27 1977


Uimhir 27 de 1977


AN tACHT AIRÍ AGUS RÚNAITHE (LEASÚ), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ROINN PLEANÁLA AGUS FORBARTHA EACNAMAÍOCHTA A BHUNÚ AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ NA nACHTANNA AIRÍ AGUS RÚNAITHE, 1924 GO 1973.

[6 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An lá ceaptha.

1. —Féadfaidh an Rialtas, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

An Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta.

2. —(1) Beidh, an lá ceaptha, Roinn Stáit arna bunú ar a dtabharfar agus dá ngairfear an Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta nó (i mBéarla) the Department of Economic Planning and Development.

(2) Is é is feidhm na Roinne Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta—

(a) pleanáil eacnamaíochta agus sóisialach a chur ar aghaidh agus a chomhoirdniú chun an geilleagar a fhorbairt i gcoitinne agus maidir le hearnálacha éagsúla de agus maidir le réigiúin éagsúla den tír,

(b) na beartais a shonrú a mheasfaidh sí is gá le haghaidh forbartha ginearálta eacnamaíochta agus sóisialaí agus tuarascáil a thabhairt orthu don Rialtas,

(c) pleananna agus gníomhaíochtaí Ranna Stáit a shonrú i gcomhairle leis na Ranna sin, agus a bhreithniú agus a mheas, is pleananna agus gníomhaíochtaí a thugann éifeacht do na beartais le haghaidh forbartha ginearálta eacnamaíochta agus sóisialaí lenar ghlac an Rialtas,

(d) tograí a chur faoi bhráid an Rialtais chun na pleananna agus na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (c) den fho-alt seo a chomhoirdniú agus iad a chuimsiú sna pleananna náisiúnta eacnamaíochta agus sóisialacha agus

(e) feidhmiú cibé pleananna náisiúnta eacnamaíochta agus sóisialacha a bheidh ceadaithe ag an Rialtas ó am go ham a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air sin don Rialtas.

(3) An tAire Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta nó (i mBéarla) the Minister for Economic Planning and Development a thabharfar ar an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta agus a ghairfear de.

(4) Bainfidh na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1973, agus an tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , leis an Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta agus leis an gcomhalta den Rialtas a bheidh i mbun na Roinne sin ionann is dá mbeadh an Roinn sin arna bunú le halt 1 den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 .

(5) Chun críocha alt 6 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 , measfar an Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta agus oifig an Aire Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta a bheith arna mbunú láithreach ar an Acht seo a rith, ach ní déarfar in aon ordú a dhéanfar, maidir leis an Roinn sin nó maidir leis an Aire sin, faoin alt sin 6 (1) roimh an lá ceaptha, go dtiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh ar dháta is luaithe ná an lá ceaptha.

Gearrtheideal, forléiriú agus lua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1973, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1977, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna sin le chéile.

Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Fhianaise Scríbhinne, 1925

1925, Uimh. 24 .

An tAcht Airí agus Rúnaithe, 1924

1924, Uimh. 16 .

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939

1939, Uimh. 36 .

Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1973