28 1975


Uimhir 28 de 1975


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (LIÚNTAIS LEASA FORLÍONTACHA), 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN LIÚNTAIS LEASA FORLÍONTACHA A DHEONÚ DO DHAOINE AR GHANNCHUID ACMHAINNE AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA CHUN PÁIRT DEN ACHT UM CHONGNAMH PHUIBLÍ, 1939 , A AISGHAIRM AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [17 Nollaig, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1939, Uimh. 27 .

1970, Uimh. 1 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1939” an tAcht um Chongnamh Phuiblí, 1939 ;

tá le “cleithiúnaí aosaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 10 den Acht seo;

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoi alt 28 den Acht seo ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh chun críocha éagsúla den Acht seo;

tá le “tairbhí” an bhrí a shanntar dó le halt 17 den Acht seo;

tá le “leanbh cleithiúnach” an bhrí a shanntar dó le halt 10 den Acht seo;

tá le “réamhthairbhí” an bhrí a shanntar dó le halt 25 den Acht seo;

ciallaíonn “bord sláinte” bord sláinte de réir brí an Achta Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “cúnamh teaghlaigh” cúnamh teaghlaigh de réir brí Acht 1939;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;

ciallaíonn “forordú” forordú le rialacháin;

ciallaíonn “údarás cúnaimh phoiblí” údarás cúnaimh phoiblí de réir brí alt 8 d'Acht 1939, arna leathnú le halt 7 den Acht um Údaráis Sláinte, 1960 , agus le halt 84 den Acht Sláinte, 1970 ;

ciallaíonn “liúntas leasa forlíontach” liúntas in airgead nó liúntas comhchineáil arna dheonú faoin Acht seo.

Teideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh.

2. —Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh gach duine sa Stát nach leor a acmhainn chun freastal dá riachtanais agus do riachtanais aon chleithiúnaí aosaithe nó aon linbh chleithiúnaigh leis i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh.

Daoine atá ag fáil oideachais lánaimsire a bheith eisiata.

3. —(1) Ní bheidh teideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh ag aon duine atá ag fáil oideachais lánaimsire de ló in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais.

(2) Na forálacha atá i bhfo-alt (1) den alt seo is forálacha iad gan dochar do theideal aon duine liúntas leasa forlíontach a fháil i leith duine dá dtagraítear san fho-alt sin ar cleithiúnaí aosaithe nó leanbh cleithiúnach leis é.

(3) D'ainneoin forálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfar liúntas leasa forlíontach a dheonú, i gcás imthosca neamhghnácha, do dhuine a bheadh i dteideal liúntas leasa forlíontach a fháil mura mbeadh forálacha an fho-ailt sin (1).

Daoine i bhfostaíocht lánaimsire a bheith eisiata.

4. —(1) Faoi réir forálacha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, ní bheidh duine i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh maidir le haon tréimhse a bheidh sé fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh le gníomhú fho-alt (1) den alt seo i leith aon aicme daoine a thiocfaidh chun bheith fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire a chur siar go dtí cibé tréimhse tar éis an fruiliú tosú a shonrófar sna rialacháin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás aon duine a bheidh fruilithe le hobair chúititheach lánaimsire más lú, go substainteach, de bharr aon mhíchumais choirp nó mheabhrach, cumas tuillimh an duine sin i gcomórtas le cumas tuillimh daoine eile a bheidh fruilithe le hobair dá samhail.

Daoine dá ndéanfaidh aighnis cheirde difear.

1952, Uimh. 11 .

5. —(1) In aon chás ina mbeidh duine, mar gheall ar shaotharstad de bharr aighnis cheirde ina áit fostaíochta, gan fostaíocht ar feadh aon tréimhse a leanfaidh an saotharstad agus nach mbeidh an duine sin, le linn an tsaotharstaid sin, tagtha chun bheith fostaithe bona fide in áit eile lena ghnáthshlí bheatha nó tar éis dul ar fostú go rialta le slí bheatha éigin eile, déanfar neamhshuim dá riachtanais féin don tréimhse sin lena theideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh a fhionnadh ach amháin a mhéid gur de na riachtanais sin an riachtanas soláthar a dhéanamh dá chleithiúnaithe aosaithe nó dá leanaí cleithiúnacha.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon duine nach mbeidh páirteach san aighneas ceirde a tharraing an saotharstad nó nach mbeidh ag maoiniú an aighnis sin, nó nach mbeidh leas díreach aige san aighneas sin agus nach de ghrád ná d'aicme oibrithe é a raibh comhaltaí de nó di fostaithe, díreach roimh thosú don saotharstad, ina áit fostaíochta agus aon duine díobh páirteach san aighneas nó ag maoiniú an aighnis nó leas díreach aige san aighneas.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “áit fostaíochta”, maidir le haon duine, an mhonarcha, an cheardlann, an fheirm nó an t-áitreabh nó an áit eile ina raibh sé fostaithe, ach in aon chás ina ndéantar brainsí leithleacha oibre is gnách a sheoladh mar ghnóthaí leithleacha in áitribh leithleacha nó in áiteanna leithleacha a sheoladh i ranna leithleacha san áitreabh céanna nó san áit chéanna, measfar, chun críocha an ailt seo, gur monarcha nó ceardlann nó feirm leithleach nó áitreabh leithleach nó áit leithleach, de réir mar a bheidh, gach roinn acu sin;

tá le “aighneas ceirde” an bhrí a shanntar dó le halt 17 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

Riarachán.

