32 1977


Uimhir 32 de 1977


AN tACHT AIRGEADAIS (DLEACHT MÁIL AR THÁIRGÍ TOBAC), 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH DLEACHT MÁIL AR THÁIRGÍ TOBAC IN IONAD NA nDLEACHTANNA AR THOBAC, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH CÓRAIS CHEADÚNÚCHÁIN DO MHONARÓIRÍ TÁIRGÍ TOBAC AGUS LE hAGHAIDH NA MONARÓIRÍ SIN D'ÍOC DLEACHT MÁIL BHLIANTÚIL AR CHEADÚNAIS ARNA nDEONÚ FAOIN gCÓRAS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS SIN. [20 Nollaig, 1977]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

I.R. Uimh. 220 de 1972.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “cavendish nó negrohead” tobac píopa milsithe;

ciallaíonn “todóga” todóga den chineál atá nó, dá mba thodóga iad a allmhairíodh, a bheadh, aicmithe ag cód-uimhir tharaife 2402-022 den Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972;

ciallaíonn “tobac cruafháiscthe” táirgí tobac den sórt ar a dtugtar tobac cruafháiscthe de ghnáth agus folaíonn sé pluga, cornóg, casnóg, cuailleog agus barra tobac ach ní fholaíonn sé tobac pluga gearrtha, calóga tobac ná meascán tobac ná cavendish ná negrohead;

ciallaíonn “ábhair” tobac i bhfoirm ar bith agus aon substaint eile a úsáidtear le cur i dtáirgí tobac;

ciallaíonn “tobac píopa eile” tobac a bheartaítear de ghnáth a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe ná cavendish ná negrohead;

ciallaíonn “tobac athdhéanta nó aonghnéithithe” tobac (bíodh cúláil leis nó ná bíodh) a dhéantar trí dheannach tobac nó tobac míndealaithe ó dhuilleoga tobac nó ó iarmhar tobac a chomhdhlúthú agus a dhéantar suas de ghnáth ina leatháin dronuilleacha nó ina stiallacha;

ciallaíonn “snaois” tobac ina phúdar nó ina ghrán agus é ullmhaithe go speisialta lena ghlacadh mar shnaois agus ní chun a chaite ina dheatach, ach ní fholaíonn sé dramhshnaois;

ciallaíonn “táirgí tobac” aon táirge a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar as tobac go hiomlán nó go páirteach a monaraíodh é.

(2) Measfar, chun críocha an Achta seo, táirge a bheith monaraithe nuair a ghlacann sé, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gné bhunúsach táirge tobac a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Déileálfar, chun críocha na dleachta a fhorchuirtear leis an Acht seo, le haon toitín is mó ná 9 gceintiméadar ar fhad, gan aon scagaire ná béalóg a áireamh, ionann is dá mba thoitín ar leith gach 9 gceintiméadar nó gach cuid de 9 gceintiméadar dá fhad.

Dleacht máil ar tháirgí tobac.

2. —I dteannta aon dleachta eile is inmhuirearaithe, muirearófar, toibheofar agus íocfar—

(a) ar tháirgí tobac a mhonarófar sa Stát, nó a allmhaireofar isteach sa Stát, an 1ú lá d'Eanáir, 1978, nó dá éis, agus

(b) ar tháirgí tobac ar féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis an tobac iontu an dleacht máil dá dtagraítear in alt 6 den Acht seo a mhaitheamh nó a aisíoc faoin alt sin.

dleacht máil de réir cibé rátaí a shonrófar ó am go ham le hAcht ón Oireachtas nó faoi alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 .

Aisíoc, íoc a mhaitheamh agus íoc a chur siar.

3. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur a bheith comhlíonta, an dleacht a aisíoc nó a mhaitheamh a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo ar tháirgí tobac a suífear chun a sástachta—

(a) go ndearnadh iad a onnmhairiú mar mharsantas nó a loingsiú le húsáid mar stóras,

(b) go ndearnadh neamh-inúsáidte iad mar tháirgí tobac roimh an gcéim ina ndéanfaí iad a stórasú de réir alt 4 den Acht seo,

(c) gur seachadadh iad as stóras arna cheadú faoi alt 4 den Acht seo lena n-athmhonarú nó lena ndíothú,

(d) go ndearnadh iad a sheachadadh chun úsáide baile agus a chur ar ais dá éis sin, i ngnáthchúrsa gnó, i stóras arna cheadú faoi alt 4 den Acht seo, nó

(e) gur úsáideadh iad go heisiatach chun críocha turgnaimh, rialaithe cáilíochta nó taighde.

