|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 22 de 1966. | ||
[EN] |
AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1966 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE IONCAIM INTÍRE, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIONCAM INTÍRE AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [13 Iúil, 1966.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— ciallaíonn “monaróir” duine a sheolann gnó sa Stát ag déanamh earraí nó ag gint leictreachais nó ag cur aon phróiseas chun feidhme i gcúrsa earraí a bheith á ndéanamh nó leictreachas a bheith á ghint; |
[EN] | ciallaíonn “ábhair”, maidir le monaróir, earraí a chuireann sé faoi phróiseas éigin i modh gnó i gcúrsa earraí a dhéanamh, nó a úsáideann sé mar a dúradh mar chodanna de na hearraí nó mar ghabhálais dóibh, nó a úsáidtear go díreach sa phróiseas táirgthe ach nach dtagann chun bheith ina dtáthchodanna de na hearraí; | |
[EN] | ciallaíonn “rialacháin” rialacháin faoi alt 52 den Acht Airgeadais, 1963 ; | |
[EN] | ciallaíonn “díol ar mionreic” díol earraí i modh gnó seachas ar mórdhíol; | |
[EN] | ciallaíonn “díol ar mordhíol” díol earraí d'aon chineál le duine a dhíolann earraí den chineál sin i gcúrsa gnó; | |
[EN] | ciallaíonn “earraí inchánaithe” earraí nach gníomhaíocht dhíolmhaithe de réir brí alt 3 (5) iad a dhíol; | |
[EN] | tá le “cáin mhórdhíola” an bhrí a shonraítear in alt 2; | |
[EN] | déanfar tagairt do dhaoine freagracha agus do fhreagracht maidir le cáin mhórdhíola a fhorléiriú faoi threoir alt 3. | |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] |
Cáin mhórdhíola a mhuirearú. |
2. —Déanfar, le héifeacht ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, cáin (dá ngairtear cáin mhórdhíola san Acht seo) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, faoi réir an Achta seo agus rialachán— |
[EN] | (a) ar airgead a fuarthas i leith díol earraí a díoladh i gcúrsa gnó (lena n-áirítear earraí a díoladh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966), agus | |
[EN] | (b) ar earraí a allmhairíodh isteach sa Stát. | |
[EN] |
Daoine atá freagrach. |
3. —(1) Is é an díoltóir earraí an duine a bheidh freagrach i gcáin mhórdhíola agus faoi dhliteanas í a íoc, ar choiníoll nach mbeidh na daoine seo a leanas, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, freagrach— |
[EN] | (a) díoltóirí nach bhfuil ag gabháil do dhíol earraí inchánaithe ar mórdhíol nó nach ndeachaigh, agus nach dócha go rachaidh, a bhfáltais mhíosúla ó earraí inchánaithe a dhíol ar mórdhíol thar £500 aon mhí, ach gan aon díoltóir a áireamh is— | |
[EN] | (i) monaróir, nó | |
[EN] | (ii) duine a dhéanann, chun críche gnó díolacháin ar mionreic a sheolann sé, earraí inchánaithe de luach agus de ghné a cheannach ar mhodh ar a ndéanann ceannaithe mórdhíola ceannach i ngnáthchúrsa trádála, agus | |
[EN] | (b) monaróirí nach ndeachaigh, agus nach dócha go rachaidh, a bhfáltais mhíosúla ó earraí inchánaithe a dhíol thar £150 aon mhí. | |
[EN] | (2) (a) I gcás nach raibh duine freagrach i gcáin mhórdhíola de bhua fho-alt (1) (a) den alt seo agus gur mhó ná £500 an méid airgid a fuair sé, gach mí de dhá mhí chomhleanúnacha, ó earraí inchánaithe a dhíol ar mórdhíol, tiocfaidh sé chun bheith freagrach i gcáin mhórdhíola díreach ar éag don dara mí. | |
[EN] | (b) I gcás nach raibh duine freagrach i gcáin mhórdhíola de bhua fho-alt (1) (b) den alt seo agus gur mhó ná £150 an méid airgid a fuair sé, gach mí de dhá mhí chomhleanúnacha, ó earraí inchánaithe a dhíol, tiocfaidh sé chun bheith freagrach i gcáin mhórdhíola díreach ar éag don dara mí. | |
[EN] | (3) Aon mhonaróir nach duine freagrach faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo measfar, faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar le rialacháin, gur duine freagrach é má chruthaíonn sé do na Coimisinéirí Ioncaim sa tslí a fhorordófar sna rialacháin go ndéanann sé cainníochtaí substainteacha d'earraí inchánaithe a úsáid mar ábhair. | |
[EN] | (4) Beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll, más amhlaidh atá, i gcás ina mbeadh díoltóir, ar leith ón bhfo-alt seo, freagrach i gcáin mhórdhíola agus faoi dhliteanas í a íoc, go bhfuil an ceart chun an t-iomlán nó aon chuid den airgead is iníoctha i leith na ndíolachán dílsithe, nó go dtiocfaidh sé chun bheith dílsithe, do dhuine seachas an díoltóir, go mbeidh an duine dá bhfuil an ceart sin dílsithe nó a dtiocfaidh an ceart sin chun bheith dílsithe dó freagrach i gcáin mhórdhíola, agus faoi dhliteanas í a íoc, ar cibé airgead a gheobhaidh sé i leith na ndíolachán. | |
[EN] | (5) (a) Ní bheidh cáin mhórdhíola inmhuirir agus ní bheidh duine freagrach i gcáin mhórdhíola a íoc ar airgead a gheobhaidh sé maidir le haon ghníomhaíocht dhíolmhaithe. | |
[EN] | (b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “gníomhaíocht dhíolmhaithe”— | |
[EN] | (i) aon ghníomhaíocht is gníomhaíocht dhíolmhaithe de réir brí alt 48 (2) den Acht Airgeadais, 1963 , | |
[EN] | (ii) aon ghníomhaíocht a ndearbhaítear le hordú ón Aire Airgeadais gur gníomhaíocht dhíolmhaithe í chun críocha an fho-ailt seo, nó | |
[EN] | (iii) díol aon cheann de na hairceadail seo a leanas (faoi réir cibé mínithe, más ann, ar na hairceadail sin a shonróidh an tAire Airgeadais le hordú), is é sin le rá, bia, deoch, tobac, leigheasanna, éadaí, breosla nó olaí hiodracarbóin. | |
[EN] |
Clárú. |
4. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim clár de dhaoine a thiocfaidh chun bheith nó atá freagrach i gcáin mhórdhíola, agus ceapfaidh siad uimhir chláraitheachta do gach duine a chlárófar amhlaidh i dteannta aon uimhir den sórt sin a ceapadh don duine sin faoi alt 49 den Acht Airgeadais, 1963 , agus cealóidh siad an uimhir sin mura dtiocfaidh an duine sin chun bheith nó má scoireann sé de bheith freagrach i gcáin mhórdhíola. |
[EN] | (2) Gach duine a mbeidh, an lá ceaptha, gníomhaíocht ag díol earra á seoladh aige in imthosca gur duine freagrach é, nó, tar éis an lae cheaptha, a thosóidh, ar aon ghníomhaíocht den sórt sin a bheith á seoladh aige nó a thiocfaidh chun bheith ina dhuine freagrach, déanfaidh sé, laistigh den tréimhse naoi lá dar tosach an lá ceaptha nó an lá dá éis sin a thosóidh sé ar aon ghníomhaíocht den sórt sin a bheith á seoladh aige nó a thiocfaidh sé chun bheith ina dhuine freagrach, na sonraí a shonrófar i rialacháin a bheith riachtanach chun an duine sin a chlárú i leith cánach mórdhíola a thabhairt i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim. | |
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo. | |
[EN] |
Airgead a gheofar ó dhaoine cláraithe. |
5. —Ní mhuirearófar cáin mhórdhíola ar airgead a gheofar ó dhuine a bheidh cláraithe mar a dúradh le haghaidh ná i leith earraí a díoladh leis. |
[EN] |
Measfar gur díolacháin leithreasaí áirithe. |
6. —I gcás ina mbeidh duine, de réir alt 5 den Acht seo, tar éis earraí inchánaithe a cheannach in imthosca nach inmhuirir cáin mhórdhíola nó a bheidh, de réir alt 11 den Acht seo, tar éis earraí inchánaithe a allmhairiú in imthosca nach inmhuirir cáin mhórdhíola agus go gcuirfidh sé chun feidhme nó go leithreasóidh sé aon earra acu sin nó aon earraí inchánaithe a rinne sé nó is earraí inchánaithe de thoradh aon phróiseas a chuir sé chun feidhme, seachas— |
[EN] | (a) i gcás monaróra—mar ábhair nó mar stoc trádála, nó | |
[EN] | (b) in aon chás eile—mar stoc trádála, | |
[EN] | measfar dá dhroim sin, chun críocha an Achta seo, go bhfuair sé íocaíocht i leith na hearraí a cuireadh chun feidhme nó a leithreasaíodh amhlaidh a dhíol ar an bpraghas mórdhíola a bhí ag rith tráth an churtha chun feidhme nó an leithreasaithe. | |
[EN] |
An ráta cánach mórdhíola. |
7. —(1) Is é a bheidh sa cháin mhórdhíola cúig faoin gcéad de láimhdeachas inchánaithe (arna mhíniú leis an alt seo) an duine fhreagraigh agus déanfar an méid cánach is inmhuirir in imeacht gach míosa a íoc tar éis deireadh na míosa de réir rialachán. |
[EN] | (2) San alt seo ciallaíonn “láimhdeachas inchánaithe” an méid iomlán airgid a bheidh faighte ag an duine freagrach agus a mbeidh sé freagrach ann agus faoi dhliteanas cáin mhórdhíola a íoc ina leith. | |
[EN] | (3) I gcás an t-airgead a bheidh faighte ag duine freagrach a theacht, go hiomlán nó go páirteach, ó earraí inchánaithe a dhíol ar phraghsanna mionreaca reatha, déanfar an méid cánach mórdhíola a laghdú, faoi réir rialachán, anuas go dtí an méid ab iníoctha dá mba ar phraghsanna mórdhíola reatha a rinneadh na díolacháin sin. | |
[EN] |
Forálacha speisialta maidir le díolacháin áirithe. |
8. —I gcás inar dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim gur lú an t-airgead a fuair duine freagrach i leith aon earraí inchánaithe a dhíol ná an t-airgead a gheobhfaí dá ndíolfaí na hearraí ar an margadh oscailte, féadfaidh siad a mheas gur mhéid áirithe an láimhdeachas inchánaithe dá mba ar an margadh oscailte a díoladh na hearraí, agus, faoi réir alt 24 den Acht Airgeadais, 1966 , is é an méid sin a mheasfar amhlaidh an láimhdeachas inchánaithe chun críocha alt 7 den Acht seo. |
[EN] |
Breis le híocaíochtaí áirithe. |
9. —I gcás inarb éard é iomlán láimhdeachas inchánaithe duine fhreagraigh nó cuid den láimhdeachas sin airgead a íocadh faoi chonradh a rinneadh roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, féadfaidh an duine freagrach, mura mbeidh a mhalairt de chomhaontú ann, suim is comhionann le haon mhéid is iníoctha aige i leith an airgid ar cuntas cánach mórdhíola a ghnóthú mar bhreis leis na híocaíochtaí a sonraíodh sa chonradh. |
[EN] |
Feidhm agus leasuithe áirithe. |
10. —(1) (a) Ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha (lena n-áirítear forálacha pionóis)— |
[EN] | (i) atá i gCuid VI den Acht Airgeadais, 1963 (seachas na hailt eiscthe), i gCuid VI den Acht Airgeadais, 1965 , agus i gCuid VI den Acht Airgeadais, 1966 , agus | |
[EN] | (ii) atá i rialacháin a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith, | |
