21 1972


Uimhir 21 de 1972


AN tACHT UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938 GO 1968, CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH LE hAGHAIDH PINSIN A ÍOC LE DAOINE NÓ I LEITH DAOINE A SHEALBHAIGH OIFIG MAR LEAS-CHATHAOIRLEACH DHÁIL ÉIREANN, AGUS CHUN SOCRÚ A DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GAOLMHARA EILE. [24 Iúil, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar ailt 13, 16 agus 20 den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 .

1938, Uimh. 38 .

1968, Uimh. 22 .

1. —(1) D'fhonn go bhféadfar pinsin a íoc le daoine nó i leith daoine a scoirfidh, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith é nó dá éis sin, de bheith i seilbh oifige Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann, agus d'fhonn go bhféadfaí, dá mba iomchuí sin, an tréimhse a bhí duine i seilbh na hoifige sin (cibé acu an roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a scoirfidh sé de bheith i seilbh na hoifige sin), nó tréimhse is ionann agus leath na tréimhse sin, a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar mhéid pinsin is iníoctha leis nó ina leith faoin Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 , leasaítear leis seo alt 13 (1) den Acht sin trí “oifig is oifig Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann nó oifig Rúnaí Pharlaiminte” a chur in ionad “oifig Rúnaí Pháirliminte” sa mhíniú ar “oifig rúnaíochta”.

(2) Nuair a bheidh feidhm á tabhairt d'alt 16 (3) den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 (a cuireadh isteach le halt 11 den Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1968 ) maidir le pinsean is iníoctha toisc, agus amháin de thoisc, go raibh duine i seilbh oifig Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann, déanfar an tagairt san alt sin do Rúnaí Parlaiminte a fhorléiriú mar thagairt do Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann.

(3) Más rud é—

(a) go mbeidh baintreach ag fáil pinsin faoi alt 20 den Acht um Oifigí Aireachta agus Páirliminte, 1938 , ar dháta an Achta seo a rith, agus

(b) go raibh an duine ar ina leith is iníoctha an pinsean i seilbh oifige mar Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann,

ansin, amhail ó dháta an Achta seo a rith, is é an méid is iníoctha ar scór an phinsin an méid ab iníoctha amhlaidh dá mba rud é go raibh fo-alt (1) den alt seo i bhfeidhm an dáta a fuair an duine bás.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1972, a ghairm de na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1968, agus den Acht seo le chéile.