1 1975


Uimhir 1 de 1975


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA bPINSEAN SEANAOISE, 1908 GO 1974, NA nACHTANNA UM CHÚNAMH DÍFHOSTAÍOCHTA, 1933 GO 1974, NA nACHTANNA UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAÍ, 1935 GO 1974, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEANAÍ), 1944 GO 1974, NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1952 GO 1974, AGUS NA nACHTANNA OIDEACHAIS (BÉILÍ DO SHOLÁTHAR), 1914 GO 1930. [26 Márta, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1933, Uimh. 46 .

1935, Uimh. 29 .

1952, Uimh. 11 .

1960, Uimh. 25 .

1966, Uimh. 16 .

1969, Uimh. 19 .

1970, Uimh. 12 .

1973, Uimh. 10 .

1974, Uimh. 14 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 ;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1960 ;

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 ;

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1969 ;

ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970 ;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973 ;

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1974 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh.

Pinsin seanaoise (rátaí nua, leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

1924, Uimh. 19 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1974):

“(2) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean, in ionad aon ráta eile—

(i) i gcás nach mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—an ráta atá leagtha amach i dTabla A a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

(ii) i gcás inar mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara —an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin dá mba gur mhó ná £14 ach nár mhó ná £15 acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, lúide £1 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £15, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ar choinníoll, más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, ab iníoctha an pinsean, nach mbeidh an pinsean iníoctha,

(iii) i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an bpinsinéir—an ráta pinsin is iníoctha leis de réir fhomhír (i) nó (ii) den mhír seo móide 70 pingin nua,

agus déanfar an ráta pinsin arna chinneadh amhlaidh a mhéadú, i gcás gur duine de lánúin phósta an pinsinéir, an méid atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo—

(A) más fear an pinsinéir, i leith a bhanchéile má tá sé in aontíos léi nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, á fháil aici, nó

(B) más bean an pinsinéir, i leith a fearchéile má tá sí á chothabháil go hiomlán nó go formhór agus go bhfuil seisean éagumasach, de dheasca éiglíocht coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus nach bhfuil pinsean faoi na hAchtanna ná aon sochar ná pinsean faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, á fháil aige.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

TABLA A

AN RATA PINSIN

An Ráta Seachtainiúil

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Éilitheoir nó pinsinéir, gan aon leanbh cáilithe

Éilitheoir nó pinsinéir, leanbh cáilithe amháin

Éilitheoir nó pinsinéir, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná £6     ..

8.85

11.20

13.55

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £1.80 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ..     ..     ..     ..

7.85

10.20

12.55

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ..     ..     ..

6.85

9.20

11.55

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ..     ..     ..

5.85

8.20

10.55

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10     ..     ..     ..

4.85

7.20

9.55

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11     ..     ..     ..

3.85

6.20

8.55

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12     ..     ..     ..

2.85

5.20

7.55

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13     ..     ..     ..

1.85

4.20

6.55

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14     ..     ..     ..

0.85

3.20

5.55

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15     ..     ..     ..

neamhní

2.20

4.55

TABLA B

MEADU I LEITH CLEITHIUNAI AOSAITHE

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara—

gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

..

..

4.40

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

..

..

..

3.90

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

..

..

..

3.40

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9

..

..

..

2.90

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10

..

..

..

2.40

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11

..

..

..

1.90

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12

..

..

1.40

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13

..

..

0.90

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14

..

..

0.40

níos mó ná £14

..

..

..

..

..

..

neamhní

agus

(b) trí “ceithre phunt agus cúig phingin nua is nócha” a chur i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach le hAcht 1969) in ionad “ceithre phunt agus cúig phingin nua déag” (a cuireadh isteach le Acht 1974).

(2) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (arna leasú le hAcht 1974) trí “seacht gcéad fiche is ocht bpunt” a chur in ionad “cúig chéad nócha is ocht bpunt” i bhfo-alt (1) (i).

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1975.

Cúnamh dífhostaíochta (rátaí nua).

3. —(1) Déantar leis seo an Sceideal a ghabhann leis an alt seo a chur in Acht 1933 in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le hAcht 1974) a ghabhann leis.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 2ú lá d'Aibreán, 1975.

