34 1978


Uimhir 34 de 1978


AN tACHT CÁNACH BREISLUACHA (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA CÁNACH BREISLUACHA, 1972 , AGUS NA nACHTANNA AG LEASÚ AN ACHTA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [20 Nollaig, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 .

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht trí—

(a) na mínithe ar “duine cuntasach”, “bunaithe”, “monaróir”. “déanamh” agus “conaí” a scriosadh;

(b) “‘foras’ a chur in ionad ‘buan-fhoras’”, agus

(c) na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“tá le ‘toradh talmhaíochta’ an bhrí a shanntar dó le halt 8;”,

“tá le ‘seirbhís talmhaíochta’ an bhrí a shanntar dó le halt 8;”,

“ciallaíonn ‘Comhphobal’ Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;”,

“tá le ‘feirmeoir’ an bhrí a shanntar dó le halt 8;”,

“tá le ‘breisiú cothrom-ráta’ an bhrí a shanntar dó le halt 12A;”,

“tá le ‘feirmeoir cothrom-ráta’ an bhrí a shanntar dó le halt 12A;”,

“tá le ‘soláthar', i ndáil le hearraí, an bhrí a shanntar dó le halt 3 agus, i ndáil le seirbhísí, an bhrí a shanntar dó le halt 5, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;”, agus

“tá le ‘duine inchánach’ an bhrí a shanntar dó le halt 8;”.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3. —Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ar sholáthar earraí agus seirbhísí a dhéanfaidh duine inchánach sa Stát ar chomaoin i gcúrsa nó ag bisiú aon ghnó a sheolann sé, agus”.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht—

(a) trí “San Acht seo ciallaíonn ‘soláthar', i ndáil le hearraí—” a chur i bhfo-alt (1) in ionad “San Acht seo folóidh ‘seachadadh ', maidir le hearraí, faoi réir fho-alt (1A)—”, agus trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (e) agus (f):

“(e) duine do bhaint úsáid (seachas trí dhiúscairt chuig duine eile), chun críocha aon ghnó a sheolann sé, as na hearraí, is earraí a d'fhorbair, a rinne, a chóimeáil, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain, a cheannaigh nó a d'allmhairigh sé nó a d'fhorbair, a rinne, a chóimeáil, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain, a cheannaigh nó a d'allmhairgh duine eile tar a cheann, ach amháin i gcás a mbeadh cáin ab inmhuirearaithe i ndáil leis an úsáid, dá muirearófaí í, inasbhainte go hiomlán faoi alt 12, agus

(f) duine inchánach do leithreasú na n-earraí chun aon chríche seachas críoch a ghnó nó do dhiúscairt na n-earraí saor ó tháille i gcás an cháin ab inmhuirearaithe i ndáil leis na hearraí—

(i) ar an duine inchánach dá bhfáil, má fuarthas amhlaidh iad, nó

(ii) ar iad a fhorbairt, a dhéanamh, a chóimeáil, a mhonarú, a tháirgeadh, a asbhaint, a allmhairiú nó a úsaid faoir mhír (e),

cibé acu é, a bheith inasbhainte go hiomlán nó go páirteach faoi alt 12,”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A):

“(1A) Aon ní is soláthar earraí de bhua mhír (e) nó (f) d'fho-alt (1) measfar, chun críocha an Achta seo, gur ar chomaoin a rinneadh é i gcúrsa nó ag bisiú an ghnó áirithe:

Ar choinníoll, áfach, nach measfar gur ar chomaoin a rinneadh na nithe seo a leanas, is é sin le rá:

(a) earraí a thabhairt de bhronntanas i gcúrsa nó ag bisiú an ghnó (seachas mar bhronntanas is cuid de shraith bronntanas nó de bhronntanais chomhleanúnacha don duine céanna) nach mó a gcostas ar an deontóir ná suim a bheidh sonraithe chun na críche sin i rialacháin,

(b) samplaí tionscail a thabhairt de bhronntanas, i gcainníocht réasúnach, don chustaiméir iarbhír nó ionchasach, i bhfoirm nach mbíonn ar fáil de ghnáth lena ndíol leis an bpobal.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(1B) Measfar, chun críocha an Achta seo, gur soláthar earraí agus nach soláthar seirbhísí leichtreachas, gás agus aon sórt cumhachta, teasa, cuisnithe nó aeraithe a chur ar fáil.”, agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Measfar chun críocha an Achta seo gurb ionann soláthar earraí ar ceant arb éard iad—

(i) beostoc, capaill, cúnna, glasraí, torthaí, bláthanna, éanlaith chlóis, uibheacha nó iasc, nó

(ii) earraí do-chorraithe a sholáthraítear i ndálaí nach inmhuirearaithe cáin,

agus na hearraí a sholáthar don cheantálaí agus go comhuaineach ag an gceantálaí.

(b) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb ionann na hearraí seo a sholáthar trí ghníomhaire eastáit nó trí ghníomhaire eile—

(i) beostoc, capaill nó cúnna, nó

(ii) earraí do-chorraithe a sholáthraítear i ndálaí nach inmhuirearaithe cáin,

agus na hearraí a sholáthar don ghníomhaire agus go comhuaineach ag an ngníomhaire.”.

Seirbhísí a sholáthar.

5. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 5 den Phríomh-Acht:

“5. (1) San Acht seo ciallaíonn ‘soláthar', i ndáil le seirbhís, aon gníomh a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh, nó glacadh le haon dáil seachas soláthar earraí agus seachas idirbheart a shonraítear in alt 3 (5).

(2) Maidir le bia agus deoch a sholáthar, de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal, i bhfoirm atá oiriúnach lena gcaitheamh ag daoine gan a thuilleadh ullmhúcháin—

(a) le meaisín díola,

(b) le linn óstán, bialann, caife, teach úrúcháin, ceaintín, bunaíocht atá ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól san áitreabh, gnó lónadóireachta nó gnó dá shamhail a bheith á oibriú, nó

(c) le linn aon ghnó eile a bheith á oibriú a bhfuil saoráidí ann i ndáil le seoladh an ghnó sin chun an bia nó an deoch a sholáthraítear a chaitheamh,

measfar, chun críocha an Achta seo, gur soláthar seirbhísí agus nach soláthar earraí an soláthar.

(3) Measfar, chun críocha an Achta seo, má fhoráiltear sin le rialacháin, agus de réir na rialachán sin, gur soláthar seirbhísí ag duine ar chomaoin i gcúrsa nó ag bisiú a ghnó aon ní díobh seo a leanas—

(a) earraí is cuid de shócmhainní a ghnó a úsáid chun críocha seachas críocha a ghnó,

(b) é do sholáthar seirbhísí chun a úsáide príobháidí nó pearsanta féin agus é do sholáthar seirbhísí saor ó tháille chun úsáide príobháidí nó pearsanta a fhoirne nó chun aon chríocha seachas críocha a ghnó,

(c) seirbhísí a sholáthar chun úsáide príobháidí nó pearsanta aige féin nó ag a fhoireann, a gcuireann sé ábhair nó saoráidí ar fáil lena soláthar nó a ndéanann sé ranníoc go hiomlán nó go páirteach i leith a gcostais,

(d) é do sholáthar seirbhisí, seachas na seirbhísí dá dtagraítear sna míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo, chun críocha a ghnó ach amháin i gcás a mbeadh cáin ar na seirbhísí sin, dá mbeadh sí inmhuirearaithe, inasbhainte go hiomlán faoi alt 12.

(4) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb ionann seirbhísí a sholáthar trí dhuine (dá ngairtear an gníomhaire san fho-alt seo) a dhéanann, cé go n-airbheartaíonn sé gníomhú thar a cheann féin, comhaontuithe ina ainm féin ach sin ar theagasc ó dhuine eile agus chun cuntais an duine eile, agus soláthar na seirbhísí don ghníomhaire agus go comhuaineach ag an ngníomhaire.

(5) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7), measfar, chun críocha an Achta seo, gurb í an áit a soláthraítear seirbhís an áit a bhfuil a bhunaíocht ag an duine a sholáthraíonn an tseirbhís nó (má tá níos mó ná bunaíocht amháin aige) an bhunaíocht dá chuid is mó a bhfuil baint aici leis an soláthar nó (mura bhfuil bunaíocht ar bith aige) a ghnáth-áit chónaithe.

(6)  (a) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb í an áit a soláthraítear seirbhísí a bhaineann le hearraí do-chorraithe, lena n-áirítear seirbhísí gníomhairí eastát, ailtirí agus gnólachtaí a sholáthraíonn maoirseacht ar an láthair i ndáil le hearraí den sórt sin, an áit a bhfuil na hearraí.

(b) Measfar, chun críocha an Achta seo, maidir le seirbhísí iompair, gur san áit a ndéantar an t-iompar a sholáthraítear iad.

(c) Measfar, chun críocha an Achta seo, maidir leis na seirbhísí seo a leanas, gur san áit a ndéantar iad go fisiciúil a sholáthraítear iad:

(i) seirbhísí cultúir, ealaíne, spóirt, eolaíochta, oideachais, siamsaíochta nó seirbhísí dá samhail,

(ii) gníomhaíochtaí cumhalda iompair ar nós luchtú, díluchtú agus láimhsiú,

(iii) earraí so-chorraithe a luacháil,

(iv) obair ar earraí so-chorraithe.

(d) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb í an áit a soláthraítear seirbhísí, arb éard iad fruiliú earraí so-chorraithe (seachas córacha iompair) a onnmhairíonn an duine óna bhfruilítear iad ó Bhallstát amháin de chuid an Chomhphobail chun a n-úsáide i mBallstát eile den sórt sin, áit na húsáide.

(e) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb í an áit a soláthraítear seirbhísí d'aon tuairisc dá sonraítear sa Cheathrú Sceideal—

(i) i gcás a bhfaighidh duine iad, seachas chun críche gnó, is duine ar lasmuigh den Chomhphobal atá a ghnáth-áit chónaithe, an áit a gcónaíonn sé de ghnáth,

(ii) i gcás a bhfaighidh duine iad nach bhfuil aon bhunaíocht aige sa tír a measfaí, mura mbeadh an fhomhír seo, gur inti a sholáthrófaí na seirbhísí agus go bhfaighidh sé amhlaidh iad chun críocha aon ghnó a sheolann sé, measfar gurb í an áit a bhfuil a bhunaíocht aige nó (má tá níos mó ná bunaíocht amháin aige) an bhunaíocht dá chuid ar inti is dírí, nó ar chun a críocha is dírí, a úsáidtear nó a úsáidfear na seirbhísí nó (mura bhfuil aon bhunaíocht aige in aon áit) an áit a gcónaíonn sé de ghnáth,

(iii) in aon chás eile, an áit a shonraítear i bhfo-alt (5) agus is iomchuí do na himthosca.

(7) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar, i ndáil le seirbhísí go ginearálta nó i ndáil le seirbhísí de thuairisc a shonrófar iontu, athrú ar na rialacha chun áit a soláthair a chinneadh, agus féadfar, chun na críche sin, cur leis an gCeathrú Sceideal nó é a athrú.

(8) Measfar, chun críocha an Achta seo, nach soláthar seirbhísí cáilmheas nó sócmhainní do-láimhsithe eile gnó a aistriú, i ndáil le haistriú an ghnó nó coda de, chuig duine inchánach eile.”.

Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2), (3), (7), (8) agus (9):

“(1) Aon duine a ghabhfaidh, ar bhealach seachas mar fhostaí do dhuine eile, d'earraí nó do sheirbhísí inchánach a sholáthar sa Stát i gcúrsa gnó, is duine inchánach eisean mar aon leis na daoine dá dtagraítear in alt 4 (5) agus i bhfo-ailt (2) agus (2A), agus beidh sé cuntasach sa cháin, agus dlífidh sé an cháin a íoc, a mhuirearófar i leith an tsoláthair sin.

(2) I gcás a measfar de bhua alt 5 (6) (e) (ii) gur sa Stát a soláthraíodh seirbhís inchánach a ndéileálfaí léi, ar leith ón bhforáil sin, mar sheirbhís a soláthraíodh thar lear, is duine inchánach, i ndáil leis an tseirbhís, an duine a gheobhaidh í agus dlífidh sé an cháin a mhuirearófar a íoc ionann is dá mba é féin a sholáthraigh an tseirbhís ar chomaoin i gcúrsa nó ag bisiú a ghnó.

(2A)  (a)  Féadfaidh an tAire, tar éis cibé comhchomhairliúchán is iomchuí leis, a fhoráil le hordú gur daoine inchánach an Stát agus gach údarás áitiúil i leith earnálacha sonraithe de sholáthairtí earraí nó seirbhísí a dhéanfaidh siad agus, dá réir sin, fad a bheidh aon ordú den sórt sin i bhfeidhm, ach ní ar aon slí eile, beidh an Stát agus gach údarás áitiúil cuntasach i gcáin, agus dlífidh siad cáin a íoc, i leith aon soláthairtí den sórt sin a rinne siad ionann is dá mba i gcúrsa gnó a rinneadh na soláthairtí.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a leasú nó a chúlghairm.

(c) Ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(3) Ní daoine inchánach na daoine seo a leanas mura roghnóidh siad a mhalairt agus ní hea ansin féin ach in imeacht na tréimhse a bheidh éifeacht leis an rogha sin—

(a) feirmeoir,

(b) duine arb é a bheidh go heisiatach in earraí nó seirbhísí inchánach a sholáthróidh sé—

(i) soláthairtí éisc (gan de phróiseáil déanta air ach glanadh, sailleadh agus cuisniú), a ghabh sé i gcúrsa gnó iascaireachta mara, do dhaoine inchánach agus do dhaoine lena mbaineann alt 13 (3),

(ii) soláthairtí innealra, gléasra nó trealaimh eile a d'úsáid sé i gcúrsa gnó iascaireachta mara, agus

(iii) soláthairtí earraí agus seirbhísí seachas iad siúd dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £3,000 in aon tréimhse arb é atá inti 6 thréimhse inchánach chomhleanúnacha,

(c) (i) faoi réir fhomhír (ii), duine nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £3,000 in aon tréimhse inchánach,

(ii) beidh feidhm ag fomhír (i) más rud é, agus amháin más rud é, gur ó sholáthar earraí inchánach a fhaightear cuid nach lú ná 90 faoin gcéad den chomaoin iomlán dá dtagraítear ansin ar earraí iad a d'allmhairigh an duine nó a sholáthraigh daoine inchánach eile dó nó, i gcás ar earraí iad de chineál is inchurtha faoi cháin de réir ráta nialas faoin gcéad, a sholáthraigh daoine seachas daoine inchánach dó agus gur ó sholáthar earraí agus seirbhísí is inchurtha faoi cháin de réir cheachtar de na rátaí a shonraítear de thuras na huaire i mír (a) nó (b) d'alt 11 (1) a fhaightear cuid nach lú ná 50 faoin gcéad den chomaoin sin;

(d) (i) faoi réir fhomhír (ii), duine nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £1,500 in aon tréimhse inchánach.

(ii) beidh feidhm ag fomhír (i) más rud é, agus amháin más rud é, nach lú ná 90 faoin gcéad den chomaoin iomlán dá dtagraítear inti an méid a fhaightear ó sholáthar earraí inchánach,

(e) duine, seachas duine lena mbaineann mír (a), (b), (c) nó (d), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £500 in aon tréimhse inchánach.

(7) I gcás aon earraí nó seirbhísí a bheith á gcur ar fáil ag club nó eagraíocht eile dá shamhail maidir le híocaíocht airgid ag aon duine dá chomhaltaí, ansin, chun críocha an Achta seo, measfar gurb ionann na hearraí nó na seirbhísí a chur ar fáil agus an club nó an eagraíocht eile do sholáthar na n-earraí nó na seirbhísí (de réir mar a bheidh) i gcúrsa nó ag bisiú gnó a sheolann sé nó sí agus measfar gur comaoin i leith an tsoláthair an t-airgead.

(8) Féadfar a fhoráil le rialacháin, más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil gníomhaíochtaí gnó beirt daoine inchánach nó níos mó chomh hidircheangailte sin go mbeadh sé fóirsteanach, ar mhaithe le riaradh éifeachtúil na cánach sin a dhéanamh, ansin, ar na daoine inchánach lena mbaineann dá iarraidh sin—

(a) go bhféadfar a mheas, chun críche an Achta seo, go bhfuil na gníomhaíochtaí sin á seoladh ag aon duine áirithe de na daoine agus áireofar, chun na gcríocha sin, gur idirbhearta ag an duine áirithe sin na hidirbhearta go léir ag na daoine sin nó eatarthu agus cinnfear dá réir sin na cearta agus na hoibleagáidí eile go léir faoin Acht seo, agus

(b) go bhféadfar gach duine den sórt sin a chur faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach déanamh de réir forálacha uile an Achta seo agus na rialachán (lena n-áirítear na forálacha á cheangal go n-íocfaí cáin) a bhaineann leis na daoine sin agus faoi réir na bpionós faoin Acht seo a mbeidís faoina réir dá mbeadh sé dlite de gach duine den sórt sin iomlán na cánach is inmhuirearaithe a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, ar leithligh ó rialacháin faoin bhfo-alt seo, i leith na ndaoine sin go léir.

(9) San Acht seo—

ciallaíonn ‘toradh talmhaíochta ', i ndáil le feirmeoir, earraí, seachas capaill bheo agus cúnna beo, a tháirgeann sé i gcúrsa gníomhaíochta de chuid Iarsoríbhinn A;

ciallaíonn ‘seirbhís talmhaíochta ', i ndáil le feirmeoir, aon seirbhís de chuid Iarscríbhinn B a sholáthraíonn sé ag úsáid a shaothair féin nó saothar a fhostaithe nó a dhéantar le hinnealra, gléasra nó trealamh eile a úsáidtear de ghnáth chun críocha gníomhaíochta de chuid Iarscríbhinn A a sheolann sé;

ciallaíonn ‘gníomhaíocht de chuid Iarscríbhinn A’ aon ghníomhaíocht de thuairisc a shonraítear in Iarscríbhinn A (atá leagtha amach i gCuid I den Chúigiú Sceideal) a ghabhann le Treoir Uimh. 77/388/CEE ón gComhairle, 17 Bealtaine, 1977 (IO Uimh. L145/1 13.6.1977);

ciallaíonn ‘seirbhís de chuid Iarscríbhinn B’ aon seirbhís de thuairisc a shonraítear in Iarscrbhinn B (atá leagtha amach i gCuid II den Chúigiú Sceideal) den Treoir sin ón gComhairle;

ciallaíonn ‘feirmeoir’ duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht amháin ar a laghad de chuid Iarscríbhinn A agus arb é atá go heisiatach ina sholáthairtí earraí agus seirbhísí inchánach i gcúrsa gnó—

(a) soláthairtí toradh talmhaíochta,

(b) soláthairtí seirbhísí talmhaíochta,

(c) soláthairtí innealra, gléasra nó trealaimh eile a d'úsáid sé chun críocha gníomhaíochta de chuid Iarscríbhinn A, agus

(d) soláthairtí earraí agus seirbhísí, seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £3,000 in aon tréimhse arb é atá inti sé thréimhse inchánach chomhleanúnacha.”.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

7. —Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim clár a bhunú agus a chothabháil de dhaoine a d'fhéadfadh teacht chun bheith, nó atá, ina ndaoine inchánach.”.

An méid ar ar inmhuirearaithe cáin.

8. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 10 den Phríomh-Acht:

“10. (1) Faoi réir an ailt seo, is é an méid ar a mbeidh cáin inmhuirearaithe de bhua alt 2 (1) (a) an chomhaoin iomlán a dtiocfaidh an duine a sholáthraonn earraí nó seirbhísí chun bheith i dteideal í a fháil maidir nó i ndáil leis an soláthar sin earraí nó seirbhísí, lena n-áirítear gach uile cháin, coimisiún, costas agus muirear ar bith, ach gan cáin bhreisluacha a áireamh is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair.

(2) Murab é a bheidh sa chomaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó murab é a bheidh ann go hiomlán, suim airgid, is é an méid ar ar inmhuirearaithe cáin méid iomlán an airgid a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnach a mhuirearófaí dá mba é a bhí go huile sa chomaoin suim airgid is comhionann leis an margadh-phraghas oscailte:

Ar choinníoll nuair a bheidh an méid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin mar a dúradh á ríomh go bhféadfar asbhaint a dhéanamh don mhargadh-phraghas oscailte ar earraí réchaite so-chorraithe a thabharfar mar mhalairt nó mar pháirt-mhalairt ar earraí, nua nó réchaite, den chineál céanna.

(3)  (a) Más rud é ar aon chúis nach cúis ghnó gur lú an chomaoin iarbhír i ndáil le soláthar aon earraí nó seirbhísí ná an chomaoin a bhféadfaí bheith ag súil leis go réasúnach a gheofaí dá mba é a bhí sa chomaoin méid ba chomhionann leis an margadhphraghas oscailte nó más rud é nach bhfuil comaoin ar bith ann, is é an méid ar ar inmhuirearaithe cáin an margadh-phraghas oscailte.

(b) Más mó an chomaoin a fuarthas iarbhír i ndáil le soláthar aon earraí nó seirbhísí ná an méid a bhí an duine a bhí ag soláthar na n-earraí nó na seirbhísí i dteideal a fháil, is é an méid ar ar inmhuirearaithe cáin an méid a fuarthas iarbhír, ach gan cáin is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair a áireamh.

(c) Más rud é, i gcás nach dtagann faoi réim mhír (a), gur lú an chomaoin a fuarthas iarbhír i ndáil le soláthar aon earraí nó seirbhísí ná an méid ar ar inmhuirearaithe cáin nó nach bhfuarthas aon chomaoin ina leith iarbhír, féadfar cibé faoiseamh dá bhforáiltear le rialacháin a thabhairt trí aisíocaíocht nó eile i leith an easnaimh.

(4) Is é an méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí dá dtagraítear i mír (d) (ii), (e) nó (f) d'alt 3 (1) nó soláthar seirbhísí de bhua rialacháin a rinneadh chun críocha alt 5 (3) an costas, gan cáin a áireamh, a thit ar an duine ag soláthar na n-earraí nó an costas, gan cáin a áireamh, a bhain le soláthar na seirbhísí, cibé acu é.

(5) Is é an méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le seirbhísí a bhfuil an faighteoir, de bhua alt 8 (2), faoi dhliteanas maidir leis an gcáin ina leith, an chomaoin ar ar soláthraíodh na seirbhísí dó iarbhír.

(6) I gcás a ndeonófar ar chomaoin aon cheart chun earraí nó seirbhísí a fháil ar shuim a bheidh luaite ar aon airíocht, stampa, cúpón nó dearbhán, déanfar neamhshuim den chomaoin chun críocha an Achta seo ach amháin a mhéid (más aon mhéid é) is mó í ná an tsuim sin.

(7) Féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin chun an méid a chinneadh ar a mbeidh cáin inmhuirearaithe i ndáil le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) soláthairtí earraí agus seirbhísí lena mbaineann ordú faoi alt 8 (2A),

(b) soláthairtí stampaí, cúpón, airíochtaí nó dearbhán nuair a sholáthraítear iad mar ábhair i gcaingean (nach stampaí, cúpóin, airíochtaí ná dearbháin a shonraítear i bhfo-alt (6)),

(c) soláthairtí earraí nó seirbhísí mar mhalairt go hiomlán nó go páirteach ar stampaí, cúpóin, airíochtaí nó dearbháin de chineál a shonraítear i bhfo-alt (6) nó i mír (b),

(d) soláthairtí a measfar, de bhun fho-alt (3) nó (4) d'alt 3, gur daoine a bheidh luaite iontu na daoine dá ndéanfar agus a dhéanfaidh iad, agus féadfaidh na rialacháin sin a fhoráil, i gcás soláthairtí dá dtagraítear i mír (b), gur nialas an tsuim ar a mbeidh cáin inmhuirearaithe.

(8) (a) I gcás ar mó luach earraí so-chorraithe (nach earraí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal) a cuireadh ar fáil, faoi chomhaontú chun seirbhísí a sholáthar ná dhá thrian den chomaoin iomlán faoin gcomhaontú chun na hearraí sin a chur ar fáil agus na seirbhísí sin a sholáthar, seachas seirbhísí iompair i ndáil leo, measfar gur i leith soláthar na n-earraí sin amháin a bheidh an chomaoin inchurtha agus muirearófar cáin de réir an ráta nó na rátaí iomchuí a shonraítear in alt 11 ar fhoras aon chionroinnt den chomaoin iomlán sin a dhéanfar de réir mhír (b).

(b) I gcás ina ndéanfar earraí de chineálacha éagsúla a chur ar fáil faoi chomhaontú den chineál dá dtagraítear i mír (a), déanfar méid na comaoine is inchurtha i leith soláthar earraí de gach cineál a fhionnadh chun críocha na míre sin tríd an gcomaoin iomlán a chionroinnt i gcomhréir le luach na n-earraí de gach cineál a cuireadh ar fáil.

(c) Bainfidh an fo-alt seo freisin le comhaontú chun earraí do-chorraithe a sholáthar agus, dá réir sin, measfar go bhfolaíonn na tagairtí i míreanna (a) agus (b) do chomhaontú chun seirbhísí a sholáthar tagairt do chomhaontú den sórt sin.

(9) (a) Ar earraí do-chorraithe a sholáthar agus ar sheirbhísí a sholáthar arb éard iad earraí do-chorraithe a fhorbairt, beidh luach aon leasa sna hearraí a diúscraíodh i ndáil leis an soláthar ar áireamh sa chomaoin.

(b) Is é a bheidh i luach aon leasa in earraí do-chorraithe margadh-phraghas oscailte an leasa sin.

(10) San alt seo—

déanfar ‘leas', i ndáil le hearraí do-chorraithe, agus ‘diúscairt', i ndáil le haon leas den sórt sin, a fhorléiriú de réir alt 4 (1);

ciallaíonn ‘an margadh-phraghas oscailte', i ndáil le soláthar aon earraí nó seirbhísí, an praghas, gan cáin a áireamh, a mbeifí ag súil leis go réasúnach a gheofaí nó a mbeifí ag súil leis go réasúnach a mhuirearófaí i leith na seirbhísí dá ndéanfaí iad a dhíol sa mhargadh oscailte tráth an teagmhais atá i gceist.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2), (3) agus (4A):

“(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar cáin a mhuirearú de réir cibé ceann de na rátaí seo a leanas is iomchuí in aon chás áirithe—

(a) 10 faoin gcéad den méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal nó le soláthar seirbhísí de chineál a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin,

(b) nialas faoin gcéad den méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar aon earraí sna himthosca a shonraítear i mír (i) den Dara Sceideal nó le soláthar earraí de chineál a shonraítear i míreanna (v) (a) agus (b), (vii), (viii), (x), (xii) go (xv) agus (xvii) go (xx) den Sceideal sin nó le soláthar seirbhísí de chineál a shonraítear sa Sceideal sin, agus

(c) 20 faoin gcéad den méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar aon earraí nó seirbhísí eile.

(2) (a) I ndáil le soláthar beostoic, beidh cáin inmhuirearaithe de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) ar 10 faoin gcéad den méid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin agus de réir ráta nialas faoin gcéad ar iarmhéid an mhéid iomláin sin.

(b) Ar earraí do-chorraithe a sholáthar agus ar sheirbhísí a sholáthar arb éard iad earraí do-chorraithe a fhorbairt, nó ar na hearraí sin a chothabháil agus a dheisiú, lena n-áirítear daingneáin a shuiteáil, mura mó luach earraí so-chorraithe (más ann) a cuireadh ar fáil de bhun an chomhaontaithe chun aon soláthar den sórt sin a dhéanamh ná dhá thrian den méid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin i leith an chomhaontaithe, beidh cáin inmhuirearaithe de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) ar 30 faoin gcéad den méid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin agus de réir ráta nialas faoin gcéad ar iarmhéid an mhéid iomláin sin.

(3) Faoi réir alt 10 (8), i gcás—

(a) a ndéanfar soláthairtí de chineálacha éagsúla ar chomaoin in airgead is inchurtha i leith na soláthairtí go léir agus nach inchurtha ar leithligh i leith na gcineálacha éagsúla soláthairtí, agus

(b) a mbeidh feidhm ag ceachtar den dá fhomhír seo a leanas nó acu araon, is é sin le rá—

(i) mura mbeadh an fo-alt seo, nach mbeadh cáin inmhuirearaithe i leith ceann amháin nó níos mó de na soláthairtí (ach ní ina leith go léir),

(ii) mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh (ar leith ó fho-alt (2)) cáin le muirearú de réir dhá cheann nó níos mó de na rátaí a shonraítear i bhfo-alt (1) i leith na soláthairtí,

ansin, mura bhforáiltear le rialacháin go gcionroinnfear an chomaoin—

(c) i gcás feidhm a bheith ag fomhír (i) (ach gan a bheith ag fomhír (ii)) de mhír (b), beidh cáin inmhuirearaithe i leith na soláthairtí go léir de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) is iomchuí don soláthar earraí nó seirbhísí inchánach atá ar áireamh na soláthairtí,

(d) i gcás feidhm a bheith ag fomhír (ii) de mhír (b) (cibé acu ina haonar nó i dteannta fhomhír (i) den mhír sin), beidh cáin inmhuirearaithe i leith na soláthairtí go léir de réir an ráta is airde a shonraítear i bhfo-alt (1) is iomchuí do sholáthar aon earraí nó seirbhísí inchánach atá ar áireamh na soláthairtí:

Ar choinníoll, má bhíonn earraí—

(I) inchurtha faoi cháin de réir rátaí éagsúla,

(II) pacáistithe lena ndíol mar aonad, agus

(III) á dtairiscint lena ndíol ar chomaoin in airgead is inchurtha i leith an phacáiste go hiomlán agus nach inchurtha i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ar áireamh ann,

nach gcuirfear i gcuntas chun críche na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo go bhfuil ar áireamh sa phacáiste earraí is inmhuirearaithe de réir ráta áirithe i gcás nach mó luach cáin-eisiata iomlán na n-earraí sin ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháin-eisiata iomlán i leith an phacáiste nó 5 phingin, cibé acu is lú, agus, in aon chás den sórt sin, déanfar an ráta cánach is inmhuirearaithe i ndáil leis an bpacáiste a chinneadh faoi threoir na n-earraí eile atá ar áireamh ann.

(4A) I gcás—

(a) duine d'úsáid earraí de chineál a shonraítear i mír (xii) den Dara Sceideal le linn dó a bheith ag soláthar seirbhísí inchánach, agus

(b) gurb é an duine dá soláthraítear na seirbhísí a chuirfidh. nó gur thar a cheann a chuirfear, na hearraí ar fáil.

dlífear ina leith sin den duine a sholáthraíonn na seirbhísí inchánach, i dteannta aon dliteanas eile a chuirtear air faoin Acht seo, cáin a íoc ar luach na n-earraí a úsáideadh amhlaidh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a).”.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

10. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (3):

“(1) Le linn an méid cánach is iníoctha ag duine inchánach i leith tréimhse inchánach a bheith á ríomh féadfar iad seo a leanas a asbhaint—

(a) an cháin a muirearaíodh air i gcaitheamh na tréimhse ag daoine inchánach eile trí shonraisc, arna n-ullmhú ar an modh a fhorordaítear le rialacháin, i leith earraí nó seirbhísí a soláthraíodh dó,

(b) an cháin a d'íoc sé i gcaitheamh na tréimhse, nó ab iníoctha aige i ndáil leis an tréimhse, i leith earraí a d'allmhairigh sé,

(c) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse i leith earraí a úsáideadh chun críocha a ghnó agus a áiríodh mar earraí a soláthraíodh de réir alt 3 (1) (e),

(d) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse i leith seirbhísí a thug sé chun críocha a ghnó agus a áiríodh mar sheirbhísí a sholáthraigh sé ar chomaoin i gcúrsa nó ag bisiú a ghnó de réir alt 5 (3) (d),

(e) an cháin ab inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse, is cáin a dhlíonn sé a íoc de bhua alt 8 (2), i leith seirbhísí a fuair sé, agus

(f) cáin a muirearaíodh air i gcaitheamh na tréimhse trí shonraisc arna n-ullmhú ar an modh a fhorordaítear le rialacháin agus arna n-eisiúint chuige de réir alt 12A.

(3) (a) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), ní dhéanfar cáin a asbhaint faoin bhfo-alt sin má bhaineann, agus a mhéid a bhaineann, an cháin leis na nithe seo a leanas—

(i) bia nó deoch, nó cóiríocht nó seirbhísí pearsanta eile, a chur ar fáil don duine inchánach, dá ghníomhairí nó dá fhostaithe, ach amháin a mhéid, más aon mhéid é, is soláthar seirbhísí a bhfuil sé cuntasach i gcáin ina leith an cur ar fáil sin,

(ii) caiteachais fhialachta a thabhaigh an duine inchánach, a ghníomhairí nó a fhostaithe,

(iii) mótarfheithiclí a fháil (lena n-áirítear iad a fhruiliú) ar mhodh seachas mar stoc trádála nó chun críocha gnó arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach mótarfheithiclí a fhruiliú nó iad a úsáid, i ngnó scoile tiomána, chun teagasc tiomána a thabhairt,

(iv) peitreal a cheannach ar mhodh seachas mar stoc trádála, nó

(v) earraí nó seirbhísí a úsáideann an duine inchánach chun críocha gníomhaíochta díolmhaithe (cibé acu is sa Stát nó in áit eile a sheoltar í) nó chun críocha seachas críocha a ghnó,

ach ní oibreoidh fomhír (v) chun asbhaint cánach a chosc má bhaineann, agus a mhéid a bhaineann, an cháin le hearraí agus le seirbhísí a úsáidtear chun críocha aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(I) paisinéirí, mar aon leis an mbagáiste atá ina dteannta, a iompar lasmuigh den Stát,

(II) seirbhísí a shonraítear i mír (i), (xi) nó (xii) den Chéad Sceideal, agus seirbhísí gníomhhaireachta ina leith sin, arna soláthar lasmuigh den Chomhphobal, agus

(III) seirbhísí árachais agus creidmheas a chur ar fáil, agus seirbhísí gníomhaireachta ina leith sin, a bhaineann go díreach le honnmhairiú earraí go dtí áit lasmuigh den Chomhphobal.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn ‘mótarfheithiclí ' mótarfheithiclí atá deartha agus déanta chun daoine a iompar de bhóthar agus mótarfheithiclí spóirt, carranna eastáit, vaigíní stáisiúin, gluaisrothair, mótar-scútair, móipéid agus uathrothair, cibé acu atá nó nach bhfuil siad deartha agus déanta chun na críche réamhráite, gan feithiclí a áireamh atá deartha agus déanta chun níos mó ná 16 duine (agus an tiománaí san áireamh) a iompar, carráistí easláin agus feithiclí eile atá ceaptha lena n-úsáid ag easláin nó ag daoine éiglí.”.

Forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta.

11. —Cuirfear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 12 den Phríomh-Acht:

“12A. (1) I gcás a soláthróidh feirmeoir cothrom-ráta toradh talmhaíochta nó seirbhís talmhaíochta do dhuine, eiseoidh an feirmeoir, faoi réir alt 17 (2), sonrasc don duine ag taispeáint na comaoine (gan an breisiú cothrom-ráta a áireamh) i leith an tsoláthair agus méid (dá ngairtear ‘breisiú cothrom-ráta’ san Acht seo) is ionann agus 1 faoin gcéad den chomaoin sin (gan an breisiú sin a áireamh), agus beidh an duine, más duine inchánach é, i dteideal an breisiú cothrom-ráta a áireamh mar cháin is inasbhainte faoi alt 12 faoi réir, áfach, aon sriantachtaí a fhorchuirtear le fo-alt (3) nó (4) den alt sin nó faoi.

(2) San Acht seo ciallaíonn ‘feirmeoir cothrom-ráta’ feirmeoir nach duine inchánach.”.

Loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.

12. —Cuirfear an t-alt seo a leanas isteach i ndiaidh alt 12A (a chuirtear isteach leis an Acht seo) den Phríomh-Acht:

“13. (1) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonrófar sna rialacháin nó a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, an cháin is inmhuirearaithe i leith an tsoláthair earraí, nó i leith soláthar cibé earraí a shonrófar sna rialacháin, a loghadh nó a aisíoc i gcásanna inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) gur onnmhairíodh nó go n-onnmhaireofar na hearraí,

(b) gur loingsíodh na hearraí ar bord aerárthaigh nó loinge a bhí ar aistear go dtí áit lasmuigh den Stát,

(c) gur soitheach iascaireachta, nó gur earraí atá le húsáid i soitheach iascaireachta, a úsáidtear nó a úsáidfear le haghaidh iascaireachta mara tráchtála na hearraí.

(2) Féadfar socrú a dhéanamh le rialacháin go loghfar nó go n-aisíocfar, faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a shonrófar sna rialacháin nó a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, an cháin is inmhuirearaithe i leith gach ceann nó aon cheann amháin nó níos mó (de réir mar a shonrófar sna rialacháin) de na seirbhísí seo a leanas:

(a) seirbhísí atá ceangailte go díreach le honnmhairiú earraí nó le trasghluaiseacht earraí ó áit lasmuigh den Stát go dtí áit eile lasmuigh den Stát,

(b) deisiú, cothabháil agus fruiliú gléasra nó trealamh a úsáidtear i soitheach nó in aerárthach a shonraítear i mír (v) den Dara Sceideal,

(c) deisiú, cothabháil agus fruiliú soitheach a úsáidtear, nó gléasra nó trealamh a úsáidtear i soitheach a úsáidtear, le haghaidh iascaireachta mara tráchtála.

(3) (a) Aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, de réir rialachán, le duine lena mbaineann an fo-alt seo, cáin inasbhainte is inmhuirearaithe i leith earraí nó seirbhísí a soláthraíodh dó nó i leith earraí a d'allmhairigh sé.

(b) Baineann an fo-alt seo le duine a shuífidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go seolann sé gnó lasmuigh den Stát agus nach soláthraíonn sé aon earraí ná seirbhísí sa Stát.

(c) San fho-alt seo, ciallaíonn “cáin inasbhainte”, i ndáil le duine lena mbaineann an fo-alt seo, cáin is inmhuirearaithe i leith earraí nó seirbhísí a úsáideann sé chun críocha aon ghnó a sheolann sé a mhéid a bheadh an cháin sin inasbhainte aige faoi alt 12 dá mba sa Stát a bheadh an gnó sin á sheoladh aige ach ní fholaíonn sé cáin is inmhuirearaithe i leith earraí atá le soláthar sa Stát nó atá le fruiliú lena n-úsáid sa Stát.

(4) I gcás ina ndéanfar earraí allmhairithe ar ar inmhuirearaithe cáin faoi alt 2 (1) (b) a sholáthar le linn dóibh bheith i stóras agus sula dtiocfaidh an cháin chun bheith dlite, déanfar neamhshuim chun críocha an Achta seo den soláthar más faoi chomhaontú i scríbhinn á cheangal ar an gceannaitheoir cuntas a thabhairt sa cháin sin a dhéanfar é agus, i gcás den sórt sin, measfar, chun críocha ailt 15 agus 27 (4), gurb é an ceannaitheoir a d'allmhairigh na hearraí.

(5) I gcás ina ndéanfar earraí ar ar inmhuirearaithe dleacht máil tráth a monaraithe nó a dtáirgthe a sholáthar le linn dóibh bheith i stóras agus sula n-íocfar an dleacht, ansin—

(a) má déantar níos mó ná soláthar amháin den sórt sin, déanfar neamhshuim, chun críocha an Achta seo, d'aon soláthar den sórt sin ach an soláthar deiridh,

(b) déanfar an méid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil leis an soláthar sin nó leis an soláthar deiridh sin (cibé acu é) a mhéadú de mhéid na dleachta, agus

(c) beidh an cháin is inmhuirearaithe ar an soláthar iníoctha, mar aon leis an dleacht, ag an duine a íocann an dleacht:

Ar choinníoll go bhféadfar le rialacháin—

(a) socrú a dhéanamh go bhféadfar earraí a sholáthraítear mar a dúradh agus a sholáthraítear amhlaidh do dhuine cláraithe chun críocha gnó a sheolann sé a aistriú as stóras, ach sin faoi réir cibé coinníollacha nó sriantachtaí a shonrófar sna rialacháin nó a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, gan an cháin ar an soláthar a íoc, agus

(b) a shocrú go dtabharfaidh sé cuntas sa cháin sa tuairisceán, a thabharfaidh sé faoi alt 19 (3), i leith na tréimhse inchánach ar lena linn a aistríodh na hearraí amhlaidh.”.

An cháin a bheidh dlite a chinneadh faoi threoir fáltas airgid.

13. —Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 14 den Phríomh-Acht:

“14.  (1)  (a) Aon duine a chruthóidh do na Coimisinéirí Ioncaim gur ó earraí nó seirbhísí inchánach a sholáthar do dhaoine nach daoine cláraithe a fhaigheann sé, agus tréimhse amháin a glacadh le tréimhse eile, cuid nach lú ná 90 faoin gcéad dá láimhdeachas féadfar, de réir rialachán, a údarú dó an méid cánach a thiocfaidh chun bheith dlite de i rith aon tréimhse inchánach (nó i rith coda di) a mbeidh éifeacht leis an údarú lena linn a chinneadh faoi threoir an méid den airgead a fhaigheann sé i rith na tréimhse inchánach sin (nó i rith coda di) i leith soláthairtí earraí nó seirbhísí inchánach, cibé acu ar an lá sonraithe nó roimhe nó dá éis a rinneadh iad.

(b) Féadfar, de réir rialachán, a údarú do dhuine, seachas duine lena mbaineann mír (a), an méid cánach is inchurtha i leith seirbhísí inchánach a thiocfaidh chun bheith dlite de i rith aon tréimhse inchánach (nó i rith coda di) a mbeidh éifeacht leis an údarú lena linn a chinneadh faoi threoir an méid den airgead a fhaigheann sé i rith na tréimhse inchánach sin (nó i rith coda di) i leith soláthar seirbhísí inchánach cibé acu ar an lá sonraithe, nó roimhe nó dá éis a rinneadh é.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, de réir rialachán, údarú faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) a chealú, agus féadfaidh siad, le rialacháin, aon cháin a bheidh dlite i leith soláthairtí earraí nó seirbhísí de thuairiscí sonraithe agus aon airgead a fuarthas i leith soláthairtí den sórt sin a eisiamh ó fheidhm na míreanna sin (a) agus (b).”.

Cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe.

14. —Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 15 den Phríomh-Acht:

“15. (1) Faoi réir fho-alt (2), ní bhainfidh alt 14 le cáin dá bhforáiltear le halt 2 (1) (b) agus muirearófar an cháin sin—

(a) ar earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal de réir an chéatadáin a shonraítear in alt 11 (1) (a) de luach na n-earraí,

(b) ar gach uile earra eile de réir an chéatadáin a shonraítear in alt 11 (1) (c) de luach na n-earraí.

(2) Ní mhuirearófar cáin mar a dúradh ar earraí de chineál a shonraítear i míreanna (xviii), (xx) agus (xxi) den Chéad Sceideal agus i míreanna (v), (vii), (viii), (x), (xii) go (xv) agus (xvii) go (xx) den Dara Sceideal.

(3) Is é luach earraí allmhairithe chun críocha an ailt seo a luach arna chinneadh de réir na ngníomhartha, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a ghlac institiúidí na gComhphobal i ndáil le luacháil earraí chun críocha custam, arna modhnú trí thagairtí do chríoch an Stáit a chur in ionad na dtagairtí do chríocha custam an Chomhphobail, mar aon le haon chánacha, dleachtanna agus muirir eile a tobhaíodh lasmuigh den Stát nó, mar gheall ar onnmhairiú, laistigh den Stát (ach amháin cáin bhreisluacha) ar na hearraí agus nach bhfuil ar áireamh sa chinneadh.

(4) D'ainneoin fho-alt (3), is é luach beostoic allmhairithe chun críocha an ailt seo 10 faoin gcéad dá luach arna fhionnadh de réir an fho-ailt sin.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, de réir rialachán, loghadh nó aisíoc a dhéanamh, más oiriúnach leo, ar an gcáin go léir nó ar chuid den cháin is inmhuirearaithe—

(a) ar aon earraí a allmhairiú a suífear chun a sástachta gur onnmhairíodh roimhe sin iad,

(b) ar aon earraí a allmhairiú más deimhin leo gur athonnmhairíodh nó go n-athonnmhaireofar na hearraí,

(c) ar aon earraí a allmhairiú ón aerfort neamhchustam ag duine neamhchláraithe a shuífidh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur iompair sé cáin cheana féin ar na hearraí.

(6) Faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh feidhm ag forálacha an Customs Consolidation Act, 1876, agus aon dlí eile ag a bhfuil feidhm sa Stát i ndáil le custaim, faoi réir cibé eisceachtaí agus modhnuithe (más ann) a shonrófar i rialacháin, maidir le cáin dá dtagraítear san alt seo ionann is dá mba dhleacht custam í.

(7) Féadfar le rialacháin—

(a) socrú a dhéanamh go bhféadfar earraí a d'allmhairigh daoine cláraithe nó cibé aicmí daoine cláraithe a shonrófar sna rialacháin chun críocha gnó a sheolann siad a sheachadadh nó a aistriú, ach sin faoi réir cibé coinníollacha nó sriantachtaí a shonrófar sna rialacháin nó a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, gan an cháin is inmhuirearaithe tráth an allmhairithe a íoc, agus

(b) a shocrú go dtabharfaidh na daoine nó na haicmí daoine réamhráite cuntas sa cháin sa tuairisceán, a thabharfaidh siad faoi alt 19 (3), i leith na tréimhse inchánach ar lena linn a seachadadh nó a aistríodh na hearraí amhlaidh.”.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

15. —Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(2) Aon fheirmeoir cothrom-ráta a gceanglaítear air, de réir alt 12A, sonrasc a eisiúint maidir le toradh talmhaíochta nó seirbhís talmhaíochta a sholáthar déanfaidh sé, i leith gach soláthar den sórt sin, sonrasc a eisiúint san fhoirm, agus ina mbeidh cibé sonraí (i dteannta na sonraí a shonraítear san alt sin 12A), a shonrófar le rialacháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go n-iarrfaidh duine inchánach go n-eiseofaí sonrasc,

(b) go gcuirfidh an duine inchánach an fhoirm chun críche an tsonraisc ar fáil agus go dtaifeadfaidh sé na sonraí iomchuí inti, agus

(c) go dtabharfaidh an duine inchánach cóip den sonrasc don fheirmeoir cothrom-ráta,

ach féadfaidh sé an sonrasc a eisiúint má bhíonn na coinníollacha sin nó aon cheann acu gan chomhlíonadh.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) Más rud é, tar éis d'fheirmeoir cothrom-ráta sonrasc a eisiúint de réir fho-alt (2), go méadófar nó go laghdófar an chomaoin mar a luaitear sa sonrasc í, nó go lamhálfar lascaine, beidh éifeacht ag cibé ceann de na forálacha seo a leanas is iomchuí:

(a) i gcás an chomaoin a mhéadú, eiseoidh an feirmeoir cothrom-ráta sonrasc eile (má bhíonn na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) comhlíonta i ndáil leis) ina mbeidh sonraí faoin méadú agus faoin mbreisiú cothrom-ráta is iomchuí dó agus é i cibé foirm agus cibé sonraí eile ann a shonrófar le rialacháin agus measfar, chun críocha alt 12, an sonrasc eile sin a bheith arna eisiúint de réir alt 12A, ach féadfaidh an feirmeoir sin an sonrasc a eisiúint má bhíonn na coinníollacha sin nó aon cheann acu gan chomhlíonadh,

(b) i gcás an chomaoin a laghdú nó lascaine a lamháil, eiseoidh an feirmeoir cothrom-ráta, más duine inchánach an duine a ndearnadh an soláthar chuige, doiciméad (dá ngairtear ‘nóta sochair feirmeora’ san alt seo) ina mbeidh sonraí faoin laghdú nó faoin lascaine agus é i cibé foirm agus cibé sonraí eile ann a shonrófar le rialacháin, agus déanfar an méid a fhéadfaidh an duine inchánach a asbhaint faoi alt 12 a laghdú, de réir rialachán, cóimhéid an bhreisithe cothrom-ráta is iomchuí do mhéid an laghdaithe nó na lascaine.”.

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) (a) Má eisíonn duine, seachas feirmeoir cothrom-ráta, sonrasc ag lua méid breisithe cothrom-ráta, dlífidh sé an méid a bheidh luaite mar bhreisiú cothromráta a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim mar cháin agus measfar, i ndáil leis an méid sin, chun críocha an Achta seo, gur duine inchánach é.

(b) Má eisíonn feirmeoir cothrom-ráta sonrasc ag lua méid breisithe cothrom-ráta ar dhóigh seachas i leith soláthar iarbhír toradh talmhaíochta nó seirbhís talmhaíochta nó i leith soláthar den sórt sin ach ag lua méid breisithe cothrom-ráta is mó ná an méid is iomchuí don soláthar, dlífidh sé an méid nó an méid breise, de réir mar a bheidh, den bhreisiú cothrom-ráta a bheidh luaite a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim mar cháin agus measfar, i ndáil leis an méid sin nó leis an méid breise sin, chun críocha an Achta seo, gur duine inchánach é.

(c) Má mhainníonn feirmeoir cothrom-ráta, i gcás ina gceanglaítear air nóta sochair feirmeora a eisiúint faoi fho-alt 4 (b) an nóta sochair a eisiúint laistigh den am a bheidh ceadaithe le rialacháin nó má eisíonn sé nóta sochair ag lua méid breisithe cothrom-ráta is lú ná an méid is iomchuí don laghdú ar an gcomaoin no don lascaine, dlífidh sé an méid breisithe cothrom-ráta ba chóir a bheith luaite ar an nóta sochair nó méid an easnaimh ar an mbreisiú cothrom-ráta, de réir mar a bheidh, a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim mar cháin agus measfar, i ndáil leis an méid sin nó leis an easnamh sin, chun críocha an Achta seo, gur duine inchánach é.”,

(d) trí “nó fho-alt (2), de réir mar is iomchuí”, chur isteach i bhfo-alt (8) i ndiaidh “fho-alt (1)”,

(e) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (9) i ndiaidh mhír (a)—

“(aa) Ní bheidh feidhm ag mír (a) i gcás an duine a d'eisigh an sonrasc dá dtagraítear inti a bheith, tráth a eisiúna, ina dhuine a bhí údaraithe, de réir alt 14 (1), a dhliteanas cánach a chinneadh i leith soláthairtí den chineál atá i gceist faoi threoir an méid airgid a fuarthas.”,

(f) trí “nó go soláthrófar toradh talmhaíochta nó seirbhísí talmhaíochta do dhuine cláraithe ag feirmeoir cothrom-ráta” a chur isteach i bhfo-alt (10) (a) i ndiaidh “ag duine cláraithe eile”,

(g) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

“(11A) I gcás a ndéanfaidh duine atá i dteideal nóta sochair feirmeora a fháil faoi fho-alt (4) (b) ó dhuine eile doiciméad (dá ngairtear ‘nóta dochair feirmeora’ san alt seo) a eisiúint, roimh an dáta ar a n-eiseoidh an duine eile sin nóta sochair feirmeora, don duine eile sin i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a shonrófar le rialacháin, ansin, chun críocha an Achta seo—

(a) measfar go bhfuair an duine a d'eisigh an nóta dochair, má ghlacann an duine é ar chuige a eisíodh é, go bhfuair sé, ón duine a ghlac an nóta dochair, nóta sochair feirmeora ina raibh na sonraí a bhí leagtha amach sa nóta dochair sin, agus

(b) measfar go ndearna an duine ar chuige a eisíodh an nóta dochair sin, má ghlacann sé é, nóta sochair feirmeora ina raibh na sonraí a bhí leagtha amach sa nóta dochair a eisiúint chuig an duine óna bhfuarthas an nóta dochair sin.”,

(h) trí “na n-earraí nó” a chur isteach i bhfo-alt (12) (a) (ii) roimh “na seirbhísí”, agus

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (12):

“(13) Beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo (seachas an t-alt seo) a bhaineann le nótaí sochair agus nótaí dochair a eisíodh faoi fho-ailt (3) agus (11), faoi seach, den alt seo i ndáil le nótaí sochair feirmeora agus nótaí dochair feirmeora mar atá feidhm acu i ndáil leis na nótaí sochair agus na nótaí dochair a dúradh.”.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

16. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Laistigh de 9 lá díreach i ndiaidh an deichiú lá den mhí díreach i ndiaidh tréimhse inchánach, tabharfaidh duine inchánach don Ard-Bhailitheoir tuairisceán ceart arna ullmhú de réir rialachán den méid cánach a tháinig chun bheith dlite de i gcaitheamh na tréimhse inchánach, nach cáin a d'íoc sé cheana féin i ndáil le hearraí a d'allmhairigh sé, agus an méid, más ann, a fhéadfar a asbhaint de réir alt 12 nuair a beidh an méid cánach á ríomh is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin agus cibé sonraí eile a bheidh sonraithe i rialacháin, agus cuirfidh sé an tráth céanna chun an Ard-Bhailitheora an méid cánach, más ann, is iníoctha aige i leith na tréimhse inchánach sin.”.

An cháin a bheidh dlite a chinneadh.

17. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 23 den Phríomh-Acht:

“(1) Más rud é, i ndáil le haon tréimhse arb é atá inti tréimhse inchánach amháin nó dhá thréimhse inchánach nó níos mó as a chéile, go mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim lena chreidiúint go bhfuil méid áirithe cánach dlite dóibh agus iníoctha leo ag duine in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a) gur mhó an méid iomlán cánach ab iníoctha ag an duine ná an méid iomlán cánach (más ann) a d'íoc sé,

(b) gur mhó an méid iomlán cánach a aisíocadh leis an duine de réir alt 20 (1) ná an méid (más ann) ab inaisíoctha go cuí leis, nó

(c) go bhfuil méid áirithe cánach iníoctha ag an duine agus go ndearnadh aisíoc faoi alt 20 (1) leis an duine,

ansin, gan dochar d'aon bheart eile a ghlacfar, féadfaidh siad, de réir rialachán ach faoi réir alt 30, meastachán a dhéanamh in aon suim amháin ar an méid iomlán cánach is dóigh leo ba cheart a bheith íoctha nó ar an méid iomlán cánach (lena n-áirítear méid nialais) ba cheart, de réir alt 20 (1), a bheith aisíoctha, de réir mar a bheidh, i leith na tréimhse nó na dtréimhsí inchánach a chuimsítear sa tréimhse sin agus féadfaidh siad fógra a sheirbheáil ar an duine ina sonrófar—

(i) an méid iomlán cánach arna mheas amhlaidh,

(ii) an méid iomlán cánach (más ann) a d'íoc an duine nó a aisíocadh leis an duine i ndáil leis an tréimhse sin, agus

(iii) an méid iomlán a bheidh dlite agus iníoctha mar a dúradh (dá ngairtear ‘an méid atá dlite’ dá éis seo san alt seo).

(2) I gcás a seirbheálfar fógra ar dhuine faoi fho-alt (1), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé go bhfuil an méid atá dlite iomarcach, ar fhógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse lá is fiche ó dháta an fhógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc, agus

(b) ar an tréimhse sin a bheith caite, mura mbeidh aon fhógra achomhairc faighte nó, má bhíonn fógra achomhairc faighte, ar an achomharc a chinneadh trí chomhaontú nó eile, tiocfaidh an méid a bheidh dlite, nó an méid leasaithe a bheidh dlite arna chinneadh i ndáil leis an achomharc, chun bheith dlite agus iníoctha ionann is dá mba cháin í an cháin a dhligh an duine a íoc don tréimhse inchánach ar lena linn a chuaigh an tréimhse cheithre lá dhéag ó dháta seirbhéala an fhógra faoi fho-alt (1) in éag nó a cinneadh an t-achomharc trí chomhaontú nó eile, cibé tréimhse inchánach acu is déanaí.”.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

18. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht—

(a) trí “12A,” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “11 (7),”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Aon duine a dhéanfaidh, ar dhóigh seachas faoi réim agus de réir alt 12A nó 17 (4) (a), sonrasc a eisiúint ina luafar méid breisithe cothrom-ráta dlífear pionós £20 a chur air.”, agus

(c) trí “nó (2A)” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “(2)”.

Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht.

19. —Leasaítear leis seo alt 27 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Má dhéanann duine, i gcás ina dtugann sé le fios gur duine cláraithe é nó gur chun críocha gnó a sheolann sé a allmhairíodh earraí a d'allmhairigh sé, a thabhairt i gcrích go mícheart go n-allmhaireofar earraí gan cáin a íoc in imthosca inar inmhuirearaithe cáin, dlífear pionós £500 a chur air, agus, ina theannta sin, dlífidh sé méid aon chánach ba chóir a íoc ar an allmhairiú a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim.”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) I gcás a ndearnadh, de bhun rialacháin arna ndéanamh chun críocha alt 13 (1) (a), an cháin ar sholáthar aon earraí a loghadh nó a aisíoc agus—

(a) go bhfaighfear na hearraí sa Stát tar éis an dáta a líomhnaíodh a onnmhairíodh iad nó go raibh siad le honnmhairiú, nó

(b) go mbeidh aon choinníoll dá sonraítear sna rialacháin nó a d'fhorchuir na Coimisinéirí Ioncaim gan chomhlíonadh,

agus nach mbeidh, údaraithe chun críocha an fho-ailt seo ag na Coimisinéirí Ioncaim na hearraí sin a bheith sa Stát tar éis an dáta sin nó an coinníoll a bheith gan chomhlíonadh dlífear na hearraí a fhorghéilleadh agus déanfar an cháin a loghadh nó a aisíocadh a mhuirearú ar an duine, agus beidh sé le híoc láithreach ag an duine, dar soláthraíodh na hearraí nó a bhfaighfear na hearraí ina sheilbh sa Stát agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha alt 24 (1), ach féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na cánach go léir nó íoc coda di a tharscaoileadh.

(10) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Custam a bhaineann le forghéilleadh agus daoradh earraí maidir le hearraí a dhlitear a fhorghéilleadh faoi fho-alt (9) ionann is dá mba gur tháinig siad faoi dhliteanas a bhforghéillte faoi na hAchtanna sin agus féadfar na cumhachtaí go léir is infheidhmithe ag oifigeach Custam agus Máil faoi na hAchtanna sin a fheidhmiú ag oifigigh do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe na cumhachtaí sin a fheidhmiú chun críocha an fho-ailt sin.”.

Leasú ar alt 30 den Phríomh-Acht.

20. —Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Ní fhéadfar imeachtaí a thosú de bhua fho-alt (2) i gcoinne ionadaí phearsanta duine éagtha tráth nach féidir, de bhua mhír (b) d'fho-alt (5), meastaohán cánach a dhéanamh ar an ionadaí pearsanta sin i leith cáin a tháinig chun bheith dlite den duine sin roimh éag dó.”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (5) in ionad mhír (b):

“(b) Ní dhéanfar aon mheastachán cánach de bhua an fho-ailt seo tráth is déanaí ná trí bliana tar éis bheith caite don bhliain ina bhfuair an duine éagtha bás, i gcás ina ndearnadh deonú na probháide nó na litreacha riaracháin an bhliain sin, agus ní dhéanfar aon mheastachán den sórt sin tráth is déanaí ná dhá bhliain tar éis bheith caite don bhliain ina ndearnadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll—

(i) má thaisceann an t-ionadaí pearsanta, tar éis na bliana ina bhfuair an duine éagtha bás, mionnscríbhinn cheartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú nó má sheachadann sé mionnscríbhinn bhreise faoi alt 38 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , nó

(ii) má dhlíonn an t-ionadaí pearsanta mionnscríbhinn bhreise a sheachadadh faoin alt sin 38, go mbeidh fógra tugtha dó amhlaidh ag na Coimisinéirí Ioncaim agus nár sheachaid sé an mhionnscríbhinn bhreise sin an bhliain ina bhfuair an duine éagtha bás,

go bhféadfar an meastachán sin a dhéanamh tráth ar bith sula mbeidh dhá bhliain caite tar éis deireadh na bliana inar taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin nó inar seachadadh nó ina seachadfar an mhionnscríbhinn bhreise.”.

Leasú ar alt 32 den Phríomh-Acht.

21. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad míreanna (b), (e), (g) agus (p):

“(b) an meas a thugtar faoi alt 5 (3) ar an úsáid agus na seirbhísí a shonraítear ansin mar sheirbhísí a sholáthraíonn duine ar chomaoin i gcúrsa gnó;

(e) an tslí ina bhféadfar, d'ainneoin alt 11 (3), aon mhéid áirithe a chionroinnt;

(g) dliteanas cánach duine d'aon tréimhse a chinneadh, faoi alt 14, faoi threoir airgead a fuarthas agus na coigeartuithe, lena n-áirítear muirear cánach, a fhéadfar a dhéanamh nuair a thiocfaidh duine chun bheith i dteideal a dhliteanas cánach a chinneadh sa tslí réamhráite nó, tar éis é bheith i dteideal amhlaidh, a scoirfidh de bheith i dteideal amhlaidh nó a scoirfidh de bheith ina dhuine inchánach;

(p) ábhair a leanfaidh as bás duine chláraithe nó as é do theacht faoi aon éagumas lena n-áirítear duine de cibé aicme nó aicmí a shonrófar sna rialacháin a áireamh mar dhuine a sheolann gnó an duine éagtha nó éagumasaithe;”,

(b) trí mhír (w) den fho-alt sin (1) a scriosadh, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Ní dhéanfar rialacháin faoin alt seo chun críocha alt 5 (7), fho-alt (1) nó (2) d'alt 13 nó fho-alt (6) nó (7) d'alt 15 gan toiliú an Aire Airgeadais.”.

Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht.

22. —Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(3) (a) I gcás a ndéanfaidh feirmeoir cothrom-ráta, faoi chomhaontú a rinneadh roimh thosach feidhme alt 12A, toradh talmhaíochta nó seirbhís talmhaíochta a sholáthar tar éis an tosach feidhme sin d'aon duine, déanfar, cheal comhaontú dá mhalairt, an chomaoin dá bhforáiltear faoin gcomhaontú a mhéadú méid is ionann agus an breisiú cothromráta is iomchuí don chomaoin sin.

(b) I gcás a ndéanfaidh feirmeoir cothrom-ráta, i ndáil le soláthar toradh talmhaíochta nó seirbhís talmhaíochta a rinne sé, sonrasc a eisiúint ina mbeidh an breisiú cothrom-ráta luaite ar leithligh, measfar, chun an breisiú cothrom-ráta a bheidh luaite amhlaidh a ghnóthú, gur cuid é den chomaoin ar an idirbheart agus beidh sé inghnóthaithe dá réir sin ag an bhfeirmeoir cothrom-ráta.”.

Leasú ar alt 29 den Acht Airgeadais, 1975 .

23. —Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgeadais, 1975 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (ii) d'fho-alt (1):

“(ii) aisíoc cánach breisluacha a éileamh ina leith faoi rialacháin faoin Acht sin nó faoi ordú faoi alt 20 (3) den Acht sin.”.

Gníomhaíochtaí díolmhaithe.

24. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht sin.

“Alt 1 den Phríomh-Acht.

AN CHEAD SCEIDEAL

Gníomhaíochtaí Díolmhaithe

(i) Soláthar stoc, scaireanna nó urrús eile;

(ii) oideachas scoile nó ollscoile, agus oiliúint nó athoiliúint ghairmiúil (lena n-áirítear soláthar earraí agus seirbhísí a ghabhann leis an gcéanna), a chuireann forais oideachais atá aitheanta ag an Stát ar fáil, oideachas, oiliúint nó athoiliúint den chineál céanna a chuireann daoine eile ar fáil;

(iii) seirbhísí gairmiúla liachta, déidliachta nó súil-liachta seachas seirbhísí a dhéantar i gcúrsa gnó a sheoladh arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach earraí a dhíol;

(iv) earraí do-chorraithe a ligean ach amháin—

(a) ligean innealra nó suiteálacha gnó ar iad a ligean ar leithligh ó aon earraí do-chorraithe eile ar cuid díobh an t-innealra nó na suiteálacha sin;

(b) ligean i gcúrsa gnó ostáin a sheoladh;

(c) soláthar cóiríochta páirceála ag oibritheoirí carrchlósanna; agus

(d) fruiliú taisceán;

(v) aireachas nó cóireáil ospidéil agus liachta a chuireann ospidéal, teach banaltrais, clinic nó foras dá samhail ar fáil;

(vi) seirbhísí chun leanaí agus daoine óga a chosaint nó a aireachasú agus earraí a chur ar fáil a bhfuil dlúthbhaint acu leis na seirbhísí sin, a chuirtear ar fáil seachas le haghaidh brabúis;

(vii) earraí agus seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu le leas agus slándáil shóisialach a sholáthraíonn eagraíochtaí nach eagraíochtaí déanta brabúis;

(viii) seirbhísí a sholáthraíonn abhcóidí i gcúrsa a ngairme;

(ix) seirbhísí gníomhaireachta maidir le—

(a) cóir iompair do phaisinéirí nó cóiríocht do dhaoine a shocrú, agus

(b) bailiú fiacha, cíosanna nó préimheanna árachais, agus

(c) seirbhísí baincéireachta agus árachais,

(d) stoic, scaireanna agus urrúis eile a sholáthar,

(e) airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt ar shlí seachas trí fhruilcheannach nó idirbhearta díola creidmheasa;

(x) seirbhísí a dhéanann aturnaetha, cuntasóirí, achtúirí agus tréidlianna i gcúrsa a ngairme;

(xi) seirbhísí baincéireachta agus árachais;

(xii) airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt ar shlí seachas trí fhruilcheannach nó idirbhearta díola creidmheasa;

(xiii) na seirbhísí náisiúnta craolacháin agus teilifíse, gan fógraíocht a áireamh;

(xiv) paisinéirí, mar aon leis an mbagáiste atá ina dteannta, a iompar;

(xv) gealltóireacht;

(xvi) ticéid nó cúpóin a eisiúint le haghaidh crannchuir;

(xvii) dálais spóirt a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu;

(xviii) baill bheatha dhaonna, fuil dhaonna agus bainne daonna a bhailiú, a stóráil agus a sholáthar;

(xix) adhlacóireacht;

(xx) capaill bheo a sholáthar;

(xxi) cúnna beo a sholáthar;

(xxii) seirbhísí agus earraí a bhfuil dlúthbhaint acu leo a sholáthar dá gcomhaltaí ag eagraíochtaí nach eagraíochtaí déanta brabúis agus ar aidhmeanna polaitiúla, ceardchumainn, creidimh, tírghrá, fealsúnachta, daoncharadacha nó saoránachta a n-aidhmeanna go príomha i gcás a ndéantar an soláthar sin gan aon íocaíocht seachas síntiús ballraíochta a íoc;

(xxiii) saoráidí le páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt agus corp-oiliúna, agus seirbhísí a bhfuil dlúthbhaint acu leis na gníomhaíochtaí sin, a chuireann eagraíochtaí nach eagraíochtaí déanta brabúis ar fáil dá gcomhaltaí;

(xxiv) earraí a sholáthar ag duine ar earraí iad—

(a) a d'úsáid sé chun críocha gnó a bhí á sheoladh aige,

(b) ar iompair sé cáin i ndáil lena bhfáil nó lena n-úsáid, agus

(c) de shaghas nó a úsáideadh in imthosca nach raibh aon chuid den cháin sin inasbhainte faoi alt 12;

(xxv) seirbhísí lónadóireachta a sholáthraítear—

(a) d'othair de chuid ospidéil nó tí banaltrais san ospidéal nó sa teach banaltrais, agus

(b) do mhic léinn scoile sa scoil.”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

25. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

“(i) Earraí a sholáthraítear—

(a) faoi réir coinníll go bhfuil siad le hiompar díreach ag an duine nó thar ceann an duine a dhéanann an soláthar—

(I) lasmuigh den Stát, nó

(II) go dtí duine cláraithe laistigh den aerfort neamhchustam,

(b) ag duine cláraithe laistigh den aerfort neamhchustam do dhuine cláraithe eile;”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (v):

“(v) soithí nó árthaí mar iad seo a leanas a sholáthar, a mhodhnú, a dheisiú, a chothabháil agus a fhruiliú—

(a) soithí farraige ar mó ná 15 thonna a mórthonnáiste a úsáidtear nó a úsáidfear—

(I) chun paisinéirí a iompar ar luaíocht.

(II) chun críocha gnó iascaireachta mara.

(III) chun críocha eile tráchtála nó tionscail,

(IV) le haghaidh tarrthála nó cúnaimh ar muir,

(b) aerárthaí a úsáideann nó a úsáidfidh gnóthas iompair a oibríonn ar luaiocht ar chonairí idirnáisiúnta go príomha;”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (vi):

“(vi) seirbhísí, a sholáthraíonn gníomhaire a ghníomhaíonn in ainm agus thar ceann duine eile, chun na nithe seo a thabhairt i gcrích—

(a) onnmhairiú earraí as an Stát,

(b) seirbhísí a shonraítear i míreanna (iii), (iv), (v) nó (x), nó

(c) soláthar earraí nó seirbhísí lasmuigh den Stát;”,

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (x):

“(x) ór a sholáthraítear do Bhanc Ceannais na hÉireann;”,

agus

(e) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xvi):

“(xvi) obair ar earraí so-chorraithe a fuarthas laistigh den Stát, nó a allmhairíodh chun an obair sin a dhéanamh orthu, agus a onnmhairíodh dá éis sin, a sholáthar do dhuine nach bhfuil bunaíocht ná a ghnáth-áit chónaithe aige sa Stát;”.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

26. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xix):

“(xix) feithiclí bóthair inneallghluaiste;”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xxi):

“(xxi) longa, báid agus soithí eile seachas—

(a) longa, báid agus soithí eile atá deartha agus déanta chun paisinéirí a iompar agus nach mó ná 15 thonna a mórthonnáiste,

(b) báid spóirt agus áineasa de gach cineál lena n-áirítear luamha, báid chábáin, báidíní calaithe, curaigh, coití agus báid rásaíochta, agus

(c) soithí de chineál a shonraítear i mír (v) (a) den Dara Sceideal;”,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xxvii):

“(xxvii) cabhlacha agus fonnaidh atá deartha d'fheichiclí bóthair inneallghluaiste;”,

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xxviii):

“(xxviii) earraí réchaite so-chorraithe, seachas earraí de chineál a shonraítear sa Dara Sceideal;”,

agus

(e) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (xxix):

“(xxix) gléasanna glacadóireachta raidió agus teilifíse ar de chineál tís nó de chineál iniompair iad nó ar de chineál iad atá oiriúnach lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair;

(xxx) gramafóin, radaghramafóin agus seinnteoirí ceirníní;

(xxxi) ceirníní gramafóin.”.

Seirbhísí a chuirtear faoi cháin san áit a bhfaightear iad.

27. —Cuirfear an Sceideal seo a leanas in ionad an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“Alt 5 den Phríomh-Acht.

AN CEATHRU SCEIDEAL

Seirbhísí a chuirtear faoi cháin san áit a bhfaightear iad

(i) Aistrithe agus sanntaí cóipchirt, paitinní, ceadúnas, trádmharcanna agus cearta dá samhail;

(ii) seirbhísí fógraíochta;

(iii) seirbhísí sainchomhairleoirí, innealtóirí, biúrónna sainchomhairle, dlíodóirí, cuntasóirí agus seirbhísí eile dá samhail, sonra-phróiseáil agus soláthar faisnéise (ach gan seirbhísí a bhaineann le hearraí do-chorraithe a áireamh);

(iv) glacadh le haon oibleagáid chun staonadh ó aon ghníomhaíocht ghnó nó aon chearta den sórt dá dtagraítear i mír (i) a chleachtadh nó a fheidhmiú go hiomlán nó go páirteach;

(v) seirbhísí baincéireachta, airgeadais agus árachais (lena n-áirítear athárachas, ach gan saoráidí taiscí taisceán a áireamh);

(vi) foireann a chur ar fáil;

(vii) seirbhísí gníomhairí a ghníomhaíonn in ainm agus i gcóir cuntas príomhaí nuair a bhítear ag fáil aon seirbhísí a shonraítear i míreanna (i) go (vi) dó.”.

“Gníomhaíochtaí de chuid Iarscríbhinn A” agus “seirbhísí de chuid Iarscríbhinn B”.

28. —Cuirfear an Sceideal seo a leanas in ionad an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht:

“Alt 8 den Phríomh-Acht.

AN CUIGIU SCEIDEAL

CUID I

Iarscríbhinn A a ghabhann le Treoir Uimh. 77 / 388 / CEE ón gComhairle, 17 Bealtaine, 1977

LIOSTA DE GHNIOMHAIOCHTAI TAIRGTHE TALMHAIOCHTA

I. TAIRGEADH BARRAI

1. Talmhaíocht ginearálta, lena n-áirítear fíonsaothrú

2. Fás torthaí (lena n-áirítear ológa) agus glasraí, blathanna agus plandaí ornáideacha, faoin spéir agus faoi ghloine

3. Táirgeadh beacán, spíosraí, síolta agus ábhar síolraithe; plandlanna

II. FEIRMEOIREACHT STOIC MAR AON LE hARADOIREACHT

1. Stoc-fheirmeoireacht ghinearálta

2. Feirmeoireacht éanlaithe clóis

3. Feirmeoireacht coiníní

4. Beachaireacht

5. Feirmeoireacht seiriceán

6. Feirmeoireacht seilidí

III. FORAOISEACHT

IV. IASCACH

1. Iascaireacht fíoruisce

2. Feirmeoireacht éisc

3. Síolrú diúilicíní, oisrí agus moilisc eile agus crústaigh

4. Feirmeoireacht loscán

V. I gcás ina ndéanfaidh feirmeoir, agus deiseanna a úsáidtear de ghnáth i ngnóthas talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh á n-úsáid aige, táirgí a phróiseáil a dhíorthaíonn go bunúsach óna tháirgeadh talmhaíochta, áireofar gur táirgeadh talmhaíochta an phróiseáil sin freisin.

CUID II

Iarscríbhinn B a ghabhann le Treoir Uimh. 77 / 388 / CEE ón gComhairle, 17 Bealtaine, 1977

LIOSTA DE SHEIRBHISI TALMHAIOCHTA

Measfar gur soláthar seirbhísí talmhaíochta soláthairtí de sheirbhísí talmhaíochta a ghabhann páirt de ghnáth i dtáirgeadh talmhaíochta, agus folóidh siad na nithe seo a leanas go háirithe:

—obair mhachaire, buaint agus baint, bualadh, cornadh, bailiú, fómharaíocht, curaíocht agus plandáil

—pacáil agus ullmhú don margadh, mar shampla, triomú, glanadh, meilt, díghalrú agus sadhlasú táirgí talmhaíochta

—táirgí talmhaíochta a stóráil

—fosaíocht, tógáil agus ramhrú stoic

—trealamh a úsáidtear de ghnáth i ngnóthais talmhaíochta, foraoiseachta nó iascaigh a ligean ar fruiliú chun críocha talmhaíochta

—cúnamh teicniúil

—fiaile agus loitmhíola a dhíothú, barraí agus talamh a dhustáil agus a spréáil

—trealamh uiscithe agus siltin a oibriú

—teascadh, crainn a leagan agus seirbhísí eile foraoiseachta.”.

Leasú ar an Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 .

29. —Leasaítear leis seo alt 1 (a) den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957

(a) trí “nó dleacht mháil” a chur isteach i ndiaidh “dleacht chustam”, agus

(b) trí “dleacht eile” a chur in ionad “dleacht chustam eile”,

agus déanfar na tagairtí i mír (e) den alt sin d'aon dleacht mháil agus i míreanna (h) agus (i) den alt sin d'aon dleacht a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon dleacht mháil a fhorchuirtear faoin mír sin (a) agus measfar, chun críocha na míre sin (h), gur dleacht chustam agus dleacht mháil aon dleacht mháil a fhorchuirtear faoin mír sin (a), agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(a) dleacht chustam nó dleacht mháil de pé méid is cuí leo d'fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, tórainneacha, aistarraingtí, liúntas, díolúintí, nó rátaí tosaíochta, agus sin amhail ó aon lá sonraithe, ar aon tsaghas áirithe earraí a hallmhuireofar isteach sa Stát agus, má bhíonn aon dleacht eile inghearrtha ar na hearraí, an dleacht chéadluaite sin d'fhorchur amhlaidh i dteannta nó in ionad na dleachta eile sin;

Aisghairmeacha agus leasuithe iarmhartacha.

30. —(1) Aisghairtear leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) De dhroim na leasuithe ar an bPríomh-Acht a shonraítear san Acht seo agus na n-aisghairmeacha a shonraítear sa Chéad Sceideal, déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú tuilleadh tríd an bhfocal nó an abairt a luaitear i gcolún (3) den Dara Sceideal ag aon uimhir thagartha a chur in ionad an fhocail nó na habairte a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin cibé áit a bhfuil sé nó sí san fhoráil den Phríomh-Acht a luaitear i gColún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

Forálacha idirthréimhseacha.

31. —(1) (a) An clár arbh é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, an clár é de dhaoine a d'fhéadfadh teacht chun bheith, nó atá, ina ndaoine cuntasacha tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, ina chlár de dhaoine a d'fhéadfadh teacht chun bheith, nó atá, ina ndaoine inchánach faoi alt 9 den Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo agus na daoine a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, cláraithe sa chlár is tuisce atá luaite beidh siad, ar an tosach feidhme sin, cláraithe sa chlár is déanaí atá luaite.

(b) Duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, údaraithe—

(i) déileáil leis an airgead a fuair sé i leith earraí inchánach a sheachadadh nó seirbhísí inchánach a dhéanamh ionann is dá mba é an chomaoin é i leith na n-earraí sin a sheachadach nó na seirbhísí sin a dhéanamh.

agus

(ii) déileáil leis an airgead a fuair sé i leith seirbhísí inchánach a dhéanamh ionann is dá mba chomaoin é i leith na seirbhísí sin a dhéanamh, measfar (dá bhféadfadh sé bheith údaraithe amhlaidh) gur údaraíodh dó a dhliteanas cánach féin a chinneadh i leith soláthairtí earraí agus seirbhísí nó soláthairtí seirbhísí, de réir mar a bheidh, faoi alt 14 den Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo.

(c) Duine ba dhuine cuntasach díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, agus nár dhuine inchánach ar an tosach feidhme sin murach é do roghnú amhlaidh faoi alt 8 (3) den Phríomh-Acht, measfar, ar an tosach feidhme sin, an rogha sin a bheith déanta aige agus is duine inchánach a bheidh ann go dtí an tráth a chealófar an rogha nó a scoirfidh sé go buan d'earraí agus seirbhísí inchánach a sholáthar, cibé acu is déanaí.

(2) I ndáil le duine ba dhuine cuntasach díreach roimh thosach feidhme an Achta seo—

(a) measfar go bhfolaíonn tagairtí i bhfo-alt (3) d'alt 7 den Phríomh-Acht do tharscaoileadh tagairtí do tharscaoileadh a rinneadh faoi fho-alt (1) den alt sin 7 roimh an tosach feidhme sin,

(b) measfar go bhfolaíonn tagairtí i bhfo-alt (5) d'alt 8 den Phríomh-Acht do rogha tagairtí do rogha a rinneadh faoi fho-alt (3) den alt sin 8,

(c) measfar go bhfolaíonn tagairtí i bhfo-alt (3) den alt sin 7 do sholáthar seirbhísí tagairtí do dhéanamh seirbhísí roimh an tosach feidhme sin, agus

(d) measfar go bhfolaíonn tagairtí san fho-alt sin (5) agus i bhfo-alt (6) (b) den alt sin 8 do sholáthar earraí nó seirbhísí tagairtí do sheachadadh earraí, nó do dhéanamh seirbhísí, roimh an tosach feidhme sin.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

32. —(1) Féadfar an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , agus (a mhéid a bhaineann siad le cáin bhreisluacha) an tAcht Airgeadais, 1973 , an tAcht Airgeadais, 1975 , an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1975 , an tAcht Airgeadais, 1976 , an tAcht Airgeadais, 1978 , agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1978, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo, ach amháin alt 29, i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

AN CHEAD SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 30.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 22 de 1972

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972 .

Alt 2 (2).

I mír (b) d'alt 3 (5), na focail ó “mura de chinéal” go dtí deireadh na míre.

In alt 4 (2), na focail “alt 2 (2),”.

In alt 11 (8) (a), na focail “agus féadfaidh sé, mar an gcéanna, an Ceathrú Sceideal a athrú trí thuairiscí earraí d'aon chinéal a scriosadh as nó athrú a dhéanamh ar aon tuairisc earraí atá sonraithe ann de thuras na huaire,”.

Alt 11 (9).

An coinníoll a ghabhann le halt 19 (1).

Alt 36.

Mír (ii) den Dara Sceideal.

Mír (iv) de Chuid II den Tríú Sceideal.

AN DARA SCEIDEAL

Leasuithe Iarmhartacha

Alt 30.

Uimhir Thagartha

An focal nó an abairt láithreach

An focal nó an abairt ionadach

An Fhoráil den Phríomh-Acht

(1)

(2)

(3)

(4)

1.

“seachadadh”

“soláthar”

An míniú ar “gníomhaíocht díolmhaithe” agus an míniú ar “earraí inchánach” in alt 1 (1); ailt 3 (2), 3 (6) (a), 4 (1) (a) (ii), 4 (2), 4 (3) (b) (ii), 4 (5) (b), 4 (6) (a), 4 (7), 11 (1B) (a) (ii), 11 (1B) (b) (ii), 11 (4), 11 (5) agus 34 (5).

“sheachadadh”

“sholáthar”

Ailt 3 (2), 3 (4), 3 (5) (a), 3 (5) (b), 4 (3) (a), 4 (6), 4 (6) (a), 11 (4), 11 (7) (b) (i), 11 (7) (e) (i), 17 (12) (a) (i), 17 (12) (a) (iii) agus 34 (5),

“tseachadta”

“tsoláthair”

Ailt 4 (6), 4 (6) (a) agus 11 (7) (e) (i).

2.

“ndéanamh”

“soláthar”

An míniú ar “seirbhísí inchánach” in alt 1 (1).

“déanamh”

“soláthar”

Alt 11 (1B) (b) (ii).

“dhéanamh”

“sholáthar”

Ailt 7 (3), 7 (4), 11 (1B) (a) (ii), 11 (7) (b) (ii), 11 (7) (e) (ii) agus 17 (12) (a) (i).

“ndéanta”

“soláthair”

Alt 11 (7) (e) (ii).

“thabhairt”

“sholáthar”

Alt 34 (5) (c).

3.

“seachadtar”

“soláthraítear”

Alt 3 (6).

“sheachaid”

“sholáthraigh”

Alt 11 (5) agus 34 (5).

“seachadadh”

“soláthraíodh”

Alt 34 (1) agus 34 (5).

“seachadta”

“soláthraithe”

Alt 34 (1).

“sheachadann”

“sholáthraíonn”

Alt 34 (5).

“sheachadtar”

“sholáthraítear”

mir (viii) den Dara Sceideal.

4.

“rinne”

“sholáthraigh”

Alt 17 (12) (a) (ii).

“rinneadh”

“soláthraíodh”

Alt 34 (5).

5.

“seachadta”

“soláthair”

Ailt 3 (6) (b), 4 (1) (a) (i) agus 4 (1) (a) (ii).

6.

“déanamh”

“soláthar”

Alt 7 (1).

7.

“sheachadfaidh”

“sholáthróidh”

Alt 11 (4).

8.

“dhéanfaidh”

“sholáthróidh”

Alt 7 (1).

9.

“seachadadh na n-earraí sin nó déanamh na seirbhísí sin”

“soláthar na n-earraí nó na seirbhísí sin”

Ailt 8 (5) agus 8 (6) (b).

10.

“seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí”

“soláthar earraí nó seirbhísí”

Alt 17 (1).

11.

“sheachadadh na n-earraí nó déanamh na seirbhísí”

“sholáthar na n-earraí nó na seirbhísí”

Alt 19 (2).

12.

“seachadadh aon earraí nó déanamh aon seirbhíse”

“soláthar aon earraí nó seirbhísí”

An míniú ar “gníomhaíocht díolmhaithe” in alt 1 (1).

13.

“seachadadh earraí ag an duine nó le déanamh seirbhísí”

“soláthar earraí nó seirbhísí”

Alt 16 (3).

14.

“le hearraí a sheachadadh don duine sin de chineál a shonraítear san ordú nó maidir le seirbhísí a dhéanamh dó”

“le hearraí nó seirbhísí a sholáthar don duine sin”

Alt 20 (3).

15.

“earraí d'aon chineál a sheachadadh nó seirbhís d'aon chineál a dhéanamh”

“earraí nó seirbhísí a sholáthar”

Alt 6 (2) (a).

16.

“an seachadadh nó an déanamh”

“an soláthar”

Alt 17 (8).

“seachadadh nó déanamh”

“soláthar”

Alt 19 (2).

“an seachadadh nó an déanamh”

“an soláthar”

Alt 20 (3) (a).

“ar sheachadadh na n-earraí nó déanamh na seirbhísí sin”

“ar sholáthar na n-earraí nó na seirbhísí sin”

Alt 35 (1A) (a).

“ar sheachadadh na n-earraí ná ar dhéanamh na seirbhísí”

“ar sholáthar na n-earraí nó na seirbhísí sin”

Alt 35 (1A) (b).

17.

“seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí”

“soláthar earraí nó seirbhísí”

Ailt 8 (5) agus 8 (6) (b).

“seachadadh na n-earraí nó déanamh na seirbhísí”

“soláthar na n-earraí nó na seirbhísí”

Alt 16 (2).

“earraí a sheachadadh nó seirbhísí a dhéanamh”

“earraí nó seirbhísí a sholáthar”

Alt 17 (8) agus 35 (1A) (a).

“ar sheachadadh earraí nó ar dhéanamh seirbhísí”

“ar sholáthar earraí nó seirbhísí”

Alt 35 (1A) (b).

18.

“le seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí”

“leis an ngnó sin”

Alt 18 (1).

19.

“seachadadh earraí nó déanamh seirbhísí”

“soláthar earraí nó seirbhísí”

Alt 35 (2).

20.

“na n-earraí a sheachadadh nó na seirbhísí a dhéanamh”

“na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthar”

Alt 17 (7).

21.

“a sheachadfaidh earraí nó a dhéanfaidh seirbhísí”

“a sholáthróidh earraí nó seirbhísí”

Ailt 11 (1B) (g) agus 17 (1).

“a sheachadann earraí nó a dhéanann seirbhísí”

“a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí”

Alt 32 (1) (s).

“go seachadfaidh duine cuntasach earraí nó go ndéanfaidh sé seirbhísí”

“go soláthróidh duine cuntasach earraí nó seirbhísí”

Alt 35 (1) (b) (i).

22.

“a sheachadann earraí i gcúrsa gnó nó a dhéanann seirbhís i gcúrsa gnó”

“a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí i gcúrsa nó ag bisiú aon ghnó”

Alt 16 (2).

23.

“go seachadfar earraí nó go ndéanfar seirbhísí”

“go soláthrófar earraí nó seirbhísí”

Alt 17 (10) (a).

“a ndéantar earraí a sheachadadh dó nó seirbhísí a dhéanamh dó”

“a soláthraítear earraí nó seirbhísí dó”

Alt 32 (1) (s).

24.

“a sheachadfar na hearraí nó a dhéanfar na seirbhísí”

“a sholáthrófar na hearraí nó na seirbhísí”

Alt 17 (10) (b).

“ná n-earraí a sheachadadh nó na seirbhísí a dhéanamh”

“na n-earraí nó na seirbhísí a sholáthar”

Alt 19 (1) (c).

25.

“duine cuntasach”

“duine inchánach”

Ailt 3 (5) (b) (iii), 4 (5), 8 (4), 8 (6), 11 (1B) (c), 11 (1B) (g), 11 (5), 12 (2), 16 (1), 16 (2), 17 (1), 17 (3) (a), 17 (3) (b), 17 (5), 17 (6), 17 (12) (a), 17 (12) (a) (i), 17 (12) (a) (ii), 17 (12) (a) (iii), 21 (1), 22 (2), 22 (2) (a), 32 (1) (d), 32 (1) (uu), 32 (1) (x), 34 (1), 34 (1) (a), 34 (1) (b), 34 (2), 35 (1) (b) (i) agus 35 (2).

“duine inchánach”

Alt 34 (1) (b) (i).

“duine chuntasaigh”

“duine inchánach”

Ailt 17 (1) agus 32 (1) (s).

26.

“dhuine cuntasach”

“dhuine inchánach”

Ailt 4 (5), 8 (4), 8 (6), 9 (2), 11 (1B) (a), 12 (1A) (a), 17 (1), 17 (3), 26 (6) (d), 32 (1) (d) agus 32 (1) (xx).

“Maidir le duine”

“Duine inchánach, seachas duine”

Alt 8 (6).

27.

“daoine cuntasacha”

“daoine inchánach”

Alt 32 (1) (h).

28.

“nach bhfuil cuntasach”

“nach duine inchánach”

Alt 32 (1) (d).

29.

“nár sholáthraigh an conraitheoir cuid de na hearraí a úsáideadh.”

“nár chuir an conraitheoir cuid de na hearraí a úsáideadh ar fáil,”

Alt 3 (1) (c).

“a sholáthar”

“a chur ar fáil”

Alt 11 (4).

“a soláthraíodh”

“a cuireadh ar fáil”

Alt 11 (4).

30.

“fo-alt (1) (d)”

“fo-alt (1) (b)”

Alt 11 (7) (e) (i), 11 (7) (e) (ii).

31.

“alt 5 (4)”

“alt 13”

Alt 17 (12) (a) (ii).

32.

“alt 5 (4)”

“aon fhoráil eile de chuid an Achta seo nó de chuid rialachán”

Alt 20 (4).

33.

“earraí réchaite nó aon earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal”

“nó earraí réchaite”

Alt 34 (4).

34.

“a thiocfadh aon cháin chun bheith dlite faoi fho-alt (1) nó (2), de réir mar is iomchuí, d'alt 19, i leith an idirbhirt dá ndéanfaí neamhshuim den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (1)”

“a thiocfaidh aon cháin chun bheith dlite faoi fho-alt (1) nó (2), de réir mar is iomchuí, d'alt 19, i leith an idirbhirt”

Alt 35 (1) (A) (a).

35.

“alt 11 (1) (e)”

“alt 11 (1) (c)”

Mír (vii) de Chuid II den Tríú Sceideal.

36.

“i bhfo-alt (3) (a) (iv)”

“i bhfo-alt (3) (b) (iii) nó (9)”

Alt 8 (4).

37.

“fho-alt (3) (a)”

“fho-alt (3) (a) nó (b)”

Alt 8 (6) (a) (i).

38.

“d'fho-alt (3) (b), 3 (c) nó (3) (d)”

“d'fho-alt (3) (c), 3 (d) nó (3) (e)”

Alt 8 (6) (a) (ii).

NahAchtanna dá dTagraítear

Customs Consolidation Act, 1876

1876, c 30

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1975

1975, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1978

1978, Uimh. 21

An tAcht d'Fhorchur Dleacht, 1957

1957, Uimh. 7

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

1972, Uimh. 22