2 1978


Uimhir 2 de 1978


AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ MAILLE LE LEASUITHE NA hACHTANNA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927 GO 1975. [28 Feabhra, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1978 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

[1943, a. 3; 1961, a. 8.]

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “talmhaíocht”—

(a) ainmhithe d'aon saghas (lena n-áirítear éin agus míngeacha) a phórú, a thógáil nó a choimeád,

(b) síolrú éisc,

(c) déiríocht,

(d) féaraíocht ainmhithe,

(e) foraoiseacht,

(f) aon táirge feirme a phróiseáil, a mhonarú, a ullmhú nó a chríochnú lena dhíol, agus

(g) aon táirge feirme a mhargú,

agus forléireofar “talmhaíochta” dá réir sin;

ciallaíonn “an Chorparáid” Corparáid an Chairde Talmhaíochta. Teoranta;

ciallaíonn “feirm” an talamh nó na foirgnimh nó an talamh agus na foirgnimh ar a mbíonn nó ina mbíonn an feirmeoir, a n-úsáidtear an focal ina leith, ag gabháil do ghné éigin den talmhaíocht;

ciallaíonn “feirmeoir” pearsa aonair a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht agus folaíonn sé—

(a) dhá phearsa aonair nó níos mó a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht i gcomhpháirt nó i gcoiteannas,

(b) ionadaí pearsanta éagaigh a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht chun leasa eastát an éagaigh,

(c) iontaobhaí socraíochta a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht chun leasa na ndaoine a bhfuil teideal tairbhiúil acu faoin tsocraíocht,

(d) aon chomhlacht corpraithe a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht mar phríomhghnó, agus

(e) dhá chomhlacht chorpraithe nó níos mó a bhíonn ag seoladh, nó a bheartaíonn dul ag seoladh, gné éigin den talmhaíocht i gcomhpháirt nó i gcoiteannas mar phríomhghnó;

ciallaíonn “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “socraíocht” an gníomhas, an uacht nó an ionstraim eile. an dearbhú béil nó an forléiriú dlí, a bhfuil an t-iontaobhaí a n-úsáidtear an focal i ndáil leis ina iontaobhaí amhlaidh dá bhua;

tá le “stoc” an bhrí a shanntar le halt 23;

folaíonn “iontaobhaí” iontaobhaí faoi iontaobhas a bunaíodh ó bhéal agus, freisin, iontaobhaí trí fhorléiriú dlí.

(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán dá éis sin.

An Príomh-Chiste.

[1961, a. 15.]

4. —Is as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis a íocfar an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

Airgead a íocfar leis an Aire a íoc isteach sa Státchiste.

5. —Déanfar airgead a íocfaidh an Chorparáid leis an Aire de bhun aon fhorála den Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire.

Caiteachais.

6. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

7. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

(2) Na hionstraimí go léir a rinneadh faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo leanfaidh siad, má bhíonn siad i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, de bheith i bhfeidhm ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh iad.

CUID II

Corparáid an Chairde Talmhaíochta

Meabhrán comhlachais.

[1961, a. 7: 1972, a. 2.]

8. —(1) Luafar cuspóirí na Corparáide ina meabhrán comhlachais ar shlí go mbeidh ar a príomhfheidhmeanna—

(a) (i) airgead a thabhairt ar iasacht agus ar airleacan, faoi réir forálacha an Achta seo,

(ii) scaireanna, stoic, bintiúir, stoic bhintiúir agus urrúis eile de chuid aon chomhlachta chorpraithe a fháil, a fhrithgheallúint, a shealbhú agus a dhíol agus déileáil leo ar shlite eile,

(iii) billí malairte, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú agus a cheannach agus déileáil leo ar shlite eile,

(iv) cibé saoráidí creidmheasa eile is oiriúnach léi a chur ar fáil (lena n-áirítear ráthaíochtaí a thabhairt d'aon duine i ndáil le híoc airgid, agus úis ar an airgead, nó i ndáil le haisíoc airgid a d'íoc an duine sin ar scór iasachtaí, airleacan nó saoráidí creidmheasa eile a thug an duine sin agus i ndáil le híoc úis ar an airgead sin),

(v) gabháil do shaoráidí fruilcheannaigh agus do shaoráidí léasa a chur ar fáil agus stoc a fháil, a dhiúscairt agus déileáil leis ar shlí eile chun na críche sin, agus

(vi) socrú a dhéanamh chun saoráidí creidmheasa a chur ar fáil d'aon duine ag aon duine eile (agus gníomhú mar ghníomhaire d'aon duine i ndáil le hairgead a íoc, a bhailiú agus a ghlacadh maidir leis na saoráidí sin),

chun aon chríche arb é tuairim na Corparáide go ndéanfaidh sí nó gur dóigh go ndéanfaidh sí, go díreach nó go neamhdhíreach, táirgiúlacht talmhaíochta, gairneoireachta nó iascach a mhéadú nó leas ar shlí eile do thalmhaíocht, do ghairneoireacht nó d'iascaigh, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an gCorparáid, agus

(b) taiscí airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a ghlacadh ó aon bhunadh ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an gCorparáid agus taiscí airgid a ghlacadh chun iad a shlánchoimeád agus a bhainistí agus, a mhéid is dleathach sin, iontaobhais a fheidhmiú i ndáil leis na hurrúis.

(2) Chun críocha an ailt seo, aon airgead a ghlac an Chorparáid ar taisce in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit don airgead a glacadh iar bhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na dtaiscí a ghlacadh.

(3) Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ná srian leis na cuspóirí agus na cumhachtaí sin go léir a áireamh ar chuspóirí na Corparáide, mar atá sin ina meabhrán comhlachais, is gá le réasún nó is cuí le haghaidh na bpríomhfheidhmeanna réamhráite a chomhlíonadh go cuí agus atá teagmhasach nó cumhalda leis an gcomhlíonadh sin agus nach bhfuil ar neamhréir leis an Acht seo.

Páirt a ghlacadh i dtionscadail talmhaíochta.

[1961, a. 8.]

9. —Féadfaidh an Chorparáid gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) aon scéim nó tionscadal a fhothú, a thionscnamh, a bhainistí nó a mhaoirsiú nó bheith ag gabháil dó nó bheith páirteach ann, is scéim nó tionscadal arb é tuairim na Corparáide go ndéanfaidh sé, nó gur dóigh go ndéanfaidh sé, go díreach nó go neamhdhíreach, táirgiúlacht talmhaíochta, gairneoireacht nó iascach a mhéadú nó leas ar shlí eile do thalmhaíocht, do ghairneoireacht nó d'iascaigh,

(b) foireann chléireachais, theicníochta agus bhainistí le haghaidh scéimeanna agus tionscadail dá dtagraítear i mír (a) a cheapadh agus luach saothair a íoc leo agus cúnamh agus comhairle a thabhairt i ndáil le ceapadh na foirne sin,

(c) an t-airgead go léir nó cuid den airgead is gá le haghaidh aon scéime nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a) a sholáthar,

(d) comhaontú le fothaitheoirí nó le tionsonóirí aon scéime nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a) an caillteanas go léir nó cuid d'aon chaillteanas a thabhaigh siad i ndáil leis an scéim sin nó leis an tionscadal sin a íoc agus a ghlanadh,

(e) comhlachtaí corpraithe a fhoirmiú nó páirt a ghlacadh i bhfoirmiú comhlachtaí corpraithe chun scéimeanna nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a) a fhothú, a thionscnamh, a bhainistí nó a mhaoirsiú, nó bheith ag gabháil dóibh nó bheith páirteach iontu agus chun caipiteal, nó an chuid sin is oiriúnach léi de chaipiteal, aon chomhlachtaí corpraithe den sórt sin a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt,

(f) faoi réir forálacha Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971, caipiteal, nó an chuid sin is oiriúnach léi de chaipiteal, aon chomhlachta chorpraithe a bheidh ag fothú, ag tionscnamh, ag bainistí nó ag maoirsiú scéimeanna nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a), nó ag gabháil do scéimeanna nó do thionscadail nó a bheidh páirteach i scéimeanna nó i dtionscadail den sórt sin a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus

(g) cabhrú le comhlachtaí corpraithe dá dtagraítear i mír (e) a fhoirmiú, a thionscnamh, a bhunú, a athchóiriú nó a atheagrú, agus sin a urasú, in aon slí is cuí léi.

Stiúrthóirí.

[cf. 1961, a. 10.]

10. —(1) Ní lú ná triúr ná ní mó ná seachtar líon stiúrthóirí na Corparáide (agus an cathaoirleach a áireamh).

(2) Más rud é, an tráth a bheidh ceaptha le hairteagail chomhlachais na Corparáide chun na stiúrthóirí a cheapadh, go sealbhóidh an tAire méid nach lú ná leath chaipiteal eisithe na Corparáide de réir luacha ainmniúil, beidh sé i dteideal tromlach (is é sin an tromlach is lú in aon chás áirithe) na stiúrthóirí a ainmniú.

(3) Cinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí ó am go ham luach saothair an chathaoirligh agus na stiúrthóirí eile.

Scairchaipiteal.

[cf. 1947, a. 10; 1961, a. 6; 1969, a. 2.]

11. —(1) £20,000,000 arna roinnt ina scaireanna £1 an ceann scairchaipiteal na Corparáide.

(2) Féadfar scaireanna a leithroinnt ar an Aire agus a eisiúint chuige agus féadfaidh an tAire scaireanna a thógáil.

(3) Féadfar, le ceadú an Aire, scaireanna a leithroinnt ar dhaoine eile agus a eisiúint chucu.

(4) Féadfaidh an tAire scaireanna de chuid na Corparáide a cheannach agus a dhíol.

(5) Féadfaidh an tAire, maidir le haon scaireanna a bheidh ina sheilbh, cearta agus cumhachtaí uile shealbhóir scaireanna den sórt sin a fheidhmiú agus i gcás ceart nó cumhacht a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trí aturnae.

(6) Féadfaidh an tAire, chun an oiread sin d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , a chomhlíonadh a cheanglaíonn go mbeidh seacht gcomhalta ar a laghad ar an gCorparáid i gcónaí, nó chun aon cháilíocht is gá de réir na n-airteagal comhlachais a thabhairt do dhuine atá ceaptha nó le ceapadh ina stiúrthóir, ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh:

(a) scair amháin a bheidh i seilbh an Aire de thuras na huaire a aistriú chuig aon duine,

(b) a cheangal ar aon chomhalta den Chorparáid aon scair den sórt sin a bheidh ina sheilbh a aistriú chuig an Aire nó chuig aon duine eile a ainmneoidh an tAire chuige sin.

(7) Déanfaidh gach comhalta (seachas an tAire) den Chorparáid nó ionadaí pearsanta an chomhalta sin aon scaireanna a bheidh aistrithe chuige faoi fho-alt (6) a shealbhú ar iontaobhas don Aire agus beidh sé faoi cheangal dá réir sin gach díbhinn, bónas agus airgead eile a gheobhaidh an comhalta sin ar na scaireanna sin nó ina leith a íoc leis an Aire chun tairbhe don Státchiste agus na scaireanna sin a aistriú, de réir mar a cheanglóidh, agus nuar a cheanglóidh, an tAire air é, chuig an Aire nó chuig duine arna ainmniú chuige sin ag an Aire.

(8) Déanfar gach díbhinn, bónas agus airgead eile a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna a shealbhaíonn sé nó a shealbhaítear ar iontaobhas dó a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste ar cibé dóigh a ordóidh an tAire.

Iasacht a fháil.

[cf. 1961, a. 3; 1972, a. 3, 7.]

12. —(1) Faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Chorparáid airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a chruinniú nó a fháil ar iasacht ar aon mhodh is oiriúnach léi ach ní rachaidh an méid airgid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe thar £350,000,000.

(2) Chun críche an ailt seo, aon airgead a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit don airgead iarbhír a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth an airgid a chruinniú nó a fháil ar iasacht.

(3) I gcás a gcruinneofar airgead nó a bhfaighfear airgead ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, féadfaidh an tAire—

(a) a ghabháil air féin, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-íocfaidh sé as aon chaillteanas a eascróidh as athrú ar an ráta iomlaoide a mhéadódh an costas, in airgead reatha an Stáit, a bhainfeadh le príomh shuim aon airgid a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht a aisíoc nó le hús ar an airgead sin a íoc, nó

(b) aon ghnóchan a ghlacadh a fhaibhreoidh as athrú ar an ráta iomlaoide agus a laghdódh an costas, in airgead reatha an Stáit, a bhainfeadh leis an bpríomhshuim sin a aisíoc nó leis an ús sin a íoc.

(4) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe maidir le heisiúint nó aistriú aon bhannaí nó urrús eile a eiseoidh an Chorparáid de bhun a cumhachtaí faoin alt seo airgead a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht faoin alt seo a urrú.

(5) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide dréachtaithe ar dhóigh go mbeidh údarás ag an gCorparáid airgead a fháil ar iasacht ar urrús bannaí, bintiúir nó stoc bintiúir a bheidh eisithe aici de réir ghnáthchleachtais cuideachtaí teoranta.

Airleacain ag an Aire.

[1961, a. 11.]

13. —(1) Féadfaidh an tAire airleacain a thabhairt don Chorparáid.

(2) Tabharfar airleacain faoin alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire.

Iasachtaí a ráthú.

[1961, a. 5; 1972, a. 4.]

14. —(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Chorparáid go cuí príomhshuim aon airgid a chruinneoidh an Chorparáid nó a gheobhaidh sí ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus an t-ús a íoc agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfaidh an Chorparáid caiteachais theagmhasacha a bhainfidh leis an airgead a fháil ar iasacht a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú i slí gur mó ná £350,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta an méid (más aon mhéid é) príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh íoctha ag an gCorparáid leis an Aire.

(3) I gcás ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt nó a bheith tugtha, déanfaidh an Chorparáid, má iarrann an tAire é, cibé urrús a thabhairt don Aire a shonróidh sé chun a áirithiú dó go n-aisíocfar leis aon airgead a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht.

