2 1970


Uimhir 2 de 1970


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH SCÉIMEANNA AG ÚDARÁIS RÁTÚCHÁIN CHUN RÁTAÍ A THARSCAOILEADH, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN RÁTAÍ A ÍOC I dTRÁTHCHODANNA I gCÁSANNA ÁIRITHE, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [24 Feabhra, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Minithe.

1946, Uimh. 24 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “ráta” an ráta contae nó an ráta bardasach, de réir mar is iomchuí;

tá le “údarás rátúcháin” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

Scéimeanna ag údaráis rátúcháin do tharscaoileadh rátaí.

2. —(1) Faoi réir cibé rialacháin a dhéanfar faoi alt 5 den Acht seo, féadfaidh údarás rátúcháin ó am go ham scéim a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm do dhéanamh socrú le haghaidh an t-údarás do tharscaoileadh na rátaí go Iéir, nó coda de na rátaí, a bheidh dlite dó ó rátíocóirí nó ó aicmí rátíocóirí nó i leith oidhreachtán d'aicme nó d'aicmí a shonrófar sa scéim.

(2) Faoi réir cibé rialacháin a dhéanfar faoi alt 5 den Acht seo, féadfaidh údarás rátúcháin scéim faoin alt seo a leasú.

(3) I gcás ina dtarscaoilfear rátaí (nó cuid de rátaí) de réir scéime faoin alt seo, beidh deireadh le dliteanas duine na rátaí sin (nó cuid díobh) a íoc agus le haon oibleagáid a bheith ar údarás rátúcháin na rátaí sin (nó cuid díobh) a bhailiú.

(4) Beidh an costas a bhainfidh le scéim faoin alt seo a chur i bhfeidhm ina chuid de chaiteachais údaráis áitiúil chun críocha aon fhorála a bhaineann le rátaí a chinneadh, a ghearradh, a thobhach agus a mheasúnú.

(5) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna Bainistí Contae, 1940 go 1955, nó na nAchtanna a bhaineann le bainistí contae-bhuirgí, de réir mar is iomchuí, scéim a dhéanamh faoin alt seo nó aon scéim den sórt sin a leasú.

(6) Is cinneadh deiridh críochnaitheach cinneadh ag údarás rátúcháin i dtaobh duine a bheith cáilithe nó gan beith cáilithe chun faoisimh faoi scéim faoin alt seo.

(7) I gcás comhairle contae, déanfar caiteachais na comhairle i ndáil le scéim faoin alt seo a mhuirearú ar an gcontae go hiomlán, gan aon bhuirg ná ceantar uirbeach ann a áireamh.

Feidhm maidir le hoidhreachtáin áirithe.

3. —I gcás oidhreachtán a bheith ligthe ar chíos ar cuid de íocaíocht le haghaidh rátaí i leith an oidhreachtáin agus go dtarscaoilfidh údarás rátúcháin na rátaí sin go léir nó cuid díobh de réir scéime faoi alt 2 den Acht seo, laghdófar an cíos méid is comhionann le méid na rátaí a tharscaoilfear amhlaidh, agus beidh aon suim a íocadh (roimh an tarscaoileadh nó dá éis) de bhreis ar an gcíos laghdaithe inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí ag an tionónta a d'íoc é nó ag a ionadaí pearsanta dlíthiúil ón tiarna talún lenar íocadh é nó óna ionadaí pearsanta dlíthiúil.

Rátaí a íoc i dtráthchodanna.

1939, Uimh. 23 .

4. —(1) D'ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh áititheoir rátaithe oidhreachtáin d'aicme lena mbaineann an t-alt seo, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh a shonróidh an t-údarás rátúcháin iomchuí ó am go ham, rátaí a íoc leis an údarás sin i dtráthchodanna i leith an oidhreachtáin sin.

(2) Baineann an t-alt seo leis na haicmí seo a leanas—

(a) oidhreachtáin is teaghais go hiomlán nó go formhór,

(b) oidhreachtáin is talamh talmhaíochta de réir brí an Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 , agus

(c) cibé aicmí eile oidhreachtán a chinnfidh an t-údarás rátúcháin iomchuí ó am go ham le toiliú an Aire.

(3) Is feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna Bainistí Contae, 1940 go 1955, nó na nAchtanna a bhaineann le bainistí contae-bhuirgí, de réir mar is iomchuí, cinneadh ag údarás rátúcháin faoi fho-alt (2) den alt seo.

Rialacháin.

1928, Uimh. 4 .

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha ailt 2 agus 4 den Acht seo.

(2) Féadfaidh socrú le haghaidh gach nó aon ní acu seo a leanas a bheith, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, i rialacháin chun críocha alt 2 den Acht seo—

(a) an nós imeachta a leanfaidh údarás rátúcháin le linn scéim a dhéanamh nó a leasú faoin alt sin 2;

(b) an tréimhse arb ina leith a fhéadfar scéim den sórt sin a dhéanamh;

(c) foráil gur gá toiliú (ginearálta nó sonrach) an Aire le haghaidh scéime den sórt sin;

(d) na cúinsí a bheidh le cur i gcuntas ag údarás rátúcháin le linn na haicmí daoine nó na haicmí oidhreachtán lena mbainfidh scéim den sórt sin a chinneadh;

(e) na coinníollacha a bhféadfar rátaí (nó cuid díobh) a mhaitheamh faoina réir faoi scéim den sórt sin;

(f) scéim den sórt sin a chur i bhfeidhm;

(g) socrú chun scéim den sórt sin a chur chun feidhme maidir le teaghaisí beaga de réir brí an Acha Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Beaga Cónaithe), 1928, nó maidir le haicmí sonraithe teaghaisí beaga den sórt sin, agus chun coigeartú iomchuí a dhéanamh ar chíosanna faoin Acht sin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh socrú le haghaidh gach ni nó aon acu seo a leanas a bheith i rialacháin chun críocha alt 4 den Acht seo—

(a) coinníollacha a shonrú (lena n-áirítear coinníollacha a shonrú ag údarás rátúcháin) a bhféadfaidh duine rátaí a íoc i dtráthchodanna faoina réir, agus na coinníollacha a fhéadfar a shonrú amhlaidh;

(b) modh ríofa méid agus uimhir tráthchodanna agus na dátaí a bheidh siad iníoctha, lena n-áirítear socrú i dtaobh íocaíochtaí a íoc sula ngearrfar an ráta;

(c) an modh a n-íocfar tráthchodanna.

(4) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo le baghaidh imthosca éagsúla agus aicmí éagsúla cásanna.

(5) Leagfar gach rialachán faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche á shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Baint a bheith ag an Acht le blianta airgeadais áitiúla áirithe.

6. —(1) Beidh éifeacht ag an Acht seo maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil a thosaigh an lú lá d'Aibreán, 1969, agus maidir le gach bliain airgeadais áitiúil dá éis sin.

(2) Gach ní a bheidh déanta ag údarás rátúcháin roimh dháta agus in oirichill an Achta seo a achtú beidh aige agus measfar go raibh aige ariamh an bhailíocht agus an éifeacht sin go léir a bheadh aige dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm nuair a rinneadh an ní sin.

Gearrtheideal.

7. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí), 1970 , a ghairm den Acht seo.