4 1970


Uimhir 4 de 1970


AN tACHT UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM NÍTRIGIN ÉIREANN TEORANTA, 1963 . [5 Bealtaine, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1963, Uimh. 2 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 ;

tá le “an Chuideachta” agus “an tAire” na bríonna céanna atá leo sa Phríomh-Acht.

Méadú ar scairchaipiteal na Cuideachta.

2. —D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó i meabhrán na Cuideachta nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, £7,500,000 arna roinnt i 7,500,000 scair, £1 an scair, méid scairchaipitil na Cuideachta.

Scaireanna áirithe a eisiúint chun an Aire Airgeadais.

3. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith déanfaidh an Chuideachta 4,712,000 scair lán-íoctha san Chuideachta a eisiúint chun an Aire Airgeadais gan aon íocaíocht eile uaidh.

(2) Maidir leis an 4,712,000 scair sin—

(a) is é a bheidh i 3,500,000 díobh scaireanna i leith £3,500,000 a d'airleac an tAire sin chun na Cuideachta faoi alt 5 den Phríomh-Acht, ar cuid í den tsuim chomhiomlán £6,000,000 a airleacadh amhlaidh, agus dá réir sin, ar na scaireanna sin dá bhforáiltear le fo-alt (1) den alt seo a eisiúint, is £2,500,000 an méid a bheidh sna hairleacain a bheidh tugtha faoi alt 5 den Phríomh-Acht agus is inaisíoctha faoin Acht sin leis an Aire Airgeadais, agus

(b) is é a bheidh i 1,212,000 díobh scaireanna in ionad agus i gcomaoin an úis a d'fhaibhrigh ar an £6,000,000 a dúradh go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1967.

(3) Measfar chun críocha alt 5 (2) den Phríomh-Acht, gurb éard í an eisiúint sin 1,212,000 scair dá dtagraítear i bhfo-alt den alt seo íoc an úis ar an £6,000,000 sin, arna chinneadh faoin alt sin 5 (2), anuas go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1967.

(4) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó aon chinneadh ón Aire Airgeadais faoi alt 5 (2) den Acht sin, beidh ús iníoctha ón 1ú lá d'Iúil, 1967 (de réir aon chinneadh faoin alt sin tar éis dáta an Achta seo a rith) ar an tsuim £2,500,000 a luaitear i bhfo-alt (2) (a) den alt seo a bheith inaisíoctha leis an Aire sin faoi alt 5 den Phríomh-Acht, agus ní bheidh ar aon tsuim eile airleacan faoin alt sin.

Cumhacht ag an Aire Airgeadais chun scaireanna sa Chuideachta a shealbhú nó a dhíol.

4. —Féadfaidh an tAire Airgeadais scaireanna sa Chuideachta a bheidh faighte aige faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a shealbhú an fad is oiriúnach leis agus féadfaidh sé, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis, na scaireanna sin uile nó aon chuid díobh a dhíol.

An tAire Airgeadais do thabhairt airleacan don Chuideachta.

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, airleacain inaisíoctha a thabhairt don Cuideachta ach, ar airleacain a tugadh don Chuideachta roimh dháta an Achta seo a rith as airgead a sholáthraigh an tOireachtas a chur san áireamh, ní rachaidh na hairleacain sin thar £2,500,000 san iomlán.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá i ndiaidh an dáta a eiseoidh an Chuideachta scaireanna láníoctha sa Chuideachta chun an Aire Airgeadais de réir alt 3 (1) den Acht seo.

(3) Déantar leis seo alt 5 den Phríomh-Acht a leasú tuilleadh tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Aon téarmaí maidir le haisíoc, ús nó nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais faoi fho-alt (2) den alt seo féadfaidh sé iad a mhodhnú ionann agus gurbh é an 1ú lá d'Iúil, 1967, a tugadh na hairleacain a bheidh fós inaisíoctha de réir alt 3 (2) den Acht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970 .”

An tAire do ráthú airgid a gheobhaidh an Chuideachta ar iasacht.

6. —Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le halt 7 (1) don Phríomh-Acht a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (mar aon le méid aon phríomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta) níos mó ná £2,000,000 agus, dá réir sin, déantar leis seo alt 7 (2) den Phríomh-Acht a leasú trí “£2,000,000” a chur in ionad “£1,000,000”.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht trí “nó go ndéanfaidh an Chuideachta tráthchodanna airgid a bheidh gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta nó an t-ús a bheidh gan íoc ar aon airgead den sórt sin a íoc go cuí nó go n-íocfar na tráthchodanna sin agus an t-ús sin” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “íoc”.

(2) In alt 7 (4) (c) den Phríomh-Acht agus in alt 6 den Acht seo forléireofar “príomhshuim” mar fhocal a fholaíonn airgead atá gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta, agus in ailt 9 (b) agus 9 (c) den Phríomh-Acht forléireofar “airgead” mar fhocal a fholaíonn airgead atá gan íoc faoi chonradh a rinne an Chuideachta.

Diolúine ó dhleachtanna stampa.

1891, c. 39.

8. —Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, ar shlí go gceanglóid sé ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí nó aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin i leith aon mhéadú ar chaipiteal na Cuideachta a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith.

Athrú ar mheabhrán agus ar airteagail chomhlachais.

1963, Uimh. 33 .

9. —Déanfaidh an Chuideachta cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , chun meabhrán agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

10. —Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht dá luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú sa tslí a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

Caiteachas an Aire.

11. —Déanfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Nítrigin Éireann Teoranta, 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Nítrigin Éireann Teoranta, 1963 agus 1970, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL

Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht

Alt 10.

(1)

(2)

An fhoráil a leasaítear

An leasú

Alt 2.

“£7,500,000” a chur in ionad “£100”.

Alt 7.

“agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “i cibé foirm agus slí”.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Maidir le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) áireofar gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-alt (2) den alt seo mar thagairt do mhéid is comhionann in airgead reatha an Stáit leis an bpríomhshuim iarbhír, agus an méid comhionann sin a ríomh de réir an ráta mhalairte a bhí ann an tráth a tugadh an ráthaíocht,

(b) áireofar gach ceann de na tagairtí d'airgead i bhfo-alt (5) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

(10) I gcás—

(a) méid is comhionann in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile a bheith á ríomh de bhun mhír (a) den fho-alt sin roimhe seo, agus

(b) airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile a bheith ar áireamh na n-airgead reatha ag a raibh, an tráth a shonraítear sa mhír sin, parluachanna arna mbunú faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadra Idirnáisiúnta,

áireofar an tagairt atá sa mhír sin don ráta malairte an tráth sin mar thagairt don ráta malairte arna bhunú ar na luachanna sin.”

Alt 9.

“méid nach lú ná leath (de réir luach ainmniúil) na scaireanna” a chur in ionad “aon scaireanna”.

An Sceideal.

“MÉID NACH LÚ NÁ LEATH (DE RÉIR LUACH AINMNIÚIL) NA SCAIREANNA” a chur in ionad “AON SCAIREANNA” sa teideal.

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 4:

“4A. Sonróidh airteagail chomhlachais na Cuideachta líon stiúrthóirí (lena n-áirítear cathaoirleach Bhord Stiúrthóirí na Cuideachta) na Cuideachta agus ní rachaidh an líon a shonrófar amhlaidh thar seachtar.

“4B. Is é an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a cheapfaidh stiúrthóirí na Cuideachta.

“4C. Déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, stiúrthóir de chuid na Cuideachta a cheapadh ina chathaoirleach ar Bhord Stiúrthóirí na Cuideachta.”