(4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a inseoidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh tráth ar bith roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi bhrí na ráthaíochta agus a bhí gan íoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Déanfaidh an Chorparáid airgead a bheidh íoctha ag an Aire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (agus, ina theannta sin, má iarrann an tAire é, ús air de réir cibé ráta nó rátaí a shonróidh an tAire) laistigh de dhá bhliain ó dháta a íoctha ag an Aire.

(6) I gcás a mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (5) a aisíoc leis an Aire gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chorparáid de bheith faoi dhliteanas don Aire i leith an méid sin agus aisíocfaidh an Chorparáid an méid sin (mar aon le hús air, má éilíonn an tAire é, de réir cibé ráta nó rátaí a shonróidh an tAire) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a shonróidh an tAire agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) I ndáil le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim i bhfo-ailt (2) agus (4) mar thagairt don méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide tráth na ráthaíochta a thabhairt,

(b) glacfar leis an tagairt d'airgead i bhfo-alt (5) gur tagairt í don méid arb é, in airgead reatha an Stáit, costas an airgid iarbhír a íocadh é.

Ráthaíocht i gcoinne caillteanas.

[1961, a. 4.]

15. —(1) Féadfaidh an tAire—

(a) ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh sé, go n-aisíocfar go cuí leis an gCorparáid príomhshuim aon airgid a bheidh íoctha ag an gCorparáid ar scór iasachtaí, airleacan, ráthaíochtaí le daoine i ndáil le híoc airgid ag daoine eile nó i ndáil le saoráidí eile creidmheasa (lena n-áirítear saoráidí fruilcheannaigh) a thabharfaidh, a sholáthróidh nó a shocróidh an Chorparáid nó a rachaidh sí faoi aon cheanglais ina leith nó go n-íocfar ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús, agus

(b) an Chorparáid a chúiteamh, ar scór ráthaíochta faoin alt seo, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh sé maidir le haon chaillteanais a thabhóidh an Chorparáid i ndáil leis na hiasachtaí, leis na hairleacain, leis na ráthaíochtaí nó leis na saoráidí eile creidmheasa sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1) a fheidhmiú i slí gur mó ná £10,000,000 an méid nó an méid comhiomlán príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(3) Déanfar airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(4) I gcás a ndéanfaidh an Chorparáid an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a bheidh íoctha ag an Aire ar scór ráthaíochta faoin alt seo a ghnóthú dá éis sin aisíocfaidh an Chorparáid leis an Aire an méid a gnóthaíodh.

Cuntais.

[1947, a. 19; 1969, a. 5.]

16. —(1) Coimeádfaidh an Chorparáid, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair sí nó a chaith sí, lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe agus, go háirithe, na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, cuirfidh an Chorparáid cuntais a bheidh á gcoimeád faoin alt seo faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair, den chlár comhardaithe agus d'aon chuntais eile a bheidh á gcoimeád de bhun ordú ón Aire agus de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Tabharfaidh an Chorparáid don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh sé ó am ga ham i dtaobh comhlíonadh a dualgas aici.

(4) Ní dhéanfaidh an Chorparáid, ná ní cheanglófar ar an gCorparáid, aon fhaisnéis a thabhairt faoi fho-alt (3) a nochtfadh gnóthaí aon taisceora nó iasachtaí áirithe nó aon duine a d'iarr iasacht nó a bheidh ag iarraidh iasachta.

Comhaltas den Oireachtas.

[cf. 1965, a. 10.]

17. —(1) I gcás a ndéanfar stiúrthóir ar an gCorparáid a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, scoirfidh sé de bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú don toghchán sin (cibé acu é).

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.

(3) I gcás a ndéanfar duine is fostaí don Corparáid a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé, ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú don toghohán sin (cibé acu é), ar iasacht ó fhostaíocht ag an gCorparáid agus ní íocfaidh an Chorparáid leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gCorparáid, aon luach saothair ná liúntais—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth an ainmnithe sin agus dar críoch an tráth a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir nó a chinnfidh toghchán air nó a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin, cibé acu é.

(4) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina fhostaí don Chorparáid.

Foireann a cheapadh.

[cf. 1947, a. 55.]

18. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar ceapacháin chun poist í seirbhís na Corparáide de réir cibé comhshocraíochtaí a áiritheoidh gur daoine oiriúnacha cáilithe a cheapfar a chinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, agus beidh sna comhshocraíochtaí sin foráil go dtabharfar d'iarrthóirí oiriúnacha cáilithe a mbeidh caighdeán eolais acu ar an nGaeilge nach 1ú ná an caighdeán a chinnfidh na stiúrthóirí creidiúint i leith an eolais sin.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1)—

(a) le ceapacháin a dhéanfar i ngnáthchúrsa ardaithe céime, ná

(b) le ceapadh breacfhostaithe, ná

(c) le ceapadh oibrithe tionscail, ná

(d) le fostú daoine chun íosdualgais a dhéanamh.

Luach saothair an phríomh-oifigigh.

[1975, a. 4.]

19. —Íocfaidh an Chorparáid lena príomh-oifigeach cibé luach saothair agus cibé liúntais a chinnfidh an Chorparáid le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntas na foirne.

[Nua]

20. —Ní ghlacfaidh aon athrú éifeacht a dhéanfar ar na téarmaí a beidh i ngníomh ar dháta thosach feidhme an Achta seo, is téarmaí a dhéanann rialú ar phinsin, aiscí, liúntais nó íocaíochtaí eile a dheonú do chomhalta de bhuanfhoireann na Corparáide, lena n-áirítear a príomh-oifigeach, nó ina leith sin, ar é d'éirí as oifig, do scor as oifig nó d'fháil bháis, ná ní ghlacfaidh aon chomhshocraíocht eile, chun sochair de bhreis ar na téarmaí dá dtagraítear thuas a chur ar fáil, éifeacht mura mbeidh toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí leis an athrú nó leis an gcomhshocraíocht sin.

Fianaise ar fhiach atá dlite don Chorparáid.

[1947, a. 53; 1965, a. 8.]

21. —In aon imeachtaí chun an Chorparáid do ghnóthú aon airgid a bheidh dlite don Chorparáid, beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith séalaithe le séala na Corparáide á rá go raibh suim shonraithe airgid dlite ar dháta an deimhnithe don Chorparáid de dhuine sonraithe ina fhianaise, aon tráth laistigh de mhí tar éis dáta an deimhnithe agus gan cruthúnas ar shéala na Corparáide ná ar a ghreamú go cuí den deimhniú, go bhfuil an tsuim atá sonraithe sa deimhniú dlite, agus go leanann sí de bheith dlite, don Chorparáid den duine agus ar an gcuntas nó ar na cuntais a shonraítear sa deimhniú.

Athrú ar mheabhrán agus airteagail chomhlachais.

[cf. 1961, a. 14; 1975, a. 6.]

22. —Is dleathach don Chorparáid cibé athruithe is gá a dhéanamh ar a meabrán nó a hairteagail chomhlachais lena gcur ar comhréir leis an Acht seo agus is i cibé foirm a cheadóidh an tAire a dhéanfar na hathruithe sin.

CUID IIII

Airnéis-Mhorgáistí

Mínithe do Chuid III.

[1947, a. 21; 1961, a. 12.]

23. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , arna leasú leis an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 ;

ciallaíonn “airnéis-mhorgáiste”, nuair a úsáidtear é gan cháiliú, ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iasachtaí aitheanta de pháirt agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile agus is—

(a) airnéis-mhorgáiste foluaineach, nó

(b) airnéis-mhorgáiste sonrach, nó

(c) airnéis-mhorgáiste foluaineach agus airnéis-mhorgáiste sonrach;

ciallaíonn “ordú forghníomhaithe” ordú forghníomhaithe de réir bhrí Acht 1926;

ciallaíonn “airnéis-mhorgáiste foluaineach” ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iasachtaí aitheanta de pháirt agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile trína ndéanann an t-iasachtaí aitheanta íoc aon airgid a airleacadh nó a airleacfar chun an iasachtaí aitheanta agus a íoc leis an iasachtóir aitheanta a chur de mhuirear ar an stoc a bheidh ó am go ham ar thalamh an iasachtaí aitheanta;

ciallaíonn “talamh”, i ndáil le hiasachtaí aitheanta, na foirgnimh nó an talamh nó na foirgnimh agus an talamh ina seolann nó ar a seolann an t-iasachtaí aitheanta gnó nó a úsáideann sé i ndáil lena ghnó;

ciallaíonn “an morgáistí”, i ndáil le hairnéis-mhorgáiste, an t-iasachtóir aitheanta dar tugadh an t-airnéis-mhorgáiste;

ciallaíonn “an morgáisteoir”, i ndáil le hairnéis-mhorgáiste—

(a) más pearsa aonair an t-iasachtaí aitheanta (páirtí ann)—

(i) i gcás ar beo dó agus nach féimheach ná duine mímheabhrach é, an t-iasachtaí aitheanta, nó

(ii) i gcás é a bheith éagtha, a oidhrí, a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a chomharbaí, nó seiceadóir de son tort a eastáit nó an duine a bhfuil, de dhroim an bháis, na hairnéisí a muirearaíodh faoin airnéismhorgáiste sin aistrithe isteach ina sheilbh nó faoina rialú, dlíthiúil nó iarbhír, nó

(iii) i gcás féimheach a dhéanamh de, a shannaí, nó

(iv) i gcás é éirí mímheabhrach, a chúramaí nó a chaomhnóir,

(b) más comhlacht corpraithe an t-iasachtaí aitheanta (páirtí ann), an comhlacht corpraithe sin;

tá le “banc aitheanta” an bhrí a shanntar le halt 25;

ciallaíonn “iasachtaí aitheanta” aon duine a dtabharfaidh iasachtóir aitheanta airgead ar iasacht nó ar airleacan nó saoráidí eile creidmheasa dó nó a thabharfaidh urrús nó a chomhaontóidh urrús a thabhairt d'iasachtóir aitheanta go n-íocfaidh sé féin nó aon duine eile airgead;

ciallaíonn “iasachtóir aitheanta” aon chomhlacht—

(a) arb é an Chorparáid é, nó

(b) ar banc aitheanta é;

ciallaíonn “airnéis-mhorgáiste sonrach” ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iasachtaí aitheanta de pháirt agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile trína ndéanann an t-iasachtaí aitheanta íoc airgid a airleacadh nó a airleacfar chun an iasachtaí aitheanta agus a íoc leis an iasachtóir aitheanta a chur de mhuirear ar stoc sonrach (cibé áit a mbeidh sé);

folaíonn “stoc”—

(a) ainmhithe agus éanlaith de gach sórt agus síolrach agus toradh ainmhithe agus éanlaith den sórt sin,

(b) míngeacha agus iasc de gach sórt agus síolrach agus toradh míngeacha agus éisc den sórt sin,

(c) barraí talmhaíochta (ag fás ar an talamh nó bainte den talamh),

(d) crainn (ag fás ar an talamh nó bainte den talamh),

(e) aon táirge a díorthaíodh ó aon cheann de na nithe réamhraite,

(f) innealra, uirlisí, feithiclí, daingneáin, feistis agus ábhair a úsáidtear le linn nó le haghaidh aon toradh talmhaíochta nó iascaigh a tháirgeadh, a mhonarú nó a phróiseáil nó a ullmhú lena dhíol nó lena chur ar an margadh.

(2) I gcás a mbunaíonn airnéis-mhorgáiste muirear ar stoc sonrach agus muirear foluaineach ar an stoc a bheidh ó am go ham ar thalamh áirithe, is é a bheidh, chun críocha na Coda seo, san airnéismhorgáiste—

(a) a mhéid a bhunaíonn sé muirear ar stoc sonrach, airnéismhorgáiste sonrach, agus

(b) a mhéid a bhunaíonn sé muirear foluaineach ar an stoc a bheidh ó am go ham ar thalamh áirithe, airnéis-mhorgháiste foluaineach.

(3) Ní bheidh ionstraim eisiata ó bheith ina hairnéis-mhorgáiste de bhíthin amháin duine nó daoine (i dteannta an mhorgáisteora agus an mhorgáistí) bheith ina pháirtí nó ina bpáirtithe ann go heisiatach mar urra nó urraí.

(4) Ní dhéanfar tagairtí sa Chuid seo do stoc, i ndáil le hairnéismhorgáiste, a fhorléiriú, faoi réir alt 24, ach mar thagairtí do stoc ar úinéir iomlán air an morgáisteoir.

Airnéis-mhorgáiste ar stoc sonrach.

[1947, a. 22.]

24. —I gcás—

(a) iasachtóir aitheanta do chomhaontú iasacht a thabhairt d'iasachtaí aitheanta go hiomlán nó go páirteach chun stoc sonrach a cheannach, agus

(b) an t-iasachtaí aitheanta sin a bheith, chun urrús a thabhairt i leith na hiasachta, tar éis airnéis-mhorgáiste sonrach ar an stoc sonrach a fhorghníomhú roimh an gceannach sin, agus

(c) an t-airnéis-mhorgáiste a chlárú go cuí faoin gCuid seo,

déanfaidh an t-airnéis-mhorgáiste sin, d'ainneoin aon ní sa Chuid seo, muirear a bhunú ar an stoc sonrach ar an dáta agus ón dáta a thiocfaidh an stoc ar úinéireacht agus i seilbh an iasachtaí aitheanta.

Bainc aitheanta.

[cf. 1947, a. 21 (1), 23.]

25. —(1) Gach banc ar bhanc aitheanta é chun críocha Chuid III den Acht Cairde Thalmhaíochta, 1947 , díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé de bheith ina bhanc aitheanta chun críocha na Coda seo.

(2) Féadfaidh an tAire, ar aon bhanc á iarraidh sin, an banc a cheapadh ina bhanc aitheanta chun críocha na Coda seo agus air sin tabharfaidh sé fógra faoin gceapadh don Aire Dlí agus Cirt.

(3) Féadfaidh an tAire trí fhógra i scríbhinn, ina luafar an chúis nó na cúiseanna, an t-aitheantas do bhanc mar bhanc aitheanta a tharraingt siar agus air sin tabharfaidh sé fógra faoin tarraingt siar don Aire Dlí agus Cirt.