(2) Ní mó méid aon dleachta a aisíocfar faoi fho-alt (1) (d) den alt seo ar tháirgí tobac a chuirfear ar ais i stóras ná méid na dleachta ab inmhuirearaithe faoi alt 2 den Acht seo ar na táirgí tobac sin tráth a gcurtha ar ais sa stóras.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur chun íoc na dleachta a áirithiú a bheith comhlíonta, cead a thabhairt íoc na dleachta a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo a chur siar—

(a) i gcás an dleacht a mhuirearú lá i mí na Nollag seachas an lá arb é an lá deiridh den sórt sin é ach nach Satharn ná Domhnach, maidir le leath (arna chinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim) na dleachta, go dtí lá nach déanaí ná an lá deiridh den mhí sin agus, maidir leis an gcuid eile den dleacht, go dtí lá nach déanaí ná an lá deiridh de mhí Eanáir dar gcionn, agus

(b) in aon chás eile, go dtí lá nach déanaí ná an lá deiridh den mhí díreach i ndiaidh na míosa a mhuirearófar an dleacht.

Táirgí tobac a stórasú gan dleacht a íoc.

4. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur a bheith comhlíonta, cead a thabhairt aon earraí is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo a stórasú, gan an dleacht a íoc, i stóras a bheidh ceadaithe acu chun na críche sin.

(2) Na forálacha de na hAchtanna Custam a bhaineann le stórais agus earraí stórasaithe agus lena dtaisceadh agus lena stórasú iontu agus a n-aistriú isteach iontu nó amach astu bainfidh siad, modhnaithe mar is gá, le stórais a cheadófar faoin alt seo agus le hearraí a cheadófar faoin alt seo a stórasú sna stórais sin ionann is dá mba stórais agus earraí stórasaithe de réir brí na bhforálacha sin na stórais agus na hearraí stórasaithe sin.

Cuntas ar ábhair a bheidh faighte ag monaróirí.

5. —Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar mhonaróir táirgí tobac cuntas chun a sástachta a thabhairt dóibh sna hábhair go léir a fuair sé agus, i gcás ábhair nach mbeidh cuntas tugtha iontu, féadfaidh siad a cheangal air an dleacht a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo a íoc de réir an ráta nó na rátaí iomchuí ar na cainníochtaí sin de tháirgí tobac den sórt sin is dóigh leo ba réasúnach a cheapadh a mhonarófaí as na hábhair sin :

Ar choinníoll, áfach, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur a bheith comhlíonta, an dleacht ab iníoctha, mura mbeadh an coinníoll seo, de bhua an ailt seo, a tharscaoileadh i ndáil le hábhair a suífear chun a sástachta gur díothaíodh iad nó gur diúscraíodh ar shlí eile iad ar dhóigh a bhí ceadaithe acu.

Dleacht áirithe is iníoctha roimh 1 Eanáir, 1978, a mhaitheamh.

I.R. Uimh. 307 de 1975.

6. —(1) Baineann an t-alt seo le stoic tobac, lena n-áirítear tobac i dtáirgí tobac nó i dtáirgí tobac páirtmhonaraithe, de gach cineál (seachas snaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh siad ina luí nó stóráilte nó ar coimeád ar uair an mheán oíche an 31ú lá de Nollaig, 1977, in áitreabh a cheanglaítear a thaifeadadh faoi alt 10 den Acht seo nó i stóras arna cheadú faoi alt 4 den Acht seo agus, i gcás tobac monaraithe nó páirtmhonaraithe seachas tobac athdhéanta nó aonghnéithithe, gur toradh iad ar oibríocht a rinne an monaróir ar ina áitreabh nó ina stóras atá na stoic sin ina luí nó stóráilte nó ar coimeád.

(2) I gcás a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 10 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975, a mhuirearú roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1978, maidir le stoic tobac, lena n-áirítear tobac i dtáirgí tobac nó i dtáirgí tobac páirtmhonaraithe, lena mbaineann an t-alt seo, féadfaidh siad, faoi réir fo-alt (3) den alt seo agus cibé coinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur a bheith comhlíonta, an dleacht sin a mhaitheamh nó a aisíoc.

(3) Féadfaidh monaróir tobac, tráth nach déanaí ná an 7ú lá d'Eanáir, 1978, tuairisceán a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu ag tabhairt cibé faisnéis a iarrfaidh siad san fhoirm sin i ndáil le meáchain agus ceana fliuchrais na stoc tobac, lena n-áirítear tobac i dtáirgí tobac nó i dtáirgí tobac páirtmhonaraithe, lena mbaineann an t-alt seo, agus ag éileamh go n-aisíocfar nó go maithfear an dleacht máil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus a muirearaíodh i ndáil leis na stoic sin roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1978.

