7 1965


Uimhir 7 de 1965.


AN tACHT UM MIANAIGH AGUS CAIRÉIL, 1965

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH COMHDHLÚTHÚ, MAILLE LE LEASUITHE, AR ACHTACHÁIN A BHAINEANN LE MIANAIGH AGUS CAIREIL. [11 Bealtaine, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Mianaigh agus Cairéil, 1965 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó aon fhorála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

An bhrí atá le “mianach” agus le “cairéal”.

3. —(1) San Acht seo ciallaíonn “mianach” tochailt nó córas tochailtí a dhéantar chun, nó i ndáil le, mianraí (cibé acu ina staid nádúrtha nó ar tuaslagadh nó ar fuaidreamh dóibh) nó táirgí ó mhianraí a fháil, go hiomlán nó go substaintiúil, ar dhóigheanna inar gá daoine a fhostú faoi thalamh.

(2) San Acht seo, ciallaíonn “cairéal” tochailt nó córas tochailtí a dhéantar chun, nó i ndáil le, mianraí (cibé acu ina staid nádúrtha nó ar tuaslagadh nó ar fuaidreamh dóibh) nó táirgí ó mhianraí a fháil, nuair nach mianach atá ann ná nach é amháin atá ann tobar nó poll tóraíochta nó tobar agus poll tóraíochta i dteannta a chéile.

(3) Folaíonn “mianach” agus “cairéal”, faoi seach, aon áit ar an dromchla atá thart timpeall, nó de chóir, shloic an mhianaigh nó an chairéil agus é ar áitiú, maraon leis an mianach nó an cairéal, chun na mianraí a stóráil nó a aistriú nó chun críocha próisis a fho-ghabhann le mianraí a fháil, lena n-áirítear na mianraí sin a bhriseadh, a mhionbhrú, a mheilt, a chriathrú, a ní nó a chóiriú ach, faoina réir sin, ní fholaíonn siad aon áit ina ndéantar aon phróiseas monaraíochta.

(4) Chun críocha an Achta seo, is cuid de mhianach nó de chairéal aon áit atá ar áitiú ag úinéir an mhianaigh nó an chairéil agus a úsáidtear chun dramh uaidh a leagan ann, ach aon áit a úsáidtear amhlaidh i ndáil le dhá mhianach nó cairéal nó níos mó, agus atá ar áitiú ag úinéir aon cheann amháin acu, nó ag úinéirí aon dá cheann nó níos mó acu i gcoiteannas, measfar é a bheith ina chuid de cibé ceann de na mianaigh nó de na cairéil sin a threoróidh an tAire.

(5) Chun críocha an Achta seo, measfar gur cuid den mhianach nó den chairéal aon líne nó taobhlach (nach cuid d'iarnród é) atá ag freastal ar mhianach nó ar chairéal, ach, má fhreastalaíonn sé ar dhá cheann nó níos mó díobh, measfar é a bheith ina chuid de cibé ceann acu a threoróidh an tAire.

(6) Chun críocha an Achta seo, is cuid de mhianach nó de chairéal cóir iompair nó rópbhealach aerga a chuirfear ar fáil chun mianraí nó dramh a aistriú ón mianach nó ón gcairéal.

An bhrí atá le “úinéir”.

4. —(1) San Acht seo ciallaíonn “úinéir”, maidir le mianach nó cairéal, an duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal é a oibriú.

(2) I gcás ina mbeidh oibriú cairéil á dhéanamh go hiomlán ag conraitheoir thar ceann an duine atá i dteideal é a oibriú, glacfar leis, chun críocha an Achta seo, gurb é an conraitheoir úinéir an chairéil gan an duine sin a áireamh.

(3) I gcás ina mbeidh beirt duine nó níos mó i dteideal cairéal a oibriú go neamhspleách, glacfar leis, chun críocha an Achta seo, gur duine de na daoine sin arb é ceadúnóir na ndaoine eile é is úinéir ar an gcairéal gan an chuid eile a áireamh.

(4) I gcás gnó duine a mbeifear le glacadh leis, de bhua na bhforálacha roimhe seo, gurb é is úinéir ar mhianach nó cairéal, a bheith á sheoladh ag leachtaitheoir, glacadóir nó bainisteoir, nó ag duine éigin eile a bheidh údaraithe le hordú cúirte chun é a sheoladh, glacfar leis, chun críocha an Achta seo, gurb úinéir breise ar an mianach nó an cairéal an leachtaitheoir, an glacadóir, an bainisteoir nó an duine eile sin.

Léiriú i gcoitinne.

1926, Uimh. 17 .

5. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “díobháil choirp” díobháil don sláinte;

ciallaíonn “páiste” duine faoi bhun aois fhágála na scoile;

folaíonn “sárú”—

(a) maidir le foráil den Acht seo, d'ordú faoin Acht seo nó de rialacháin, nó

(b) maidir le treoir, toirmeasc, srian, nó ceanglas a thabharfar nó a fhorchuirfear le fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo nó dá bhua ag cigire, nó

(c) maidir le coinníoll a ghabhann le díolúine, toiliú, ceadú nó údarás arna dheonú nó arna thabhairt faoin Acht seo nó dá bhua ag an Aire nó ag cigire,

faillí i gcomhlíonadh na forála, na treorach, an toirmisc, an tsriain, an cheanglais nó an choinníll, agus déanfar “sárú” a fhorléiriú dá réir sin;

folaíonn “gás” múch nó galán;

ciallaíonn “rialacháin ghinearálta” rialacháin seachas rialacháin nach mbaineann ach le mianach nó le cairéal áirithe;

ciallaíonn “gaireas róptharlaithe faoi oibriú imtharraingthe” gaireas róptharlaithe a oibrítear go hiomlán trí ghníomhú imtharraingthe ar fheithicil nó feithiclí atá ceangailte de rópa atá ina chuid den ghaireas;

ciallaíonn “gaireas tochrais faoi oibriú imtharraingthe” gaireas tochrais a oibrítear go hiomlán trí ghníomhú imtharraingthe ar chuid de ar a bhfuil ualach á iompar;

ciallaíonn “cigire” cigire arna cheapadh faoin Acht seo;

folaíonn “imeachtaí dlíthiúla” eadráin;

ciallaíonn “gaireas róptharlaithe faoi oibriú meicniúil” gaireas róptharlaithe a oibrítear le hinneall do-aistrithe;

ciallaíonn “gaireas tochrais faoi oibriú meicniúil” gaireas tochrais a oibrítear le hinneall do-aistrithe;

folaíonn “mianraí” clocha, slinn, cré, gairbhéal, gaineamh agus fosuithe nádúrtha eile ach amháin móin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “fógra” fógra i scríbhinn;

ciallaíonn “tuismitheoir”, maidir le páiste nó ógánach, an té ag a bhfuil coimeád dlíthiúil an pháiste nó an ógánaigh agus más rud é, mar gheall ar an té sin a bheith as láthair nó ar chúis ar bith eile, nach bhfuil an páiste nó an t-ógánach in aontíos leis an té sin nó faoina choimeád iarbhír, folaíonn sé an té a bhfuil an páiste nó an t-ógánach in aontíos leis nó a bhfuil an páiste nó an t-ógánach faoina choimeád iarbhír;

ciallaíonn “tréimhse fostaíochta” an tréimhse (lena n-áirítear an t-am a cheadaítear le haghaidh béilí agus scíthe) ar laistigh de a fhéadfar duine a fhostú lá ar bith;

ciallaíonn “soilse ceadaithe”, maidir le mianach nó cuid de mhianach, lampaí sábhála glasáilte agus aon deis eile soilsiúcháin a n-údaraítear le rialacháin í a úsáid faoi thalamh i mianaigh go ginearálta, i mianaigh de chineál lena mbaineann an mianach sin, nó sa mhianach sin;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin;

ciallaíonn “iarnród” aon iarnród a úsáidtear le haghaidh tráchta phoiblí, cibé acu trácht paisinéirí, trácht earraí nó trácht eile é, agus folaíonn sé aon oibreacha de chuid an chomhlachta chorpraithe atá ag bainistí agus ag rialú an iarnróid arb oibreacha iad atá i gceangal leis an iarnród;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “duine freagrach”, maidir le mianach, an bainisteoir agus, maidir le cairéal, an t-úinéir;

folaíonn “bealach” cuid de bhealach ach ní fholaíonn sé easrais doshiúlta;

folaíonn “rópa” slabhra;

ciallaíonn “gaireas róptharlaithe” gaireas chun ualaí a iompar i bhfeithiclí atá ceangailte de rópaí;

folaíonn “áiseanna sláintíochta” múnlanna, leithris uisce, fiailtithe cré, poill luaithrigh, losáin agus aon áis dá samhail sin;

ciallaíonn “aois fhágála na scoile” an aois ag a scoireann an tAcht Freastal Scoile, 1926 , d'fheidhm a bheith aige;

ciallaíonn “sloc” sloc a bhfuil a bharr ar an dromchla nó a mbeartaítear é a bheith ansin;

ciallaíonn “rialacháin speisialta” rialacháin nach mbaineann ach le mianach nó cairéal áirithe;

folaíonn “slocán” winze;

ciallaíonn “freagrachtaí reachtúla” freagrachtaí faoin Acht seo, faoi orduithe arna ndéanamh faoin Acht seo, agus faoi rialacháin;

ciallaíonn “rialacha tacaíochta” rialacha arna ndéanamh faoi alt 55 chun aon chríche de chríocha na n-alt a bhaineann le tacaíocht i mianaigh;

ciallaíonn “siúlán” fad de bhealach i mianach a úsáidtear chun siúl go dtí ionaid oibre nó uathu;

ciallaíonn “easrais doshiúlta” easrais nach féidir do dhaoine siúl suas ann ar a gcaothúlacht réasúnach toisc ardú róghéar a bheith inti nó in aon chuid di (cibé acu dá thoisc sin amháin é nó dá thoisc sin maille le tosca eile);

ciallaíonn “seachtain” an tréimhse idir meánoíche oíche Shathairn agus meánoíche an oíche Shathairn ina dhiaidh sin;

ciallaíonn “gaireas tochrais”, maidir le sloc mianaigh nó slocán, gaireas chun ualaí a ísliú agus a ardú tríd an sloc nó an slocán;

ciallaíonn “bean” bean nach lú ná ocht mbliana déag a haois;

ciallaíonn “ógánach” duine a bhfuil aois fhágála na scoile slánaithe aige ach atá faoi bhun ocht mbliana déag d'aois.

(2) Chun críocha an Achta seo, measfar oibreacháin mhianaigh a bhfuil comhchóras aeraithe acu, nó aon chuid de chóras aeraithe acu i gcoiteannas, a bheith ina gcuid den mhianach céanna.

(3) Chun críocha an Achta seo—

(a) measfar go bhfolaíonn oibriú mianaigh sloc nó easrais a tholladh don mhianach;

(b) measfar go bhfolaíonn oibriú cairéil an scraith uachtair a bhaint ann;

(c) measfar mianach nó cairéal a bheith á oibriú d'ainneoin nach bhfuil d'oibríochtaí ar siúl ann ach oibríochtaí d'fhonn an mianach nó an cairéal a thréigean nó chun uisce nó ábhar a shníonn nuair a bhíonn sé fliuch a chosc ar shní amach as agus isteach i mianach nó i gcairéal atá buailte leis, ach ní mheasfar é a bheith á oibriú de bhíthin amháin go bhfuil oibríochtaí caidéalaithe ar siúl ann chun uisce a sholáthar do dhuine ar bith.

(4) Aon tagairtí atá san Acht seo do lampaí sábhála a úsáid mar réamhchúram sealadach, déanfar, maidir le mianach, iad a fhorléiriú mar thagairtí d'úsáid ócáideach nó uaineach a bhaint as lampaí sábhála glasáilte ag oibrithe atá ar fostú faoi thalamh sa mhianach in áit ina bhféadfadh solas nocht bheith contúirteach, agus déanfar, maidir le cuid faoi thalamh de mhianach, iad a fhorléiriú mar thagairtí d'úsáid ócaideach nó uaineach a bhaint as lampaí sábhála glasáilte ag oibrithe atá ar fostú sa chuid sin in áit den sórt sin.

(5) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo.

Feidhm maidir leis an Stát.

6. —Baineann an tAcht seo le mianaigh agus cairéil is leis an Stát nó atá ar áitiú ag an Stát faoi mar a bhaineann sé le mianaigh agus cairéil i gcoitinne.

Caiteachais.

7. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

8. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtais a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Comhairle a ghlacadh leis an Aire Sláinte maidir le rialacháin sláinte.

9. —Ní dhéanfaidh an tAire rialacháin faoin Acht seo maidir le sláinte daoine a fhostaítear ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte.

Aisghairm.

10. —Déantar leis seo na hAchtanna a luaitear sa Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal.

Ionstraimí agus cláir a fhanacht i bhfeidhm agus sealbhóirí oifige a choimeád in oifig.

1937, Uimh. 38 .

11. —(1) Aon ordú, rialachán, riail, deimhniú, díolúine, toiliú, ceadú, cead, fógra nó údarás a rinneadh nó a tugadh faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, fanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh nó a tugadh é agus, sa mhéid gurbh fhéidir é a dhéanamh nó a thabhairt faoi fhoráil áirithe den Acht seo, measfar gur faoin bhforáil sin a rinneadh nó a tugadh é.

(2) Aon ordú, rialachán nó riail den sórt sin a rinneadh faoi chumhacht is infheidhmithe faoi fhoráil chomhréire den Acht seo le hionstraim de chineál éagsúil, measfar gurb ionstraim den chineál sin é.

(3) Aon duine i seilbh oifige nó ag gníomhú nó ag fónamh faoi réim nó de bhua achtacháin a aisghairtear leis an Acht seo, leanfaidh sé de bheith i seilbh oifige nó de ghníomhú nó d'fhónamh ionann is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a ceapadh é.

(4) Aon chlár a choimeádtar faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo, measfar é a bheith ina chuid den chlár atá le coimeád faoin bhforáil chomhréire den Acht seo.

(5) Na forálacha atá san alt seo, is forálacha gan dochar d'fheidhm ghinearálta alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 , maidir le héifeacht aisghairmeacha, iad.

CUID II

Bainistí agus Rialú Mianach agus Cairéal

Úinéirí Mianaigh agus Cairéil

Dualgais ghinearálta úinéirí mianaigh agus cairéil.

12. —(1) Beidh de dhualgas ar úinéir gach mianaigh agus cairéil a áirithiú go bhfuil an mianach nó an cairéal pleanáilte, leagtha amach, á bhainistí agus á oibriú de réir an Achta seo agus na n-orduithe agus na rialachán, agus gach ceanglas fúthu sin a chomhlíonadh.

(2) Tabharfaidh an t-úinéir ordacháin i scríbhinn do gach duine a cheapfaidh sé chun a áirithiú go gcomhlíonfar dualgais reachtúla an úinéara ag míniú freagracht an duine sin.

(3) Déanfaidh an t-úinéir cóip de na hordacháin sin a chur, láithreach, chuig cigire agus chuig bainisteoir an mhianaigh nó an chairéil.

Bainisteoirí Mianaigh agus Oifigigh eile

Ceapadh bainisteoirí mianaigh, agus a ndualgais agus a gcumhachtaí go ginearálta.

13. —(1) Faoi réir na Coda seo, ní oibreofar mianach ar bith mura bhfuil bainisteoir aonair ar an mianach, agus é ina phearsa aonair a ceapadh go cuí agus cáilíochtaí aige mar is gá faoin gCuid seo.

(2) Beidh bainistí agus urlámhas mianaigh faoi bhainisteoir an mhianaigh, agus é infheidhmithe aige faoi réir aon ordacháin a thabharfar dó ón úinéir nó thar a cheann, agus ina theannta sin—

(a) beidh de dhualgas air a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach duine eile na hoibleagáidí a chuirfear air i leith an mhianaigh faoin Acht seo, agus

(b) beidh air na dualgais maidir le daoine a cheapadh chun cigireacht a dhéanamh ar an mianach agus bheith i bhfeighil oibríochtaí ann, nó oibríochtaí ann a mhaoirsiú nó a stiúradh, agus na dualgais eile, agus beidh aige na cumhachtaí, a chuirfear air nó a thabharfar dó faoin Acht seo.

(3) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh, maidir le gach tuarascáil, taifead, nó mír eile eolais a thaifeadfar, de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán, i leabhar is gá d'úinéir an mhianaigh a chur ar fáil chuige sin, de réir nó de bhua an Achta seo, é sin a léamh láithreach é féin nó a áirithiú go léifidh duine inniúil éigin eile é láithreach agus go gcuirfear in iúl dó féin go pras aon ábhar a nochtadh sa tuarascáil, sa taifead nó sa mhír eile eolais agus is ábhar de shaghas neamhdhual nó neamhghnách maidir leis an mianach nó, gan a bheith ina ábhar den saghas sin, is de chineál a thugann nó a d'fhéadfadh a thabhairt gur ghá don bhainisteoir nó d'aon duine eile aon bhearta a dhéanamh ina thaobh.

(4) Is é an t-úinéir a cheapfaidh bainisteoir mianaigh ach, más pearsa aonair an t-úinéir, féadfaidh sé é féin a cheapadh, faoi réir an choinníll, i gcás mianaigh ar gá faoin gCuid seo cáilíochtaí dá oifig a bheith ag an mbainisteoir, go bhfuil na cáilíochtaí sin ag an úinéir.

Cearta bainisteora mianaigh maidir le hordacháin a thabharfaidh úinéir nó a thabharfar thar a cheann.

14. —(1) Aon ordacháin a thabharfar ón úinéir nó thar a cheann do bhainisteoir mianaigh, agus a bhainfidh le comhlíonadh a fhreagrachtaí reachtúla ag an mbainisteoir, déanfar, sa mhéid nach mbeidh siad i scríbhinn, iad a dhaingniú láithreach i scríbhinn ón duine a thug iad, arna iarraidh sin don bhainisteoir.

(2) Ach amháin i gcás éigeandála, ní dhéanfaidh úinéir mianaigh ná duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, ach amháin le toiliú an bhainisteora, aon ordacháin a thabhairt, ar dhóigh seachas tríd an mbainisteoir, do dhuine atá ar fostú sa mhianach agus atá freagrach don bhainisteoir.

(3) Más rud é, in aon chás eiscthe, go dtabharfaidh úinéir mianaigh, nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, ordacháin ar ghá in aon chás eile gur tríd an mbainisteoir a thabharfaí iad, déanfaidh an duine a thug na hordacháin éirim na n-ordachán sin a chur in iúl láithreach don bhainisteoir agus, arna iarraidh sin don bhainisteoir, iad a dhaingniú láithreach i scríbhinn.

(4) Más rud é, i gcás mianaigh ar gá faoin gCuid seo dá bhainisteoir cáilíochtaí dá oifig a bheith aige, go dtabharfaidh an t-úinéir ordacháin, nó go dtabharfar thar a cheann iad, don bhainisteoir nó do dhuine a bheidh ceaptha ag an mbainisteoir de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán, ansin, má tá an bainisteoir ar an tuairim go ndéanfadh, nó gur dóigh go ndéanfadh, feidhmiú na n-ordachán dochar do shábháilteacht nó sláinte na ndaoine atá ar fostú sa mhianach (nó d'aon duine acu) nó bac a chur air i gcomhlíonadh aon dualgais, maidir leis an mianach, a chuirtear air leis an Acht seo nó dá bhua, féadfaidh sé—

(a) más dó féin a thabharfar na hordacháin, diúltú iad a fheidhmiú go dtí go ndéanfar iad a dhaingniú i scríbhinn ó dhuine atá cáilithe lena cheapadh ina bhainisteoir ar an mianach agus atá údaraithe i scríbhinn ag an úinéir chun ordacháin a thabharfar amhlaidh a dhaingniú,

(b) i gcás ar bith eile, a threorú nach ndéanfar na hordacháin a fheidhmiú go dtí go mbeidh siad daingnithe amhlaidh ag duine den sórt sin.

(5) Ní bhainfidh fo-alt (4) le hordacháin a thabharfaidh úinéir mianaigh ar pearsa aonair é atá cáilithe lena cheapadh ina bhainisteoir ar mhianach den sórt sin nó a thabharfaidh duine den sórt a luaitear i mír (a) den fho-alt sin.

(6) Más rud é, i gcás mianaigh lena mbaineann fo-alt (4), go dtabharfar agus go ndaingneofar ordacháin mar a luaitear san fho-alt sin, coimeádfaidh an bainisteoir doiciméad a ndaingnithe agus coimeádfaidh an t-úinéir cóip den doiciméad sin, i ngach cás go ceann trí bliana tar éis deireadh a theacht le feidhm na n-ordachán.

Cáilíochtaí bainisteora mianaigh.

15. —Ní bheidh duine ar bith cáilithe lena cheapadh, ná le bheith, ina bhainisteoir ar mhianach a bhfuil níos mó ná ceithre dhuine dhéag ar fostú faoi thalamh ann mura bhfuil an aois a fhorordófar slánaithe aige agus na cáilíochtaí a fhordordófar aige agus mura gcomhlíonfadh sé cibé coinníollacha eile a fhorordófar.

Maoirsiú laethúil ag bainisteoirí mianaigh.

16. —(1) Ní oibreofar aon mhianach mura mbeidh maoirseacht phearsanta laethúil á déanamh air ag an mbainisteoir nó, i gcaitheamh aon tréimhse a bheidh sé as láthair ar saoire nó gan bheith in ann an mhaoirseacht sin a dhéanamh de dheasca breoiteachta nó ar chúis eile nach bhfuil neart aige air, ag duine a cheapfaidh úinéir an mhianaigh (agus ag a mbeidh na cáilíochtaí a bheidh forordaithe (má bhíonn) chun an mhaoirseacht sin a dhéanamh i gcaitheamh aon tréimhse den sórt sin.

(2) Ní údaróidh fo-alt (1) mianach a oibriú faoi mhaoirseacht duine seachas an bainisteoir ar feadh aon tréimhse is mó ná dhá lá is seachtó (nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh cigire).

(3) Duine a cheapfar faoi fho-alt (1) déanfar, sa mhéid a bhainfidh le haon tréimhse a bheidh sé ag gníomhú i bhfeidhmiú a cheapacháin, é a áireamh chun críocha an Achta seo agus orduithe arna ndéanamh faoi agus rialachán, ar gach dóigh ionann is dá mba é bainisteoir an mhianaigh é, ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a bhainfidh den bhainisteoir aon chumhacht, ná a shaorfaidh é ó aon dualgas nó dliteanas, a thugtar dó nó a chuirtear air leis an Acht seo nó dá bhua.

Ionadaithe.

17. —(1) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin—

(a) chun go bhforchuirfear, maidir le mianach, cibé ceanglais i dtaobh cigireacht ar an mianach, is cuí leis an Aire a fhorchur, chun sábháilteacht agus sláinte na ndaoine a fhostaítear a áirithiú, ag daoine inniúla (a dtugtar “ionadaí” ar gach duine acu san Acht seo) a cheapfaidh bainisteoir an mhianaigh chun na críche sin agus ag a mbeidh na cáilíochtaí a fhorordófar;

(b) chun a fhoráil, faoi réir aon eisceachtaí dá ndéanfar socrú leis na rialacháin, go mbeidh na daoine a bheidh ar fostú sa mhianach, agus na hoibríochtaí a bheidh ar siúl acu, faoina gcúram go díreach ag na hionadaithe;

(c) chun aon dualgais bhreise a bheidh le comhlíonadh ag ionadaithe a fhorordú, agus chun a cheangal, faoi réir aon eisceachtaí a fhorordófar, go gcaithfidh ionadaithe a gcuid ama go léir le comhlíonadh a ndualgas; agus

(d) chun a cheangal nó a údarú go ndéanfar teorannú i mianach ar cheantair le haghaidh comhlíonadh a ndualgas ag ionadaithe, chun a cheangal i gcás ina ndéanfar ceantair a theorannú nach mbeidh níos mó ná ceantar amháin faoi chúram aon ionadaí áirithe, agus chun dualgais an ionadaí a bheidh i mbun gach ceantair a shonrú i leith an cheantair sin.

(2) Beidh de dhualgas ar bhainsteoir an mhianaigh a áirithiú go mbeidh leorlíon ionadaithe ann chun a ndualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil.

Oifigigh, innealtóirí, teicneoírí, etc., eile.

18. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh líon oifigeach, innealtóirí agus teicneoirí agus daoine inniúla eile a cheapadh is leor (agus gníomhaíochtaí a áireamh a ghabhfaidh an bainisteoir agus aon daoine a cheapfar amhlaidh orthu féin go pearsanta) chun a áirithiú—

(a) go ndéanfar leorchigireacht ar an mianach agus ar a threalamh,

(b) go ndéanfar maoirseacht léircheart ar na hoibríochtaí uile sa mhianach, agus

(c) go ndéanfar gnóthas an mhianaigh a sheoladh de réir an Achta seo.

(2) Féadfar, le rialacháin, a cheangal ar bhainisteoir mianaigh cibé oifigigh, innealtóirí nó teicneoirí nó daoine inniúla eile a fhorordófar a cheapadh, chun oibríochtaí nó nithe forordaithe a mhaoirsiú, a chigiriú nó a stiúradh, agus féadfaidh na rialacháin na cáilíochtaí is gá a bheith ag na daoine sin, agus na dualgais a bheidh le comhlíonadh acu, a fhorordú.

Dualgas bainisteora mianaigh chun a áirithiú go dtuigeann na daoine a cheapfaidh sé a gcuid dualgas.

19. —Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a áirithiú go feadh a chumais go dtuigeann gach duine a cheapfaidh sé de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán cad é cineál agus réim a dhualgas.

Conraitheoirí agus a gcuid fostaithe a dhícháiliú chun a gceaptha mar bhainisteoirí nó ionadaithe mianaigh.

20. —I gcás ina mbeidh mianach nó aon chuid de á oibriú, nó aon oibríochtaí i mianach á seoladh, ag conraitheoir, agus ina gceanglaítear ar dhuine faoin gCuid seo cáilíochtaí a bheith aige lena cheapadh ina bhainisteoir nó ina ionadaí, ní bheidh an conraitheoir ná duine a bheidh ar fostú aige incheaptha chun na hoifige sin d'ainneoin é a bheith, ar leithligh ón alt seo, cáilithe lena cheapadh chuici.

Pleananna

Pleananna.

21. —(1) Féadfaidh rialacháin a cheangal ar bhainisteoir mianaigh na nithe seo a leanas a choimeád san oifig ag an mianach nó in áit éigin eile a cheadóidh cigire—

(a) pleananna beachta de na hoibreacháin (cibé acu a bheidh siad tréigthe nó nach mbeidh) sa mhianach nó laistigh, nó faoi achar forordaithe, de theorainneacha an mhianaigh nó de cibé oibreacháin acu sin a fhorordófar,

(b) trasghearrthaí beachta de na síoga nó na féitheacha atá á n-oibriú de thuras na huaire sa mhianach agus de na sraitheanna go léir os a gcionn,

i cibé foirm agus ar cibé modh agus de réir cibé coinníollacha a fhorordófar.