(4) Tugtar banc aitheanta sa Chuid seo ar bhanc atá aitheanta de thuras na huaire faoin alt seo.

Cláir d'airnéismhorgáistí.

[1947, a. 24, 36.]

26. —(1) Déanfar clár d'airnéis-mhorgáistí a choimeád agus a chothabháil de réir an ailt seo i ngach Oifig Chúirte Cuarda.

(2) Faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha a fhorordaítear leis an alt seo nó faoi chun airnéis-mhorgáiste a chlárú, beidh gach airnéis-mhorgáiste inchláraithe laistigh de mhí, ar a fhad, tar éis a dháta sa chlár d'airnéis-mhorgáistí a bheidh á chothabháil faoin alt seo san Oifig Chúirte Cuarda a fhónann don limistéar ina bhfuil talamh an mhorgáisteora nó, má bhíonn an talamh in dhá cheantar nó níos mó a mbeidh Oifigí Cúirte Cuarda éagsúla ag fónamh dóibh, i ngach ceann de na cláir uile agus faoi seach d'airnéis-mhorgáistí a bheidh á gcothabháil faoin alt seo sna hOifigí Cúirte Cuarda sin faoi seach.

(3) Féadfaidh duine ar bith (lena n-áirítear urra) is páirtí in airnéis-mhorgáiste, nó féadfaidh ionadaí dlíthiúil aon duine den sórt sin, an t-airnéis-mhorgáiste a chlárú laistigh de mhí, ar a fhad, tar éis a dháta in aon chlár d'airnéis-mhorgáistí a mbeidh an t-airnéismhorgáiste inchláraithe ann faoin alt seo agus féadfaidh an morgáistí nó, le toiliú scríofa an mhorgáistí, féadfaidh an morgáisteoir nó aon urra is páirtí ann nó a ionadaí dlíthiúil a chur faoi deara tráth ar bith an t-airnéis-mhorgáiste sin a bhaint d'aon chlár den sórt sin.

(4) Aon uair a bheidh an phríomhshuim airgid, an t-ús agus na costais a bheidh urraithe le hairnéis-mhorgáiste aisíoctha go hiomlán cuirfidh an morgáistí faoi deara láithreach an t-airnéis-mhorgáiste a bhaint de gach clár d'airnéis-mhorgáistí a mbeidh sé cláraithe ann faoin alt seo.

(5) Ní bheidh éifeacht le haon airnéis-mhorgáiste go dtí go mbeidh sé cláraithe de bhun an ailt seo sa chlár nó i ngach clár (de réir mar a bheidh) d'airnéis-mhorgáistí ina mbeidh sé inchláraithe faoin alt seo agus scoirfidh airnéis-mhorgáiste a bheidh cláraithe amhlaidh d'éifeacht a bheith leis nuair a scoirfidh sé de bheith cláraithe go cuí sa chlár sin nó i ngach clár den sórt sin (de réir mar a bheidh).

(6) Ní fhoilseofar ná ní, nochtfar lánas aon chláir d'airnéismhorgáistí ná ní thabharfar aon chóipeanna de ná d'aon chuid de do dhuine ar bith ach amháin—

(a) go bhféadfaidh iasachtóir aitheanta tráth ar bith trí fhoréileamh faoi láimh aturnae nó gníomhaire dlí an iasachtóra aitheanta sin a cheangal ar an gcláraitheoir contae an clár a iniúchadh agus cóipeanna deimhnithe a thabhairt don iasachtóir aitheanta d'aon iontrálacha ann a bhaineann le stoc aon duine a bheidh ainmnithe san fhoréileamh sin;

(b) go bhféadfaidh sirriam nó cláraitheoir contae tráth ar bith an clár d'airnéis-mhorgáistí a iniúchadh a bheidh á chothabháil in Oifig Chúirte Cuarda a fhónann don limistéar nó d'aon chuid den limistéar arb é an sirriam nó an cláraitheoir contae dó é;

(c) go bhféadfaidh duine ar bith i seirbhís an Stáit a mbeidh údarás cuí aige i scríbhinn chuige sin ón Aire nó ón Aire Talmhaíochta aon chlár den sórt sin nó aon chuid de chlár den sórt sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh den chéanna tráth ar bith;

(d) go bhféadfaidh oifigeach a bheidh ar fostú in Oifig Chúirte Cuarda agus a bheidh ag comhlíonadh dualgas a bhíodh á gcomhlíonadh ag an bhfoshirriam an clár d'airnéismhorgáistí a bheidh á chothabháil san Oifig Chúirte Cuarda sin a iniúchadh tráth ar bith; agus

(e) aon uair a ordóidh an Chúirt Uachtarach nó aon Bhreitheamh den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda cóip den chuid d'aon chlár den sórt sin a bhainfidh le haon airnéismhorgáiste áirithe nó le haon airnéis-mhorgáiste líomhnaithe a thabhairt dóibh nó dó, go dtabharfar an chóip dá réir sin amhlaidh agus go bhféadfaidh an Chúirt nó an Breitheamh an chóip sin nó a lánas a nochtadh nó a fhoilsiú sa mhéid sin agus sa tslí sin agus faoi réir cibé coinníollacha a dhlífidh an ceartas dar leo nó dar leis.

(7) Féadfaidh an Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt nó féadfaidh an Chúirt Uachtarach ar achomharc ón Ard-Chúirt a chur faoi deara tráth ar bith aon chlár d'airnéis-mhorgáistí a cheartú (trí athrú, breisiú nó fágáil ar lár) i cibé slí a dhlífidh an ceartas.

(8) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt rialacháin a dhéanamh i ndáil le gach ní nó aon ní díobh seo a leanas:

(a) foirm agus lánas na gclár uile agus faoi seach d'airnéismhorgáistí;

(b) coimeád na gclár sin agus a gcothabháil i gcoitinne;

(c) an modh chun airnéis-mhorgáiste a chlárú i gclár agus an fhianaise a bheidh le tabhairt ar aird, chun críche an chláraithe sin, ar fhorghníomhú agus stampáil chuí an airnéis-mhorgáiste;

(d) an modh chun airnéis-mhorgáiste a bhaint de chlár agus an fhianaise a bheidh le tabhairt ar aird chun é a bhaint de;

(e) foréileamh, déanamh agus deimhniú cuardaigh ag oifigigh de na hOifigí Cúirte Cuarda ar chlár tar éis iarratas ó na daoine sin nó na comhlachtaí sin a n-údaraítear dóibh faoin alt seo an clár a iniúchadh;

(f) cóipeanna deimhnithe de chlár nó d'aon chodanna de chlár nó d'aon iontrálacha ann a sholáthar ar iarratas ó aon iasachtóir aitheanta agus thar a cheann;

(g) le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí a ghearrfar agus a ghlacfar i leith airnéis-mhorgáistí a chlárú i gclár, airnéismhorgáistí a bhaint de chlár, cláir a iniúchadh agus aon ní eile a bhainfidh leis an gclár;

(h) rúndacht na gclár a chaomhnú i gcoitinne agus go háirithe an fhianaise ar údarás a bheidh le tabhairt ag daoine a éileoidh clár a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh de.

(9) Gach clár d'airnéis-mhorgáistí a chothabháiltear in Oifig Chúirte Cuarda faoi na hachtacháin a aisghairtear leis an Acht seo is clár é chun críocha na Coda seo agus gach airnéis-mhorgáiste atá cláraithe ann measfar é a bheith cláraithe go cuí faoin gCuid seo agus bainfidh an Chuid seo leis dá réir sin.

(10) Rialacháin a rinneadh nó a mheastar a rinneadh faoi alt 24 den Acht Cairde Thalmhaíochta, 1947 , agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh siad i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh iad.

(11) Déanfar na caiteachais a bhainfidh leis an alt seo a chur in éifeacht a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar aon táillí a gheofar de bhun an ailt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste ar cibé slí a ordóidh an tAire.

Eifeacht airnéismhorgáiste shonraigh.

[1947, a. 25.]

27. —(1) Fad a bheidh airnéis-mhorgáiste sonrach cláraithe go cuí faoin gCuid seo agus a bheidh aon airgead dlite i leith príomhshuime nó úis nó costas ar a urrús, oibreoidh sé agus beidh éifeacht leis—

(a) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir úinéireacht nó seilbh aon stoic a chuimsítear ann a dhíol nó a aistriú ar shlí eile gan fógra i scríbhinn a thabhairt 7 lá ar a laghad roimh ré don mhorgáistí go bhfuil ar intinn aige an díol nó an t-aistriú a dhéanamh,

(b) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir an úinéireacht nó an tseilbh a dhíol nó a aistriú ar shlí eile ar phraghas is lú ná praghas cóir réasúnach,

(c) chun a chur d'oibleagáid ar an morgáisteoir, i gcás aon chuid den stoc d'fháil bháis nó a ghoid nó a dhíothú le tine nó eile, an teagmhas sin a chur in iúl don mhorgáistí laistigh de 7 lá tar éis dó tarlú,

(d) chun a chur d'oibleagáid ar an morgáisteoir, i gcás é do dhíol úinéireacht nó seilbh aon choda den stoc nó dá haistriú ar shlí eile, fógra i scríbhinn a thabhairt láithreach don mhorgáistí faoin díol nó faoin aistriú, mar aon le cibé sonraí ina thaobh sin a iarrfaidh an morgáistí,

(e) chun a chur d'oibleagáid ar an morgáisteoir, i gcás é do dhíol úinéireacht nó seilbh aon choda den stoc, nó dá haistriú ar shlí eile, gach suim a bheidh urraithe leis an airnéis-mhorgáiste, nó cibe suim is lú ná sin a aontóidh an morgáistí i scríbhinn a ghlacadh, a íoc leis an morgáistí laistigh de 7 lá tar éis an díola nó an aistrithe nó fáltas an díola nó an aistrithe a chur chun críche i cibé slí eile a bheidh údaraithe roimh ré ag an morgáistí,

(f) le gur intuigthe uaidh cúnant a bheith ann de pháirt an mhorgáisteora go n-íocfadh sé leis an morgáistí, ar éileamh uaidh, an phríomh-shuim airgid agus an t-ús a urraíodh leis an airnéis-mhorgáiste an tráth agus sa tslí a bheidh ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste, agus

(g) chun a chur d'oibleagáid ar an morgáisteoir an stoc a chuimsítear ann a chaomhnú agus a choimeád slán agus (ach amháin mar a údaróidh an t-airnéis-mhorgáiste nó an morgáistí a mhalairt nó mar is riachtanach le haghaidh aon díola dhleathaigh a bheartófar a dhéanamh) gan an stoc sin a aistriú óna thalamh.

(2) Má dhéanann an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) ar aon fhoráil is intuigthe a bheith san airnéis-mhorgáiste de bhua fho-alt (1) (ach amháin mír (f)) nó a bheidh ann, ansin, ar an morgáistí dá éileamh é a íoc, tiocfaidh iomlán na príomhshuime airgid a bheidh urraithe leis an airnéis-mhorgáiste chun bheith dlite agus beidh sé dlite, agus beidh sé iníoctha láithreach, d'ainneoin aon ní san airnéis-mhorgáiste.

(3) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach úinéireacht nó seilbh stoc is ábhar don mhorgáiste a dhíol nó a aistriú ar shlí eile gan fógra i scríbhinn a thabhairt 7 lá ar a laghad roimh ré don mhorgáistí i dtaobh é a bheith ar intinn aige an díol nó an t-aistriú a dhéanamh, nó

(b) nach ndéanfaidh an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach tar éis dó an stoc nó aon chuid de a dhíol nó a aistriú, na suimeanna go léir a bheidh urraithe leis an airnéis-mhorgáiste, nó cibé suim is lú ná sin a aontóidh an morgáistí i scríbhinn a ghlacadh, a íoc leis an morgáistí laistigh de 7 lá tar éis an díola nó an aistrithe,

beidh an morgáisteoir ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Beidh cóip den alt seo formhuinithe ar gach airnéis-mhorgáiste sonrach, ach ní bheidh an airnéis-mhorgáiste sonrach neamhbailí má fhágtar an fhoráil seo gan chomhlíonadh.

Stoc faoi airnéismhorgáiste sonrach a urghabháil.

[1947, a. 26.]

28. —(1) I gcás—

(a) a mbeidh airnéis-mhorgáiste sonrach cláraithe go cuí de thuras na huaire faoin gCuid seo, agus

(b) a mbeidh aon airgead dlite in aghaidh príomhshuime nó úis nó costas ar a urrús sin, agus

(c) a mbeidh—

an phríomhshuim airgid a bheidh urraithe leis an airnéismhorgáiste nó aon chuid den airgead sin nó aon ús air gan íoc ar feadh 14 lá tar éis an lae a bheidh ceaptha leis an airnéis-mhórgáiste chun an céanna a íoc, nó

sárú déanta ag an morgáisteoir ar aon chúnant nó coinníoll san airnéis-mhorgáiste,

féadfaidh an morgáistí ordú san fhoirm fhorordaithe a sheirbheáil ar an sirriam (nó, mura mbeidh aon sirriam ann, ar an gcláraitheoir contae) don chontae nó don chontae-bhuirg ina mbeidh aon chuid den stoc a chuimsítear san airnéis-mhorgáiste á cheangal air déanamh de réir an fho-ailt seo, agus air sin—

(i) déanfaidh an sirriam nó an cláraitheoir contae, a luaithe is féidir, an stoc ar fad nó aon chuid den stoc a chuimsítear san airnéis-mhorgáiste a urghabháil agus a aistriú as coimeád aon duine (seachas ceannaitheoir bona fide ar luach-chomaoin gan fógra faoin airnéis-mhorgáiste) agus as aon áit (seachas talamh nó áitreabh leis an gceannaitheoir sin) laistigh de chontae nó de chontae-bhuirg an tsirriam nó an chláraitheora contae;

(ii) ar an urghabháil sin a bheith déanta, cuirfidh an sirriam nó an cláraitheoir contae faoi deara, a luaithe is caothúil an stoc a urghabhadh amhlaidh a dhíol, agus úsáidfidh sé fáltas an díola sin chun íochtha, nó mar chabhair chun íoctha, caiteachais, táillí agus costais na hurghabhála agus an díola agus suime a bheidh deimhnithe san ordú a bheith dlite ar scór an airnéis-mhorgáiste, mar aon le hús ar an tsuim sin de réir an ráta is infheidhme maidir leis an airnéismhorgáiste ó dháta an ordaithe sin go dtí dáta na hurghabhála sin, agus íocfaidh sé barrachas (más ann) an fháltais sin leis an morgáisteoir.