AN SCEIDEAL

RATAI CUNAIMH DHIFHOSTAIOCHTA

Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta seachtainiúil a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

An ráta cúnaimh dhífhostaíochta seachtainiúil a bhaineann le daoine a chónaíonn in aon áit eile

Duine gan chleithiúnaí     ..

£7.70

£7.35

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..

£13.25

£12.80

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..     ..     ..

£15.60

£15.15

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..

£17.95

£17.50

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.80 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.80 i leith gach linbh chleithiúnaigh

de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..

£10.20

£9.85

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..

£12.55

£12.20

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.80 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.80 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Pinsin baintreach (neamhranníocach) (rátaí nua agus leathnú ar na teorainneacha acmhainne).

4.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1974) d'alt 20 d'Acht 1935 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur ina ionad:

“(1) (a) Is é an ráta ar dá réir a íocfar pinsean baintrí (neamhranníocach), faoi réir forálacha an Achta seo—

(i) i gcás nach mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil na baintrí—an ráta atá leagtha amach i dTábla B a ghabhann leis an bhfo-alt seo, agus

(ii) i gcás inar mó ná £15 acmhainn sheachtainiúil na baintrí—an ráta ar dá réir ab iníoctha an pinsean faoi threoir an Tábla sin leis an mbaintreach dá mba gur mhó ná £14 ach nár mhó ná £15 a hacmhainn sheachtainiúil, lúide £1 i leith gach suim £1 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £15, agus aon chodán de £1 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £1; ar choinníoll, más lú ná 50 pingin nua an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, mura mbeadh an coinníoll seo, ab iníoctha an pinsean, nach mbeidh an pinsean iníoctha.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is é a bheidh in acmhainn sheachtainiúil an acmhainn bhliantúil arna roinnt ar chaoga a dó.

TABLA B

RATAI SEACHTAINIULA PINSEAN BAINTREACH (NEAMHRANNIOCACH)

Acmhainn na Baintrí

Baintreach, gan aon leanbh cáilithe

Baintreach, leanbh cáilithe amháin

Baintreach, beirt leanbh cháilithe nó níos mó

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil na baintrí—

gan bheith níos mó ná £6     ..

8.85

11.80

14.75

Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh cháilithe ann, £2.95 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt.

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7     ..     ..     ..

7.85

10.80

13.75

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8     ..     ..     ..

6.85

9.80

12.75

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £9     ..     ..     ..

5.85

8.80

11.75

níos mó ná £9 gan bheith níos mó ná £10     ..     ..     ..

4.85

7.80

10.75

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £11     ..     ..     ..

3.85

6.80

9.75

níos mó ná £11 gan bheith níos mó ná £12     ..     ..     ..

2.85

5.80

8.75

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £13     ..     ..     ..

1.85

4.80

7.75

níos mó ná £13 gan bheith níos mó ná £14     ..     ..     ..

0.85

3.80

6.75

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £15     ..     ..     ..

neamhní

2.80

5.75

”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1975, i gcás liúntais is iníoctha de bhua alt 22 d'Acht 1970, alt 8 d'Acht 1973 nó alt 9 d'Acht 1974, agus an 4ú lá d'Aibreán, 1975, i ngach cás eile.

Modhnú ar na rialacha a bhaineann le hacmhainn sheachtainiúil maidir le pinsin seanaoise agus pinsin baintreach (neamhranníocach) áirithe.

5.—(1) Chun na rátaí seachtainiúla a shonraítear sna Táblaí a chuirtear isteach le hailt 2 agus 4 den Acht seo (nó in aon Táblaí a chuirfear dá éis seo in ionad na dTáblaí sin) a fheidhmiú maidir le cás inarb é atá in acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an phinsinéara, nó inar cuid den acmhainn sin, acmhainn arna measúnú de réir mhír (I) de Riail 1 de na Rialacha maidir le Ríomh Acmhainne atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, glacfar, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, go bhfuil an acmhainn sheachtainiúil méadaithe £1.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás inar lú ná £1 an acmhainn sheachtainiúil arna measúnú mar a shonraítear san fho-alt sin.

