6 1966


Uimhir 6 de 1966.


AN tACHT UM GHALAIR AINMHITHE, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH COMHDHLÚTHÚ MAR AON LE LEASUITHE AR NA hACHTACHÁIN A BHAINEANN LE GALAIR AINMHITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE hAINMHITHE. [1 Márta, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo nó aon fhoráil shonraithe den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

1956, Uimh. 41 .

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “aeradróm” aon limistéar talún (lena n-áirítear uisce) ina dtugtar saoráidí chun aerárthaí tuirlingt ann agus imeacht as;

ciallaíonn “ainmhí” ainmhí de chinéal a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal;

tá le “leigheas ainmhithe” an bhrí a shanntar dó in alt 2 den Acht um Leigheasanna Ainmhithe, 1956 ;

tá le “limistéar atá dearbhghlan nó saor ó ghalar” an bhrí a shanntar dó in alt 19 (1) (b);

tá le “duine údaraithe” an bhrí a shanntar dó in alt 25;

ciallaíonn “éan” éan de chineál a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal;

ciallaíonn “conablach” conablach ainmhí nó éin agus folaíonn sé cuid de chonablach, agus feoil, cnámha, seithe, fuil, craiceann, bian, cluimhreach, fionnadh, olann, clúmh, cleiteacha, crúba, adharca, scartach nó cuid eile d'ainmhí nó d'éan, ar leithligh nó eile, nó aon chuid den chéanna;

ciallaíonn “bólacht” tairbh, ba, bulláin, seafaidí agus laonna;

ciallaíonn “galar d'Aicme A” galar a shonraítear de thuras na huaire in Aicme A de Chuid III den Chéad Sceideal;

ciallaíonn “galar d'Aicme B” galar a shonraítear de thuras na huaire in Aicme B de Chuid III den Chéad Sceideal;

tá le “limistéar atá le glanadh” an bhrí a shanntar dó in alt 19 (1) (a);

ciallaíonn “galar” galar a shonraítear i gCuid III den Chéad Sceideal;

ciallaíonn “galraithe” a bheith i ngalar;

ciallaíonn “uibheacha” uibheacha éanlaithe agus folaíonn sé codanna d'uibheacha den sórt sin;

ciallaíonn “farae” féar nó ábhar eile (lena n-áirítear bainne) a úsáidtear mar bheatha d'ainmhithe nó d'éanlaithe;

ciallaíonn “bólacht adharcach” bólacht ar a bhfuil adharca seachas bunanna adharca nó adharca buntúis;

folaíonn “capall” asal agus gach each-ainmhí eile;

ciallaíonn an briathar “allmhairiú”, arna chur chun feidhme maidir le hainmhithe, éanlaithe agus nithe, a thabhairt, ar bhealach ar bith, isteach sa Stát ó áit lasmuigh den Stát;

ciallaíonn “i dteagbháil le”, maidir le hainmhí nó éan galraithe nó faoi amhras galair, a bheith nó tar éis a bheith sa pháirc, sa chró, sa stábla, san fhail, sa loc nó san áit chéanna, nó sa tréad nó san ealt céanna leis, nó ar shlí eile i dteagbháil leis, an ainmhí nó an éan sin;

tá le “áit nó limistéar aicídithe” an bhrí a shanntar dó le halt 14;

caillaíonn “cigire” duine is tréidlia agus atá ceaptha ag an Aire nó ag údarás áitiúil chun bheith ina chigire chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “a chur i dtír”, maidir le hainmhithe, éanlaithe, nó nithe a allmhaireofar, iad a chur i dtír ó long, árthach, aerárthach, nó feithicil, nó iad a thabhairt isteach sa Stát ar aon slí eile;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna dheonú ag an Aire;

ciallaíonn “easair” tuí nó ábhar eile is gnách a úsáid mar leaba d'ainmhithe nó d'éanlaithe nó thart orthu;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae nó chontae-bhuirge;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh;

ciallaíonn “ordú ón Aire” ordú arna dhéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “éanlaithe” éin de chineál a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le hordú;

tá le “stáisiún coraintín” an bhrí a shanntar dó le halt 31;

ciallaíonn “rialachán de chuid údaráis áitiúil” rialachán arna dhéanamh ag údarás áitiúil faoin Acht seo;

folaíonn an briathar “loingsiú” iompar d'aer agus iompar i bhfeithicil;

ciallaíonn “faoi amhras” a bheith faoi amhras a bheith galraithe;

ciallaíonn “tréidlia” aon duine atá cáilithe go dleathach chun tréidliacht a chleachtadh sa Stát.

(2) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid, d'alt nó do Sceideal atá san Acht seo, mura gcuirtear a mhalairt in iúl.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

Cumhachtaí ginearálta an Aire.

3. —(1) Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh faoi réir agus de réir forálacha an Achta seo—

(a) i gcoitinne, chun an tAcht seo a fhorghníomhú go cuí nó chun galar a chosc ó leathadh;

(b) go háirithe, chun na gcríocha leithleacha a shonraítear san Acht seo, lena n-áirítear aon ábhar is féidir faoin Acht seo a fhorordú.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú faoin Acht seo a leasú nó a chúlghairm.

Orduithe a leagan faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

4. —Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Ceadúnais.

5. —Féadfaidh an tAire ceadúnais a dheonú chun aon cheann de chríocha an Achta seo, coinníollacha a chur ag gabháil le haon cheadúnas den sórt sin, na coinníollacha sin a athrú agus aon cheadúnas den sórt sin a chúlghairm.

Díolúine ó dhleacht stampa agus táillí.

6. —Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha agus, ach amháin mar a n-ordaítear a mhalairt, ní éileofar ná ní ghearrfar aon táille ná muirear eile i leith aon cheapacháin, deimhnithe, dearbhaithe, ceadúnais ná ní faoin Acht seo, ná i leith aon iniúchadh nó gníomh eile a dhéanfar sula ndeonófar nó sula ndéanfar deimhniú, dearbhú, ceadúnas, nó ní eile.

Caiteachais.

7. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.

Airgead a gheobhaidh an tAire a dhiúscairt.

8. —Déanfar airgead a gheobhaidh an tAire faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Aisghairm agus forálacha idirlinne.

9. —(1) Déantar leis seo gach ceann de na hachtacháin atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a aisghairm, faoi réir fho-alt (2), a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Go dtí go dtiocfaidh an tAcht seo nó aon fhoráil áirithe de i ngníomh, leanfaidh na forálacha comhréire de na hachtacháin aisghairthe i bhfeidhm.

(3) Gach ionstraim nó ní a rinneadh faoi aon achtachán aisghairthe leanfaidh d'éifeacht a bheith aici nó aige agus, sa mhéid go bhféadfaí í nó é a dhéanamh faoin Acht seo, beidh éifeacht aici nó aige ionann is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh í nó é.

(4) Déanfar aon doiciméad a thagraíonn d'aon achtachán aisghairthe a fhorléiriú mar dhoiciméad a thagraíonn don Acht seo nó don fhoráil chomhréire den Acht seo.

Orduithe agus rialacháin do leanúint i bhfeidhm.

10. —Gach ordú agus rialachán a rinneadh faoi achtachán aisghairthe agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad i bhfeidhm agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh iad.

CUID II

Galar a Rialú agus a Scriosadh

Feidhm

Feidhm an Achta seo.

11. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag an Acht seo maidir leis na hainmhithe, na héanlaithe agus na galair a shonraítear sa Chéad Sceideal.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, chun gach ceann nó aon cheann de chríocha an Achta seo, an Chéad Sceideal a leasú ionas go dtabharfar faoi fheidhm an Achta seo nó aon cheann áirithe dá fhorálacha aon chineál eile ainmhí, éanlaithe nó galair eile nó chun go n-eisiafar ón bhfeidhm sin aon chineál áirithe ainmhí, éanlaithe nó galair.

Cosc agus Scriosadh

Fógra i dtaobh galair.

12. —(1) Féadfaidh an tAire a fhorordú go dtabharfar fógra i dtaobh galar nó breoiteacht áirithe a bheith, nó i dtaobh a bheith faoi amhras go bhfuil galar nó breoiteacht áirithe, ar ainmhithe nó éanlaithe, cé hiad na daoine a thabharfaidh an fógra agus cén t-údarás dá dtabharfar agus an modh ar a dtabharfar an fógra.

(2) Féadfaidh foráil a bheith in ordú a dhéanfar faoin alt seo chun an tAire nó údarás áitiúil d'íoc táille le tréidlia i leith gach fógra a thabharfaidh sé i dtaobh galair agus féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, méid na táille sin a shonrú san ordú sin.

Orduithe chun galar a chosc nó a bhac.

13. —Féadfaidh an tAire, d'fhonn galar a chosc, a bhac nó a scriosadh, orduithe a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche atá leagtha amach sa Dara Sceideal.

Áiteanna agus Limistéir Aicídithe

Forálacha ginearálta maidir le háiteanna agus limistéir aicídithe.

14. —(1) Féadfaidh an tAire an méid seo a leanas a fhorordú—

(a) na cásanna ina mbeidh sé le dearbhú go bhfuil áiteanna agus limistéir aicídithe le galar;

(b) an t-údarás a dhéanfaidh, agus an modh agus na coinníollacha ar a ndéanfar, dearbhuithe chuige sin;

(c) cad é éifeacht agus iarmairtí dearbhuithe den sórt sin;

(d) ré agus buanscor dearbhuithe den sórt sin; agus

(e) nithe eile a bhainfidh le dearbhuithe den sórt sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú athrú a dhéanamh ar theorainneacha áite nó limistéir a bheidh dearbhaithe a bheith aicídithe le galar.

(3) Gach áit nó limistéar a dhearbhófar amhlaidh a bheith aicídithe is áit nó limistéar aicídithe é chun críocha an Achta seo.

(4) I gcás ina ndéanfar ordú á dhearbhú nach áit nó limistéar aicídithe feasta áit nó limistéar áirithe, ansin, ón tráth a shonrófar san ordú, scoirfidh an áit nó an limistéar de bheith ina háit nó ina limistéar aicídithe nó de bheith in áit nó i limistéar aicídithe.

(5) Beidh ordú nó fógra den tuairisc seo a leanas—

(a) ordú ón Aire nó ó údarás áitiúil á dhearbhú gurb áit nó limistéar aicídithe áit nó limistéar áirithe, nó á dhearbhú nach áit nó limistéar aicídithe feasta áit nó limistéar áirithe; nó

(b) fógra a seirbheáladh de bhun ordacháin ón Aire nó ó údarás áitiúil de bhua ordaithe a rinneadh faoin alt seo,

ina fhianaise dhochloíte go huile ar an ngalar a bheith ann nó ar dheireadh a bheith leis agus ar aon ábhar eile a chuirfidh an t-ordú nó an fógra ar aghaidh.

Orduithe a bhaineann le háiteanna agus le limistéir aicídithe.

15. —Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh

(a) d'fhorordú go bhfoilseofar, maidir le háit nó limistéar a dearbhaíodh a bheidh aicídithe, go ndearnadh an dearbhú sin agus do rialáil an fhoilsithe sin;

(b) do thoirmeasc nó do rialáil gluaiseacht ainmhithe agus éanlaithe agus daoine isteach in áit nó limistéar aicídithe nó istigh ann nó amach as;

(c) d'fhorordú agus do rialáil leithlisiú nó deighilt ainmhithe agus éanlaithe a bheidh in áit nó i limisteár aicídithe;

(d) do thoirmeasc nó do rialáil aistriú conablach, uibheacha, farae, easrach, áraistí, locanna, cleathra, aoiligh nó nithe eile isteach in áit nó limistéar aicídithe, istigh ann nó amach as;

(e) d'fhorordú agus do rialáil díthiú, cur, diúscairt nó cóireáil conablach, uibheacha, farae; easrach, áraistí, locanna, cleathra, aoiligh, nó nithe eile, a bheidh in áit nó limistéar aicídithe nó a bheifear tar éis a aistriú amach as;

(f) d'fhorordú agus do rialáil glanadh agus dí-aicídiú áiteanna agus limistéar aicídithe nó codanna den chéanna agus gabhdán nó feithiclí a úsáideadh chun ainmhithe nó éanlaithe a choimeád nó a iompar;

(g) d'fhorordú agus do rialáil dí-aicídiú éadaí daoine ar bheith in áit aicídithe dóibh, agus glacadh réamhchúram in aghaidh galar a leathadh ag daoine den sórt sin.

Cumhacht chun strainséirí a choimeád amach.

16. —Féadfaidh duine a mbeidh ainmhithe, éanlaithe nó uibheacha ar úinéireacht aige nó faoina chúram in áit nó limistéar acídithe fógra a chur suas, ag an mbealach isteach nó in aice an bhealaigh isteach, go dtí foirgneamh, clós nó feirm ina bhfuil nó ar a bhfuil ainmhithe, nó éanlaithe nó uibheacha, á thoirmeasc ar dhaoine dul isteach ann gan an cead a luafar san fhógra, agus air sin ní dleathach d'aon duine nach mbeidh ceart isteach nó ceart slí isteach aige de réir dlí san fhoirgneamh, sa chlós nó san fheirm sin nó air nó thairis dul isteach ann, air nó thairis gan an cead sin.

Marú

Ainmhithe galraithe o mharú agus cúiteamh.

17. —(1) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara go marófar—

(a) aon ainmhithe nó éanlaithe a bhfuil, nó a bhfuiltear faoi amhras go bhfuil, aon ghalar d'Aicme A orthu, agus

(b) aon ainmhithe nó éanlaithe atá nó a bhí sa pháirc, sa chró nó san áit chéanna, nó sa tréad nó san ealt céanna, nó i dteagbháil ar shlí eile, le hainmhithe nó éin a bhfuil, nó a bhfuiltear faoi amhras go bhfuil, aon ghalar d'Aicme A orthu, agus is dóigh leis an Aire a bhí ar aon bhealach i gcaoi a n-aicídithe leis an aicíd a bheidh i gceist.

(2) Faoi réir alt 58, íocfaidh an tAire cúiteamh i leith ainmhithe agus éanlaithe (seachas madra nó cat a bhfuil nó atá faoi amhras go bhfuil confadh air) a maraíodh faoin alt seo nó ar ordaíodh a marú ach a bhásóidh sula féidir a marú agus fós i leith conablach agus uibheacha (seachas uibheacha colúr, colm, péacóg, ealaí nó de ghné na siotacafoirmí) a díthíodh thar ceann an Aire mar gheall ar ghalar a bheith ann nó a bheith faoi amhras a bheith ann.

(3) Féadfaidh an tAire ainmhí nó éan a dhlitear a mharú faoin Acht seo ar ordachán ón Aire a fhorcoimeád lena fhaire, lena chóireáil nó lena thástáil, ach sin faoi réir an tAire d'íoc cúitimh mar d'íocfadh sé i gcás ainmhí nó éin a mharú.

Forálacha ginearálta maidir le hainmhithe, éanlaithe agus conablaigh a dhiúscairt.

18. —(1) Nuair a mharófar ainmhí nó éan faoin Acht seo ar ordachán ón Aire, is leis an Aire conablach an ainmhí nó an éin agus déanfar é a chur nó a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile ar ordachán ón Aire, mar a dhlífidh nó mar a cheadóidh staid an ainmhí, an éin nó an chonablaigh agus cúinsí eile.

(2) Má bhíonn, in aon chás, breis ag an tsuim a gheobhaidh an tAire ar chonablach a dhíol faoin alt seo ar an méid a íocadh mar chúiteamh le húinéir an ainmhí nó an éin a maraíodh, íocfaidh an tAire an bhreis sin leis an úinéir, tar éis caiteachais réasúnacha a asbhaint.

(3) Má bhíonn ainmhí nó éan a mharófar faoin Acht seo ar ordachán ón Aire nó ó údarás áitiúil faoi árachas ag úinéir an ainmhí nó an éin, féadfaidh na hárachóirí an méid cúitimh a dámhadh dó faoin Acht seo nó faoi aon ordú faoin Acht seo a asbhaint as an méid airgid is iníoctha faoin árachas sula ndéanfaidh siad aon íocaíocht ina leith.

(4) I gcás ina marófar ainmhí nó éan faoin Acht seo ar ordachán ón Aire, féadfaidh an tAire aon talamh a bheidh ina sheilbh ag úinéir, nó ar áitiú ag úinéir, an ainmhí nó an éin agus a bheidh oiriúnach chun na críche sin nó aon talamh coimín nó neamhfhálta a úsáid chun an conablach a chur.

(5) I gcás inar deimhin le cigire, tar éis cibé fiosruithe a dhéanamh is dóigh leis is gá, nach bhfuil aon talamh den sórt a luaitear i bhfo-alt (4) ar fáil chun conablaigh ainmhithe nó éanlaithe a maraíodh a chur, féadfaidh an tAire aon talamh cóiriúil a bheidh oiriúnach lena aghaidh a úsáid chun na hainmhithe nó na héanlaithe a choimeád agus a mharú ann agus a gconablaigh a chur ann.

(6) (a) Má éilíonn úinéir nó áititheoir aon talún den sórt sin gur bhain caillteanas dó de bharr na húsáide sin, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí ó dháta na húsáide sin, cúiteamh a iarraidh, i scríbhinn, ar an Aire.

(b) I gcás ina ndéanfar iarratas ar chúiteamh go cuí faoin fho-alt seo, cinnfear an t-iarratas de réir cibé ordú a dhéanfaidh an tAire ina thaobh sin.

(c) Má conspóidíonn an t-iarratasóir aon chinneadh den sórt sin socrófar an cinneadh trí eadráin.

Limistéar atá le Glanadh, Limistéar atá Dearbhghlan agus Saor ó Ghalar

Limistéir atá le glanadh, limistéir atá dearbhghlan agus saor ó ghalar.

19. —Féadfaidh an tAire, i gcás inar dóigh leis gur gá sin chun aon ghalar d'Aicme B a scriosadh, orduithe a dhéanamh maidir leis an ngalar sin—

(a) á dhearbhú gur limistéar ina bhfuil an galar le scriosadh limistéar (dá ngairtear san Acht seo limistéar atá le glanadh);

(b) á dhearbhú gur limistéar dearbghlan nó saor ó ghalar limistéar ar deimhin leis an Aire nach bhfuil aon rian nach mór den ghalar ann;

(c) d'fhorordú na gcoinníollacha ar a bhféadfar ainmhithe nó éanlaithe a onnmhairiú agus d'ainmniú na gcalafort nó na n-aeradróm, nó na gcodanna de chalafoirt nó d'aeradróim, nó na gcúrsaí le haghaidh an onnmhairithe sin.

Orduithe maidir le limistéir atá le glanadh, limistéir atá dearbhghlan agus saor ó ghalar.

20. —Féadfaidh an tAire, orduithe a dhéanamh i ndáil le haon limistéar atá le glanadh nó aon limistéar atá dearbhghlan nó saor ó ghalar—

(a) maidir le hainmhithe nó éanlaithe a bhfuil nó a bhfuiltear faoi amhras go bhfuil an galar iomchuí orthu nó go bhféadfaidís an galar iomchuí a thabhairt d'ainmhithe nó d'éanlaithe—

(i) á údarú seilbh a ghlacadh, trí chomhaontú, ar na hainmhithe nó ar na héanlaithe thar ceann an Aire;

(ii) cheal comhaontú, d'áirithiú agus do rialáil aistriú na n-ainmhithe nó na n-éanlaithe amach as an limistéar nó a marú;

(iii) d'áirithiú agus do rialáil leithlisiú agus cothabháil ainmhithe nó éanlaithe fad a bheifear ag feitheamh chun seilbh a ghlacadh orthu thar ceann an Aire nó iad a aistriú amach as an limistéar nó iad a mharú;

(b) d'áirithiú agus do rialáil leithlisiú agus tástáil a dhéanfar ó am go ham ar ainmhithe nó ar éanlaithe a thabharfar isteach ar thalamh nó in áitreabh;

(c) do thoirmeasc nó do shrianadh gluaiseacht ainmhithe agus éanlaithe isteach sa limistéar nó amach as nó tríd nó ann;

(d) d'áirithiú agus do rialáil coimeád taifead i leith ainmhithe nó éanlaithe agus tabhairt ar aird agus iniúchadh na dtaifead sin;

(e) do shonrú foirmeacha fógraí a bheidh le seirbheáil faoi orduithe arna ndéanamh de bhua an ailt seo;

(f) á fhoráil, i gcásanna inar mainníodh ceanglais aon fhógra den sórt sin a chomhlíonadh, chun—

(i) i gcás ina gceanglóidh an fógra ainmhithe nó éanlaithe a aistriú amach as an limistéar nó a mharú— seilbh a ghlacadh ar na hainmhithe nó ar na héanlaithe, iad a dhiúscairt mar is cuí leis an Aire agus an costas a bhainfidh le seilbh a ghlacadh ar na hainmhithe nó ar na héanlaithe agus iad a chothabháil agus a dhiúscairt dá éis sin a ghnóthú (gan dochar d'aon phionós a tabhaíodh);

(ii) in aon chás eile—ceanglais an fhógra a chomhlíonadh ag an Aire nó thar a cheann agus an costas a bhainfidh le comhlíonadh na gceanglas sin a ghnóthú (gan dochar d'aon phionós a tabhaíodh);

(g) do chinneadh, i gcás gabháltas atá go páirteach laistigh agus go páirteach lasmuigh d'aon limistéar atá le glanadh, atá dearbhghlan nó saor ó ghalar, nó atá go hiomlán nó go páirteach laistigh de dhá limistéar nó níos mó den sórt sin, an limistéir lena mbaineann na gabháltais sin;

(h) d'údarú dul isteach ar thalamh nó in áitreabh chun críocha aon ordaithe den sórt sin;

(i) chun aon chríocha a ghabhann nó a bhaineann le haon cheann de na críocha sin roimhe seo.

Rialacháin maidir le leigheasanna ainmhithe.

1956, Uimh. 41 .

21. —Beidh feidhm ag alt 7 (1) den Acht um Leigheasanna Ainmhithe, 1956 , d'ainneoin fo-alt (2) den alt sin, maidir le haon leigheas ainmhithe a shonrófar in aon ordú ón Aire i ndáil le haon ghalar sonraithe d'Aicme B.

Cúiteamh i leith ainmhithe agus éanlaithe a nglacfar seilbh orthu i limistéir atá le glanadh, agus i limistéir atá dearbhghlan agus saor ó ghalar.

22. —Íocfaidh an tAire, faoi réir alt 58, cúiteamh i leith ainmhithe agus éanlaithe a nglacfar seilbh orthu thar a cheann de bhun ordú faoi alt 20.

Marú agus cúiteamh i gcásanna eile.

23. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le haon ghalar d'Aicme B, fógra poiblí a thabhairt i cibé slí is oiriúnach leis go bhfuil ar intinn aige ordú a dhéanamh faoinar limistéar atá le glanadh limistéar sonraithe.

(2) Nuair a thabharfar fógra faoin alt seo maidir le limistéar, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cúiteamh a íoc i leith ainmhithe nó éanlaithe sa limistéar sin a dteipfidh orthu i dtástáil don ghalar a cheadaigh an tAire agus a mharófar de thoradh socrú idir an tAire agus úinéir na n-ainmhithe nó na n-éanlaithe.

Cláir de thréada agus ealtaí atá dearbhghlan nó saor ó ghalar.

24. —(1) Féadfaidh an tAire, i leith aon ghalar d'Aicme B, clár a bhunú agus a chothabháil de thréada nó d'ealtaí d'aon sórt áirithe ainmhithe nó éanlaithe.

(2) Tabharfar tréada nó ealtaí atá dearbhghlan nó saor ó ghalar nó cibé tuairisc eile a fhorordóidh an tAire ar thréada nó ar ealtaí a chlárófar i gclár.

(3) Ní thabharfaidh duine—

(a) le tuiscint gur tréad nó ealta atá dearbhghlan nó soar ó ghalar tréad nó ealta áirithe nó gur de thuairisc fhorordaithe é mura mbeidh sé ar taifead sa chlár iomchuí nó i dtréad nó ealta atá saor ó ghalar atá i limistéar atá dearbhghlan nó saor ó ghalar, ná

(b) le tuiscint gurb as tréad nó ealta dearbhghlan nó saor ó ghalar aon ainmhí nó éan áirithe nó gur de thuairisc fhorordaithe é mura rud é gurb as tréad nó ealta ó atá ar taifead sa chlár iomchuí nó as tréad nó ealta saor ó ghalar i limistéar atá dearbhghlan nó saor é ghalar.

(4) Aon duine a sháróidh forálacha fho-alt (3) beidh sé ciontach i gcion.

(5) Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh maidir le clár agus go háirithe foráil maidir le—

(a) teideal an chláir,

(b) iarratas ar chlárú,

(c) cáilíochtaí agus coinníollacha le haghaidh clárú,

(d) ceanglais a bheidh le comhlíonadh chun clárú a choimeád,

(e) clárú a chealú,

(f) coinneáil an chláir agus fianaise ar an ábhar ann.

Tástáil, Marcáil, Etc.

Cumhachtaí daoine údaraithe agus oifigeach.

25. —(1) Chun galar d'Aicme B a scriosadh, féadfaidh duine údaraithe gach tráth réasúnach, ar a údarás a thaispeáint má iarrtar sin air—

(a) cibé scrúduithe agus tástálacha a dhéanamh maidir le haon ainmhithe nó éanlaithe agus cibé samplaí a thógáil, cibé vaicsín nó séaram a úsáid agus cibé marcanna a chur, is gá le réasún, nó de réir mar a bheidh ceangailte nó forordaithe leis an Acht seo nó ag an Aire;

(b) dul isteach ar aon talamh nó in áitreabh chun an scrúdú, an tástáil, an tsampláil nó an mharcáil sin a dhéanamh;

(c) a cheangal ar aon duine is úinéir nó duine i bhfeighil ainmhithe nó éanlaithe nó is úinéir nó áititheoir nó fostaí ar thailte nó áitreabh a ndeachthas isteach orthu nó ann amhlaidh cibé cabhair a thabhairt nó cibé treoracha a chur i gcrích de réir mar is gá le réasún chun an scrúdú, an tástáil, an tsampláil nó an mharcáil sin a dhéanamh nó cibé eolas a thabhairt is gá le réasún chun scriosadh an ghalair a chur chun cinn nó chun aon ordú faoin Acht seo a riaradh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “duine údaraithe”—

(a) cigire don Aire, nó

(b) tréidlia seachas cigire don Aire,

atá údaraithe i scríbhinn ag an Aire chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú.

(3) Beidh ag oifigeach don Aire nach cigire na cumhachtaí sin de chuid duine údaraithe faoin alt seo a údaróidh an tAire dó i scríbhinn a fheidhmiú.

Gluaiseacht agus Aistriú

Ainmhithe nó éanlaithe galraithe faoi bhealach.

26. —Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh—

(a) lena dtoirmiscfear nó lena rialálfar ainmhithe nó éanlaithe galraithe nó faoi amhras, nó aoileach nó aon ní eile ar dóigh dó galar a leathadh, a sheoladh nó a iompar nó a chur faoi deara iad a sheoladh nó a iompar ar iarnróid, canálacha, aibhneacha nó uiscebhealaí intíre, nó ar mhórbhóithre nó mórbhealaí, nó in árthaí, aerarthaí nó ar shlí eile;

(b) lena dtoirmiscfear nó lena rialálfar ainmhithe nó éanlaithe galraithe nó faoi amhras a cheannaireacht nó a thiomáint nó a chur faoi deara iad a cheannaireacht nó a thiomáint ar mhórbhóithre nó mórbhealaí nó in áit éigin eile;

(c) lena dtoirmiscfear nó lena rialálfar ainmhithe nó éanlaithe galraithe nó faoi amhras a lonnú nó a choimeád ar choimín nó ar thalamh neamhfhálta nó i bpáirceanna nó in áiteanna eile gan dóthain fáil, nó ar thaobhanna mórbhóthar;

(d) lena dtoirmiscfear nó lena rialálfar ainmhithe nó éanlaithe galraithe nó faoi amhras a thaispeáint ar mhargaí nó aontaí, i gclósanna díola, nó in áiteanna poiblí nó príobháideacha eile ina gcuirtear ainmhithe nó éanlaithe ar taispeáint de ghnáth lena ndíol;

(e) do dhéanamh forála i leith ainmhithe agus éanlaithe atá galraithe nó faoi amhras galar a bheith orthu—

(i) le linn dóibh a bheith ar taispeáint lena ndíol nó ar taisealbhadh ar mhargadh, aonach, i gclós díola, in áit taisealfa nó in áit éigin eile, nó

(ii) le linn dóibh a bheith i liasra nó in áit eile sula gcuirtear ar taispeáint iad lena ndíol, nó

(iii) le linn dóibh a bheith faoi bhealach nó i gcúrsa a n-aistriú de thalamh nó d'uisce, nó

(iv) le linn dóibh a bheith ar choimín nó ar thalamh neamhfhálta, nó

(v) le linn dóibh a bheith i seamlas nó in áit ina maraítear ainmhithe nó éanlaithe nó ina gcoimeádtar iad lena marú, nó

(vi) i gcoitinne, le linn dóibh a bheith in áit nach bhfuil ina sheilbh nó á háitiú nó faoina rialú ag úinéir na n-ainmhithe nó na n-éanlaithe;

(f) do dhéanamh forála i leith na n-iarmairtí faoin Acht seo i gcás ainmhithe nó éanlaithe a fháil sna háiteanna agus sna himthoscaí a luaitear san alt seo, i ndáil leis na háiteanna ina bhfaighfear na hainmhithe nó na héanlaithe amhlaidh agus aon ainmhithe nó éanlaithe eile atá nó a bhí nó a bheidh in aon cheann de na háiteanna réamhráite sin agus a raibh siad nó ar dóigh go raibh siad i dteagbháil leo.

Gluaiseacht ainmhithe, agus aontaí, margaí, etc., a rialáil.

27. —Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh—

(a) chun gluaiseacht ainmhithe nó éanlaithe ach amháin faoi cheadúnas agus aistriú conablach, farae, easrach, aoiligh, uibheacha agus nithe eile a thoirmeasc, a rialáil nó a shrianadh, chun úsáid uibheacha a thoirmeasc agus a rialáil, agus chun leithlisiú ainmhithe nó éanlaithe a bheifear tar éis a cheannach nó a allmhairiú a fhorordú agus a rialáil;

(b) lena bhforordófar agus lena rialálfar eisiúint agus tabhairt ar aird ceadúnas maidir le gluaiseacht agus aistriú ainmhithe, éanlaithe, uibheacha agus nithe;

(c) lena dtoirmiscfear nó lena rialálfar seoladh margaí, aontaí, taisealbhadh agus díolachán ainmhithe nó éanlaithe agus taispeáint ainmhithe agus éanlaithe acu;

(d) lena bhforordófar agus lena rialálfar glanadh agus dí-aicídiú áiteanna a úsáidtear chun margaí, aontaí, taisealbhadh nó díolacháin ainmhithe nó éanlaithe a sheoladh nó chun ainmhithe a liasradh, agus clósanna, cróite, stáblaí agus áiteanna eile a úsáidtear le haghaidh ainmhithe nó éanlaithe;

(e) lena bhforordófar agus lena rialálfar glanadh agus dí-aicídiú árthach, aerárthach, feithiclí, áiteanna, locanna agus feistis a úsáidtear le hainmhithe nó éanlaithe a iompar nó chun críocha a ghabhann leis sin;

(f) lena bhforordófar agus lena rialálfar na taifid a bheidh le coimeád de cheannach agus díol ainmhithe agus éanlaithe, an tslí ina gcoimeádfar na taifid sin agus na himthoscaí faoina dtabharfar, agus an t-údaras nó an duine dá dtabharfar, an t-ábhar a bheidh sna taifid sin.

Iompar ainmhithe agus éanlaithe.

28. —D'fhonn leathadh galair a chosc nó díobháil d'ainmhithe agus d'éanlaithe nó fulaingt ag ainmhithe agus ag éanlaithe a chosc féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh—

(a) lena rialálfar i gcoitinne iompar ainmhithe agus éanlaithe agus na coinníollacha faoina gcoimeádfar agus faoina láimhseofar ainmhithe agus éanlaithe ag aontaí, margaí, loganna margaí, liasraí, stáisiúin iarnróid agus áiteanna eile ina dtiomsaítear ainmhithe nó éanlaithe sula ndéantar iad a iompar, a loingsiú, a thaisealbhadh nó a mharú;

(b) lena gceanglófar agus lena rialálfar beatha agus uisce a sholáthar ag stáisiúin iarnróid, aontaí, margaí, loganna margaí, liasraí agus áiteanna ina dtiomsaítear ainmhithe nó éanlaithe le linn dóibh a bheith ag feitheamh lena gcur faoi bhealach, lena loingsiú, lena dtaisealbhadh nó lena marú;

(c) lena bhforordófar an tréimhse a gcaithfear beatha agus uisce a sholáthar d'ainmhithe nó d'éanlaithe a bheidh faoi bhealach nó a bheidh ag feitheamh lena gcur faoi bhealach, lena loingsiú, lena dtaisealbhadh nó lena marú agus na daoine a sholáthróidh an bheatha nó an t-uisce sin;

(d) lena bhforordófar déanamh, toisí agus cóiriú feithiclí agus aerárthach a úsáidtear chun ainmhithe nó éanlaithe a iompar agus déanamh, toisí agus cóiriú áitreabh agus áiteanna ina ndíoltar ainmhithe nó éanlaithe nó ina dtiomsaítear iad ar feitheamh lena gcur faoi bhealach, lena loingsiú nó lena marú;

(e) lena dtoirmiscfear, go hiomlán nó go coinníollach, árthach, feithicil, aerárthach, loc nó lias nó áit éigin eile ar gearradh fíneáil ar aon duine mar gheall ar chion faoin Acht seo ina leith nó i leith a úsáide, a a úsáid chun ainmhithe nó éanlaithe a iompar nó aon chríche a ghabhann leis sin;

(f) lena gceanglófar agus lena rialálfar eolas a chur ar fáil i leith ainmhithe agus éanlaithe a gheobhaidh bás nó a dhíobhílfar faoi bhealach nó in áiteanna ina ndíoltar agus ina gceannaítear ainmhithe nó ina dtiomsaítear iad ar feitheamh lena n-iompar, lena loingsiú, lena dtaisealbhadh nó lena marú.

Iompar ainmhithe agus éanlaithe de mhuir nó d'aer.

29. —Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh—

(a) chun ainmhithe agus éanlaithe a iomprófar de mhuir nó d'aer a chosaint ar fhulaingt gan riachtanas ar feadh an turais agus ar iad a chur i dtír;

(b) chun a áirithiú go mbeidh soláthar cuí beatha agus uisce agus aerú cuí ar fáil ag ainmhithe agus éanlaithe, a iomprófar de mhuir nó d'aer, le linn an turais agus ar iad a chur idtír;

(c) lena bhfordófar agus lena rialálfar déanamh agus feistis na gcodanna d'árthaí nó d'aerárthaí a úsáidtear chun ainmhithe nó éanlaithe a iompar;

(d) lena dtoirmiscfear ainmhithe nó éanlaithe a iompar ar aon árthach nó aerárthach sonraithe ar feadh cibé tréimhse is fóirsteanach leis an Aire;

(e) lena bhfórordofar agus lena rialálfar an fógra a bheidh le tabhairt maidir le hainmhithe nó éanlaithe a bheidh beartaithe a onnmhairiú;

(f) lena bhforordófar agus lena rialálfar na coinníollacha i dtaobh ainmhithe agus éanlaithe a choinneáil, scíth a thabhairt dóibh agus iad a iniúchadh sula n-onnmhaireofar iad;

(g) lena dtoirmiscfear ainmhithe nó éanlaithe a onnmhairiú ach amháin faoi cheadúnas.

Allmhairiú

Allmhairiú ainmhithe, éanlaithe, etc

30. —(1) Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh—

(a) lena dtoirmiscfear, ach amháin faoi cheadúnas, nó lena rialálfar ainmhithe nó éanlaithe, nó aon chineál sonraithe ainmhithe nó éanlaithe, nó conablaigh, uibheacha, táirgí ainmhithe nó éanlaithe (lena n-áirítear táirgí déanta as, nó ina mbeidh, táirgí ainmhithe nó éanlaithe, conablaigh nó uibheacha), farae, easair, aoileach nó ní eile a allmhairiú, nó a chur i dtír nó a thabhairt isteach i gcalafort nó in aeradróm sa Stát, i gcoitinne nó ó aon tír shonraithe nó ó aon chuid shonraithe d'aon tír den sórt sin;

(b) lena gceanglófar agus lena rialálfar dí-aicídiú ar dhaoine a thiocfaidh isteach sa Stát, ar a gcuid éadaí agus bagáiste agus cibé eolas a thabhairt i dtaobh a slí bheatha agus a n-imeachtaí roimhe sin de réir mar a theastóidh le réasún ón Aire.

(2) Aon uair a dhéanfar aon ainmhithe, éanlaithe, uibheacha nó earraí eile d'aon chineál ar bith a allmhairiú nó a chur i dtír nó a thabhairt isteach i gcalafort nó in aeradróm sa Stát contrártha d'ordú faoin Acht seo, féadfaidh oifigeach Custam agus Máil nó cigire a cheangal ar aon duine (arb é an t-allmhaireoir nó an carraeir lena mbaineann é) na hainmhithe, na héanlaithe, na huibeacha nó na hearraí eile sin a onnmhairiú laistigh de thréimhse áirithe, agus má mhainníonn an duine sin déanamh de réir an cheanglais sin beidh sé ciontach i gcion agus déanfar na hainmhithe agus na héanlaithe a mharú agus na hearraí a dhíothú mura n-ordóidh an tAire a mhalairt.

Stáisiúin choraintín.

31. —D'ainneoin aon ní san Acht seo, féadfaidh an tAire le hordú a cheadú ainmhithe, éanlaithe nó uibheacha a allmhairítear a chur i dtír lena n-iompar láithreach i cibé slí agus faoi réir cibé réamhchúramaí a fhorordóidh sé maidir le háitreabh nó cóiríocht a cheadóidh sé chun críocha coraintín agus dá ngairfear stáisiún coraintín.

Cosaint maidir le hAchtanna Custam.

32. —Ní dhéanfaidh aon ordú ná rialachán ná ní a dhéanfar de réir forálacha an Achta seo an t-allmhaireoir, an t-onnmhaireoir, ná aon duine eile a mbeidh baint aige le hallmhairiú, le cur i dtír nó le honnmhairiú aon ainmhí, éin, uibheacha nó ní eile a shaoradh ó cheanglais iomchuí na nAchtanna Custam a chomhlíonadh maidir leis an ainmhí, leis an éan, leis na huibheacha nó leis an ní eile lena mbainfidh.

Foráil maidir le hainmhithe agus éanlaithe a allmhaireofar, agus coraintín, etc.

33. —Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh maidir le hainmhithe, éanlaithe, uibheacha, conablaigh, farae, easair, aoileach nó nithe eile a allmhaireofar—

(a) lena bhforordófar agus lena rialálfar gluaiseacht ainmhithe, éanlaithe, uibheacha, conablach, farae, easrach, aoiligh nó nithe eile a allmhaireofar;

(b) lena bhforordófar agus lena rialálfar coinneáil agus leithlisiú ainmhithe, éanlaithe agus nithe in áitribh áirithe nó i gcodanna áirithe d'áitribh áirithe;

(c) lena bhforordófar agus lena rialálfar marú agus diúscairt ainmhithe agus éanlaithe a allmhaireofar go mídhleathach;

(d) lena bhforordófar go bhféadfar uibheacha, conablaigh, farae, easair, aoileach agus nithe eile a allmhaireofar faoi cheadúnas a dhíothú nó a dhiúscairt ar shlí eile mar a ordóidh an tAire;

(e) lena ndéanfar forordú i dtaobh aon tástáil ghalair nó aon chóireáil ghalair a chur ar aon ainmhí nó éan a allmhaireofar;

(f) lena ndéanfar forordú i dtaobh maoirsiú agus rialú ainmhithe, éanlaithe nó uibheacha i stáisiún coraintín nó i gcúrsa a n-iompar chuige agus i dtaobh a ngluaiseacht, nó toirmeasc a chur lena ngluaiseacht, isteach i stáisiún coraintin nó amach as;

(g) lena ndéanfar forordú i dtaobh marú ainmhithe agus éanlaithe agus díothú uibheacha i stáisiún coraintín i gcás galair, i dtaobh cúiteamh a íoc agus úineireacht na gconablach a chinneadh i gcás ainmhithe agus éanlaithe a mharófar amhlaidh.

Poirt. aeradróim, áiteanna curtha i dtír agus ainmhithe a allmhaireofar a rialáil.

34. —Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh—

(a) lena bhforordófar—

(i) na calafoirt, na haeradróim agus na háiteanna curtha i dtír ina bhféadfar, agus arb iontu amháin a fhéadfar, ainmhithe agus éanlaithe a bheidh á n-allmhairiú a chur i dtír;

(ii) na haeradróim a fhéadfar a úsáid, agus arb iad amháin a fhéadfar a úsáid, ag aerárthach a bheidh ag iompar ainmhithe a bheidh á n-allmhairiú;

(b) lena sonrófar teorainneacha áiteanna curtha i dtír chun críocha an Achta seo, agus

(c) lena sonrófar codanna de chalafoirt nó d'aeradróim.

Galar Scrathach Caorach

Galar scrathach caorach a chosc.

35. —(1) Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh—

(a) lena bhforordófar, lena rialálfar agus lena n-áiritheofar cóireáil a chur go tréimhsiúil ar gach uile chaora le dipeáil éifeachtach nó le leigheas éigin eile don ghalar scrathach caorach a úsáid;

(b) lena bhforordófar agus lena rialálfar modh na cóireála sin;

(c) lena bhforálfar nach bhféadfar ach na dipeanna nó na leigheasanna sin a bheidh ceadaithe ag an Aire a úsáid chun críche an ailt seo.

(2) Féadfaidh cigire don Aire agus, má bhíonn sé údaraithe amhlaidh le hordú ón Aire, féadfaidh cigire d'údarás áitiúil, faoi réir ordacháin ón údarás a cheapfaidh an cigire, agus chun críocha aon ordú faoi fho-alt (1), dul isteach in aon áitreabh agus aon chaora ann a scrúdú.

(3) Comhlíonfaidh an t-úinéir agus an duine a bheidh i bhfeighil aon chaora ceanglais réasúnacha uile an chigire maidir le bailiú agus locadh na caorach agus cuirfidh sé gach saoráid réasúnach ar fáil don chigire chun an chaora a scrúdú.

(4) Féadfaidh údarás áitiúil, umair dhipeála iniompair nó, le ceadú an Aire, ionaid dipeála, a chur ar fáil, a fheistiú agus a chothabháil, agus úsáid an chéanna, agus gach fearas agus ábhar a ghabhann de riachtanas leo, a thabhairt don phobal ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás áitiúil, agus cuirfidh údarás áitiúil aon suimeanna a gheobhaidh siad i leith na húsáide sin chun feidhme lena gcaiteachais faoin Acht seo a ghlanadh.

(5) Ní údáidfear aon ionad dipeála chun críocha an ailt seo má dhéanann an úsáid sin díobháil don uisce in aon sruthán, taiscumar, uiscrian, tobar, linn nó áit ar bith eile a rinneadh nó a úsáidtear chun uisce óil nó le haghaidh tí a chur ar fáil.

CUID III

Feidhmeanna Údarás Áitiúil

Dualgais údarás áitiúil.

36. —Déanfaidh gach údarás áitiúil an tAcht seo agus gach ordú ón Aire a fhorghníomhú agus a chur i bhfeidhm sa mhéid go mbeidh siad le forghníomhú agus le cur i bhfeidhm ag údaráis áitiúla.

Mainneachtain ag údaráis áitiúla.

37. —(1) Má mhainníonn údarás áitiúil aon cheann d'fhorálacha an Achta seo nó d'ordú ón Aire a fhorghníomhú nó a chur i bhfeidhm féadfaidh an tAire le hordú cumhacht a thabhairt do dhuine a ainmneofar san ordú sin na forálacha sin a fhorghníomhú agus a chur i bhfeidhm nó a chur faoi deara go bhforghníomhófar agus go gcuirfear i bhfeidhm iad.

(2) Is caiteachais de chuid an údaráis áitiúil na caiteachais sin faoina rachaidh an tAire nó faoina rachfar thar a cheann faoi aon ordú den sórt sin nó i leith aon mhainneachtana den sórt sin, agus íocfaidh an cuntasóir nó oifigeach cuí éigin de chuid an údaráis áitiúil méid na gcaiteachas sin leis an Aire ar iad a éileamh, agus má mhainnítear iad a íoc féadfaidh duine a cheapfaidh an tAire chun agra a dhéanamh ina leith sin méid na gcaiteachas sin a ghnóthú ón údarás áitiúil.

(3) Chun críocha an ailt seo beidh ordú ón Aire dochloíte maidir le haon mhainneachtain, le méid na gcaiteachas nó le haon ábhar eile a bheidh luaite nó foilsithe ann.

(4) Is forálacha iad forálacha an Achta seo atá gan dochar do cheart nó do chumhacht an Aire, nó aon údaráis eile nó aon duine chun aon imeachtaí eile a thionscnamh chun a cheangal ar údarás áitiúil aon cheann d'fhorálacha an Achta seo nó d'ordú faoi a fhorghníomhú nó a chur i bhfeidhm.

Cumhacht chun a údarú d'údaráis áitiúla rialacháin a dhéanamh.

38. —Féadfaidh an tAire cibé orduithe is oiriúnach leis a dhéanamh á ordú nó á údarú d'údarás áitiúil rialacháin a dhéanamh chun aon cheann de chríocha an Achta seo nó d'aon ordú faoi.

Údaráis áitiúla do mharú ainmhithe agus éanlaithe.

39. —(1) Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh á ordú nó á údarú i gcás galar nó amhras i dtaobh galar a bheith ann agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh sé, go ndéanfaidh údaráis áitiúla ainmhithe agus éanlaithe a mharú agus conablaigh agus uibheacha nó nithe eile a dhíothú, i gcoitinne nó i gcásanna áirithe, agus go n-íocfaidh údaráis áitiúla cúiteamh, i ngach cás nó in aon chás den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire le horduithe den sórt sin a ordú nó a údarú go marófar ainmhithe agus éanlaithe a bhfuil galar orthu iarbhír agus freisin ainmhithe nó éanlaithe atá faoi amhras galair nó go bhfuil nó go raibh siad sa pháirc, sa chró nó san áit chéanna nó sa tréad nó san ealta céanna nó go raibh teagbháil acu ar shlí eile le hainmhithe a bhí i ngalar nó go bhfuil nó go raibh siad i mbealach a n-aicídithe le galar.

Rialacháin údarás áitiúil.

40. —(1) Féadfar rialachán de chuid údaráis áitiúil a chruthú—

(a) trí nuachtán a thabhairt ar aird a airbheartaíonn an rialachán a bheith ann mar fhógra, nó

(b) trí chóip den rialachán a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag rúnaí an údaráis áitiúil a thabhairt ar aird.

(2) Glacfar gur go cuí a rinneadh rialachán a chruthófar amhlaidh, mura gcruthófar agus go dtí go gcruthófar a mhalairt.

Feidhmeanna údaráis áitiúil i leith orduithe, etc.

41. —(1) Déanfaidh údarás áitiúil, ar a chostas féin, gach ordú ón Aire agus gach ceadúnas nó ionstraim eile a chuirfidh an tAire chuige le foilsiú, a fhoilsiú i cibé slí a ordóidh an tAire, agus faoi réir agus in éagmais aon ordacháin, trí fhógra i nuachtán a léitear i gceantar an údaráis áitiúil.

(2) Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht ná d'éifeacht ordú ón Aire nó ceadúnais nó ionstraime eile a eiseoidh an tAire an céanna a fhágáil gan foilsiú nó locht nó mírialtacht a bheith in aon fhoilsiú a dhéanfar air.

CUID IV

Riarachán

Cumhachtaí ginearálta cigirí.

42. —(1) Chun críocha an Achta seo beidh ag cigire na cumhachtaí go léir atá ag comhalta den Gharda Síochána faoin Acht seo san áit a mbeidh an cigire ag gníomhú.

(2) Féadfaidh an cigire tráth ar bith dul isteach ar aon talamh nó in aon áitreabh, cró, loc, nó áit a mbeidh foras réasúnach aige chun a mheas—

(a) go bhfuil galar ann nó go raibh galar ann laistigh de shé lá is caoga, nó

(b) go bhfuil nó go raibh conablach ainmhí nó éin ghalraithe nó faoi amhras ar coinneáil ann, nó go ndearnadh é a chur, a dhíothú nó a dhiúscairt ar shlí eile ann, nó

(c) go bhfaighfear ann aon ainmhí, éan, loc, áit, feithicil nó ní ar mhainnigh aon duine ar aon ócáid forálacha an Achta seo nó ordaithe ón Aire nó rialacháin de chuid údaráis áitiúil a chomhlíonadh ina leith, nó

(d) go bhfuil an tAcht seo nó ordú ón Aire nó rialachán de chuid údaráis áitiúil gan chomhlíonadh ann.

(3) Féadfaidh cigire dul isteach aon uair in aon loc, feithicil, árthach, bád nó aerárthach a mbeidh foras réasúnach aige chun a mheas go bhfuil an tAcht seo nó ordú ón Aire nó rialachán de chuid údaráis áitiúil gan chomhlíonadh ann nó ina leith.

(4) Féadfaidh cigire aon ainmhithe nó éanlaithe a scrúdú ar aon talamh, in aon fhoirgneamh, áit, loc, feithicil, árthach, bád nó aerárthach a rachaidh sé isteach ann faoin alt seo; agus comhlíonfaidh úinéirí aon ainmhithe nó éanlaithe den sórt sin gach ceanglas réasúnach de chuid an chigire agus cuirfidh siad gach saoráid réasúnach ar fáil chun críocha an scrúdaithe sin.

(5) Aon chigire a rachaidh isteach amhlaidh mar a údaraítear leis an alt seo, tabharfaidh sé ráiteas i scríbhinn i dtaobh na bhfáthanna atá aige le dul isteach agus taispeánfaidh sé a cheapachán, má éilíonn úinéir nó áititheoir nó duine éigin eile a bheidh i bhfeighil na talún, an fhoirgnimh, na háite, an loca, na feithicle, an árthaigh, an bháid, nó an aerárthaigh é.

(6) Beidh deimhniú ó chigire nó ó dhuine údaraithe eile á dheimhniú go bhfuil nó go raibh galar a bheidh sonraithe sa deimhniú ar ainmhí nó ar éan, ina fhianaise dhochloíte, chun críocha an Achta seo, ar an ábhar a bheidh sa deimhniú.

(7) Beidh cumhachtaí cigire ar fud an Stáit nó ar feadh na coda de dá mbeidh sé ceaptha go speisialta ag cigire don Aire.

(8) D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú, i gcoitinne nó maidir le haon ainmhithe nó éanlaithe áirithe nó aon ghalair áirithe, cumhachtaí cigirí de chuid údaráis áitiúil faoin Acht seo a shrianadh.

Cumhachtaí chun árthaí, agus aerárthaí a choinneáil.

1894, c. 60.

1936, Uimh. 40 .

43. —(1) Más deimhin le cigire de chuid an Aire go bhfuil an tAcht seo nó ordú ón Aire nó rialachán de chuid údaráis áitiúil gan chomhlíonadh ar bord árthaigh i gcalafort nó aerárthaigh in aeradróm ansin, ar uiríoll i scríbhinn chuige sin ón gcigire ina dtabharfar sonraí faoin neamhchomhlíonadh, féadfar an t-árthach nó an t-aerárthach a choinneáil go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach a bheidh ag coinneáil an árthaigh nó an aerárthaigh cóip den uiríoll a sheachadadh láithreach do mháistir an árthaigh, don phíolóta a bheidh i gceannas an aerárthaigh nó don duine eile a bheidh i bhfeighil an árthaigh nó an aerárthaigh agus don oifigeach cuí Custam agus Máil.

(3) Beidh feidhm ag alt 692 den Merchant Shipping Act, 1894, agus ag ailt 64 agus 65 den Acht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 , de réir mar is cuí, i gcás coinneála den sórt sin amhail is dá mba faoi na hAchtanna sin a údaraíodh nó a ordaíodh é.

Caiteachais chun conablaigh a thiocfaidh faoi thír a chur.

44. —(1) I gcás ina ndéanfar conablach a thiocfaidh faoi thír a chur nó a dhíothú ar ordú ó ghlacadóir raice agus le húdarás ón Aire Iompair agus Cumhachta, is caiteachais de chuid an údaráis áitiúil na caiteachais a bhainfidh leis an gcéanna agus íocfaidh an t-údarás áitiúil iad leis an nglacadóir ar iad a éileamh agus, má mhainnítear iad a íoc, féadfaidh an glacadóir na caiteachais sin mar aon le costais a ghnóthú ón údarás áitiúil.

(2) I gcás ina mbeidh údarás áitiúil tar éis dul faoi aon chaiteachais faoin alt seo chun conablach aon ainmhí, a ndearnadh é féin nó a chonablach a chaitheamh nó a scuabadh thar bord d'aon árthach, a chur nó a dhíothú, dlífidh úinéir an árthaigh na caiteachais sin a aisíoc leis an údarás áitiúil; agus féadfaidh an t-údarás áitiúil na caiteachais sin agus costais a ghnóthú sa tslí chéanna ina ndéantar tarrthálas a ghnóthú.

Cumhachtaí chun breis cigirí a cheapadh, etc.

45. —Féadfaidh an tAire, d'fhonn an tAcht seo a fhorghníomhú, cibé cigirí breise, luachálaithe breise agus daoine breise a cheapadh, ar cibé luach saothair, agus dul faoi cibé caiteachais, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, a mheasfaidh an tAire is gá.

Cumhachtaí agus dualgais an Gharda Síochána.

46. —(1) Déanfaidh an Garda Síochána an tAcht seo, gach ordú ón Aire agus gach rialachán de chuid údaráis áitiúil a fhorghníomhú agus a chur i bhfeidhm.

(2) Má fheictear nó má fhaightear duine, nó má mheastar le réasún é a bheith, ag déanamh ciona faoin Acht seo, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, gan bharántas, é a stopadh agus a choinneáil; agus murab eol don chomhalta sin a ainm agus a sheoladh, féadfaidh an comhalta é a ghabháil gan bharántas; agus féadfaidh an comhalta sin, cibé acu a dhéanfaidh sé nó nach ndéanfaidh sé an duine sin a stopadh nó a choinneáil nó a ghabháil amhlaidh, aon ainmhí, feithicil, bád nó ní lena mbainfidh an cion nó an t-amhras ciona a stopadh, a choinneáil agus a scrúdú agus féadfaidh sé a cheangal go dtabharfar ar ais láithreach é go dtí nó isteach go dtí aon áit nó ceantar ónar aistríodh é go mídhleathach, agus féadfaidh sé an ceanglas sin a fhorghníomhú agus a chur i bhfeidhm.

(3) Má dhéanann aon duine bac nó cosc nó má chabhraíonn sé chun bac nó cosc a chur ar chomhalta den Gharda Síochána agus an tAcht seo nó ordú ón Aire nó rialachán de chuid údaráis áitiúil á fhorghníomhú aige, féadfaidh an comhalta, gan bharántas, an ciontóir a ghabháil.

CUID V

Cionta agus Imeachtaí Dlíthiúla

Cionta a ionchúiseamh.

47. —Féadfaidh an tAire cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.

Cionta nach mbeidh ach fineáil le gearradh ina leith mura ndéanfar an cion athuair laistigh de dhá mhí dhéag.

48. —(1) Má dhéanann aon duine, gan údarás nó leithscéal dleathach a mbeidh a chruthú air féin, aon ní acu seo a leanas, beidh sé ciontach i gcion—

(a) má dhéanann sé aon ní contrártha don Acht seo, nó d'ordú ón Aire nó do rialachán de chuid údaráis áitiúil; nó

(b) más rud é, i gcás ina mbeidh sé faoi cheangal ag an Acht seo nó ag ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi, ainmhí nó éan a choimeád ar leithligh a mhéid is féidir é nó fógra i dtaobh galair a thabhairt a luaithe is féidir é, go mainneoidh sé déanamh amhlaidh; nó

(c) má mhainníonn sé aon fhógra, ceadúnas, riail nó ní a thabhairt, a thabhairt ar aird, a urramú nó a dhéanamh a cheanglaítear leis an Acht seo, nó le hordú ón Aire, nó le rialachán de chuid údaráis áitiúil nó ag duine údaraithe a thabhairt, a thabhairt ar aird, a urramú, nó a dhéanamh; nó

(d) má dhéanann sé aon ní a dhéantar mídhleachath nó a dhearbhaítear a bheith mídhleathach leis an Acht seo nó le hordú ón Aire; nó

(e) má dhéanann sé nó má fhágann sé gan déanamh aon ní a ndearbhaítear leis an Acht seo nó le hordú ón Aire gur cion é a dhéanamh nó é a fhágáil gan déanamh; nó

(f) má dhiúltaíonn sé cead a thabhairt do chigire nó d'oifigeach nó do dhuine údaraithe eile ag gníomhú dó ag forghníomhú an Achta seo nó ordaithe ón Aire nó rialacháin de chuid údaráis áitiúil dul isteach ar aon talamh nó in aon fhoirgneamh, áit, árthach, loc, feithicil, bád, aerárthach a mbeidh an cigire nó an t-oifigeach i dteideal dul isteach air nó ann nó é a scrúdú nó má chuireann sé bac nó cosc air ag dul isteach nó ag scrúdú dó amhlaidh nó má chuireann sé bac nó cosc in aon slí eile ar chigire nó ar chomhalta den Gharda Síochána a bheidh ag déanamh a dhualgais, nó má chabhraíonn sé le haon bhac nó cosc den sórt sin; nó

(g) má chaitheann sé nó má chuireann sé, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé go gcaithfear nó go gcuirfear, amach in aon abhainn, sruthán, uiscebhealach canálach, nó aon uisce eile, nó amach san fharraige i bhfogas trí mhíle don chladach conablach ainmhí nó éin a fuair bás de ghalar, nó a maraíodh de bhíthin é bheith galraithe nó faoi amhras; nó

(h) má dhiúltaíonn sé nó má mhainníonn sé aon eolas a bheidh aige a thabhairt nuair a cheanglófar go cuí air faoin Acht seo sin a thabhairt nó má thugann sé go toiliúil nó go faillíoch eolas bréagach nó míthreorach.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.

(3) Má dhéanann duine a ciontaíodh i gcion faoi aon mhír d'fho-alt (1) cion breise faoin mír chéanna laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an chiontaithe sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair agus de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí a chur air in ionad na fíneála a dhlitear a chur air faoi fho-alt (2).

Cionta a ngearrfar fíneáil nó príosúnacht ina leith i ngach cás.

49. —(1) Má dhéanann duine aon ní acu seo a leanas, beidh sé ciontach i gcion—

(a) má dhéanann sé, d'fhonn an tAcht seo nó ordú ón Aire nó rialachán de chuid údaráis áitiúil a sheachaint, aon ní ar gá ceadúnas chuige faoin Acht seo, nó faoi ordú ón Aire nó faoi rialachán de chuid údaráis áitiúil, gan ceadúnas a fháil; nó

(b) má dhéanann sé, i gcás inar gá ceadúnas, agus tar éis dó an ceadúnas sin a fháil agus ar an intinn chéanna, an ní a ceadúnaíodh tar éis don cheadúnas dul in éag; nó

(c) má úsáideann sé nó má thairgeann sé mar cheadúnas iomlán, nó ionstraim a airbheartaíonn nó a dheal-raíonn go neamhfhírinneach gur ceadúnas é nó má dhéanann sé iarracht ar ionstraim den sórt sin a úsáid, mura suífidh sé chun sástacht na cúirte nárbh fheasach dó an neamhiomláine nó an bhréag sin agus nach bhféadfadh sé le dúthracht réasúnach fios a fháil faoi; nó

(d) má dhéanann sé ceadúnas, dearbhú, deimhniú, nó ionstraim a rinneadh nó a eisíodh, nó a airbheartaíonn a bheith arna dhéanamh nó arna eisiúint, faoi réim nó chun aon chríche de chuid an Achta seo nó ordú ón Aire nó de rialachán de chuid údaráis áitiúil, a athrú, nó a dhéanamh go bréagach, nó a réamhdhátú, nó a ghóchumadh nó a thairiscint nó a rith, agus a fhios aige gur athraíodh é, gur go bréagach a rinneadh é, nó go ndearnadh é a réamhdhátú nó a ghóchumadh; nó

(e) má dhéanann sé, d'fhonn ceadúnas, deimhniú nó ionstraim a fháil, dearbhú nó raiteas a bheidh bréagach in aon phonc ábhartha, mura suífidh sé chun sástacht na cúirte nárbh eol dó é a bheith bréagach amhlaidh agus nach bhféadfadh sé le dúthracht réasúnach fios a fháil faoi; nó

(f) má fhaigheann sé ceadúnas, deimhniú nó ionstraim den sórt sin, nó má dhéanann sé iarracht a leithéid a fháil, trí dhúmas bréige, mura suífidh sé chun sástacht na cúirte nárbh eol dó é a bheith bréagach, agus nach bhféadfadh sé le dúthracht réasúnach fios a fháil faoi; nó

(g) má dheonaíonn sé nó má eisíonn sé ceadúnas, deimhniú nó ionstraim den sórt sin a bheidh bréagach in aon dáta nó aon phonc ábhartha eile, mura suífidh sé chun sástacht na cúirte nárbh eol dó é a bheith bréagach amhlaidh, agus nach bhfeadfadh sé le dúthracht réasúnach fios a fháil faoi, nó má dheonaíonn sé nó má eisíonn sé ceadúnas, deimhniú nó ionstraim den sórt sin gan údarás dleathach a bheith aige, agus a fhios aige nach bhfuil údarás dleathach aige, é a dheonú nó a eisiúint; nó

(h) má dheonaíonn sé nó má eisíonn sé, le hintinn an tAcht seo nó ordú ón Aire, nó rialachán de chuid údaráis áitiúil, a sheachaint nó a chur ar neamhní, ionstraim a bheidh i bhfoirm cheadúnais, deimhnithe nó ionstraime arna dhéanamh nó arna eisiúint faoin Acht seo nó faoi ordú ón Aire nó faoi rialachán den chuid údaráis áitiúil, chun gluaiseacht ainmhí áirithe nó éin áirithe nó déanamh aon ní áirithe eile a cheadú nó a rialáil, ach a bheidh arna heisiúint bán, is é sin, nach mbeidh sí, sula n-eiseofar í, líonta isteach sa chaoi go sonraíonn sí aon ainmhí áirithe nó aon ní áirithe; nó

(i) má úsáideann sé nó má thairgeann sé ionstraim a eiseofar bán amhlaidh, nó má fhéachann sé le hionstraim den sórt sin a úsáid, chun aon chríche de chuid an Achta seo nó d'ordú ón Aire nó de rialachán de chuid údaráis áitiúil, mura suífidh sé chun sástacht na cúirte nárbh eol dó í a bheith arna heisiúint bán amhlaidh agus nach bhféadfadh sé le dúthracht réasúnach fios a fháil faoi; nó

(j) má fhaigheann sé cúiteamh, nó má fhéachann sé cúiteamh a fháil, ón Aire trí aon chalaois nó dúmas bréige i leith ainmhí nó éan a mharófar nó aon chonablach nó uibheacha a dhíothófar, nó má chabhraíonn sé nó má neartaíonn sé le haon duine in aon chalaois nó dúmas bréige den sórt sin; nó

(k) má bhaineann sé as talamh, nó má chuireann sé faoi deara go mbainfear as talamh, conablach a cuireadh ar ordachán ón Aire nó ó údarás áitiúil nó ó ghlacadóir raice, gan údarás nó leithscéal dleathach a mbeidh a chruthú air féin; nó

(l) más rud é, i gcás ina mbeidh sé toirmiscthe, go hiomlán nó go coinníollach ag an Aire le hordú, árthach, feithicil, aerárthach nó loc nó áit a úsáid chun ainmhithe nó éin a iompar nó chun aon chríche a bhainfidh leis sin, go ndéanfaidh sé, gan údarás nó leithscéal dleathach, a mbeidh a chruthú air féin, aon ní a bheidh toirmiscthe amhlaidh.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí a chur air.

Achomharc in aghaidh orduithe a dhéanfar de dhroim gearáin.

[cf 1955 Uimh. 10 a. III.]

50. —Aon duine arb éagóir leis ordú a dhéanfaidh an Chúirt Dúiche ar ghearán faoin Acht seo a chinneadh féadfaidh sé achomharc a dhéanamh ina aghaidh chun breitheamh na Cúirte Cuarda arb ina chuairt don teach cúirte inar tugadh cinneadh na Cúirte Dúiche, agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh an bhreithimh.

Imeachtaí faoi na hAchtanna Custam i ngeall ar ainmhithe, etc., a chur i dtír nó a loingsiú go mídhleathach.

51. —(1) Má dhéanann aon duine, nó má dhéanann sé iarracht, ainmhí, éan nó ní a chur i dtír nó a loingsiú contrártha don Acht seo nó d'ordú ón Aire, dlífear, faoi réim agus de réir na hAchtanna Custam, na pionóis a chur air a fhorchuirtear ar dhaoine a dhéanann, nó a dhéanann iarracht, earraí a onnmhairiú nó a allmhairiú a bhfuil sé toirmiscthe, faoi réim nó de réir na nAchtanna Custam, iad a allmhairiú nó a onnmhairiú, ach sin gan dochar d'aon imeacht ina aghaidh i leith ciona faoin Acht seo.

(2) Déanfar an t-ainmhí, an t-éan nó an ní arb ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh faoi réim agus de réir na nAchtanna Custam mar a dhéantar i gcás earraí a bhfuil sé toirmiscthe faoi réim agus de réir na nAchtanna Custam iad a allmhairiú.

Forálacha ginearálta i dtaobh nós imeachta.

52. —(1) I gcás ina ndéanfar úinéir nó duine a bheidh i bhfeighil ainmhí nó éin a chúiseamh i gcion faoin Acht seo maidir le galar nó aon tinneas a bheidh ar an ainmhí nó ar an éan, toimhdeofar gurbh eol dó an galar nó an tinneas a bheith ann mura suífidh sé chun sástacht na cúirte nach raibh an t-eolas sin aige agus nach bhféadfadh sé le dúthracht réasúnach an t-eolas sin a fháil.

(2) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin Acht seo toisc nach ndearna sé aon áit, árthach, feithicil, aerárthach nó ní ba leis féin nó a raibh sé ina fheighil a ghlanadh nó a dhí-aicidiú go cuí, agus go dtógfar toimhde ina aghaidh ó thaobh an ionchúisimh, beidh air a chruthú go ndearnadh an céanna a ghlanadh agus a dhí-aicídiú go cuí.

(3) Measfar gach cion faoin Acht seo a dhéanamh, agus measfar gach cúis ghearáin nó ábhar le haghaidh imeachta faoin Acht seo nó faoi ordú ón Aire nó faoi rialachán de chuid údaráis áitiúil tarlú, in aon áit ina ndearnadh an cion nó inar tharla sé iarbhír, nó in aon áit ina mbeidh an duine a bheidh cúisithe nó a mbeidh gearán déanta ina aghaidh nó a mbeidh imeachtaí tionscanta ina aghaidh an tráth a thionscnófar nó a thosófar an cúiseamh, an gearán nó an imeacht.

Fianú ionstraimí agus a bhfoirm agus a seirbheáil.

53. —(1) In aon imeacht faoin Acht seo ní gá cruthúnas ar cheapachán ná lámhscríbhneoireacht chigire nó oifigigh eile de chuid an Aire nó rúnaí, chigire nó oifigigh eile de chuid údaráis áitiúil.

(2) Ní foláir gach fógra faoin Acht seo nó faoi ordú nó rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo a bheith i scríbhinn.

(3) Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh d'fhorordú agus do rialáil foirm agus modh seirbhéala nó seachadtha fógraí agus ionstraimí eile.

(4) Féadfar aon fhógra nó aon ionstraim eile faoin Acht seo nó faoi ordú ón Aire nó faoi rialachán de chuid údaráis áitiúil a sheirbheáil ar an duine dá ndéanfaidh sé difear, trína sheachadadh dó go pearsanta, nó trína fhágáil dó san áit chónaithe nó ghnó is déanaí is eol a bheith aige nó trína dhíriú chuige leis an bpost i gclúdach réamhíoctha go dtí an áit sin.

(5) Féadfar, ach amháin nuair a chuirfear leis an bpost é, fógra nó ionstraim eile a bheidh le seirbheáil ar áititheoir aon fhoirgnimh, talún nó áite a dhíriú chuige faoin teideal áititheoir an fhoirgnimh, na talún nó na háite sin, gan é a ainmniú ná a thuairisciú thairis sin; agus, i gcás ina mbeidh sé le seirbheáil ar áititheoirí éagsúla foirgneamh, tailte nó áiteanna éagsúla, féadfar, ach amháin nuair a chuirfear leis an bpost é, é a dhíriú chucu i dteannta a chéile faoi theideal áititheoirí na bhfoirgneamh, na dtailte nó na n-áiteanna éagsúla sin, gan iad a ainmniú ná a thuairisciú thairis sin ach amháin cóipeanna ar leith de a sheirbheáil orthu go leithleach.

CUID VI

Ilghnéitheach

Srianta le díol agus onnmhairiú beithíoch adharcach.

54. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine, cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú ná tar éis an lae sin, aon bheithígh adharcaca a dhíol, ná a thairiscint ná a thaispeáint lena ndíol ná a onnmhairiú ná a thaispeáint lena n-onnmhairiú.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú aon aicme nó cineál áirithe beithíoch a eisceadh ó fheidhm fho-alt (1).

Leasú ar an Acht um Olainn Ghlain, 1947 ,

1947, Uimh. 27 .

55. —Ní bhainfidh ailt 7 agus 8 den Acht um Olainn Ghlain, 1947 , (a thoirmeascann dipeanna caorach de chineál áirithe a mhonarú nó déileáil leo) le dipeanna arna gceadú ag an Aire faoi údarás reachtúil.

Orduithe i dtaobh madraí.

56. —Féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh—

(a) lena bhforordófar agus lena rialálfar cur féastrach ar mhadraí agus coimeád madraí faoi smacht;

(b) d'fhorordú coiléar nó úim a bheith ar mhadraí agus ainm agus seoladh an úinéara a bheith greannta ar an gcéanna nó ar phláta nó ar shuaitheantas a bheidh daingnithe den chéanna agus dá rialáil sin;

(c) d'fhonn ciapadh ainmhithe a chosc, do chosc madraí, nó aon chineál madraí, ó bheith ag fanaíocht le linn na n-uaire go léir, nó le linn aon chuid de na huaire, idir luí gréine agus éirí gréine;

(d) d'fhoráil go bhféadfar aon mhadra a mbeidh cion á dhéanamh ina leith, in aghaidh forálacha a rinneadh faoi mhír (b) nó (c), a cheapadh agus déileáil leis mar mhadra fáin faoi na hachtacháin a bhaineann le madraí;

(e) d'fhorordú agus do rialáil ceapadh, coinneáil agus diúscairt (lena n-áirítear marú) madraí fáin agus madraí gan féastrach, agus madraí nach mbeidh á gcoimeád faoi smacht, agus gnóthú na gcaiteachas faoina ndeachthas i leith coinneála ó úinéirí na madraí.

Bainne deighilte a phaistéaradh.

1924, Uimh. 58 .

1957, Uimh. 14 .

57. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh faoin Acht Tora Déiríochta, 1924 , á cheangal go mbeidh i ngach áitreabh nó in aon áitreabh atá cláraithe i gclár na n-uachtarlann nó i ngach áitreabh nó in aon áitreabh atá cláraithe i gclár na stáisiún deighilte uachtair gléasra chun bainne deighilte a phaistéaradh agus féadfaidh sé, leis na rialacháin sin, a ordú cad é an modh agus cad é an chuma, ar gach slí, ina ndéanfar bainne deighilte a phaistéaradh agus cad iad na taifid a bheidh le coimeád maidir leis sin agus a cheangal go gcoimeádfar na taifid sin chun a n-iniúchta agus go gcuirfear ar fáil iad chun a n-iniúchta.

(2) I gcás ina mbeifear tar éis rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) maidir le háitreabh atá cláraithe i gclár na n-uachtarlann, déanfar an bainne deighilte go léir is gá de réir na rialachán sin a phaistéaradh san áitreabh sin a phaistéaradh de réir na rialachán sin.

(3) I gcás go mbeifear tar éis rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1) maidir le háitreabh atá cláraithe i gclár na stáisiún deighilte uachtair, déanfar an bainne deighilte go léir is gá de réir na rialacháin sin a phaistéaradh san áitreabh sin a phaistéaradh de réir na rialachán sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “bainne deighilte” an chuid sin den bhainne a bhíonn fágtha tar éis an gheir nó formhór na geire a bhaint as.

(5) Forléireofar an t-alt seo agus an tAcht Tora Déiríochta, 1924 , mar aon ní amháin.

(6) Is alt in ionad alt 4 den Acht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957 , a aisghairtear leis an Acht seo an t-alt seo.

Forálacha maidir le cúiteamh.

58. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le cúiteamh faoi alt 17 nó 22.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú agus le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) foráil a dhéanamh do rialáil déanamh agus cinneadh iarratas ag iarraidh cúitimh agus an mhodha ina ndéanfar cúiteamh a mheasúnú agus a íoc;

(b) foráil a chur isteach chun cúiteamh a shocrú trí chomhaontú idir an t-iarratasóir agus an tAire nó, mura gcomhaontófar amhlaidh, ag luachálaí a cheapfaidh an t-iarratasóir agus an tAire trí chomhaontú nó, mura gcomhaontófar amhlaidh, ag luachálaí a cheapfaidh an tAire;

(c) foráil a chur isteach, i gcás ina ndíospóidfidh an t-iarratasóir cinneadh an iarratais, chun go socrófar an díospóid trí eadráin.

(3) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin Acht seo maidir le haon ainmhithe nó éanlaithe a mharófar nó a ngabhfar seilbh orthu, nó conablaigh nó uibheacha a dhíothófar, faoin Acht seo, ansin, mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe sin, ní bheidh sé i dteideal cúiteamh a fháil i leith na n-ainmhithe, na n-éanlaithe, na gconablach nó na n-uibheacha sin.

(4) Más rud é, faoi fho-alt (3), go mbeidh duine curtha ó theideal cúiteamh a fháil, féadfaidh an tAire íocaíocht ex gratia a thabhairt dó, a mbeidh ann méid is cuí leis an Aire, in ionad cúitimh, ag cur aon chaillteanas a bhainfidh don Státchiste i ngeall ar an gcion san áireamh.