(2) Beidh ag ordú faoi fho-alt (1) a dhíreofar chuig sirriam nó cláraitheoir contae an éifeacht chéanna a bheadh ag ordú forghníomhaithe agus is leorúdarás é dó chun gníomhú dá réir, agus beidh aige, nuair a bheidh sé ag gníomhú de réir an ordaithe, gach ceart, cumhacht agus dualgas a bheidh de thuras na huaire dílsithe dó nó forchurtha air de réir dlí i ndáil le forghníomhú ordaithe forghníomhaithe.

(3) Beidh sirriam nó cláraitheoir contae a bheidh ag forghníomhú ordaithe faoi fho-alt (1), i dteideal cibé táillí agus caiteachais, arna ríomh de réir na scálaí a bheidh ceaptha le halt 14 (1) (a) d'Acht 1926, a mhuirearú agus (más iomchuí) a chur leis an airgead a mbeidh deimhnithe san ordú go bhfuil sé dlite agus (in aon chás) a thobhach faoin ordú sin, a bheadh sé i dteideal a mhuirearú nó a chur leis an airgead sin agus a thobhach dá mba ordú forghníomhaithe ó chúirt dlínse inniúla an t-ordú.

(4) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt rialacháin a dhéanamh i ndáil le haon ní dá dtagraítear san alt seo mar ní forordaithe agus ciallaíonn “forordaithe” san alt seo forordaithe leis na rialacháin sin.

(5) Na leigheasanna a thugtar faoin alt seo don mhorgáistí chun airgead a bheidh dlite faoi airnéis-mhorgáiste sonrach a ghnóthú, is leigheasanna iad i dteannta agus ní leigheasanna iad in ionad aon leigheasanna eile a bheidh ag an morgáistí de réir dlí chun an t-airgead sin a ghnóthú.

Fardal ar stoc faoi airnéis-mhorgáiste.

[1947, a. 27.]

29. —(1) Fad a bheidh aon airgead dlite i leith príomhshuime nó úis nó costas ar urrús airnéis-mhorgáiste, féadfaidh an morgáistí, idir éirí agus luí gréine lá ar bith a fhéadfar próis sibhialta a sheirbheáil—

(a) i gcás airnéis-mhorgáiste shonraigh, dul isteach ar aon talamh nó in aon áitreabh (seachas talamh nó áitreabh de chuid ceannaitheora bona fide ar luach-chomaoin, gan fógra faoin airnéis-mhorgáiste sonrach, a cheannaigh an stoc a chuimsítear san airnéis-mhorgáiste sonrach) a mbeidh an stoc sin air nó ann agus fardal a thógáil ar an stoc sin, nó

(b) i gcás airnéis-mhorgáiste fholuainigh, dul isteach ar an talamh lena mbainfidh an t-airnéis-mhorgáiste foluaineach agus fardal a thógáil ar an stoc a bheidh ar an talamh.

(2) Má chuireann aon duine bac nó treampán ar an morgáistí agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le fo-alt (1), beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

(3) Déanfar tagairtí san alt seo don mhorgáistí faoi airnéismhorgáiste a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do ghníomhairí agus do sheirbhísigh an mhorgáistí.

Eifeacht airnéismhorgáiste fholuainigh.

[1947, a. 28.]

30. —(1) Fad a bheidh airnéis-mhorgáiste foluaineach cláraithe go cuí faoin gCuid seo agus a bheidh aon airgead dlite i leith príomhshuime nó úis nó costas ar a urrús, agus nach mbeidh sé tagtha chun bheith fosaidh mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, beidh éifeacht leis—

(a) chun an phríomhshuim airgid agus an t-ús a bheidh urraithe leis a bhunú ina mhuirear siúlach fuaidreamhach ar an stoc go léir leis an morgáisteoir a bheidh ó am go ham ar an talamh lena mbainfidh an t-airnéis-mhorgáiste (dá ngairtear an talamh san alt seo), agus

(b) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir aon chuid den stoc a bheidh ar an talamh tráth ar bith a dhíol seachas i ngnáthchúrsa gnó; agus

(c) chun a chur d'oibleagáid ar an morgáisteoir an stoc a bheidh ar an talamh ó am go ham a choimeád ar comhluach (chomh gar agus is féidir ag féachaint do ghnáthchúrsa gnó) le luach an stoic a bhí ar an talamh ar dháta an airnéis-mhorgáiste, agus

(d) aon uair a dhíolfaidh an morgáisteoir aon chuid den stoc a bheidh de thuras na huaire ar an talamh agus nach gcuirfidh sé, laistigh de mhí, n ionad an stoic sin stoc nua is leor chun luach an stoic ar an talamh a thabhairt chomh gar agus is féidir do luach an stoic a bhí ar an talamh ar dháta an airnéis-mhorgáiste, chun a chur d'oibleagáid air cibé d'oibleagáid air cibé cuid (más aon chuid í) d'fháltas an díola sin, a éileoidh an morgáistí, a íoc leis an morgáistí do laghdú nó d'íoc na príomhshuime airgid a bheidh urraithe leis an airnéis-mhorgáiste agus aon úis agus costas a bheidh dlite uirthi, agus chun a thabhairt de cheart don mhorgáisteoir fáltas iomlán, nó aon chuid d'fháltas, an díola sin a íoc leis an morgáistí do laghdú nó d'íoc na príomhshuime airgid agus an úis agus na gcostas sin.

(2) Fad a bheidh airnéis-mhorgáiste foluaineach cláraithe go cuí faoin gCuid seo, beidh éifeacht leis le gur intuigthe uaidh cúnant a bheith ann de pháirt an mhorgáisteora, a oidhrí, a sheiceadóirí agus a riarthóirí leis an morgáistí chun an phríomhshuim airgid agus an t-ús a bheidh urraithe leis an airnéis-mhorgáiste a íoc leis an morgáistí na tráthanna agus sa tslí a bheidh ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste.

Airnéis-mhorgáiste sonrach a dhéanamh d'airnéismhorgáiste foluaineach.

[1947, a. 29.]

31. —(1) Aon uair—

(a) a bheidh an phríomhshuim airgid a bheidh urraithe le hairnéis-mhorgáiste foluaineach nó aon chuid den airgead sin gan íoc ar feadh 28 lá tar éis an dáta a bheidh ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste foluaineach chun a íoctha, nó a bheidh ús éigin a bheidh urraithe le hairnéis-mhorgáiste foluaineach i riaráiste agus gan íoc ar feadh 56 lá tar éis é a theacht chun bheith dlite, nó a bheidh sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) déanta ag an morgáisteoir ar fhoráil éigin (seachas cúnant chun an phríomhshuim airgid nó an t-ús a bheidh urraithe leis a íoc) a bheidh in airnéis-mhorgáiste foluaineach nó is intuigthe a bheith ann de bhua alt 30 (2), agus

(b) a bheidh an morgáistí tar éis fógra scríofa a sheirbheáil ar an morgáisteoir á dhearbhú go bhfuil an t-airnéismhorgáiste foluaineach sin tagtha chun bheith fosaidh, agus

(c) a bheidh fardal tógtha, roimh an bhfógra a sheirbheáil, ag an morgáistí ar an stoc a bhí an uair sin ar an talamh lena mbaineann an t-airnéis-mhorgáiste foluaineach, agus

(d) a dhéanfaidh an morgáistí, laistigh de 7 lá i ndiaidh an lae a seirbheáladh an fógra, cóip dhílis den fhógra agus den fhardal a chur leis an bpost cláraithe go dtí an Oifig Chúirte Cuarda nó na hOifigí Cúirte Cuarda ina mbeidh an t-airnéis-mhorgáiste foluaineach sin cláraithe,

ansin—

(i) chun críocha an Achta seo, tiocfaidh an t-airnéismhorgáiste foluaineach sin chun bheith, agus beidh sé, fosaidh, le héifeacht amhail ar dháta agus ó dháta an fhógra a sheirbheáil, agus beidh éifeacht leis mar airnéis-mhorgáiste sonrach ar an stoc go léir a bheidh ar an talamh sin tráth an fhógra sin a sheirbheáil, agus beidh feidhm dá réir sin ag ailt 27 agus 28;

(ii) nuair a gheofar na cóipeanna den fhógra agus den fhardal in aon Oifig Chúirte Cuarda, taifeadfar sa chlár d'airnéis-mhorgáistí gur seirbheáladh an fógra agus sonraí an stoic a bheidh leagtha amach san fhardal agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, beidh an taifead sin ina fhianaise in aon imeachtaí gur seirbheáladh an fógra agus go raibh an stoc, a mbeifear tar éis a shonraí a thaifeadadh amhlaidh sa chlár, ar an talamh ar dháta an fhógra a sheirbheáil.

(2) (a) Chun críocha fho-alt (1), beidh fógra scríofa, á dhearbhú go bhfuil airnéis-mhorgáiste foluaineach tar éis teacht chun bheith fosaidh, leor-sheirbheáilte ar an morgáisteoir má dhéantar—

(i) i gcás ar pearsa aonair an morgáisteoir, cóip de—

(I) a sheachadadh don mhorgáisteoir, nó

(II) a fhágáil don mhorgáisteoir, san áit chónaí nó san áit ghnó is déanaí nó is gnáthaí ag an morgáisteoir sa Stát, le duine ar bith (is é sin, banchéile nó fearchéile an mhorgáisteora nó gaol, gníomhaire, cléireach nó seirbhíseach don mhorgáisteoir) sé bliana déag d'aois nó os a chionn, nó

(ii) i gcás ar comhlacht corpraithe an morgáisteoir, cóip de a fhágáil don mhorgáisteoir, in áit ghnó an mhorgáisteora, le haon ghníomhaire, cléireach nó seirbhíseach don mhorgáisteoir sé bliana déag d'aois nó os a chionn.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gnó bheith á sheoladh ina hoifig chláraithe ag cuideachta a bheidh cláraithe faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus measfar gnó a bheith á sheoladh ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ag gach comhlacht corpraithe eile.

(3) Beidh cóip d'alt 27 formhuinithe ar gach fógra a sheirbheálfar faoi fho-alt (1) ach ní bheidh fógra neamhbhailí má fhágtar an fhoráil seo gan chomhlíonadh.

Eifeacht airnéismhorgáiste ar thochsail.

[1947, a. 30.]

32. —Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste cosc ná srian le haon stoc faoi chuimsiú an airnéis-mhorgáiste nó dá ndéanann an t-airnéismhorgáiste difear a urghabháil go dleathach ag oifigeach cuí-údaraithe a bheidh ag tochsal nó ag tobhach faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim nó ag bailitheoir rátaí a bheidh ag tochsal i leith rátaí nó ag tiarna talún a bheidh ag tochsal i leith cíosa.

Eifeacht airnéismhorgáiste ar orduithe forghníomhaithe.

[1947, a. 31.]

33. —(1) Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste cosc ná srian le haon stoc faoi chuimsiú an airnéis-mhorgáiste nó dá ndéanann an t-airnéismhorgáiste difear a urghabháil agus a dhíol go dleathach—

(a) faoi bharántas arna eisiúint faoi alt 28 den Acht Talmhan, 1933 , nó

(b) faoi ordú forghníomhaithe arna eisiúint d'fhorfheidhmiú breithiúnais nó ordaithe go n-íocfar—

(i) airgead a bheidh dlite don Phríomh-Chiste nó iníoctha leis nó chun tairbhe dó, nó

(ii) airgead i leith airleacan as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó i leith an úis ar airleacain den sórt sin, nó

(iii) airgead a bheidh dlite do Choimisiún na Talún nó iníoctha leis faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, nó

(iv) airgead a bheidh dlite do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn i leith iasachta áitiúla, de réir bhrí Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , nó

(v) airgead a bheidh dlite do bhailitheoir rátaí i leith rátaí arna dtobhach ag comhairle contae, ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile, ag comhairle ceantair uirbigh nó ag coimisinéirí baile.

(2) Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste foluaineach cosc ná srian le haon stoc faoi chuimsiú an airnéis-mhorgáiste nó dá ndéanann an t-airnéis-mhorgáiste difear a urghabháil agus a dhíol go dleathach faoi ordú forghníomhaithe arna eisiúint d'fhorfheidhmiú aon bhreithiúnais nó ordaithe chun airgead a íoc a bheidh dlite do thiarna talún nó iníoctha leis i leith cíosa.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-ailt (1) agus (2), ní dhéanfar aon stoc faoi chuimsiú airnéis-mhorgáiste nó dá ndéanann airnéis-mhorgáiste difear a urghabháil ná a dhíol faoi ordú forghníomhaithe mura mbeidh an creidiúnaí, roimh an urghabháil sin, tar éis toiliú an mhorgáistí a fháil i scríbhinn nó tar éis méid iomlán na príomhshuime airgid agus an úis agus na gcostas a bheidh dlite agus gan íoc an tráth sin ar urrús an airnéis-mhorgáiste a íoc leis an sirriam nó leis an gcláraitheoir contae a bheidh ag forghníomhú an ordaithe forghníomhaithe.

(4) Aon uair a dhéanfaidh creidiúnaí an méid iomlán a bheidh dlite ar urrús airnéis-mhorgáiste a íoc faoi fho-alt (3) le sirriam nó le cláraitheoir contae—

(a) íocfaidh an sirriam nó an cláraitheoir contae an méid leis an morgáistí agus glacfaidh an morgáistí an méid d'urscaoileadh an airgid a bheidh urraithe leis an airnéismhorgáiste d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san airnéismhorgáiste agus go háirithe d'ainneoin gan an t-airgead a bheith dlite ná iníoctha an tráth sin, agus

(b) cuirfear an méid leis an bhfiach a mbeidh forghníomhú intobhaigh ina leith faoin ordú forghníomhaithe, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an ordú forghníomhaithe.