6. —(1) Faoi réir treorú agus rialú an Aire i gcoitinne, beidh gach bord sláinte a bheidh arna bhunú faoi alt 4 den Acht Sláinte, 1970 , freagrach, maidir lena limistéar feidhmiúcháin, i riaradh na bhfeidhmeanna a bhainfidh le liúntas leasa forlíontach agus feidhmeanna eile is infheidhmithe faoin Acht seo.

(2) Deonóidh gach bord sláinte do gach duine ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh cáilithe chuige cibé liúntas leasa forlíontach a chinnfear, de réir forálacha an Achta seo, a bheith dlite don duine sin.

(3) Cinnfidh an tAire aon amhras nó aighneas i dtaobh cén bord sláinte a bheidh freagrach i liúntas leasa forlíontach a sholáthar do dhuine áirithe nó do dhaoine d'aicme áirithe.

(4) Faoi réir alt 7 den Acht seo, is feidhm de chuid an phríomhoifigigh feidhmiúcháin (de réir brí alt 13 den Acht Sláinte, 1970 ) don bhord sláinte aon fheidhm maidir le cinneadh a dhéanamh ar theideal aon duine chun liúntais leasa fhorlíontaigh agus ar mhéid aon liúntais den sórt sin.

Achomhairc.

7. —(1) I gcás ina mbeidh duine míshásta le cinneadh oifigigh do bhord sláinte ar éileamh uaidh ar liúntas leasa forlíontach beidh ábhar achomhairc ann in aghaidh an chinnte sin chun duine (is oifigeach eile don bhord sláinte nó duine nach oifigeach den sórt sin) a cheapfaidh nó a ainmneoidh an tAire.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar faoi alt 21 den Acht seo, socrú a dhéanamh le haghaidh achomhairc a dhéanamh agus a chinneadh faoin alt seo.

Coinníollacha ar a ndeonófar liúntas leasa forlíontach.

8. —Féadfaidh bord sláinte, faoi réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 21 den Acht seo, a chinneadh nach mbeidh duine i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh—

(a) mura mbeidh sé cláraithe le haghaidh fostaíochta i cibé slí a bheidh forordaithe ag an Aire, agus

(b) mura ndéanfaidh sé iarratas ar aon sochair reachtúla nó sochair eile nó ar aon chúnamh a mbeidh teideal aige chucu nó chuige ar a n-áirítear sochair nó cúnamh den sórt sin ó thíortha seachas an Stát.

Liúntas leasa forlíontach a ríomh.

9. —(1) Is é an méid liúntais leasa fhorlíontaigh a mbeidh teideal ag duine chuige an méid is lú a acmhainn ná a riachtanais, agus chun an méid sin a fhionnadh—

(a) measfar, faoi réir aon íocaíochta de bhun forálacha alt 11 den Acht seo, gurb iad riachtanais seachtainiúla duine:

(i) i gcás duine gan acmhainn, cibé méid is iomchuí de na méideanna a shonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 10 (1) den Acht seo, nó

(ii) i gcás duine ag a bhfuil acmhainn, cibé méid dá sonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 10 (1) den Acht seo ab iomchuí ina chás dá mbeadh sé gan acmhainn, lúide méid a acmhainne seachtainiúla.

(b) ríomhfar de réir forálacha alt 12 den Acht seo acmhainn aon duine.

(2) Le linn méid an liúntais leasa fhorlíontaigh is iníoctha le haon duine a bheith á ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) i gcás inar lú ná cúig phingin nua méid aon liúntais, ní bheidh aon liúntas iníoctha;

(b) i gcás inar mó ná cúig phingin nua ach nach iolrú ar chúig phingin nua méid seachtainiúil aon liúntais, déanfar neamhshuim den mhéid is mó an liúntas sin ná iolrú ar chúig phingin nua;

(c) i gcás inar daoine den teaghlach céanna fearchéile agus banchéile, comhiomlánófar a riachtanais agus a n-acmhainn agus measfar gurb iad riachtanais agus acmhainn an fhearchéile, nó an bhanchéile, más ise an t-éilitheoir, iad;

(d) i gcás duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach, measfar go bhfolaíonn riachtanais an duine sin riachtanais an linbh chleithiúnaigh sin;

(e) i gcás ina gcuirfear riachtanais aon duine i gcuntas le linn teideal aon duine eile chun liúntais leasa fhorlíontaigh a bheith á chinneadh, ní bheidh i dteideal liúntais ach an duine eile sin.

