3 1971


Uimhir 3 de 1971


AN tACHT UM BREOSLAÍ (SOLÁTHAIRTÍ A RIALÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN RIALÁIL AGUS RIALÚ A DHÉANAMH AR SHOLÁTHAR AGUS DÁILEADH BREOSLAÍ AGUS I gCÓIR NITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR TÁILLÍ A GHEARRADH AR CHEADÚNAIS ÁIRITHE AGUS AR DHOICIMÉID EILE) A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.

[8 Márta, 1971.]

ACHTAÍTER AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “údarás” doiciméad i scríbhinn is ceadúnas, cead, deimhniú nó údarás de shórt ar bith;

folaíonn “gual” breoslaí a monaraíodh ó ghual nó go formhór ó ghual agus folaíonn sé gual—

(i) atá ar bord soithigh guail i bport sa Stát ar feitheamh le díluchtú tar éis na foirmiúlachtaí poirt a bheith comhlíonta;

(ii) atá stóráilte i bport díluchtaithe sa Stát;

(iii) i mbáirsí agus i soithigh cósta, cibé acu i bport sa Stát é nó i gcúrsa iompair ó áit amháin sa Stát go háit eile ann;

ciallaíonn “treoir” treoir arna tabhairt (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) faoi chumhacht faoi ordú ón Aire faoin Acht seo;

folaíonn “breoslaí” olaí peitriliaim, gual, móin, gás baile, leictreachas agus connadh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

folaíonn “móin” brícíní móna;

folaíonn “olaí peitriliaim” iad seo a leanas—

(a) amh-ola,

(b) gás peitriliaim leachtaithe,

(c) gásailín eitleoireachta,

(d) scard-bhreosla de chineál gásailíneach,

(e) scard-bhreosla de chineál ceirisíneach,

(f) biotáille mhótair,

(g) ceirisíní,

(h) nafta éadrom íon,

(i) díosal-ola gáis,

(j) ola bhreosla éadrom,

(k) ola bhreosla mheánach,

(l) ola bhreosla throm,

agus folaíonn sé aon cheann acu sin thuas atá—

(i) ar bord ola-thancaer i bport sa Stát ag feitheamh le díluchtú tar éis foirmiúlachtaí poirt a bheith comhlíonta,

(ii) stóráilte i bport díluchtaithe sa Stát,

(iii) in umair ag an mbealach isteach i bpíp-línte,

(iv) in umair stórála amh-ola scaglainne (seachas i bpíplínte scaglainne agus i bhfearais phróiseála),

(v) in umair stórála táirgí scaglann nó ghnóthas allmhairithe, stocála nó mórdhíola, nó

(vi) i mbáirsí agus i soithigh cósta, cibé acu i bport sa Stát nó i gcúrsa iompair ó áit amháin sa Stát go háit eile ann.

Dearbhú ag an Rialtas gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, soláthar agus imdháil breoslaí a rialú.

2. —(1) Aon uair agus a mhinice is dóigh leis an Rialtas gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, go rialódh an tAire thar ceann an Stáit soláthar agus imdháil breoslaí, féadfaidh an Rialtas le hordú a dhearbhú amhlaidh.

(2) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo baint a bheith aige le breis agus aon chineál amháin breosla.

(3) Fanfaidh ordú faoi fho-alt (1) den alt seo i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse (nach faide ná sé mhí ó dháta an ordaithe a dhéanamh) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh sé san ordú, agus rachaidh sé in éag ansin mura gcoimeádfar i bhfeidhm é le hordú faoi fho-alt (4) den alt seo.

(4) I gcás—

(a) ina mbeidh ordú (dá ngairtear an príomh-ordú san fho-alt seo) i bhfeidhm de thuras na huaire faoi fho-alt (1) den alt seo á dhearbhú gur dóigh leis an Rialtas gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, go rialódh an tAire thar ceann an Stáit soláthar agus imdháil breoslaí, agus

(b) gur dóigh leis an Rialtas gur gá, ar mhaithe le leas an phobail, go rialódh an tAire fós féin thar ceann an Stáit soláthar agus imdháil an chineáil bhreosla nó na gcineál breosla lena mbaineann an príomh-ordú—

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) féadfaidh an Rialtas le hordú (dá ngairtear ordú buanaithe san fho-alt seo), a dhéanfar roimh éag don phríomh-ordú, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse (nach faide nó sé mhí ón dáta a rachadh an príomh-ordú in éag mura mbeadh an t-ordú buanaithe) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh sé san ordú buanaithe, agus féadfaidh sé ina dhiaidh sin ó am go ham le hordú (dá ngairtear ordú buanaithe freisin san fho-alt seo) a dhéanfar roimh éag don phríomh-ordú faoin ordú buanaithe deiridh roimhe sin, an príomh-ordú a choimeád i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse (nach faide ná sé mhí ón dáta a rachadh an príomh-ordú in éag faoin ordú buanaithe deiridh roimhe sin) is cuí leis an Rialtas agus a shonróidh sé san ordú buanaithe,

(ii) mura ndéanfar ach aon ordú buanaithe amháin, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse ar ina haghaidh a choimeádfar i bhfeidhm é leis an ordú buanaithe sin agus rachaidh sé in éag ansin,

(iii) má dhéantar dhá ordú buanaithe nó níos mó, leanfaidh an príomh-ordú i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse ar ina haghaidh a choimeádfar i bhfeidhm é leis an gceann deiridh de na horduithe buanaithe sin agus rachaidh sé in éag ansin.

(5) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Cumhacht an Aire chun orduithe áirithe a dhéanamh de dhroim an Rialtas do dhéanamh ordú faoi alt 2.

3. —(1) I gcás ina mbeidh ordú i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 2 den Acht seo, féadfaidh an tAire, le hordú, gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(a) socrú le haghaidh soláthar agus imdháil an chineáil nó na gcineál breosla lena mbaineann an t-ordú faoi alt 2 den Acht seo a rialáil agus a rialú agus, i gcás inar cuí leis an Aire sin, le haghaidh soláthairtí den chineál nó de na cineálacha sin (de réir mar a bheidh) breosla a chothabháil agus a sholáthar;

(b) socrú le haghaidh allmhairiú nó onnmhairiú an chineáil nó na gcineálacha breosla lena mbaineann an t-ordú faoi alt 2 den Acht seo a rialú, a rialáil, a shrianadh nó a thoirmeasc.

(2) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó coimhdeacha a bheith in ordú ón Aire faoin alt seo, lena n-áirítear an chumhacht chun cibé údaráis nó ceadúnais a eisiúint agus cibé treoracha a thabhairt is dóigh leis an Aire is gá nó is foirstineach chun éifeacht iomlán a thabhairt d'aon fhoráil a chuirfear isteach san ordú sin faoi na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an alt seo.

(3) Beidh feidhm dlí ag gach ordú faoin Acht seo agus ag gach údarás agus treoir agus beidh éifeacht acu d'ainneoin aon ní ar neamhréir leis an ordú, leis an údarás nó leis an treoir atá in aon Acht seachas an tAcht seo nó in aon ionstraim ag a bhfuil éifeacht de bhun aon Achta seachas an tAcht seo.

(4) Gach treoir a thabharfar ó bhéal daingneofar í i scríbhinn tráth nach déanaí ná ceithre lá tar éis an lae a thabharfar í amhlaidh.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

Cionta, ionchúisimh agus pionóis.

1851, c. 93.

4. —(1) Gach duine a dhéanfaidh sárú nó a thriailfidh le sárú a dhéanamh, go feasach, ar fhoráil a bheidh in ordú ón Aire faoin Acht seo nó i dtreoir beidh sé ciontach i gcion.

(2) Gach duine a dhéanfaidh, agus a fhios aige cion a bheith déanta ag duine eile faoin alt seo, aon chabhair a thabhairt don duine eile sin le hintinn fionnadh an chiona sin a chosc nó a bhac nó a thoirmeasc, nó gabháil, triail nó pionósú an duine eile sin mar gheall ar an gcion sin a chosc, a bhac nó a thoirmeasc, tríd sin, beidh an duine sin ciontach i gcion é féin.

(3) Aon uair a dhéanfar, maidir le long nó le soitheach eile nó maidir le haerárthach, foráil in ordú nó i dtreoir a shárú, ansin an duine a bheidh tráth an tsáraithe nó an tsáraithe thriailte i bhfeighil an tsoithigh nó an aerárthaigh (cibé acu é), agus freisin an duine ag a mbeidh an tráth sin bainistí an tsoithigh nó an aerárthaigh, beidh siad araon ciontach i gcion.

(4) I gcás cion faoin alt seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon stiúrthóra, bainsteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, measfar go ndearna an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile sin an cion freisin.

(5) Gach duine a dhéanfaidh, nó a meastar a rinne, cion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £10 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht nach faide ná deich mbliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(6) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, i dteannta an phionóis a dhlífear a chur ar an duine faoi fho-alt (5) den alt seo, a ordú go bhforghéillfear aon airnéis phearsanta ar maidir léi nó léi a rinneadh an cion, agus déanfar aon airnéis phearsanta a fhorghéillfear amhlaidh a dhiúscairt i cibé slí a ordóidh an tAire, agus déanfar aon airgead a gheofar ó aon diúscairt den sórt sin a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(7) Féadfaidh an tAire nó comhalta den Gharda Síochána imeachtaí sa Chúirt Dúiche maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

(8) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith ciona faoin alt seo a bhunú laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

Pionós i gcás forálacha áirithe do leanúint gan chomhlíonadh.

5. —(1) Más rud é—

(a) go mainneoidh nó go ndiúltóidh nó go bhfailleoidh duine go toiliúil, déanamh de réir forála in ordú ón Aire faoin Acht seo nó i dtreoir á cheangal ar an duine beart sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe, agus

(b) go bhfanfaidh an bheart sonraithe, tar éis tréimhse shonraithe a bheith caite nó tar éis an dáta sonraithe, gan bheith déanta ag an duine,

beidh an duine ciontach i gcion gach lá a bheidh an beart sonraithe gan déanamh agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £20 a chur air in aghaidh gach ciona den sórt sin nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) Is cion leanúnach cion faoin alt seo agus dá réir sin féadfar imeachtaí nua ina leith a thionscnamh ó am go ham.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (7) d'alt 4 den Acht seo maidir le cion faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le cion faoin alt sin 4.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Táillí ar údaráis.

1879, c. 58.

7. —(1) Muirearófar, toibheofar agus íocfar cibé táille (más aon táille é) a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham ar dheonú, athnuachan nó eisiúint aon údaráis a dheonófar, a athnuafar nó a eiseofar faoi réim nó chun críocha ordaithe faoin Acht seo, nó faoi réim nó chun críocha treorach.

(2) Déanfar na táillí go léir a mhuirearófar agus a thoibheofar de bhua an ailt seo a bhailiú agus a ghlacadh i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais de thuras na huaire agus íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad de réir orduithe an Aire sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí a mhuirearófar nó a thoibheofar de bhua an ailt seo.

Cosaint do chumhachtaí eile.

8. —Na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an Acht seo is cumhachtaí iad i dteannta, agus ní cumhachtaí iad ag laghdú, aon chumhachtaí eile is infheidhmithe ag an Aire.

Caiteachais.

9. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire, nó aon duine eile dá dtabharfar nó chun a dtarmligfear cumhachtaí de bhua an Achta seo, ag riaradh an Achta seo nó ag tabhairt éifeachta d'aon ordú faoin Acht seo, d'aon údarás nó treoir a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1971 , a ghairm den Acht seo.