|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1965. | ||
[EN] |
AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1965 | |
[An tiontú Oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1863 GO 1958. [30 Meitheamh, 1965.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1958. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Íocaíochtaí áirithe a údarú. |
2. —I gcás aon bhainc thaisce iontaobhais, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna nó sna rialacha agus sna rialacháin chun an banc a bhainistí— |
[EN] | (a) féadfar, ar threoracha a fháil ó thaísceoir, íocaíocht as a thaiscí a dhéanamh le duine eile, | |
[EN] | (b) féadfar íocaíocht den sórt sin a dhéanamh gan an leabhar taisce a thabhairt ar aird i gcás ina mbeidh sí á déanamh faoi bhuan-ordú ón taisceoir, | |
[EN] | (c) nuair a éileofar íocaíocht as taiscí ar an leabhar taisce a thabhairt ar aird, ní bheidh sé d'oibleagáid tagairt don mhórleabhar mura mó an méid a éilítear ná deich bpunt nó cibé suim eile a fhorordóidh an tAire Airgeadais le rialacháin, | |
[EN] | (d) ar bhás taisceora, féadfar íocaíocht i leith dleachtanna báis a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim as a thaiscí agus féadfar probháid nó cruthúnas eile ar theideal a ionadaí phearsanta a ligean thar ceal i gcás aon íocaíochta den sórt sin. | |
[EN] |
Cumhacht chun gnó a ghabháil de láimh a spreagfadh an chnuaisciúin. 1863, c. 87. |
3. —(1) Féadfaidh iontaobhaithe bainc thaisce iontaobhais, le toiliú an Aire Airgeadais, aon ghnó a ghabháil de láimh ar dóigh dó, i dtuairim an Aire sin, an chnuaisciúin a spreagadh agus a bheidh in acmhainn airgeadais an bhainc. |
[EN] | (2) Measfar gur cuid de chaiteachais riachtanacha an bhainc, de réir bhrí alt 2 den Trustee Savings Banks Act, 1863, aon chaiteachais faoina rachaidh banc go cuí ag seoladh aon ghnó den sórt sin. | |
[EN] |
Taiscí ag comhlachtaí áirithe daoine. |
4. —(1) Féadfaidh iontaobhaithe nó cisteoirí aon chomhlachta daoine lena mbaineann an t-alt seo cistí an chomhlachta a infheistiú i gcistí bainc thaisce iontaobhais. |
[EN] | (2) Nuair a dhéanfaidh banc taisce iontaobhais íocaíocht le hiontaobhaí, cisteoir nó oifigeach eile do chomhlacht daoine lena mbaineann an t-alt seo a dhealraíonn a bheith údaraithe chun an íocaíocht sin a éileamh, beidh admháil uaidhsean ina urscaoileadh leordhóthanach agus ní bheidh an banc taisce iontaobhais agus a iontaobhaithe, a bhainisteoirí agus a oifigigh freagrach in aon mhí-úsáid ná in aon easnamh údaráis ar an duine a éileoidh nó a gheobhaidh an íocaíocht. | |
[EN] | (3) Dearbhaítear leis seo nach bhfuil aon ní san alt seo le forléiriú mar ní a chuireann aon oibleagáid ar bhanc taisce iontaobhais maidir le haon chistí a ghlacadh. | |
[EN] | (4) Baineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le clubanna buachaillí, clubanna spóirt agus clubanna Nollag, agus | |
[EN] | (b) le comhlachtaí daoine dá samhail, atá neamhchorpraithe agus neamhthrádálach. | |
[EN] |
Banc tráchtála a cheapadh mar chisteoir. |
5. —(1) Féadfaidh banc taisce iontaobhais banc tráchtála a cheapadh mar chisteoir dó, agus ní beidh feidhm ag alt 8 den Trustee Savings Banks Act, 1863, maidir le cisteoir a cheapfar de bhua an ailt seo. |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “banc tráchtála” aon bhanc acu seo a leanas: | |
[EN] | (a) Banc na hÉireann, | |
[EN] | (b) an Banc Ibeirneach, Teoranta, | |
[EN] | (c) Banc na Mumhan agus Laighean, Teoranta, | |
[EN] | (d) an Banc Náisiúnta, Teoranta, | |
[EN] | (e) Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta, | |
[EN] | (f) Banc an Tuaiscirt, Teoranta, | |
[EN] | (g) Banc Cúigí na hÉireann, Teoranta, | |
[EN] | (h) Banc Ríoga na hÉireann, Teoranta, | |
[EN] | (i) Banc Uladh, Teoranta. | |
[EN] |
Taifid, admhálacha agus doiciméid dá samhail a choinneáil. |
6. —Coinneoidh banc taisce iontaobhais a chuid taifead, admhálacha agus doiciméad dá samhail go ceann tréimhse sé bliana ar a laghad. |
[EN] |
Leasú maidir leis an urrús atá le tabhairt ag oifigeach bainc. |
7. —(1) An t-urrús atá le tabhairt de bhun alt 8 den Trustee Savings Banks Act, 1863, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, féadfaidh sé bheith san fhoirm a ordaítear leis an alt sin arna leasú amhlaidh nó i bhfoirm bhanna shingil ó chumann ráthaíochta ag ráthú na ndaoine uile atá ar fostú ag an mbanc nó ag aon bhrainse de agus a gceanglaítear orthu urrús den sórt sin a thabhairt. |
[EN] | (2) Nuair a thabharfar urrús san fhoirm sin is déanaí a luaitear, is iad na hiontaobhaithe a íocfaidh an phréimh bhliantúil ar an mbanna, agus beidh teideal ag na hiontaobhaithe chun go ngnóthóidh siad ó gach duine a chumhdaítear leis an mbanna cibé cion den phréimh is ionann agus an coibhneas idir tuarastal bliantúil an duine sin agus méid iomlán thuarastail bhliantúla na ndaoine a chumhdaítear leis an mbanna. | |
[EN] |
Leasú ar mhír 7 d'alt 6 den Trustee Savings Banks Act, 1863. |
8. —Leasaítear leis seo mír 7 d'alt 6 den Trustee Savings Banks Act, 1863, trí “(being a depositor making a specific request for inspection of such book)” a chur isteach i ndiaidh “every depositor”. |
[EN] |
Leasú ar alt 11 den Trustee Savings Bank Act, 1863. |
9. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Trustee Savings Banks Act, 1863, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (1): |
[EN] | “1A. Subject to a limit of one hundred pounds, for any deficiency which may arise in the funds of such savings bank:” | |
[EN] | (2) Aisghairtear leis seo na focail “(subject to the provision herein-after contained in respect to Savings Banks in Ireland)” in alt 11 den Trustee Savings Banks Act, 1863, agus alt 12 den Acht sin. | |
[EN] |
Leasú ar alt 41 den Trustee Savings Banks Act, 1863, agus alt 3 (2) den Savings Banks Act, 1887. 1883, c. 47. 1887, c. 40. |
10. —Déantar leis seo tagairtí do chúig chéad punt a chur in ionad na dtagairtí do chéad punt— |
[EN] | (a) in alt 41 den Trustee Savings Banks Act, 1863, arna leasú le halt 3 den Provident Nominations and Small Intestacies Act, 1883, agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2) d'alt 3 den Savings Banks Act, 1887. | |
[EN] |
Leasú ar alt 5 (1) den Savings Banks Act, 1904, 1904, c. 8. |
11. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Savings Banks Act, 1904, trí “Minister for Finance” a chur in ionad “National Debt Commissioners, on the recommendation of the Inspection Committee.” |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
12. —(1) Féadfar an tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile. |