(4) Déanfaidh monaróir tobac—

(a) na leabhair thrádála agus na cuntais agus na doiciméid go léir is leis an monaróir sin nó a bheidh ina sheilbh agus a mheasfaidh aon oifigeach custam agus máil gur gá iad chun tuairisceán a fhíorú a tugadh nó a bheidh le tabhairt faoi fhorálacha an ailt seo a thabhairt ar aird don oifigeach sin má iarrann sé air iad,

(b) cibé cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach sin a iarrfaidh an t-oifigeach air agus é ag tógáil cuntais ar na stoic tobac lena mbaineann an tuairisceán.

(5) Gach monaróir tobac a thabharfaidh tuairisceán faoin alt seo atá bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir iarratais faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus ar é a chiontú dlífear pionós máil £500 a chur air, agus dlífear na stoic tobac go léir, lena n-áirítear tobac i dtáirgí tobac nó i dtáirgí tobac páirtmhonaraithe, ar ina leith a rinneadh an cion sin a fhorghéilleadh.

Praghsanna miondíola táirgí tobac a fhionnadh.

7. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás coibhneas a bheith idir ráta den dleacht a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo agus an praghas ar a ndéantar táirge tobac a mhiondíol, glacfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an praghas sin an praghas ar a miondíoltar an táirge agus aon phacáistiú agus aon airceadal nó airíocht a ghabhann leis an táirge.

(2) Glacfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an praghas ar a miondíoltar toitíní—

(a) i gcás toitíní a bhfuil a bpraghsanna uasta socraithe faoi na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972, na praghsanna uasta a bheidh socraithe amhlaidh tráth na dleachta a mhuirearú,

(b) i gcás aon toitíní eile, an praghas, a bheidh dearbhaithe de thuras na huaire i scríbhinn do na Coimisinéirí Ioncaim ag monaróir nó allmhaireoir na dtoitíní tráth na dleachta a fhorchuirtear leis an Acht seo a mhuirearú ar na toitíní, ar a molfaidh sé na toitíní sin a mhiondíol nuair a dhíoltar iad i bpaicéid 20 toitín :

Ar choinníoll, áfach, i gcás toitíní lena mbaineann mír (b) den fho-alt seo ach nach mbeidh praghas dearbhaithe i ndáil leo de thuras na huaire mar a shonraítear sa mhír sin (b) nó go mbeidh praghas dearbhaithe amhlaidh ar praghas é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, is 1ú de mhéid neamhréasúnach mór ná an praghas ar a ndéantar toitíní dá samhail agus dá gcáilíocht a dhíol tráth na dleachta a fhorchuirtear leis an Acht seo a mhuirearú ar na toitíní, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim praghas a chinneadh chun críocha an Achta seo agus glacfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an praghas a bheidh cinnte amhlaidh de thuras na huaire an praghas ar a miondíoltar iad.

(3) (a) Ní mholfaidh monaróir ná allmhaireoir táirgí tobac, go sainráite ná go hinchiallaithe, go ndéanfar toitíní a bhfuil a bpraghas dearbhaithe, gan a bheith cinnte, de thuras na huaire faoi fho-alt (2) den alt seo, a mhiondíol ar phraghas is mó ná an praghas atá dearbhaithe amhlaidh.

(b) Ní mholfaidh monaróir ná allmhaireoir táirgí tobac, go sainráite ná go hinchiallaithe, go ndéanfar toitíní a bhfuil a bpraghas cinnte de thuras na huaire faoi fho-alt (2) den alt seo a mhiondíol ar phraghas is mó ná an praghas atá cinnte amhlaidh.

Rialacháin.

8. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—

(a) allmhairiú, táirgeadh, cóireáil agus stórasú ábhar agus táirgí tobac, agus a n-aistriú as stóras, a rialú,

(b) modh muirearaithe, urraithe agus bailithe na ndleachtanna a fhorchuirtear leis an Acht seo a fhorordú,

(c) socrú a dhéanamh i ndáil le foirm, deonú, ré agus cúlghairm ceadúnas faoi alt 10 den Acht seo, agus maidir leis na Coimisinéirí Ioncaim do chur coinníollacha sa cheadúnas,

(d) foráil a bheith iontu maidir leis an modh a dtaifeadfar áitreabh leis an oifigeach Custam agus Máil cuí faoi alt 10 den Acht seo,