(5) Chun a chur ar chumas creidiúnaí buntáiste a bhaint as forálacha fho-ailt (3) agus (4)—

(a) aon uair a iarraidh creidiúnaí go ndéanfar ordú forghníomhaithe a fhorghníomhú in aghaidh aon stoic, déanfaidh an sirriam nó an cláraitheoir contae an clár iomchuí d'airnéis-mhorgáistí a iniúchadh agus, má fhionntar ón iniúchadh sin an stoc a bheith cuimsithe in airnéismhorgáiste nó airnéis-mhorgáiste do dhéanamh difir dó, cuirfidh sé in iúl don chreidiúnaí an t-airnéis-mhorgáiste a bheith ann, dáta an airnéis-mhorgáiste agus ainm agus seoladh an mhorgáistí, agus

(b) déanfaidh an morgáistí, ar an gcreidiúnaí á iarraidh sin, ráiteas a thabhairt don sirriam nó don chláraitheoir contae, lena chur go dtí an creidiúnaí, a inseoidh méid iomlán na príomhshuime agus an úis agus na gcostas a bheidh dlite agus gan íoc an tráth sin ar urrús an airnéismhorgáiste.

(6) San alt seo ciallaíonn “creidiúnaí” an duine ar ar a thionscnamh a eisítear ordú forghníomhaithe, ach ní fholaíonn sé an morgáistí faoi airnéis-mhorgáiste.

Tosaíochtaí airnéismhorgáistí.

[cf. 1947, a. 32.]

34. —(1) Beidh tosaíocht ag airnéis-mhorgáistí de réir tráthanna a gcláraithe faoi seach faoin gCuid seo.

(2) Aon stoc a chuimsítear in airnéis-mhorgáiste sonrach nó in airnéis-mhorgáiste foluaineach a bheidh tagtha chun bheith fosaidh, ní mheasfar é a bheith ina sheilbh ná ar a ordú ná faoi réir a dhiúscartha ag an morgáisteoir de réir brí an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857.

Airnéis-mhorgáiste a nochtadh do chreidiúnaí.

[1947, a. 33.]

35. —(1) Is oibleagáid ar gach duine (dá ngairtear an féichiúnaí san alt seo) a iarrfaidh ar dhuine eile (dá ngairtear an creidiúnaí san alt seo) creidmheas a thabhairt nó leanúint dá thabhairt dó a nochtadh i scríbhinn don chreidiúnaí (má iarrann an creidiúnaí air i scríbhinn sin a dhéanamh) cé acu atá nó nach bhfuil airnéismhorgáiste ann i leith aon choda de stoc an fhéichiúnaí agus sonraí gach airnéis-mhorgáiste (más ann) den sórt sin a nochtadh amhlaidh.

(2) Ní nochtfaidh aon chreidiúnaí faisnéis ar bith a thabharfaidh an féichiúnaí dó de bhun an ailt seo ach amháin a mhéid is gá nó is cuí é a nochtadh chun críocha ionchúisimh faoin alt seo nó chun imeachtaí dlí a thionscnamh nó a sheoladh chun airgead a ghnóthú a bheidh dlite den fhéichiúnaí don chreidiúnaí.

(3) Gach duine a dhéanfaidh ráiteas i scríbhinn de bhun an ailt seo a bheidh, go bhfios dó, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha agus gach duine a nochtfaidh, contrártha don alt seo, aon fhaisnéis a tugadh dó de bhun an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear pionós nach mó ná £50 a chur air.

Billí díola stoic a neamhniú.

[1947, a. 35.]

36. —(1) Gach bille díola stoic (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon airnéisí eile ann) a dhéanfar tar éis dáta thosach feidhme an Achta seo, beidh sé, d'ainneoin aon ní sna Bills of Sale (Ireland) Acts, 1879 and 1883, ar neamhní agus ní fhéadfar é a chlárú faoi na hAchtanna sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1) agus aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo, ní bille díola muirear foluaineach ar stoc arna bhunú ag comhlacht corpraithe agus measfar nár bhille díola é riamh.

CUID IV

Muirir ar Thalamh i bhfabhar na Corparáide

Caibidil 1

Réamhráiteach

Mínithe do Chuid IV.

[cf. 1947, a. 37.]

37. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht um Chlárú Teidil, 1964 ;

folaíonn “muirear” morgáiste agus aon mhodh eile trína ndéantar talamh a chur faoi mhuirear nó faoi dhliteanas nó a thabhairt mar urrús go n-íocfar airgead;

déanfar tagairtí d'éilimh chothromais i gcoinne talún cláraithe a fhorléiriú mar thagairtí d'eastáit agus do leasanna sa talamh sin, agus d'éirí air agus d'éilimh ina choinne, nach mbeidh, ar dháta cláraithe muirir thosaíochta i gcoinne na talún, taifeadta i gclár ach a bheidh á gcaomhnú de bhua an t-úinéir a bheith cláraithe ar shlí seachas le teideal iomlán agus déanfar tagairtí d'éilitheoir cothromais a fhorléiriú dá réir sin;

folaíonn “ús in ionad cíosa” aon airgead is iníoctha faoin ainm sin le Coimisiún na Talún faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

folaíonn “íocaíocht in ionad cíosa” aon airgead is iníoctha faoin ainm sin le Coimisiún na Talún faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

folaíonn “ús ar airgead ceannaigh” aon airgead is iníoctha faoin ainm sin le Coimisiún na Talún faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh;

ciallaíonn “blianacht talamh-cheannaigh” blianacht infhoirceanta is iníoctha faoin ainm sin le Coimisiún na Talún faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh d'aisíoc airleacan ón gCoimisiún sin faoi na hAchtanna sin;

folaíonn “morgáiste” aon ionstraim trína ndéantar talamh a chur faoi mhuirear nó faoi dhliteanas nó a thabhairt mar urrús go n-íocfar airgead;

ciallaíonn “morgáisteoir” duine a thugann muirear tosaíochta agus oidhrí, seiceadóirí, riarthóirí agus sannaithe an duine sin;

ciallaíonn “suim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún)” aon suim is iníoctha de thuras na huaire le Coimisiún na Talún agus is—

(a) cíos, nó

(b) ús in ionad cíosa, nó

(c) íocaíocht in ionad cíosa, nó

(d) ús ar airgead ceannaigh, nó

(e) aon íocaíocht bhliantúil nó aon íocaíocht thréimhsiúil eile de shaghas ar bith;

ciallaíonn “muirear buanfheabhsaithe”, i ndáil le haon talamh, muirear tosaíochta ar an talamh a suífidh an morgaisteoir ina leith—

(a) gur chun críocha buanfheabhsaithe amháin a rinne an Chorparáid an phríomhshuim a bheidh urraithe leis an muirear sin a airleacan, agus

(b) gur chun críche nó críocha acu sin a caitheadh an phríomhshuim sin;

ciallaíonn “críocha buanfheabhsaithe”, i ndáil le muirear ar thalamh, aon chríoch nó críocha acu seo a leanas—

(a) foirgnimh a thógáil, a athrú, a fheabhsú nó a dheisiú ar an talamh,

(b) buanfheabhsuithe a dhéanamh ar an talamh a mheastar a mhéadóidh, nó a chabhróidh nó a urasóidh le méadú a thabhairt, ar tháirgiúlacht na talún,

(c) aon chríoch eile a rachaidh, nó a bheartaítear a rachadh, chun tairbhe go buan nó san fhadtéarma don ghnó feirme a sheoltar ar an talamh,

(d) na costais agus na caiteachais a íoc a bhainfidh leis an airgead a bheidh urraithe leis an muirear a fháil ar iasacht agus urrús a thabhairt go n-aisíocfar an t-airgead sin;

ciallaíonn “muirear tosaíochta”—

(a) i ndáil le talamh cláraithe, muirear ar an talamh cláraithe dá dtugtar tosaíocht le halt 39;

(b) i ndáil le talamh neamhchláraithe, muirear ar an talamh neamhchláraithe dá dtugtar tosaíocht le halt 42;

ciallaíonn “iaréileamh”, i ndáil le talamh neamhchláraithe, aon eastát nó leas sa talamh nó aon eire air nó éileamh ina choinne, a ndéanfar de bhua alt 42 a thosaíocht a chur ar gcúl chun go dtiocfaidh i ndiaidh muirir thosaíochta ar an talamh sin;

ciallaíonn “iaréilitheoir”, i ndáil le talamh neamhchláraithe, duine ag a bhfuil teideal chun iaréilimh;

ciallaíonn “clár” clár a chothabháiltear faoi Acht 1964;

ciallaíonn “talamh cláraithe” talamh a bhfuil a úinéireacht taifeadta i gclár;

ciallaíonn “an t-údarás clárúcháin” an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1964;

ciallaíonn “clárú” clárú i gclár agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “Clárlann na nGníomhas” an oifig chun gníomhais, tíolacais agus uachtanna a chlárú in Éirinn;

ciallaíonn “talamh neamhchláraithe” talamh atá, ar dháta na hionstraime muirir iomchuí a fhorghníomhú i bhfabhar na Corparáide, faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiún na Talún) agus nach talamh cláraithe.

Feidhm Chuid IV maidir le muirir láithreacha.

[1947, a. 38.]

38. —Tá feidhm ag an gCuid seo maidir le gach muirear ar thalamh a tugadh roimh thosach feidhme an Achta seo i bhfabhar na Corparáide agus a bhí ann díreach roimh an tosach feidhme sin agus a mbainfeadh an Chuid seo leis dá mbeadh sí i bhfeidhm nuair a tugadh an muirear, agus measfar aon imeachtaí a tionscnaíodh nó aon ní a rinneadh roimh an tosach feidhme sin maidir leis an muirear faoi aon fhoráil de na hAchtanna a aisghairtear leis an Acht seo a bheith arna dtionscnamh nó arna ndéanamh faoin bhforáil chomhréire den Acht seo.

Caibidil 2

Talamh Cláraithe

Tosaíocht muirear i bhfabhar na Corparáide.

[cf. 1947, a. 39; 1973, a. 4.]

39. —(1) I gcás muirear i bhfabhar na Corparáide chun iasacht a aisíoc a bheith cláraithe mar ualach a théann i gcion ar thalamh cláraithe, ansin, faoi réir fho-ailt (2) agus (3), beidh tosaíocht agus sáraíocht amhail i gcoinne na talún ag an muirear (lena n-áirítear ús agus costais agus caiteachais na n-imeachtaí dlí go léir a thion scnóidh an Chorparáid chun an méid a réadú a bheidh dlite tráth ar bith ar scór an mhuirir) ar aon éileamh cothromais i gcoinne na talún.

(2) Más rud é—

(a) ar dháta ionstraime a bhunaíonn muirear ar thalamh cláraithe ar mhuirear tosaíochta é ar é a chlárú, mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeidh rabhadh lena mbaineann alt 97 d'Acht 1964 taifeadta sa chlár mar ní a théann i gcion ar an talamh, agus

(b) gur duine a bhí á éileamh teideal a bheith aige chun éilimh chothromais i gcoinne na talún a thaisc an rabhadh, agus

(c) go ndéanfar, tráth ar bith tar éis an muirear a chlárú, an t-éileamh cothromais sin a chlárú mar eastát nó leas sa talamh nó mar ualach ar an talamh,

ansin, d'ainneoin fho-alt (1), déanfar, mura n-aontóidh an duine sin lena mhalairt, tosaíochtaí faoi seach an mhuirir agus an éilimh chothromais a chinneadh ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1).

(3) Ní oibreoidh fo-alt (1) maidir le haon mhuirear arb é is éifeacht dó an talamh a chur faoi réir iomlán na príomhshuime de bhreis ar £25,000 a bheidh gan íoc ar scór muirear faoin bhfo-alt sin a aisíoc.

Leasanna cothromais.

[1947, a. 40.]

40. —(1) Muirear tosaíochta ar thalamh cláraithe nach muirear buanfheabhsaithe ar an talamh measfar, amhail idir an morgáisteoir agus éilitheoirí cothromais (seachas an morgáisteoir) i gcoinne na talún, é a bheith arna mhuirearú ar gach aon agus gach uile eastát agus leas (más ann) sa talamh a raibh, ar dháta an mhuirir thosaíochta a chlárú, nó a mbeidh, tráth ar bith ina dhiaidh sin, teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sin chuige do shlánú gach éilimh chothromais i gcoinne na talún ag éilitheoirí cothromais seachas an morgáisteoir.

(2) Airgead a bheidh íoctha leis an gCorparáid ag éilitheoir cothromais (seachas an morgáisteoir), nó as a scair nó a eastát nó a leas, ar scór muirir thosaíochta ar thalamh cláraithe nach muirear buanfheabhsaithe ar an talamh déanfaidh an morgáisteoir é a aisíoc, arna éileamh, leis an éilitheoir cothromais mar aon le hús air de réir an ráta a bhaineann leis an muirear agus, go dtí go n-aisíocfar é amhlaidh, beidh an t-airgead sin agus an t-ús air ina fhiach ar an morgáisteoir ag an éilitheoir cothromais agus measfar an céanna a bheith arna mhuirearú i bhfabhar an éilitheora cothromais ar gach uile eastát agus leas (más ann) chun a mbeidh teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sa talamh nó ar fháltas a dhíola ar dháta na híocaíochta a dhéanamh leis an gCorparáid.

Mionaoisigh agus daoine mímheabhracha a chosaint.

[1947, a. 41.]

41. —(1) I gcás talamh cláraithe a bheith faoi réir muirir thosaíochta nach muirear buanfheabhsaithe agus éilitheoir cothromais i gcoinne na talún a bheith, ar dháta an mhuirir thosaíochta a chlárú, faoi bhun bliain is fiche d'aois nó ina dhuine mímheabhrach, beidh an t-éilitheoir cothromais i dteideal tráth ar bith tar éis an chláraithe (ach, i gcás é a bheith faoi bhun bliain is fiche d'aois tráth an chláraithe, ní bheidh tar éis dó cúig bliana is fiche d'aois a shlánú) ordú a fháil ón gCúirt Chuarda á ordú don morgáisteoir, trí é do thabhairt urrúis nó do thaisceadh airgid sa Chúirt nó trí cibé meán eile a cheadóidh an Chúirt, slánaíocht a thabhairt don éilitheoir cothromais a mheasfaidh an Chúirt is leorchosaint ar a éileamh cothromais i gcoinne an mhuirir thosaíochta agus á ordú, mura dtabharfaidh an morgáisteoir slánaíocht den sórt sin laistigh de thrí mhí tar éis dáta an ordaithe, go ndíolfaidh an Chúirt an talamh cláraithe agus go n-úsáidfear de réir dlí fáltas an díola agus, in aon chás, go n-íocfaidh an morgáisteoir costais an éilitheora cothromais i ndáil leis an ordú, leis an iarratas á iarraidh agus leis na himeachtaí go léir faoin gcéanna arna bhfómhas amhail idir aturnae agus cliant.

(2) Slánaíocht a thabharfaidh morgáisteoir de bhun fho-alt (1) beidh sí infheidhmithe, le cead na Cúirte Cuarda agus i cibé slí a ordóidh an Chúirt sin, aon uair a dhéanfar an muirear tosaíochta ar ina leith a tugadh an tslánaíocht a fheidhmiú chun dochair don éileamh cothromais ar chun a chosanta a tugadh an tslánaíocht nó i cibé imthosca eile a mheasfaidh an Chúirt é a bheith ceart agus cothrom an tslánaíocht a fheidhmiú.

(3) Na cearta agus na sochair a thugtar d'aon éilitheoir cothromais leis an alt seo is cearta agus sochair iad i dteannta aon chearta nó sochair eile a mbeidh teideal aige chucu faoin Acht seo agus gan dochar do na cearta agus na sochair sin.

(4) Ní dheonófar aon ordú faoi fho-alt (1) gan fógra don mhorgáisteoir mura dóigh leis an gCúirt gur cuí fógra a ligean thar ceal.

Caibidil 3

Talamh Neamhchláraithe

Tosaíocht muirear i bhfabhar na Corparáide.

[cf. 1947, a. 42; 1973, a. 4.]

42. —(1) I gcás—

(a) duine a bheith ag áitiú talún atá de thuras na huaire faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiún na Talún), agus

(b) Coimisiún na Talún dá dheimhniú gurb é an duine é a bhfuil an tsuim iníoctha aige ar dháta an deimhnithe, agus

(c) a ndéanfaidh sé (ina aonar nó i gcomhar le daoine eile), laistigh de mhí tar éis dáta an deimhnithe, aisíoc iasachta a chur de mhuirear ar an talamh i bhfabhar na Corparáide, agus

(d) ionstraim bhunaithe an mhuirir a chlárú go cuí i gClárlann na nGníomhas,

ansin, faoi réir fho-ailt (2) agus (3), beidh tosaíocht agus sáraíocht, amhail i gcoinne na talún a bheidh muirearaithe amhlaidh, ag an muirear (lena n-áirítear ús agus costais agus caiteachais na n-imeachtaí dlí go léir a thionscnóidh an Chorparáid chun an méid a réadú a bheidh dlite tráth ar bith don Chorparáid ar scór an mhuirir) ar gach eastát agus leas sa talamh agus ar gach eire agus ualach ar an talamh a bheidh ann ar dháta na hionstraime ach amháin an tsuim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) sin, riaráistí dlúthshocraithe cíosa de réir bhrí na nAchtanna Talamh-Cheannaigh, morgáistí i bhfabhar Choimisiún na Talún, aon bhlianacht talamhcheannaigh a mhuirearófar dá éis ar an talamh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, aon bhlianacht, cíos-mhuirear nó íocaíocht thréimhsiúil eile is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, aon mhuirear nó morgáiste i bhfabhar na gCoimisinéirí sin ar scór aon airgid a bheidh dlite nó iníoctha leo i leith iasachta áitiúla de réir bhrí Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 , agus aon mhuirear dá luaitear i míreanna (a), (b), (f) agus (h) d'alt 72 d'Acht 1964.

(2) Más rud é, ar dháta ionstraime a bhunaíonn muirear ar thalamh ar mhuirear é a bheadh, ar an ionstraim sin a chlárú i gClárlann na nGníomhas, i dteideal tosaíochta faoin alt seo mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeidh rabhadh lena mbaineann alt 96 d'Acht 1964, arna leathnú le halt 43, taifeadta i gClárlann na Talún mar ní a théann i gcion ar an talamh sin, ansin, d'ainneoin fho-alt (1), déanfar tosaíochtaí faoi seach an mhuirir agus eastát, leas, eire nó éileamh eile an duine a thaisc an rabhadh i gcoinne na talún a chinneadh, mura n-aontóidh an duine sin lena mhalairt, ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1).

(3) Ní oibreoidh fo-alt (1) maidir le haon mhuirear arb é is éifeacht dó an talamh a chur faoi réir méid iomlán a aisíoc i leith príomhshuime de bhreis ar £25,000 a bheidh gan íoc ar scór muirear faoin bhfo-alt sin.

Iaréilitheoirí do thaisceadh rabhadh.

[1947, a. 43.]

43. —(1) Aon duine a bheidh á éileamh go bhfuil teideal aige chun eastáit nó leasa in aon talamh neamhchláraithe nó chun eire air nó chun éilimh ina choinne is iaréileamh i gcoinne na talún nó a thiocfadh chun bheith ina iaréileamh dá mbunófaí muirear tosaíochta ar an talamh, féadfaidh sé (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an ionstraim, más ann, faoinar éirigh an t-éileamh cláraithe i gClárlann na nGníomhas) rabhadh a thaisceadh, faoi alt 96 d'Acht 1964, i gcoinne clárú a dhéanamh i gcoinne na talún, ar dháta nó tar éis dáta a chéad-chláraithe, ar aon déileáil leis an talamh i bhfabhar na Corparáide chun dochair don éileamh.

(2) I gcás rabhadh a thaisceadh amhlaidh, ní bhainfidh fo-alt (2) den alt sin 96 leis an rabhadh ach ina ionad sin déanfar, ar an talamh a chéad-chlárú, an rabhadh a thaifeadadh ar an bhfóilió a bhaineann leis an talamh mar rabhadh a taisceadh faoi alt 97 d'Acht 1964 agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

Cearta iaréilitheoirí.

[1947, a. 44.]

44. —(1) Muirear tosaíochta ar thalamh neamhchláraithe nach muirear buanfheabhsaithe i gcoinne na talún, measfar, amhail idir an morgáisteoir agus iaréilitheoirí i gcoinne na talún, é a bheith arna mhuirearú ar gach aon agus gach uile eastát agus leas (más ann) sa talamh a raibh, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú, nó a mbeidh, tráth ar bith dá éis sin, teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir chuige, do shlánú gach iaréilimh i gcoinne na talún ag iaréilitheoirí.

(2) Airgead a bheidh íoctha leis an gCorparáid ag iaréilitheoir (seachas an morgáisteoir) i gcoinne talún neamhchláraithe, nó as scair, eastát nó leas an iaréilitheora, ar scór muirir thosaíochta nach muirear buanfheabhsaithe ar an talamh, déanfaidh an morgáisteoir é a aisíoc, arna éileamh, leis an iaréilitheoir mar aon le hús air de réir an ráta a bhaineann leis an muirear agus, go dtí go n-aisíocfar é amhlaidh, beidh an t-airgead sin agus an t-ús air ina fhiach ar an morgáisteoir ag an iaréilitheoir agus measfar é a bheith arna mhuirearú i bhfabhar an iaréilitheora ar gach aon agus gach uile eastát agus leas (más ann) chun a mbeidh teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sa talamh nó ar fháltas a dhíola ar dháta na híocaíochta a dhéanamh leis an gCorparáid.

Mionaoisigh agus daoine mímheabhracha a chosaint.

[1947, a. 45.]

45. —(1) I gcás talamh neamhchláraithe a bheith faoi réir muirir thosaíochta nach muirear buanfheabhsaithe agus iaréilitheoir i gcoinne na talún a bheith, ar dháta an mhuirir thosaíochta a chlárú, faoi bhun bliain is fiche d'aois nó ina dhuine mímheabhrach, beidh an t-iaréilitheoir i dteideal tráth ar bith tar éis an chláraithe (ach, i gcás an t-iaréilitheoir a bheith faoi bhun bliain is fiche d'aois tráth an chláraithe, ní bheidh tar éis dó cúig bliana is fiche d'aois a shlánú) ordú a fháil ón gCúirt Chuarda á ordú don mhorgáisteoir, trí é do thabhairt urrúis nó do thaisceadh airgid sa Chúirt nó trí cibé meán eile a cheadóidh an Chúirt, slánaíocht a thabhairt don iaréilitheoir a mheasfaidh an Chúirt is leorchosaint ar a iaréileamh i gcoinne an mhuirir thosaíochta agus á ordú, mura dtabharfaidh an morgáisteoir an tslánaíocht laistigh de thrí mhí tar éis dáta an ordaithe, go ndíolfaidh an Chúirt an talamh agus go n-úsáidfear de réir dlí fáltas an díola agus, in aon chás, go n-íocfaidh an morgáisteoir costais an iaréilitheora i ndáil leis an ordú, leis an iarratas á iarraidh agus leis na himeachtaí go léir faoin gcéanna arna bhfómhas amhail idir aturnae agus cliant.

(2) Slánaíocht a thabharfaidh morgáisteoir de bhun fho-alt (1) beidh sí infheidhmithe, le cead na Cúirte Cuarda agus i cibé slí a ordóidh an Chúirt sin, aon uair a dhéanfar an muirear tosaíochta ar ina leith a tugadh an tslánaíocht a fheidhmiú chun dochair don iaréileamh ar chun a chosanta a tugadh an tslánaíocht nó i cibé imthosca eile a mheasfaidh an Chúint é a bheith ceart agus cothrom an tslánaíocht a fheidhmiú.

(3) Na cearta agus na sochair a thugtar d'aon iaréilitheoir leis an alt seo is cearta agus sochair iad i dteannta aon chearta nó sochair eile a mbeidh teideal ag an iaréilitheoir chucu faoin Acht seo agus gan dochar do na cearta agus na sochair sin.

(4) Ní dheonófar aon ordú faoi fho-alt (1) gan fógra don mhorgáisteoir mura dóigh leis an gCúirt gur cuí fógra a ligean thar ceal.

An Chorparáid do thaisceadh rabhadh.

[1947, a. 46.]

46. —Aon uair a éileoidh an Chorparáid gur eireadóir í ar thalamh neamhchláraithe de bhua ionstraim a bheidh cláraithe i gClárlann na nGníomhas, féadfaidh an Chorparáid, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 96 d'Acht 1964, rabhadh faoin alt sin a thaisceadh leis an údarás clárúcháin, agus nuair a chlárófar amhlaidh an rabhadh féadfaidh an t-údarás clárúcháin, ar an talamh a chéad-chlárú, an t-eire a bheidh bunaithe leis an ionstraim a chlárú mar ualach a théann i gcion ar an talamh agus cibé tosaíocht (más ann) aige a thugtar don eire leis an Acht seo nó ar shlí eile de réir dlí.

Caibidil 4

Forálacha Ilghnéitheacha i ndáil le Muirir ar Thalamh

Muirir ag tionóntaí saoil.

[1947, a. 47.]

47. —(1) Duine ar bith is tionónta saoil de réir brí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, ar aon talamh, nó a bhfuil aige, faoi na hAchtanna sin, cumhachtaí tionónta saoll i leith aon talún féadfaidh sé airgead a fháil ar iasacht ón gCorparáid, agus féadfaidh an Chorparáid airgead a thabhairt ar iasacht d'aon duine den sórt sin, chun críocha buanfheabhsaithe ar an urrús a údaraítear anseo ina dhiaidh seo.

(2) Íocfaidh an Chorparáid airgead a fuarthas ar iasacht faoin alt seo leis na hiontaobhaithe, chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, ar an tsocraíocht faoinar tionónta saoil an t-iasachtaí nó faoina bhfuil cumhachtaí tionónta saoil aige nó le daoine a bheidh ceaptha faoin alt seo chun an t-airgead a ghlacadh, agus is airgead caipitil a d'eascair faoin tsocraíocht sin de réir brí na nAchtanna sin an t-airgead, agus is críoch chun a bhféadfar airgead caipitil a úsáid faoi na hAchtanna sin an chríoch chun a bhfaighfear an t-airgead ar iasacht faoin alt seo, agus bainfidh na hAchtanna sin leis an airgead sin dá réir sin.

(3) I gcás a mbeartófar airgead a fháil ar iasacht faoin alt seo thar ceann naí is lánúinéir ar thalamh a meastar, faoi alt 59 den Settled Land Act, 1882, gur tionónta saoil é agus gan aon iontaobhaithe a bheith ann chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, féadfaidh an Chorparáid, le toiliú Uachtarán na hArd-Chúirte, beirt daoine oiriúnacha a ainmniú chun an t-airgead a ghlacadh agus air sin tiocfaidh na daoine a bheidh ainmnithe amhlaidh chun bheith agus beidh siad ina n-iontaobhaithe chun críocha na nAchtanna sin maidir leis an airgead sin ach ní chun aon chríche eile ná in aon slí eile.

(4) I gcás a mbeartófar airgead a fháil ar iasacht faoin alt seo agus gan aon iontaobhaithe a bheith ann chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, ar an tsocraíocht faoinar tionónta saoil an t-iasachtaí nó faoina bhfuil cumhachtaí tionónta saoil faoi na hAchtanna sin aige, agus nach mó ná £100 luacháil inrátaithe na talún a chuimsítear sa tsocraíocht, féadfaidh an tAire Talmhaíochta beirt daoine oiriúnacha (seachas an t-iasachtaí) a ainmniú chun an t-airgead sin a ghlacadh agus air sin tiocfaidh na daoine a bheidh ainmnithe amhlaidh chun bheith agus beidh siad ina n-iontaobhaithe chun críocha na nAchtanna sin i leith na socraíochta sin maidir leis an airgead sin ach ní chun aon chríche eile ná in aon slí eile.