(2) Beidh de dhualgas ar an úinéir agus ar an mbainisteoir araon, agus ar cibé daoine eile a fhorordófar, an t-eolas agus na saoráidí go léir a bheidh ag teastáil uaidh chuige sin a thabhairt don duine a mbeidh aon phlean nó trasghearradh á ullmhú aige.

(3) Féadfar a cheangal le rialacháin, i gcás mianach nó síog nó féith i mianach a thréigean nó a ligean as úsáid, ar an úinéir na pleananna sin, agus na trasghearrthaí a bhaineann leo agus leis na sraitheanna os a gcionn, a chur chuig cigire i cibé imthosca, laistigh de cibé tréimhse, agus i cibé foirm agus modh, agus de réir cibé coinníollacha, a fhorordófar.

Pleananna lochtacha.

22. —(1) Más dóigh leis an Aire—

(a) go bhfuil aon phlean nó trasghearradh lena mbaineann alt 21 neamhchruinn, neamhionlán nó i ndrochriocht, nó go bhfuil sé doléite go hiomlán nó go páirteach, nó nár cuireadh chuig cigire laistigh den tréimhse fhorordaithe plean nó trasghearradh ba ghá a chur chuige, agus

(b) gurb inmhianaithe, ar mhaithe leis an tsábháilteacht, plean nó trasghearradh nua a dhéanamh,

féadfaidh an tAire duine a cheapadh (dá ngairtear “an suirbhéir” san alt seo) chun plean nó trasghearradh nua a dhéanamh.

(2) Tabharfaidh an t-úinéir agus an bainisteoir cibé saoráidí agus eolas a bheidh ag teastáil uaidh don suirbhéir.

(3) Beidh an costas a bhainfidh le plean nó trasghearradh nua a dhéanamh, nó cibé cuid den chostas is cuí leis an Aire, inghnóthaithe ag an Aire ón úinéir.

Bainisteoirí Cairéil agus Oifigigh eile

Bainisteoirí cairéil a cheapadh.

23. —(1) Faoi réir na Coda seo, ní oibreofar cairéal ar bith mura bhfuil bainisteoir aonair ar an gcairéal, agus é ina phearsa aonair.

(2) Is é an t-úinéir a cheapfaidh an bainisteoir, agus más pearsa aonair an t-úinéir féadfaidh sé é féin a cheapadh.

Cumhachtaí agus dualgais ghinearálta bhainisteoirí cairéal.

24. —(1) Faoi réir alt 25 beidh bainistí agus urlámhas cairéil faoi bhainisteoir an chairéil, agus é infheidhmithe aige faoi réir aon ordachán a thabharfar dó ón úinéir nó thar a cheann, agus beidh de dhualgas air freisin a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach duine eile na hoibleagáidí a chuirtear air i leith an chairéil leis na forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo nó fúthu.

(2) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir cairéil, maidir le gach tuarascáil, taifead, nó mír eile eolais a thaifeadfar, de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán, i leabhar is gá d'úinéir cairéil a chur ar fáil chuige sin, de réir nó de bhua an Achta seo, é sin a léamh láithreach é féin nó a áirithiú go léifidh duine inniúil éigin eile é láithreach agus go gcuirfear in iúl dó féin go pras aon ábhar a nochtadh sa tuarascáil, sa taifead nó sa mhír eile eolais agus a bhaineann le hábhar atá faoi réim na bainistí agus an urlámhais a dhílsítear dó leis an alt seo, agus is ábhar de shaghas neamhdhual nó neamhgnách maidir leis an gcairéal nó, gan a bheith ina ábhar den saghas sin, is de chineál a thugann nó a d'fhéadfadh a thabhairt gur ghá don bhainisteoir nó d'aon duine eile aon bhearta a dhéanamh ina thaobh.

Cumhacht úinéara cairéil chun ábhair a eisiamh ó urlámhas bainisteora.

25. —(1) Eiscfear ón mbainistí agus ón urlámhas a dhílsítear don bhainisteoir le halt 24 aon ábhar a mbeidh an fhreagracht ina leith forcoimeádta dó féin, de thuras na huaire, ag an úinéir le hionstraim i scríbhinn a d'fhorghníomhaigh sé agus a thaisc sé leis an gcigire, agus ní bheidh de chúram ar an mbainisteoir, maidir le haon ábhar a eiscfear amhlaidh, a áirithiú go gcomhlíonfar aon cheanglas a fhorchuirtear maidir leis an gcairéal leis an Acht seo nó faoi.

(2) Má bhíonn an cigire ar an tuairim go ndéanfaidh, nó gur dóigh go ndéanfaidh, forcoimeád na freagrachta i leith aon ábhair áirithe don úinéir le haon ionstraim den sórt sin dochar do shábháilteacht nó sláinte daoine a fhostaítear sa chairéal, féadfaidh an cigire, le fógra a sheirbheálfar ar an úinéir, a threorú go mbeidh an ionstraim, sa mhéid a bhaineann leis an bhforcoimeád, gan éifeacht ar bith.

(3) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) mar ní a údaraíonn aon dualgas a bhaint de bhainisteoir cairéil, ná mar ní a oibríonn chun aon dualgas a bhaint de, a chuirtear air go sainráite leis na forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo nó fúthu.

(4) I gcás ina mbeidh freagracht i leith aon ábhair forcoimeádta go hiomchuí de thuras na huaire d'úinéir cairéil, beidh de dhualgas air, maidir le gach tuarascáil, taifead nó mír eile eolais den sórt a dúradh, é sin a léamh é féin láithreach nó a áirithiú go léifidh duine inniúil éigin eile é láithreach agus go gcuirfear in iúl dó féin go pras ábhar a nochtadh sa tuarascáil, sa taifead nó sa mhír eile eolais a bhaineann leis an ábhar a mbeidh an fhreagracht ina leith forcoimeádta amhlaidh, agus is ábhar de shaghas neamhdhual nó neamhghnách maidir leis an gcaireál nó, gan a bheith ina ábhar den saghas sin, is de chinéal a thugann nó a d'fhéadfadh a thabhairt gur ghá don úinéir nó d'aon duine eile aon bhearta a dhéanamh ina leith.

Cearta bainisteora cairéil maidir le hordacháin a thabharfar ón úinéir nó thar a cheann.

26. —(1) Aon ordacháin a thabharfar ón úinéir nó thar a cheann do bhainisteoir cairéil, agus a bhainfidh le comhlíonadh a fhreagrachtaí reachtúla ag an mbainisteoir, déanfar, sa mhéid nach mbeidh siad i scríbhinn, iad a dhaingniú i scríbhinn láithreach ón duine a thug iad, arna iarraidh sin don bhainisteoir.

(2) Ach amháin i gcás éigeandála, ní dhéanfaidh úinéir cairéil ná duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, ach amháin le toiliú an bhainisteora, aon ordacháin a thabhairt, ar dhóigh seachas tríd an mbainisteoir, do dhuine atá ar fostú sa chairéal agus atá freagrach don bhainisteoir, arb ordacháin iad a bhainfidh le comhlíonadh dhualgais an duine sin maidir le hábhair atá faoi réim na bainistí agus an urlámhais a dhílsítear don bhainisteoir le halt 24.

(3) Más rud é, in aon chás eiscthe, go dtabharfaidh an t-úinéir, nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, ordacháin ar ghá in aon chás eile gur tríd an mbainisteoir a thabharfaí iad, déanfaidh an duine a thug na hordacháin éirim na n-ordachán sin a chur in iúl láithreach don bhainisteoir agus, arna iarraidh sin don bhainisteoir, iad a dhaingniú láithreach i scríbhinn.

Maoirsiú ag bainisteoir cairéil.

27. —(1) Ní oibreofar aon chairéal mura mbeidh dlúhmhaoirseacht éifeachtúil á déanamh ag an mbainisteoir ar na hoibríochtaí go léir a bheidh ar siúl ann nó i gcaitheamh aon tréimhse a bheidh sé as láthair ar saoire nó gan bheith in ann an mhaoirseacht sin a dhéanamh de dheasca breoiteachta nó ar chúis eile nach bhfuil neart aige air, ag duine a cheapfaidh an t-úinéir chun an mhaoirseacht sin a dhéanamh i gcaitheamh aon tréimhse den sórt sin.

(2) Ní cheanglóidh aon ní i bhfo-alt (1) go sroichfeadh an mhaoirseacht a bheidh le déanamh ag an mbainisteoir chun aon oibríocht sa mhéid go mbaineann sí le nithe atá, faoi alt 25, eiscthe óna bhainistí agus óna urlámhas.

(3) Déanfar an duine a cheapfar, le linn dó bheith ag gníomhú amhlaidh, a áireamh chun críocha an Achta seo ar gach dóigh ionann is dá mba é an bainisteoir é.

(4) Ní bhainfidh aon ní i bhfo-alt (3) den bhainisteoir aon chumhacht, ná ní shaorfaidh sé ó aon dualgas ná dliteanas, a thugtar dó nó a chuirtear air leis an Acht seo nó faoi.

Cumhacht chun a cheangal go mbeidh bainisteoir cáilithe ann i gcás ina mbeidh oibríochtaí áirithe cairéaladóireachta ar siúl.

28. —Féadfar le rialacháin toirmeasc a chur le oibríochtaí de chineál a fhorordófar a dhéanamh i gcairéal mura bhfuil cáilíochtaí a fhorordófar ag an mbainisteoir, agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin—

(a) socrú a dhéanamh le haghaidh díolúintí sealadacha ón toirmeasc ionas, i gcás an bainisteoir a scor de bheith i seilbh

oifige, nach scoirfear go hobann d'oibríochtaí den chineál sin a dhéanamh sa chairéal, agus

(b) a fhoráil nach n-údaróidh alt 27 aon duine a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar na hoibríochtaí sin mura bhfuil na cáilíochtaí a fhorordófar ag an duine sin.

Oifigigh, etc.

29. —Féadfar, le rialacháin a cheangal ar úinéirí nó bainisteoirí cairéil cibé oifigigh, innealtóirí nó teicneoirí nó daoine inniúla eile a fhorordófar a cheapadh, chun oibríochtaí nó nithe forordaithe a mhaoirsiú, a chigiriú nó a stiúradh, agus féadfaidh na rialacháin na cáilíochtaí is gá a bheith ag na daoine sin, agus na dualgais a bheidh le comhlíonadh acu, a fhorordú.

Forálacha maidir le Ceapacháin ag Úinéirí Mianaigh agus Cairéil.

Ceapacháin shealadacha le linn folúntais in oifig bhainisteora mianaigh nó cairéil.

30. —(1) I gcás bainisteoir mianaigh nó cairéil d'fháil bháis, d'éirí as oifig nó a scor ar dhóigh eile de bheith i seilbh oifige, ní chuirfidh aon ní in alt 13 nó 23 cosc leis an mianach nó an cairéal a oibriú tráth ar bith i rith tréimhse nach faide ná dhá lá is seachtó (nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh cigire) go dtí go gceapfar comharba, más rud é go mbeidh duine ceaptha an tráth sin ag an úinéir chun cumhachtaí agus dualgais an bhainisteora a fheidhmiú agus a chomhlíonadh, i gcás an bainisteoir a scor de bheith i seilbh oifige go dtí go gceapfar comharba.

(2) Le linn don duine a bheidh ceaptha a bheith ag gníomhú amhlaidh, déanfar, chun críocha an Achta seo, é a áireamh ar gach dóigh ionann is dá mba é an bainisteoir é.

Ceapacháin ag úinéirí mianaigh nó cairéil a chur in iúl do chigire.

31. —Díreach tar éis d'úinéir mianaigh nó cairéil duine a cheapadh chun bheith ina bhainisteoir, nó chun cumhachtaí agus dualgais bhainisteora a fheidhmiú agus a chomhlíonadh le linn folúntais, nó chun maoirseacht a dhéanamh i gcaitheamh tréimhse a bheidh an bainisteoir as láthair nó gan bheith in ann maoirseacht a dhéanamh, tabharfaidh an t-úinéir don chigire fógra, i cibé foirm a shonróidh an tAire, go ndearnadh an ceapachán, maraon le hainm agus seoladh an duine a ceapadh.

CUID III

Sábháilteacht, Sláinte agus Leas (Mianaigh)

Sloic agus Slite Isteach

Ceanglais maidir le sloic agus easraisí: mianaigh ghuail agus mhianraí srathaithe eile.

32. —(1) Ní foláir dhá shloc nó easrais, ar a laghad, a bheith i ngach mianach guail nó mianra shrathaithe eile, agus idirbhealach chucu a bheith ag gach síog a bheidh á hoibriú de thuras na huaire sa mhianach, ionas go dtabharfaidh na sloic nó na heasraisí sin slí ar leith isteach agus amach do na daoine a bheidh ar fostú i ngach síog den sórt sin, cibé acu leis an mianach céanna nó le níos mó ná mianach amháin a bhaineann na sloic nó na heasraisí sin.

(2) Ní foláir gan an dá shloc nó easrais sin a bheith níos gaire dá chéile ná cúig shlat déag ag pointe ar bith, agus beidh idirbhealach eatarthu nach lú ná ceithre throigh ar leithead agus ceithre throigh ar airde.

(3) Cuirfear ar fáil i ngach cuid den mhianach ina mbeidh deich nduine nó níos mó ar fostú san am céanna dhá shlí, ar a laghad, amach go dtí an dromchla, agus iad socraithe sa dóigh, má tharlaíonn ceachtar acu a bheith doghabhalá ag pointe ar bith, go dtabharfaidh an ceann eile slí amach go dtí an dromchla.

(4) Ní bhacfaidh aon chomhaontú ar dhuine ar bith cibé gníomhartha a dhéanamh is gá chun na forálacha roimhe seo den alt seo a chomhlíonadh, ná ní chuirfidh conradh ar bith aon duine faoi dhliteanas aon urghaire, damáistí, pionóis, ná forghéillte mar gheall ar cibé gníomhartha is gá a dhéanamh chun na forálacha sin a chomhlíonadh.

(5) Féadfar, le rialacháin, a fhoráil go mbainfidh an t-alt seo, le cibé eisceachtaí, modhnuithe agus oiriúnuithe a fhorordófar, le haon chineál eile mianaigh.

(6) Féadfar, le rialacháin, a fhoráil go gcuirfear cibé coimircí eile is cuí leis an Aire ar fáil chun slí shábháilte isteach agus amach a áirithiú, lena n-áirítear ceanglais maidir leis na hidirbhealaí a bheidh le cur ar fáil agus le cothabháil idir sloic agus easraisí, agus teorainneacha leis an líon daoine a fhostófar tráth ar bith in áit faoi thalamh nach bhfuil dhá shlí ar leith uaidh, agus iad áisiúil sábháilte agus gach ceann acu ag gabháil go dtí sloc nó easrais éagsúil.

(7) Féadfar, le rialacháin nó le fógra a sheirbheálfaidh an tAire nó cigire ar úinéir mianaigh, foráil a dhéanamh chun an mianach nó aon áit shonraithe ann a dhíolmhú ó gach ceann nó aon cheann de cheanglais an ailt seo nó rialachán arna ndéanamh faoi.

Gaireas tochrais agus tarlaithe a chur ar fáil.

33. —(1) I ngach sloc agus easrais doshiúlta a bheidh de thuras na huaire ar úsáid i mianach guail nó mianra shrathaithe eile chun daoine a iompar go dtí an dromchla agus uaidh, beidh gaireas chun daoine a iompar idir barr an tsloic, nó an tslí isteach ar an dromchla chun na heasraise agus na slite isteach chun na n-oibreachán agus idir na slite isteach sin iad féin.

(2) (a) I ngach sloc agus easrais doshiúlta a bheidh de thuras na huaire ar úsáid in aon mhianach eile chun daoine a iompar go dtí an dromchla agus uaidh, beidh gaireas chun daoine a iompar idir barr an tsloic, nó an tslí isteach ar an dromchla chun na heasraise, agus na slite isteach chun na n-oibreachán agus idir na slite isteach sin iad féin, más mó ná céad is caoga troigh an t-achar iomchuí.

(b) San fho-alt seo, ciallaíonn “achar iomchuí”, i gcás sloic, an t-achar idir barr an tsloic agus bun na slí isteach is íochtaraí chun an tsloic a bheidh ann chun go bhféadfaidh daoine an sloc a rochtain agus, i gcás easraise, an t-achar idir an pointe mar a sroicheann an easrais an dromchla agus an tslí isteach faoi thalamh a bheidh ann chun go bhféadfaidh daoine an easrais is faide ón bpointe sin a rochtain.

(c) Féadfaidh cigire, le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir mianaigh, sloc nó easrais atá sa mhianach a dhíolmhú ón bhfo-alt seo.

(3) Beidh an gaireas de réir cibé ceanglas a fhorordófar.

(4) Ní úsáidfear an gaireas ach amháin don sloc nó don easrais, mura rud é, in aon chás áirithe go dtoileoidh cigire, trí fhógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir an mhianaigh, le húsáid thairis sin a bhaint as.

(5) Déanfar gach gaireas a chothabháil go cuí agus, nuair nach mbeidh sé á úsáid, coimeádfar ar fáil i gcónaí é lena úsáid.

Sloic agus slocáin a dhaingniú.

34. —(1) Daingneofar gach sloc agus slocán i mianach, ach amháin sa mhéid nach gá sin mar gheall ar dhálaí nádúrtha na sraitheanna trína ngabhann sé (maidir leis an iomlán nó le haon chuid de), agus coimeádfar daingean é.

In aon ionchúiseamh mar gheall ar shárú ar an bhfo-alt seo is cosaint é a chruthú nach raibh, tráth an tsáraithe líomhnaithe, aon chuid éadaingean den sloc nó den slocán sin á húsáid, ná nár láithreán í a raibh aon oibríochtaí ar siúl ann chun an sloc nó an slocán a tholladh nó a mhéadú.

(2) Bainfidh fo-alt (1) le heasraisí doshiúlta i mianach faoi mar a bhaineann sé le sloic mhianaigh.

Réamhchúram sábháilteachta maidir leis na slite isteach i sloic, i slocáin agus in easraisí.

35. —(1) Sa tslí isteach ar an dromchla go dtí gach sloc mianaigh agus i ngach slí isteach eile go dtí é (cibé acu os cionn talún nó faoi thalamh dó), agus i ngach slí isteach go dtí gach slocán, beidh iamhlann nó bacainn éifeachtúil a bheidh deartha agus déanta ar dhóigh go gcoiscfidh sé duine ar bith ar thitim de thionóisc síos an sloc nó an slocán nó ar theagmháil de thionóisc le cuid ghluaiste d'aon ghaireas tochrais a bheidh sa sloc nó sa slocán.

(2) Déanfar gach iamhlann nó bacainn a chothabháil go cuí agus, má tá sí nó má tá aon chuid di inaistrithe nó inoscailte, coimeádfar an iamhlann, an bhacainn nó an chuid sin ina hionad go daingean nó, de réir mar a bheidh, dúnta go daingean ach amháin sa mhéid gur gá í a aistriú nó a oscailt ionas go bhféadfar an sloc nó an slocán a úsáid, nó chun aon obair a dhéanamh sa sloc nó sa slocán, nó chun cigireacht a dhéanamh ar an sloc nó an slocán, nó ar aon ní ann.

(3) Féadfar, le rialacháin, a cheangal go ndéanfar cibé bearta a fhorordófar chun daoine a chosc ar dhul isteach de thionóisc in easraisí mianach nó ar theagmháil de thionóisc le codanna gluaiste d'aon ghaireas iontu.

(4) Chun críocha an ailt seo, measfar gur cuid de shloc an méid d'aon bharrdhéanmhas ar bharr an tsloic ar méadú é ar an sloc.

(5) Ní bhainfidh an t-alt seo le sloc ná easrais, ná le slocán, i mianach tréigthe, nó i mianach nach raibh á oibriú le tréimhse dhá mhí déag anuas, ach, lasmuigh dá bhfuil ráite, bainfidh sé le sloic, easraisí agus slocáin nach bhfuil in úsáid chomh maith le sloic, easraisí agus slocáin atá in úsáid.

Bealaí

Forálacha ginearálta maidir le bealaí a dhéanamh agus a chothabháil.

36. —(1) Baineann an t-alt seo le gach bealach i mianach.

(2) Gach bealach a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo, déanfar agus cothábhálfar é ar dhóigh go seachnófar athruithe obanna treo, airde, leithid agus fána, ach amháin sa mhéid go dtugann córas oibrithe an mhianaigh nó dálaí nádúrtha na sraitheanna ann nach inmholta ó thaobh na sábháilteachta é sin a dhéanamh, nó nach gá é a dhéanamh.

(3) Más rud é, i gcás aon bhealaigh a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo, go bhfuil cigire ar an tuairim gur cheart aon athrú obann treo, airde, leithid nó fána ann a chur ar ceal, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh á cheangal air, laistigh de thréimhse shonraithe, cibé oibreacha a dhéanamh a chuirfidh an t-athrú obann sin ar ceal.

(4) Gach bealach a bheidh á úsáid ag sé dhuine ar a laghad i dtosach nó i ndeireadh seal oibre, coimeádfar saor ó chonstaicí é agus coimeádfar a urlár i ndeisriocht maith.

(5) Bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí le fógra a sheirbheálfar faoin alt seo.

(6) Forléireofar tagairtí san alt seo d'athruithe fána mar thagairtí a fholóidh tagairtí do chlaonadh (suas nó síos) ón gcothromán.

(7) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir an mhianaigh cibé bearta is gá a dhéanamh chun an t-alt seo a chomhlíonadh.

Airde agus leithead siúlán.

37. —(1) Beidh leorairde agus leorleithead i ngach siúlán agus, más dóigh le cigire nach leor a airde nó a leithead, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh á ordú go ndéanfar aon athrú a shonrófar.

(2) (a) Gach siúlán a dhéanfar tar éis tosach feidhme an fho-ailt seo agus a bheidh á úsáid ag deich nduine ar a laghad i dtosach nó i ndeireadh seal oibre chun siúl go dtí a n-áiteanna oibre nó uathu, beidh sé ar a laghad cúig throigh agus sé orlach ar airde ar a feadh.

(b) Féadfaidh cigire le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir mianaigh, aon bhealach a dhíolmhú ón gceanglas seo.

(3) Bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí le fógra a sheirbheálfar faoi fho-alt (1) den alt seo.

Toirmeasc ar fheithiclí agus córacha iompair a úsáid ar bhealaí nach féidir gluaiseacht gan bhac orthu.

38. —Ní cheadóidh bainisteoir mianaigh—

(a) feithiclí a rith in aon bhealach sa mhianach mura rud é nach bhfuil na feithiclí ná a n-ualaí, ná (más mar chuid de ghaireas róptharlaithe a ritheann na feithiclí), na rópaí a bhfuil siad ceangailte díobh, ná (más ainmhithe atá ag tarlú na bhfeithiclí) na hainmhithe ná a n-úmacha, ag cuimilt in aghaidh dhíon nó taobhanna an bhealaigh, in aghaidh aon ní is taca do dhíon agus taobhanna an bhealaigh nó do cheachtar acu, ná in aghaidh aon ní sa bhealach nach bhfuil curtha ar fáil chun na feithiclí a rialú ná (i gcás feithiclí a ritheann mar chuid de ghaireas róptharlaithe) in aghaidh na rópaí a bhfuil siad ceangailte díobh;

(b) cóir iompair a oibriú in aon bhealach sa mhianach mura rud é nach bhfuil an chóir iompair ná a hualach ag cuimilt in aghaidh dhíon nó taobhanna an bhealaigh in aghaidh aon ní is taca do dhíon agus taobhanna an bhealaigh nó do cheachtar acu, ná in aghaidh aon ní sa bhealach.

Rialacha agus rialacháin iompair.

39. —(1) Déanfaidh bainisteoir gach mianaigh rialacha (dá ngairtear “rialacha iompair” san alt seo)—

(a) ag sonrú na n-ualaí uasta (de réir meáchain, tomhais, líon nó critéar eile) a fhéadfar a iompar i bhfeithiclí ar feadh aon fhaid de bhealach sa mhianach agus an líon uasta feithiclí (de réir mar a bheidh siad ualaithe nó neamhualaithe) a fhéadfar a cheangal le chéile chun go rithfidh siad mar fhoireann nó scuaine ar aon fhad de bhealach sa mhianach,

(b) ag sonrú na luasanna uasta ar a bhféadfaidh feithiclí rith ar aon fhad de bhealach sa mhianach, agus

(c) á thoirmeasc daoine a iompar i bhfeithiclí nó ar chóracha iompair i mbealaí sa mhianach ach amháin i cibé imthosca agus de réir cibé coinníollacha, más ann, a shonrófar sna rialacha, agus ag sonrú réamhchúraim a bheidh le glacadh nuair a bheidh daoine á n-iompar amhlaidh,

agus féadfaidh sé cibé rialacha eile is cuí leis a dhéanamh maidir le húsáid feithiclí agus córacha iompair sa mhianach agus na coinníollacha faoina bhféadfar iad a úsáid.

(2) (a) Má bhíonn cigire ar an tuairim gur gá rialacha iompair a mhodhnú in aon sonra, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh ag sonrú an mhodhnaithe is dóigh leis is ceart a dhéanamh, agus á cheangal ar an mbainisteoir, laistigh de thréimhse shonraithe, na rialacha a mhodhnú de réir bhrí an fhógra.

(b) Bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí le fógra faoin bhfo-alt seo.

(3) Aon riail iompair a bheidh ar neamhréir le forálacha aon rialacháin, beidh sí, go feadh méid na neamhréireachta, gan éifeacht ar bith.

(4) Féadfar a cheangal, le rialacháin, go gcuirfear saoráidí ar fáil chun daoine a iompar trí shiúláin, ar mhaithe leis an tsábháilteacht nó ionas nach mbeadh róthuirse orthu.

Forálacha chun sábháilteacht a áirithiú do choisithe ar bhealaí iompair.

40. —(1) Baineann an t-alt seo le gach bealach i mianach, ar bealach é ar a ritheann feithiclí a ghluaistear ar dhóigh seachas le láimh nó trína dtarraingt ag ainmhithe.

(2) Le linn do na feithiclí sin a bheith ag gluaiseacht sa bhealach, ní cead d'aon duine a bheidh ar fostú sa mhianach (seachas duine údaraithe), ach amháin de réir rialachán, gabháil de chois feadh an bhealaigh mura stopfar gluaiseacht na bhfeithiclí d'aonghnó chun ligean dó é sin a dhéanamh.

(3) Má bhíonn an bealach á úsáid i dtosach nó i ndeireadh seal oibre ag deich nduine ar a laghad, beidh de dhualgas ar an mbainisteoir tréimhse nó tréimhsí a shocrú chun go bhféadfaidh siad siúl go sábháilte, agus ní chuirfidh aon duine faoi deara, ná ní ligfidh sé, d'fheithicil (cibé acu a bheidh sí ualaithe nó nach mbeidh) gluaiseacht, ar dhóigh seachas trína tarraingt le láimh nó ag ainmhithe, sa bhealach i gcaitheamh tréimhse a shocrófar amhlaidh.