Pinsin dílleachtaí (neamhranníocach) (rátaí nua agus leathnú ar an teorainn acmhainne).

6.—(1) Leasaítear leis seo alt 25 (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1973) d'Acht 1935 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla (a cuireadh isteach le hAcht 1974) a ghabhann le fo-alt (1).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1975.

AN TABLA

RATAI SEACHTAINIULA PINSEAN DILLEACHTAI (NEAMHRANNIOCACH)

Acmhainn an Dílleachta

Na Rátaí Seachtainiúla

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an dílleachta—

£

gan bheith níos mó ná £1     ..     ..

..

..

..

5.75

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2

..

..

..

4.75

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3

..

..

..

3.75

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4

..

..

..

2.75

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5

..

..

..

1.75

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

0.75

níos mó ná £6     ..     ..     ..     ..

..

..

..

neamhní

Liúntais leanaí (rátaí nua).

1952, Uimh. 12 .

1946, Uimh. 8 .

7.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1952 ) den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1974):—

“(1) Faoi réir forálacha na nAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975, agus na rialachán fúthu, aon duine a fhionnfar a bheith cáilithe le haghaidh liúntais leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas míosúil de réir—

(a) £2.30 i gcás é a bheith cáilithe i leith linbh cháilithe amháin,

(b) £5.90 i gcás é a bheith cáilithe i leith beirt leanbh cháilithe,

(c) £10.25 i gcás é a bheith cáilithe i leith triúr leanbh cáilithe nó níos mó, móide £4.35 i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar thriúr.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1975.

Liúntas do bhean shingil (rátaí nua agus leathnú ar an teorainn acmhainne).

8.—(1) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1974 tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1975.

AN TABLA

RATA AN LIUNTAIS DO BHEAN SHINGIL

Acmhainn an éilitheora nó an tairbhí

An Ráta Seachtainiúil

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an tairbhí—

£

gan bheith níos mó ná £1     ..     ..

..

..

..

7.70

níos mó ná £1 gan bheith níos mó ná £2

..

..

..

6.70

níos mó ná £2 gan bheith níos mó ná £3

..

..

..

5.70

níos mó ná £3 gan bheith níos mó ná £4

..

..

..

4.70

níos mó ná £4 gan bheith níos mó ná £5

..

..

..

3.70

níos mó ná £5 gan bheith níos mó ná £6

..

..

..

2.70

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £7

..

..

..

1.70

níos mó ná £7 gan bheith níos mó ná £8

..

..

..

0.70

níos mó ná £8     ..     ..     ..     ..

..

..

..

neamhní

Liúntas (cúram) seanaoise (ráta nua).

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 21 (1) d'Acht 1970, lena ndéantar socrú le haghaidh liúntais (cúram) seanaoise, trí “£4.95” a chur in ionad “£4.15” (a cuireadh isteach le hAcht 1974).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Aibreán, 1975.

Isliú ar an aois cháilitheach chun críocha pinsin.

1908, c. 40.

1932, Uimh. 18 .

1964, Uimh. 28 .

10.—(1) Leasaítear leis seo gach ceann de na forálacha seo a leanas trí thagairt do sheacht mbliana is seasca a chur in ionad na tagartha do ocht mbliana is seasca (a cuireadh isteach le hAcht 1974) gach áit a bhfuil sí:—

(a) alt 2 (1) den Old Age Pensions Act, 1908,

(b) alt 6 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 ,

(c) alt 10 (3) (b) d'Acht 1933,

(d) ailt 21 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1964 ), 22 (1) agus 36 (a) (i) d'Acht 1935, agus

(e) ailt 80 (2) agus 81 (1) d'Acht 1952.

(2) Leasaítear leis seo alt 2 (1) d'Acht 1952 trí “seacht mbliana is seasca” a chur in ionad “ocht mbliana is seasca” (a cuireadh isteach le hAcht 1974) sa mhíniú ar “aois inphinsin”.

(3) Leasaítear leis seo alt 81 (1) d'Acht 1952 (arna leasú leis an Acht seo) trí “seacht mbliana is seasca” a chur in ionad “ocht mbliana is seasca” (a cuireadh isteach le hAcht 1974).