(5) I gcás a bhfaighfear airgead ar iasacht faoin alt seo féadfaidh an t-iasachtaí nó na hiontaobhaithe a bheidh ainmnithe faoi fho-alt (3) a chur de mhuirear ar an talamh go léir a chuimsítear sa tsocraíocht go n-aisíocfar leis an gCorparáid an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh agus an t-ús air, agus beidh éifeacht leis an muirear sin mar dhiúscairt faoi na Settled Land Acts, 1882 to 1890, agus, i gcás arb amhlaidh do na himthosca gur mhuirear tosaíochta an muirear sin dá mba faoi alt 39 (1) nó 42 (1) a dhéanfaí é, beidh an muirear sin ina mhuirear tosaíochta agus ina mhuirear buanfheabhsaithe agus bainfidh Caibidil 2 nó 3 (de réir mar is gá sa chás) den Chuid seo leis an muirear sin dá réir sin.

Muirir ag ionadaithe pearsanta.

[1947, a. 48; 1965, a. 7; 1973, a. 5.]

48. —Beidh ionadaí pearsanta duine éagtha i dteideal talamh an duine éagtha a mhorgáistiú nó a mhuirearú, trí mhuirear tosaíochta nó eile—

(a) dá urrú go n-aisíocfar leis an gCorparáid airleacan nó airleacain nach mó ná £25,000, mar aon le hús ar an gcéanna, a tugadh dó mar ionadaí pearsanta den sórt sin chun aon chríche a bhfuil teideal ag an gCorparáid airleacan a thabhairt chuici d'aon duine, nó

(b) dá urrú go n-íocfar leis an gCorparáid aon airgead a dhlífidh sí a íoc ar scór ráthaíochta go n-íocfadh an t-ionadaí pearsanta suim airgid nach mó ná £25,000 mar aon le hús uirthi is ráthaíocht a thug an Chorparáid i leith an ionadaí phearsanta mar ionadaí pearsanta den sórt sin chun aon chríche a bhfúil teideal ag an gCorparáid ráthaíocht a thabhairt chuici i leith aon duine,

agus measfar aon mhorgáiste nó muirear den sórt sin a bheith arna thabhairt nó arna dhéanamh i gcúrsa cuí agus chun eastát an duine éagtha a riaradh.

Díolacháin ag an gCorparáid faoi mhuirir thosaíochta.

[cf. 1947, a. 49.]

49. —(1) Aon uair a dhéanfaidh an Chorparáid, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí díola a thugtar di leis an Conveyancing Act, 1881, nó ar shlí eile mar úinéir cláraithe muirir thosaíochta ar thalamh cláraithe, an talamh go léir, nó aon chuid den talamh, a mbeidh an muirear tosaíochta cláraithe mar ualach air, a dhíol—

(a) beidh cumhacht na Corparáide talamh a dhíolfar amhlaidh a aistriú chun an cheannaitheora infheidhmithe ionann is dá mbeadh an talamh cláraithe le teideal iomlán, agus

(b) beidh an éifeacht chéanna leis an aistriú a bheadh leis dá mbeadh an talamh cláraithe amhlaidh.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an Chorparáid, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí díola a thugtar di leis an Conveyancing Act, 1881, nó ar shlí eile mar mhorgáistí faoi réim agus de bhua muirir thosaíochta ar thalamh neamhchláraithe, an talamh go léir nó aon chuid de a dhíol—

(a) beidh cumhacht na Corparáide talamh a dhíolfar amhlaidh a thíolacadh don cheannaitheoir infheidhmithe chun eastát agus leas uile an mhorgáisteora sa talamh a thíolacadh don cheannaitheoir,

(b) oibreoidh tíolacadh a dhéanfaidh an Chorparáid ar an talamh, i bhfeidhmiú a cumhachtaí mar mhorgáistí, chun eastát agus leas uile an mhorgáisteora sa talamh a thíolacadh don cheannaitheoir, agus

(c) beidh an éifeacht agus an fheidhm chéanna ag an tíolacadh a bheadh aige dá mbeadh ag an morgáisteoir, ar dháta na hionstraime muirir, teideal tairbhiúil chun an eastáit nó an leasa sa talamh a bunaíodh le haon chomhaontú nó gealltanas ceannaigh a rinne, nó a mheasfar a rinne, sé féin nó a réamhtheachtaithe i dteideal le Coimisiún na Talún maidir leis an talamh saor ó gach leas, eire agus éileamh ach amháin iad siúd a chosnaítear agus a eisctear le halt 42, ach faoi réir na gcoinníollacha go léir (cibé acu coinníollacha reachtúla iad nó coinníollacha in aon chomhaontú nó gealltanas ceannaigh) a chuaigh i gcion ar eastát nó ar leas an mhorgáisteora sa talamh díreach sular dhíol an Chorparáid é.

(3) An t-airgead ceannaigh a eascróidh as talamh faoi réir muirir thosaíochta a dhíol ag an gCorparáid i bhfeidhmiú a cumhachtaí díola (seachas díol le hordú nó ordachán ón gCúirt), déanfar, tar éis réamh-eirí, más ann, a urscaoileadh nach mbeidh an talamh á dhíol faoina réir agus nach mbeidh tosaíocht orthu tugtha don mhuirear tosaíochta sin leis an Acht seo, é a úsáid chun íoctha na príomhshuime airgid agus an úis a bheidh dlite ar urrús an mhuirir thosaíochta agus chun íoctha na gcostas, na dtáillí agus na gcaiteachas a bheidh tabhaithe go cuí ag an gCorparáid agus a ghabh le díol na talún nó le haon iarracht ar é a dhíol, agus íocfar iarmhéid an airgid cheannaigh leis an morgáisteoir nó le cibé duine nó daoine eile a bheidh údaraithe chun admhálacha a thabhairt ar an bhfáltas as díol na maoine muirearaithe, ar choinníoll i gcónaí go ndéanfaidh an Chorparáid, in aon chás a mbeidh amhras ann maidir leis an duine nó leis na daoine a bheidh i dteideal an t-iarmhéid a ghlacadh, an t-iarmhéid sin a íoc isteach sa Chúirt de bhun forálacha an Trustee Act, 1893, nó de bhun forálacha an Achta sin agus an County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877, de réir mar a bheidh.

(4) Más rud é, tar éis an t-airgead a bheidh urraithe le muirear tosaíochta a theacht chun bheith dlite, go dtionscnóidh an Chorparáid imeachtaí san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda chun a hurrús a réadú agus go bhfaighidh sí ordú nó foraithne chun an talamh muirearaithe nó aon chuid de a dhíol mura n-íocfar an méid a bheidh dlite don Chorparáid, féadfaidh an Chúirt, ar an gCorparáid á iarraidh sin—

(a) a ordú go ndíolfaidh an Chorparáid an talamh lasmuigh de Chúirt (agus cead ag an gCorparáid tairiscint a dhéanamh ag an díol sin) tráth ar bith tar éis deireadh na tréimhse a bheidh ceaptha chun a íoctha leis an ordú nó leis an bhforaithne (d'ainneoin gan aon chuntas ar fhiacha agus eirí, ná aon fhiosrú maidir le tosaíochtaí ná aon chuntas ná fiosrú eile a ordaíodh leis an ordú nó leis an bhforaithne a bheith déanta tráth an díola), agus

(b) an praghas forchoimeádta agus luach saothair an cheantálaí a shocrú, agus

(c) a ordú go ndéanfar iarmhéid an airgid cheannaigh a gheofar as an díol, tar éis na réamh-eirí go léir, más ann, nach mbeidh an talamh á dhíol faoina réir agus nach mbeidh tosaíocht orthu tugtha don mhuirear tosaíochta leis an Acht seo, agus an phríomhshuim airgid, an t-ús agus na costais a bheidh dlite don Chorparáid mar aon leis na costais agus na caiteachais a bhain agus a ghabh leis an díol a íoc agus a urscaoileadh as an gcéanna, a íoc isteach sa Chúirt chun creidmheas an agra.

(5) Féadfaidh an Chúirt ordachán faoi fho-alt (4) (c) a thabhairt in éagmais aon fhianaise go bhfuil gach páirtí nó aon pháirtí, ag a bhfuil leas sa talamh a ordaíodh a dhíol, os comhair na Cúirte nó faoi cheangal ag an ordú díola nó ag an bhforaithne dhíola agus ní mheasfar gur imeachtaí lasmuigh de Chúirt ar fad an díol.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'aon chumhachtaí chun talamh a athshealbhú a thugtar do Choimisiún na Talún leis na hAchtanna Talamh-Cheannaigh.

Coimisiún na Talún do dhíol talamh faoi réir muirir.

[1947, a. 50.]

50. —I gcás—

(a) Coimisiún na Talún do thairiscint talún chun a dhíola faoi aon chumhacht reachtúil chuige sin atá dílsithe dóibh, agus

(b) an talamh a bheith faoi réir muirir i bhfabhar na Corparáide chun aisíoc airgid a urrú, agus

(c) é bheith ráite san ionstraim muirir gur chun críocha buanfheabhsaithe agus chun na gcríocha sin amháin a airleacadh an t-airgead,

díolfar an talamh faoi réir an mhuirir i dteannta aon mhuirir, eire nó dliteanais eile nach foláir an talamh a dhíol faoina réir.

Muirir ag tionóntaí díshealbhaithe.

[1947, a. 51.]

51. —D'ainneoin alt 35 den Acht Talmhan, 1927

(a) beidh muirear tosaíochta nó muirear eile i bhfabhar na Corparáide a bhunaigh tionónta díshealbhaithe ar dháileacht talún a cheannaigh sé faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh ina mhuirear maith bailí ar an talamh, agus

(b) féadfaidh an Chorparáid an muirear a fheidhmiú trí aon phróis nó imeacht dlí.

Tagairtí in achtacháin eile do mhuirir bhuanfheabhsaithe a oiriúnú.

[1947, a. 52.]

52. —Déanfar gach tagairt in aon achtachán (seachas an tAcht seo) do mhuirear buanfheabhsaithe faoin Acht seo nó faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú mar thagairt do mhuirear ar thalamh i bhfabhar na Corparáide chun aon airgead a urrú a mbeidh sé sainráite san ionstraim muirir gur chun críocha buanfheabhsaithe a airleacadh é.

Díolúine ó dhleacht stampa agus ó tháillí.

[1965, a. 9.]

53. —(1) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim trína mbunófar nó a scaoilfear muirear nó morgáiste i bhfabhar na Corparáide nó trína ndéanfar ordú muirir faoi Chaibidil 5 den Chuid seo nó coinníoll faoina dtabharfaidh an Chorparáid airgead ar iasacht nó ar airleacan nó ráthaíocht, a athrú nó a leasú nó trína ndéanfar toiliú úinéir cláraithe na talún lena mbaineann an muirear, nó an duine atá ag áitiú na talún, nó toiliú ionadaí pearsanta an úinéara nó an duine sin a thabhairt leis an mbunú, leis an athrú nó leis an leasú sin.

(2) Ní mhuirearóidh ná ní fhorchuirfidh an t-údarás clárúcháin aon táille ná íocaíocht eile as muirear nó morgáiste a bunaíodh i bhfabhar na Corparáide a chlárú i gclár nó i gClárlann na nGníomhas ná as taifeadadh muirir nó morgáiste i bhfabhar na Corparáide i gclár nó i gClarlann na nGníomhas, de réir mar a bheidh, a chealú, ná as athrú nó leasú ar ordú muirir i bhfabhar na Corparáide a chlárú nó a nótáil ar dhóigh eile i gclár.

Caibidil 5

Orduithe Muirir

Airgead a airleacfaidh an Chorparáid a mhuirearú.

[cf. 1961, a. 9; 1965, a. 9.]

54. —(1) I gcás a mbeartóidh nó a ndearna an Chorparáid airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan d'aon duine acu seo a leanas nó a ráthóidh sí go n-íocfaidh duine den sórt sin airgead, is é sin—

(a) úinéir cláraithe talún, nó

(b) duine a bheidh ag áitiú talún cláraithe (seachas úinéir cláraithe na talún) chun aon chríche nó críocha acu seo a leanas—

(i) foirgnimh a thógáil, a athrú, a fheabhsú nó a dheisiú ar an talamh,

(ii) buanfheabhsuithe a dhéanamh ar an talamh a mheastar a mhéadóidh, nó a chabhróidh nó a urasóidh le méadú a thabhairt, ar tháirgiúlacht na talún,

(iii) aon chríoch eile a rachaidh, nó a bheartaítear a rachadh, chun tairbhe go buan nó san fhadtéarma don ghnó feirme a sheoltar ar an talamh,

(iv) costais agus caiteachais na hiasachta, an airleacain nó na ráthaíochta a íoc agus urrús a thabhairt go n-aisíocfar an iasacht nó an t-airleacan nó aon airgead a bheidh íoctha ar scór na ráthaíochta, de réir mar a bheidh,

(c) ionadaí pearsanta aon úinéara den sórt sin agus é ag feidhmiú cumhachta de bhun alt 48,

beidh éifeacht le forálacha an ailt seo.

(2) Féadfaidh an Chorparáid, faoi réir aon ordacháin ghinearálta a thabharfaidh an tAire ó am go ham, ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú muirir san alt seo) ag muirearú an airgid a thug nó a thabharfaidh an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan nó a dhlífidh an Chorparáid a íoc ar scór na ráthaíochta, de réir mar a bheidh, agus an úis is iníoctha de bhun téarmaí agus coinníollacha na hiasachta, an airleacain nó na ráthaíochta, ar an talamh nó ar aon talamh arb é duine a ráthaíonn aisíoc an airgid agus an úis a dúradh leis an gCorparáid a úinéir cláraithe.

