bhun na rialachán a thabhairt ar aird d'oifigigh don Aire agus a cheadú do na hoifigigh iad a scrúdú, agus

(vi) cibé eolas a shonróidh an tAire a thabhairt don Aire maidir le táillí nó rátaí a mhuirearaítear nó a bheartaítear a mhuirearú as paisinéirí, lasta agus post a iompar ar na seirbhísí sin, agus

(b) foráil a dhéanamh le haghaidh scrúdú ag oifigigh don Aire ar thaifid a choimeádfar de bhun na rialachán.

Pionóis.

12. —(1) Más rud é—

(a) go n-eitleoidh aerárthach contrártha d'fhoráil den Acht seo nó d'ordú, rialachán nó treoir faoin Acht seo, nó

(b) nach gcomhlíonfaidh aerárthach foráil den Acht seo nó d'ordú nó rialachán faoin Acht seo, nó

(c) go ndéanfar gníomh maidir le haerárthach is sárú ar fhoráil den Acht seo nó d'ordú, rialachán nó treoir faoin Acht seo,

measfar úinéir nó fruilitheoir (nach é an Stát é) an aerárthaigh maraon leis an duine i gceannas uirthi a bheith tar éis an fhoráil a shárú nó, de réir mar a bheidh, tar éis faillí a dhéanamh ina comhlíonadh.

(2) Aon duine a sháróidh foráil den Acht seo nó d'ordú, rialachán nó treoir faoin Acht seo, nó a fhailleoidh í a chomhlíonadh, nó a mheasfar leis an alt seo a bheith tar éis foráil den Acht seo nó d'ordú, rialachán nó treoir faoin Acht seo a shárú nó tar éis faillí a dhéanamh ina comhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná céad punt nó, de rogha na Cúirte, an phríosúnacht agus an fhíneáil le chéile a chur air; nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó fíneáil nach mó ná míle punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, an phríosúnacht agus an fhíneáil le chéile a chur air.

(3) In aon ionchúiseamh ar dhuine mar gheall ar shárú líomhnaithe ar fhoráil den Acht seo nó d'ordú, rialachán nó treoir faoin Acht seo nó mar gheall ar fhaillí líomhnaithe ina comhlíonadh, is cosaint é don duine a chruthú gur dhoineann nó cúis dhosheachanta eile ba bhun leis an sárú nó leis an bhfaillí, agus in aon ionchúiseamh ar úinéir, fruilitheoir nó an duine i gceannas aerárthaigh mar gheall ar an sárú nó an fhaillí líomhnaithe sin, is cosaint é don úinéir, don fhruilitheoir nó don duine i gceannas a chruthú gur tharla an sárú nó an fhaillí líomhnaithe gan mainneachtain ná ionpháirteacht iarbhír aige féin.

(4) Féadfaidh an tAire nó féadfar ar agra an Aire mar ionchúisitheoir ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo.

Aerárthaí a choinneáil.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, foráil a dhéanamh le haghaidh aerárthaí a choinneáil chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Achta seo nó d'orduithe, rialacháin nó treoracha faoin Acht seo.

(2) Déanfar na tagairtí atá in ailt 64 agus 65 den Phríomh-Acht don Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo agus beidh éifeacht ag an alt sin 64, ina fheidhm i gcás ciona maidir le haerárthach a choinneofar faoin Acht seo, amhail is dá gcuirfí an méid seo a leanas le fo-alt (5): “nó, ar a chiontú ann ar díotáil, fíneáil nach mó ná míle punt a chur air”.

Alt 62 den Phríomh-Acht a leathnú.

14. —Déanfar na tagairtí atá i bhfo-ailt (1) agus (2) d'alt 62 den Phríomh-Acht don Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo.

Feidhm maidir le haerárthaí Stáit.

15. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le haerárthaí Stáit.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go mbeidh feidhm maidir le haerárthaí Stáit ag cibé forálacha a shonrófar san ordú den Acht seo nó d'aon ordú nó rialacháin a dhéanfar faoi, i dteannta nó d'éagmais modhnuithe, agus aon uair a dhéanfar ordú faoin bhfo-alt seo agus a bheidh sé i bhfeidhm, beidh feidhm maidir le haerárthaí Stáit ag cibé forálacha acu sin a shonrófar san ordú, faoi réir na modhnuithe, más ann, a shonrófar san ordú.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(4) San alt seo ciallaíonn “aerárthaí Stáit” aerárthaí aon tire a úsáidtear i seirbhísí míleata, custam agus póilíneachta.

Rialacháin agus reoracha.