[EN] | maidir leis an gcáin mhórdhíola ionann is dá mba cháin láimhdeachaís arna muirearú de bhua Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , an cháin sin. | |
[EN] | (b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “na hailt eiscthe” ailt 47, 48, 49, 50, 51, 53 agus 64 den Acht Airgeadais, 1963 . | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Airgeadais, 1963 , trí na míreanna seo a leanas a chur isteach ag deireadh fho-alt (1): | |
[EN] | “ (o) na sonraí a bheidh le tabhairt ag monaróir nach duine freagrach maidir le cáin mhórdhíola i dtaca lena iarratas go measfar gur duine freagrach den sórt sin é agus na coinníollacha ar a measfar amhlaidh é, | |
[EN] | (p) nósa imeachta chun faoiseamh a dheonú ó cháin mhórdhíola i leith earraí inchánaithe a díoladh ar phraghsanna mionreaca reatha, | |
[EN] | (q) nósa imeachta maidir le cáin mhórdhíola— | |
[EN] | (i) trína gcuirfidh ceannaitheoir in iúl do dhíoltóir gur duine cláraithe é agus go leanann sé air de bheith ina dhuine cláraithe, agus | |
[EN] | (ii) trína bhfíoróidh díoltóir gur duine cláraithe tráth an díola ceannaitheoir.” | |
[EN] | (3) Leasaítear leis seo fo-ailt (2) agus (5) d'alt 57 den Acht Airgeadais, 1963 , trí “nó fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 ,” a chur isteach i ndiaidh “den Acht seo” sa dá fho-alt sin. | |
[EN] | (4) Leasaítear leis seo fo-ailt (1) agus (2) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1965 , trí “nó fho-alt (5) d'alt 3 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966 ,” a chur isteach i ndiaidh “den Acht Airgeadais, 1963 ,” sa dá fho-alt sin. | |
[EN] |
Cáin mhórdhíola a mhuirearú ar earraí allmhairithe. 1876, c. 30. |
11. —(1) Ní bhainfidh ailt 3 go 10 den Acht seo le cáin mhórdhíola dá bhforáltar le halt 2 (b) den Acht seo agus déanfar, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, an cháin sin a mhuirearú, ar gach airceadal a allmhaireofar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1966, nó dá éis, de réir cúig faoin gcéad de luach an airceadail. |
[EN] | (2) Ní mhuirearófar cáin mar a dúradh ar aon airceadal a mbeidh dearbhaithe ag an Aire Airgeadais le hordú gur airceadal é nach inmhuirir cáin mar a dúradh air ar é a allmhairiú isteach sa Stát, nó is airceadal arna allmhairiú ag duine atá cláraithe faoi alt 4 den Acht seo. | |
[EN] | (3) Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh ag forálacha an Customs Consolidation Act, 1876, agus na n-achtachán ag leasú an Achta sin agus achtachán eile a bhaineann le Custaim feidhm maidir le cáin dá dtagraítear san alt seo ionann is dá mba dhleacht custam í. | |
[EN] | (4) Is é luach airceadail chun críocha an ailt seo an luach, mar a mhínítear sin in alt 15 den Acht Airgeadais, 1952 , agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna mhéadú méid aon dleachta custam is iníoctha air. | |
[EN] |
Cúram agus bainistí cánach mórdhíola. |
12. —Déantar leis seo cáin mhórdhíola a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim. |
[EN] |
Gearrtheideal agus forléiriú. |
13. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh.2), 1966, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963 , Chuid VI den Acht Airgeadais, 1965 , agus Chuid VI den Acht Airgeadais, 1966 . |