17 1970


Uimhir 17 de 1970


AN tACHT D'FHORCHUR DLEACHTANNA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT D'FHORCHUR DLEACHT, 1957 , AGUS FAOIN ACHT AIRGEADAIS, 1962 [5 Lúnasa, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Orduithe a dhaingniú.

1957, Uimh. 7 .

1962, Uimh. 15 .

1. —(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe ar leithligh a luaitear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus a rinneadh faoin Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , agus faoin Acht Airgeadais, 1962 .

(2) Na sonraí a luaítear sa chéad cholún agus sa tríú colún faoi seach den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis na hOrduithe a luaitear sa dara colún den Sceideal sin, is chuige amháin a cuireadh isteach sa Sceideal sin iad chun gur fusaide tagairt do na hOrduithe sin agus iad a aithint agus, dá réir sin, ní dhéanfaidh aon ní sa chéad cholún sin ná sa tríú colún sin difear d'fhorléiriú, ná teorannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht d'Fhorchur Dleachtanna (Orduithe a Dhaingniú), 1970 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Alt 1.

Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla

Teideal

Ábhar Ginearálta

(1)

(2)

(3)

I.R. Uimh. 7 de 1969 .

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 178) (Innealra Talmhaíochta), 1969.

Athaicmiú leantóirí áirithe i mírcheann nua tairifí.

I.R. Uimh. 98 de 1969.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 180) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1969.

An ceathrú laghdú ar dhleachtanna caomhnaitheacha agus ar airí caomhnaitheach i ndleachtanna ioncaim, ar earraí áirithe dar bunadh an Ríocht Aontaithe, de réir an Chomhaontaithe idir Rialtas na hÉireann agus Ríaltas na Ríochta Aontaithe do bhunú Limistéar Saorthrádála: cothabháil na tosaíochta maidir le cáin ar allmhairí i bhfabhar earraí áirithe dar bunadh Tuaisceart Éireann; feidhm a thabhairt do lamháltais áirithe tairifí de dhroim an Rialtas do thabhairt aontachais leis an gComhaontú Ginearálta ar Thairifí agus Trádáil; cumhacht chun a cheadú táirgí áirithe cruithneachta a allmhairiú faoi cheadúnas a aistriú ón Aire Tionscail agus Tráchtála chuig an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh: mion-athruithe áirithe ar an gcáinliosta custam.