|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 7 de 1969 | ||
[EN] |
AN tACHT UM MAINISTIR NA CROISE NAOFA (CONTAE THIOBRAID ÁRANN), 1969 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DO CHOIMISINÉIRÍ NA nOIBREACHA POIBLÍ IN ÉIRINN MAINISTIR NA CROISE NAOFA I gCONTAE THIOBRAID ÁRANN, AN TRIAN THUAIDH A ATHCHÓIRIÚ LE hAGHAIDH CUSPÓIRÍ EAGLASTA, DO LEASÚ ALT 25 (1) DEN IRISH CHURCH ACT, 1869, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [29 Aibreán, 1969.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an eaglais” eaglais Mhainistir na Croise Naofa i gContae Thiobraid Árann, an Trian Thuaidh, atá dílsithe do na Coimisinéirí agus folaíonn sé aon déanmhas nó foirgneamh ar gá, i dtuairim na gCoimisinéirí, é a athchóiriú ionas go bhféadfaidh siad an Eaglais Mhainistreach sin a athchóiriú faoi alt 2 den Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn. | |
[EN] |
An eaglais a athchóiriú. |
2. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo, an eaglais a athchóiriú le haghaidh cuspoirí eaglasta. |
[EN] | (2) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhféadfaidh na Coimisinéirí, nuair a dhéanfaidh siad léas nó a dheonóidh siad ceadúnas i leith na heaglaise faoi réim agus de réir alt 17 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1954 , an léas sin a dhéanamh nó an ceadúnas sin a dheonú faoi réir coinníll á cheangal go n-íocfa suim leis na Coimisinéirí ar cóimhéid le hiomlán nó gcaiteachas, nó le cuid de na caiteachais, a thabhaigh nó a thabhóidh na Coimisinéir ag athchóiriú na heaglaise faoi fho-alt (1) den alt seo agus féadfar aon suim den sórt sin a íoc ina tráthchodanna más oiriúnach leis na Coimisinéirí. | |
[EN] |
Leasú ar alt 25 (1) den Irish Church Act, 1869. 1869, c. 42. |
3. —Ní oibreoidh alt 25 (1) den Irish Church Act, 1869, chun na Coimisinéirí a chosc ón eaglais a athchóiriú faoi alt 2 den Acht seo agus scoirfidh sé d'éifeacht a bheith aige a mhéid a cheanglaíonn sé nach n-úsáidfear an eaglais mar áit adhartha phoiblí. |
[EN] |
Caiteachas. |
4. —Déanfar aon chaiteachas a thabhóidh na Coimisinéirí faoin Acht seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
5. —Féadfar an tAcht um Mainistir na Croise Naofa (Contae Thiobraid Árann), 1969 , a ghairm den Acht seo. |