(4) I gcás duine a shlánóidh 56 bliana d'aois an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis—

(i) déanfar an coinníoll ranníoca i leith pinsin seanaoise (ranníocach) atá leagtha amach i mír 6 (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1960) den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a fhorléiriú amhail is dá mba gur cuireadh “seacht mbliana is caoga” in ionad “seasca bliain” agus ní bheidh feidhm ag alt 11 (4) (i) d'Acht 1974 ar é do shlánú seacht mbliana is caoga d'aois, agus

(ii) déanfar alt 9 d'Acht 1952 (arna leasú le halt 4 d'Acht 1960) a fhorléiriú amhail is dá mba gur cuireadh “seacht mbliana is caoga” in ionad “seasca bliain” agus ní bheidh feidhm ag alt 11 (4) (ii) d'Acht 1974 ar é do shlánú seacht mbliana is caoga d'aois.

(5) (a) Duine a shlánóidh 68 mbliana d'aois an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, ach roimh an 3ú lá d'Eanáir, 1977, féadfar a theideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, más buntáiste dó é sin.

(b) Duine a mbeidh 68 mbliana d'aois slánaithe aige roimh an lú lá d'Aibreán, 1975, agus ar dámhadh pinsean seanaoise (ranníocach) dó faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an dáta sin beidh ceart aige ar an dáta sin agus dá éis chun an phinsin sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe a bheidh comhionann le meánmhéid bhliantúil na ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe arna ríomh ina chás faoi na forálacha sin.

(c) Féadfar teideal duine chun pinsin bhaintrí (ranníocach) nó chun sochair bhanchéile thréigthe atá le cinneadh faoi threoir thaifead árachais duine a shlánóidh 68 mbliana d'aois roimh an 3ú lá d'Eanáir, 1977, a chinneadh faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an lú lá d'Aibreán, 1975, más buntáiste don éilitheoir é sin.

(d) Baintreach nó banchéile tréigthe a ndearnadh, faoi fhorálacha na nAchtanna a bhí i ngníomh roimh an lú lá d'Aibreán, 1975, pinsean baintrí (ranníocach) nó sochar banchéile thréigthe a dhámhadh di ar fhoras a taifid árachais féin nó taifead árachais a fearchéile ar an dáta a shlánaigh sise nó seisean aois inphinsin na huaire sin, beidh ceart aici, an lú lá d'Aibreán, 1975, agus dá éis, chun an phinsin nó an tsochair sin de réir an ráta is iníoctha de thuras na huaire faoi threoir meánmhéid bhliantúil ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe a bheidh comhionann le meánmhéid bhliantúil na ranníocaí íoctha agus creidiúnaithe arna ríomh ina cás faoi na forálacha sin.

(e) San fho-alt seo ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1975.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

11.—(1) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid seo a leanas a chur in ionad Chuid I (a cuireadh isteach le hAcht 1974):

“CUID I

RATAI NA SOCHAR TREIMHSIUIL AGUS NA MEADUITHE ORTHU

An cineál sochair

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe faoi alt 26 (4) (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

£

£

£

£

£

1. Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn ocht mbliana déag d'aois—

(i) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ..     ..     ..     ..

9.40

6.10

2.65

2.20

--

(ii) aon bhean phósta eile     ..

8.20

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois—

(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe     ..     ..     ..

9.40

6.10

2.65

2.20

--

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine     ..     ..     ..

8.20

--

--

--

--

2. Pinsean Easláine:

(a) fear, bean singil nó baintreach, bean phósta a chónaionn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile     ..     ..     ..

9.40

6.10

2.65

2.20

4.95

(b) aon bhean phósta eile     ..     ..

8.20

--

--

--

4.95

3. Liúntas Máithreachais     ..     ..

9.40

--

--

--

--

4. Pinsean Baintrí (Ranniocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ..     ..     ..

9.50

--

3.15

3.15

4.95

(b) in aon chás eile     ..     ..     ..

10.20

--

3.15

3.15

4.95

5. Sochar Banchéile Thréigthe     ..     ..

9.50

--

3.15

3.15

4.95

6. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)     ..

