2 1966


Uimhir 2 de 1966.


AN tACHT SLÁINTE AGUS CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR (LEASÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA SLÁINTE, 1947 GO 1964, AGUS NA nACHTANNA CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1945 GO 1961. [18 Eanáir, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Leasú ar alt 15 den Acht Sláinte, 1953 .

1953, Uimh. 26 .

1945, Uimh. 19 .

1. —(1) San alt seo ciallaíonn “an t-alt” alt 15 den Acht Sláinte, 1953 , arna leasú.

(2) Déantar leis seo fo-alt (2) den alt a leasú—

(a) trí “míle agus dhá chéad punt” a chur in ionad “ocht gcéad punt” i mír (b), agus

(b) trí “seasca punt” a chur in ionad “caoga punt” i mír (c).

(3) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) den alt:

“(6) I mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, folaíonn an tagairt d'acmhainn bhliantúil, i dteannta acmhainn bhliantúil an duine atá i gceist, acmhainn bhliantúil chéile (má tá ann), an duine sin i gcás ina gcónaíonn an céile leis an duine sin.”

(4) Déantar leis seo fo-alt (9) den alt a leasú trí “míle agus dhá chéad punt” a chur in ionad “ocht gcéad punt”.

(5) Déanfar an tagairt don alt in ailt eile den Acht Sláinte, 1953 (lena n-áirítear tagairtí do na leasuithe ar an Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , atá leagtha amach in alt 71 den Acht Sláinte, 1953 ) a fhorléiriú mar thagairtí don alt arna leasú le haon Acht arna rith tar éis an tAcht sin a rith (lena n-áirítear an tAcht seo).

Leasú ar alt 279A den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 .

2. —Déantar leis seo alt 279A den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (is é sin, an t-alt a cuireadh isteach san Acht sin le fo-alt (11) d'alt 71 den Acht Sláinte, 1953 ) a leasú trí “míle agus dhá chéad punt” a chur in ionad “ocht gcéad punt”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte agus Cóireála Meabhair-Ghalar (Leasú), 1966, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1964, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna Cóireála Meabhar-Ghalar, 1945 go 1966, a ghairm de na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1961, agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Sláinte le hordú.