16 1971


Uimhir 16 de 1971


AN tACT LEASA SHÓISIALAIGH, 1971

[an tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1970, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1970, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1970, AGUS NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1970. [14 Iúil, 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1966, Uimh. 24 .

1970, Uimh. 12 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 .

Méadú ar rátaí pinsean seanaoise.

1964, Uimh. 28 .

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) trí “dhá chéad agus seasca punt agus cúig phingin nua is seachtó” a chur in ionad “dhá chéad daichead is seacht bpunt agus cúig scilling déag” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ),

(b) trí “dhá chéad daichead is seacht bpunt agus cúig phingin nua is seachtó” a chur in ionad “dhá chéad tríocha is ceithre phunt agus cúig scilling déag” i bhfo-alt (2),

(c) trí “daichead piugin nua” a chur in ionad “cúig scilling” san áit dheiridh ina bhfuil sé i bhfo-alt (2) (b), agus

(d) tríd an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

AN TáBLA

An Ráta Pinsin

Rátaí Seachtainiúla

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

£

£

£

ina Neamhní     ..     ..     ..

4·65

5·40

6·15

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, caoga pingin nua i leith gach de bhreis linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná £26·25     ..     ..

4·40

5·15

5·90

níos mó na £26·25 gan bheith níos mó ná £52·50     ..     ..     ..

4·15

4·90

5·65

níos mó ná £52·50 gan bheith níos mó ná £65·50     ..     ..     ..

3·90

4·65

5·40

níos mó ná £65·50 gan bheith níos mó ná £78·50     ..     ..     ..

3·65

4·40

5·15

níos mó ná £78·50 gan bheith níos mó ná £104·75     ..     ..

3·40

4·15

4·90

níos mó ná £104·75 gan bheith níos mó ná £117·75     ..     ..

3·15

3·90

4·65

níos mó ná £117·75 gan bheith níos mó ná £130·75     ..     ..

2·90

3·65

4·40

níos mó ná £130·75 gan bheith níos mó ná £143·75     ..     ..

2·65

3·40

4·15

níos mó ná £143·75 gan bheith níos mó ná £156·75     ..     ..

2·40

3·15

3·90

níos mó ná £156·75 gan bheith níos mó ná £169·75     ..     ..

2·15

2·90

3·65

níos mó ná £169·75 gan bheith níos mó ná £182·75     ..     ..

1·90

2·65

3·40

níos mó ná £182·75 gan bheith níos mó ná £195·75     ..     ..

1·65

2·40

3·15

níos mó ná £195·75 gan bheith níos mó ná £208·75     ..     ..

1·40

2·15

2·90

níos mó ná £208·75 gan bheith níos mó ná £221·75     ..     ..

1·15

1·90

2·65

níos mó ná £221·75 gan bheith níos mó ná £234·75     ..     ..

0·90

1·65

2·40

níos mó ná £234·75 gan bheith níos mó ná £247·75     ..     ..

0·65

1·40

2·15

níos mó ná £247·75 gan bheith níos mó ná £260·75     ..     ..

0·40

1·15

1·90

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (arna leasú le hAcht 1970) trí “dhá chéad agus seasca punt agus chúig phingin nua is seachtó” a chur in ionad “dhá chéad daichead is seacht bpunt agus cúig scilling déag” i bhfo-alt (1) (i).

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Lúnasa, 1971.

Méadú ar rátaí cúnamh dífhostaíochta.

1933, Uimh. 46 .

3. —(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur san Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 , in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1970) a ghabhann leis.

AN SCEIDEAL

RÁTAÍ CÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnamh dífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnamh dífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí     ..

£3·95

£3·65

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..

£7·05

£6·65

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithíúnach amháin     ..     ..

£7·80

£7·40

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chléithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..

£8·55

£8·15

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 50p i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 50p i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh chleithiúnach amháin

£4·85

£4·55

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..

£5·60

£5·30

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 50p i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, 50p i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 28ú lá d'Iúil, 1971.

Méadú ar rátaí sochair dífhostaíochta áirithe.

1967, Uimh. 18 .

4.—(1) Déantar leis seo na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur sa Tábla a ghabhann le halt 5 (2) den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 , in ionad na rátaí atá leagtha amach ann (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

AN TÁBLA

An Aicme Duine

Ráta Seachtainiúil

Méadú do chleithiúnach aosaithe (más iníoctha)

Méadú do leanbh cáilithe nó do gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú do gach leanbh cáilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

Duine atá i dteideal méadú i leith línbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe     ..

£4·10

--

£0·75

£0·50

Aon duine eile     ..

£3·95

£3·10

£0·75

£0·50

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 29ú lá d'Iúil, 1971.

Méadú ar rátaí pinsean baintreach (neamhranníocach).