(4) Féadfar, le rialacháin, aon bhealach de chineál forordaithe i mianaigh lena mbaineann na rialacháin a dhíolmhú ó aon cheanglas acu sin roimhe seo, agus féadfaidh cigire, le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir mianaigh áirithe, aon bhealach sa mhianach sin a dhíolmhú ó aon cheanglas den sórt sin.

(5) In aon ionchúiseamh i leith duine a bheith ag gabháil bealach contrártha d'fho-alt (2), is cosaint é a chruthú go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur ghá sin chun deisiúchán a dhéanamh láithreach sa bhealach agus go raibh sé ag gabháil an bealach amhlaidh chun cineál nó méid an deisiúcháin a fháil amach.

(6) Ach amháin le cead i scríbhinn ó bhainisteoir mianaigh, ní dhéanfaidh duine ar bith, ach amháin de réir rialachán speisialta, feithicil a bheidh ag gluaiseacht mar chuid d'aon ghaireas róptharlaithe a thionlacan de shiúl cos faoi thalamh.

(7) Chun críocha fho-alt (2), ciallaíonn “duine údaraithe”, maidir le bealach i mianach,—

(a) oifigeach don mhianach;

(b) duine a bheidh ar fostú i ndáil le feithiclí a rith sa bhealach sin;

(c) duine a bheidh gafa le, nó i ndáil le, deisiúchán a dhéanamh sa bhealach sin ar gá é a dhéanamh láithreach; nó

(d) duine a bheidh ag gabháil do chigireacht sa mhianach, de bhua na bhforálacha den Acht seo a bhaineann le cigireacht ar oibrithe nó de bhua aon chomhaontaithe den sórt a luaitear sna forálacha sin.

Poill dídine a chur ar fáil.

41. —(1) Faoi réir aon eisceachtaí a fhorordófar, ní cheadóidh bainisteoir mianaigh feithiclí (nach feithiclí a ghluaistear le láimh) a rith ar aon fhad de bhealach sa mhianach mura bhfuil poill dídine ar fáil in ionad fhorordaithe sa bhealach, thar chúig throigh is seachtó ó éadan oibreacháin ar a bhfreastalaíonn sé.

(2) Beidh gach poll dídine den sórt sin de réir cibé tomhas agus ceanglais a fhorordófar.

(3) Coimeádfar gach poll dídine den sórt sin saor ó chonstaic.

(4) San alt seo ní fholaíonn “éadan oibreacháin” áit i mbealach a bhfuil réabadh nó deisiúcháin ar siúl ann.

Bearta sábháilteachta maidir le húsáid feithiclí.

42. —(1) Fad a bheidh feithiclí á n-úsáid i mianach, beidh ar fáil, agus cothabhálfar agus úsáidfear, sa mhianach nó ar na feithiclí, nó sa mhianach agus ar na feithiclí araon, cibé deiseanna sábháilteachta is gá chun cosc a chur le tionóiscí a bhaint do dhaoine trí fheithiclí a dhul ó smacht; agus beidh gach deis de shaghas a bheidh deartha chun go ngabhfaidh sí go huathoibreach san ionad ina n-oibríonn sí chun na críche chun ar dearadh í, ach amháin i gcás ina mbeidh cúis mhaith chun gan deis den saghas sin a chur ar fáil.

(2) Glacfar gach réamhchúram is gá chun go gcosnófar ar dhíobháil, i gcás feithicil a dhul ó smacht, aon duine a bheidh, ar dhóigh seachas mar chúrsa gnáthaimh, ag obair in áit i mianach a ritheann feithicil tríd.

Réamhchúram speisialta do Ghaireas Tochrais agus Róptharlaithe agus do Chóracha Iompair.

Cúram gaireas tochrais agus róptharlaithe le linn daoine a bheith á n-iompar acu.

43. —(1) Ní dhéanfar aon ghaireas tochrais ná róptharlaithe faoi oibriú meicniúil nó imtharraingthe i mianach a oibriú chun daoine a iompar ach amháin ag duine fireann inniúil, atá dhá bhliain is fiche d'aois ar a laghad, a cheapfaidh an bainisteoir; agus beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh leorlíon daoine fireanna inniúla a cheapadh chuige sin.

(2) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir mianaigh a áirithiú go mbeidh duine a ceapadh faoin alt seo ag freastal sa mhianach chun an gaireas sin a oibriú fad a bheidh aon duine faoi thalamh a mbeidh sé beartaithe dó teacht amach trí bhíthin an ghairis sin.

(3) Féadfaidh cigire fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir mianaigh á cheangal air a áirithiú, cibé tráthanna a shonrófar san fhógra, nach mbeidh sé curtha de dhualgas ar an duine a bheidh ag freastal níos mó ná aon tacar amháin gairis a oibriú.

(4) Faoi réir aon eisceachtaí a fhorordófar, ní dhéanfar aon duine a cheapfar faoin alt seo a fhostú i mianach guail nó mianra shrathaithe eile ar feadh níos mó ná ocht n-uaire a chloig aon lá arb iad na dualgais a bheidh air, nó a n-áireofar ar a dhualgais, gaireas tochrais faoi oibriú meicniúil nó imtharraingthe ag sloc a oibriú chun daoine a iompar, agus féadfar foráil a dhéanamh, le rialacháin, chun teorainn a chur leis an méid uaire dá bhféadfar aon duine den sórt sin a fhostú in aon seachtain.

Cúram gaireas tochrais agus róptharlaithe nuair nach mbeidh daoine á n-iompar acu.

44. —(1) Ní dhéanfar aon ghaireas tochrais faoi oibriú meicniúil nó imtharraingthe ag sloc nó slocán a oibriú ar aon ócáid nach mbeidh aon daoine á n-iompar aige ach amháin ag duine fireann inniúil, atá bliain is fiche d'aois ar a laghad, nó faoina bhuanmhaoirseacht.

(2) Ní dhéanfar aon ghaireas róptharlaithe faoi oibriú meicniúil nó imtharraingthe i mianach a oibriú ar aon ócáid den sórt sin ach amháin ag duine fireann inniúil, atá ocht mbliana déag d'aois ar a laghad, nó faoina bhuanmhaoirseacht.

(3) Féadfaidh cigire, le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir mianaigh, aon ghaireas a dhíolmhú ó fho-alt (2).

Cúram córacha iompair ag éadain oibreacháin

45. —Ní oibreofar aon chóir iompair ar feadh éadain oibreacháin i mianach ach amháin ag duine fireann inniúil, atá ocht mbliana déag d'aois ar a laghad, nó faoina bhuanmhaoirseacht.

Comharthaíocht i sloic agus in easraisí.

46. —(1) I gcás gaireas tochrais nó róptharlaithe a bheith feistithe i sloc mianaigh nó in easrais doshiúlta, déanfar modhanna éifeachtúla chun comharthaí inchloiste agus infheicthe a tharchur ó gach slí isteach a bheidh in úsáid de thuras na huaire go dtí an áit ina mbeidh an gaireas á oibriú a chur ar fáil agus a chothabháil i ngach cás inar mó ná caoga troigh an t-achar idir an tslí isteach is airde agus an tslí isteach is ísle a bheidh in úsáid de thuras na huaire sa sloc, nó idir an dromchla fhoircneach agus na slite isteach faoi thalamh chun na heasraise.

(2) Féadfar, le rialacháin, a cheangal go gcuirfear ar fáil agus go gcothabhálfar meáin chun comharthaí a tharchur idir na slite isteach iad féin.

(3) Féadfar, le rialacháin, a cheangal—

(a) go ndéanfar na comharthaí a fhorordófar a tharchur gcód a fhorordófar;

(b) go gcuirfidh bainisteoir mianaigh in áirithe go mbeidh daoine ag freastal, tráthanna a fhorordófar, chun comharthaí a tharchur agus a ghlacadh.

(4) Chun críocha an ailt seo—

measfar gur cuid de shloc an méid d'aon bharrdhéanmhas ar bharr an tsloic ar méadú é ar an sloc, agus measfar an méid de líne ráillí a ghabhann trí easrais atá idir an pointe mar a sroicheann an easrais an dromchla agus foirceann na líne ar an dromchla a bheith ina chuid den easrais;

(b) folaíonn “slí isteach,” maidir le heasrais, aon áit a stopann feithiclí chun ualú nó dí-ualú a dhéanamh; agus

(c) ciallaíonn “dromchla fhoircneach” agus “slite isteach faoi thalamh,” faoi seach, maidir le heasrais, an tsíl isteach chuici ar an dromchla nó, má tá níos mó ná ceann amháin ann, an ceann sin a bheidh de thuras na huaire in úsáid agus is faide ón bpointe mar a sroicheann an easrais an dromchla agus an tslí isteach faoi thalamh chuici a bheidh in úsáid de thuras na huaire agus is faide ón bpointe sin.

Comharthaíocht i mbealaí.

47. —I gcás gaireas róptharlaithe nó cóir iompair a bheith feistithe i mbealach i mianach nó a bheith feistithe ar dhóigh gur féidir é a oibriú i mbealach, ansin, más mó ná nócha troigh an fad bealaigh trínar féidir le feithiclí gluaiseacht mar chuid den ghaireas sin, nó trínar féidir ualaí a iompar leis an gcóir iompair sin, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar meáin éifeachtúla chun comharthaí a tharchur ó gach pointe ar feadh an fhaid bealaigh sin go dtí an áit ina mbeidh an gaireas nó an chóir iompair á oibriú.

Cumhacht chun na cúig alt roimhe seo a eisiamh nó a mhodhnú i gcás gairis faoi chianrialú nó gairis uathoibrithigh.

48. —Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin chun gach ceann nó aon cheann d'fhorálacha alt 43 go 47 a eisiamh nó a mhodhnú i gcás gaireas tochrais nó róptharlaithe, nó córacha iompair, a bheidh feistithe i mianaigh, agus a bhfuil a n-oibriú faoi chianrialú nó uathoibreach go hiomlán nó go páirteach.

Tacaíocht

Dualgas chun bealaí agus áiteanna oibre a dhéanamh sábháilte.

49. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh cibé bearta a dhéanamh, trí ghluaiseacht na sraitheanna sa mhianach a shrianadh agus trí thacú le díon agus taobhanna gach bealaigh nó áite oibre, is gá chun an bealach nó an áit oibre a choimeád slán sábháilte.

(2) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a áirithiú go mbeidh aige gach tráth ábhartha an t-eolas go léir is iomchuí chun a chinneadh cad iad na bearta is gá chun an dualgas a chuirtear air le fo-alt (1) a chomhlíonadh go héifeachtúil.

Córas tacaíochta i mianaigh ghuail agus mhianraí srathaithe eile.

50. —(1) Faoi réir an ailt seo, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar, i ngach mianach guail nó mianra shrathaithe eile, córas tacaíochta do dhíon agus taobhanna—

(a) gach áit ina mbíonn aon mhianra á oibriú;

(b) gach ceann bealaigh;

(c) gach acomhal dhá fhad bealaigh nó níos mó a ngabhann feithiclí nó cóir iompair trí aon cheann acu; agus

(d) gach fad bealaigh ina mbíonn daoine ag obair ar dhóigh seachas go hócáideach nó ar feadh tréimhsí gearra.

(2) (a) Má bhíonn cigire ar an tuairim gur ceart córas tacaíochta do dhíon agus taobhanna (nó ceachtar acu) aon fhad bealaigh eile in aon mhianach den sórt sin a chur ar fáil agus a chothabháil, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an mbainisteoir, ina sonrófar an fad bealaigh, ina luafar a thuairim agus ina gceanglófar go gcuirfear an córas tacaíochta sin ar fáil roimh dheireadh tréimhse sonraithe, agus go gcothabhálfar é.

(b) Bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí le fógra a sheirbheálfar faoin bhfo-alt seo.

(3) Féadfar le rialacháin, a cheangal, nó a chumasú do chigirí a cheangal, go ndéanfar córas tacaíochta do dhíonta nó taobhanna, nó dóibh araon, a chur ar fáil agus a chothabháil i mianaigh de chineál lena mbaineann an t-alt seo i cibé cásanna (nach cásanna a thagann faoi réim fho-alt (1)) agus go feadh cibé méid a fhorordófar.

(4) Féadfar foráil a dhéanamh, le rialacháin, chun aon chineál mianaigh a fhorordófar nó aon chineál áite a fhorordófar a n-oibrítear mianaigh ann, nó cinn bhealaigh, acomhail nó bealaí, a dhíolmhú ón alt seo, agus féadfaidh cigire, le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir mianaigh áirithe, an mianach sin, nó aon áit, ceann bealaigh, acomhal, nó bealach den sórt sin ann, a dhíolmhú ón alt seo.

(5) An córas tacaíochta sin a gceanglófar faoin alt seo é a chur ar fáil agus a chothabháil, beidh sé de réir córais a shonrófar i rialacha tacaíochta agus ar córas é a bheidh ag cur le srianadh cuí ar ghluaiseacht na sraitheanna sa mhianach.

(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choiscfidh ar oibrí aon taca breise a shocrú ina áit oibre a mheasfaidh sé is gá chun a shábháilteacht féin nó sábháilteacht duine eile a áirithiú.

Cumhacht chun a cheangal go mbeidh córas tacaíochta i mianaigh eile.

51. —(1) Féadfar, le rialacháin, a cheangal, nó a chumasú do chigirí a cheangal, go ndéanfar córas tacaíochta do dhíonta nó taobhanna, nó dóibh araon, a chur ar fáil agus a chothabháil i mianaigh seachas mianaigh ghuail nó mhianra shrathaithe eile i cibé cásanna agus go feadh cibé méid a fhorordófar.

(2) Beidh an tacaíocht sin de réir córais a shonrófar i rialacha tacaíochta agus ar córas é a bheidh ag cur le srianadh cuí ar ghluaiseacht na sraitheanna sa mhianach.

Ábhar tacaíochta a chur ar fáil.

52. —(1) Faoi réir aon eisceachtaí a fhorordófar, is é úinéir an mhianaigh a chuirfidh gach ábhar tacaíochta ar fáil.

(2) Ní thoibheofar muirear ar bith ar aon oibrí i leith ábhar tacaíochta a chur ar fáil.

(3) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a áirithiú go mbeidh leorsholáthar ábhar oiriúnach tacaíochta ar fáil go réidh i gcónaí lena n-úsáid san áit a bhfuil sé ag obair iarbhír, do gach oibrí a mbeidh siad ag teastáil uaidh.

(4) I gcás nach mbeidh soláthar den sórt sin ar fáil, rachaidh an t-oibrí go dtí áit shábháilte agus cuirfidh sé in iúl láithreach d'oifigeach don mhianach go bhfuil sin déanta aige.

(5) Más léir don duine a bheidh de thuras na huaire i gceannas ar chuid de mhianach nach bhfuil an soláthar sin ar fáil amhlaidh d'oibrí atá ar fostú ann, cuirfidh an duine sin faoi deara don oibrí dul go dtí áit shábháilte.

(6) Más rud é, ar ócáid ar bith, go mbeidh oibrí, de bhun ceachtar de na fo-ailt roimhe seo, tar éis imeacht ón áit a raibh sé ag obair ann iarbhír, ní thabharfaidh an duine a bheidh de thuras na huaire i gceannas ar an gcuid sin den mhianach cead don oibrí filleadh ar an áit sin go dtí gur deimhin leis an duine sin go mbeidh soláthar ábhar den sórt sin ar fáil amhlaidh.

Tacaíocht a bhaint ón díon nó ó na taobhanna.

53. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith tacaíocht a bhaint ó dhíon nó taobhanna aon áite i mianach ar dhóigh seachas trí mhodh nó deis trína bhféadfaidh sé é sin a dhéanamh ó ionad sábháilte.

(2) I gcás inar cuid den chóras oibre é tacaíocht a cuireadh ar fáil i gcomhlíonadh an Achta seo a bhaint ón dramhlann nó ón díon in aice leis an dramhlann, ní bhainfidh duine ar bith an tacaíocht sin as a hionad ach amháin de réir córais a shonrófar i rialacha tacaíochta.

Dualgais ionadaithe maidir le tacaíocht.

54. —Beidh de dhualgas ar gach ionadaí a áirithiú go feadh a chumais go gcomhlíonfar na rialacha tacaíochta go léir agus go gcuirfear i bhfeidhm iad agus go socrófar go cuí aon tacaí breise is dóigh leis is gá.

Forálacha maidir le rialacha tacaíochta.

55. —(1) Is é bainisteoir an mhianaigh a dhéanfaidh na rialacha tacaíochta do mhianach.

(2) Beidh rialacha tacaíochta de réir cibé ceanglas a fhorordófar, agus féadfaidh siad cibé dualgais agus toirmisc a chur ar dhaoine a fhostaítear sa mhianach is dóigh le bainisteoir an mhianaigh is cuí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha den Chuid seo a bhaineann le tacaíocht.

(3) (a) Má bhíonn cigire ar an tuairim gur gá rialacha tacaíochta a mhodhnú i sonra ar bith, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh ina sonrófar an modhnú is dóigh leis is ceart a dhéanamh, agus ina gceanglófar ar an mbainisteoir, laistigh de thréimhse a shonrófar, na rialacha a mhodhnú de réir éirim an fhógra.

(b) Bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí le fógra a sheirbheálfar faoin bhfo-alt seo.

(4) Aon riail tacaíochta a bheidh ar neamhréir le foralácha aon rialacháin, beidh sí, go feadh méid na neamhréireachta, gan éifeacht ar bith.

(5) Coimeádfar cóip de na rialacha tacaíochta go léir san oifig ag an mianach nó i cibé áit eile a cheadóidh cigire. Déanfaidh an bainisteoir cóip de cibé rialacha a bhainfidh le ceantar a teorannaíodh faoi mhír (d) d'fho-alt (1) d'alt 17 a thabhairt don ionadaí i gceannas an cheantair agus coimeádfar crochta suas í ag an tslí isteach chun an cheantair i dtreo go mbeidh sí sofheicthe agus soléite ag na daoine a bheidh ar fostú sa cheantar.

(6) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a mbeidh rialacha tacaíochta i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire, doiciméad a thabhairt do gach duine a fhostaítear sa mhianach, agus arb iad a dhualgais, nó a n-áirítear ar a dhualgais, tacaí a shocrú de réir córais a shonrófar sna rialacha, a míneofar ann i bhfocail nó le léaráidí, nó go páirteach i bhfocail agus go páirteach le léaráidí, éifeacht na rialacha a mhéid a bhaineann siad leis.

(7) Aon doiciméad a airbheartóidh a bheith deimhnithe ag bainisteoir mianaigh mar chóip dhílis d'aon rialacha tacaíochta, beidh sé ina fhianaise prima facie ar na rialacha.

Aerú

Dualgas chun aerú leordhóthanach a chur ar fáil.

56. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh cibé bearta a dhéanamh is gá chun a áirithiú go mbeidh á chur ar fáil go buan i ngach cuid faoi thalamh den mhianach aerú atá leordhóthanach chun na gcríocha seo a leanas, eadhon,—

(a) chun gáis atá inlasta nó dochrach a chaolú lena ndéanamh neamhdhíobhálach agus iad a thabhairt as; agus

(b) chun aer a sholáthar a mbeidh leordhóthain ocsaigine ann.

(2) Gan dochar d'fheidhm ghinearálta fho-alt (1)—

(a) measfar chun críocha an fho-ailt sin nach bhfuil an t-aerú a chuirtear ar fáil i gcuid de mhianach leordhóthanach chun dé-ocsaíd carbóin a chaolú lena déanamh neamhdhíobhálach mura rud é nach mó ná ceathrú faoin gcéad de réir toirte, nó cibé céatadán faoina bhun sin a fhorordófar, an méid di atá i gcorp ginearálta an aeir sa chuid sin den mhianach;

(b) measfar chun críocha an fho-ailt sin nach bhfuil an t-aerú a chuirtear ar fáil i gcuid de mhianach leordhóthanach chun aer a sholáthar a bhfuil leordhóthain ocsaigine ann mura rud é nach lú ná naoi déag faoin gcéad de réir toirte an méid ocsaigine i gcorp ginearálta an aeir sa chuid sin den mhianach.

(3) Féadfar, le rialacháin, a fhoráil, gan dochar d'fheidhm ghinearálta fho-alt (1), go measfar chun críocha an fho-ailt sin nach bhfuil an t-aerú a chuirtear ar fáil i gcuid de mhianach leordhóthanach chun gás forordaithe (seachas dé-ocsaíd carbóin) atá inlasta nó dochrach a chaolú lena dhéanamh neamhdhíobhálach mura rud é gur lú ná céatadán forordaithe de réir toirte an méid de atá i gcorp ginearálta an aeir sa chuid sin den mhianach.

(4) I gcomhlíonadh an dualgais a chuirtear air le fo-alt (1), tabharfaidh bainisteoir mianaigh aird ar a mhéad atá sé indúilithe a áirithiú (i gcomhréir le comhlíonadh an dualgais sin) go gcothabhálfar sa mhianach coinníollacha oibre atá réasúnach chomh fada is a bhaineann le teocht agus taisleach an atmasféir agus leis an méid deannaigh ann.

(5) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) mar ní a cheanglaíonn go gcuirfear aerú ar fáil—

(a) i gcuid de mhianach atá dúnta suas ar dhóigh fhorordaithe, nó ar cibé dóigh eile a cheadóidh cigire le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir an mhianaigh, nó atá stuáilte suas;

(b) in aon dramhlann; nó

(c) in aon chuid eile den sórt sin a fhorordófar de mhianach.

(6) Más rud é, in aon chuid de mhianach is gá de réir na bhforálacha roimhe seo den alt seo a aerú, go mbrisfear ar an aerú nó go scoirfidh sé de bheith leordhóthanach chun na gcríocha a luaitear i bhfo-alt (1), beidh de dhualgas ar bhainisteoir an mhianaigh a áirithiú, go dtí go gcuirfear an t-aerú ar fáil arís, go mbeidh cosc ar rochtain chun na coda sin den mhianach ionas go dtoirmiscfear ar aon duine dul isteach ann nach mbeidh údarás aige chuige agus nach ligfear do dhuine ar bith fanacht ann ná gabháil tríd ach amháin chun an t-aerú a thabhairt ar ais nó i gcás éigeandála.

Contúirt ó ghás i ndramhlann a sheachaint.

57. —(1) Baineann an t-alt seo le dramhlann seachas—

(a) dramhlann atá—

(i) dúnta suas ar dhóigh fhorordaithe nó ar cibé dóigh eile a cheadóidh cigire le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir an mhianaigh ina bhfuil sí, nó

(ii) stuáilte suas; nó

(b) dramhlann eile arb eol nach bhfuil ann—

(i) aon ghás inlasta, ná

(ii) aon ghás dochrach ná aon ghás dochrach ina thiúchán contúirteach.

(2) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh ina mbeidh aon dramhlann lena mbaineann an t-alt seo a áirithiú—

(a) go gcuirfear ar fáil go buan sa dramhlann sin aerú atá leordhóthanach, de réir alt 56, chun na gcríocha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin; nó

(b) go ndéanfar bearta iomchuí chun laghdú ar aon chontúirt go dtiocfadh gás inlasta nó dochrach ón dramhlann sin.

Cumhacht chigire chun a cheangal go bhfeabhsófar an t-aerú.

58. —(1) Má tá cigire ar an tuairim gur gá nó gur fóirsteanach, ar mhaithe le sábháilteacht nó sláinte na ndaoine a fhostaítear, feabhsú ar an aerú a chuirtear ar fáil in aon chuid de mhianach a gceanglaítear le halt 56 í a aerú, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh á cheangal (de réir mar a shonrófar san fhógra)—

(a) nach foláir an t-aerú a bheidh, tar éis tréimhse sonraithe, á chur ar fáil sa chuid sin den mhianach de bhun an ailt sin, a bheith de réir ceanglas sonraithe, nó

(b) go ndéanfar, roimh dheireadh na tréimhse sin, cibé oibreacha a shonrófar san fhógra sin chun an t-aerú sa chuid sin den mhianach a fheabhsú.

(2) Bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí le fógra a sheirbheálfar faoin alt seo.

Forálacha maidir le modhanna aerúcháin.

59. —(1) Mura rud é, i ngach cuid de mhianach a gceanglaítear le halt 56 í a aerú, go mbeidh aerú a bheidh leordhóthanach chun na gcríocha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin á chur ar fáil go hiomlán ar mhodhanna nádúrtha, cuirfear ar fáil agus cothabhálfar ar dhromchla an mhianaigh gaireas faoi oibriú meicniúil a bheidh inniúil ar oiread aeraithe a chur ar fáil sna codanna sin go léir den mhianach agus is leor (amach ó aon aerú a bheidh á chur ar fáil ag aon ghaireas faoi oibriú meicniúil faoi thalamh) chun go bhféadfaidh gach uile dhuine a bheidh faoi thalamh sa mhianach aon tráth áirithe imeacht as an mianach go sábháilte; agus aon ghaireas a chuirfear ar fáil amhlaidh déanfar, mura mbeidh sé á ghnáthúsáid chun aerú a chur ar fáil, é a úsáid uair amháin ar a laghad sa tseachtain agus é a choiméad ar fáil i gcónaí lena úsáid.

(2) Más rud é (cibé acu de bhun fho-alt (1) é nó nach ea) go gcuirfear ar fáil ar dhromchla mianaigh ghuail gaireas faoi oibriú meicniúil chun aerú a dhéanamh faoi thalamh sa mhianach, ansin, mura rud é go mbeidh an gaireas sin deartha nó oiriúnaithe, agus feistithe, ar dhóigh go bhféadfar é a oibriú trí aer a bhrú isteach sa mhianach, agus trí aer a ídiú as, cuirfear ar fáil i dteannta an ghairis sin, agus cothabhálfar agus coimeádfar ar fáil i gcónaí lena úsáid, meáin leordhóthanacha chun treo gluaiseachta an aeraithe a dhéanfaidh an gaireas sin a aisiompú.

(3) (a) Féadfar, le rialacháin—

(i) mianaigh d'aon chineál a fhorordófar a dhíolmhú ó fhorálacha fho-alt (1);

(ii) mianaigh ghuail d'aon chineál a fhorordófar a dhíolmhú ó fhorálacha fho-alt (2);

agus féadfaidh cigire, le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir mianaigh áirithe seachas mianach guail, an mianach a dhíolmhú ó fho-alt (1), agus féadfaidh sé, le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir mianaigh ghuail áirithe, an mianach a dhíolmhú ó cheachtar fo-alt acu sin nó uathu araon.

(b) Ní dheonófar aon díolúine mura rud é gur deimhin leis an Aire nach gcuirfear aon daoine a fhostaítear i mianaigh den chineál lena mbaineann na rialacháin i gcontúirt mhíchuí de dhroim an díolúine a dheonú, agus ní dheonóidh cigire aon díolúine i gcás mianaigh áirithe mura rud é gur deimhin leis nach gcuirfear aon daoine a fhostaítear sa mhianach sin i gcontúirt mhíchuí de dhroim an díolúine a dheonú.

(4) Ní dleathach tine a úsáid le haghaidh aerú i mianach ná ach amháin le toiliú cigire arna thabhairt le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir an mhianaigh, aer comhbhrúite a scaoileadh i mianach chun gás inlasta nó dochrach a chaolú nó a thabhairt as.

Cosc le héalú aeir idir aerbhealaí.

60. —(1) Más rud é, i gcás aon dá fhad de phasáistí éagsúla i mianach guail nó mianra shrathaithe eile, gur tar éis tosach feidhme an ailt seo a dhéanfar ceann amháin acu ar a laghad, ansin, murab amhlaidh nach mbeidh (gan aon bhearta a dhéanamh chun an t-éalú aeir eatarthu a laghdú) aon aer, nó nach mbeidh puinn aeir, ag éalú eatarthu, ní dleathach ceann acu a úsáid mar aerbhealach tógála isteach, nó mar chuid de, agus an ceann eile a úsáid mar ais-aerbhealach, nó mar chuid de, mura ndéanfar cibé bearta is gá chun an t-éalú aeir eatarthu a laghdú.

(2) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo go mbeidh sé neamhdhleathach úsáid mar aerbhealach, nó mar chuid de, a dhéanamh den mhéid d'aon phasáiste i mianach atá laistigh den achar iomchuí ó éadan oibreacháin a soláthraítear aer dó nó a dtarraingítear aer uaidh tríd an aerbhealach sin.

(3) San alt seo—

(a) ciallaíonn “achar iomchuí”, maidir le héadan oibreacháin i mianach, ceithre chéad is caoga troigh (arna thomhas ó phointe ar bith ar an éadan sin i líne dhíreach ar aon phlána) nó cibé achar eile, arna thomhas amhlaidh (cibé acu is mó nó is lú é ná ceithre chéad is caoga troigh), a chinnfidh cigire, in aon chás áirithe, le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir an mhianaigh; agus

(b) ní fholaionn “éadan oibreacháin” áit i mbealach a bhfuil réabadh nó deisiúchán ar siúl ann.

Baraiméadair agus uirlisí tomhais eile a chur ar fáil.

61. —Féadfaidh cigire, le fógra a sheirbheálfar ar an mbainisteoir, a cheangal air aon uirlis, ar baraiméadar nó teirmiméadar nó taismhéadar í, a chur ar fáil agus a chothabháil sa mhianach, agus féadfaidh sé a ordú gurb uirlis de chineál a shonrófar í agus go gcuirfear ar fáil í in áit a shonrófar, agus go ndéanfar léamha a thógáil agus a thaifeadadh tráthanna a shonrófar.

Soilsiú, Lampaí agus Contrabhanna

Soilsiú.

62. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh—

(a) a áirithiú go gcuirfear ar fáil—

(i) soilsiú oiriúnach leordhóthanach (cibé acu nádúrtha nó saorga dó) i ngach cuid os cionn talún den mhianach a mbíonn daoine ag obair ann nó ag gabháil tríd, ag féachaint don solas ó lampaí is gnách a bheith á n-iompar ag daoine a bhíonn ag obair ann nó ag gabháil tríd;

(ii) solas saorga, atá oiriúnach agus leordhóthanach, i ngach cuid faoi thalamh den mhianach a mbíonn daoine ag obair ann nó ag gabháil tríd, seachas cuid nach bhfuil sé inmholta soilsiú saorga a chur isteach ann ar chúiseanna sábháilteachta nó nach gá é a bheith ann mar gheall ar an méid solais ó lampaí is gnách a bheith á n-iompar ag daoine a bhíonn ag obair ann nó ag gabháil tríd nó ar chúis ar bith eile;

(b) a áirithiú go gcothabhálfar go cuí gach gaireas soilsiúcháin.

(2) Féadfar, le rialacháin, a cheangal go gcuirfear ar fáil agus go gcothabhálfar soilse breise in áiteanna a fhorordófar i mianach.

Soilse a cheadaítear.

63. —(1) Faoi réir an ailt seo, ní dhéanfar aon lampaí ná soilse seachas soilse ceadaithe a lamháil ná a úsáid faoi thalamh i mianach—

(a) tar éis gás atá sa mhianach ó nádúr a adhaint nó a phléascadh in aon chuid faoi thalamh den mhianach (cibé acu ba chúis báis nó díobhála coirp é nó nárbh ea), ná

(b) tar éis lampaí sábhála glasáilte a chur á n-úsáid, in aon chuid faoi thalamh den mhianach, ar dhóigh seachas mar réamhchúram sealadach;

(c) tar éis ceithre sheachtain a bheith caite ón lá díreach i ndiaidh an lae a tháinig fógra i bhfeidhm a sheirbheáil cigire ar an mbainisteoir á rá gurb é a thuairim nach ceart aon lampaí ná soilse seachas soilse ceadaithe a úsáid faoi thalamh sa mhianach.

(2) Ní dhéanfar fógra faoi mhír (c) d'fho-alt (1) a sheirbheáil ach amháin i gcás inarb eol gás inlasta a bheith sa mhianach ó nádúr tráth éigin i rith na tréimhse cúig bliana dar críoch dáta an fhógra a sheirbheáil; agus bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógra a sheirbheálfaidh cigirí le haon fhógra den sórt sin.

(3) Más deimhin le cigire nach gá, mar gheall ar nádúr speisialta mianaigh nó coda de, na forálacha roimhe seo a chomhlíonadh, féadfaidh sé, le fógra a sheirbheálfar ar bhainisteoir an mhianaigh, an mianach nó cuid de a dhíolmhú ó na forálacha sin.

Rialacháin faoi shoilsiú agus contrabhanna.

64. —(1) Féadfar, le rialacháin, foráil a dhéanamh le haghaidh na nithe seo a leanas:—

(a) déanamh, soláthar, cothabháil, eisiúint, úsáid agus ní ar bith eile i dtaobh lampaí sábhála, gairis soilsiúcháin agus gairis bhraite lena n-úsáid i mianach chun críocha na n-alt roimhe seo;

(b) toirmeasc a chur ar earraí a d'fhéadfadh bladhmadh nó spréachadh a thabhairt isteach i mianaigh, nó i gcodanna de mhianaigh, a fhorordófar;

(c) toirmeasc a chur ar ábhair toite a thabhairt isteach i mianaigh, nó i gcodanna de mhianaigh, a fhorordófar;

(d) modh cuardaithe daoine agus earraí le haghaidh na n-earraí agus na n-ábhar toirmiscthe sin;

(e) fógraí a chur suas ag tabhairt rabhadh do dhaoine faoin dliteanas atá orthu faoin alt seo.

(2) Ní chuardófar aon duine gan an tríú duine a bheith i láthair, agus ní chuardóidh duine ar bith duine eile mura rud é go mbeidh sé, ar an ócáid sin, tar éis caoi a thabhairt do bheirt éigin eile é féin a chuardach agus, má chuardaigh siad é, nach bhfuarthas aon earra ná ábhar toirmiscthe ina sheilbh.

(3) Aon earra nó ábhar toirmiscthe a gheofar de thoradh cuardaigh faoin alt seo, féadfaidh an duine a rinne an cuardach é a ghabháil agus déileáil leis mar a threoróidh bainisteoir an mhianaigh.

(4) Aon duine a bhfaighfear ina sheilbh, de thoradh cuardaigh faoin alt seo, aon earra nó ábhar toirmiscthe, beidh sé ciontach i gcion.

(5) Aon duine a dhiúltóidh cuardach faoin alt seo a cheadú air féin, nó ar earra a bheidh leis, beidh sé ciontach i gcion agus más roimh dhul síos faoi thalamh dó a dhiúltóidh sé, ní ligfear dó dul síos faoi thalamh ar an ócáid sin agus, más le linn dó bheith i mianach a dhiúltóidh sé, ní ligfear dó fanacht ann ar an ócáid sin.

Leictreachas agus Gaireas Leictreachais

Leictreachas agus gaireas leictreachais.

65. —(1) Féadfar, le rialacháin, foráil a dhéanamh le haghaidh na nithe seo a leanas:—

(a) giniúint, stóráil, claochlú, tarchur, agus úsáid leictreachais i mianaigh;

(b) úsáid, déanamh, cur isteach, scrúdú, deisiú, cothabháil, athrú, coigeartú agus tástáil gairis leictreachais agus cáblaí leictreachais i mianaigh;

(c) chun a cheangal i gcás inar mó ná céatadán a fhorordófar (gan a dhul thar aon agus ceathrú) de réir toirte an méid gáis inlasta i gcorp ginearálta an aeir i gcuid faoi thalamh de mhianach, go stopfar an soláthar leictreachais do gach gaireas ach amháin gaireas a fhorordófar;

(d) chun a cheangal go ngearrfar, i cibé imthosca eile a fhorordófar, an soláthar leictreachais do ghaireas faoi thalamh i mianach.

(2) Má bhíonn cigire ar an tuairim go ngabhfadh, nó go mb'fhéidir go ngabhfadh, le húsáid leictreachais faoi thalamh i mianach nó in aon chuid de mhianach, contúirt mhór go bpléascfadh gás nó deannach, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh á thoirmeasc air, nó á shrianadh go feadh méid a shonrófar, leictreachas a úsáid faoi thalamh sa mhianach sin nó sa chuid sin den mhianach.

(3) Bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí le fógra a sheirbheálfar faoin alt seo; agus beidh feidhm láithreach ag aon fhógra den sórt sin, má shonraítear é sin ann.

Ábhair agus Deiseanna Pléasctha

Ábhair agus deiseanna pléasctha.

66. —(1) Féadfar, le rialacháin, a fhoráil go dtoirmiscfear nó go srianfar soláthar, stóráil nó úsáid ábhar agus deiseanna pléasctha, nó aon chineál ábhar agus deiseanna pléasctha, i mianaigh, agus, go háirithe, go dtoirmiscfear nó go srianfar úsáid na n-ábhar agus na ndeiseanna sin, nó aon chineál díobh, i gcuid faoi thalamh de mhianach tráth ar bith a bheidh an méid gáis inlasta i gcorp ginearálta an aeir sa chuid sin níos mó ná an céatadán forordaithe de réir toirte agus i cibé imthosca eile a fhorordófar.

(2) Ní dhéanfar aon ábhar ná deis phléasctha a thabhairt ná a úsáid faoi thalamh i mianach seachas ábhar nó deis a sholáthróidh úinéir an mhianaigh.

(3) San alt seo ciallaíonn “ábhair agus deiseanna pléasctha” pléascaigh agus aon earraí atá ceaptha chun mianraí a bhriseadh nó a scaoileadh trí bhíthin pléasctha, trí ghás a fhairsingiú, trí shubstaint a athrú ó staid fhisiciúil amháin go staid fhisiciúil eile nó trí iomoibriú ceimiceach nach dó a bheidh ann.

Réamhchúram in aghaidh Tine

Úsáid leathán braitíse agus criosanna iompair.

67. —(1) Ní dleathach leatháin bhraitíse nach de shaghas a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag an Aire a úsáid faoi thalamh i mianach d'aon chineál a fhorordófar.

(2) Ní dleathach criosanna iompair nach de shaghas a bheidh ceadaithe ag an Aire a úsáid faoi thalamh i mianach, ná i gcuid a fhorordófar de mhianach, d'aon chineál a fhorordófar.

Oibríochtaí múchta tine agus tarrthála.

68. —Féadfar, le rialacháin, a cheangal go ndéanfar cibé socrú a fhorordófar—

(a) chun briseadh amach tine, agus téamh spontáineach, i mianaigh a chosc, a bhrath, agus a chomhrac, agus chun a áirithiú (in atmasféar a mbeadh contúirt bháis ann chomh maith le hatmasféar nach mbeadh) go stiúrfar go héifeachtúil cibé oibríochtaí chun daoine a tharrtháil is gá a stiúradh i mianaigh mar gheall ar thine a bhriseadh amach, nó pléascadh nó tionóiscí eile de shaghas ar bith a tharlú, iontu;

(b) chun ábhar inlasta a stóráil agus a úsáid faoi thalamh;

(c) le haghaidh deiseanna leordhóthanacha chun tine a mhúchadh;

(d) chun comhaltaí aon eagrais daoine a bheidh á chothabháil de bhun na rialachán a thraenáil go héifeachtúil.

Slite chun éalú as seomraí ina mbíonn contúirt speisialta ó thine nó ó ghás.

69. —Ní fhostófar duine i seomra, inlis ná spás iata dá samhail i mianach a mbeidh, mar gheall ar nádúr aon innealra nó gairis a bheidh curtha isteach ann nó aon ábhar a bheidh á stóráil ann, baol go mbrisfeadh tine chontúirteach amach ann nó go n-éalódh cuid mhaith gaile nó gás dochrach ina thiúchán contúirteach, mura rud é go ndéanfar cibé bearta (cibé acu trí dhá shlí amach nó níos mó a chur ar fáil nó eile é) is gá chun go laghdófar fiontar a sháinnithe ann in aon chás den sórt sin nó go bhfuil na himthosca ina bhfostaítear é de shaghas go laghdóidh siad uathu féin fiontar a sháinnithe amhlaidh.

Réamhchúram in aghaidh Deannaigh

Réamhchúram in aghaidh deannaigh.

70. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a áirithiú go ndéanfar, i ndáil le mianraí a fháil, a chóiriú agus a iompar faoi thalamh sa mhianach—

(a) leathadh aon deannaigh inlasta, agus

(b) leathadh deannaigh de shórt agus ina mhéid gur dócha é a bheith díobhálach do na daoine a fhostaítear,

a laghdú.

(2) Más rud é, i ndáil le haon oibríochtaí nó próiseas a sheoladh faoi thalamh i mianach nó i bhfoirgneamh ar dhromchla mianaigh, go leathfar aon deannach atá inlasta nó deannach de chineál agus ina mhéid gur dócha é a bheith díobhalach do dhaoine a fhostaítear, beidh de dhualgas ar bhainisteoir an mhianaigh a áirithiú—

(a) go laghdófar oiread agus is féidir ar a rachaidh san aer den deannach nó ar a charnadh in aon áit in imthosca ina mbeadh a charnadh san áit sin contúirteach nó díobhálach, trí bhearta chuige sin a dhéanamh chomh cóngarach agus is féidir do phointe tionscnaimh an deannaigh,

(b) go ndéanfar aon chuid den deannach a rachaidh san aer a cheapadh nó a scaipeadh ar dhóigh go ndéanfar neamhdhíobhálach é, agus

(c) go ndéanfar aon chuid den deannach nach gcoiscfear ó charnadh in áit in imthosca ina mbeadh a charnadh contúirteach nó díobhálach a ghlanadh suas agus a aistriú, go rianúil, go dtí áit nach féidir dó bheith contúirteach ná díobhálach nó go ndéileálfar leis ar mhodh a cheadóidh an tAire chun é a dhéanamh neamhdhíobhálach.

(3) Féadfar, le rialacháin, ceanglais a chur ar bhainisteoirí mianaigh maidir le húsáid ghairis fhorordaithe agus le déanamh beart forordaithe chun aon chuspóir dá luaitear san alt seo a thabhairt i gcrích; agus féadfaidh na rialacháin a fhoráil go mbeidh a gcomhlíonadh ag bainisteoir mianaigh le glacadh, gan choinníoll nó go feadh méid a fhorordófar, mar chomhlíonadh ar gach ceann nó aon cheann de cheanglais an ailt seo, nó nach mbeidh comhlíonadh na rialachán ag bainisteoir mianaigh le glacadh de riachtanas mar chomhlíonadh ar na ceanglais sin.

Réamhchúram in aghaidh Contúirtí Seachtracha d'Oibreacháin

Dualgas úinéirí agus bainisteoirí mianaigh chun a fháil amach an bhfuil oibreacháin atá as úsáid, sraitheanna uisciúla, etc. sa chomharsanacht.

71. —(1) Beidh de dhualgas ar úinéir agus ar bhainisteoir gach mianaigh—

(a) cibé bearta a dhéanamh is gá chun a áirithiú go mbeidh aige, gach tráth ábhartha, gach eolas a chuirfidh i bhfios nó a thabharfadh le fios go bhfuil nó nach bhfuil, i gcomharsanacht aon oibreachán atá á seoladh, nó a bheartaítear a sheoladh, sa mhianach,

(i) aon oibreacháin atá as úsaid (cibé acu oibreacháin mhianaigh iad nó nach ea);

(ii) aon charraig nó sraith a bhfuil nó ar dócha go mbeadh uisce inti (cibé acu scaipthe nó i gcuasa nádúrtha dó);

(iii) aon mhóin, caonach, gaineamh, gairbhéal, glár nó ábhar eile ar dócha dó sreabhadh nuair a bheadh sé fliuch, agus

(b) cibé bearta a dhéanamh is gá chun aon eolas den sórt sin a dheimhniú.

(2) Beidh de dhualgas ar an úinéir agus ar an mbainisteoir araon—

(a) tar éis dó aon eolas den sórt sin a fháil, é a thabhairt láithreach don duine eile, agus

(b) tar éis dó aon bhearta a dhéanamh chun an t-eolas a dheimhniú, sonraí na mbeart a rinneadh, agus aon ní ar ar cinneadh de bharr a ndéanta a chur in iúl don duine eile.

Dualgas úinéirí agus bainisteoirí mianaigh chun a fháil amach cad é tiús na sraitheanna idir oibreacháin agus uisce ar an dromchla.

72. —(1) Beidh de dhualgas ar úinéir agus ar bhainisteoir gach mianaigh cibé bearta is gá a dhéanamh, maidir le haon oibreacháin atá á seoladh nó a bheartaítear a sheoladh sa mhianach i gcomharsanacht na farraige, locha nó abhann nó aon lear eile dromchla-uisce (cibé acu go nádúrtha nó go saorga a carnadh é), chun a fháil amach cad é tiús iomlán na sraitheanna atá idir na hoibreacháin agus an dromchla-uisce.

(2) Beidh de dhualgas ar an úinéir agus ar an mbainisteoir araon, tar éis dó aon eolas a fháil le linn fo-alt (1) a bheith á chomhlíonadh, sonraí an eolais a fuarthas a thabhairt láithreach don duine eile.

Dualgas ginearálta chun réamhchúram a ghlacadh in aghaidh gáis, uisce, etc.. a bhrúchtadh isteach.

73. —Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh cibé bearta a dhéanamh, maidir le gach oibreachán sa mhianach, is gá chun cosc a chur le haon bhrúchtadh gáis ó oibreacháin atá as úsáid (cibé acu oibreacháin mhianaigh iad nó nach ea), nó le haon bhrúchtadh uisce nó ábhair a shreabhann nuair a bhíonn sé fliuch (cibé acu ó oibreacháin atá as úsáid nó ó aon fhoinse eile é), isteach san oibreachán.

Cumhachtaí cigirí maidir le contúirt ó bhrúchtadh gáis, uisce, etc.

74. —(1) Má bhíonn cigire ar an tuairim go bhfuil contúirt inseachanta ann go dtarlóidh brúchtadh isteach in oibreachán faoi mar a luaitear in alt 73 agus nach ndearnadh aon bhearta chun an chontúirt a sheachaint nó nach leor nó nach cuí leis an gcigire na bearta a rinneadh chuige sin, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh ag lua a thuairime agus á rá nach bhfuil aon bhearta déanta chun an chontúirt a sheachaint nó nach leor nó nach cuí leis bearta a rinneadh amhlaidh, cibé acu sin é, agus ag forchur gach ceann nó aon cheann de na ceanglais seo a leanas—

(a) ceanglas go ndéanfaidh an bainisteoir, roimh dheireadh tréimhse a shonrófar, oibreacha a shonrófar chun an chontúirt a sheachaint;

(b) ceanglas nach gceadóidh an bainisteoir, do dhuine ar bith, go dtí go mbeidh na hoibreacha sin déanta, bheith sa mhianach nó i gcuid a shonrófar de (ach amháin chun na hoibreacha sin a dhéanamh nó chun daoine a tharrtháil);

(c) ceanglas go scoirfear, go feadh méid a shonrófar, d'oibríochtaí chun mianraí a fháil san oibreachán go dtí go mbeidh na hoibreacha sin déanta nó nach leanfar díobh ar dhóigh seachas de réir córas oibrithe a shonrófar.

(2) Má bhíonn cigire ar an tuairim go bhfuil contúirt dosheachanta ann go dtarlóidh brúchtadh isteach in oibreachán mar a luaitear in alt 73, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh, ag lua a thuairime agus á cheangal go scoirfear go buan d'oibríochtaí chun mianraí a fháil san oibreachán agus, más cuí leis an gcigire é, ag forchur, ina theannta sin, ceachtar de na ceanglais seo a leanas nó iad araon—

(a) ceanglas go ndéanfaidh an bainisteoir, roimh dheireadh tréimhse a shonrófar, oibreacha a shonrófar chun an chuid eile den mhianach a chosaint,

(b) ceanglas nach gceadóidh an bainisteoir, go dtí go mbeidh na hoibreacha sin déanta, do dhuine ar bith a bheith sa mhianach nó i gcuid a shonrófar de (ach amháin chun na hoibreacha a dhéanamh nó chun daoine a tharrtháil).

(3) Bainfidh forálacha alt 146 maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí le fógra a sheirbheálfar faoin alt seo; agus beidh feidhm láithreach ag aon fhógra den sórt sin, má shonraítear é sin ann.

Dualgais Oifigeach agus Oibrithe i gCás Contúirte

Oibrithe a thabhairt amach i gcás contúirte.

75. —(1) Más rud é tráth ar bith go bhfaighidh an duine a bheidh de thuras na huaire i gceannas an mhianaigh, nó aon choda de, amach go bhfuil an mianach nó aon áit ann contúirteach toisc gáis inlasta nó dochracha a bheith ann go leitheadúil, nó ar chúis ar bith eile, tabharfar gach oibrí amach as an mianach nó as an áit a fuarthas a bheith contúirteach, agus déanfaidh ionadaí, nó duine inniúil eile a bheidh údaraithe chuige sin ag an mbainisteoir, an mianach nó an áit a fuarthas a bheith contúirteach a scrúdú agus, más ó ghás inlasta a thagann an chontúirt, scrúdóidh sé an mianach nó an áit le lampa sábhála glasáilte, agus i ngach cás tabharfaidh sé tuarascáil bheacht iomlán ar staid an mhianaigh nó na háite.

(2) Ní ligfear d'oibrí, ach amháin sa mhéid gur gá sin chun fiosrú a dhéanamh faoi chúis na contúirte nó chun í a chur ar ceal, nó chun taiscealadh a dhéanamh, dul isteach arís sa mhianach nó san áit a fuarthas a bheith contúirteach, go dtí go bhfaighfear tuairisc nach bhfuil contúirt ag baint leis.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar áit a bheith contúirteach más rud é nach bhfuil an méid gáis inlasta atá i gcorp ginearálta an aeir san áit sin níos lú de réir toirte ná an céadatán seo a leanas—

(a) i gcás mianaigh, nó cuid d'aon mhianach, inar neamhdhleathach lampaí nó soilse seachas soilse a cheadaítear a úsáid—a dó faoin gcéad nó cibé céadatán is mó ná sin (gan é a bheith níos mó ná a dó go leith) a fhorordófar;

(b) i gcás aon áite eile—aon is ceathrú faoin gcéad nó cibé céadatán is lú ná sin a fhorordófar,

nó más rud é, in áit lena mbaineann mír (b), go bhfeicfear rian gáis ar lasair íslithe lampa shábhála.

(4) Déanfar gach tuarascáil faoin alt seo a thaifeadadh i leabhar ar leith a choimeádfar chuige sin ag an mianach, agus síneoidh an duine a rinne an scrúdú í.

(5) Má fhaigheann oibrí amach go bhfuil gás inlasta ina áit oibre, fágfaidh sé an áit láithreach agus cuirfidh sé in iúl don bhainisteoir nó don ionadaí é.

Innealra agus Gaireas

Déanamh, cothabháil, etc., innealra agus gairis.

76. —(1) Gach ball agus gléas oibre, cibé acu daingean nó sochorraithe dóibh, lena n-áirítear na fearais ancaireachta agus daingnithe, den innealra agus den ghaireas go léir a úsáidfear mar chuid, nó is cuid, de threalamh mianaigh, agus gach fotha a mbeidh aon fhearais den sórt sin ancairithe nó daingnithe ann nó air, beidh siad de dhéanamh maith, d'ábhar oiriúnach, de neart leordhóthanach agus saor ó aon locht follas, agus cothabhálfar iad go cuí.

(2) Féadfar, le rialacháin, foráil a dhéanamh—

(a) chun ceanglais bhreise a fhorchur maidir le déanamh, cur isteach, cothabháil, úsáid, tástáil, deisiú, coigeartú, athrú agus scrúdú an innealra nó an ghairis sin, agus

(b) chun cosc a chur le hinnealra nó gaireas a bheidh déanta contrártha do na rialacháin a chur isteach i mianaigh.

Fálú ar bhaill nochta d'innealra.

77. —(1) Faoi réir an ailt seo, déanfar gach roth luastair, agus gach ball nocht eile atá contúirteach, d'aon innealra a úsáidfear mar chuid, nó is cuid, de threalamh mianaigh a fhálú go daingean.

(2) Féadfar, le rialacháin, a cheangal go gcuirfear an fálú ar fáil ar mhodh a fhorordófar.

(3) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a áirithiú go ndéanfar fálú a chuirfear ar fáil de bhun an ailt seo a chothabháil go cuí agus go gcoimeádfar ina ionad é le linn na mball is gá a fhálú a bheith ag gluaiseacht nó in úsáid, ach amháin nuair a nochtfar na baill sin le haghaidh scrúdú nó coigeartú is gá a dhéanamh le linn iad a bheith ag gluaiseacht nó in úsáid agus go gcomhlíonfar na coinníollacha uile a fhorordófar.

Innill faoi thalamh.

78. —Ní dhéanfar aon inneall dócháin inmhéanaigh, coire gaile ná inneall gluaiste a úsáid faoi thalamh i mianach ach amháin de réir mar a fhorordófar nó le toiliú an Aire nó cigire.

Coimeádáin aeir, gháis agus ghaile.

79. —(1) Gach gaireas a úsáidfear mar chuid, nó is cuid, de threalamh mianaigh, agus ar gaireas é ina bhfuil, nó a tháirgeann, aer, gás nó gal faoi bhrú is mó ná brú an aeir, ní foláir é a bheith déanta, curtha isteach, á chothabháil agus á úsáid ar dhóigh go gcuirfear ar ceal aon bhaol ó thine, óna bhriseadh as a chéile, óna phléascadh nó óna thitim i ngabhal a chéile, nó ó tháirgeadh gás dochrach.

(2) Féadfar, le rialáchain, cur isteach aon ghairis den sórt sin in áiteanna a fhorordófar a thoirmeasc, agus a cheangal go dtabharfar tuarascálacha ar thorthaí scrúdaithe a dhéanfar air de bhun rialachán faoi alt 76.