Méideanna seachtainiúla liúntais leasa fhorlíontaigh do dhaoine gan acmhainn.

10. —(1) An méid seachtainiúil de liúntas leasa forlíontach a bheidh iníoctha le duine gan acmhainn mar a bheidh cinnte faoin Acht seo, is é a bheidh ann, faoi réir aon íocaíochta de bhun alt 11 den Acht seo, i gcás duine d'aon aicme a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo, méid de réir an mhéid sheachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) den Tábla sin os coinne an lua sin sa cholún sin (1).

AN TABLA

MéIDEANNA SEACHTAINIúLA LIúNTAIS LEASA FHORLíONTAIGH

Na haicmí daoine a bhfuil feidhm ag na méideanna liúntais leasa fhorlíontaigh ina leith

Méid seachtainiúil an liúntais leasa fhorlíontaigh

(1)

(2)

Duine gan chleithiúnaí     ..     ..     ..     ..

£7.75

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe     ..     ..

£13.50

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin     ..     ..     ..     ..

£16.00

Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..

£18.50

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.90 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

Duine ag a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin     ..

£10.40

Duine ag a bhfuil beirt leanbh chleithiúnacha nó níos mó     ..     ..     ..     ..     ..     ..

£12.90

móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanbh chleithiúnacha ann, £1.90 i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt.

(2) San Acht seo—

ciallaíonn “cleithiúnaí aosaithe”—

(a) i gcás fir phósta, a bhanchéile má tá sí in aontíos leis nó má tá sí á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige,

(b) i gcás mná pósta, a fearchéile má tá sé éagumasach, de dheasca éiglíocht éigin coirp nó meabhrach, ar é féin a chothú agus go bhfuil sé á chothabháil ar fad nó go formhór aici, agus

(c) i gcás baintreach fir nó fir neamhphósta, bean (is duine a bhfuil sé bliana déag d'aois slán aici) ar a bhfuil cúram leanaí cleithiúnacha an fhir sin agus atá á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige;

ciallaíonn “leanbh cleithiúnach”, maidir le duine, aon leanbh, nach cleithiúnaí aosaithe, nach bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán aige nó aici agus atá i gcleithiúnas cothabhála ar an duine sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, athrú a dhéanamh le rialacháin ar na méideanna liúntais leasa fhorlíontaigh seachtainiúla a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann le fo-alt (1) den alt seo, ach sin ar shlí nach laghdófar aon mhéid a shonraítear ann.

Breisithe le méid seachtainiúil liúntais leasa fhorliontaigh agus ioncaim eile.

11. —(1) Mura leor méid seachtainiúil liúntais leasa fhorlíontaigh, más ann, is iníoctha le duine de bhun alt 9 den Acht seo, agus aon ioncaim eile, ar a n-áirítear aon íocaíocht ar mhodh sochair nó cúnaimh faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1975, nó faoi aon reacht eile, de chuid duine le freastal do riachtanais an duine sin, ansin—

(a) i gcás liúntas leasa forlíontach a bheith á fháil ag an duine sin, féadfar, faoi réir forálacha an ailt seo, méid seachtainiúil an liúntais sin is iníoctha leis an duine sin a mhéadú, nó

(b) in aon chás eile, féadfar íocaíocht liúntais leasa fhorlíontaigh a íoc in aghaidh na seachtaine, faoi réir forálacha an ailt seo, d'fhorlíonadh ar ioncam eile an duine sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh a fhorordóidh—

(a) na himthosca ina bhféadfar íocaíocht a íoc le haon duine de bhun fho-alt (1) den alt seo,

(b) méideanna na n-íocaíochtaí a bheidh le híoc i gcoitinne nó maidir le haicme áirithe duine.

(3) Féadfaidh socrú a bheith i rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo i dtaobh liúntais chomhchineáil a dheonú i ndáil le riachtanais sonraithe agus i dtaobh na n-ábhar go léir a ghabhfaidh le liúntais den sórt sin, nó a leanfaidh as liúntais den sórt sin, a sholáthar.

Acmhainn a ríomh.

12. —(1) Le teideal duine chun liúntais leasa fhorlíontaigh a fhionnadh, déanfar a acmhainn sheachtainiúil a ríomh de réir forálacha fho-alt (2) den alt seo.

(2) Le linn acmhainn sheachtainiúil duine a bheith á ríomh, cuirfear i gcuntas an méid seo a leanas:

(a) an t-ioncam airgid go léir, ar a n-áirítear luach airgid aon tuillimh nach tuilleamh airgid ó luainn phearsanta agus méid iarbhír nó méid measta aon ioncaim mar cheann an teaghlaigh, mar ranníocaí i leith costais an teagh laigh nó eile, ach gan na suimeanna seo leanas a áireamh—

(i) aon suimeanna a fuarthas ar mhodh liúntais faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1975.