6.90

--

--

--

--

7. Pinsean Scoir agus Pinsean Seanaoise (Ranníocach):

(a) i gcás daoine faoi bhun ochtó bliain d'aois     ..     ..     ..

10.50

6.65

2.65

2.20

4.95

(b) in aon chás eile     ..     ..     ..

11.10

6.65

2.65

2.20

4.95

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige     ..     ..     ..

--

1.25

--

--

--

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta agus le liúntas máithreachais, an 7ú lá d'Aibreán, 1975,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 3ú lá d'Aibreán, 1975, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le haon sochar eile, an 4ú lá d'Aibreán, 1975.

Méadú ar rátaí sochair dhífhostaíochta áirithe.

1967, Uimh. 18 .

12.—(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1967 , tríd an Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (2) (arna leasú le hAcht 1974).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1975.

AN TABLA

An Aicme Duine

An Ráta Seachtainiúil

Méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

Méadú i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanbh cháilithe (más iníoctha)

Méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

£

£

£

£

Duine atá i dteideal méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil i dteideal méadú i leith cleithiúnaí aosaithe     ..

7.85

--

2.35

1.80

Aon duine eile     ..

7.70

5.55

2.35

1.80

Ranníocaí fostaíochta (rátaí nua).

13.—(1) (a) Leasaítear leis seo mar a leanas an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952: in ionad an ráta ranníoca atá sonraithe i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, cuirfear an ráta atá sonraithe i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1).

(b) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1975.

An mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

£

Mír 1 (a):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

1.54

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

1.48

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

2.26

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

2.24

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.42

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

2.12

Mír 2 A (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.28

Mír 2 A (b)

..

..

..

..

..

..

..

2.10

Mír 3 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.27

Mír 3 (b)

..

..

..

..

..

..

..

2.00

Mír 3 A (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.47

Mír 3 A (b)

..

..

..

..

..

..

..

2.52

Mír 4 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0.33

Mír 4 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.50

Mír 5 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.50

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.45

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

2.24

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.59

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

2.47

Mír 8 (a)

..

..

..

..

..

..

..

1.27

Mír 8 (b)

..

..

..

..

..

..

..

2.00

(2) (a) Déanfar na rátaí ranníoca fostaíochta is iníoctha faoi mhíreanna 1, 2, 2A, 3A, 6 agus 7 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a mhéadú tríd an ráta a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo a chur leis an ráta ranníoca a shonraítear i ngach mír a luaitear i gcolún (1) den Tábla sin os coinne an lua sin i gcolún (1).

(b) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo sa tréimhse dar tosach an 7ú lá d'Aibreán, 1975, agus dar críoch an 4ú lá d'Aibreán, 1976.

AN TABLA

An mhír den Dara Sceideal

An Ráta Ranníoca

(1)

(2)

Mír 1 (a):

£

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0.10

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0.10

Mír 1 (b):

(i) i gcás fear-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0.21

(ii) i gcás ban-ranníocóra fhostaithe

..

..

..

0.21

Mír 2 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0.10

Mír 2 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.21

Mír 2 A (a)

..

..

..

..

..

..

..

0.10

Mír 2 A (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.21

Mír 3 A (a)

..

..

..

..

..

..

..

0.10

Mír 3 A (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.21

Mír 6 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0.10

Mír 6 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.21

Mír 7 (a)

..

..

..

..

..

..

..

0.10

Mír 7 (b)

..

..

..

..

..

..

..

0.21

Ranníocaí saorálacha (rátaí nua).

14.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1960):

“(2) Is ranníocaí seachtainiúla ranníocaí saorálacha agus beidh siad le híoc ag ranníocóirí saorálacha atá faoi bhun aoise inphinsin de réir—

(a) £0.83 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás ina raibh siad, díreach roimh scor de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), agus

(b) £2.17 in aghaidh gach seachtain ranníoca i gcás ina raibh siad, díreach roimh scor de bheith ina ranníocóirí fostaithe, ar fostú inárachaithe i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith inríofa chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach),

i gcás fear-ranníocóirí saorálacha agus i gcás ban-ranníocóirí saorálacha.”

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1975.

Sochair dhíobhálacha ceirde (rátaí nua agus ranníocaí nua).

