8 1978


Uimhir 8 de 1978


AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933 , AGUS AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1971 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [16 Bealtaine, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1971 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 .

Leasú ar alt 9 den Phríomh Acht.

2. —Déantar leis seo an t alt seo a leanas a chur in ionad alt 9 den Phríomh-Acht, arna leasú leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 , agus le hAcht 1971:

“9.—(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho alt seo agus fho-alt (5) den alt seo, ní dleathach, an lá ceaptha ná dá éis, do dhuine ar bith i gcúrsa gnó iompair mharsantais de bhóthar a bheidh á sheoladh aige marsantas a iompar in aon limistéar sa Stát mura sealbhaíonn an duine ceadúnas (dá ngairtear ceadúnas marsantais san Acht seo) a deonaíodh faoin Acht seo á údarú dó gnó iompair mharsantais de bhóthar a sheoladh sa limistéar sin agus gur faoi réim agus de réir an cheadúnais sin a sheoltar an gnó.

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo agus alt 124 den Acht Iompair, 1944 , féadfaidh duine a shealbhaíonn ceadúnas marsantais gnó iompair mharsantais de bhóthar a sheoladh nuair a bheidh earraí á n-iompar aige ar earraí iad nach mbeidh a n-iompar faoi réir aon srianadh nó teorainniú reachtúil faoin alt seo, bíodh nó ná bíodh pláta feithicle eisithe chuige i leith na feithicle ina mbeidh siad á n-iompar.

(2) (a) Gach duine a iompróidh marsantas contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear—

(i) i gcás arb é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná £250 a chur air, nó

(ii) i gcás arb é an dara cion nó cion dá éis sin aige é, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(b) Ní bhainfidh alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907, leis an dara cion ná le cion dá éis sin faoin alt seo.

(c) Aisghairtear leis seo alt 28 den Acht Iompair, 1958 .

(3) Deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire agus gur deimhniú é nár shealbhaigh duine sonraithe, lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh iomlán tréimhse sonraithe, ceadúnas marsantais á údarú dó gnó iompair mharsantais de bhóthar a sheoladh, is fianaise é, nó go gcruthófar a mhalairt, agus gan cruthúnas ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú ná gurbh oifigeach don Aire é, ar na hábhair a airbheartaítear a bheith deimhnithe sa deimhniú agus leis an deimhniú.

(4) I gcás a gcruthófar gur iompair duine marsantas i modh iompair mharsantais de bhóthar measfar, chun críocha an ailt seo, nó go gcruthófar a mhalairt, gur iompair an duine sin an marsantas i gcúrsa gnó iompair mharsantais de bhóthar a bhí á sheoladh aige.

(5) Ní bheidh feidhm ag na sriantachtaí ar iompar marsantais a fhorchuirtear leis an alt seo—

(a) i gcás an t iompar a dhéanamh i bhfeithicil nó i gcónasc feithiclí (lena n-áirítear leantóir nó leathleantóir) nach mó ná 2.5 tonna méadrach a meáchan neamhualaithe nó a bhfuil uasmheáchan ualaithe iomlán nach mó ná 6 thonna mhéadracha ceadaithe di,

(b) maidir le beithígh, caoirigh nó muca a iompar,

(c) sa tréimhse gach bliain dar tosach an lú lá de Lúnasa agus dar críoch an 30ú lá de Shamhain, maidir le cruithneacht, coirce nó eorna nua-bhainte a iompar ó fheirm go dtí ionad stórála, tiomsaithe nó próiseála.

(6) Chun críocha fho-alt (5) (a) den alt seo, measfar gurb ionann 2.5 tonna méadrach de mheáchan neamhualaithe agus 6 thonna mhéadracha d'uasmheáchan ualaithe iomlán ceadaithe.”.

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht, agus forálacha iarmhartacha.

3. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 14 den Phríomh-Acht, arna leasú le hAcht 1971:

“14.—(1) Gach ceadúnas marsantais a dheonófar de bhun iarratais—

(a) oibreoidh sé i slí go n údaróidh sé, agus déarfaidh sé go n-údaraíonn sé, don cheadúnaí faoin gceadúnas sin gnó iompair mharsantais de bhóthar a sheoladh i leith an mharsantais (nó an chineál marsantais) a bheidh sonraithe san iarratas sa limistéar nó sna limistéir a bheidh sonraithe san iarratas, le cibé uimhir feithiclí a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus sin faoi réir an Achta seo agus rialachán faoi agus faoi réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas;

(b) luafaidh sé stáisiún eisithe plátaí feithicle a mbeidh plátaí feithicle ar fáil ann lena n-eisiúint chuig an gceadúnaí, is é sin, an stáisiún a ndéarfar san iarratas gurb é an stáisiún é inar mhaith leis an gceadúnaí go mbeadh na plátaí feithicle ar fáil ann lena n-eisiúint chuige;

(c) más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) é, déarfaidh sé gur ceadúnas den sórt sin é.

(2) D'ainneoin aon ní san alt seo, oibreoidh gach ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) chun a údarú, agus déarfaidh sé go n-údaraíonn sé, don cheadúnaí faoin gceadúnas gnó iompair mharsantais de bhóthar a sheoladh ar fud an Stáit i leith aon mharsantais nó i leith aon chineál marsantais.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5) den alt seo agus, i gcás ceadúnais mharsantais (iompróir láithreach), faoi réir alt 8 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1978 , is í an uimhir feithiclí a mbeidh teideal ag ceadúnaí faoi cheadúnas marsantais gnó iompair mharsantais de bhóthar a sheoladh leo—

(a) más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas, an uimhir feithiclí a bhí sonraithe ar an gceadúnas an lú lá d'Eanáir, 1978, arna hiolrú ar shé;

(b) in aon chás eile, cibé uimhir feithiclí a shonróidh an tAire ó am go ham ar an gceadúnas agus ar den tuairisc iad a shonróidh sé amhlaidh.

(4) Ní mó ná 80 an uimhir feithiclí a bheidh aon cheadúnaí áirithe i dteideal a oibriú ag seoladh gnó iompair mharsantais de bhóthar (faoi cheadúnas amháin nó níos mó).

(5) A mhéid a bhaineann forálacha an ailt seo leis an uimhir feithiclí a fhéadfar a oibriú faoi cheadúnas marsantais, ní bhainfidh siad le ceadúnas marsantais arna eisiúint chun cuideachta údaraithe (iompar marsanstais).”.

(2) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith—

(i) tabharfaidh an tAire fógra do shealbhóir gach ceadúnais mharsantais (iompróir láithreach) faoin uimhir leasaithe feithiclí atá sé i dteideal a oibriú;

(ii) is leasú ar an gceadúnas iomchuí fógra faoin bhfo-alt seo;

(iii) déanfaidh an tAire sonraí gach ceadúnais mharsantais (iompróir láithreach) a leasú dá réir sin sa chlár de cheadúnais mharsantais a choimeádtar faoi alt 6 d'Acht 1971.

(3) Déanfaidh gach sealbhóir ceadúnais mharsantais (iompróir láithreach), a luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith. iarratas chun an Aire go ndéanfar an uimhir leasaithe a fhormhuiniú ar an gceadúnas agus géillfidh an tAire do gach iarratas den sórt sin a luaithe is féidir.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1971.

4. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 8 d'Acht 1971:

“8.—(1) (a) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó in Acht 1935, féadfaidh an tAire ceadúnas (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, ceadúnas fartha bóthair srianta) a dheonú maidir le feithicil do dhuine á údarú dó an fheithicil a úsáid chun críocha iompair mharsantais de bhóthar sa Stát, faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leis an Aire a fhorchur agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

(b) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheadaíonn do dhuine feithicil, a bhfuil ceadúnas fartha bóthair srianta deonaithe ina leith, a úsáid chun earraí a luchtaíodh isteach ar an bhfeithicil sin sa Stát a sheachadadh sa Stát.

(c) I gcás a gcomhlíonann feithicil ar eisíodh ceadúnas fartha bóthair srianta ina leith na coinníollacha a shonraítear in alt 7 (1) d'Acht 1935 (arna leasú le halt 29 den Acht Iompair, 1958 ), údaróidh an ceadúnas fartha bóthair srianta freisin don cheadúnaí an fheithicil a allmhairiú isteach sa Stát, agus bainfidh alt 7 (3) d'Acht 1935 le ceadúnas den sórt sin sa chás sin amhail is dá mba cheadúnas é faoi alt 7 d'Acht 1935.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go measfar gur ceadúnas fartha bóthair srianta ceadúnas nó aicme ceadúnas (mar a bheidh sonraithe san ordú) arna eisiúint ag údarás inniúil Stáit eile, ag eagras idirnáisiúnta nó ag duine nó comhlacht ag gníomhú thar ceann eagrais den sórt sin de bhun comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar ar páirtí ann an Stát, nó de bhun comhaontú, comhshocraíocht nó rún i ndáil leis an gcineál sin iompair ar páirtí ann an tAire, agus aon ordú den sórt sin a rinneadh sular ritheadh an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1978 , leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) Ní bhainfidh ailt 9 agus 34 den Phríomh-Acht (arna leasú nó arna leathnú) le duine a shealbhaíonn ceadúnas fartha bóthair srianta nó ceadúnas a meastar le hordú faoin alt seo gur ceadúnas fartha bóthair srianta é le linn don duine sin bheith ag gabháil d'iompar marsantais de bhóthar faoi réim agus de réir téarmaí an cheadúnais.

(4) Féadfaidh an tAire dá rogha féin táille ina mbeidh cibé méid a chinnfidh sé a ghearradh i leith ceadúnas fartha bóthair srianta nó ceadúnas a meastar le hordú faoin alt seo gur ceadúnas fartha bóthair srianta é, nó i leith ceadúnas nó aicme ceadúnas a d'eisigh an tAire nó an Roinn Turasóireachta agus Iompair de bhun comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar ar páirtí ann an Stát, nó de bhun comhaontú, comhshocraíocht nó rún i ndáil le hiompar den sórt sin ar páirtí ann an tAire.

(5) San alt seo ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1935 .”.

Orduithe ón Aire i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta, etc.

5. —(1) I gcás a gceanglaíonn comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar ar páirtí ann an Stát, nó comhaontú, comhshocraíocht nó rún i ndáil le hiompar den sórt sin ar páirtí ann an tAire, é, féadfaidh an tAire le hordú aon aicme shonraithe feithicle nó aon aicme iompair den sórt sin a dhíolmhú ó fhorálacha alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , ailt 9 agus 34 den Phríomh-Acht (arna leasú nó arna leathnú) agus ailt 6 agus 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 (arna leasú nó arna leathnú) nó ó aon cheann de na forálacha sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlgairm.

Tarlú de bhóthar a cheadúnú i limistéir nua.

6. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh, nach luaithe ná sé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith, mar dháta feidhme chun críocha an ailt seo, agus san alt seo ciallaíonn “an dáta feidhme” an lá a cheapfar amhlaidh.

(2) Scoirfidh alt 8 den Phríomh Acht d'éifeacht a bheith leis an dáta feidhme agus ón dáta sin amach.

(3) Gairfear limistéar nua de gach limistéar díobh seo a leanas—

(a) an limistéar laistigh de chiorcal dar ga fiche míle agus dar lárphointe an phríomh-phostoifig i gcathair Bhaile Átha Cliath;

(b) an limistéar laistigh de chiorcal dar ga fiche míle agus dar lárphointe an phríomh-phostoifig i gcathair Chorcaí;

(c) an limistéar laistigh de chiorcal dar ga cúig mhíle dhéag agus dar lárphointe an phríomh-phostoifig i gcathair Luimnigh;

(d) an limistéar laistigh de chiorcal dar ga cúig mhíle dhéag agus dar lárphointe an phríomh-phostoifig i gcathair Phort Láirge;

(e) an limistéar laistigh de chiorcal dar ga cúig mhíle dhéag agus dar lárphointe an phríomh-phostoifig i mbuirg na Gaillimhe.

(4) I gcás a ndéanfaidh duine, tar éis dáta an Achta seo a rith, iarratas de réir forálacha fho-alt (5) den alt seo ar cheadúnas marsantais a údaróidh don cheadúnaí gnó iompair mharsantais de bhóthar a sheoladh i limistéar nua le feithiclí seachas feithiclí lena mbaineann alt 9 (5) (a) den Phríomh-Acht agus go sealbhaíonn an duine deimhniú fartha bóthair faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar Marsantais de Bhóthar), 1977 (I.R. Uimh. 386 de 1977), deonóidh an tAire an ceadúnas d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht agus tosóidh ceadúnas a dheonófar amhlaidh d'fheidhm a bheith aige ar an dáta feidhme nó ar an dáta a dheonófar é (cibé acu is déanaí) agus gairfear ceadúnas marsantais (limistéar nua) de.

(5) (a) Is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh gach iarratas ar cheadúnas marsantais (limistéar nua);

(b) bainfidh ailt 11 (4) go 11 (6) den Phríomh Acht le hiarratas den sórt sin.

(6) Leasaítear leis seo alt 36 den Phríomh Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní dleathach, an lá ceaptha ná dá éis, d'aon duine comhaontú a dhéanamh chun duine ar bith eile d'iompar marsantais ar luaíocht i bhfeithicil inneallghluaiste mura ceadúnaí faoi cheadúnas marsantais an duine eile sin nó go mbeidh an t-iompar sin díolmhaithe ó fhorálacha alt 9 den Acht seo (arna leasú nó arna leathnú).”.

Forálacha a bhaineann le plátaí feithicle.

7. —(1) Deimhniú a airbheartaíonn a bheith arna shíniú ag Ard-Cheannfort den Gharda Síochána nó ag Ceannfort ag gníomhú thar a cheann á rá:—

(a) gur eisíodh pláta feithicle ar dháta sonraithe ó stáisiún eisiúna plátaí feithicle sonraithe chun duine sonraithe i leith feithicle sonraithe, nó

(b) nach raibh pláta feithicle arna eisiúint ar dháta sonraithe ná le linn tréimhse sonraithe chun duine shonraithe ó stáisiún eisiúna plátaí feithicle sonraithe i leith feithicle sonraithe ná ar dhóigh ar bith eile.

glacfar leis, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn an deimhniú a bheith sínithe aige nó gurbh Ard-Cheannfort nó Ceannfort den sórt sin é, i bhfianaise in aon imeachtaí dlí faoin bPríomh-Acht agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, glacfar leis mar fhianaise ar na fíorais a bheidh luaite sa deimhniú.

(2) Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

“(7) Gach pláta feithicle a eiseofar faoin alt seo is de cibé ábhar a bheidh forordaithe ag an Aire a bheidh sé déanta agus beidh sé de réir an phátrúin fhorordaithe agus beidh na marcanna forordaithe air.”

Foráil idirlinne i ndáil le ceadúnais mharsantais (iompróir láithreach).

8. —(1) Duine a shealbhaíonn breis agus ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) amháin agus atá údaraithe faoi alt 14 (3) den Phríomh-Acht, arna leasú leis an Acht seo, breis agus sé fheithicil a oibriú faoi aon cheann de na ceadúnais, féadfaidh sé a iarraidh ar an Aire líon iomlán na bhfeithiclí a bheidh údaraithe amhlaidh a athdháileadh ar na ceadúnais a bheidh á sealbhú amhlaidh ar dhóigh a bheidh sonraithe san iarratas agus géillfidh an tAire d'iarratas den sórt sin ach ní dhéanfaidh sé athdháileadh den sórt sin dá mba lú ná sé an líon feithiclí a bheadh údaraithe faoi aon cheann de na ceadúnais tar éis an athdháilte.

(2) Ní fhéadfar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh ach uair amháin maidir le ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) ar bith.

(3) Scoirfidh an t-alt seo d'éifeacht a bheith leis ar bhliain dar tosach dáta an Achta seo a rith a bheith caite.

Modhnú ar an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1956 .

9. —I gcás feithicil inneallghluaiste a fhruiliú (seachas faoi chomhaontú fruilcheannaigh de réir brí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960) agus go n-úsáidfear í le linn tréimhse an fhruilithe chun marsantas a iompar nó chun feithicil agus marsantas inti a tharraingt, measfar, d'ainneoin alt 2 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1956 , nach bhfuil gnó iompair mharsantais de bhóthar á sheoladh ag fruilitheoir na feithicle ná nach bhfuil marsantas á iompar aige i gcúrsa an ghnó sin más rud é—

(a) nach iompar ar luaíocht faoi alt 112 den Acht Iompair, 1944 , an t-iompar, agus

(b) go mbeidh an fheithicil fruilithe faoi chomhaontú le duine a shealbhaíonn ceadúnas marsantais agus go mbeidh ceanglais a bheidh ceadaithe ag an Aire sa chomhaontú.

Caiteachais.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus forléiriú.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Probation of Offenders Act, 1907

1907, c. 17.

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1932

1932, Uimh. 2 .

An tAcht um Iompar ar Bhóitre, 1933

1933, Uimh. 8 .

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1934

1934, Uimh. 17 .

An tAcht um Iompar ar Bhóitre, 1935

1935, Uimh. 23 .

An tAcht Iompair, 1944

1944, Uimh. 21 .

Na hAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1956

1956, Uimh. 13 .

An tAcht Iompair, 1958

1958, Uimh. 19 .

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1971

1971, Uimh. 8 .