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal, tráth ar bith, go mbeidh scrúdú le déanamh ag duine a ainmneoidh sé ar aon ghaireas den sórt sin i mianach, agus tabharfaidh bainisteoir an mhianaigh na saoráidí is gá le haghaidh an scrúdaithe, agus más léir, de thoradh an scrúdaithe, go raibh aon tuarascáil neamhdhóthanach nó neamhchruinn i sonra ábhartha, beidh costas an scrúdaithe faoin bhfo-alt seo inghnóthaithe ag an Aire ó úinéir an mhianaigh.

Ualú craenacha, etc.

80. —(1) Marcálfar go soiléir ar gach craein, crúbaire tógála, agus crangaid a úsáidfear mar chuid, nó is cuid, de threalamh mianaigh, an t-ualach nó na hualaí oibre sabháilte dó, ach amháin, i gcás géag-chraein a bheidh déanta ar dhóigh gur féidir an t-ualach oibre sábháilte a athrú tríd an ngéag a ardú nó a ísliú, go mbeidh ceangailte di treoir uathoibreach d'ualaí oibre sábháilte nó tábla a thaispeánfaidh na hualaí oibre sábháilte de réir claonta na géige nó gathanna an ualaigh.

(2) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ach amháin le haghaidh tástála, aon chraein, crúbaire tógála ná crangaid den sórt sin a ualú thar an ualach oibre sábháilte a bheidh marcáilte nó taispeánta amhlaidh.

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le gaireas tochrais a bheidh i sloc, nó i slocán, mianaigh, ná le haon ghaireas róptharlaithe, agus féadfar, le rialacháin, a fhoráil nach mbainfidh an t-alt seo le haon ghaireas eile de chineál a fhorordófar.

Gabhdáin stórála agus crannóga.

81. —Ní rachaidh aon duine isteach, ná ní ligfear dó dul isteach, tráth ar bith, in aon ghabhdán stórála ná crannóg a dtarraingítear ábhar as a íochtar, fad a bheidh ábhar stóráilte ann, mura rud é go mbeidh an dara duine i láthair i gcónaí agus go nglacfar cúram oiriúnach in aghaidh contúirt ó ábhar géillteach. Cuirfidh an t-úinéir nó an bainisteoir ar fáil, nuair is gá é, línte tarrthála do dhaoine a fhostaítear agus beidh de dhualgas ar na daoine sin na línte tarrthála sin a chaitheamh i gcónaí nuair a chuirfeadh sé leis an tsábháilteacht iad a bheith á gcaitheamh acu.

Foirgnimh, Déanmhais, Rochtain, etc.

Foirgnimh agus déanmhais a choimeád sábháilte.

82. —Déanfar gach foirgneamh agus déanmhas ar dhromchla mianaigh a choimeád i staid shábháilte.

Rochtain shábháilte agus córacha fostaíochta sábháilte.

83. —(1) Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar caoi shábháilte rochtana ar gach áit i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas, nó ar fhoirgneamh nó déanmhas, ar dhromchla mianaigh, arb áit é a mbeidh ar aon duine obair a dhéanamh ann tráth ar bith.

(2) I gcás ina mbeidh ar dhuine obair a dhéanamh in aon áit de shórt ar bhaol dó titim síos uaidh achar is mó ná deich dtroigh, ansin, murab áit é a bhfuil teannta daingean coise aige agus, nuair is gá é, greim daingean láimhe, cuirfear ar fáil, trí fhálú nó eile, cóir chun a áirithiú go mbeidh sé sábháilte.

Traenáil agus Araíonacht

Srian le daoine neamhoilte do dhéanamh oibre.

84. —Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a áirithiú nach bhfostófar aon duine ann ar aon obair ar dhóigh seachas faoi theagasc agus maoirseacht duine éigin atá inniúil ar theagasc a thabhairt i ndéanamh na hoibre sin agus ar a maoirsiú, mura rud é go bhfuil an duine a fhostófar amhlaidh tar éis teagasc leordhóthanach, agus, más gá é, traenáil leordhóthanach, a fháil san obair sin agus go bhfuil sé inniúil ar é a dhéanamh gan mhaoirseacht.

Garchabhair

Garchabhair.

85. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a áirithiú go gcuirfear ar fáil ann saoráidí agus trealamh atá leordhóthanach chun garchabhair a thabhairt do dhaoine a fhostaítear sa mhianach, agus, le linn dóibh bheith ar fostú amhlaidh, a mbainfidh díobháil choirp dóibh nó a dtiocfaidh breoiteacht orthu.

(2) Féadfar, le rialacháin, chun críocha an ailt seo—

(a) a chinneadh cad iad na saoráidí agus an trealamh atá leordhóthanach do mhianaigh d'aon chineál,

(b) a cheangal go mbeidh daoine a fuair traenáil ar chóireáil gharchabhrach ag freastal i mianaigh le linn uaire oibre, agus go ndéanfar agus go gcuirfear i gcrích i mianaigh—

(i) maidir le daoine a mbainfidh díobháil choirp dóibh nó a dtiocfaidh breoiteacht orthu le linn dóibh bheith ar fostú faoi thalamh iontu, socruithe a fhorordófar lena n-iompar ón áit inar bhain an díobháil dóibh nó inar tháinig an bhreoiteacht orthu go dtí an dromchla, agus

(ii) maidir le daoine a mbainfidh díobháil choirp dóibh nó a dtiocfaidh breoiteacht orthu, le linn dóibh bheith ar fostú iontu (cibé acu os cionn talún nó faoi thalamh é), socruithe a fhorordófar lena n-iompar, nuair is gá sin, go dtí ospidéil nó go dtí a dtithe féin.

Meáchain Róthroma

Meáchain róthroma a ardú.

86. —(1) Ní fhostófar duine chun aon ualach a ardú, a iompar ná a aistriú a bheidh chomh trom sin gur dóigh dó díobháil a dhéanamh dó.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, rialacháin a dhéanamh ag forordú na meáchan uasta a fhéadfaidh daoine a fhostaítear i mianaigh a ardú, a iompar nó a aistriú, agus féadfar, le haon rialacháin den sórt sin, meáchain éagsúla a fhorordú in imthosca éagsúla, agus féadfaidh na rialacháin baint le daoine i gcoitinne nó le haon aicme daoine nó le daoine a fhostaítear in aon chineál nó sórt mianaigh nó in aon phróiseas.

Forálacha um Leas Ginearálta

Leithris sláintíochta.

87. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh a áirithiú go gcuirfear ar fáil ann (faoi thalamh agus os cionn talún) leithris leordhóthanacha oirúnacha sláintíochta le haghaidh a n-úsáidte ag daoine a fhostaítear ann.

(2) Má bhíonn idir fhireannaigh agus bhaineannaigh ar fostú, nó le bheith ar fostú, beidh cóiríocht ar leith d'fhireannaigh agus do bhaineannaigh sna leithris.

(3) Déanfar gach leithreas sláintíochta a chuirfear ar fáil amhlaidh a choimeád glan agus a chothabháil go cuí, agus déanfar socrú réasúnach chun iad a shoilsiú.

Bearta in aghaidh míolra agus feithidí.

1919, c. 72.

88. —(1) Beidh de dhualgas ar úinéir gach mianaigh cibé bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcoimeádfar gach cuid faoi thalamh den mhianach saor ó fhrancaigh agus ó lucha, agus féadfar, le rialacháin, a cheangal ar úinéirí mianach bearta a dhéanamh chun feithidí nó aon chineál feithidí a fhorordófar a dhíothú faoi thalamh nó chun codanna faoi thalamh de mhianaigh a choimeád saor ar dhóigh eile ó fheithidí nó ó aon chineál feithidí a fhorordófar.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919, ó fheidhm maidir le codanna faoi thalamh de na mianaigh.

Uisce óil.

89. —Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh leorsholáthar d'uisce óil a chur ar fáil agus a chothabháil, le haghaidh úsáid daoine a fhostaítear sa mhianach, ag pointí oiriúnacha a mbeidh rochtain orthu go caothúil ag gach duine den sórt sin.

Rialacháin leasa.

90. —Féadfar, le rialacháin, a cheangal go gcuirfear ar fáil agus go gcothabhálfar, le haghaidh úsáid daoine a fhostaítear i mianaigh—

(a) saoráidí níocháin, lena n-áirítear gallúnach agus tuáillí glana nó córacha oiriúnacha eile le haghaidh glanadh agus triomú,

(b) cóiríocht agus saoráidí chun go bhféadfaidh na daoine sin malairt éadaigh a chur orthu féin lena chaitheamh le linn uaire oibre agus chun éadaí a chaitear amhlaidh agus éadaí nach gcaitear amhlaidh a stóráil agus a thriomú, agus

(c) ceaintiní, nó cóiríocht agus saoráidí (lena n-áirítear saoráidí chun bia a théamh agus uisce a bheiriú) chun a chur i gcumas na ndaoine sin béilí a chaitheamh a sholáthróidh siad féin.

CUID IV

Sábháilteacht, Sláinte agus Leas (Cairéil)

Forálacha chun modhanna sábháilte oibre a áirithiú.

91. —(1) Beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach cairéil a áirithiú go seolfar oibríochtaí cairéaladóireachta ar dhóigh go seachnófar contúirt ó ábhair a thitim, cibé acu laistigh den chairéal nó lasmuigh de é agus cibé acu titim na mianraí a oibrítear nó titim aon substaint eile é.

(2) Cuirfidh an bainisteoir in áirithe nach n-oibreofar aon chuid d'éadan nó de thaobhanna an chairéil ná aon áiléar air ar dhóigh go dtiocfadh aon scéimh amach ann.

(3) Más deimhin le cigire, ag féachaint don chóras oibre agus do staid nádúrtha na mianraí, nach gá le haghaidh sábháilteachta an ceanglas a fhorchuirtear le fo-alt (2), féadfaidh sé, le fógra a sheirbheálfar ar an úinéir, an cairéal nó cuid de a shonrófar a dhíolmhú ón gceanglas sin.

Rochtain shábháilte ar áiteanna oibre.

92. —Cuirfear ar fáil agus cothabhálfar caoi shábháilte rochtana ar gach áit i gcairéal a mbeidh ar aon duine obair a dhéanamh ann tráth ar bith.

Bearta sábháilteachta maidir le feithiclí a ritheann ar ráillí.

93. —(1) Fad a bheidh feithiclí a ritheann ar ráillí á n-úsáid i gcairéal, beidh ar fáil, agus cothabhálfar agus úsáidfear, sa chairéal nó ar na feithiclí, nó sa chairéal agus ar na feithiclí araon, cibé deiseanna sábháilteachta is gá chun cosc a chur le tionóiscí a bhaint do dhaoine trí aon fheithiclí den sórt sin a dhul ó smacht agus beidh gach deis de shaghas a bheidh deartha chun go ngabhfaidh sí go huathoibreach san ionad ina n-oibríonn sí chun na críche chun ar dearadh í, ach amháin i gcás ina mbeidh cúis mhaith chun gan deis den saghas sin a chur ar fáil.

(2) Glacfar gach cúram is gá chun go gcosnófar ar dhíobháil, i gcás aon fheithicil den sórt sin a dhul ó smacht, aon duine a bheidh, ar dhóigh seachas mar chúrsa gnáthaimh, ag obair in áit i gcairéal a ritheann aon fheithicil den sórt sin tríd.

Soilsiú.

94. —Beidh de dhualgas ar úinéir gach cairéil—

(a) a áirithiú go gcuirfear ar fáil soilsiú saorga a bheidh oiriúnach agus leordhóthanach i ngach cuid den chairéal a mbíonn daoine ag obair ann tráth nach leor an solas nádúrtha chun a chur ina gcumas obair a dhéanamh go sábháilte agus i ngach cuid den chairéal a mbíonn daoine ag gabháil tríd tráth nach leor an solas nádúrtha chun a chur ina gcumas gabháil tríd go sábháilte.

(b) a áirithiú go gcothabhálfar go cuí gach gaireas chun soilsiú saorga a dhéanamh.

Réamhchúram in aghaidh deannaigh.

95. —(1) Más rud é, i ndáil le próiseas a sheoladh i gcairéal, in áit seachas i bhfoirgneamh, go leathfar deannach de chineál agus ina mhéid gur dócha é a bheith díobhálach do na daoine a fhostaítear, beidh de dhualgas ar an mbainisteoir a áirithiú go ndéanfar cibé bearta is gá chun na daoine sin a chosaint in aghaidh an deannach a shú isteach.

(2) Más rud é i ndáil le haon oibríochtaí nó próiseas a sheoladh i bhfoirgneamh i gcairéal, go leathfar deannach de chineál agus ina mhéid gur dócha é a bheith díobhálach do na daoine a fhostaítear, beidh de dhualgas ar an mbainisteoir a áirithiú—

(a) go laghdófar oiread agus is féidir ar a rachaidh san aer den deannach nó ar a charnadh in aon áit in imthosca ina mbeadh a charnadh san áit sin díobhálach, trí bhearta chuige sin a dhéanamh chomh cóngarach agus is féidir do phointe tionscnaimh an deannaigh,

(b) go ndéanfar aon chuid den deannach a rachaidh san aer a cheapadh nó a scaipeadh ar dhóigh go ndéanfar neamhdhíobhálach é, agus

(c) go ndéanfar aon chuid den deannach nach gcoiscfear ó charnadh in áit in imthosca ina mbeadh a charnadh san áit sin díobhálach a ghlanadh suas agus a aistriú go rianúil go dtí áit nach féidir dó bheith díobhálach nó go ndéileálfar leis ar mhodh a cheadóidh an tAire chun é a dhéanamh neamhdhíobhálach.

(3) Féadfar, le rialacháin, ceanglais a chur ar bhainisteoirí cairéil maidir le húsáid gairis fhorordaithe agus le déanamh beart forordaithe chun aon chuspóir dá luaitear san alt seo a thabhairt i gcrích; agus féadfaidh na rialacháin a fhoráil go mbeidh a gcomhlíonadh ag bainisteoir cairéil le glacadh, gan choinníoll nó go feadh méid a fhorordófar, mar chomhlíonadh ar gach ceann nó aon cheann de cheanglais an ailt seo, nó nach mbeidh comhlíonadh na rialachán ag bainisteoir cairéil le glacadh de riachtanas mar chomhlíonadh ar aon cheanglas acu sin.

Forálacha ilghnéitheacha chun sábháilteacht do dhaoine a fhostaítear a áirithiú.

96. —Féadfar, le rialacháin, foráil a dhéanamh maidir le cairéil, le haghaidh na nithe seo a leanas:—

(a) giniúint, stóráil, claochlú, tarchur, agus úsáid leictreachais, agus úsáid, déanamh, cur isteach, scrúdú, deisiú, cothabháil, athrú, coigeartú agus tástáil gairis leictreachais agus cáblaí leictreachais;

(b) soláthar, stóráil agus úsáid ábhar agus deiseanna pléasctha;

(c) soláthar agus cothabháil gairis chun tine a chosc agus a chomhrac.

(2) San alt seo tá le “ábhair agus deiseanna pléasctha” an bhrí chéanna atá leis in alt 66.

Feidhm ag ailt áirithe de Chuid III maidir le cairéil.

97. —Bainfidh na hailt de Chuid III a luaitear sa Tábla le cairéil ach tagairtí do chairéil a chur in ionad tagairtí do mhianaigh, agus leis na modhnuithe a thaispeántar sa tríú colún den Tábla.

AN TÁBLA

Ailt a Bhaineann le Cairéil

Alt

Ábhar

Modhnuithe

69

Caoi éalaithe ó sheomraí ina mbíonn contúirt speisialta ó thine nó ó ghás.

--

76

Déanamh, cothabháil, etc., innealra agus gairis.

--

77

Fálú ar bhaill nochta d'innealra.

Cuir “úinéir” in ionad “bainisteoir.”

79

Coimeádáin aeir, gháis agus ghaile.

Cuir “úinéir” in ionad “bainisteoir.”

80

Ualú craenacha, etc.

Fág ar lár tagairt do ghaireas tochrais i bhfo-alt (3).

81

Gabhdáin stórála agus crannóga.

--

82

Foirgnimh agus déanmhais a choimeád sábháilte.

Cuir “i mianach” in ionad “ar dhromchla mianaigh.”

83

Rochtain shábháilte ar áiteanna agus córacha fostaíochta sábháilte.

Cuir “i mianach” in ionad “ar dhromchla mianaigh.”

84

Srian le daoine neamhoilte do dhéanamh oibre.

Cuir “úinéir” in ionad “bainisteoir.”

85

Garchabhair.

Cuir “úinéir” in ionad “bainisteoir.”

86

Meáchain róthroma a ardú.

--

90

Rialacháin leasa.

--

CUID V

Fógra i dTaobh Tionóiscí agus Galar agus a nImscrúdú

Fógra

Fógra i dtaobh tionóiscí áirithe.

98. —(1) Má tharlaíonn tionóisc i mianach nó i gcairéal, a thabharfaidh bás duine a bheidh ar fostú nó a dhéanfaidh díobháil mhór choirp dó, déanfaidh an duine freagrach fógra i dtaobh na tionóisce, i cibé foirm agus le cibé sonraí a shonróidh an tAire, a thabhairt láithreach do chigire agus do cibé duine a bheidh de thuras na huaire—

(a) i gcás ina mbeidh comhlachas nó comhlacht ann a bheidh ionadaitheach do thromlach na ndaoine a fhostaítear, ainmnithe ag an gcomhlachas nó ag an gcomhlacht sin,

(b) in aon chás eile, ainmnithe go comhpháirteach ag comhlachais nó comhlachtaí atá ionadaitheach i dteannta a chéile do thromlach den sórt sin,

chun fógraí faoin bhfo-alt seo a fháil thar ceann na ndaoine a fhostaítear amhlaidh.

(2) I gcás ina dtabharfar fógra faoin bhfo-alt seo i dtaobh tionóisce ba chúis le díobháil mhór choirp do dhuine, agus tar éis é a thabhairt go bhfaighidh an duine díobhálaithe bás, déanfaidh an duine freagrach, chomh luath is a gheobhaidh sé fios a bháis, fógra ina thaobh a thabhairt do chigire agus don duine a bheidh ainmnithe amhlaidh.

(3) Má tharlaíonn tionóisc lena mbaineann an t-alt seo do dhuine a bheidh ar fostú i mianach nó i gcairéal agus nach é úinéir an mhianaigh nó an chairéil fostóir iarbhír an duine sin, beidh an fostóir iarbhír ciontach i gcion má mhainníonn sé an tionóisc a chur in iúl láithreach don duine freagrach.

Cumhacht chun forálacha maidir le fógra i dtaobh tionóiscí a leathnú ionas go mbainfidh le teagmhais chontúirteacha eile.

99. —(1) Má bhíonn an tAire ar an tuairim go bhfuil aon chineál speisialta teagmhas i mianaigh nó i gcairéil de shaghas atá chomh contúirteach sin go bhfuil sé fóirsteanach go mbeadh fógra le tabhairt faoi alt 98 i ngach cás, féadfaidh sé, le hordú, forálacha an ailt sin a leathnú ionas go mbainfidh siad le teagmhais den chineál sin, cibé acu a thagann nó nach dtagann bás nó díobháil mhór choirp dá ndeasca.

(2) In aon imeachtaí a thionscnófar faoin Acht seo maidir le mainneachtain faoi fhógra a thabhairt i dtaobh teagmhais de shórt ar bith i mianach nó i gcairéal, arb imeachtaí iad nach bhféadfaí a thionscnamh gan ordú faoin alt seo, is cosaint é don duine a chúiseofar a chruthú nárbh fios dó gur tharla an teagmhas agus go ndearna sé gach beart réasúnach chun go gcuirfí teagmhais den sórt sin in iúl dó.

Cumhacht chun feidhm i gcás galar a thabhairt do na forálacha maidir le fógra i dtaobh tionóiscí.

100. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, feidhm a thabhairt (faoi réir cibé eisceachtaí, oiriúnuithe agus modhnuithe, más ann, a shonrófar san ordú) d'fhorálacha alt 98 maidir le tolgadh aon ghalair den sórt a shonrófar san ordú ag duine a bheidh ar fostú i mianach nó i gcairéal.

(2) In aon imeachtaí a thionscnófar faoin Acht seo, de bhua ordú faoin alt seo, maidir le mainneachtain faoi fhógra a thabhairt i dtaobh galar a bheith tolgtha ag duine a bheidh ar fostú i mianach nó i gcairéal, is cosaint é don duine a chúiseofar a chruthú nárbh eol dó go raibh an duine céadluaite tar éis an galar a tholgadh.

Ionchoisne i gcás báis de thionóisc nó de theagmhas eile nó de ghalar.

101. —Nuair a chuirfidh cróinéir ionchoisne ar chorp aon duine a bhféadfadh sé gurbh é ba thrúig bháis dó aon tionóisc, teagmhas nó galar a gceanglaítear leis an gCuid seo, nó fúithi, fógra a thabhairt ina thaobh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth mura rud é—

(i) go bhfuil cigire, nó duine éigin eile atá ag láithriú thar ceann an Aire, i láthair chun na himeachtaí a fhaire, nó

(ii) i gcás nach mbaineann an t-ionchoisne ach le bás duine amháin agus inar chuir an cróinéir fógra faoi am agus áit an ionchoisne chun an Aire in am chun é a bheith ag an Aire ceithre huaire is fiche a chloig ar a laghad roimh am an ionchoisne a thionól, gur dóigh le tromlach an ghiúiré nach gá an t-ionchoisne a chur ar atráth;

(b) má chuireann an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth—

(i) féadfaidh sé, roimh é a chur ar atráth, fianaise a ghlacadh chun an corp a aithint agus a ordú go n-adhlacfar an corp,

(ii) déanfaidh sé, ceithre lá ar a laghad sula dtionólfaidh sé an t-ionchoisne atrátha, fógra i scríbhinn a chur chun an Aire faoin am agus faoin áit a dtionólfar an t-ionchoisne atrátha;

(c) ní bheidh aon duine cáilithe chun bheith ar an ngiúiré más duine é a bhfuil leas pearsanta aige sa mhianach nó sa chairéal arb ann nó ina thimpeall a tharla an tionóisc nó an teagmhas, nó a tolgadh an galar, nó má bhíonn sé ar fostú ann nó ina thimpeall nó ina bhainistíocht;

(d) beidh de dhualgas ar an duine a ghairfidh an giúiré gan aon duine atá dícháilithe faoi mhír (c) a ghairm, agus beidh de dhualgas ar an gcróinéir gan ligean d'aon duine den sórt sin dul faoi mhionn ná suí ar an ngiúiré;

(e) beidh na daoine seo a leanas, faoi réir chumhacht an chróinéara chun aon cheist a dhícheadú más dóigh leis nach ceist ábhartha í nó nach ceist chuí í ar dhóigh éigin eile, i dteideal aon fhinné a cheistiú, i bpearsain nó trí abhcóide nó trí aturnae;

(i) cigire nó aon duine eile a láithreoidh thar ceann an Aire,

(ii) aon ghaol nó cara don duine ar i dtaobh a bháis atá an t-ionchoisne á dhéanamh,

(iii) úinéir an mhianaigh nó an chairéil inar tharla an tionóisc nó an teagmhas nó inar tolgadh an galar,

(iv) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag tromlach na ndaoine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal,

(v) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag aon cheardchumann, carachumann nó comhlachas eile daoine lenar bhain an t-éagach tráth a bháis nó lena mbaineann aon duine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal,

(vi) aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag aon chomhlachas fostóirí a bhfuil an t-úinéir ina chomhalta de;

(f) mura mbeidh cigire nó duine thar ceann an Aire i láthair ag an ionchoisne agus go dtabharfar fianaise i dtaobh aon fhaillí a bheith ina cúis nó ina leaschúis leis an tionóisc, leis an teagmhas nó leis an ngalar, nó i dtaobh aon lochta sa mhianach nó sa chairéal nó ina thimpeall ar dóigh leis an gcróinéir nó leis an ngiúiré gur gá é a leigheas, cuirfidh an cróinéir fógra i scríbhinn chun an Aire i dtaobh na faillí nó an lochta.

Gan cur isteach ar láthair na tionóisce nó an teaghmhais chontúirtigh eile.

102. —(1) Má tharlaíonn tionóisc nó teagmhas eile (a gceanglaítear i gceachtar cás leis an gCuid seo fógra a thabhairt ina thaobh), ní chuirfidh aon duine isteach ar an áit inar tharla sé ná ní bhainfidh sé le haon ní ann—

(a) roimh thrí lá glan a bheith caite tar éis fógra i dtaobh na tionóisce nó an teagmhais eile a thabhairt de réir na Coda seo, nó

(b) roimh chuairt a bheith tugtha ar an áit ag cigire agus cigireacht a bheith déanta air i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar chuige sin leis na forálacha den Acht seo a bhaineann le cigireacht ag oibrithe,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(2) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc le déanamh aon ní ag cigire nó le toiliú cigire.

(3) In aon imeachtaí a thionscnófar maidir le sarú ar an alt seo arb é déanamh aon ghnímh é, is cosaint é a chruthú gur ghá an gníomh sin a dhéanamh chun sábháilteacht an mhianaigh nó an chairéil nó daoine ann a áirithiú.

Imscrúduithe

Cumhacht an Aire chun a cheangal go dtabharfar tuarascáil speisialta ar thionóisc nó ar theagmhas contúirteach eile.

103. —Má tharlaíonn tionóisc nó teagmhas eile i mianach nó i gcairéal (a gceanglaítear leis an gCuid seo i gceachtar cás fógra a thabhairt ina thaobh), féadfaidh an tAire, tráth ar bith, a ordú do chigire tuarascáil speisialta a thabhairt ina leith, agus féadfaidh an tAire a chur faoi deara go bpoibleofar aon tuarascáil den sórt sin cibé tráth, agus ar cibé modh, is cuí leis.

Cumhacht chun imscrúdú foirmiúil a ordú i dtaobh tionóiscí, teagmhas agus cásanna galair.

104. —(1) Féadfaidh an tAire, más fóirsteanach leis é, a ordú go ndéanfar imscrúdú foirmiúil ar aon tionóisc nó teagmhas eile nó aon chás inar tolgadh galar, nó a bhfuil amhras ann gur tolgadh é, i mianach nó i gcairéal agus ar a chúiseanna agus a imthosca.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le himscrúdú faoin alt seo:

(a) féadfaidh an tAire duine inniúil a cheapadh chun an t-imscrúdú a dhéanamh, agus féadfaidh sé aon duine ag a bhfuil eolas dlíthiúil nó eolas speisialta a cheapadh chun gníomhú mar mhéasúnóir i ndéanamh an imscrúdaithe;

(b) déanfaidh an duine nó na daoine a cheapfar amhlaidh (dá ngairtear an binse anseo feasta san fho-alt seo) an t-imscrúdú i gcúirt oscailte ar an modh agus faoi na coinníollacha is éifeachtúla leis an mbinse chun cúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an teagmhais nó an cháis ghalair a fhionnadh, agus chun a chur ar chumas an bhinse a thuarascáil a thabhairt;

(c) beidh ag an mbinse, chun críocha an imscrúdaithe, cumhachtaí uile Breithimh den Chúirt Dúiche le linn don bhinse bheith ag éisteacht ionchúisimh i gcion faoin Acht seo, agus cumhachtaí uile cigire faoin Acht seo agus, ina dteannta sin, cumhacht—

(i) chun dul isteach in aon áit nó foirgneamh agus cigireacht a dhéanamh air, más dóigh leis an mbinse gur gá chun na gcríocha sin dul isteach ann nó cigireacht a dhéanamh air;

(ii) chun a cheangal, le toghairm arna síniú ag an mbinse, go bhfreastalóidh gach duine ar cuí leis an mbinse é a ghairm os a chomhair agus é a cheistiú chun na gcríocha sin, agus chun a cheangal go dtabharfar freagraí nó tuairisceáin ar cibé fiosruithe is cuí leis a dhéanamh;

(iii) chun a cheangal go dtabharfar ar aird gach leabhar, páipéar agus doiciméad a mheasfaidh an binse a bheith tábhachtach chun na gcríocha sin;

(iv) chun daoine a chur faoi mhionn agus chun a cheangal ar aon duine a cheisteofar dearbhú a dhéanamh agus a shíniú i dtaobh fírinne na ráiteas a rinne sé le linn a cheistithe;

(d) lamhálfar do dhaoine a dhéanfaidh freastal mar fhinnéithe os comhair an bhinse cibé caiteachais a lamhálfaí d'fhinnéithe a dhéanfadh freastal os comhair cúirte taifid, agus i gcás díospóide i dtaobh an méid a bheidh le lamháil, tarchuirfidh an binse an díospóid chun máistir fómhais don Ard-Chúirt agus déanfaidh seisean, arna iarraidh sin air faoi shíniú an bhinse, méid ceart na gcaiteachas a fhionnadh agus a dheimhniú;

(e) tabharfaidh an binse tuarascáil don Aire ina luafar cúiseanna agus imthosca na tionóisce, an teagmhais nó an cháis ghalair, agus cuirfidh an binse leis an tuarascáil aon tuairimí is cuí leis a thabhairt;

(f) féadfaidh an binse a cheangal go mbeidh na caiteachais faoina ndeachthas in imscrúdú faoin alt seo agus ina thaobh (lena n-áirítear luach saothair aon daoine a ceapadh chun gníomhú mar mheasúnóirí) le híoc go hiomlán nó go páirteach ag aon duine a gaireadh os comhair an bhinse agus ar dóigh leis an mbinse, mar gheall ar aon ghníomh nó mainneachtain aige féin nó ag aon seirbhíseach nó gníomhaire dó, é a bheith freagrach i gcáilíocht ar bith sa tionóisc, sa teagmhas nó sa chás galair, ach measfar gur cuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo dó aon chaiteachais den sórt sin nach gceanglófar iad a íoc amhlaidh;

(g) duine ar bith, a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach (a mbeidh a chruthú air féin), tar éis na cáiteachais (más ann) a mbeidh sé ina dteideal a thairiscint dó, déanamh de réir aon toghairme nó ceanglais a chuirfidh an binse air, nó a choiscfidh nó a bhacfaidh an binse i bhfeidhmiú a dhualgais, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, agus, i gcás mainneachtain i gcomhlíonadh ceanglais chun aon tuairisceán a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird, má leantar tar éis an chiontaithe den mhainneachtain inar ciontaíodh duine amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion eile faoin alt seo agus ar a chiontú ann go achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air in aghaidh gach lae a leanadh amhlaidh den mhainneachtain;

(h) féadfaidh an tAire a chur faoi deara go bpoibleofar tuarascáil an bhinse cibé tráth, agus ar cibé modh, is cuí leis.

CUID VI

Cigireacht ag Oibrithe

Cigireacht thréimshúil thar ceann oibrithe.

105. —(1) Féadfaidh na hoibrithe a fhostaítear i mianach nó i gcairéal, ar a gcostas féin, beirt duine atá nó a bhí ina mianadóirí nó ina gcairéalaithe praiticíula, cibé ach é, a cheapadh go ceann tréimhse nach giorra ná cúig bliana (agus a bhfuil duine amháin acu ar a laghad ar fostú sa mhianach nó sa chairéal), chun cigireacht a dhéanamh ar an mianach nó ar an gcairéal.

(2) Beidh d'oibleagáid ar úinéir an mhianaigh nó an chairéil a cheadú do na daoine cuí-ceaptha sin (dá ngairtear “cigirí oibrithe” san alt seo) cibé cigireachtaí a dhéanamh ann a bhéarfaidh go bhféadfar cigireacht a dhéanamh ar gach cuid den mhianach nó den chairéal agus dá threalamh uair amháin ar a laghad i ngach mí.

(3) Má tharlaíonn tionóisc nó teagmhas eile i mianach nó i gcairéal (a gceanglaítear i gceachtar cás leis an Acht seo fógra a thabhairt ina thaobh), féadfaidh an bheirt chigire oibrithe cigireacht a dhéanamh le chéile ar an áit inar tharla sé, agus, sa mhéid gur gá sin chun an chúis a bhí leis a fhionnadh, ar aon chuid eile den mhianach nó den chairéal agus ar aon innealra, gaireas nó rud eile ann, agus féadfaidh siad samplaí a thógáil den atmasféar san áit sin agus d'aon deannach nó uisce ann.

(4) Ar aon ócáid ar a ndéanfaidh na cigirí oibrithe cigireacht faoi fho-alt (2) nó (3), —

(a) beidh siad i dteideal aon doiciméid a scrúdú ar gá de réir an Achta seo, nó faoi, iad a choimeád san oifig ag an mianach nó ag an gcairéal nó i cibé áit eile a cheadóidh cigire;

(b) beidh siad i dteideal comhairleorí dóibh a thabhairt in éineacht leo, ach ní bheidh siad i dteideal aon duine acu seo a leanas a chosc ar dhul in éineacht leo—

(i) i gcás cigireachta ar mhianach, an t-úinéir agus aon duine a ainmneoidh sé agus an bainisteoir agus aon duine a ainmneoidh sé;

(ii) i gcás cigireachta ar chairéal, an t-úinéir agus aon duine a ainmneoidh sé agus an bainisteoir agus aon duine a ainmneoidh sé.

(5) Ar ócáid ar bith a mbeidh cigirí oibrithe ag déanamh cigireachta ar an mianach nó ar an chairéal, faoi fho-alt (2) nó (3), beidh de dhualgas ar gach duine a bheidh ar fostú ann, cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt dóibh maidir le hábhair nó nithe lena mbaineann freagrachtaí, faoi seach, na ndaoine sin agus is gá chun an chigireacht a dhéanamh.

(6) Díreach tar éis cigireacht a bheith críochnaithe, ar ócáid ar bith, ag cigirí oibrithe faoi fho-alt (2) nó (3); tabharfaidh siad, i leabhar a sholáthróidh úinéir an mhianaigh nó an chairéil chun na críche sin, tuarascáil iomlán chruinn ar na nithe a fionnadh de thoradh na cigireachta agus cuirfidh siad a síniú léi.

(7) Díreach tar éis an tuarascáil a bheith tugtha, cuirfear cóip dhílis di chuig an gcigire agus cuirfear cóip eile den sórt sin in airde in áit fheiceálach éigin sa mhianach nó sa chairéal agus coimeádfar in airde ann í ar feadh tréimhse cheithre huaire is fiche a chloig.

CUID VII

Mianaigh atá Tréigthe nó as Úsáid a Fhálú

Mianaigh atá tréigthe nó as úsáid a fhálú.

106. —Beidh de dhualgas ar úinéir gach mianaigh thréigthe agus gach mianaigh nach ndearnadh, cé nach bhfuil sé tréigthe, é a oibriú le tréimhse dhá mhí dhéag anuas, a áirithiú go gcuirfear ag an tslí isteach ar an dromhcla chuig gach sloc nó easrais ann iamhlann, bacainn, stuipéad nó deis eile a bheidh éifeachtach agus deartha agus déanta ar dhóigh go gcoinneoidh sé an tslí isteach sin ar an dromchla ó bheith contúirteach do dhuine ar bith.

CUID VIII

Coinníollacha Fostaíochta

Mná agus Ógánaigh

Toirmeasc ar fhostaíocht faoi thalamh i gcásanna áirithe.

107. —(1) Ní fhostófar aon bhaineannach faoi thalamh mianach.

(2) Féadfar, le rialacháin, toirmeasc nó srian a chur le hógánaigh, nó ógánaigh faoi bhun aois a fhorordófar, a fhostú faoi thalamh i mianach.

Toirmeasc ar pháistí a fhostú.

108. —Ní fhostófar aon pháiste i mianach.

Cruthúnas aoise.

109. —Ní fhostófar ógánach i mianach mura ndéanfar, ná go dtí go ndéanfar, deimhniú breithe nó fianaise shásúil eile ar a aois a thabhairt ar aird do bhainisteoir an mhianaigh.

Srian le fostú ban agus ógánach.

110. —(1) Ní fhostófar bean ná ógánach i mianach ach amháin de réir an ailt seo.

(2) Beidh eatramh dhá uair déag a chloig ar a laghad idir tréimhsí fostaíochta.

(3) Ní thosóidh tréimhse fostaíochta ógánaigh atá faoi bhun sé bliana déag d'aois níos luaithe ná a 6 a chlog ar maidin ná ní chríochnóidh sí níos déanaí ná 10 a chlog um thráthnóna.

(4) San eatramh idir na tréimhsí fostaíochta do bhean agus, faoi réir fho-alt (5), d'ógánach nach lú ná sé bliana déag d'aois, beidh tréimhse leanúnach seacht n-uaire a chloig a thitfidh idir a 10 a chlog um thráthnóna agus a 7 a chlog ar maidin.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a údarú ógánaigh fhireanna nach lú ná sé bliana déag d'aois a fhostú, i rith uaire forordaithe laistigh den eatramh a shonraítear i bhfo-alt (4), chun teagasc de cibé cineál a fhorordófar a fháil.

(b) In aon chás den sórt sin is é a bheidh san eatramh idir na tréimhsí fostaíochta ná cibé tréimhse, nach lú ná trí huaire déag a chloig, a fhorordófar nó, mura bhforordófar aon tréimhse, cúig huaire déag a chloig.

(6) Faoi réir forálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire le rialacháin, foráil a dhéanamh i dtaobh na n-uaire fostaíochta agus na n-eatramh le haghaidh béilí agus scíthe do mhná agus d'ógánaigh a bheidh ar fostú os cionn talún i mianach nó in aon chineál mianaigh.

Clár na mban agus na n-ógánach a fhostaítear.

111. —(1) Beidh de dhualgas ar an duine freagrach clár a choimeád, in oifig mhianaigh nó chairéil, nó in áit éigin eile a cheadóidh cigire, i cibé foirm a shonróidh an tAire, agus ainm, dáta breithe, agus áit chónaithe na mban agus na n-ógánach go léir a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal agus dáta a gcéadfhostaithe ann a thaifeadadh sa chlár sin i cibé foirm agus modh a shonrófar amhlaidh agus, i gcás ógánach fireann a fhostaítear i mianach, a chur in iúl ann cé hiad na daoine orthu a fhostaítear faoi thalamh.

(2) Beidh de dhualgas ar an duine freagrach, i gcás gach mianaigh nó cairéil, aon chlár atá á choimeád aige de bhun an ailt seo a thabhairt ar aird do chigire arna iarraidh sin air.

(3) Sula gcéadfhostófar ógánach fireann faoi thalamh i mianach, cuirfidh a fhostóir (murab é úinéir an mhianaigh é) in iúl don bhainisteoir, nó do dhuine éigin eile a bheidh ceaptha chuige sin ag an mbainisteoir, go bhfuil an t-ógánach le bheith ar fostú amhlaidh.

Daoine Fostaithe i gCoitinne

Scrúdú dochtúra.

112. —Féadfar, le rialacháin, a cheangal ar dhaoine atá ar fostú nó atá ag lorg fostaíochta i mianaigh nó i gcairéil dul faoi scrúdú dochtúra agus toirmeasc a chur le duine a fhostú i mianach nó i gcairéal, go hiomlán nó i gcáil áirithe nó ar obair áirithe, mura rachaidh sé faoin scrúdú dochtúra sin nó má fhaightear amach dá thoradh go bhfuil sé mí-oiriúnach ó thaobh coirp nó aigne don fhostaíocht sin.

Teorainn leis na hUaire faoi Thalamh

Teorainn leis na huaire oibre faoi thalamh i mianaigh.

113. —(1) Chun críocha na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo, ciallaíonn “oibrí” aon duine a fhostaítear i mianach faoi thalamh, nach oifigeach don mhianach (seachas ionadaí) ná meicneoir ná leictreoir, ná duine atá ag gabháil go hiomlán do shuirbhéireacht nó do thomhas; agus measfar gur sealaíocht oibrithe aon líon oibrithe arb ionann, geall leis, a n-uaire chun obair a thosú agus a chríochnú sa mhianach.

(2) Faoi réir forálacha na Coda seo, ní bheidh oibrí faoi thalamh i mianach guail nó iarnchloiche srathaithe nó scealla nó cré tine le haghaidh a chuid oibre, agus chun dul chuige agus filleadh uaidh, ar feadh níos mó ná ocht n-uaire a chloig i rith aon cheithre huaire is fiche a chloig as a chéile.

(3) Socróidh bainisteoir an mhianaigh do gach sealaíocht oibrithe sa mhianach an t-am a thosófar agus a chríochnófar ísliú na bhfear síos sa mhianach, agus an t-am a thosófar agus a chríochnófar ardú na bhfear aníos as an mianach, ar dhóigh go mbeidh caoi ag gach oibrí filleadh ar an dromchla gan an t-alt seo a shárú, agus cuirfidh sé in airde agus coimeádfaidh sé in airde ag béal an tsloic fógra feiceálach i dtaobh an ama a socraíodh amhlaidh, agus déanfaidh sé gach socrú is gá chun go gcloífear leis na hamanna sin.

(2) Is é a bheidh san eatramh idir na hamanna a shocrófar chun tosú ar gach sealaíocht oibrithe a ísliú síos sa mhianach agus a ardú aníos as agus chun é sin a chríochnú ná cibé am a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag cigire mar am is gá de réir réasúin chuige sin.

(5) Má tharlaíonn tionóisc don innealra tochrais, nó tionóisc eile a chuirfidh isteach ar ísliú nó ardú oibrithe, féadfar an t-eatramh a fhadú go sealadach cibé méid is gá; ach in aon chás den sórt sin cuirfidh bainisteoir an mhianaigh, an lá céanna, fógra faoin bhfadú agus faoin gcúis ba bhun leis go dtí cigire agus ní mhairfidh an fadú thar cibé dáta a cheadóidh an cigire.

(6) Más éagóir leis an mbainisteoir cinneadh a thabharfaidh cigire faoi fho-alt (4), déanfar, de réir rialachán maidir le nós imeachta agus costais arna ndéanamh ag an Aire, an t-ábhar a chur á chinneadh ag duine a cheapfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil an mianach, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan; ach go dtí go dtabharfar an cinneadh sin, beidh na hamanna a cheadaigh an cigire i bhfeidhm maidir leis an mianach.

(7) D'ainneoin forálacha an ailt seo, féadfaidh sealaíocht oibrithe le haghaidh deisiúcháin, chun obair ar an Domhnach a sheachaint, tosú ar a dtréimhse oibre ar an Satharn roimh cheithre huaire is fiche a chloig a bheith caite ó thosaigh a dtréimhse oibre dheiridh, ach ocht n-uaire a chloig ar a laghad a bheith caite ó críochnaíodh an tréimhse oibre sin.

(8) (a) I gcás ionadaí, cliabhaire nó caidéalaí, is é tréimhse is faide is cead é a bheith faoi thalamh faoin gCuid seo ná naoi n-uaire go leith a chloig.

(b) Má bhíonn an obair ar thochailt sloic nó ar ghearradh trastollán ar siúl go leanúnach, ní mheasfar aon sárú ar fhorálacha na Code seo a bheith déanta maidir le haon oibrí a bheidh ag gabháil don obair sin más rud é nach gcaithfidh sé thar sé huaire a chloig aon tráth áirithe ina áit oibre, agus nach lú ná dhá uair déag a chloig i gcás ar bith an t-eatramh idir an t-am a fhágfaidh sé an áit oibre agus an t-am a fhillfidh sé air.

(9) Má éiríonn aon cheist faoin alt seo (seachas in imeachtaí dlíthiúla) i dtaobh aon duine a bheith ina oibrí, nó ina oibrí d'aon aicme áirithe, cuirfear an cheist sin faoi bhráid an Aire, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(10) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, tréimhse ama níos giorra a chur in ionad na tréimhse a fhoráiltear le fo-alt (2) nó le mír (a) d'fho-alt (8) agus, fad a mhairfidh na rialacháin i bhfeidhm, beidh an t-alt seo arna mhodhnú dá réir sin.

(11) Féadfar, le rialacháin, a fhoráil go mbeidh feidhm maidir le haon chineál eile mianaigh ag an alt seo maille le cibé eisceachtaí, modhnuithe agus oiriúnuithe a fhorordófar.

(12) Ní bheidh sárú déanta ar aon fhoráil den alt seo a fhorálann tréimhse ama maidir le hoibrí a fhostaítear ar shealaíocht mura mó ná an tréimhse ama a fhoráiltear amhlaidh an tréimhse ón am a fhágfaidh an t-oibrí deireanach ar an tsealaíocht sin an dromchla go dtí an t-am a fhillfidh an chéad oibrí ar an tsealaíocht sin go dtí an dromchla.

Clár na n-amanna íslithe agus ardaithe.

1919, c. 51.

114. —(1) Ceapfaidh bainisteoir an mhianaigh duine nó daoine chun stiúradh a dhéanamh ag béal an tsloic ar ísliú fear síos sa mhianach agus ar a n-ardú aníos as, agus cuirfidh sé faoi deara go gcoimeádfar clár san fhoirm fhorordaithe ina mbeidh na sonraí forordaithe maidir leis an hamanna a n-íslítear fir síos sa mhianach agus a n-ardaítear aníos as iad, maraon leis na cásanna ina raibh aon fhear faoi thalamh níos faide ná an tréimhse a shocraítear leis an Acht seo, agus an chúis ba bhun leis, agus beidh an clár ar fáil lena iniúchadh ag cigire.

(2) Féadfaidh na hoibrithe i mianach, ar a gcostas féin, duine nó daoine a cheapadh agus a fhostú, cibé acu is sealbhóirí oifig scrúd-mheádóra iad nó nach ea, chun bheith ag béal an tsloic gach uair a bheidh oibrithe le hísliú nó le hardú, le bheith ag faire ar na hamanna a íslítear agus a ardaítear iad, agus beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo agus den Checkweighing in Various Industries Act, 1919, a bhaineann leis an scrúd-mheádóir, agus leis an gcaidreamh idir úinéir, gníomhaire nó bainisteoir an mhianaigh agus an scrúd-mheádóir, a mhéid is infheidhme iad, maidir le haon duine a cheapfar amhlaidh faoi mar atá feidhm acu maidir leis an scrúd-mheádóir ach, maidir lena gceapadh, na hoibrithe sa mhianach a chur in ionad na ndaoine a bhfuil teideal acu faoin Acht sin scrúd-mheádóir a cheapadh.

(3) Má chuireann duine ar bith go feasach taifead bréagach sa chlár atá le coimeád faoin alt seo, nó má chuireann sé faoi deara, nó má cheadaíonn sé go feasach aon taifead bréagach den sórt sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion.

Cumhacht chun uaire oibre a fhadú ar uimhir theoranta laethanna sa bhliain.

115. —(1) Féadfaidh bainisteoir an mhianaigh an t-am a shrocraítear leis an gCuid seo mar am a fhéadfaidh na hoibrithe i mianach a chaitheamh faoi thalamh le haghaidh a gcuid oibre, agus chun dul chuige agus filleadh uaidh, a fhadú, i gcás aon mhianaigh, uair a chloig ar a mhéid sa lá ar sheasca lá ar a mhéid in aon bhliain, agus aon lá a dhéanfar an t-am a fhadú de réir an ailt seo i gcás aon mhianaigh déanfar, chun críocha an Achta seo, an t-am arna fhadú amhlaidh a chur, i gcás an mhianaigh sin, in ionad an ama a shocraítear leis an gCuid seo.

(2) Cuirfidh bainisteoir gach mianaigh faoi deara go gcoimeádfar clár i cibé modh a ordóidh an t-Aire, de na cásanna inar tugadh aon fhadú ama faoin alt seo, agus beidh an clár ar fáil lena scrúdú ag cigire.

Feidhm maidir le mianaigh nach trí shloc a théitear isteach iontu, etc.

116. —I gcás an Chuid seo a chur chun feidhme maidir le mianaigh a dtéitear isteach iontu ar dhóigh seachas trí shloc, agus maidir le hoibrithe nach ndéantar iad a ísliú síos sa mhianach nó a ardú aníos as le hinnealra, cuirfear ligean isteach na bhfear sa mhianach in ionad ísliú na bhfear síos sa mhianach agus cuirfear filleadh na bhfear ón mianach in ionad ardú na bhfear aníos as an mianach, agus déanfar cibé amanna a chinnfidh úinéir, gníomhaire, nó bainisteoir an mhianaigh, le ceadú cigire, mar amanna a fhreagraíonn go cuí do na hamanna a shocraítear chun tosú ar oibrithe a ísliú síos sa mhianach agus a ardú aníos as, agus chun é sin a chríochnú, a chur in ionad na n-amanna a shocraítear amhlaidh.

Forálacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Chuid seo.

117. —Chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha na Coda seo, beidh de dhualgas ar bhainisteoir gach mianaigh—

(a) rialacha a dhéanamh chun na críche sin agus na rialacha sin a fhoilsiú trína gcur in airde ag béal an tsloic agus trína gcoimeád in airde ann, agus trí chóip díobh a thabhairt in aisce do gach oibrí a fhostaítear faoi thalamh sa mhianach nár tugadh cóip dó cheana agus a iarrfaidh cóip ag an oifig ina n-íoctar é; agus

(b) an chóir atá riachtanach a chur ar fáil chun na fir a ardú aníos as an mianach laistigh den am a cheaptar leis an gCuid seo.

Oibrí faoi thalamh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse shocraithe.

118. —Má bhíonn oibrí faoi thalamh i rith aon cheithre huaire is fiche a chloig as a chéile, ar feadh tréimhse is faide ná mar a shocraítear leis an gCuid seo, measfar é a bheith faoi thalamh contrártha don Chuid seo mura gcruthaítear a mhalairt.

Ilghnéitheach

Eisceachtaí speisialta le haghaidh éigeandála.

119. —Más rud é ar ócáid ar bith go bhfanfaidh duine, tar éis am críochnaithe thréimhse a fhostaíochta, faoi thalamh i mianach chun cúnamh a thabhairt i gcás tionóisce, chun plé le haon chontúirt (cibé acu dearbhchontúirt nó contúirt thuarthach í) nó chun déileáil le haon éigeandáil nó le hobair nár críochnaíodh mar gheall ar imthosca neamhghnácha nach raibh coinne leo agus ar gá déileáil leis gan stad ionas nach gcuirfí isteach go mór ar ghnáthobair sa mhianach, measfar nach ndearnadh sárú ar na forálacha roimhe seo den Chuid seo maidir leis an duine sin.

Comhairle a ghlacadh leis an úinéir agus leis na daoine a fhostaítear.

120. —Sula ndéanfar aon rialacháin chun críocha ailt 110, 112 nó 113, rachaidh an tAire i gcomhairle le húinéir gach mianaigh lena mbainfidh na rialacháin agus le haon chomhlachas is dóigh leis a bheith ionadaitheach do dhaoine a fhostaítear agus a mbainfidh na rialacháin leo.

Forlíontach.

121. —Chun críocha na Coda seo, measfar duine a bheidh ar fostú faoi thalamh i mianach a bheith ar fostú amhlaidh i gcaitheamh na tréimhse idir an t-am is gá dó freastal chun dul faoi thalamh agus an t-am a fhillfidh sé ar an dromchla.

CUID IX

Taifid, Tuairisceáin agus Eolas

Foirm na leabhar oifigiúil, agus na taifid iontu a choimeád slán agus a scrúdú.

122. —(1) Gach leabhar a chuirfidh úinéir mianaigh nó cairéil ar fáil, de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán, chun aon tuarascáil, taifead nó mír eile eolais a chur ann, beidh sé i cibé foirm a ordóidh an tAire.

(2) Déanfar gach taifead a chuirfear in aon leabhar den sórt sin, nó cóip den taifead sin a choiméad slán go ceann trí bliana nó cibé tréimhse is faide nó is giorra ná sin a fhorordófar do chineál áirithe taifid agus déanfar, go dtí nach gá é a choimeád slán a thuilleadh, é a choimeád san oifig ag an mianach nó ag an gcairéal lena mbaineann sé nó i cibé áit eile a cheadóidh cigire, agus beidh sé ar fáil lena scrúdú ag aon duine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal sin nó ag duine a bheidh údaraithe chuige sin i scríbhinn ag aon duine den sórt sin.

Fógraí a chur suas.

123. —(1) Gach tráth a bheidh daoine ar fostú i mianach nó i gcairéal, coimeádfar in airde ann fógra a inseoidh ainm an mhianaigh nó an chairéil, ainm agus seoladh an úinéara agus ainm an bhainisteora.

(2) Más rud é, i gcás mianaigh nó cairéil,—

(a) go ndéanfar rialacháin a bhainfidh leis, nó

(b) go seirbheálfaidh cigire fógra faoin Acht seo ar an duine freagrach,

déanfar fógra go ndearnadh na rialacháin nó gur seirbheáladh an fógra a choimeád in airde ag an mianach nó ag an gcairéal gach tráth ar feadh tréimhse a fhorórdofar.

(3) Déanfar gach fógra lena mbaineann an talt seo a chur in airde i litreacha agus in ionaid de shórt go mbeidh sé sofheicthe agus soléite ag na daoine a fhostaítear, agus má shonraíonn an tAire foirm le haghaidh aon fhógra den sórt sin, is san fhoirm sin a chuirfear in airde é.

(4) Beidh de dhualgas ar an mbainisteoir cóipeanna a choimeád, ag an mianach nó ag an gcairéal, den Acht seo agus d'aon orduithe, rialacháin agus rialacha a bhaineann leis an mianach nó leis an gcairéal agus a cheadú do dhaoine a fhostaítear iad a léamh gach tráth réasúnach.

Tuairisceáin thréimhsiúla ó úinéirí.

124. —(1) Beidh de dhualgas ar úinéir mianaigh nó cairéil, má thugann an tAire de threoir dó é, cibé tuairisceáin agus staitistic maidir leis an mianach nó leis an gcairéal, agus cibé eolas eile (más ann) maidir leis, a shonrófar sa treoir, a thabhairt don Aire, laistigh de cibé tréimhse, agus i cibé foirm agus modh, a shonrófar amhlaidh.

(2) Ní dhéanfar aon tuairisceáin, staitistic ná eolas eile a gheofar faoin alt seo a nochtadh, gan toiliú i scríbhinn ón duine a bhfuil an gnóthas á sheoladh aige, ach amháin—

(a) le toiliú an Aire, do dhaoine a shonrófar, arb oifigigh d'údarás Stáit iad, eadhon, Aire Stáit, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó Coimisiún na Talún, i gcás inar deimhin leis an Aire gur gá é sin a dhéanamh chun go gcomhlíonfaí go cuí feidhmeanna an údaráis stáit sin, nó

(b) i bhfoirm achomaireachta ar thuairisceáin, staitistic nó eolas eile dá samhail a chuir roinnt úinéirí mianach nó cairéal ar fáil, arb achomaireacht í a bheidh déanta amach ar dhóigh nach bhféadfaí sonraí a bhaineann le gnóthas duine áirithe a fháil amach uaithi, nó

(c) chun críocha aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo nó aon tuarascála ar aon imeachtaí den sórt sin.

Fógra faoi thosú agus chríochnú oibríochtaí áirithe mianadóireachta agus cairéaladóireachta.

125. —(1) Tabharfaidh úinéir mianaigh nó cairéil fógra do chigire i dtaobh aon teagmhais acu seo a leanas—

(a) oibríochtaí a thosú chun mianach, síog nó féith, nó cairéal, a oscailt, nó chun sloc nó easrais nua a tholladh i mianach;

(b) mianach, sloc, easrais, síog nó féith, nó cairéal, a thréigean;

(c) i gcás mianaigh, síge nó féithe, dhá mhí, agus i gcás cairéil, dhá mhí dhéag, a bheith caite ón lá a oibríodh é go deireanach chun mianraí nó táirgí mianraí a fháil;

(d) dhá mhí a bheith caite ón lá deireanach a úsáideadh sloc nó easrais;

(e) obair a atosú tar éis tréigin nó tar éis aon tréimhse den sórt sin a bheith caite.

(2) Tabharfar an fógra laistigh de dhá sheachtain tar éis an teagmhas a tharlú.

(3) Más rud é—

(a) go dtréigfear mianach, síog nó féith laistigh de dhá mhí, nó go dtréigfear cairéal laistigh de dhá mhí dhéag, ón uair dheireanach a oibríodh é chun mianraí nó táirgí mianraí a fháil, nó

(b) go dtréigfear sloc nó easrais laistigh de dhá mhí tar éis é a úsáid don uair dheireanach,

ní gá fógra a thabhairt go bhfuil an tréimhse sin caite.

Fógra faoi athrú ar úinéireacht nó ainm mianaigh nó cairéil.

126. —(1) Má athraítear úinéireacht nó ainm mianaigh nó cairéil, tabharfaidh an t-úinéir, laistigh de dhá sheachtain tar éis an athraithe, fógra ina thaobh do chigire.

(2) Chun críocha an ailt seo measfar ainm a bheith athraithe má athraítear litriú an ainm.

CUID X

Rialacháin

Rialacháin.

127. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon chríocha de chuid an Achta seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin le haghaidh aon ní acu seo a leanas,—aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú, tionóiscí i mianaigh nó i gcairéil a sheachaint, úsáid feithiclí agus córacha iompair i mianaigh agus na coinníollacha faoina bhféadfar iad a úsáid amhlaidh, sábháilteacht, sláinte nó leas daoine a fhostaítear a áirithiú nó araíonacht chuí a choimeád orthu nó a áirithiú go dtabharfar aire chuí d'ainmhithe a úsáidtear i mianaigh nó i gcairéil agus go gcuirfear cóir chuí orthu.

(3) I gcás foráil a bheith san Acht seo i dtaobh ní ar bith, ní oibreoidh sé sin chun cosc a chur le rialacháin a dhéanamh (i gcomhréir leis an bhforáil sin) i dtaobh an ní sin.

(4) Féadfaidh baint a bheith ag rialacháin, faoi réir aon fhorála sainráite contrártha dó sin, le mianaigh nó le cairéil go ginearálta, le mianaigh nó cairéil de chineál a shonrófar, nó le mianach nó cairéal áirithe.

(5) Féadfaidh rialacháin—

(a) foráil éagsúil a dhéanamh i dtaobh cineálacha éagsúla mianach nó cairéal nó i dtaobh foranna éagsúla de chineál agus i dtaobh codanna éagsúla de mhianach nó de chairéal;

(b) díolúintí a thabhairt, nó socrú a dhéanamh chun iad a thabhairt, ó aon fhorálacha sna rialacháin;

(c) foráil a dhéanamh le haghaidh aon nithe foghabhálacha nó forlíontacha ar cuí leis an Aire foráil a dhéanamh lena n-aghaidh.

(6) Beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir leis an nós imeachta chun rialacháin a dhéanamh.

CUID XI

Scrúd-mheáchan ag Mianaigh Ghuail

Scrúd-mheáchan guail.

1919, c. 51.

128. —(1) Beidh feidhm ag an Checkweighing in Various Industries Act, 1919, maidir le gual a fháil ó mhianaigh ghuail.

(2) Féadfaidh an tAire an chumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoi aon fhoráil den Acht sin a fheidhmiú.

Forléiriú an Checkweighing in Various Industries Act, 1919.

1919, c. 51.

129. —Chun amhrais a sheachaint, achtaítear leis seo nach mbeidh éifeacht ag an aisghairm ar an Coal Mines Regulation Act, 1887, ar an Coal Mines (Check Weigher) Act, 1894, agus ar an Coal Mines (Weighing of Minerals) Act, 1905, a dhéantar le halt 10 agus leis an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ar ionchorprú, le fo-alt (3) d'alt 2 den Checkweighing in Various Industries Act, 1919, na bhforálacha de na hAchtanna sin atá leagtha amach agus oiriúnaithe sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus forléireofar an tAcht sin agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba chuid den Acht sin na forálacha sin.

CUID XII

Cigirí

Cigirí.

130. —(1) Féadfaidh an tAire údarás a thabhairt d'aon oifigigh dá chuid gníomhú mar chigirí chun críocha an Achta seo.

(2) Foilseofar san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh údarás a thabhairt faoin alt seo.

(3) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cibé tuarascáil bhliantúil a ordóidh an tAire ar imeachtaí na gcigirí.

Cumhachtaí ginearálta cigirí.

131. —(1) Beidh cumhacht ag cigire, chun an tAcht seo a chomhalladh—

(a) dul isteach tráth ar bith (cibé acu de ló nó d'oíche é) i mianach nó i gcairéal agus cigireacht a dhéanamh ar gach cuid nó aon chuid de, ar aon ní ann agus ar aon ainmhithe a úsáidtear chun críocha an mhianaigh nó an chairéil;

(b) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá—

(i) chun a fhionnadh an gcomhlíontar na nithe seo a leanas, eadhon, forálacha an Achta seo agus forálacha orduithe, rialachán agus rialacha faoin Acht seo, aon treoir, toirmeasc, srian nó ceanglas a tugadh nó a forchuireadh le fógra arna sheirbheáil ag cigire faoin Acht seo nó dá bhua agus aon choinníoll a ghabhann le haon díolúine, toiliú, ceadú nó údarás a thug an tAire nó cigire faoin Acht seo nó dá bhua, nó

(ii) chun aon ní a fhionnadh ar dóigh leis an gcigire éifeacht nó feidhm a bheith aige ar shábháilteacht nó sláinte daoine a fhostaítear i mianach nó i gcairéal nó ar aireachasú nó cóireáil ainmhithe ann a úsáidtear ann agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo) chun fáthanna agus imthosca aon tionóisce nó teagmhais eile i mianach nó i gcairéal a fhionnadh, ar tionóisc nó teagmhas é a gceanglaítear leis an Acht seo fógra a thabhairt ina thaobh i gceachtar cás;

(c) ar dhul isteach dó in aon áitreabh, comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má tá cúis réasúnach aige chun bheith ag coinne le haon mhór-bhac agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt seo nó, chun críche aon scrúdaithe nó fiosraithe a bhaineann le haireachasú nó cóireáil ainmhithe, tréidlia cuí-cháilithe a thabhairt leis;

(d) chun críche aon scrúdaithe nó fiosraithe faoi na forálacha roimhe seo—

(i) a cheangal ar aon duine a gheobhaidh sé i mianach nó i gcairéal, nó a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil sé, nó go raibh sé laistigh den dá mhí roimhe sin, ar fostú i mianach nó gcairéal, freagra a thabhairt, gan daoine a bheith sa láthair seachas duine a ainmneoidh sé chun bheith i láthair agus aon daoine a gceadóidh an cigire dóibh bheith i láthair, ar cibé ceisteanna is cuí leis an gcigire a chur air, sa dóigh, áfach, nach mbeidh freagra ar bith dá dtabharfaidh duine de bhun ceanglas a chuirfear air faoin bhfo-mhír seo inghlactha mar fhianaise ina choinne in aon imeachtaí,

(ii) samplaí a thógáil d'aon earraí nó substaintí a gheofar i mianach nó i gcairéal agus, i gcás mianaigh, den atmasféar ann, agus

(iii) seilbh a thógáil ar aon innealra, gaireas nó earra ar bith eile i mianach nó i gcairéal ar dóigh leis go raibh sé, nó gur dócha go mbeadh sé, ina chúis chontúirte don tsábháilteacht nó don tsláinte, agus a chur faoi deara é a bhaint ó chéile nó é a chur faoi aon phróiseas nó tástáil, d'ainneoin é a dhamáistiú nó a mhilleadh dá dheasca sin;

(e) a cheangal go dtabharfar na nithe seo a leanas ar aird, agus scrúdú a dhéanamh orthu,—

(i) aon chláir, leabhair, pleananna nó doiciméid eile a gceanglaítear leis an Acht seo, nó dá bhua, iad a choimeád, agus

(ii) aon doiciméid eile, ar doiciméid iad atá i seilbh nó faoi urlámhas úinéara nó bainisteora mianaigh nó úinéara nó bainisteora cairéil agus is iomchuí chun críocha scrúdú nó fiosrú faoi na forálacha roimhe seo den alt seo.

(f) a cheangal ar bhainisteoir mianaigh go marcálfaidh sé ar aon phlean d'oibreacháin sa mhianach, a thabharfar ar aird de réir ceanglais faoi mhír (e), staid na n-oibreachán sin, nó an méid díobh a shonrófar sa cheanglas mar a bhí tráth an ceanglas a fhorchur;

(g) a cheangal ar aon duine ar a bhfuil freagrachtaí maidir le mianach nó cairéal (cibé acu an t-úinéir é nó bainisteoir nó aon duine eile atá ar fostú ann nó nach é) cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt dó, maidir le haon ábhair nó nithe a thagann faoi réim na bhfreagrachtaí atá ar an duine sin, is gá chun a chur i gcumas an chigire aon chumhacht dá dtugtar dó leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú;

(h) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Aon duine—

(a) a mhainneoidh aon cheanglas a chuirfidh cigire air faoin alt seo a chomhlíonadh, nó

(b) a choiscfidh aon duine eile, nó a thabharfaidh faoina chosc, ar theacht os comhair cigire nó ar aon cheist a fhreagairt a bhféadfaidh cigire, de bhua an fho-ailt roimhe seo, freagra uirthi a éileamh; nó

(c) a dhéanfaidh, gan cead ó chigire, aon innealra, gaireas nó earra eile a mbeidh cigire tar éis seilbh a ghlacadh air faoin alt seo a aistriú ó mhianach nó ó chairéal, nó é a cheilt nó crioscaíl leis; nó

(d) a chuirfidh bac ar chigire agus é ag feidhmiú nó ag comhlíonadh a chumhachtaí nó a dhualgas;

beidh sé ciontach i gcion.

Cumhacht cigire chun a cheangal go gcuirfear ar ceal contúirt láithreach nó contuirt atá ag bagairt.

132. —(1) Má bhíonn cigire ar an tuairim go bhfuil, nó gur dócha gur gearr go mbeidh, mianach nó cairéal nó aon chuid de, nó aon ábhar, ní nó cleachtas i mianach nó i gcairéal nó a bhaineann le hurlámhas nó bainistí mianaigh nó cairéil, contúirteach do shábháilteacht nó sláinte na ndaoine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal nó d'aon duine díobh, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine freagrach á rá go bhfuil sé ar an tuairim sin agus ag tabhairt sonraí na cúise go bhfuil sé ar an tuairim sin, agus ag forchur ar an duine freagrach cibé toirmisc nó srianta nó ceanglais (de shaghas ar bith) is dóigh leis an gcigire a bheith riachtanach chun sábháilteacht nó sláinte na ndaoine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal a chosaint.

(2) Ní údaróidh aon ní san alt seo do chigire fógra maidir le mianach a sheirbheáil i gcás ina n-údaraítear le halt 65 nó 74 do chigire fógra a sheirbheáil ar bhainisteoir an mhianaigh sin.

CUID XIII

Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlíthiúla

Cionta.

133. —(1) Má tharlaíonn sárú, maidir le mianach—

(a) ar fhoráil den Acht seo, d'ordú a bheidh déanta faoi nó de rialacháin, nach foráil a fhoráileann go sainráite go bhfuil duine le bheith ciontach i gcion, nó

(b) ar threoir, toirmeasc, srian nó ceanglas a bheidh tugtha nó forchurtha le fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, nó dá bhua, ag cigire, nó

(c) ar choinníoll a ghabhfaidh le díolúine, toiliú, ceadú nó údarás arna thabhairt faoin Acht seo, nó dá bhua, ag an Aire nó ag cigire;

beidh gach duine acu seo a leanas, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, ciontach i gcion, eadhon, úinéir an mhianaigh, aon duine dar thug an t-úinéir ordacháin i scríbhinn de bhun alt 12 inar sonraíodh, nó inar áiríodh mar nithe a bhfuil de chúram ar an duine sin a áirithiú ina leith go gcomhlíonfar, maidir leis an mianach, freagrachtaí reachtúla de chuid an úinéara, nithe den chineál lena mbaineann an fhoráil, an treoir, an toirmeasc, an srian, an ceanglas nó an coinníoll, bainisteoir an mhianaigh agus aon duine a áirítear de thuras na huaire chun críocha an Achta seo mar bhainisteoir air.

(2) Má tharlaíonn sárú, maidir le cairéal,—

(a) ar fhoráil den Acht seo nó de rialacháin, nach foráil a fhoráileann go sainráite go bhfuil duine le bheith ciontach i gcion, nó

(b) ar threoir, toirmeasc, srian nó ceanglas a bheidh tugtha nó forchurtha le fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, nó dá bhua, ag cigire, nó

(c) ar choinníoll a ghabhfaidh le díolúine, toiliú, ceadú nó údarás arna thabhairt faoin Acht seo, nó dá bhua, ag an Aire nó ag cigire,

beidh gach duine acu seo a leanas, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, ciontach i gcion, eadhon, úinéir an chairéil, aon duine dar thug an t-úinéir ordacháin i scríbhinn de bhun alt 12 inar sonraíodh, nó inar áiríodh, mar nithe a bhfuil de chúram ar an duine sin a áirithiú ina leith go gcomhlíonfar, maidir leis an gcairéal, freagrachtaí reachtúla de chuid an úinéara, nithe den chineál lena mbaineann an fhoráil, an treoir, an toirmeasc, an srian, an ceanglas nó an coinníoll, bainisteoir an chairéil agus an duine a áirítear de thuras na huaire chun críocha an Achta seo mar bhainisteoir air.

(3) Ní bheidh bainisteoir cairéil, ná duine a bheidh de thuras na huaire á áireamh chun críocha an Achta seo mar bhainisteoir air ciontach, de bhua fho-alt (2), i gcion arb é atá ann sárú mar a dúradh maidir le ní a ndéantar freagracht ina leith a fhorcoimeád go cuí don úinéir de bhun alt 25.

(4) Má tharlaíonn sárú, maidir le mianach, ag duine seachas duine a luaitear i bhfo-alt (1), ar fhoráil den sórt a luaitear i mír (a) den fho-alt sin, ar foráil í a chuireann dualgas nó ceanglas go sainráite ar an duine sin nó ar dhaoine d'aicme lena mbaineann sé nó a thoirmisceann go sainráite air nó ar dhaoine d'aicme lena mbaineann sé nó ar gach uile dhuine gníomh sonraithe a dhéanamh, beidh an duine a sháróidh an fhoráil sin, chomh maith leis na daoine a luaitear san fho-alt sin (1), ciontach i gcion, agus má tharlaíonn sárú, maidir le cairéal, ag duine seachas duine a luaitear i bhfo-alt (2), ar fhoráil den sórt a luaitear i mír (a) den fho-alt sin, ar foráil í a chuireann dualgas nó ceanglas go sainráite ar an duine sin nó ar dhaoine d'aicme lena mbaineann sé nó a thoirmisceann go sainráite air nó ar dhaoine d'aicme lena mbaineann sé nó ar gach uile dhuine gníomh sonraithe a dhéanamh, beidh an duine a sháróidh an fhoráil sin, chomh maith leis na daoine a luaitear san fho-alt sin (2), ciontach i gcion.

(5) Ní bheidh bainisteoir mianaigh nó cairéil sa cháil sin dó, ná duine a bheidh de thuras na huaire á áireamh chun críocha an Achta seo mar bhainisteoir mianaigh nó cairéil, ciontach, de bhua fho-alt (1) nó (2), i gcion toisc sárú a bheith déanta ag úinéir an mhianaigh nó an chairéil—

(a) ar aon fhoráil den Acht seo, d'ordú arna dhéanamh faoi nó de rialacháin, ar foráil í a chuireann dualgas nó ceanglas nó toirmeasc go sainráite ar úinéir an mhianaigh nó an chairéil, nó

(b) ar aon toirmeasc, srian nó ceanglas a chuirfear go sainráite ar úinéir an mhianaigh nó an chairéil de bhua fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, nó dá bhua, ag cigire,

ná toisc sárú a bheith déanta ar alt 14 nó 26.

Forálacha forlíontacha maidir le cionta.

134. —Má fhostaítear daoine ar bith i mianach nó i gcairéal ar dhóigh seachas de réir forálacha an Achta seo, d'orduithe arna ndéanamh faoi agus de rialacháin, measfar sárú ar leith a bheith déanta i gcás gach duine a fhostófar amhlaidh.

Pionós i leith cionta nach bhforáiltear pionós sainráite dóibh.

135. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion nach bhforáiltear aon phionós sainráite dó faoin Acht seo, dlífear, ar é a chiontú ann go hachomair—

(a) fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, más úinéir mianaigh nó cairéil é, duine ar thug úinéir mianaigh nó cairéil ordacháin dó de bhun alt 12, bainisteoir mianaigh nó cairéil nó duine a áirítear de thuras na huaire chun críocha an Achta seo mar bhainisteoir mianaigh nó bainisteoir cairéil, agus

(b) fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air murab ea.

(2) (a) Má chiontaítear duine i gcion faoin Acht seo agus go leanfar, tar éis an chiontaithe, den sárú ar ciontaíodh é ina leith, beidh sé ciontach i gcion eile agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú.

(b) Beidh cion faoin bhfo-alt seo ina chion leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachtaí úra ina leith a thionscnamh ó am go ham.

(3) I gcás inar deimhin leis an gcúirt a chiontóidh duine in aon chion den sórt a dúradh gur dhócha don sárú a gciontófar é ina leith—

(a) bás, nó díobháil mhór choirp, a thabhairt ar dhuine a bhí ar fostú sa mhianach nó sa chairéal ar maidir leis a tharla an sárú, nó bheith ina chúis le tionóisc chontúirteach, nó

(b) aon duine den sórt sin a chur i gcontúirt,

féadfaidh an chúirt príosúnacht go ceann téarma nach faide ná trí mhí (i dteannta, nó in ionad, fíneála) a chur ar an duine a chiontófar.

Cosaint ar fáil do dhuine a chúisítear i gcion nach ndearna sé go pearsanta.

136. —In aon imeachtaí faoin Acht seo a thionscnófar, de bhua fho-alt (1) nó (2) d'alt 133, in aghaidh duine mar gheall ar shárú ag duine seachas é féin—

(a) ar fhoráil den Acht, d'ordú arna dhéanamh faoi nó de rialacháin, ar foráil í a chuireann dualgas nó ceanglas go sainráite ar an duine eile sin, nó ar dhaoine d'aicme lenar bhain sé tráth an tsáraithe, nó a thoirmisceann go sainráite air nó ar dhaoine d'aicme den sórt sin, nó ar gach uile dhuine, gníomh sonraithe a dhéanamh, nó

(b) ar thoirmeasc, srian nó ceanglas a chuirfear go sainráite ar an duine eile sin de bhua fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, nó dá bhua, ag cigire,

is cosaint é don duine a chúiseofar a chruthú go ndearna sé gach dícheall cuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaí an fhorail, an toirmeasc, an srian nó an ceanglas, cibé acu é.

Gan duine a bheith faoi dhliteanas mar gheall ar sháruithe nárbh fhéidir a sheachaint nó a chosc.

137. —Is cosaint é in aon imeachtaí dlíthiúla chun damáistí a ghnóthú agus in aon ionchúiseamh, sa mhéid go mbeidh na himeachtaí nó an t-ionchúiseamh bunaithe ar líomhain go ndearnadh sárú, maidir le mianach nó cairéal—

(a) ar fhoráil den Acht seo, d'ordú arna dhéanamh faoi nó de rialacháin (nach foráil a fhoráileann go sainráite go mbeidh duine ciontach i gcion), nó

(b) ar threoir, toirmeasc, srian, nó ceanglas a bheidh tugtha nó forchurtha le fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, nó dá bhua, ag cigire, nó

(c) ar choinníoll a ghabhfaidh le díolúine, toiliú, ceadú nó údarás arna thabhairt faoin Acht seo, nó dá bhua, ag an Aire nó ag cigire,

a chruthú nárbh fhéidir an sárú a sheachaint nó a chosc.

Dliteanas úinéirí mar gheall ar shárú dualgais reachtúil ag a seirbhísigh.

138. —Chun amhrais a sheachaint achtaítear leis seo nach bhfuil úinéir mianaigh nó cairéil saortha ó dhliteanas chun damáistí a íoc mar gheall ar shárú, maidir le mianach nó cairéal, ag duine a bheidh ar fostú aige—

(a) ar fhoráil den Acht seo, d'ordú arna dhéanamh faoi nó de rialacháin, nó

(b) ar thoirmeasc, srian nó ceanglas a forchuireadh le fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, nó dá bhua, ag cigire,

de bhíthin amháin go raibh an fhoráil a sáraíodh ina foráil a chuir dualgas nó ceanglas go sainráite ar an duine sin, nó ar dhaoine d'aicme lenar bhain sé tráth an tsáraithe, nó a thoirmisc go sainráite ar an duine sin, nó ar dhaoine d'aicme den sórt sin, nó ar gach uile dhuine, gníomh sonraithe a dhéanamh nó, de réir mar a bheidh, gur forchuireadh an toirmeasc, an srian nó an ceanglas go sainráite ar an duine sin, nó go raibh an duine sin, de bhun an Achta seo nó de bhun rialachán, ceaptha ag duine seachas an t-úinéir.

Dliteanas tuismitheoirí mar gheall ar pháistí agus ógánaigh a fhostú go neamhdhleathach.

139. —Má fhostaítear páiste nó ógánach i mianach nó i gcairéal contrártha d'fhorálacha an Achta seo, beidh tuismitheoir an pháiste nó an ógánaigh ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air, mura rud é gur léir don chúirt gur tharla an sárú gan toiliú, cúlcheadú ná mainneachtain thoiliúil an tuismitheora.

Deimhnithe a bhrionnú, ráitis bhréagacha, etc.

1913, c. 27.

140. —(1) Más rud é—

(a) le hintinn mheabhlaireachta, go ndéanfaidh duine deimhniú arna dheonú faoin Acht seo nó dá bhua ag an Aire a bhrionnú nó a úsáid nó a thabhairt ar iasacht do dhuine eile, nó go ligfidh sé do dhuine eile é a úsáid, nó go ndéanfaidh sé, nó go mbeidh ina sheilbh aige, doiciméad a bheidh chomh cosúil le haon deimhniú den sórt sin gur dóigh dó daoine a mheabhlú, nó

(b) chun go bhfaighidh sé dó féin nó do dhuine eile—

(i) deonú aon deimhnithe den sórt sin nó eisiúint aon dúblaigh de nó aiseag aon deimhnithe den sórt sin nó giorrú ar aon tréimhse ar fionraíodh aon deimhniú den sórt sin ar a feadh, nó

(ii) fostaíocht mar bhainisteoir mianaigh nó fostaíocht in oifig ar gá de réir nó de bhua an Achta seo gur bainisteoir mianaigh a cheapfadh duine chuici, nó

(iii) fostaíocht mar bhainisteoir cairéil nó fostaíocht in oifig ar gá de réir rialachán a mbeidh éifeacht acu de bhua alt 29 gur úinéir nó bainisteoir cairéil a cheapfadh duine chuici,

go ndéanfaidh duine ráiteas is eol dó a bheith bréagach i sonra ábhartha nó go ndéanfaidh sé go meargánta ráiteas atá bréagach in aon sonra ábhartha, nó go dtabharfaidh sé ar aird, go gcuirfidh sé ar fáil, go gcuirfidh sé ar aghaidh nó go n-úsáidfidh sé amhlaidh ar dhóigh eile doiciméad is eol dó a bheith bréagach i sonra ábhartha, nó go dtabharfaidh sé ar aird, go gcuirfidh sé ar fáil, go gcuirfidh sé ar aghaidh nó go n-úsáidfidh sé ar dhóigh eile, go meargánta, doiciméad is eol dó a bheith bréagach i sonra ábhartha, nó

(c) go ndéanfaidh duine go toiliúil taifead bréagach a chur in aon chlár, leabhar, fógra nó doiciméad eile is gá de réir nó de bhua an Achta seo a choimeád, a sheirbheáil nó a thabhairt nó, le hintinn mheabhlaireachta, úsáid d'aon taifead den sórt sin is eol dó a bheith bréagach, nó

(d) i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais a fhorchuirtear leis an Acht seo nó dá bhua chun aon tuairisceáin, staitistic nó eolas eile a thabhairt nó chun éirim aon ordachán a chur in iúl do dhuine, go ndéanfaidh duine ráiteas is eol dó a bheith bréagach in aon sonra ábhartha nó go ndéanfaidh sé go meargánta ráiteas atá bréagach i sonra ábhartha, nó

(e) go nochtfaidh duine aon tuairisceán, staitistic nó eolas eile contrártha don Acht seo, nó

(f) arna cheangal air faoi mhír (f) d'fho-alt (1) d'alt 131 staid aon oibreachán a mharcáil ar phlean, go ndéanfaidh duine é sin a mharcáil ar dhóigh is eol dó a bheith bréagach i sonra ábhartha nó go ndéanfaidh sé go meargánta é a mharcáil air ar dhóigh atá bréagach i sonra ábhartha, nó

(g) go ligfidh duine air féin go bréagach gur cigire é,

beidh sé ciontach i gcion, agus dlífear—

(i) ar a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó fíneáil nach mó ná céad punt nó iad araon a chur air,

(ii) ar a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó fíneáil nach mó ná dhá chéad punt nó iad araon a chur air.

(2) San alt seo tá le “brionnú” an bhrí chéanna atá le “forges” san Forgery Act, 1913.

Oibleagáidí daoine a fhostaítear maidir le sláinte, sábháilteacht agus leas.

141. —(1) Ní bhainfidh duine a bheidh ar fostú i mianach nó i gcairéal, ná ní dhéanfaidh sé mí-úsáid, go toiliúil, d'aon chóir, fearas, áis nó ní eile a bheidh curtha ar fáil de bhun an Achta seo chun sláinte, sábháilteacht nó leas na ndaoine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal a áirithiú, agus má bhíonn aon chóir nó fearas chun sláinte nó sábháilteacht a áirithiú curtha ar fáil faoin Acht seo chun úsáide aon duine den sórt sin, úsáidfidh sé an chóir nó an fearas.

(2) Ní dhéanfaidh duine a bheidh ar fostú i mianach nó i gcairéal, go toiliúil agus gan chúis réasúnach, aon ní ar dóigh dó é féin nó daoine eile a chur i gcontúirt.

Fógraí a bhaint anuas nó a aghlot, etc.

142. —Má dhéanann duine, gan chúis réasúnach, fógra a bheidh de thuras na huaire curtha in airde ag mianach nó cairéal, de bhun aon fhorála den Acht seo nó de rialacháin, a bhaint anuas, a bhascadh nó a aghlot, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Ionchuiseamh i gcionta.

1851, c. 93.

143. —(1) In aon imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo, cuirfidh an Chúirt Dúiche faoi deara, má éilíonn ceachtar páirtí é, go dtógfar agus go gcaomhnófar nóta ar an bhfianaise.

(2) Más rud é, de dheasca tionóisce nó teagmhais eile i mianach nó i gcairéal, go dtabharfaidh cigire tuarascáil speisialta de bhun an Achta seo, go dtabharfaidh duine a ceapadh faoin Acht seo chun fiosrúchán poiblí a dhéanamh tuarascáil, nó go mbeidh ionchoisne cróinéara ann, agus gur léir ón tuarascáil nó ó imeachtaí an ionchoisne go ndearnadh, tráth na tionóisce nó an teagmhais eile nó roimhe sin, sárú, maidir leis an mianach nó leis an gcairéal,

(a) ar fhoráil den Acht seo nó d'ordú arna dhéanamh faoi nó de rialacháin, nó

(b) ar threoir, toirmeasc, srian nó ceanglas a bheidh tugtha nó forchurtha le fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, nó dá bhua, ag cigire, nó

(c) ar choinníoll a ghabhfaidh le díolúine, toiliú, ceadú nó údarás arna dheonú faoin Acht seo, nó dá bhua, ag an Aire nó ag cigire,

féadfar imeachtaí achomaire in aghaidh aon duine a ndlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh, mar gheall ar an sárú, a thosú tráth ar bith laistigh de thrí mhí tar éis an tuarascáil a thabhairt nó an ionchoisne a chríochnú.

(3) Féadfar imeachtaí achomaire in aghaidh aon duine a ndlífear imeachtaí a thionscnamh ina aghaidh, mar gheall ar shárú ar alt 21, a thosú tráth ar bith laistigh de thrí mhí ón dáta a gheobhaidh an tAire fios ar fhianaise is leor leis an Aire chun ionchúiseamh a dhéanamh mar gheall ar an sárú.

Chun críocha an fho-ailt seo, beidh deimhniú ón Aire i dtaobh an dáta a fuair sé fios ar fhianaise mar a dúradh ina leorfhianaise air.

(4) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) d'ainneoin mhír 4 d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, a fhorordaíonn teorainneacha ama i gcásanna dlínse achomaire.

(5) I gcás ina ndéanfar cion faoin Acht seo trí mhainneachtain i bhfógra a thabhairt nó tuarascáil a thaifeadadh, nó ní ar bith eile a dhéanamh, ag am, nó laistigh d'am, a shonraítear leis an Acht seo, le hordú arna dhéanamh faoi nó le rialacháin nó le fógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, nó dá bhua, ag cigire, measfar an cion a leanúint go dtí go dtabharfar an fógra, go dtaifeadfar an tuarascáil nó go ndéanfar an ní eile, cibé acu é.

Srian le himeachtaí áirithe a tnionscnamh.

144. —Ní dhéanfar aon imeachtaí i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh in aghaidh aon duine den sórt a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 135 ach amháin ag an Aire nó ag an Ard-Aighne nó toiliú an Aire nó an Ard-Aighne.

Dualgas chun torthaí imeachtaí in aghaidh daoine a fhostaítear i mianaigh nó i gcairéil a chur in iúl.

145. —(1) Aon úinéir nó bainisteoir mianaigh nó cairéil a thionscnóidh imeachtaí in aghaidh duine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal mar gheall ar chion faoin Acht seo, déanfaidh sé, laistigh de lá is fiche tar éis críochnú thriail an duine sin sa chion sin, fógra faoi thoradh na trialach a thabhairt do chigire, agus, laistigh de lá is fiche tar éis críochnú aon imeachtaí i modh achomharc de dhroim na trialach, fógra faoi thoradh na n-imeachtaí sin a thabhairt do chigire.

(2) Chun críocha an ailt seo measfar gurb achomharc é imeachtaí a thabhairt os comhair na hArd-Chúirte chun ciontú a neamhniú le hordú certiorari.

CUID XIV

Ilghnéitheach

Forálacha maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí.

146. —(1) Bainfidh na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo le haon fhógra a sheirbheálfaidh cigire faoi aon fhoráil den Acht seo nó de rialacháin ar úinéir nó bainisteoir mianaigh nó cairéil, agus a ndearbhaítear go sainráite ina thaobh gur fógra é lena mbainfidh forálacha an ailt seo maidir le tarchur i gcás fógraí a sheirbheálfaidh cigirí.

(2) (a) Má dhéanann an duine ar a seirbheálfar aon fhógra den sórt sin nó, i gcás é a sheirbheáil ar bheirt duine nó níos mó, aon duine acu, trí fhrithfhógra a sheirbheálfar go cuí ar an gcigire a sheirbheáil an fógra, tarchur a éileamh i leith an fhógra, beidh sé arna tharchur chun duine nó daoine a roghnóidh an roghnóir ainmnithe (mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo) as líon an chinn sin de na rollaí daoine a bheidh ceaptha ag an Aire faoin alt seo is iomchuí d'imthosca an cháis.

(b) Má bhíonn an roghnóir sin sásta go bhfuil fáthanna speisialta ann a bheireann go bhfuil sé fóirsteanach dó féin gníomhú mar réiteoir in ionad duine nó daoine a roghnófar mar a dúradh, féadfaidh sé a threorú go bhfuil an fógra arna tharchur chuige féin.

(3) I gcás tarchur faoin alt seo i leith aon fhógra den sórt sin, féadfaidh aon duine acu seo a leanas láithriú é féin nó duine a bheith aige ag feidhmiú ar a shon, agus féadfaidh sé fianaise a thabhairt agus cibé finnéithe is cuí leis a ghairm—

(a) aon duine ar ar seirbheáladh an fógra;

(b) aon chigire;

(c) aon chomhlachas nó comhlacht atá ionadaitheach do thromlach de líon iomlán na ndaoine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal lena mbaineann an fógra;

(d) aon daoine eile ar dóigh leis an réiteoir nó na réiteoirí éifeacht a bheith ag an bhfógra orthu nó aon chomhlachas nó comhlacht atá ionadaitheach d'aon daoine den sórt sin.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le neamhniú nó daingniú aon fhógra den sórt sin i gcás tarchur ina leith faoin alt seo—

(a) mura ndéantar aon fhoras ábhartha agóide in aghaidh an fhógra a shuíomh chun sástacht an réiteora nó na réiteoirí, daingneoidh an réiteoir nó na réiteoirí an fógra;

(b) má dhéantar foras ábhartha agóide a shuíomh amhlaidh, déanfaidh an réiteoir nó na réiteoirí an fógra a neamhniú mura rud é go bhfuil sé nó siad ar an tuairim gur féidir freagairt don agóid tríd an bhfógra a mhodhnú, agus sa chás sin déanfaidh an réiteoir nó na réiteoirí an fógra a dhaingniú faoi réir cibé modhnú is dóigh leis nó leo a fhreagróidh don agóid;

agus má dhaingnítear an fógra faoi réir aon mhodhnaithe, beidh éifeacht aige faoi mar a modhnaíodh é.

(5) Chun críocha fho-alt (4)—

(a) i gcás aon fhógra den sórt sin a sheirbheálfar faoi fhoráil den Acht seo, beidh aon fhoras acu seo a leanas is iomchuí d'imthosca an cháis ina fhoras ábhartha agóide—

(i) go bhfuil comhlíonadh toirmisc, sriain nó ceanglais a iarrtar a fhorchur leis an bhfógra, nó dá bhua, neamhriachtanach nó mífhóinteach ar chúiseanna sábháilteachta nó neamhphraiticiúil, go hiomlán nó go feadh méid áirithe;

(ii) go bhfuil aon tréimhse a cheaptar leis an bhfógra neamdhóthanach chun aon oibreacha a chur i gcrích nó chun aon ní eile a dhéanamh;

(b) i gcás fógra a sheirbheálfar faoi aon fhoráil de rialacháin, is de réir mar a fhorordófar a bheidh an foras nó na forais ábhartha agóide.

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo nó le rialacháin, ní thiocfaidh aon fhógra den sórt sin i ngníomh in aon chás go dtí deireadh na tréimhse ina bhféadfar tarchur ina leith a éileamh faoin alt seo nó, má éilítear tarchur den sórt sin laistigh den tréimhse sin, go dtí go mbeidh an fógra daingnithe ag an réiteoir nó ag na réiteoirí.

(7) Ní ghlacfar neamhniú faoin alt seo ar aon fhógra den sórt sin mar chosc ar sheirbheáil fógra úir ag cigire ná, má tháinig an fógra i ngníomh sular neamhníodh é, ní bheidh éifeacht aige ar a oibriú roimhe sin.

(8) Féadfaidh an tAire—

(a) cibé uimhir is cuí leis a bhunú de rollaí daoine as a bhféadfar réiteoirí a roghnú chun críocha tarchur faoin alt seo agus, maidir le gach rolla, féadfaidh sé na cásanna a shonrú a mbeidh sé le háireamh chun críocha an ailt seo mar rolla iomchuí ina leith;

(b) rialacha a dhéanamh chun na tarchuir sin a rialú agus, go háirithe, chun socrú a dhéanamh maidir le costais na dtarchur sin (lena n-áirítear luach saothair agus liúntais a íoc le réiteoirí) agus chun foirm fhrithfhógra faoi fho-alt (2), agus an tréimhse ina gcaithfear fógra den sórt sin a sheirbheáil, a shonrú;

agus féadfar tréimhsí éagsúla a shonrú le rialacha faoi mhír (b) den fho-alt seo maidir le seirbheáil frithfhógraí a bhainfidh le fógraí a sheirbheálfar faoi fhorálacha éagsúla den Acht seo nó de rialacháin.

(9) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) don roghnóir ainmnithe a fhorléiriú mar thagairt do cibé duine a bheidh ainmnithe de thuras na huaire ag an Aire chun an dualgas a chomhlíonadh a bhainfidh le réiteoirí a roghnú chun gníomhú i gcás tarchur faoin alt seo.

Cumhacht an Aire chun díolúintí ar feadh tréimhse teoranta a dheonú.

147. —Má bhíonn an tAire ar an tuairim, maidir le mianaigh nó cairéil d'aon chineál, nár cheart, mar gheall ar nádúr nó méid na hoibre atá i gceist, nó ar ghiorracht na tréimhse a mhéastar a bheidh na mianaigh nó na cairéil á n-oibriú, nó ar imthosca speisialta eile a bhaineann leo, go mbeadh sé de cheangal forálacha an Achta seo, nó aon fhoráil áirithe de, a chomhlíonadh ina leith, féadfaidh sé, le rialacháin, mianaigh nó cairéil den chineál sin a dhíolmhú ó na forálacha sin, nó ón bhforáil sin, go ceann cibé tréimhse, agus faoi réir cibé coinníollacha, a fhorordóidh sé.

Orduithe a chúlghairm agus a athrú.

148. —Aon chumhacht a thugtar leis an Acht seo chun ordú a dhéanamh, forléireofar í mar chumhacht a fholaíonn cumhacht, is infheidhmithe ar an dóigh chéanna agus faoi réir na gcoinníollacha céanna, más ann, chun an t-ordú a chúlghairm nó a athrú.

An modh chun fógraí a sheirbheáil.

149. —(1) Féadfar fógra a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo, nó dá bhua, é a sheirbheáil ar chigire, nó a thabhairt dó, a sheirbheáil nó a thabhairt trína sheachadadh dó, nó trína fhágáil ag a oifig, nó trína chur chuici, leis an bpost cláraithe.

(2) Féadfar fógra a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo, nó dá bhua, é a sheirbheáil ar úinéir mianaigh nó cairéil, nó a thabhairt dó, a sheirbheáil nó a thabhairt—

(a) más pearsa aonair an t-úinéir, trína sheachadadh dó, trína fhágáil san oifig ag an mianach nó ag an gcairéal, nó trína chur leis an bpost cláraithe agus é dírithe chuige ag an áit chónaithe is gnách nó is déanaí is eol a bheith aige, nó chuig seoladh ceart poist an mhianaigh nó an chairéil;

(b) más comhlacht corpraithe an t-úinéir, trína sheachadadh do rúnaí nó cléireach an chomhlachta ina n-oifig chláraithe nó ina bpríomhoifig nó trína chur leis an bpost cláraithe agus é dírithe chuig rúnaí nó cléireach an chomhlachta ag an oifig sin;

(c) más gnólacht an t-úinéir, trína sheachadadh d'aon chomhpháirtí sa ghnólacht nó trína fhágáil in oifig an ghnólactha, nó trína chur chuici leis an bpost cláraithe.

(3) Féadfar fógra a gceanglaítear nó a n-údaraítear leis an Acht seo, nó dá bhua, é a sheirbheáil ar bhainisteoir mianaigh nó cairéil, nó a thabhairt dó, a sheirbheáil nó a thabhairt trína sheachadadh dó, trína fhágáil san oifig ag an mianach nó ag an gcairéal, nó trína chur leis an bpost cláraithe agus é dírithe chuige ag seoladh ceart poist an mhianaigh nó an chairéil.

(4) Bainfidh an t-alt seo le haon doiciméad a sheoladh nó a thaisceadh faoi mar a bhaineann sé le fógra a thabhairt.

Deimhnithe breithe.

150. —(1) Más gá aois aon duine a fháil amach nó a chruthú chun críocha an Achta seo, beidh duine ar bith, ar fhoréileamh i scríbhinn a chur isteach a bheidh i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a ordóidh an tAire Sláinte, agus ar an táille cheaptha a íoc, i dteideal cóip dheimhnithe a fháil de thaifeadadh bhreith an duine sin i gclár na mbreitheanna faoi láimh an chláraitheora nó an chláraitheora mhaoirseachta nó an duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád, agus déanfaidh gach cláraitheoir breitheanna agus gach cláraitheoir maoirseachta nó duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád foirmeacha don fhoréileamh sin a sholáthar saor in aisce ar iad a iarraidh.

(2) Féadfaidh an tAire Sláinte, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, táillí a cheapadh, le rialacháin, chun críocha an ailt seo.

Comhairle Chomhairleach.

151. —(1) Beidh comhairle ann ar a mbeidh cathaoirleach agus ochtar gnáthchomhalta (dá ngairtear an Chomhairle Chomhairleach san alt seo) chun na feidhmeanna a thugtar di leis an alt seo a chomhlíonadh.

(2) Déanfaidh an Chomhairle Chomhairleach breithniú, agus tabharfaidh siad comhairle don Aire, ar aon nithe a éireoidh as comhalladh, nó maidir le comhalladh, an Achta seo (lena n-áirítear aon tograí ón Aire chun aon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo) agus a tharchuirfidh an an tAire chun na Comhairle.

(3) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairleach, de réir mar a mheasfaidh siad is gá ó am go ham, an tAire a chomhairliú ar na nithe seo a leanas:—

(a) a mhéad atá sé inmholta aon orduithe nó rialacháin a dhéanamh, a leasú, nó a chúlghairm faoin Acht seo;

(b) nithe a bhaineann le forálacha an Achta seo nó d'orduithe nó rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo a chur i bhfeidhm;

(c) feachtais sábháilteacha agus leasa a eagrú nó a chur chun cinn i measc fostaithe agus fostóirí;

(d) léachtaí, taispeánadh scannán nó taispeántais a eagrú, póstaeir nó paimfléid a fhoilsiú nó aon bhearta eile ar léachtaí, taispeánadh scannán, taispeántais, póstaeir, paimfléid iad nó bearta atá ceaptha chun fostaithe agus fostóirí a theagasc ar chúrsaí sábháilteachta agus leasa i mianaigh agus i gcairéil agus ar mhodhanna chun sláinte oibrithe a chosaint agus a fheabhsú.

(4) Is é an tAire a cheapfaidh Cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí na Comhairle Comhairlí.

(5) Déanfar an chéad cheapachán den sórt sin a luaithe is caothúil tar éis an tAcht seo a rith agus déanfar ceapacháin ina dhiaidh sin ó am go ham de réir mar is gá.

(6) Nuair a bheidh an tAire ag ceapadh daoine ina ngnáthchomhaltaí den Chomhairle Chomhairleach áireoidh sé orthu daoine atá ionadaitheach d'eagrais fostaithe agus d'eagrais fostóirí.

(7) Beidh Cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí na Comhairle Comhairlí i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tAire.

(8) Arna iarraidh sin don Chomhairle Chomhairleach agus faoi réir thoiliú an Aire, féadfaidh cigire freastal ar chruinniú den Chomhairle Chomhairleach chun aon eolas a thabhairt a iarrfaidh an Chomhairle Chomhairleach d'fhonn a feidhmeanna a chomhlíonadh.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 10.

Seisiún agus Caibidil nó Bliain agus Uimhir

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

35 & 36 Vict. c. 77.

Metalliferous Mines Regulation Act, 1872.

An tAcht iomlán.

38 & 39 Vict. c. 39.

Metalliferous Mines Regulation Act, 1875.

An tAcht iomlán.

45 & 46 Vict. c. 3.

Slate Mines (Gunpowder) Act, 1882.

An tAcht iomlán.

46 & 47 Vict. c. 31.

Payment of Wages in Public Houses Prohibition Act, 1883.

In alt 2, na focail ó “nor any person” go dtí deireadh an ailt.

50 & 51 Vict. c. 58.

Coal Mines Regulation Act, 1887.

An tAcht iomlán.

57 & 58 Vict. c. 42.

Quarries Act, 1894.

An tAcht iomlán.

57 & 58 Vict. c. 52.

Coal Mines (Check Weigher) Act, 1894.

An tAcht iomlán.

63 & 64 Vict. c. 21.

Mines (Prohibition of Child Labour Underground) Act, 1900.

An tAcht iomlán.

5 Edw. 7, c. 9.

Coal Mines (Weighing of Minerals) Act, 1905.

An tAcht iomlán.

6 Edw. 7, c. 53.

Notice of Accidents Act, 1906.

Ailt 1, 2, 3 agus 5.

8 Edw. 7, c. 57.

Coal Mines Regulation Act, 1908.

An tAcht iomlán.

10 Edw. 7. & 1 Geo. 5, c. 15.

Mines Accidents (Rescue and Aid) Act, 1910.

An tAcht iomlán.

1 & 2 Geo. 5, c. 50.

Coal Mines Act, 1911.

An tAcht iomlán.

4 & 5 Geo. 5, c. 22.

Coal Mines Act, 1914.

An tAcht iomlán.

6 & 7 Geo. 5, c. 31.

Police, Factories, etc., (Miscellaneous Provisions) Act, 1916.

Alt 10.

10 & 11 Geo. 5, c. 50.

Mining Industry Act, 1920.

Alt 19.

10 & 11 Geo. 5, c. 65.

Employment of Women, Young Persons and Children Act, 1920.

An tAcht iomlán a mhéad a bhaineann sé le mianaigh.

1955, Uimh. 10 .

An tAcht Monarchan, 1955 .

Alt 128.

AN DARA SCEIDEAL

An Nós Imeachta chun Rialacháin a Dhéanamh

Alt 127.

1. Sula ndéanfaidh an tAire aon rialacháin ghinearálta, foilseoidh sé san Iris Oifigiúil, agus ar cibé modh is oiriúnaí leis chun é a chur in iúl do dhaoine lena mbaineann, fógra go bhfuil ar intinn aige na rialacháin a dhéanamh.

2. Sula ndéanfaidh an tAire aon rialacháin speisialta, tabharfaidh sé fógra, ar cibé modh is oiriúnaí leis chun é a chur in iúl do dhaoine lena mbaineann, go bhfuil ar intinn aige na rialacháin a dhéanamh.

3. I gceachtar cás, sonrófar san fhógra áit a bhféadfar cóipeanna de dhréacht díobh a fháil agus an tréimhse (nach giorra ná lá is fiche ó dháta an fhógra a fhoilsiú nó a thabhairt) ina gcaithfear aon agóid maidir leis na dréacht-rialacháin a chur chuige.

4. (1) Ní dhéanfar rialacháin speisialta ach amháin ar iarratas ó chigire nó ón úinéara nó thar ceann an úinéara nó ó thromlach na ndaoine a fhostaítear sa mhianach nó sa chairéal nó thar a gceann.

(2) Ní foláir dréacht de na rialacháin atá beartaithe a bheith ag gabháil leis an iarratas.

5. Ní foláir gach agóid a bheith i scríbhinn agus na nithe seo a lua inti—

(a) forais shonracha na hagóide,

(b) na nithe a n-iarrtar iad a fhágáil ar lár, a chur isteach nó a mhodhnú.

6. Breithneoidh an tAire aon agóid a chuirfear chuige laistigh den tréimhse shonraithe ó aon daoine nó thar ceann aon daoine ar dóigh leis go mbaineann na rialacháin leo, agus féadfaidh sé, más cuí leis é, na dréacht-rialacháin a leasú agus, tar éis dó iad a leasú, cuirfidh sé faoi deara, mura ndearnadh fiosrúchán faoin Sceideal seo, go ndéanfar i gcás an dréachta leasaithe mar a rinneadh leis an dréacht bunaidh.

7. Más rud é, tar éis an fógra maidir le haon dréacht-rialacháin (cibé acu dréacht bunaidh nó dréacht leasaithe é) a fhoilsiú, go ndéanfar aon agóid ghinearálta mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo laistigh den tréimhse shonraithe maidir leis an dréacht agus fiosrúchán roimhe sin faoin Sceideal seo maidir leis an dréacht nó le dréacht éigin roimhe sin de na rialacháin nó go dtarraingeoidh an tAire na dréacht-rialacháin siar, ordóidh sé, sula ndéanfaidh sé na rialacháin, fiosrúchán a dhéanamh mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo. Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, a ordú freisin fiosrúchán den sórt sin a dhéanamh maidir le haon agóid, d'ainneoin nach ndearnadh aon agóid ghinearálta den sórt sin nó go ndearnadh fiosrúchán roimhe sin mar atá ráite.

8. Nuair a bheidh aon fhiosrúchán den sórt sin le dhéanamh maidir le haon dréacht-rialacháin, beidh éifeacht maidir leis an bhfiosrúchán ag na forálacha seo a leanas:

(a) ceapfaidh an tAire duine inniúil nó daoine inniúla chun an fiosrúchán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt dó air,

(b) déanfar an fiosrúchán go poiblí, agus féadfaidh aon chigire agus aon agóideoir, agus aon duine eile ar dóigh leis an duine a bheidh ag déanamh an fhiosrúcháin nó, má bhíonn níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, leis an duine a bheidh i gceannas an fhiosrúcháin, go mbaineann na dréacht-rialacháin leis, láithriú ag an bhfiosrúchán go pearsanta nó trí abhcóide, aturnae nó gníomhaire,

(c) féadfar, más cuí leis an duine a bheidh ag déanamh, nó i gceannas, an fhiosrúcháin é, na finnéithe a cheistiú faoi mhionn (agus cumhachtaítear leis seo don duine sin iad a chur faoi mhionn),

(d) faoi réir a bhfuil ráite, déanfar an fiosrúchán agus na himeachtaí uile roimhe agus i leith leis a sheoladh do réir rialacha arna ndéanamh ag an Aire, agus féadfaidh na rialacha foráil a dhéanamh maidir le costais an fhiosrúchán agus na n-imeachtaí eile, lena n-áirítear luach saothair an duine nó na ndaoine a dhéanfaidh an fiosrúchán.

9. Chun críocha an Sceidil seo ciallaíonn “agóid ghinearálta”, maidir le haon dréacht-rialacháin, agóid arna déanamh—

(a) i gcás rialachán ginearálta—

(i) ag tromlach úinéirí na mianach nó na gcairéal lena mbaineann na dréacht-rialacháin, nó thar a gceann, nó ag na húinéirí a fhostaíonn tromlach na ndaoine a fhostaítear, nó thar a gceann; nó ag aon duine a shásóidh an tAire go bhfuil sé féin, nó comhlachas a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann, ag ionadú tromlach na ndaoine a fhostaítear, nó

(ii) ag tromlach úinéirí, nó thar ceann tromlach úinéirí, aon chineál nó sórt mianach nó cairéal lena mbaineann na dréacht-rialacháin agus ar dóigh leis an Aire ina dtaobh, toisc coinníollacha speisialta a bheith ann ina gcás, go bhfuil cúis ann chun a chreidiúint go mbeadh aon cheann de cheanglais na ndréacht-rialachán neamhriachtanach nó neamhchuí i gcás an chineáil nó an tsóirt sin, nó ag na húinéirí a fhostaíonn tromlach na ndaoine a fhostaítear in aon chineál nó sórt mianach nó cairéal dá leithéid sin, nó thar a gceann; nó ag aon duine a shásóidh an tAire go bhfuil sé féin, nó comhlachas a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann, ag ionadú tromlach na ndaoine a fhostaítear in aon chineál nó sórt mianach nó cairéal dá leithéid sin;

(b) i gcás rialachán speisialta—ag úinéir an mhianaigh nó an chairéil, nó thar a cheann, nó ag aon duine a shásóidh an Aire go bhfuil sé féin, nó comhlachas a bhfuil sé ag gníomhú thar a cheann, ag ionadú tromlach an ndaoine a fhostaítear.