(e) a cheangal ar mhonaróir táirgí tobac agus ar dhuine a allmhairíonn ábhair nó táirgí tobac go gcoimeádfaidh sé, ar mhodh sonraithe, agus go mbuanchoimeádfaidh sé go ceann tréimhse sonraithe, cibé cuntais agus taifid i ndáil le hábhair agus táirgí tobac, a bheidh sonraithe, a cheannach, a fháil, a dhíol, a dhiúscairt nó a mhonarú aige agus go gcoimeádfaidh sé go ceann tréimhse sonraithe aon leabhair nó doiciméid eile i ndáil le haon cheann de na nithe réamhráite agus go gceadóidh sé d'oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim na cuntais agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh agus d'aon leabhair nó doiciméid eile a bheidh á gcoimeád aige i ndáil le haon cheann de na nithe réamhráite,

(f) foráil a bheith iontu maidir leis na Coimisinéirí Ioncaim do cheadú áitreabh a úsáidfear chun ábhair nó táirgí tobac a fháil, a stóráil, a mhonarú nó a sheachadadh agus maidir leis an áititheoir do chomhlíonadh, i leith an áitribh, cibé coinníollacha a shonróidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn,

(g) a cheangal ar mhonaróir táirgí tobac tuairisceáin a thabhairt i ndáil le cibé nithe a bheidh sonraithe, cibé tráthanna agus i cibé foirm a bheidh sonraithe,

(h) i gcás a mbeidh coibhneas idir ráta den dleacht a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo agus an praghas ar a miondíoltar táirge tobac, a cheangal ar mhonaróirí agus allmhaireoirí táirgí tobac cibé faisnéis a thabhairt i ndáil leis an bpraghas sin, agus i ndáil le hathruithe agus le hathruithe beartaithe ar an bpraghas sin, lena n-áirítear iarratais go ndéanfaí orduithe ag déanamh forála le haghaidh méaduithe, agus fógra a thabhairt i dtaobh méaduithe, ar an bpraghas sin faoi na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972, a dhéanfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a shonrú i scríbhinn.

(3) Déanfar rialacháin faoin alt seo a leagan faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den 21 lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis na rialacháin a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dar réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Feidhm achtachán.

9. —(1) Beidh ag forálacha na nAchtanna Custam agus ag na forálacha d'aon ionstraim i ndáil le dleachtanna custam a rinneadh faoi reacht, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil leis an dleacht a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo ar tháirgí tobac a allmhairítear isteach sa Stát mar atá feidhm acu i ndáil le dleachtanna custam.

(2) Beidh ag na forálacha de na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin agus ag forálacha aon ionstraime i ndáil le dleachtanna máil a rinneadh faoi reacht, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil leis an dleacht a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo ar tháirgí tobac a mhonaraítear sa Stát mar atá feidhm acu maidir le dleachtanna máil.

Ceadúnas monaróra táirgí tobac.

10. —(1) (a) Muirearófar, toibheofar agus íocfar, an 1ú lá d'Eanáir, 1978, agus ón lá sin amach, dleacht máil £5 ar cheadúnas (dá ngairfear “ceadúnas monaróra táirgí tobac”) a dheonóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus a údaróidh don duine a bheidh ainmnithe ann táirgí tobac a mhonarú.

(b) Déanfaidh gach duine a mhonaraíonn táirgí tobac ceadúnas faoin bhfo-alt seo a bhaint amach gach bliain.

(2) Ní mhonaróidh duine táirgí tobac mura sealbhóir é ar cheadúnas monaróra táirgí tobac ag a bhfuil feidhm de thuras na huaire agus mura mbeidh an t-áitreabh lena mbaineann an ceadúnas taifeadta aige faoi fho-alt (3) den alt seo.

(3) Déanfaidh monaróir táirgí tobac gach áitreabh a bheartaíonn sé a úsáid ag seoladh a ghnó mar mhonaróir den sórt sin a thaifeadadh go cuí leis an oifigeach Custam agus Máil cuí de réir forálacha rialacháin faoi alt 8 den Acht seo.

(4) Féadfaidh oifigeach Custam agus Máil dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh a gcreidfidh an t-oifigeach le réasún go bhfuil táirgí tobac á monarú ann agus féadfaidh sé, san áitreabh sin, cibé cuardach agus imscrúdú a dhéanamh agus cibé samplaí a thógáil d'ábhair, de tháirgí tobac agus de tháirgí tobac páirtmhonaraithe is cuí leis an oifigeach, agus féadfaidh sé aon leabhair nó doiciméid eile a gheofar ann agus a gcreidfidh an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le monarú táirgí tobac a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(5) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú dlífear pionós máil £500 a chur air.

Cionta.

11. —Duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh aon cheann d'fhorálacha an Achta seo (seachas alt 6) nó d'fhorálacha rialacháin faoi alt 8 den Acht seo beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú pionós, faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh), £500 a chur air, agus dlífear aon airceadail a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh.

Aisghairm cúlghairm agus leasú.

12. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa triú colún den Chuid sin.

(2) Déantar leis seo an tOrdú a luaitear sa dara colún de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chúlghairm a mhéid a shonraítear sa triú colún den Chuid sin.

(3) Déantar leis seo an tOrdú a luaitear sa dara colún de Chuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú a mhéid a shonráítear sa triú colún den Chuid sin.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo í ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1978.

Cúram agus bainistí dleachtanna.

13. —Déantar leis seo na dleachtanna máil a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal agus forléiriú.

14. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 2 den Acht seo ar tháirgí tobac a allmhairítear isteach sa Stát, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt sin 2 ar tháirgí tobac a mhonaraítear sa Stát agus leis an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 10 den Acht seo, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na dleachtanna sin.

AN CHEAD SCEIDEAL

Táirgí Tobac

Alt 1.

Toitíní

Todóga

Cavendish nó negrohead

Tobac cruafháiscthe

Tobac píopa eile

Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó a choganta

AN DARA SCEIDEAL

Alt 12.

Cuid I

Achtacháin a Aisghairtear

Bliain agus Caibidil nó Bliain agus Uimhir

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

1825, c. 81

Excise Licences Act, 1825.

An méid d'ailt 2 agus 26 a bhaineann le monaróirí tobac agus snaoise.

1840, c. 18

Tobacco Act, 1840.

An tAcht go léir.

1842, c. 93

Tobacco Act, 1842.

An tAcht go léir.

1863, c. 7

Manufactured Tobacco Act, 1863.

An tAcht go léir.

1867, c. 90

Revenue Act, 1867.

Ailt 10 agus 19.

1876, c. 36

Customs Consolidation Act, 1876.

In alt 42, na focail ó “Extracts, essences” go dtí “exportation only”, na focail “Snuff work. Tobacco stalks whether manufactured or not. Tobacco stalk flour”, na focail ó “Tobacco, cigars, cigarillos or cigarettes, and snuff” go dtí “weighing not less than eighty pounds gross weight or such less weight as the Commissioners of Customs and Excise (subject to such conditions, if any, as they think fit to impose) may permit” agus na focail ó “Tobacco sweetened” go dtí “Act relating to the Customs” agus ailt 94 agus 108 agus an méid d'alt 179 a bhaineann le snaois, gasa tobac, plúr gasa tobac agus obair snaoise.

1878, c. 15

Customs and Inland Revenue Act, 1878.

Ailt 3 agus 25.

1879, c. 21

Customs and Inland Revenue Act, 1879.

Alt 27.

1887, c. 15

Customs and Inland Revenue Act, 1887.

Alt 4.

1889, c. 42

Revenue Act, 1889.

Alt 1.

1896, c. 28

Finance Act, 1896.

Ailt 5 agus 6.

1897, c. 24

Finance Act, 1897.

Alt 3.

1900, c. 35

Oil in Tobacco Act, 1900.

An tAcht go léir.

1904, c. 7

Finance Act, 1904.

An Sceideal.

1906, c. 8

Finance Act, 1906.

Fo-ailt (3) agus (4) d'alt 2.

1906, c. 20

Revenue Act, 1906.

Alt 6.

1909, c. 43

Revenue Act, 1909.

Alt 5.

1934, Uimh. 31

An tAcht Airgid, 1934 .

Alt 17.

1934, Uimh. 37

An tAcht Tobac, 1934 .

Ailt 55, 56 agus 62.

1940, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1940 .

Alt 17.

1959, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1959 .

Fo-ailt (4) agus (5) d'alt 11.

1964, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1964 .

Alt 17

CUID II

Forálacha Ordaithe a Chúlghairtear

Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla

Teideal

Méid na Cúlghairme

I.R. Uimh. 307 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975.

Fomhíreanna (2) agus (3) de mhír 10 agus an Ceathrú Sceideal.

CUID III

Ordú a Leasú

Uimhir agus Bliain na hIonstraime Reachtúla

Teideal

Méid an Leasaithe

I.R. Uimh. 307 de 1975.

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975.

I bhfomhír (4) de mhír 10 cuirfear “agus a d'úsáid sé ag monarú táirgí tobac a ndlitear dleacht máil a chur orthu” in ionad “ar íocadh an dleacht máil air a fhorchuirtear leis an mír seo”.

Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Custam

Excise Licences Act, 1825

1825, c. 81.

An tAcht d'Fhorchur Dleacht, 1957

1957, Uimh. 7 .

Na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972

Na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin