12 1966


Uimhir 12 de 1966.


AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ), 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM LIMISTÉIR NEAMHFHORBARTHA, 1952 GO 1963, AGUS NA nACHTANNA UM DHEONTAIS TIONSCAIL, 1959 GO 1964. [1 Meitheamh, 1966.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1952, Uimh. 1 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ;

ciallaíonn “an Bord” an Foras Tionscal;

ciallaíonn “foirgneamh monarchan” foirgneamh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun gnóthas tionscail a sheoladh mar aon le haon fhoirgneamh eile atá foghabhálach nó coimhdeach leis agus a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun cuspóra a bhaineann leis an ngnóthas, lena n-áirítear cuspóir oifige nó ceantín foirne;

ciallaíonn “eastát tionscail” limistéar talún a úsáidtear go formhór chun cuspóirí tionscail agus cuspóirí atá coimhdeach nó bainteach leo sin agus dhá fhoirgneamh monarchan ar a laghad air;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

An tráth a thabharfar deontais chun gnóthais a mhéadú nó a oiriúnú.

1963, Uimh. 3 .

1963, Uimh. 4 .

1964, Uimh. 37 .

2. —Féadfar deontas a thabhairt faoi alt 4 den Acht um Limistéir Neamhfhorbartha (Leasú), 1963 , tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, i leith méadú nó oiriúnú is den chineál dá dtagraítear san alt sin agus a bheidh arna cheadú ag an mBord an 31ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis agus roimh an 31ú lá de Nollaig, 1967, agus féadfar deontas a thabhairt faoi alt 4 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, i leith méadú nó oiriúnú is den chineál dá dtagraítear san alt sin agus a bheidh arna cheadú ag an mBord an 31ú lá de Mhárta, 1966, nó dá éis agus roimh an 31ú lá de Nollaig, 1967, más rud é, i ngach cás, gur dáta roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1967, dáta an iarratais chun an Bhoird ag iarraidh deontais agus, i gcás an t-iarratas a dhéanamh tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, gur dáta tar éis dáta an iarratais a dhéanamh dáta an mhéadaithe nó an oiriúnaithe a thosú agus, dá réir sin, déantar leis seo “an 31ú lá de Nollaig, 1967” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1966” (a cuireadh isteach leis an Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1964 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) de na hailt sin agus déantar leis seo “agus iarratas ar an deontas déanta chun an Bhoird roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1967, agus (d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (4) den alt seo), más dáta tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1966, dáta an iarratais a dhéanamh, mura dáta tar éis dáta an iarratais a dhéanamh dáta an mhéadaithe nó an oiriúnaithe a thosú” a chur isteach ag deireadh gach fo-ailt acu sin.

Méid deontas ón bhForas Tionscail.

1956, Uimh. 48 .

1959, Uimh. 26 .

3. —Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tÚdarás Forbartha Tionscail faoin Acht um Dheontais Thionscail, 1956 , agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 d'Acht 1952) ón mBord agus ón Aire faoi na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1966, agus na nAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1966, agus na n-íocaíochtaí ón mBord agus ón Aire ar scór ráthaíochtaí a thug an Bord agus an tAire faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1959 , thar tríocha milliún punt.

Eastáit tionscail.

4. —(1) Féadfaidh an Bord eastáit tionscail a bhunú, a fhorbairt, a chothabháil agus a bhainistí agus gach cumhacht a shealbhú agus a theachtadh is gá chun, nó atá bainteach leis, nó is iomchuí maidir leis, na cumhachtaí réamhráite a fheidhmiú.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—

(a) sealbhóidh agus teachtóidh an Bord chun críocha an ailt seo na cumhactaí a shonraítear in alt 5 (1) (i) go (vi) agus (viii) d'Acht 1952, agus a shealbhaíonn agus a theachtann siad chun críocha an ailt sin, agus beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (2) go (4) den alt sin maidir leis an mBord d'fheidhmiú na gcumhachtaí réamhraíte chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu maidir leis an bhfeidhmiú sin chun críocha an ailt sin,

(b) féadfaidh an Bord foirgnimh mhonarchan a thógáil, a athrú nó a oiriúnú nó a chur faoi deara foirgnimh mhonarchan a thógáil, a athrú nó a oiriúnú,

(c) féadfaidh an Bord foirgnimh mhonarchan a dhíol, a léasadh nó a dhiúscairt ar shlí eile, agus

(d) féadfaidh an Bord soilsiú, téamh, cumhacht, uisce, siltean agus seirbhísí eile a sholáthar, nó a chur faoi deara an céanna a sholáthar, i bhfoirgnimh mhonarchan.

An Bord do cheapadh foirne d'eastáit tionscail.

5. —(1) Féadfaidh an Bord cibé méid daoine a cheapadh is dóigh leo is gá chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord chun cabhrú leo ag bunú, ag forbairt, ag cothabháil agus ag bainistí eastát tionscail faoin Acht seo.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, sealbhoidh oifigigh agus seirbhísigh a cheapfar faoin alt seo oifig ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha, agus gheobhaidh siad cibé luach saothair, a chinnfidh an Bord.

(3) Beidh rátaí luach saothair oifigeach nó seirbhíseach a cheapfar faoin alt seo agus méid aon liúntas i leith caiteachas a thabharfar dóibh faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Beidh téarmaí agus coinníollacha eile fostaíochta dhuine a cheapfar faoin alt seo chun bheith ina phríomh-fheidhmeannach faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais.

Aoisliúntas don fhoireann a cheapfar faoi alt 5.

6. —Féadfaidh an Bord scéim ranníocach, nó scéimeanna ranníocacha, chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, ar scor dóibh, do cibé oifigigh agus seirbhísigh a cheapfar faoi alt 3 den Acht seo is oiriúnach leo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir lenarb iníoctha, nó arb iníoctha ina leith, faoin scéim, pinsin, aiscí nó liúntais ar scor dóibh agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú maidir le haicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Bord aon tráth scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire is scéim do leasú scéime a cuireadh roimhe sin faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh faoin alt seo.

(4) Aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo cuirfidh an Bord i gcrích í de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(5) Má éiríonn aon díospóid maidir le héileamh ó aon duine ag éileamh, nó maidir le méid, aon phinsin, aisce nó liúntais is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadh san.

(6) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo, leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid amhlaidh, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailiócht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

Cuntais ar leithligh.

7. —Beidh ar na cuntais a cheanglaítear le mír 10 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 ar an mBord a choimeád cuntais ar leithligh ar an airgead a fuair siad agus a chaith siad faoi ailt 4 go 6 den Acht seo.

Tuarascáil ar leithligh.

8. —Beidh sa tuarascáil a cheanglaítear le mír 11 den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 ar an mBord a chur faoi bhráid an Aire tuarascáil ar leithligh ar a ngníomhaíochtaí faoi ailt 4 go 6 den Acht seo.

Deontais chun a áirithiú go laghdófar cíosanna monarchan.

1959, Uimh. 4 .

9. —(1) I gcás foirgneamh monarchan a bheith i limistéar arb é tuairim an Bhoird gurb eastát tionscail é nó go bhfuil sé beartaithe é a bheith ina eastát tionscail (seachas eastát tionscail arna bhunú ag an mBord) agus go n-úsáidtear an foirgneamh, nó go mbeartaítear é a úsáid, ag duine le nó i ndáil le gnóthas tionscail a sheoladh agus go bhfuil sé ag an duine ar léas nó ar ligean eile faoi réir cíosa nó íocaíochta eile, féadfaidh an Bord deontais a thabhairt, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, don duine ag a bhfuil teideal chun an chíosa nó na híocaíochta eile lena chumasú dó an cíos nó an íocaíocht sin a laghdú.

(2) Ní bheidh deontas faoin alt seo maidir le foirgneamh níos mó ná méid an deontais ab iníoctha faoi alt 2 (1) (i) den Acht um Dheontais Tionscail, 1959 , nó faoi alt 5 d'Acht 1952, cibé acu é, i leith an ghnóthais thionscail a sheoltar san fhoirgneamh murar íocadh deontas faoin alt seo ina leith.

Aisghairm.

1963, Uimh. 4 .

1964, Uimh. 37 .

10. —Aisghairtear leis seo alt 7 (1) den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963 , agus alt 2 den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1964 .

Gearrtheideal agus comhlua.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1964, agus den Acht seo (sa mhéid go leasaíonn sé na hAchtanna sin) le chéile agus féadfar na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1966, a ghairm de na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1964, agus den Acht seo (sa mhéid go leasaíonn sé na hAchtanna sin, le chéile.