16. —Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh nó treoracha a thabhairt i dtaobh aon ní a mbeidh údarás ag an Aire, le hordú nó rialacháin faoin Acht seo, rialacháin a dhéanamh nó treoracha a thabhairt ina leith chun cuspóirí an orduithe nó na rialachán a chur i gcrích.

Forálacha inearálta maidir horduithe agus rialacháin a héanfaidh an Aire.

17. —(1) Féadfaidh ordú nó rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a údarú don Aire rialacháin a dhéanamh agus treoracha a thabhairt chun cuspóirí an ordaithe nó na rialachán a chur i gcrích maidir leis na hábhair agus na nithe a shonrófar san ordú nó sna rialacháin.

(2) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmartacha is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha an ordaithe nó na rialachán a bheith in ordú nó i rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo.

(3) Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Caiteachais an Aire.

18. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

19. —Aisghairtear leis seo Cuid IX agus X den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

20. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1965, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1963, le chéile.

AN SCEIDEAL.

COINBHINSIÚN,

I Bhforlíonadh ar Choinbhinsiún Warsaw, um Aontú Rialacha Áirithe Maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a Dhéanfaidh Duine Seachas an tIompróir Conarthach.

TÁ NA STÁIT A SHÍNIGH AN COINBHINSIÚN SEO

AR A THABHAIRT d'UÍDH nach bhfuil i gCoinbhinsiún Warsaw rialacha áirithe maidir le hiompar idirnáisiúnta d'aer a dhéanfaidh duine nach páirtí sa chomhaontú um iompar

Á MHEAS gurb inmhianaithe ar an ábhar sin rialacha a leagan amach a mbeidh feidhm acu sna himthosca sin

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

Airteagal I.

Sa Choinbhinsiún seo:

(a) Ciallaíonn “Coinbhinsiún Warsaw” an Coinbhinsiún um Aontú Rialacha Áirithe maidir le hIompar Idirnáisiúnta d'Aer a síníodh i Warsaw an 12 Deireadh Fómhair, 1929, nó Coinbhinsiún Warsaw mar a leasaíodh é sa Hág, 1955, de réir mar a bheidh an t-iompar faoin gcomhaontú dá dtagraítear i mír (b) faoi rialú ag ceann acu nó ag an gceann eile;

(b) ciallaíonn “iompróir conarthach” duine a dhéanfaidh mar phríomhaí comhaontú um iompar faoi rialú Choinbhinsiún Warsaw le paisinéir nó coinsíneoir nó duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an phaisinéara nó an choinsíneora;

(c) ciallaíonn “iompróir iarbhír” duine, seachas an t-iompróir conarthach, a dhéanfaidh, de bhua údaráis ón iompróir conarthach, an t-iomlán nó cuid den iompar atá faoi thrácht i mír (b) ach nach iompróir i ndiaidh a chéile de réir bhrí Choinbinsiún Warsaw maidir leis an gcuid sin. Toimhdítear an t-údarás sin a bheith aige mura mbeidh cruthúnas ann ar a mhalairt.

Airteagal II.

Má dhéanann iompróir iarbhír an t-iomlán nó cuid den iompar atá, de réir an chomhaontaithe dá dtagraítear in Airteagal I, mír (b), faoi rialú Choinbhinsiún Warsaw, beidh an t-iompróir conarthach agus an t-iompróir iarbhír, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo, faoi réir rialacha Choinbhinsiún Warsaw, an t-iompróir conarthach i leith iomlán an iompair a bheidh faoi thrácht sa chomhaontú, an t-iompróir iarbhír i leith an iompar sin amháin a dhéanfaidh sé.

Airteagal III.

1. Measfar, maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, gur gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra chonarthaigh freisin gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra iarbhír agus a sheirbhíseach agus a ghníomhairí ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú a bhfostaíochta.

2. Measfar, maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, gur gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra iarbhír freisin gníomhartha agus neamhghníomhartha an iompróra chonarthaigh agus a sheirbhíseach agus a ghníomhairí ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú a bhfostaíochta. Ar a shon sin, ní chuirfidh aon ghníomh nó neamhghníomh den sórt sin an t-iompróir iarbhír faoi dhliteanas is mó ná na teorainneacha a shonraítear in Airteagal 22 de Choinbhinsiún Warsaw. Ní bheidh éifeacht ar an iompróir iarbhír, mura mbeidh sé tar éis comhaontú leis, ag aon chomhaontú speisialta faoina nglacfaidh an t-iompróir conarthach oibleagáidí air féin nach bhforchuirtear le Coinbhinsiún Warsaw ná ag aon tarscaoileadh ar chearta a thugtar leis an gCoinbhinsiún sin, ná ag aon dearbhú speisialta leasa maidir le seachadadh ag ceann scríbe atá faoi thrácht in Airteagal 22 den Choinbhinsiún sin.

Airteagal IV.

Aon ghearán a dhéanfar leis an iompróir nó aon ordú a thabharfar dó, faoi Choinbhinsiún Warsaw, beidh an éifeacht chéanna leis cibé acu chun an iompróra chonarthaigh nó chun an iompróra iarbhír a dhíreofar é. Ar a shon sin, ní bheidh éifeacht le horduithe dá dtagraítear in Airteagal 12 de Choinbhinsiún Warsaw ach amháin nuair is chun an iompróra chonarthaigh a dhíreofar iad.

Airteagal V.

Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, beidh aon seirbhíseach nó gníomhaire don iompróir sin nó don iompróir conarthach, má chruthaíonn sé gur ghníomhaigh sé faoi chuimsiú a fhostaíochta, i dteideal tairbhe a bhaint as na teorainneacha dliteanais is infheidhme faoin gCoinbhinsiún seo maidir leis an iompróir ar seirbhíseach nó gníomhaire dó é, mura gcruthófar gur ghníomhaigh sé ar dhóigh a fhágann, faoi Choinbhinsiún Warsaw, nach féidir feidhm a bhaint as na teorainneacha dliteanais.

Airteagal VI.

Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, ní rachaidh comhiomlán na suimeanna is inghnóthaithe ón iompróir sin agus ón iompróir conarthach, agus óna seirbhísigh agus a ngníomhairí, ag gníomhú dóibh faoi chuimsiú a bhfostaíochta, thar an méid is airde a d'fhéadfaí a dhámhachtain i gcoinne an iompróra chonarthaigh nó an iompróra iarbhír faoin gCoinbhinsiún seo, ach ní bheidh aon duine acu sin a luaitear faoi dhliteanas i leith suim is mó ná an teorainn is infheidhme maidir leis.

Airteagal VII.

Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, féadfar caingean ar dhamáistí a thionscnamh, faoi rogha an ghearánaí, i gcoinne an iompróra sin nó an iompróra chonarthaigh nó ina gcoinne araon, le chéile nó ar leithligh. Más i gcoinne duine amháin de na hiompróirí sin a thionscnófar an chaingean, beidh de cheart ag an iompróir sin a éileamh go ndéanfar an t-iompróir eile a uamadh sna himeachtaí, agus beidh an nós imeachta agus na hiarmairtí faoi rialú dhlí na cúirte a bheidh i seilbh an cháis.

Airteagal VIII.

Aon chaingean ar dhamáistí atá faoi thrácht in Airteagal VII den Choinbhinsiún seo, caithfear í a thionscnamh, faoi rogha an ghearánaí, os comhair cúirte ina bhféadfar caingean a thionscnamh i gcoinne an iompróra chonarthaigh, mar a fhoráiltear in Airteagal 28 den Choinbhinsiún Warsaw, nó os comhair na cúirte ag a mbeidh dlínse san áit a bhfuil gnáthchónaí ar an iompróir iarbhír nó a bhfuil a phríomháit ghnó aige.

Airteagal IX.

1. Aon fhoráil chonarthach a rachadh chun fuascailt a thabhairt don iompróir conarthach nó don iompróir iarbhír óna dhliteanas faoin gCoinbhinsiún seo nó chun teorainn a shocrú is ísle ná mar atá infheidhme de réir an Choinbhinsiúin seo, beidh sí ar neamhní, ach ní fhágfaidh neamhniú aon fhorála den sórt sin go mbeidh an comhaontú go léir ar neamhní, agus fanfaidh an comhaontú faoi réir forálacha an Choinbhinsiúin seo.

2. Maidir leis an iompar a dhéanfaidh an t-iompróir iarbhír, ní bhainfidh an mhír roimhe seo le forálacha conarthacha a rialaíonn caillteanas nó damáiste de dheasca lochta nó mianaigh nó fabht aiceanta an lasta a bheidh á iompar.

3. Aon chlásal a bheidh i gcomhaontú um iompar, agus gach comhaontú speisialta a rinneadh sular tharla an damáiste, lena n-airbheartóidh na páirtithe na rialacha a leagtar síos leis an gCoinbhinsiún seo a shárú, cibé acu trína chinneadh cad é an dlí a bheidh le cur i bhfeidhm, nó trí na rialacha maidir le dlínse a athrú, beidh sé ar neamhní. Ar a shon sin, i gcás lasta a iompar ceadaítear clásail eadrána, faoi réir an Choinbhinsiúin seo, más i gceann de na dlínsí dá dtagraítear in Airteagal VIII atá an eadráin le déanamh.

