16 1968


Uimhir 16 de 1968


AN tACHT UM DHEONTAIS TIONSCAIL (LEASÚ) (Uimh. 2), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM LIMISTÉIR NEAMHFHORBARTHA, 1952 GO 1968, AGUS NA nACHTANNA UM DHEONTAIS TIONSCAIL, 1959 GO 1968. [18 Meitheamh, 1968.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méid deontas ón bhForas Tionscal.

1956, Uimh. 48 .

1952, Uimh. 1 .

1959, Uimh. 26 .

1. —(1) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tÚdarás Forbartha Tionscail faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1956, agus na ndeontas (seachas deontais faoi alt 12 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 ), ón bhForas Tionscal agus ón Aire Tionscail agus Tráchtála faoi na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1959 go 1968, agus na n-íocaíochtaí ón bhForas Tionscal agus ón Aire sin ar scór ráthaíochtaí a thug an Foras Tionscal agus an tAire sin faoin Acht um Dheontais Tionscail, 1959 , thar daichead milliún punt.

(2) Ní rachaidh comhiomlán na ndeontas faoi alt 12 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 , agus faoi alt 3 den Acht um Dheontais Tionscail, 1956, thar daichead milliún punt.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú) (Uimh. 2), 1968 , a ghairm den Acht seo.

(2) Beidh an tAcht seo ar áireamh sa chomhlua na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1968, agus beidh an tAcht seo ar áireamh sa chomhlua na hAchtanna um Dheontais Tionscail, 1959 go 1968.