3 1978


Uimhir 3 de 1978


AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 GO 1974.

[7 Márta, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1974 ;

ciallaíonn “an Chuideachta” Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 .

(2) Déanfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1974, agus an tAcht seo a fhorléiriú mar aon Acht amháin.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-acht (arna leasú le halt 2 d'Acht 1974) a fhorálann nach mó ná £25,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibscríobh faoin alt sin chun scaireanna sa Chuideachta a thógail agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £45,000,000 comhiomlán na suimeanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht agus ar alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 .

3. —Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht 1974 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £22,000,000 comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus faoi alt 2 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 .

Airleacain chun na Cuideachta ón Aire Airgeadais.

4. —Aisghairtear leis seo alt 4 d'Acht 1974 agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná £22,000,000 comhiomlán na n-airleacan faoi alt 4 (1) den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963 , agus na n-airleacan faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961 .

Luach saothar etc. phríomhoifigeach na Cuideachta.

5. —Íocfaidh an Chuideachta lena príomh-oifigeach cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chuideachta le ceadú an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1978, a ghairm de na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 go 1974, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959

1959, Uimh. 36 .

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961

1961, Uimh. 31 .

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1963

1963, Uimh. 27 .

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970

1970, Uimh. 9 .

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1974

1974, Uimh. 21 .