(3) Oibreoidh ordú muirir faoin alt seo chun an t-airgead, agus an t-ús air, a mhuirearú ar an talamh lena mbaineann an t-ordú i bhfabhar na Corparáide—

(a) ar dháta agus ó dháta an ordaithe, nó

(b) ar an dáta agus ón dáta a dhéanfaidh an Chorparáid an t-airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan nó a íoc,

cibé dáta acu is déanaí.

(4) I gcás ordú muirir a bheith déanta faoin alt seo i ndáil le talamh, déanfar an t-ordú muirir agus an deimhniú talún (más ann) a eisíodh faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , agus a bhainfidh leis an talamh a tharchur chun an údaráis chlárúcháin agus déanfaidh an t-údarás clárúcháin an muirear a bhunófar leis an ordú muirir a chlárú mar ualach a théann i gcion ar an talamh sin.

(5) Ní dhéanfar ordú muirir faoin alt seo i ndáil le hiasacht, airleacan nó ráthaíocht a bheartóidh an Chorparáid a thabhairt, nó a thug sí, d'aon duine, nó i leith íocaíochtaí ó aon duine, gan toiliú an duine sin.

(6) Féadfar muirear a bhunú faoin alt seo chun airleacain san am le teacht a ráthú, i dteannta nó d'éagmais airleacan láithreach.

(7) Déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do dhuine ag áitiú talún a fhorléiriú, in aon chás ar duine a bhfuil an talamh ligthe chuige ar feadh aon téarma an duine atá ag áitiú na talún, mar thagairtí don duine a lig an talamh amhlaidh.

Eifeacht ordaithe muirir.

[1961, a. 9 (4).]

55. —Measfar gur morgáiste arna dhéanamh trí ghníomhas de réir bhrí na Conveyancing Acts, 1881 to 1911, muirear a bhunófar faoin gCaibidil seo, agus is í an Chorparáid an morgáistí chun críocha na nAchtanna sin agus, dá réir sin, beidh aici na cumhachtaí go léir a thugann na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí arna ndéanamh trí ghníomhas agus, maidir le muirear a bhunófar faoin gCaibidil seo, measfar, ar é a chlárú, gur muirear cláraithe é de réir bhrí an Achta um Chlárú Teidil, 1964 , agus, maidir leis an talamh lena mbainfidh an muirear, measfar, chun críocha alt 39, aisíoc mhéid an mhuirir agus íoc an úis a bheith muirearaithe air i bhfabhar na Corparáide ag úinéir cláraithe na talún sin.

Airgead is iníoctha ar scór muirir.

[1961, a. 9 (5) (6); 1965, a. 9.]

56. —(1) (a) An t-airgead go léir is iníoctha ar scór muirear a bunaíodh faoin gCaibidil seo i leith airgead a thug an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan d'úinéir cláraithe talún nó dá ionadaí pearsanta nó a d'íoc an Chorparáid ar scór ráthaíocht a thug an Chorparáid go n-íocfadh úinéir cláraithe talún nó a ionadaí pearsanta airgead, féadfar é a ghnóthú ón duine arb é úinéir cláraithe na talún a bheidh faoi réir an mhuirir é an tráth a thionscnófar imeachtaí chun an t-airgead is iníoctha ar scór an mhuirir a ghnóthú mar dhliteanas pearsanta de chuid an duine sin.

(b) Ní shaorfaidh aon ní san fho-alt seo aon duine eile ó dhliteanas maidir le haon airgead den sórt sin agus, amhail idir úinéirí cláraithe comhleanúnacha na talún a bheidh faoin muirear, beidh an t-airgead go léir a bheidh íoctha nó gnóthaithe ó úinéir cláraithe ar scór muirir, agus a dhligh duine ab úinéir cláraithe tráth é a íoc, inghnóthaithe ag an úinéir cláraithe a d'íoc é, nó ónar gnóthaíodh é, mar fhiach a bheidh dlite dó den úinéir cláraithe a rinne an mhainneachtain.

(2) (a) An t-airgead go léir is iníoctha ar scór muirear a bunaíodh faoin gCaibidil seo i leith airgead a thug an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan do dhuine agus é ag áitiú talún (seachas úinéir cláraithe na talún) nó a d'íoc an Chorparáid ar scór ráthaíocht a thug an Chorparáid go n-íocfadh duine a bhí ag áitiú talún (seachas úinéir cláraithe na talún) airgead, féadfar é a ghnóthú ón duine a bheidh ag áitiú (mar úinéir cláraithe nó ar shlí eile) na talún a bheidh faoi réir an mhuirir an tráth a thionscnófar imeachtaí chun an t-airgead is iníoctha ar scór an mhuirir a ghnóthú mar dhliteanas pearsanta de chuid an duine sin.

(b) Ní shaorfaidh aon ní san fho-alt seo aon duine eile ó dhliteanas maidir le haon airgead den sórt sin agus, amhail idir daoine go comhleanúnach ag áitiú (mar úinéirí cláraithe nó ar shlí eile) na talún a bheidh faoi réir an mhuirir, an t-airgead go léir a bheidh íoctha nó gnóthaithe ó dhuine agus é ag áitiú na talún ar scór muirir agus a dhligh duine a bhí ag áitiú na talún roimhe sin é a íoc, beidh sé inghnóthaithe ag an duine a d'íoc é, nó ónar gnóthaíodh é, mar fhiach a bheidh dlite dó den duine a rinne an mhainneachtain.

Coinníollacha a ghabhann le hordú muirir agus athrú ar ordú muirir.

[1961, a. 9 (7).]

57. —(1) I gcás a mbunófar muirear faoin gCaibidil seo i ndáil le hairgead a thabharfaidh an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan d'aon duine nó i ndáil le ráthaíocht a thabharfaidh an Chorparáid go n-íocfaidh aon duine airgead, beidh an iasacht, an t-airleacan nó an ráthaíocht faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha á fhoráil go n-íocfar ús, modh aisíoca an airgid a thug an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan nó aon airgid a d'íoc an Chorparáid ar scór ráthaíocht a thug an Chorparáid go n-íocfadh an duine airgead agus íoca an úis, ina thráthchodanna nó ar shlí eile, agus ag socrú an trátha chun aon airgead den sórt sin a aisíoc agus an t-ús a íoc) a chinnfidh an Chorparáid le toiliú an duine sin nuair a aontóidh an Chorparáid an iasacht nó an t-airleacan nó an ráthaíocht, de réir mar a bheidh, a thabhairt, agus féadfaidh an Chorparáid na coinníollacha a athrú nó a leasú ina dhiaidh sin i slí ar bith le toiliú an duine a dhlífidh an t-airgead a aisíoc, agus measfar gurb éard iad na coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha arna n-athrú nó arna leasú ina dhiaidh sin) cúnaint, agus oibreoidh siad mar chúnaint, a rinneadh idir an Chorparáid agus an duine a dhlífidh an t-airgead a aisíoc.

(2) Féadfaidh an Chorparáid, le toiliú an duine a dhlífidh an t-airgead lena mbainfidh ordú muirir a aisíoc, an t-ordú muirir a athrú nó a leasú.

(3) I gcás a ndéanfar ordú muirir a athrú nó a leasú faoin alt seo, déanfaidh an Chorparáid deimhniú faoina séala ina mbeidh sonraí i dtaobh an athraithe nó an leasaithe a tharchur chuig an údarás clárúcháin.

(4) Ar dheimhniú a airbheartóidh a bheith faoi shéala na Corparáide agus sonraí a bheith ann i dtaobh an athraithe nó an leasaithe a bheidh déanta faoin alt seo ar ordú muirir a tharchur chuig an údarás clárúcháin, déanfaidh an t-údarás clárúcháin an t-athrú nó an leasú a chlárú nó a nótáil ar shlí eile sa chlár ina mbeidh an muirear a bunaíodh leis an ordú muirir cláraithe.

Cealú muirir.

[1961, a. 9 (8).]

58. —I gcás a mbeidh an t-airgead go léir is iníoctha ar scór muirear a bunaíodh faoin gCaibidil seo aisíoctha leis an gCorparáid agus go n-iarrfaidh úinéir cláraithe na talún lena mbaineann an muirear nó an duine a bheidh ag áitiú na talún sin ar an gCorparáid an muirear a scaoileadh, déanfaidh an Chorparáid, air sin, deimhniú faoina séala á rá gur aisíocadh leis an gCorparáid an t-airgead go léir ab iníoctha ar scór an mhuirir a tharchur chuig an údarás clárúcháin, agus ar dheimhniú a airbheartóidh a bheith faoi shéala na Corparáide á rá gur aisíocadh leis an gCorparáid an t-airgead go léir ab iníoctha ar scór an mhuirir lena mbaineann sé a bheith tarchurtha chuig an údarás clárúcháin, déanfar taifead an mhuirir sa chlár ina mbeidh sé taifeadta a chealú.

CUID V

Comharchumainn Talmhaíochta

Comharchumann.

59. —Sa Chuid seo ciallaíonn “comharchumann” cumann atá cláraithe faoin Industrial and Provident Societies Act, 1893.

Rialacha Comharchumann.

[1929, a. 29.]

60. —Féadfaidh rialacha comharchumainn socrú a dhéanamh le haghaidh gach ní nó aon ní amháin nó níos mó díobh seo a leanas—

(a) an cumann do thabhairt airleacan airgid dá chomhaltaí ar urrús seachas urrús maoine réadaí nó maoine pearsanta, i gcás na hairleacain sin a thabhairt as airgead a d'airlic an Chorparáid chun an chumainn;

(b) an cumann do thabhairt ráthaíochtaí go n-aisíocfar airleacain agus go n-íocfar ús ar airleacain a thug an Chorparáid do chomhaltaí den chumann;

(c) an cumann do ghníomhú mar ghníomhaire don Chorparáid le linn airleacain a bheith á dtabhairt ag an gCorparáid do chomhaltaí den chumann.

Srianta le gníomhaíochtaí chomharchumainn a dhlíonn airgead don Chorparáid.

[1947, a. 15.]

61. —(1) Fad a bheidh aon chuid d'iasacht nó d'airleacan a thug an Chorparáid do chomharchumann (dá ngairtear an cumann féichiúnais san fho-alt seo) dlite don Chorparáid—

(a) ní thabharfaidh an cumann féichiúnais iasacht airgid ar ús d'aon duine seachas duine a bhféadfaidh an Chorparáid airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dó;

(b) ní thabharfaidh an cumann féichiúnais iasacht airgid ar ús d'aon chomhlacht corpraithe a bheidh, mar chuid shubstainteach dá ghnó, ag gabháil do mhiondíol aon earraí nach de tháirgeadh an chomhlachta chorpraithe sin ná (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí ná nach riachtanais táirgíochta nó margaíochta talmhaíochta, nó ag seoladh miondíola den sórt sin;

(c) ní bheidh an cumann féichiúnais féin ag gabháil do mhiondíol aon earraí nach de tháirgeadh an chumainn fhéichiúnais ná de tháirgeadh a chomhaltaí ná nach riachtanais táirgíochta nó margaíochta talmhaíochta, ná ní sheolfaidh sé miondíol den sórt sin, mar chuid shubstainteach dá ghnó;

(d) má sháraíonn an cumann féichiúnais mír (a), (b) nó (c), ansin (d'ainneoin aon chomhaontú contrártha dó sin) tiocfaidh an iasacht nó an t-airleacan go léir nó cibé cuid den chéanna a bheidh dlite don Chorparáid chun bheith dlite láithreach den chumann féichiúnais don Chorparáid agus iníoctha láithreach aige léi.

(2) Más rud é, i gcás na n-earraí a bheidh á ndíol ag comhlacht corpraithe, gur de tháirgeadh an chomhlachta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí formhór na n-earraí sin, féadfar a mheas, chun críocha fho-alt (1), gur táirgeadh amhlaidh aon earraí dá samhail a dhíolann an comhlacht corpraithe sin ó am go ham d'ainneoin gur daoine eile a tháirg iad agus gur cheannaigh an comhlacht corpraithe sin ó na daoine sin iad.

AN SCEIDEAL

achtacháin a aisghairtear

Alt 7.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 24 de 1927 .

An tAcht Cáirde Talmhaíochta, 1927 .

An tAcht go léir.

Uimh. 30 de 1929 .

An tAcht Cáirde Talmhaíochta, 1929 .

An tAcht go léir.

Uimh. 39 de 1934 .

An tAcht Comhar-Chumann Talmhaíochta (Debentiúirí), 1934 .

Alt 4 (1):

na focail “agus leis an toiliú sin ón Aire a luaidhtear san Acht so” agus “chaipitail”.

Alt 5.

Uimh. 14 de 1947 .

An tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1947 .

An tAcht go léir.

Uimh. 13 de 1961 .

An tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1961 .

An tAcht go léir.

Uimh. 12 de 1965 .

An tAcht Cairde Talmhaíochta, 1965 .

An tAcht go léir.

Uimh. 6 de 1969 .

An tAcht Cairde Talmhaíochta, 1969 .

An tAcht go léir.

Uimh. 3 de 1972 .

An tAcht Cairde Talmhaíochta, 1972 .

An tAcht go léir.

Uimh. 31 de 1973 .

An tAcht Cairde Talmhaíochta, 1973 .

An tAcht go léir.

Uimh. 17 de 1975 .

An tAcht Cairde Talmhaíochta, 1975 .

An tAcht go léir.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

NA hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1947

1947, Uimh. 14 .

Bills of Sale (Ireland) Act, 1879

1879, c. 50.

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33 .

Conveyancing Act, 1881

1881, c. 41.

County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877

1877, c. 56.

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926

1926, Uimh. 18 .

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940

1940, Uimh. 23 .

Industrial and Provident Societies Act, 1893

1893, c. 39.

Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857

1857, c. 60.

An tAcht Talmhan, 1927

1927, Uimh, 19.

An tAcht Talmhan, 1933

1933, Uimh. 38 .

Acht Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935

1935, Uimh. 16 .

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16 .

Settled Land Act, 1882

1882, c. 38.

Trustee Act, 1893

1893, c. 53.