7 1971


Uimhir 7 de 1971


AN tACHT UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1971

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THIONSCAIL NA GAELTACHTA, 1957 GO 1968.

[7 Aibreán, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1965, Uimh. 18 .

1941, Uimh. 23 .

1957, Uimh. 29 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1965 ;

ciallaíonn “an Bord” Gaeltarra Éireann;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thionscail na Gaeltachta, 1957 .

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

1968, Uimh. 30 .

2. —Déantar leis seo alt 4 (4) den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1968 ) a leasú—

(a) trí “, gan í a dhul thar dheich míle punt,” a scriosadh as mír (bii), agus

(b) trí “nó ón Údarás Forbartha Tionscail” a chur isteach sa mhír sin i ndiaidh “ón bhForas Tionscal”.

Leasú ar alt 5 den Phríomh-Acht.

3. —Déantar leis seo alt 5 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1965) a leasú—

(a) trí “agus duine eile ina stiúrthóir bainistí” a scriosadh as fo-alt (1), agus

(b) trí “, stiúrthóir bainistí” a scriosadh as fo-alt (2).

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

4. —Déantar leis seo alt 26 (1) den Phríomh-Acht a leasú trí “sé mhilliún punt” a chur in ionad “dhá mhilliún punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1965).

Rátaí a mhaitheamh.

5. —(1) I gcás—

(a) áitreabh do ghnóthas tionscail a thógáil, a mhéadú nó a fheabhsú tar éis an 20ú lá d'Iúil, 1965, agus

(b) an Bord a dheimhniú an tógáil, an méadú nó an feabhsú a bheith arna dhéanamh ag an mBord nó a bheith ina ábhar do chúnamh airgid ón mBord,

féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo é—

(i) dhá thrian a mhaitheamh de ráta is intoibhithe acu i leith aon áitreabh a tógadh amhlaidh, nó

(ii) dhá thrian a mhaitheamh d'aon ráta breise is intoibhithe acu i leith aon mhéadú nó feabhsú den sórt sin.

(2) Beidh éifeacht, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla díreach i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla inar críochnaíodh an tógáil, an méadú nó an feabhsú agus i leith gach ceann de na naoi mbliana airgeadais áitiúla díreach ina dhiaidh sin.

(3) Má dheimhníonn an Bord, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh cúnamh airgid, ní bheidh éifeacht ag an maitheamh i leith na bliana airgeadais áitiúla sin.

(4) Ní dheonófar maitheamh níos mó ná uair amháin i leith aon tógáil, méadú nó feabhsú áirithe.

(5) I gcás gan luacháil ar leithligh a bheith déanta, faoi na hAchtanna Luachála, ar áitreabh, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón mBord, an méid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

(6) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1971, a ghairm de na hAchtanna um Thionscail na Gaeltachta, 1957 go 1968, agus den Acht seo le chéile.