13 1978


Uimhir 13 de 1978


AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (FEOIL) (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA MUC AGUS BAGÚIN, 1935 GO 1961, AGUS NA nACHTANNA TORA TALMHAÍOCHTA (FEOIL ÚR), 1930 GO 1938, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA hACHTANNA SIN.

[27 Meitheamh, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1930” an tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930 ;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta.

Rialacháin chun feoil úr a aicmiú.

2. —Leasaítear leis seo Acht 1930 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 26:

“26A.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin (dá ngairtear san Acht seo ‘rialacháin chun feoil úr a aicmiú’) a dhéanamh á cheangal, maidir le feoil úr ó chineál nó ó chineálacha ainmhithe, de réir mar a shonrófar sna rialacháin sin—

(a) go ndéanfar í a aicmiú de réir chórais chaighdeánacha fhorordaithe tuairisce, agus

(b) go gcuirfear marcanna forordaithe ar an bhfeoil sin chun a haicmiú a thaispeáint.

(2) Sonróidh rialacháin faoin alt seo na daoine nó na comhlachtaí ar a mbeidh an fhreagracht feoil a aicmiú nó marcanna forordaithe a chur ar fheoil agus an tslí a gcuirfear na marcanna sin uirthi.

(3) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú deimhniú chun críche an ailt seo agus á cheangal go mbeidh an deimhniú sin le comhlánú go cuí (lena n-áirítear é a shíniú) ag onnmhaireoir ceadúnaithe (nó ag a ghníomhaire) agus go ndéanfaidh onnmhaireoir ceadúnaithe (nó a ghníomhaire) deimhniú comhlánaithe den sórt sin a sheachadadh do dhíoltóir (nó do cibé duine eile a shonrófar amhlaidh) aon ainmhithe a ndearnadh feoil úr uathu a aicmiú faoin alt seo in áitreabh cláraithe an onnmhaireora cheadúnaithe.

(b) Aon duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh ceanglas de chuid rialachán faoin bhfo-alt seo a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 i gcás an chéad chiona agus fíneáil nach mó ná £300 i gcás an dara cion nó cion dá éis sin a chur air.”.

Leasú ar alt 40 (1) d'Acht 1930.

3. —Leasaítear leis seo alt 40 (1) d'Acht 1930 tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) má bhíonn, agus nuair a bheidh, rialacháin chun feoil úr a aicmiú i bhfeidhm, cuirfear ar fheoil úr lena mbainfidh na rialacháin sin, ar cibé slí a fhorordófar, cibé marcanna a fhorordófar agus”.

Leasú ar alt 6 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1956 .

4. —Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Muc agus Bagúin (Leasú), 1956 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) go (3):

“(1) Ní dhéanfar muca ar dhath seachas bán uile a úsáid chun críocha síolrúcháin ach amháin de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo.

(2) Ní dhéanfar muca ar dhath seachas bán uile a choimeád, a dhiúscairt (lena n-áirítear a ndíol) ná a fháil (lena n-áirítear a gceannach) ach amháin de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo.

(3) Gach duine a sháróidh an t-alt seo nó foráil i rialacháin faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air in aghaidh gach muc a ndearnadh an cion maidir léi.”.

Táillí is iníoctha ag ceadúnaithe.

5. —(1) Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 28 d'Acht 1935:

“28.—(1) Gach duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas íocfaidh sé i leith an cheadúnais, in aghaidh gach míosa ar shealbhaigh sé an ceadúnas lena linn (nó le linn aon choda di) leis an Aire táille (dá ngairtear san alt seo ‘táille leasaitheora bagúin’) a ríomhfar de réir ráta suime forordaithe in aghaidh gach muc a tíolacadh san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas i gcóir scrúdú tréidliachta faoin gCuid seo den Acht seo, i rith na míosa sin.

(2) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach míosa déanfaidh an tAire amach, maidir le gach duine a shealbhaigh ceadúnas le linn na míosa sin go léir nó le linn aon choda di, méid na táille leasaitheora bagúin is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na míosa sin i leith an cheadúnais sin.

(3) A luaithe a bheidh méid aon táille leasaitheora bagúin déanta amach faoin alt seo, déanfaidh an tAire deimhniú (dá ngairtear ‘deimhniú féichiúnais’ san alt seo) ag deimhniú na míosa ar ina haghaidh is iníoctha an táille, an duine ar iníoctha an táille aige agus an áitribh ar maidir leis is iníoctha an táille agus méid na táille.

(4) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise leordhóthanach, nó go suífear a mhalairt, ar na nithe go léir a airbheartaítear a bheith deimhnithe sa deimhniú, agus aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú féichiúnais é a eisíodh faoin alt seo, measfar, nó go suífear a mhalairt, nuair a thabharfar an doiciméad ar aird in aon imeachtaí chun an tsuim a ghnóthú a dheimhneoidh an doiciméad a bheith iníoctha, gur deimhniú féichiúnais é a eisíodh go cuí faoin alt seo agus glacfar i bhfianaise é dá réir sin.

(5) A luaithe is féidir tar éis deimhniú féichiúnais a eisiúint, seirbheálfar cóip den deimhniú ar an duine a ndeimhníonn an deimhniú go ndlíonn sé méid na táille leasaitheora bagúin a luaitear sa deimhniú a íoc agus, díreach ar an tseirbheáil a bheith déanta, tiocfaidh an méid sin chun bheith agus beidh sé iníoctha ag an duine sin leis an Aire agus, ar cheithre lá dhéag a bheith caite tar éis na seirbheála, féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) I gcás a mainneoidh nó a bhfailleoidh aon cheadúnaí an méid a dheimhneoidh deimhniú féichiúnais a bheith iníoctha aige a íoc laistigh de cheithre sheachtain tar éis cóip den deimhniú a sheirbheáil air, féadfaidh an tAire an ceadúnas a mbeidh an méid sin iníoctha ina leith a chúlghairm, ach ní fhuasclóidh an chúlghairm an ceadúnaí óna dhliteanas an méid sin a íoc.

(7) I gcás a mbeartófar rialacháin a dhéanamh i ndáil le haon suim dá dtagraítear san alt seo mar shuim fhorordaithe, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1978, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin le halt 28 d'Acht 1935 (arna leasú leis an Acht seo).

Táillí is iníoctha ar cheadúnais onnmhaireora.

6. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad alt 13 d'Acht 1930 agus an Sceidil a ghabhann leis an Acht sin, faoi seach:

“13.—(1) Íocfaidh an t-iarratasóir leis an Aire ar gach iarratas ar cheadúnas onnmhaireora suim £12.50 a thabharfar ar ais don iarratasóir má dhiúltaítear dá iarratas, agus is coinníoll a bheidh le comhlíonadh sula ndeonófar ceadúnas an tsuim sin a íoc, agus, ar an gceadúnas sin a dheonú, coimeádfaidh an tAire an tsuim sin.

(2) Gach duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh ceadúnas onnmhaireora íocfaidh sé leis an Aire, in aghaidh gach míosa ar shealbhaigh sé ceadúnas nó ceadúnais onnmhaireora lena linn nó le linn aon choda di—

(a) i gcás ar shealbhaigh an duine amhlaidh ceadúnas onnmhaireora amháin nó dhá cheadúnas den sórt sin nó níos mó ar i leith an tseamlais chláraithe chéanna a deonaíodh iad go léir, táille (dá ngairtear ‘táille mhíosúil onnmhaireora’ san Acht seo) a ríomhfar de réir na rialacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó

(b) i gcás ar shealbhaigh an duine amhlaidh dhá cheadúnas onnmhaireora nó níos mó agus nach i leith an tseamlais chláraithe chéanna a deonaíodh na ceadúnais go léir, táille (a fholaítear san abairt ‘táille mhíosúil onnmhaireora’ san Acht seo) a ríomhfar de réir na rialacha atá sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le gach seamlas cláraithe ar deonaíodh aon cheadúnas nó ceadúnais díobh sin ina leith.

(3) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach míosa déanfaidh an tAire amach, maidir le gach duine a shealbhaigh ceadúnas nó ceadúnais onnmhaireora le linn na míosa sin go léir nó le linn aon choda di, méid na táille míosúla onnmhaireora nó méid gach ceann de na táillí sin is iníoctha ag an duine sin in aghaidh na míosa sin.

(4) Agus a luaithe a bheidh méid aon táille míosúla onnmhaireora déanta amach faoin alt seo, eiseoidh an tAire deimhniú (dá ngairtear ‘deimhniú féichiúnais’ san alt seo) san fhoirm fhorordaithe ag deimhniú na míosa ar ina haghaidh is iníoctha an táille, an duine ar iníoctha an táille aige agus an tseamlais chláraithe ar maidir leis is iníoctha an táille, agus méid na táille.

(5) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise leordhóthanach, nó go suífear a mhalairt, ar na nithe go léir a airbheartaítear a bheith deimhnithe sa deimhniú agus aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú féichiúnais é a eisíodh faoin alt seo, measfar, nó go suífear a mhalairt, ar an deimhniú a thabhairt ar aird in aon meachtaí chun an tsuim a ghnóthú a dheimhnítear a bheith iníoctha, gur deimhniú féichiúnais é a eisíodh go cuí faoin alt seo agus glacfar i bhfianaise é dá réir sin.