15.—(1) Leasaítear Acht 1966 leis seo mar a leanas:

(a) in alt 8 (3) (a) cuirfear “£10.20” in ionad “ocht bpunt agus daichead pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(b) in alt 8 (3) (b) cuirfear “£13.10” in ionad “deich bpunt agus ochtó pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(c) in alt 9 (7) (a) cuirfear “£900” in ionad “seacht gcéad agus daichead punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(d) cuirfear an Tábla a ghabhann leis an mír seo in ionad Tábla I a ghabhann le halt 9 (8) (arna leasú):

TABLA I

An grád míthreorach

An Ráta Seachtainiúil

£

100 faoin gcéad

..

..

..

..

..

..

13.10

90     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

11.79

80     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

10.48

70     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

9.17

60     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

7.86

50     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

6.55

40     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

5.24

30     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

3.93

20     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

2.62

(e) cuirfear an Tábla a ghabhann leis an mír seo in ionad Tábla II a ghabhann le halt 9 (8) (arna leasú):

TABLA II

An grád míthreorach

An Ráta Seachtainiúil

£

100 faoin gcéad

..

..

..

..

..

..

10.20

90     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

9.18

80     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

8.16

70     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

7.14

60     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

6.12

50     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

5.10

40     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

4.08

30     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

3.06

20     ,,     ,,

..

..

..

..

..

..

2.04

(f) in alt 9 (9) (b) (ii) cuirfear “£2.62” in ionad “£2.16” agus “£2.04” in ionad “£1.68” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(g) in alt 10 (1) cuirfear “£6.10” in ionad “cúig phunt agus cúig phingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(h) in alt 11 (1) cuirfear “£2.65” in ionad “dhá phunt agus fiche pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974) agus cuirfear “£2.20” in ionad “punt agus ochtó pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(i) in alt 12 (1) (a) cuirfear “£8.20” in ionad “sé phunt agus cúig phingin nua is caoga” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(j) in alt 12 (1) (b) cuirfear “£9.40” in ionad “seacht bpunt agus cúig phingin nua is seachtó” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(k) in alt 13 (1) cuirfear “£4.95” in ionad “£4.15” (a cuireadh isteach le hAcht 1974) agus cuirfear “£10” in ionad “ocht bpunt agus tríocha pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(l) in alt 15 (1) (a) (i) cuirfear “£10.20” in ionad “ocht bpunt agus daichead pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(m) in alt 15 (1) (a) (ii) cuirfear “£13.10” in ionad “deich bpunt agus ochtó pingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(n) in ailt 17 (2) agus 18 (2) cuirfear “£12.30” in ionad “deich bpunt agus cúig phingin nua déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(o) in alt 18 (3) cuirfear “£639” in ionad “cúig chéad fiche is ocht bpunt” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(p) in alt 19 cuirfear “£3.15” in ionad “dhá phunt agus cúig phingin nua is caoga” (a cuireadh isteach le hAcht 1974) gach áit a bhfuil sé;

(q) in alt 20 cuirfear tagairt do £5.45 in ionad na tagartha do cheithre phunt agus caoga pingin nua (a cuireadh isteach le hAcht 1974) gach áit a bhfuil sí, agus cuirfear tagairt do £12.30 in ionad na tagartha do dheich bpunt agus cúig phingin nua déag (a cuireadh isteach le hAcht 1974) gach áit a bhfuil sí;

(r) in alt 21 (2) cuirfear “£7.35” in ionad “sé phunt agus cúig phingin nua” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(s) in alt 25 (3) (a) cuirfear “£2.04” in ionad “punt agus ocht bpingin nua is seasca” (a cuireadh isteach le hAcht 1974);

(t) in alt 25 (3) (b) cuirfear “£2.62” in ionad “dhá phunt agus sé phingin nua déag” (a cuireadh isteach le hAcht 1974), agus

(u) in ailt 36 (2) (b) agus 36 (3) cuirfear “12p” in ionad “11p” (a cuireadh isteach le hAcht 1970) agus cuirfear “9p” in ionad “8p” (a cuireadh isteach le hAcht 1970).

(2) Tiocfaidh fo-ailt (1) (n), 1 (o), (1) (p), (1) (q) agus (1) (r) den alt seo i ngníomh an 4ú lá d'Aibreán, 1975, agus tiocfaidh an chuid eile d'fhorálacha fho-alt (1) i ngníomh an 7ú lá d'Aibreán, 1975.

Rialacháin ag athrú rátaí sochair, liúntais, pinsin nó cúnaimh.

16.—(1) D'ainneoin aon ní in Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1975, sna hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1975, sna hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1975, sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, nó in aon rialacháin faoi aon cheann de na hAchtanna sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon cheann nó gach ceann de na rátaí sochair, liúntais, pinsin nó cúnaimh is iníoctha faoi aon cheann den na hAchtanna sin a athrú le rialacháin.

(2) Ní dhéanfaidh rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo ráta aon sochair, liúntais, pinsin nó cúnaimh a athrú sa dóigh go mbeidh laghdú ar mhéid an tsochair, an liúntais, an phinsin nó an chúnaimh is iníoctha nuair a thiocfaidh na rialacháin i bhfeidhm.

(3) Déanfar rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Teideal leanúint mar ranníocóir saorálach.

17.—(1) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) a bhí, an 31ú lá de Mhárta, 1974, ina ranníocóir saorálach a bhí i dteideal ranníocaí saorálacha a íoc de réir an ráta a shonraítear in alt 6 (2) (b) d'Acht 1952, agus

(b) a tháinig, de bhua alt 12 (1) d'Acht 1973, chun bheith ina ranníocóir fostaithe a bhfuil ranníocaí de réir ráta speisialta iníoctha ina leith faoi mhír 4 nó 5 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

(2) D'ainneoin alt 4 (3) d'Acht 1952, leanfaidh duine lena mbaineann an t-alt seo de bheith i dteideal bheith ina ranníocóir saorálach ar an teideal sin a iarraidh ar an Aire i scríbhinn.

(3) D'ainneoin aon ní in Acht 1952, is é an ráta ranníoca shaorálaigh is iníoctha ag duine lena mbaineann an t-alt seo (i gcás fearranníocóirí saorálacha agus ban-ranníocóirí saorálacha) 80p don tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1974, agus dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1974, £1.03 don tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Iúil, 1974, agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, agus £1.34 tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1975.

(4) Nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil na coinníollacha ranníoca maidir le haon sochar seachas pinsean scoir, pinsean seanaoise (ranníocach) nó deontas báis comhlíonta, déanfar neamhshuim de ranníocaí saorálacha a bheidh íoctha faoin alt seo ag duine lena mbaineann an t-alt seo.

Leathnú ar na hAchtanna Oideachais (Béilí do Sholáthar), 1914 go 1930.

18.—(1) I gcás inar deimhin le húdarás áitiúil maidir le cuid nach lú ná a leath de na leanaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta atá lasmuigh de limistéar feidhmiúcháin an údaráis gur sa limistéar sin, nó lasmuigh den limistéar sin i dteaghaisí leis an údarás nó a sholáthair an t-údarás, a chónaíonn siad, féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh go mbeidh feidhm ag na hAchtanna Oideachais (Béilí do Sholáthar), 1914 go 1930, maidir leis an scoil náisiúnta sin ionann is dá mba i limistéar feidhmiúcháin an údaráis di.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil cinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm.

(3) Is feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, agus chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí contae-bhuirgí, cinneadh a dhéanamh nó a chúlghairm faoi fho-alt (1) den alt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn “údarás áitiúil” comhlacht is údarás áitiúil de réir brí na nAchtanna Oideachais (Béilí do Sholáthar), 1914 go 1930, nó chun críocha na nAchtanna sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1957, Uimh. 21 .

19.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo—

(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1975, a ghairm díobh le chéile,

(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1975, a ghairm díobh le chéile,

(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1975, a ghairm díobh le chéile,

(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975, a ghairm díobh le chéile,

(e) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, a ghairm díobh le chéile.

(3) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leathnaíonn sé na hAchtanna Oideachais (Béilí do Sholáthar), 1914 go 1930, agus an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1957, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna sin, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Oideachais (Béilí do Sholáthar), 1914 go 1975, a ghairm díobh le chéile.