(5) Féadfar a fhoráil le hordú faoi fho-alt (2) go gcuirfear breithniú iarratais ag iarraidh cúitimh ar atráth go dtí go dtionscnófar nó go gcinnfear ionchúiseamh i leith cion faoin Acht seo maidir le hainmhithe, éanlaithe, conabhlaigh nó uibheacha is ábhar don iarratas sin.

(6) Féadfar a fhoráil le hordú faoi fho-alt (2) go bhféadfar, nuair a bheidh cúiteamh á mheasúnú, asbhaintí a mheasfar i cibé slí a bheidh forordaithe a dhéanamh i leith aon chaillteanas a bhainfidh don Státchiste nó don iarratasóir féin i ngeall ar gur mhainnigh an t-iarratasóir cúram réasúnach a ghlacadh chun na hainmhithe, na héanlaithe, na conablaigh nó na huibheacha is ábhar don iarratas a chosaint ar an ngalar a bheidh i gceist, nó, i gcás ainmhithe nó éanlaithe a allmhaireofar, nuair a shuífear go raibh siad galraithe nuair a allmhairíodh iad.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Feidhm an Achta seo

Alt 11.

Cuid I

Ainmhithe

1. Beithígh.

2. Gabhair.

3. Cait agus gach cat-ainmhí eile.

4. Madraí agus gach madra-ainmhí eile.

5. Capaill agus gach each-ainmhí eile.

6. Caoirigh.

7. Gach ainmhí athchogantach eile.

8. Muca.

9. Agútaithe, béabhair, capabara, sinsilí, firéid, togháin, muca guine, hamstair, giorrianna, gráinneoga, gearbúnna, leimeanna, lucha sléibhe, cait chrainn, lucha, minc, caocháin, mongúis, cadhpúnna, torcáin chraobhacha, madraí fásaigh, racúin, coiníní, francaigh, dallóga fraoigh, ioraí rua, vólanna, agus gach ainmhí eile den chineál rodentia, insectivora agus mustelidae.

Cuid II

Éanlaithe

1. Éanlaithe clóis.

2. Turcaigh.

3. Géanna.

4. Lachain.

5. Éanlaithe guine.

6. Patraiscí.

7. Piasúin.

8. Cearca fraoigh.

9. Colúir.

10. Coilm.

11. Péacóga.

12. Ealaí.

13. Éin den chineál Psittaciformes, lena n-áirítear aon chinn de na héin dá ngairtear go coitianta pearóidí, pearacítí, pearaicítí Astrálacha, geanphearóidí, macánna, cocatúnna, conúir, céacanna, lóiríonna agus lóiricítí.

Cuid III

Galair Ainmhithe agus Éanlaithe

Aicme A

1. Bó-Phlá.

2. Pliúraniúmóine.

3. Galar Crúb agus Béil.

4. Bolgach Caorach.

5. Fiabhras na Muc.

6. Lymphangitis forleata.

7. Claimhe seadánach.

8. Confadh.

9. Fothach.

10. Antrasc.

11. Péist Éanlaithe faoi aon ghné de, lena n-áirítear galar Newcastle agus éan-phlá.

Aicme B

1. Galar Scrathach Caorach.

2. Eitinn Bhólachta.

3. Bruisealóis bhólachta.

4. Foirciú péarslaí.

AN DARA SCEIDEAL

Críocha dá bhféadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh faoi alt 13.

Alt 13.

1. Leithlisiú éifeachtach ar thalamh nó áitreabh agus toirmeasc nó srianadh gluaiseachta isteach ar thalamh nó in áitreabh nó ar chuid de nó i gcuid de nó amach as a áirithiú agus a rialáil i gcás ainmhithe nó éanlaithe atá galraithe nó faoi amhras nó a d'fhéadfadh galar a thabhairt d'ainmhithe nó d'éanlaithe.

2. Glanadh agus dí-aicídiú áitreabh agus aistriú aoiligh, easrach, farae nó ní eile as an áitreabh sin agus a dhiúscairt dá éis sin, agus eisiamh aon ainmhithe agus éin as, a áirithiú agus a rialáil.

 

3. Glanadh agus dí-aicídiú feithiclí, áiteanna, locanna, feisteas agus gabhdán a úsáidtear le haghaidh ainmhithe agus éanlaithe a áirithiú agus a rialáil.

 

4. Deisiú nó athfhoirgniú tithe a úsáidtear chun ainmhithe agus éanlaithe a choimeád, nó fálta críche, a áirithiú agus a rialáil.

 

5. Modheanna glantacháin agus dí-aicídithe a fhorordú.

 

6. Marcáil ainmhithe agus éanlaithe a fhorordú agus a rialáil, agus aghlot, scriosadh, athrú nó aistriú aon mharcáil den sórt sin a thoirmeasc.

 

7. Ceapadh, coinneáil agus diúscairt ainmhithe nó éanlaithe, conablach nó uibheacha atá galraithe nó faoi amhras agus atá á dtaispeáint, á n-iompar, á gcoimeád, nó a bhfuiltear ag déileáil leo ar shlí eile, contrártha d'ordú ón Aire a fhorordú agus a rialáil; agus chun dliteanas úinéir, coinsíneoir nó coinsíní aon ainmhithe, éanlaithe, conablach nó uibheacha den sórt sin a fhorordú i ndáil leis na caiteachais a bhainfidh lena gceapadh, lena gcoinneáil nó lena ndiúscairt.

 

8. Soláthar ceart uisce agus beatha a áirithiú d'ainmhithe agus d'éanlaithe aon tráth a bheidh siad ar coinneáil.

 

9. Díothú, cur, diúscairt nó cóireáil a fhorordú agus a rialáil i gcás conablaigh ainmhithe agus éanlaithe a bhásaigh agus iad galraithe nó faoi amhras nó a maraíodh ag an Aire nó ag údarás áitiúil nó thar a cheann agus i gcás conablaigh ainmhithe, éanlaithe agus (de réir mar a bheidh) uibheacha nó ainmhithe nó éanlaithe a bhí i dteagbháil leis na conablaigh sin.

 

10. Toirmeasc a chur le conablaigh a cuireadh a bhaint as talamh nó é sin a rialáil.

 

11. Dí-aicídiú éadaí de chuid daoine a bhí i dteagbháil le hainmhithe nó éanlaithe a bhí galraithe nó faoi amhras nó eadaí de chuid daoine a bhí ar fostú ina leith sin agus réamhchúramaí a ghlacadh in aghaidh leathadh an ghalair ag daoine den sórt sin, a fhorordú agus a rialáil.

 

12. Díol, úsáid nó aistriú aon chineál farae, easrach nó ábhair eile lena bhféadfaí galar a leathadh a thoirmeasc nó a rialáil.

 

13. Cóireáil ainmhithe nó éanlaithe atá galraithe nó faoi amhras nó ainmhithe nó éanlaithe is dóigh leis an Aire a bheith i mbealach a ngalraithe a fhorordú agus a rialáil.

 

14. Toirmeasc a chur le hainmhithe nó éin atá galraithe nó faoi amhras a thaispeáint lena ndíol, nó lena dtaisealbhadh, go poiblí nó a chur lena n-onnmhairiú ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais.

 

15. An chóireáil a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le haon talamh (lena n-áirítear locháin, srutháin nó uisce-chúrsaí ar an talamh sin nó ina aice) d'fhonn leathadh galair a chosc nó a shrianadh, nó galar a scriosadh, a fhorordú agus a rialáil.

 

16. A cheangal agus a fhorordú samplaí mar is cuí d'fhuil, fual, fearadh nó fuíll eile ón gcolainn, seamhan, seile, bainne, uibheacha, cluimhreach, olann, fionnadh, clúmh, cleiteacha, ronna, craiceann nó fíochán eile a thógáil ó ainmhithe agus éanlaithe nó ó aon aicme áirithe ainmhithe agus éanlaithe, agus i gcás conablach ainmhithe nó éanlaithe, samplaí a thógáil ó na conablaigh sin agus aon samplaí a thógfar amhlaidh a chur faoi cibé tástálacha is gá chun a chinntiú nó a dheimhniú go bhfuil galar ann agus tuarascálacha a thabhairt ar na tastálacha sin agus an méid sin uile a rialáil.

 

17. A cheangal, a fhorordú agus a thoirmeasc aon substaint a chur ar ainmhithe agus éanlaithe nó a instealladh isteach in ainmhithe nó éanlaithe d'fhonn cibé tástálacha a dhéanamh is gá chun a chinntiú nó a dheimhniú go bhfuil galar ann agus tuarascálacha a thabhairt ar na tástálacha sin agus an méid sin uile a rialáil.

 

18. A cheangal go ndéanfar aon tástálacha eile ar ainmhithe agus éanlaithe chun a chinntiú nó a dheimhniú go bhfuil galar ann agus an méid sin uile a shonrú nó a rialáil.

 

19. Do thoirmeasc, ach amháin le toiliú an Aire, tástálacha a dhéanamh ar ainmhithe agus éanlaithe, seachas na tástálacha sin a bheidh forordaithe, sonraithe nó rialaithe le hordú ón Aire.

 

20. A cheangal go gcuirfear cóireáil ar ainmhithe nó éanlaithe le séaram nó vacsaín agus go ndéanfar an méid sin uile a shonrú, a rialáil agus a thoirmeasc (ach amháin le toiliú an Aire).

 

21. A fhorordú maidir le haon ghalar áirithe, nach mbeidh cead ag daoine dul le gnó déileála in ainmhithe nó éanlaithe gan iad a bheith údaraithe le ceadúnas a eiseoidh an tAire chuige sin agus a bheidh faoi réir cibé coinníollacha a bheidh leagtha amach sa cheadúnas sin.

 

22. Críocha a ghabhann nó a bhaineann le haon cheann de na críocha sin roimhe seo.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 9.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

57 & 58 Vict. c. 57.

Diseases of Animals Act, 1894.

An tAcht iomlán.

59 & 60 Vict. c. 15.

Diseases of Animals Act, 1896.

An tAcht iomlán.

3 Edw. 7 c. 43.

Diseases of Animals Act, 1903.

An tAcht iomlán.

6 Edw. 7 c. 32.

Dogs Act, 1906.

Alt 2.

9 Edw. 7 c. 26.

Diseases of Animals Act, 1909.

An tAcht iomlán.

1 & 2 Geo. 5 c. 11.

Poultry Act, 1911.

An tAcht iomlán.

4 & 5 Geo. 5 c. 40.

Diseases of Animals (Ireland) Act, 1914.

An tAcht iomlán.

Uimh. 14 de 1932 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1932 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 25 de 1934 .

An tAcht Eanlaithe Clóis (Galair), 1934 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 32 de 1935 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1935 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 17 de 1938 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1938 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 2 de 1945 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1945 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 10 de 1949 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1949 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 6 de 1954 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1954 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 14 de 1957 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe (Eitinn Bhólachta), 1957 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 26 de 1960 .

An tAcht um Ghalair Ainmhithe, 1960 .

An tAcht iomlán.