15 1970


Uimhir 15 de 1970


AN tACHT GAIRMOIDEACHAIS (LEASÚ), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GAIRMOIDEACHAIS, 1930 GO 1962. [5 Lúnasa, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Coiste gairmoideachais do chomhoibriú le scoileanna áirithe eile maidir le hoideachas leanúnach agus oideachas teicniúil.

1. —Faoi réir toiliú an Aire agus cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh na páirtithe eatarthu, féadfaidh coiste gairmoideachais, i gcomhar le duine a chothabhálann scoil de shórt a bheidh aitheanta ag an Aire chun críocha an ailt seo—

(a) córas oiriúnach oideachais leanúnaigh a bhunú agus a chothabháil ina limistéar de réir na nAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1962, agus socrú a dhéanamh don chóras sin forás,

(b) scoileanna leanúnacha agus scoileanna teicniúla a bhunú agus a chothabháil ina limistéar,

(c) cibé cúrsaí teagaisc ar mhodh oideachais leanúnaigh agus oideachais teicniúil is dóigh leis is gá a bhunú agus a chothabháil ina limistéar.

Leasú ar alt 108 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 .

1930, Uimh. 29 .

2. —Leasaítear leis seo alt 108 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) Déanfaidh an tAire, le rialacháin, socrú le haghaidh toghcháin (dá ngairtear toghchán nua san fho-alt seo) chun go dtoghfar comhaltaí de choiste gairmoideachais (dá ngairtear coiste díscaoilte san fho-alt seo) a díscaoileadh faoin alt seo, a dhéanfar tráth nach déanaí ná deireadh an dara bliain toghcháin tar éis an coiste díscaoilte a dhíscaoileadh amhlaidh, agus ar an toghchán nua sin a bheith críochnaithe dílseoidh maoin, cumhachtaí agus dualgais uile an choiste dhíscaoilte sa choiste a thogfar amhlaidh, d'ainneoin an céanna a bheith aistrithe ag an Aire faoin alt seo chun aon chomhlachta, daoine nó duine eile.

(b) Ní bhainfidh alt 9 (2) den Príomh-Acht le toghchán nua.

(c) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, ní dhéanfar aon toghchán seachas toghchán nua maidir le coiste díscaoilte.”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar an tAcht Gairmoideachais (Leasú), 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1962, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin na hAchtanna Gairmoideachais, 1930 go 1962, agus an tAcht seo.