(ii) aon suimeanna a fuarthas ar mhodh liúntais as aire a thabhairt, faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970 , ina dteaghaisí féin do leanaí éislinneacha, agus

(iii) aon suimeanna ó mhaoin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann an duine sin féin) a infheistiú nó a úsáid go sochrach;

(b) luach aon mhaoine leis an duine sin (nach maoin a úsáideann nó a theachtann sé féin) atá infheistithe nó, cé gur féidir í a infheistiú nó a úsáid go sochrach, nach bhfuil infheistithe ná á húsáid go sochrach amhlaidh, agus á mheas gurb é luach bliantúil an chéad £400 den mhaoin an fichiú cuid den luach caipitiúil agus á mheas gurb é luach bliantúil an oiread sin is fiú thar £400 de luach caipitiúil na maoine deichiú cuid an luacha chaipitiúil; agus á ríomh gurb é luach seachtainiúil na maoine caoga dóú cuid an luacha bhliantúil arna ríomh amhlaidh;

(c) luach aon bhuntáiste a fhaibhríonn chun an duine sin ó úsáid nó ó theachtadh maoine (seachas troscán agus éifeachtaí pearsanta) a úsáideann nó a theachtann an duine sin féin;

(d) luach aon sochair nó pribhléide a theachtann an duine sin;

(e) an t-ioncam uile agus luach na maoine uile a chuir an duine sin uaidh go díreach nó go hindíreach le go mbeadh sé cáilithe chun liúntas leasa forlíontach a fháil.

(3) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, athrú a dhéanamh le rialacháin ar fhorálacha fho-alt (2) den alt seo.

Liúntais chomhchineáil.

13. —(1) Aon uair is dealraitheach do bhord sláinte gur fearr is féidir, mar gheall ar imthosca neamhghnácha, freastal do riachtanais duine trí earraí nó seirbhísí a sholáthar in ionad na híocaíochta uile, nó coda den íocaíocht, a mbeadh teideal aige chuici ar shlí eile faoin Acht seo, féadfaidh an bord sláinte a chinneadh go soláthrófar na hearraí sin nó na seirbhísí sin don duine sin de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an bord.

(2) Le linn cinneadh faoin alt seo a dhéanamh chun freastal do riachtanas obann, práinneach, féadfaidh an bord sláinte fiosrú faoi acmhainn nó imthosca eile agus comhlíonadh aon rialachán a rinneadh faoin Acht seo a ligean thar ceal.

(3) Maidir le haon earraí nó seirbhísí a sholáthróidh bord sláinte de bhun fho-alt (1) den alt seo, measfar gur tagairtí do luach na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh na tagairtí san Acht seo do mhéid liúntais leasa fhorlíontaigh.

Cumhacht íocaíocht aonair a íoc le freastal do riachtanas neamhghnách.

14. —Féadfaidh bord sláinte, in aon chás inar dóigh leis, ag féachaint dó do na himthosca uile, gur réasúnach sin a dhéanamh, a chinneadh go ndéanfar liúntas leasa forlíontach a íoc ina íocaíocht aonair le duine chun freastal do riachtanas neamhghnách.

Liúntas leasa forlíontach a dheonú i gcásanna práinne.

15. —(1) Ní choiscfidh aon ní in alt 3, 4 nó 5 den Acht seo liuntas leasa forlíontach a íoc i gcás práinne agus le linn cinneadh a bheith á dhéanamh arb iníoctha liúntas de bhua an ailt seo agus cé mhéad de liúntas é nó cad é an cineál liúntais é, ní bheidh an bord sláinte faoi cheangal ag aon ní atá in ailt 8 go 12 den Acht seo nó in aon rialacháin faoin Acht seo is míchuí, dar leis, in imthosca an cháis.

(2) I gcás ina ndéanfar, de bhun fho-alt (1) den alt seo, liúntas leasa forlíontach a íoc le duine a bheidh fruilithe le hobair shochrach lánaimsire, féadfaidh bord sláinte, más deimhin leis in imthosca uile an cháis gur den chothromas sin a dhéanamh, a chinneadh go mbeidh an liúntas uile a íocadh amhlaidh, nó cuid de, inaisghabhála ón duine lenar íocadh é.

Dliteanas cleithiunaithe a chothabháil.

16. —(1) Chun críocha an Achta seo, agus gan dochar d'aon oibleagáidí a fhorchuirtear leis an dlí nó ar shlí eile, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) dlífidh gach fear gach duine dá chlann dlisteanach faoi shé bliana déag d'aois a chothabháil;

(b) dlífidh gach bean gach duine dá clann faoi shé bliana déag d'aois a chothabháil;

(c) dlífidh gach fear pósta a bhanchéile agus aon leanbh lena bhanchéile, a rugadh sular phós sí eisean agus atá faoi shé bliana déag d'aois, a chothabháil; agus

(d) dlífidh gach bean phósta a fearchéile a chothabháil.

(2) Déanfar gach tagairt san Acht seo do dhuine a dhlíonn duine eile a chothabháil a fhorléiriú mar thagairt a chiallaíonn duine a dhlíonn, de bhua fho-alt (1) den alt seo, an duine eile sin a chothabháil.