5.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (b) (a cuireadh isteach le hAcht 1970):

“(b) (i) i gcás gan acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná dhá chéad agus seasca punt agus cúig phingin nua is seachtó, de réir an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(ii) i gcás acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí a bheith níos mó ná dhá chéad agus seasca punt agus cúig phingin nua is seachtó, de réir an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean dá mbeadh acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí níos mó ná dhá chéad, daichead agus seacht bpunt agus cúig phingin nua is seachtó ach gan bheith níos mó ná dhá chéad seasca punt agus cúig phingin nua is seachtó, lúide cúig phingin nua is fiche i leith gach suim trí phunt déag (más ann) atá de bhreis ag an acmhainn bhliantúil sin are dhá chéad daichead is seasca punt agus cúig phingin nua is seachtó, agus aon chodán de thrí phunt déag a ghlacadh mar thrí phunt déag chun na críche sin; ar choinníoll nach mbeidh an pinsean iníoctha más lú ná daichead pingin sa tseachtain ar ráta, arna ríomh de bhun na míre seo, ar dá réir ab iníoctha an pinsean mura mbeadh an fhoráil seo”,

agus

(b) tríd an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad Tábla B (a cuireadh isteach le hAcht 1970):

TÁBLA B

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Baintreach (Neamhranníocach)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe

(1)

(2)

(3)

(4)

Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí—

£

£

£

na Neamhní     ..     ..     ..

4·65

5·55

6·45

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, nocha pingin nua i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná Neamhní gan bheith níos mó ná £26·25     ..     ..

4·40

5·30

6·20

níos mó ná £26·25 gan bheith níos mó ná £52·50     ..     ..

4·15

5·05

5·95

níos mó ná £52·50 gan bheith níos mó ná £65·50     ..     ..

3·90

4·80

5·70

níos mó na £65·50 gan bheith níos mó ná £78·50     ..     ..

3·65

4·55

5·45

níos mó ná £78·50 gan bheith níos mó ná £104·75     ..     ..

3·40

4·30

5·20

níos mó ná £104·75 gan bheith nís mó ná £117·75     ..     ..

3·15

4·05

4·95

níos mó ná £117·75 gan bheith níos mó ná £130·75     ..     ..

2·90

3·80

4·70

níos mó ná £130·75 gan bheith níos mó ná £143·75     ..     ..

2·65

3·55

4·45

níos mó ná £143·75 gan bheith níos mó ná £156·75     ..     ..

2·40

3·30

4·20

níos mó ná £156·75 gan bheith níos mó ná £169·75     ..     ..

2·15

3·05

3·95

níos mó ná £169·75 gan bheith níos mó ná £182·75     ..     ..

1·90

2·80

3·70

níos mó ná £182·75 gan bheith níos mó ná £195·75     ..     ..

1·65

2·55

3·45

níos mó ná £195·75 gan bheith níos mó ná £208·75     ..     ..

1·40

2·30

3·20

níos mó ná £208·75 gan bheith níos mó ná £221·75     ..     ..

1·15

2·05

2·95

níos mó ná £221·75 gan bheith níos mó ná £234·75     ..     ..

0·90

1·80

2·70

níos mó ná £234·75 gan bheith níos mó ná £247·75     ..     ..

0·65

1·55

2·45

níos mó ná £247·75 gan bheith níos mó ná £260·75     ..     ..

0·40

1·30

2·20

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Lúnasa, 1971.

Méadú ar rátaí pinsean dílleachtaí (neamhranníocach).

6.—(1) Déantar leis seo an Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann le halt 25 (a cuireadh isteach le hAcht 1952) d'Acht 1935.

AN TÁBLA

Rátaí Seachtainiúla Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)

Acmhainn an dílleachta

Rátaí Seachtainiúla

£

Má bhíonn acmhainn bhliantúil an dílleachta, arna ríomh go cuí—

gan bheith níos mó ná £23·40

..

..

..

..

..

2·50

níos mó ná £23·40 gan bheith níos mó ná £46·80

..

..

2·05

níos mó ná £46·80 gan bheith níos mó ná £70·20

..

..

1·60

níos mó ná £70·20 gan bheith níos mó ná £93·60

..

..

1·15

níos mó ná £93·60 gan bheith níos mó ná £117·00

..

..

0·70

níos mó ná £117·00

..

..

..

..

..

..

Neamhní

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Lúnasa, 1971.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1952.

1960, Uimh. 25 .

7.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ) d'Acht 1952 tríd an ráta ranníoca shaorálaigh atá leagtha amach i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a scriosadh agus an ráta atá leagtha amach, os coinne lua na míre sin sa cholún sin (1), i gcolún (2) den Tábla sin a chur ina ionad.

AN TÁBLA

An mhír d'alt 6 (2)

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

Mír (a)

..

..

..

..

tríocha a seacht bpingin nua

Mír (b)

..

..

..

..

nócha a haon pingin nua

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1971.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1952.

8.—Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) (d):

“(e) a áireamh gur íocadh, chun críche aon chirt chun sochair, aon ranníocaí fostaíochta ab iníoctha ag fostóír i leith duine árachaithe agus nár íocadh, má chruthaítear nár le toiliú ná cúlcheadú an duine árachaithe nó nár mar gheall ar fhaillí is inchurtha i leith an duine árachaithe a mainníodh na ranníocaí sin a íoc; ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní in aon rialacháin den sórt sin difear do dhliteanas an fhostóra faoi fho-alt (5) d'alt 6 den Acht seo na ranníocaí sin a íoc.”.

Leasú ar alt 35 d'Acht 1952.

9.—Leasaítear leis seo alt 35 d'Acht 1952 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás inar tharla, de bhua rialacháin a rinneadh faoi alt 8 den Acht seo—

(a) gur áiríodh gur íocadh ranníocaí fostaíochta nár íocadh, nó

(b) gur áiríodh gur íocadh ar na dátaí a bhí siad dlite ranníocaí fostaíochta a íocadh mall,

agus gur íocadh dá dhroim sin sochar a bheadh caillte mura mbeadh sin, dlífear den fhostóir don Chiste méid an tsochair a bheadh caillte amhlaidh.”.

Leasú ar alt 52 d'Acht 1952.

10.—Leasaítear leis seo alt 52 d'Acht 1952—

(a) trí “fíneáil nach mó ná caoga punt nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile” a chur in ionad “fíneáil nach mó ná deich bpuint” i bhfo-alt (3), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfaidh socrú a bheith i rialacháin i gcóir cionta ar sárú ar rialacháin iad nó mainneachtain rialacháin a chomhlíonadh nó chun go bhforchuirfear, de rogha na Cúirte, ar chiontú achomair i gcionta den sórt sin, fíneálacha nach mó ná suimeanna sonraithe nach mó ná caoga punt nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó na fíneálacha sin agus an phríosúnacht sin le chéile, mar aon le tuilleadh fíneálacha den sórt sin, i gcás cionta leanúnacha, in aghaidh gach lae de na laethanta a leanfar de na cionta.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

11.—(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an ráta ranníoca atá leagtha amach i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a scriosadh agus an ráta atá leagtha amach os coinne lua na míre sin sa cholún sin (1), i gcolún (2) den Tábla sin a chur ina ionad.

AN TáBLA

An Mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

pingin nua

Mír 1 (a)

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

..

85

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

..

79

Mír 1 (b)

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

..

87

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

..

85

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

73

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

73

Mír 2A (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

60

Mír 2A (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

68

Mír 3 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

58

Mír 3 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

65

Mír 3A (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

65

Mír 3A (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

73

Mír 4 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

18

Mír 4 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

19

Mír 5 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

19

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

76

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

85

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

..

76

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

..

80

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1971.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

12.—(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1970):

CUID I

Rátaí na Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

Rátaí Seachainiúl

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

£

£

£

£

£

1. Sochar Míchumais, Pinsean Easláine agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ..

4·95

3·45

0·90

0·65

--

(ii) aon bhean phósta eile     ..     ..

3·90

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnai aosaithe     ..     ..     ..

4·95

3·45

0·90

0·65

--

mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ..     ..     ..     ..

3·90

--

--

--

--

2. Liúntais Máithreachais     ..     ..     ..

4·95

--

--

--

--

3. Pinsean Baintrí (Ranníocach)     ...     ...

5·00

--

1·00

1·00

2·75

4. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)     ..

3·30

--

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach)     ...

5·50

3·85

0·09

0·65

2·75

6. Pinsean Scoir     ..     ..     ..     ..

4·95

3·45

0·90

0·65

--

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta agus le liúntas máithreachais, an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1971,

(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1971, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le haon sochar eile, an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1971.

Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

1960, Uimh. 28 .

13.—(1) Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí “£78” a chur in ionad “£39” i bhfomhír (j) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960 ) de mhír (II) de Riail 1.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Lúnasa, 1971.

Srian le halt 13 d'Acht 1966 agus le rialacháin áirithe faoi alt 32 d'Acht 1952.

14.—(1) Ní oibreoidh alt 13 d'Acht 1966, in imeacht na tréimhse iomchuí, lena cheadú do dhuine pinsean seanaoise neamhranníocach a fháil in aghaidh na tréimhse sin nó aon choda di d'aontoisc go mbeadh, de bhua na méaduithe ar rátaí an phinsin sin faoi alt 2 den Acht seo, ráta an phinsin sin ab iníoctha leis an duine sin níos mó ná an ráta pinsin seanaoise (ranníocach) nó an ráta pinsin baintrí (ranníocach) a mbeidh teideal ag an duine sin chuige.

(2) Na rialacháin faoi alt 32 d'Acht 1952 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1966) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire ní oibreoidh siad, in imeacht na tréimhse iomchuí, lena cheadú do bhaintreach pinsean baintrí (neamhranníocach) a fháil in aghaidh na tréimhse sin nó aon choda di d'aontoisc go mbeadh, de bhua na méaduithe ar rátaí an phinsin sin faoi alt 5 den Acht seo, ráta an phinsin sin ab iníoctha léi níos mó ná an ráta pinsin baintrí (ranníocach) is iníoctha léi.

(3) San alt seo ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse dar tosach an 6ú lá de Lúnasa, 1971, agus dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1971.

Leasú ar an Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

1966, Uimh. 16 .

15.—(1) Leasaítear leis seo mar a leanas an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 :

(a) in alt 8 (3) (a) cuirfear “cúig phunt agus caoga pingin nua” in ionad “cúig phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(b) in alt 8 (3) (b) cuirfear “seacht bpunt agus caoga pingin nua” in ionad “seacht bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(c) in alt 9 (7) (a) cuirfear “cúig chéad agus fiche punt” in ionad “cheithre chéad agus ochtó punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(d) i dTABLA I a ghabhann le halt 9 (8) cuirfear “£7.50” in ionad “£7”, “£6.75” in ionad “£6 6s”, “£6” in ionad “£5 12s”, “£5.25” in ionad “£4 18s”, “£4.50” in ionad “£4 4s”, “£3.75” in ionad “£3 10s”, “£3” in ionad “£2 16s”, “£2.25” in ionad “£2 2s” agus “£1.50” in ionad “£1 8s” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(e) i dTABLA II a ghabhann le halt 9 (8) cuirfear “£5.50” in ionad “£5”, “£4.95” in ionad “£4 10s”, “£4.40” in ionad “£4”, “£3.85” in ionad “£3 10s”, “£3.30” in ionad “£3”, “£2.75” in ionad “£2 10s”, “£2.20” in ionad “£2”, “£1.65” in ionad “£1 10s” agus “£1.10” in ionad “£1” (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

(f) in alt 9 (9) (b) (ii) cuirfear “£1.50” in ionad “£1 8s” agus “£1.10” in ionad “£1” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(g) in alt 10 (1) cuirfear “trí phunt agus cúig phingin nua is daichead” in ionad “trí phunt agus trí scilling” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(h) in alt 12 (1) (a) cuirfear “trí phunt agus nócha pingin nua” in ionad “trí phunt agus dhá scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(i) in alt 12 (1) (b) cuirfear “ceithre phunt agus cúig phingin nua is nócha” in ionad “ceithre phunt agus deich scilling” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(j) in alt 13 (1) cuirfear “£2.75” in ionad “daichead scilling”,

(k) in alt 15 (1) (a) (i) cuirfear “cúig phunt agus caoga pingin nua” in ionad “cúig phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(l) in alt 15 (1) (a) (ii) cuirfear “seacht bpunt agus caoga pingin nua” in ionad “seacht bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(m) in alt 17 (2) cuirfear “seacht bpunt” in ionad “sé phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(n) in alt 18 (2) cuirfear “seacht bpunt” in ionad “sé phunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(o) in alt 18 (3) cuirfear “trí chéad seasca is cúig phunt” in ionad “trí chéad is cúig phunt déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(p) in alt 19 cuirfear “punt” in ionad “ocht scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1970) agus “punt” in ionad “trí scilling déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(q) in alt 20 cuirfear tagairt do dhá phunt agus caoga pingin nua in ionad gach tagartha do dhá phunt (a cuireadh isteach le hAcht 1970) gach áit a bhfuil an tagairt sin agus cuirfear tagairt do sheacht bpunt in ionad gach tagartha do shé phunt (a cuireadh isteach le hAcht 1970) gach áit a bhfuil an tagairt sin,

(r) in alt 21 (2) cuirfear “trí phunt agus seasca pingin nua” in ionad “trí phunt agus cúig scilling” (a cuireadh iseach le hAcht 1970),

(s) in alt 22 cuirfear tagairt do sheasca punt in ionad gach tagartha do chaoga punt gach áit a bhfuil an tagairt sin,

(t) in alt 25 (3) (a) cuirfear “punt agus deich bpingin nua” in ionad “punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1970),

(u) in alt 25 (3) (b) cuirfear “punt agus caoga pingin nua” in ionad “punt agus ocht scilling” (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 4ú lá de Dheireadh Fómhair, 1971.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

16.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1971, a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo—

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1970, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1971, a ghairm díobh le chéile,

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1970, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1971, a ghairm díobh le chéile,

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1970, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1971, a ghairm díobh le chéile,

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1970, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1971, a ghairm díobh le chéile.