|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 18 de 1969 | ||
[EN] |
AN tACHT UM OIFIG AN PHOIST (LEASÚ), 1969 | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE POIST AGUS TELEGRAFA, LE TOILIÚ AN AIRE AIRGEADAIS I dTOSCA ÁIRITHE, RIALACHÁIN PHOIST (LENA nÁIRÍTEAR RIALACHÁIN AG CEAPADH RÁTAÍ POSTAIS AGUS POST-TÁILLÍ EILE) A DHÉANAMH, DO LEASÚ AN POST OFFICE ACT, 1908, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. | ||
[22 Iúil, 1969.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. 1908, c. 48,. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1908” an Post Office Act, 1908; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Poist agus Telegrafa. | |
[EN] |
Cumhacht an Aire chun rátaí postais a cheapadh le toiliú an Aire Airgeadais, agus socrú a dhéanamh le haghaidh nithe áirithe eile. |
2. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le barántas, rialacháin a dhéanamh do dhéanamh socrú le haghaidh gach ní nó aon ní acu seo a leanas: |
[EN] | (a) rátaí postais agus suimeanna eile a cheapadh a mhuirearófar i leith pacáidí poist agus rialáil a dhéanamh ar na scálaí meáchain agus na tosca ar dá réir a mhuirearófar na rátaí agus na suimeanna sin; | |
[EN] | (b) aon ráta nó suim den sórt sin a mhaitheamh; | |
[EN] | (c) post-phacáidí d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe a chur ar aghaidh gan táille leis an bpost agus an tslí ina gcuirfear ar aghaidh amhlaidh aon phost-phacáid den sórt sin; | |
[EN] | ar choinníoll nach rachaidh an ráta postais is airde, nuair a réamhíocfar é i leith pacáide intíre dhá nuachtán chláraithe nó níos mó, agus forlíonadh nó forlíontaí leo nó gan bheith leo, thar an bpostas réamhíoctha i leith pacáide clóite intíre a cómheáchan. | |
[EN] | (2) Ní foláir toiliú an Aire Airgeadais a bheith le haon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt 1 (a) den alt seo. | |
[EN] |
Cumhacht an Aire rialacháin a dhéanamh faoi ailt 4 agus 82 d'Acht 1908. |
3. —Aistrítear leis seo chun an Aire na cumhachtaí atá dílsithe don Aire Airgeadais rialacháin a dhéanamh faoi ailt 4 agus 82 d'Acht 1908 le barántas, ar choinníoll nach foláir d'aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire amhlaidh de bhua an ailt seo toiliú an Aire Airgeadais a bheith leo a mhéid go mbeidh socrú iontu i dtaobh muirear, táillí nó scálaí meáchain nó i dtaobh cuntas a thabhairt in aon airgead a bheidh an tAire tar éis a fháil agus aon airgead den sórt sin a ioc le haon stát coigríche. |
[EN] |
Leasú ar alt 15 d'Acht 1908. 1920, c. 40 |
4. —Déantar leis seo alt 15 d'Acht 1908, arna leasú le halt 1 (2) den Post Office and Telegraph Act, 1920, a leasú trí “any postal packets other than letters, those packets” agus “any despatch or delivery” a chur in ionad “book packets, pattern or sample packets, and post cards, or any of them, those packets, or cards” agus “the despatch or delivery next”, faoi seach. |
[EN] |
Léiriú tagairtí áirithe in Acht 1908. |
5. —Déanfar aon tagairt in Acht 1908, seachas in ailt 4, 82 agus 83 de, do bharántas a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bharántas arna dhéanamh faoi réim nó de bhua an Achta seo. |
[EN] |
Rialacháin do leanúint i bhfeidhm. |
6. —Gach rialachán a rinneadh faoi alt 2 (1) d'Acht 1908 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith leanfaidh sé i bhfeidhm agus féadfar aon rialachán den sórt sin agus aon rialachán eile a rinneadh faoi Acht 1908 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith a leasú nó a chúlghairm ionann is dá mba faoi réim nó de bhua an Achta seo a rinneadh an céanna. |
[EN] |
Aisghairm. |
7. —Aisghairtear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1908. |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
8. —(1) Féadfar an tAcht um Oifig an Phoist (Leasú), 1969 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969, a ghairm de na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951, agus den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1908 mar aon Acht amháin. |