Liúntas leasa forlíontach a ghnóthu agus ranníocaí a íoc ina leith.

17. —(1) I gcás ina ndeonóidh bord sláinte liúntas leasa forlíontach d'aon duine (dá ngairtear “an tairbhí” san alt seo), dlífidh gach duine a dhlífidh an tairbhí a chothabháil ranníoc ar feadh a chumais a íoc leis an mbord sláinte i leith aon liúntais a dheonófar amhlaidh.

(2) I gcás aon duine a dhlíonn ranníoc a íoc i leith liúntais leasa fhorlíontaigh a deonaíodh don tairbhí do mhainniú nó d'fhaillí an ranníoc sin a íoc, féadfaidh an bord sláinte lena mbainfidh ordú a iarraidh ar an gCúirt Dúiche á ordú don duine a dhlíonn ranníoc an ranníoc sin a íoc i leith an liúntais a deonaíodh amhlaidh.

(3) Sula ndéanfaidh an bord sláinte lena mbainfidh iarratas chun na Cúirte Dúiche de bhun fho-alt (2) den alt seo, seirbheálfaidh sé fógra faoin iarratas ar an duine a dhlíonn ranníoc.

(4) Aon uair is deimhin leis an gCúirt Dúiche an duine atá faoi dhliteanas ranníoc i leith liúntas leasa forlíontach a dheonú don tairbhí a bheith, tráth iarratas ó bhord sláinte de bhun fho-alt (2) den alt seo a éisteacht, i gcumas ranníoc a íoc i leith an liúntais a deonaíodh amhlaidh, socróidh an Chúirt Dúiche méid an ranníoca a íocfaidh an duine atá faoi dhliteanas amhlaidh agus ordóidh sí an ranníoc sin a íoc leis an mbord sláinte ina chnapíocaíocht nó ina thráthchodanna seachtainiúla nó míosúla de réir mar is cuí leis an gCúirt.

(5) Ní ghnóthóidh bord sláinte trí iarratas faoi fho-alt (2) den alt seo maidir le liúntas leasa forlíontach a deonaíodh do dhuine méid is mó ná an liúntas a deonaíodh amhlaidh mar aon le costais na n-imeachtaí nó, i gcás ranníoc a bheith íoctha de bhun an ailt seo gan aon iarratas den sórt sin, méid is mó ná an difear idir an ranníoc sin agus an liúntas a deonaíodh amhlaidh mar aon le costais na n-imeachtaí.

Socraíochtaí adhlactha.

18. —(1) Féadfaidh bord sláinte socrú a dhéanamh i dtaobh aon duine de na daoine seo a leanas a adhlacadh—

(a) duine a fuair bás i limistéar feidhmiúcháin an bhoird sláinte sin agus nach mbeidh socraíochtaí oiriúnacha lena adhlacadh á ndéanamh ar aon slí eile,

(b) duine a báthadh agus a tháinig faoi thír i limistéar feidhmiúcháin an bhoird sláinte sin nó ar bás eile a bhain dó agus a fuarthas marbh sa limistéar feidhmiúcháin sin agus (i gceachtar cás) nár iarradh a chorp lena adhlacadh.

(2) Féadfaidh bord sláinte, in aon chás inar cuí leis é, corp duine a bhí cáilithe le haghaidh liúntais leasa fhorlíontaigh agus a fuair bás lasmuigh de limistéar feidhmiúchan an bhoird sláinte a thabhairt isteach sa limistéar feidhmiúcháin sin agus a adhlacadh ann.

(3) Féadfaidh bord sláinte na caiteachais go léir a íoc a tabhaíodh de riachtanas ag adhlacadh duine faoin alt seo nó ag tabhairt corp duine isteach ina limistéar feidhmiúcháin lena adhlacadh.

(4) I gcás ina dtabhóidh bord sláinte caiteachais faoin alt seo i ndáil le corp éagaigh, féadfaidh an bord sláinte sin aisíoc na gcaiteachas sin a fháil ó eastát an éagaigh sin nó ó aon duine a dhligh an t-éagach sin a chothabháil díreach roimh éag dó.

Meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas i leith liúntais leasa fhorlíontaigh.

19. —Déanfaidh bord sláinte meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas i leith liúntais leasa fhorlíontaigh a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, cibé tráthanna agus maidir le cibé tréimhsí a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Sláinte agus tabharfaidh sé, freisin, don Aire aon eolas a theastóidh uaidh maidir leis na meastacháin sin.

Caiteachais boird sláinte a mhaoiniú.