(6) A luaithe is féidir tar éis deimhniú féichiúnais a eisiúint, seirbheálfar cóip den deimhniú ar an duine a ndeimhníonn an deimhniú go ndlíonn sé an táille a luaitear sa deimhniú a íoc agus, díreach ar an tseirbheáil a bheith déanta, tiocfaidh an méid sin chun bheith agus beidh sé iníoctha ag an duine sin leis an Aire agus, ar cheithre lá dhéag a bheith caite tar éis na seirbheála, féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) I gcás a mainneoidh nó a bhfailleoidh onnmhaireoir ceadúnaithe an méid a dheimhneoidh deimhniú féichiúnais a bheith iníoctha aige a íoc laistigh de cheithre sheachtain tar éis cóip den deimhniú a sheirbheáil air, féadfaidh an tAire an ceadúnas onnmhaireora nó na ceadúnais onnmhaireora go léir a chúlghairm a bheidh ag an duine sin i leith an tseamlais chláraithe ar i ndáil leis is iníoctha an méid sin, ach ní fhuasclóidh an chúlghairm an t-onnmhaireoir ceadúnaithe óna dhliteanas an méid sin a íoc.

(8) I gcás ceadúnas onnmhaireora a chúlghairm faoi fho-alt (7) den alt seo agus gurb é sealbhóir an cheadúnais dílseánach cláraithe an áitribh ar maidir leis a deonaíodh an ceadúnas, déanfar clárú an áitribh sin sa chlár nó sna cláir uile ina bhfuil an t-áitreabh sin cláraithe faoin Acht seo a chealú a luaithe is féidir tar éis na cúlghairme sin, agus ní chlárófar an t-áitreabh sin arís sa chlár sin ná in aon cheann de na cláir sin fad a bheidh an méid, nó aon chuid den méid, arb é a neamhíoc faoi deara an chúlghairm, gan íoc.

(9) I gcás a mbeartófar rialacháin a dhéanamh de bhun riail 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1978, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin le halt 13 d'Acht 1930 (arna leasú leis an Acht seo) agus leis an Sceideal a ghabhann le hAcht 1930 (arna leasú amhlaidh).

Ceadanna onnmhaireora.

7. —Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1930, a bhaineann le ceadanna onnmhaireora, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (4), (6) agus 7, faoi seach:

“(4) Íocfaidh sealbhóir gach ceada onnmhaireora, i leith an cheada sin ar dhul in éag don chead sin, táille (dá ngairtear an ‘táille cheada’ san alt seo) a ríomhfar tríd an tsuim iomchuí mar a mhínítear le riail 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a iolrú ar an líon ainmhithe a tíolacadh faoin gcead sin do scrúdaitheoir tréidliachta lena scrúdú le linn na tréimhse ar ina haghaidh a deonaíodh an cead sin.

(6) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise leordhóthanach, nó go suífear a mhalairt, ar na nithe go léir a airbheantaítear a bheith deimhnithe sa deimhniú agus aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú féichiúnais é a eisíodh faoin alt seo, measfar, nó go suífear a mhalairt, ar an deimhniú a thabhairt ar aird in aon imeachtaí chun an tsuim a ghnóthú a dheimhnítear a bheith iníoctha, gur deimhniú féichiúnais é a eisíodh go cuí faoin alt seo agus glacfar i bhfianaise é dá réir sin.

(7) A luaithe is féidir tar éis deimhniú féichiúnais a eisiúint, seirbhéalfar cóip den deimhniú ar an duine a ndeimhníonn an deimhniú go ndlíonn sé an táille a luaitear sa deimhniú a íoc agus, díreach ar an tseirbheáil a bheith déanta, tiocfaidh an méid sin chun bheith agus beidh sé iníoctha ag an duine sin leis an Aire agus, ar cheithre lá dhéag a bheith caite tar éis na seirbheála, féadfaidh an tAire é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.”.

Ceapadh agus cumhachtaí oifigeach coinneála.

8. —(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, cibé daoine agus cibé líon daoine a cheapadh ina n-oifigigh choinneála chun críocha na nAchtanna a mheasfaidh sé is gá agus a cheadóidh Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) Sealbhóidh oifigeach coinneála oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus gheobhaidh sé cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham tar éis comhairle a ghlacadh le Comhairle Tréidlianna na hÉireann—

(a) cinneadh a dhéanamh ar an oiliúint nach mór a bheith faighte ag oifigeach coinneála agus ar na cáilíochtaí nach mór a bheith aige;

(b) athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe chun oifigigh choinneála a cheapadh agus ar réim na ndualgas a bheidh ar na hoifigigh sin, agus déanfaidh sé an t-athbhreithniú sin má iarrann an Chomhairle air sin a dhéanamh.

(4) Beidh de dhualgas ar oifigeach coinneála cibé scrúdú, faoi mhaoirseacht scrúdaitheora tréidliachta, a dhéanamh ar chonablaigh nó ar ionathar atá de chumhacht ag scrúdaitheoir tréidliachta a dhéanamh faoi na hAchtanna, agus measfar, chun críocha na nAchtanna, gur scrúdú ag scrúdaitheoir tréidliachta aon scrúdú den sórt sin a dhéanfaidh oifigeach coinneála faoi mhaoirseacht den sórt sin.

(5) I gcás a mbeidh aon ní neamhghnách i gconablach nó in ionathar a scrúdaigh oifigeach coinneála, cuirfidh an t-oifigeach coinneála faoi deara an conablach nó an t-ionathar a choinneáil lena scrúdú ag scrúdaitheoir tréidliachta.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

(7) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(8) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” Cuid III d'Acht 1930 agus Cuid II d'Acht 1935;

ciallaíonn “scrúdaitheoir tréidliachta” duine is scrúdaitheoir tréidliachta chun críocha Acht 1930 nó Chuid II d'Acht 1935.

Caiteachais.

9. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

10. —Féadfar an tAcht Toradh Talmhaíochta (Feoil) (Forálacha Ilghnéitheacha), 1978 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Alt 6 (1).

“Na Rialacha chun Táillí Míosúla Onnmhaireora a Ríomh

1. Chun críocha an Sceidil seo—

(a) is í an tsuim iomchuí i leith ceadúnais onnmhaireora mairteola cibé suim a fhorordófar;

(b) is í an tsuim iomchuí i leith ceadúnais onnmhaireora muiceola cibé suim a fhorordófar;

(c) is í an tsuim iomchuí i leith ceadúnais onnmhaireora caoireola cibé suim a fhorordófar;

(d) is í an tsuim iomchuí i leith ceadúnais onnmhaireora feola capaill cibé suim a fhorordófar;

(e) is í an tusim iomchuí i leith ceadúnais onnmhaireora feola gabhair cibé suim a fhorordófar.

2. Chun críocha an Sceidil seo—

(a) is í an táille íosta, in aghaidh gach bliana dar tosach an lú lá d'Iúil, i leith ceadúnais onnmhaireora mairteola nó i leith ceadúnais onnmhaireora muiceola £50, agus i leith aon cheadúnais eile £25;

(b) is í an táille íosta thiomsaithe, in aghaidh gach bliana dar tosach an lú lá d'Iúil, i leith dhá cheadúnas nó níos mó i dteannta a chéile £75 i gcás a bhfuil ar áireamh na gceadúnas ceadúnas onnmhaireora mairteola nó ceadúnas onnmhaireora muiceola nó an dá cheadúnas sin, agus i ngach cás eile £50.

3. Maidir le gach seamlas cláraithe déanfar amach sa tslí fhorordaithe in aghaidh gach míosa—

(a) i ndáil le gach duine a shealbhaigh ceadúnas onnmhaireora amháin agus nár shealbhaigh ach ceadúnas onnmhaireora amháin i leith an tseamlais sin ar feadh na míosa sin go léir nó ar feadh aon choda di, an líon (dá ngairtear an ‘líon iomchuí’ sa Sceideal seo) ainmhithe a tíolacadh faoin gceadúnas sin do scrúdaitheoir tréidliachta lena scrúdú sa seamlas sin i rith na míosa sin, agus

(b) i ndáil le gach duine a shealbhaigh dhá cheadúnas onnmhaireora nó níos mó i leith an tseamlais sin ar feadh na míosa sin go léir nó ar feadh aon choda di, na líonta uile (a ngairtear an ‘líon iomchuí’ de gach líon díobh sa Sceideal seo) ainmhithe a tíolacadh faoi gach ceadúnas díobh sin faoi seach do scrúdaitheoir tréidliachta lena scrúdú sa seamlas sin i rith na míosa sin.

4. A luaithe a dhéanfar amach líon iomchuí faoi riail 3 den Sceideal seo, maidir le ceadúnas onnmhaireora, déanfar an tsuim iomchuí i leith an cheadúnais a iolrú ar an líon iomchuí agus, faoi réir riail 2 den Sceideal seo, is é toradh an iolraithe an táille mhíosúil onnmhaireora a bheidh iníoctha i leith an cheadúnais sin in aghaidh na míosa sin chun críocha alt 13 den Acht seo.”.


hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Ur), 1930

1930, Uimh. 10

An tAcht Muc agus Bagúin, 1935

1935, Uimh. 24

An tAcht Muc agus Bagúin (Leasú), 1956

1956, Uimh. 37