8 1965


Uimhir 8 de 1965.


ACHT BAINISTÍ CHATHAIR CHORCAÍ (LEASÚ), 1965

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH LÍON COMHALTAÍ CHOMHAIRLE CHONTAE-BHUIRG CHORCAÍ.

[29 Meitheamh, 1965.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Lion comhaltaí Chomhairle chontae-bhuirg Chorcaí.

1. —Beidh ar Chomhairle chontae-bhuirg Chorcaí, an chéad ghnáthlá scortha comhaltaí di tar éis an tAcht seo a rith agus i ndiaidh an lae sin, aon chomhalta is tríocha agus dá réir sin toghfar an líon sin comhaltaí i ngach toghchán comhaltaí don Chomhairle sin a bheidh ann tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar Acht Bainistí Chathair Chorcaí (Leasú), 1965 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna Bainistí Chathair Chorcaí, 1929 go 1965, a ghairm d'Achta Bainistí Chathair Chorcaighe, 1929 go 1955, agus den Acht seo le chéile.