20. —(1) Gach údarás áitiúil b'údarás cúnaimh phoiblí díreach roimh an lá ceaptha íocfaidh sé leis an mbord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil—

(a) i leith na tréimhse dar tosach an lá ceaptha agus dar críoch lá deiridh na bliana ar lá di an lá ceaptha suim in ionannas—

(i) leis an gcion de chaiteachas iomlán an údaráis áitiúil sin ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, is ionann agus an coibhneas idir an tréimhse sin agus an bhliain ar lá di an lá ceaptha sin, agus

(ii) le cion daichead faoin gcéad den mhéid a bheidh de bhreis ag caiteachas iomlán na mbord sláinte go léir ar liúntas leasa forlíontach sa tréimhse sin ar an gcion sin de chaiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, is ionann agus an coibhneas idir an tréimhse sin agus an bhliain ar lá di an lá ceaptha sin,

arb é an cion sin daichead faoin gcéad is iníoctha ag an údarás sin cion is ionann agus an coibhneas idir caiteachas iomlán an údaráis sin ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, agus caiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir ar chúnamh den sórt sin sa bhliain sin, agus

(b) i leith gach bliana i ndiaidh na bliana ar lá di an lá ceaptha, suim in ionannas—

(i) le caiteachas iomlán an údaráis áitiúil sin ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, agus

(ii) le cion daichead faoin gcéad den bhreis a bheidh ag caiteachas iomlán na mbord sláinte go léir ar liúntas leasa forlíontach sa bhliain a mbeidh an íocaíocht dlite ina leith ar chaiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975,

arb é an cion sin daichead faoin gcéad is iníoctha ag an údarás sin cion is ionann agus an coibhneas idir caiteachas iomlán an údaráis sin ar chúnamh teaghlaigh sa bhliain dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, agus caiteachas iomlán na n-údarás áitiúil go léir ar chúnamh den sórt sin sa bhliain sin.

(2) Le linn méid an chaiteachais ar chúnamh teaghlaigh agus ar liúntas leasa forlíontach a chinneadh chun críocha fho-alt (1) den alt seo, ní áireofar costais riaracháin.

(3) An caiteachas a thabhóidh bord sláinte ag riaradh liúntais leasa fhorlíontaigh íocfaidh na húdaráis áitiúla é arbh údaráis chúnaimh phoiblí iad agus arbh i limistéar feidhmiúcháin an bhoird sláinte dá limistéir fheidhmiúcháin díreach roimh an lá ceaptha.

(4) Na forálacha d'alt 32 den Acht Sláinte, 1970 , a bhaineann le comhaontú nó, cheal comhaontú, le cinneadh ar an modh a roinnfear ranníocaí idir údaráis áitiúla beidh feidhm acu, fara aon mhodh nuithe is gá, maidir le híocaíochtaí faoi fho-alt (3) den alt seo mar atá feidhm acu maidir le ranníocaí faoin alt sin.

(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an tslí agus na tráthanna a fhorordú a n-íocfaidh údaráis áitiúla íocaíochtaí le boird sláinte faoi fho-alt (1) den alt seo agus, i gcás inarb iomchuí é, féadfaidh socrú a bheith in aon rialacháin den sórt sin le haghaidh íocaíochtaí eatramhacha arna ríomh de réir meastacháin a bheidh tugtha ag bord sláinte de bhun alt 19 den Acht seo.

(6) (a) I gcás ina mbeidh aon suim dlite do bhord sláinte de údarás áitiúil, agus iníoctha ag an údarás áitiúil sin leis an mbord sláinte sin, faoin Acht seo, féadfar méid na suime sin a bhaint as aon airgead is iníoctha leis an údarás áitiúil sin as cistí arna soláthar ag an Oireachtas chun aon chríche.

(b) Déanfar gach méid a asbhainfear de bhun mhír (a) den fho-alt seo a íoc leis an mbord sláinte iomchuí agus a chreidiúnú i gcuntais an bhoird sláinte sin mar íocaíocht ón údarás áitiúil iomchuí ag íoc na suime ar ina leith a asbhaineadh an méid amhlaidh.

(7) Forléireofar tagairtí do liúntas leasa forlíontach san alt seo mar thagairtí a fholaíonn tagairt do chostas adhlactha de bhun alt 18 den Acht seo.

(8) Tabharfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais do bhoird sláinte chun íoc as an méid dá gcaiteachas ar liúntas leasa forlíontach nach n-íocfar as ioncam faoin alt seo.

Forálacha ginearálta maidir le rialacháin.

21. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) maidir le haon ábhar a bhaineann le liúntas leasa forlíontach agus féadfaidh na rialacháin sin, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, aon fhorálacha de chuid, nó a rinneadh faoi réim, an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952, agus na nAchtanna ag leasú agus ag leathnú an Achta sin a fheidhmiú (modhnaithe nó gan mhodhnú) nó forálacha ar comhréir leis na forálacha sin (modhnaithe nó gan mhodhnú) a dhéanamh,

(b) chun aon chríche a bhfuil socrú in aon cheann d'fhorálacha an Achta seo le haghaidh rialacháin ina dtaobh, agus

(c) chun aon ábhar nó ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach san Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó cibé forálacha forlíontacha a bheith in aon rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) Aon rialacháin a dhéanfar faoin Acht seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Maoin áirithe a aistriú.

22. —(1) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (ar a n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe d'údarás cúnaimh phoiblí nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó agus á úsáid go heisiatach nó go formhór de bhun a fheidhmeanna faoi Acht 1939 agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá ceaptha, gan tíolacadh ná sannadh, ach faoi réir aistriú, i gcás inar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá chuid féin ag an mbord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis chúnaimh phoiblí agus dílsithe dó nó ar teachtadh ar iontaobhas dó (de réir mar is gá sa chás), ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir chun a raibh an céanna, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas don údarás cúnaimh phoiblí nó dá chuid féin aige, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a rinne difear don chéanna agus a bhí ar marthain agus inchomhlíonta an uair sin.

(2) An mhaoin go léir a aistrítear le fo-alt (1) den alt seo chun boird sláinte agus a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm údaráis chúnaimh phoiblí, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta í a aistriú, ar iarratas ón mbord sláinte aon tráth tar éis an lae cheaptha, go dtí ainm an bhoird sláinte.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (1) den alt seo chun boird sláinte, féadfaidh an bord sláinte, tar éis an lae cheaptha, agairt ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

(4) Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de ghné leanúnach a thug údarás cúnaimh phoiblí de bhun a fheidhmeanna faoi Acht 1939 do dhuine eile, nó a thug aon duine d'údarás cúnaimh phoiblí i ndáil leis na feidhmeanna sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn i ndáil leis na feidhmeanna sin a rinneadh idir údarás cúnaimh phoiblí agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an lá ceaptha forléireofar é nó í, agus beidh éifeacht aige nó aici, tar éis an lae cheaptha, ionann is dá ndéanfaí ainm an bhoird sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis chúnaimh phoiblí a chur sa chéanna in ionad ainm an údarás chúnaimh phoiblí, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú infhorghníomhaithe dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina aghaidh.

Oifigigh áirithe a aistriú agus conarthaí seirbhíse áirithe do leanúint i bhfeidhm.

1926, Uimh. 39 .

23. —(1) Gach oifigeach d'údarás cúnaimh phoiblí a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, le haistriú faoin bhfo-alt seo tiocfaidh sé, an lá ceaptha, chun bheith ina oifigeach don bhord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis chúnaimh phoiblí ag a raibh sé ar fostú roimhe sin agus, chun críche aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar nár foirceannadh a oifig faoin údarás cúnaimh phoiblí.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo déanfar an tagairt d'oifigeach a bhí le haistriú faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú mar thagairt do na hoifigigh seo a leanas—

(a) aon oifigeach ar le seirbhísí faoi Acht 1939 nó leis na seirbhísí sin mar aon le seirbhísí faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a bhain a dhualgais go heisiatach nó go formhór,

(b) aon oifigeach, seachas oifigeach dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo atá ainmnithe ag údáras áitiúil, is údarás cúnaimh phoiblí, mar oifigeach le haistriú faoin bhfo-alt sin.

(3) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla ag gabháil, díreach roimh an lá ceaptha, do dhuine nó daoine a roghnú le moladh le ceapadh chun oifige a n-aistreofaí de bhun fho-alt (1) den alt seo a sealbhóir go dtí an bord sláinte, críochnófar an roghnú mar is cuí leis na Coimisinéirí, agus déanfaidh an bord sláinte an duine nó duine de na daoine a roghnóidh agus a mholfaidh na Coimisinéirí amhlaidh le ceapadh a cheapadh ionann is dá mba ar iarratas faoi alt 6 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, ón bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin don bhord sláinte tar éis an lae cheaptha a rinneadh an roghnú agus an moladh.

(4) I gcás ina raibh údarás áitiúil, arbh údarás cúnaimh phoiblí é, ag gabháil, díreach roimh an lá ceaptha, do dhuine nó daoine a roghnú le ceapadh chun oifige a n-aistreofaí de bhun fho-alt (1) den alt seo a sealbhóir go dtí bord sláinte críochnófar an roghnú mar is cuí leis an údarás áitiúil tar éis dul i gcomhairle leis an mbord sláinte.

(5) Cuirfear faoi bhráid an Aire aon cheist a éireoidh i dtaobh oifigeach áirithe nó oifigigh d'aicme áirithe a bheith aistrithe de bhun fho-alt (1) den alt seo agus cinnfidh an tAire í tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, nó leis an Aire Rialtais Áitiúil, cibé acu is iomchuí.

(6) Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir údarás cúnaimh phoiblí agus aon duine nárbh oifigeach don údarás cúnaimh phoiblí sin ach ba dhuine a bhí le haistriú faoin bhfo-alt seo, leanfaidh sé i bhfeidhm tar éis an lae cheaptha, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an bord sláinte ann in ionad an údaráis chúnaimh phoiblí, agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina aghaidh.