Airteagal X.

Ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal VII, ní bheidh éifeacht ag aon ní sa Choinbhinsiún seo ar chearta agus oibleagáidí an dá iompróir eatarthu féin.

Airteagal XI.

Go dtí an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir forálacha Airteagal XIII, fanfaidh sé ar oscailt chun a shínithe thar ceann aon Stáit a bheidh ar an dáta sin ina chomhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí.

Airteagal XII.

1. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a dhaingnithe ag na Stáit a shínigh é.

2. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo.

Airteagal XIII.

1. A luaithe a bheidh cúig cinn de na Stáit a shínigh é tar éis a n-ionstraimí ag daingniú an Choinbhinsiún seo a thaisceadh, tiocfaidh sé i bhfeidhm eatarthu ar an nóchadú lá tar éis dáta an chúigiú ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh. Tiocfaidh sé i bhfeidhm do gach Stát a dhaingneoidh é ina dhiaidh sin ar an nóchadú lá tar éis don Stát a ionstraim dhaingniúcháin a thaisceadh.

2. A luaithe a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm, déanfaidh Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo é a chlárú leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Eagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta.

Airteagal XIV.

1. Tar éis don Choinbhinsiúin seo teacht i bhfeidhm, beidh sé ar oscailt chun aon Stát-Chomhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí a ghabháil leis.

2. Gabhfaidh Stát leis an gCoinbhinsiún seo trí ionstraim ghabhála a thaisceadh le Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo agus tiocfaidh an ghabháil sin in éifeacht amhail ón nóchadú lá tar éis an taiscithe sin.

Airteagal XV.

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra a dhíreofar chuig Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo.

2. Tiocfaidh séanadh in éifeacht sé mhí tar éis do Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo an fógra séanta a fháil.

Airteagal XVI.

1. Féadfaidh aon Stát Conarthach, an tráth a dhaingneoidh sé an Coinbhinsiún seo nó a ghabhfaidh sé leis, nó tráth ar bith dá éis sin, a dhearbhú trí fhógra do Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo go mbeidh réim ag an gCoinbhinsiún maidir le haon cheann de na críocha a bhfuil sé freagrach ina chaidreamh coigríche.

2. Nócha lá tar éis do Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo an fógra sin a fháil, beidh réim ag an gCoinbhinsiún maidir leis na críocha a ainmneofar san fhógra.

3. Féadfaidh aon Stát Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh, de réir forálacha Airteagal XV, go leithleach maidir le haon cheann nó le gach ceann de na críocha a bhfuil an Stát sin freagrach ina chaidreamh coigríche.

Airteagal XVII.

Ní fhéadfar aon fhorcoimeádas a dhéanamh maidir leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal XVIII.

Tabharfaidh Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo fógra don Eagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta agus do gach Stát is comhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann de na Sainghníomhaireachtaí a gcuirfear in iúl ann:

(a) aon síniú ar an gCoinbhinsiún seo agus a dháta;

(b) taisceadh aon ionstraime daingniúcháin nó gabhála agus a dáta;

(c) an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagal XIII, mír 1;

(d) fáil aon fhógra shéanta a fuarthas agus a dháta;

(e) fáil aon dearbhaithe nó fógra a rinneadh faoi Airteagal XVI agus a dháta.

MAR FHIANAISE AIR SIN shínigh na Lánchumhachtaigh a bhfuil a sínithe thíos, agus iad údaraithe go cuí, an Coinbhinsiún seo.

ARNA DHÉANAMH i Guadalajara an t-ochtú lá déag de Mheán Fómhair Míle Naoi gCéad Seasca a hAon i dtrí théacs bharántúla a tarraingíodh suas i mBéarla, i bhFraincis agus i Spáinnis. I gcás aon neamhréire, is ag an téacs san Fhraincis, an teanga inar tarraingíodh suas Coinbhinsiún Warsaw den 12 Deireadh Fómhair, 1929, a bheidh an forlámhas. Déanfaidh Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo tiontú oifigiúil ar théacs an Choinbhinsiúin a bhunú sa Rúisis.

Taiscfear an Coinbhinsiún seo le Rialtas Stáit Aontaithe Mheicsiceo lena bhfanfaidh sé, de réir Airteagal XI, ar oscailt chun a shínithe, agus cuirfidh an Rialtas sin cóipeanna deimhnithe de go dtí an tEagras Idirnáisiúnta um Eitlíocht Shibhialta agus go dtí gach Stát is Comhalta de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon Sainghníomhaireacht.

(Tá anseo ina dhiaidh seo sínithe thar ceann Stát áirithe).