(7) I bhfo-alt (6) den alt seo déanfar an tagairt do dhuine a bhí le haistriú faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú mar thagairt—

(a) d'aon duine bhí fruilithe go heisiatach nó go formhór i ndáil le seirbhísí faoi Acht 1939 nó i ndáil leis na seirbhísí sin mar aon le seirbhísí faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, agus

(b) aon duine, seachas duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, atá ainmnithe ag údarás áitiúil, is údarás cúnaimh phoiblí, mar dhuine le haistriú faoin bhfo-alt sin.

(8) Cuirfear faoi bhráid an Aire aon cheist a éireoidh i ndáil le fo-alt (6) den alt seo i dtaobh ar dhuine nó daoine a bheadh le haistriú faoin bhfo-alt sin duine áirithe nó daoine d'aicme áirithe agus cinnfidh an tAire í tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte nó leis an Aire Rialtais Áitiúil, cibé acu is iomchuí.

Aisghairm.

24. —Aisghairtear leis seo Acht 1939, ach amháin ailt 3 and 86 de.

Forálacha idirlinne.

25. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon oiriúnú nó modhnú a dhéanamh maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bhí i bhfeidhm an lá ceaptha agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena mbaineann an tAcht seo nó dá ndéanann an tAcht seo difear, is oiriúnú nó modhnú is dóigh leis is gá le go bhféadfaidh an reacht, an t-ordú nó an rialachán sin éifeacht a bheith aige i gcomhréir leis an Acht seo.

(2) Aon iarratas ar chúnamh teaghlaigh faoi Acht 1939 a bheidh ar feitheamh an lá ceaptha déileálfaidh an bord sláinte, ar ina limistéar feidhmiúcháin don iarratasóir, leis maidir le haon riachtanais a éireoidh roimh an lá ceaptha.

(3) In aon chás ina mbeidh duine (dá ngairtear “an réamhthairbhí” san alt seo) a bheith, an lá ceaptha, ag fáil cúnaimh theaghlaigh faoi Acht 1939, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(a) bainfidh an tAcht seo, faoi réir forálacha mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, leis an réamhthairbhí ionann is dá mbeadh éileamh ar liúntas leasa forlíontach déanta aige;

(b) má chinneann an bord sláinte nach bhfuil an réamhthairbhí i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh féadfaidh an bord sláinte a chinneadh go ndeonófar don réamhthairbhí liúntas leasa forlíontach faoin Acht seo arb é an méid seachtainiúil a bheidh ann méid nach mó ná an méid seachtainiúil cúnaimh theaghlaigh a bheidh á fháil aige an lá ceaptha;

(c) má chinneann an bord sláinte go bhfuil an réamhthairbhí i dteideal liúntais leasa fhorlíontaigh ach gur lú a mhéid seachtainiúil ná an méid seachtainiúil cúnaimh theaghlaigh a bheidh á fháil aige an lá ceaptha féadfaidh an bord sláinte a chinneadh go ndéanfar liúntas leasa forlíontach ar cóimhéid le méid seachtainiúil an cúnaimh theaghlaigh a íoc leis an réamhthairbhí.

(4) Aon imeachtaí chun suim a ghnóthú a d'fhéadfadh údarás cúnaimh phoiblí a thionscnamh dá mba nár ritheadh an tAcht seo, féadfaidh an bord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis chúnaimh phoiblí díreach roimh an lá ceaptha iad a thionscnamh.

(5) Aon imeachtaí cúirte a bheidh ar feitheamh an lá ceaptha agus ar páirtí iontu údarás cúnaimh phoiblí, cuirfear an bord sláinte, ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis chúnaimh phoiblí díreach roimh an lá ceaptha, iontu mar pháirtí in ionad an údaráis chúnaimh phoiblí.

(6) Aon íocaíochtaí a ordófar in aon imeachtaí a leanfar díobh nó a thionscnófar de bhun an ailt seo agus a n-ordófaí, dá mba nár ritheadh an tAcht seo, iad a íoc leis an údarás cúnaimh phoiblí ordófar iad a íoc leis an mbord sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis chúnaimh phoiblí díreach roimh an lá ceaptha.

(7) Féadfaidh bord sláinte aon imeachtaí a thionscnamh agus a chothabháil chun ordú faoi alt 29 d'Acht 1939 ag ordú airgead a íoc is iníoctha leis an mbord sláinte de bhua alt 22 den Acht seo a chur i bhfeidhm, a athrú nó a chúlghairm.

Cumhacht deacrachtaí a réiteach.

26. —(1) Má éiríonn aon deacracht i ndáil leis an Acht seo a chur i ngníomh, féadfaidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais agus le toiliú an Aire Sláinte, le hordú, aon ní a dhéanamh is dealraitheach is gá nó is fóirsteanach chun an tAcht seo a chur i ngníomh, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin forálacha an Achta seo a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach chun an t-ordú a chur i bhfeidhm.

(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní dhéanfar aon ordú faoin alt seo tar éis bliain ón lá ceaptha a bheith caite.

Caiteachais.

27. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

28. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leasa Forlíontacha), 1975 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo nó aon fhoráil shonraithe den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú.