11 1979


Uimhir 11 de 1979


AN tACHT AIRGEADAIS, 1979

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [1 Meitheamh, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 142 (gaolta cleithiúnacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1. —Leasaítear leis seo alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1979-80 agus blianta measúnachta dá éis sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ):

“(1A) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘an méid sonraithe’ comhiomlán na n-íocaíochtaí a bhfuil duine ina dteideal an bhliain mheasúnachta sin maidir le pinsean seanaoise (ranníocach) de réir an ráta uasta faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, más rud é, ar feadh na bliana measúnachta sin go léir, go bhfuil sé i dteideal pinsin den sórt sin agus—

(a) nach bhfuil aon chleithiúnaí aosaithe ná leanaí cáilithe aige (de réir bhrí na nAchtanna sin i ngach cás),

(b) go bhfuil sé os cionn 80 bliain d'aois (nó cibé aois eile atá sonraithe de thuras na huaire sna hAchtanna sin in ionad na haoise sin 80 bliain), agus

(c) go bhfuil sé ina chónaí ina aonar.”.

Leasú ar alt 5 (cáin ioncaim a mhuirearú) den Acht Airgeadais, 1977 .

2. —(1) Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Airgeadais, 1977 , maidir leis an mbliain 1979-80 agus blianta measúnachta dá éis sin—

(a) trí “den chéad dá ráta” a chur in ionad “de na chéad trí ráta” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann le fo-alt (1) den alt sin:

“AN TABLA

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £1,100

..

..

..

..

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £3,000 eile

..

..

..

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £1,500 eile

..

..

..

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £1,000 eile

..

..

..

50 faoin gcéad

An fuílleach

..

..

..

..

60 faoin gcéad

(2) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Faoisimh phearsanta.

3. —(1) I gcás a mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1979-80 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hashasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid sin a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sa cholún sin (2).

AN TABLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le hasbhaint do 1978-79

An méid a bheidh le hasbhaint do 1979-80 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

 

 

£

£

alt 138

(fear pósta)

..

..

..

..

1,730

2,230

(duine singil)

..

..

..

865

1,115

(baintreach fir nó mná)

..

..

935

1,185

alt 141

(leanbh)

..

..

..

..

240

218

(2) Beidh éifeacht le halt 10 den Acht Airgeadais, 1976 , agus le halt 6 den Acht Airgeadais, 1978 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Faoiseamh breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí.

4. —Leasaítear leis seo Cuid VI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 138:

“138A.—(1) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) is—

(i) baintreach mná,

(ii) baintreach fir, nó

(iii) duine nach bhfuil i dteideal na hasbhainte a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 138,

agus

(b) atá i dteideal asbhainte faoi alt 141 don bhliain mheasúnachta maidir le leanbh a chónaíonn leis.

(2) Duine lena mbaineann an t-alt seo beidh sé i dteideal asbhaint £250.”.

Asbhaint speisialta do 1979-80.

5. —(1) Chun méid an ioncaim a fhionnadh a bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar phearsa aonair ina leith don bhliain 1979-80 i gcás arb éard é ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin, nó gur cuid den ioncam sin, díolaíochtaí—

(a) déanfar asbhaint £175 as cibé méid, más aon mhéid é, de na díolaíochtaí (ach gan aon díolaíochtaí a áireamh a meastar gur ioncam dá chuid iad faoi alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) a d'eascair don phearsa aonair, agus

(b) déanfar asbhaint £175 as cibé méid, más aon mhéid é, de na díolaíochtaí a d'eascair do bhanchéile na pearsan aonair is mó ná an méid, más aon mhéid é, a méadaíodh, de bhua fho-alt (3) d'alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an asbhaint a bhfuil an phearsa aonair ina teideal don bhliain sin faoin alt sin 138.

(2) Le linn na liúntais charnacha saor ó cháin a bheith á gcinneadh i ndáil leis an mbliain 1979-80 chun críocha na Rialachán Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ), measfar asbhaintí faoin alt seo a bheith carnaithe go hiomlán ar cibé dáta sa bhliain 1979-80 a ordóidh an tAire Airgeadais le hordú.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “díolaíochtaí” díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ach ní fholaíonn sé—

(a) díolaíochtaí arna n-íoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag comhlacht corpraithe, nó ag aon duine a measfaí baint a bheith aige leis an gcomhlacht corpraithe chun críocha Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , le stiúrthóir dílseánach de chuid an chomhlachta chorpraithe nó le céile an stiúrthóra dhílseánaigh sin, agus

(b) díolaíochtaí arna n-íoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag pearsa aonair, nó ag comhpháirtíocht inar comhpháirtí an phearsa aonair, le céile na pearsan aonair;

tá le “stiúrthóir dílseánach” an bhrí a shanntar dó le halt 226 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá (más aon lá é) a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Faoiseamh ó cháin ioncaim i leith ranníocaí faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, a tharraingt siar.

6. —(1) I ndáil leis an mbliain 1979-80 nó le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin—

(a) ní bheidh feidhm ná éifeacht le fo-alt (3), (5) ná (6) d'alt 224 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná

(b) ní thabharfar aon fhaoiseamh ná ní lamhálfar aon asbhaint faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim i leith aon ranníoc a d'íoc duine, mar ranníocóir fostaithe nó mar ranníocóir saorálach, faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979.

Faoiseamh in aghaidh caiteachais áirithe ar áitreabh cónaithe.

7. —(1) Faoi réir forálacha an Dara Sceideal, i gcás a gcruthóidh pearsa aonair, tar éis éileamh a dhéanamh chuige sin, agus tar éis tuairisceán a thabhairt san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán, gur thabhaigh sé caiteachas maidir leis an gcostas saothair a bhain le hobair cháilitheach a rinne duine cláraithe sa tréimhse cháilitheach ar áit chónaithe de chuid na pearsan aonair, beidh sé i dteideal, chun méid an ioncaim a fhionnadh a mbeidh cáin ioncaim le muirearú air ina leith don bhliain 1979-80, go mbainfí as a ioncam iomlán an méid is mó ná £50 comhiomlán an chaiteachais i leith chostas saothair na hoibre cáilithí a rinneadh sa tréimhse cháilitheach:

Ar choinníoll nach mó ná £450 aon asbhaint den sórt sin.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar, maidir le hobair cháilitheach a rinne fostaí de chuid duine chláraithe thar ceann an duine chláraithe sin, gurb é an duine cláraithe a rinne í,

(b) beidh feidhm ag alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas i ndiaidh mhír (b) i bhfo-alt (2)—

“(bbb) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 7 den Acht Airgeadais, 1979 , sa chomhréir inar thabhaigh siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh.”, agus

(c) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe a mhéid a fuair nó a ghcobhaidh an phearsa aonair, go díreach nó go hindíreach, ón Stát, ó aon údarás poiblí nó údarás áitiúil, ó aon duine eile nó faoi aon chonradh árachais nó ar mhodh cúitimh nó eile, aon suim i leith, nó faoi threoir, na hoibre cáilithí lena mbaineann sé agus, i gcás a bhfuarthas nó a bhfaighfear aon suim den sórt sin, measfar, chun críocha an ailt seo, costas saothair na hoibre cáilithí áirithe a bheith arna laghdú cibé suim a mbeidh idir í agus an tsuim chéadluaite an chomhréir chéanna atá idir an costas saothair agus an caiteachas iomlán ar an obair cháilitheach.

(3) Ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo maidir le caiteachas a bhféadfar asbhaint a éileamh ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

(4) Beidh éifeacht leis an Dara Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

Buanscéimeanna sochair shláinte.

8. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “sochar” íocaíocht a thugtar do dhuine i gcás ioncam a bheith caillte nó laghdaithe, de dheasca droch-shláinte, faoi bhuanscéim shochair shláinte;

ciallaíonn “buanscéim shochair shláinte” aon scéim, conradh, polasaí, nó comhshocraíocht eile, a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha an ailt seo, a dhéanann socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla le pearsa aonair i gcás ioncam a chailleadh nó a laghdú de dheasca droch-shláinte;

ciallaíonn “ranníoc”, i ndáil le buanscéim shochair shláinte, aon phréimh nó íocaíocht thréimhsiúil eile a íoctar leis an scéim i gcomaoin an chirt chun sochar a fháil fúithi, is préimh nó íocaíocht a bhfuil coibhneas réasúnach aici leis na sochair a áirítear léi.

(2) (a) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, má dhéanann pearsa aonair éileamh chuige sin sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus má thugann sé tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán do bhliain mheasúnachta agus go gcruthóidh sé gur íoc sé sa bhliain mheasúnachta sin ranníoc nó ranníocaí le buanscéim nó le buanscéimeanna sochair shláinte bona fide, beidh sé i dteideal, chun méid an ioncaim a chinneadh a bhfuil cáin ioncaim le muirearú air ina leith, go ndéanfaí an méid sin de na ranníocaí nach mó na 10 faoin gcéad dá ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta sin a bhaint as a ioncam iomlán.

(b) Beidh feidhm i ndáil le hasbhaint faoin bhfo-alt seo ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil le gach asbhaint a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) I gcás a ndéanfar méid ranníoca a d'íoc fostóir le buanscéim shochair shláinte a mhuirearú i leith cánach ioncaim faoi Chaibidil III de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar pheircisí de chuid oifige nó fostaíochta stiúrthóra nó fostaí, measfar, chun críocha fho-alt (2), gur ranníoc an méid sin a d'íoc an stiúthóir nó an fostaí leis an scéim sa bhliain ar ina haghaidh a muirearaíodh i leith cánach amhlaidh é.

(4) (a) Aon sochar a gheobhaidh duine faoi bhuanscéim shochair shláinte, de cheart nó ar shlí eile, measfar—

(i) gur brabúis nó gnóchain é a d'eascair nó a d'fhaibhrigh as fostaíocht, agus—

(ii) gur díolaíochtaí é de réir bhrí Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) Muirearófar cáin faoi Sceideal E ar gach duine, a n-íoctar aon sochar dá dtagraítear i mír (a) leis, i leith na sochar sin go léir a íoctar leis agus déanfar an cháin is inmhuirearaithe amhlaidh a ríomh faoi alt 110 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a dúradh.

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1980-81 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh maidir le hús áirithe.

9. —Maidir leis an mbliain 1979-80 agus blianta measúnachta dá éis sin, beidh éifeacht leis na forálacha a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo ionann is dá gcuirfí “£2,400” in ionad “£2,000” gach áit a bhfuil sé.

AN TABLA

(a) Fo-alt (2) (b) d'alt 496 (srian le cáin ar ús a aisíoc i gcásanna áirithe) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) Fo-alt (1) d'alt 38 (comhiomlánú an úis a bheidh íoctha ag daoine bainteacha) den Acht Airgeadais, 1974 .

(c) Alt 44 (leasú ar alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) den Acht Airgeadais, 1974 .

(d) Mír (b) d'alt 52 (srian le Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) den Acht Airgeadais, 1974 .

(e) Fo-alt (2) d'alt 8 (faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí) den Acht Airgeadais, 1978 .

Srian le faoiseamh i leith ús a íocadh ar iasachtaí áirithe de réir ráta laghdaithe.

10. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “fostaí”, i ndáil le fostóir, duine atá fostaithe ag an bhfostóir sin lena n-áirítear, i gcás ar comhlacht corpraithe an fostóir, stiúrthóir, de réir bhrí Chaibidil III de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ar an gcomhlacht corpraithe;

ciallaíonn “fostóir”, i ndáil le pearsa aonair—

(i) duine ar fostaí dá chuid an phearsa aonair nó céile na pearsan aonair,

(ii) duine a dtiocfaidh an phearsa aonair chun bheith ina fhostaí dá chuid tar éis don duine iasacht a thabhairt don phearsa aonair agus fad a bheidh aon chuid den iasacht, nó d'iasacht eile a bheidh curtha ina hionad, gan íoc, agus

(iii) duine a bhfuil baint aige le duine dá dtagraítear i mír (i) nó (ii);

folaíonn “iasacht” aon chineál creidmheasa agus folaíonn tagairtí d'iasacht tagairtí d'aon iasacht eile a fheidhmítear go díreach chun ionad iasachta eile a ghlacadh;

ciallaíonn “iasacht tosaíochta” iasacht arna tabhairt do phearsa aonair nó dá chéile ag duine is fostóir i ndáil leis an bpearsa aonair ach amháin nach iasacht tosaíochta iasacht más roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1979, a tugadh í agus, an tráth a tugadh an iasacht, gur chuid de thrádáil an fhostóra sin iasachtaí a thabhairt do dhaoine, seachas fostaithe, go ceann tréimhse luaite blianta de réir ráta úis nach n-athraíonn le linn ré na n-iasachtaí, agus gur iníoctha ús ina leith de réir ráta úis ar dá réir a thug an fostóir i gcúrsa a thrádála, an tráth a tugadh an iasacht, iasachtaí ar neamhthuilleamaí do dhaoine seachas fostaithe chun tithe cónaithe a cheannach lena n-áitiú ag na hiasachtaithe mar áiteanna cónaithe;

ciallaíonn “an ráta sonraithe” ráta 12 faoin gcéad sa bhliain.

(b) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí sin faoi chun críocha alt 8 den Acht Airgeadais, 1978 .

(c) San alt seo folaíonn tagairt d'iasacht á tabhairt ag duine tagairt do dhuine a ghlacann chuige cearta agus dliteanais an duine a thug an iasacht i gcéaduair agus do dhuine a dhéanann iasacht, nó buanú iasachta atá ar marthain cheana féin, a shocrú dó a ráthú nó a urasú in aon slí.

(2) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta arb í an bhliain 1979-80 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin í, go n-éileoidh pearsa aonair faoiseamh de bhua ceann amháin nó níos mó de na forálacha seo a leanas, is é sin le rá, alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , alt 76 (1) (c) den Acht sin nó mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, ní thabharfar faoiseamh in aghaidh na bliana measúnachta sin i leith na coda, más aon chuid í, de mhéid comhiomlán an úis a ndéantar faoiseamh a éileamh amhlaidh ina leith ar iasacht nó iasachtaí tosaíochta is mó ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(A-B) ×

C

_____

D+E

i gcás—

arb é A £2,400,

arb é B méid comhiomlán an úis, seachas ús ar iasacht nó iasachtaí tosaíochta, a bhfuil an phearsa aonair i dteideal faoiseamh ina leith don bhliain mheasúnachta faoi aon cheann nó níos mó de na forálacha réamhluaite,

arb é C méid comhiomlán an úis ar iasacht nó iasachtaí tosaíochta a n-éilíonn an phearsa aonair faoiseamh ina leith don bhliain mheasúnachta faoi aon cheann nó níos mó de na forálacha réamhluaite,

arb é D méid an úis ab iníoctha ar an iasacht nó ar na hiasachtaí tosaíochta don tréimhse nó do na tréimhsí dar íocadh nó darb iníoctha, de réir mar a bheidh, an t-ús a fholaítear i C, dá gcuirfí an ráta sonraithe in ionad aon ráta nó rátaí ar dá réir a íocadh nó ab iníoctha, de réir mar a bheidh, ús don tréimhse nó do na tréimhsí sin, agus

arb é E méid an úis ab iníoctha don bhliain mheasúnachta ar aon iasacht nó iasachtaí tosaíoctha nach iníoctha aon ús ina leith dá mbeadh ús iníoctha ar an iasacht nó ar na hiasachtaí sin de réir an ráta shonraithe.

(3) Leasaítear leis seo alt 178 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) sonraí a bhaineann le haon iasacht tosaíochta, de réir bhrí alt 10 den Acht Airgeadais, 1979 , a thug sé;”

Mar a dhéileálfar chun críocha cánach le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, agus faoi na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1978.

11. —(1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas don bhliain 1980-81 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin.

(2) Measfar gur brabúis nó gnóchain a d'eascair nó a d'fhaibhrigh as fostaíocht méideanna a bheidh le híoc ar scór na sochar a luaitear i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo agus, dá réir sin—

(a) déanfar cáin faoi Sceideal E a mhuirearú ar gach duine, a bhfuil aon sochar den sórt sin iníoctha leis, i leith na suimeanna go léir atá le híoc ar scór na sochar sin, agus

(b) déanfar an cháin is inmhuirearaithe amhlaidh a ríomh faoi alt 110 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Measfar gur díolaíochtaí a bhfeidhmítear forálacha Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ina leith le halt 125 den Acht sin na méideanna go léir a bheidh le híoc ar scór na sochar a luaitear i gCodanna I agus II den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(4) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh do mhodhnú na Rialachán Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ), ina bhfeidhm maidir leis na sochair a luaitear i gCodanna I agus II den Tábla a ghabhann leis an alt seo agus leis na sochair a luaitear in alt 224 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(b) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

AN TABLA

Cuid I

Na sochair dá dtagraítear i bhfo-alt (2)

(a) na sochair seo a leanas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979:

(i) sochar míchumais,

(ii) sochar dífhostaíochta,

(iii) liúntas máithreachais a chuimsítear i sochar máithreachais,

(iv) sochar pá-choibhneasa,

(v) sochar banchéile thréigthe, agus

(vi) sochar díobhála, agus sochar míthreorach, a chuimsítear i sochar díobhálacha ceirde;

(b) sochar breac-dhífhostaíochta faoi na hAchtanna Arachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1978.

Cuid II

Na sochair seo a leanas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979:

(i) pinsean easláine, nó

(ii) sochar báis a chuimsítear i sochar díobhálacha ceirde, sa mhéid gur pinsean é is iníoctha le baintreach, le baintreach fir, le dílleachta nó le tuismitheoir faoi alt 17, 18, 19, 20 nó 21 den Acht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966 .

Leasú ar alt 488 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (imeachtaí san Ard-Chúirt).

12. —Leasaítear leis seo alt 488 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (5) in ionad mhír (a):

“(a) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire á dheimhniú gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith cánach ioncaim chun bheith dlite den chosantóir agus iníoctha aige—

(i) faoi mheasúnacht a tháinig chun bheith críochnaitheach dochloíte, nó

(ii) faoi na forálacha a bhaineann leis an méid sonraithe cánach de réir bhrí alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , agus”.

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta

An muirear cánach ar bhrabúis feirmeoireachta a leathnú.

13. —Maidir leis an mbliain 1979-80 agus blianta measúnachta dá éis sin—

(a) leasaítear leis seo alt 15 (brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1974 , trí “£50” a chur in ionad “£60” i bhfo-alt (3), agus

(b) leasaítear leis seo alt 19 (teorainn leis an meid cánach a mhuirearófar i gcásanna áirithe) den Acht Airgeadais, 1974 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 )—

(i) trí “£49” a chur in ionad “£59” sa mhíniú ar V i bhfo-alt (1), agus

(ii) trí “£59” a chur in ionad “£69” i bhfo-alt (2),

agus tá an fo-alt sin (3) (ar leith ón gcoinníoll), an míniú sin agus an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár £50 nó níos mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin.

arb é V 1 nó, más mó ná sin é, an uimhir is ionann agus an méid ar mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain sin ná £49.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £59 luacháil intrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag an bpearsa aonair aon tráth sa bhliain mheasúnachta.

Feidhm alt 20A (bonn roghnach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 , do 1979-80.

14. —Beidh éifeacht le halt 20 A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , don bhliain 1979-80 ionann is dá gcuirfí—

(a) “1979-80” ionad “1978-79” gach áit a bhfuil sé,

(b) “alt 13 den Acht Airgeadais, 1979 ” in ionad “alt 13 den Acht Airgeadais, 1978 ” i mír (a) (ii), agus

(c) “1979” in ionad “1978” i mír (a) (II).

Leasú ar alt 20 (bonn measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 .

15. —Maidir le measúnachtaí don bhliain 1979-80 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo alt 20 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(4) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (3), más rud é, de bhua an fho-ailt sin (3) go ndéanfar, de réir fhorálacha alt 21, measúnacht i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht ar phearsa aonair d'aon bhliain mheasúnachta, beidh sé i dteideal, ar fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ar mhéid a chinnfear de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim (lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) i ndáil leis an measúnacht sin ionann is dá mba fhógra achomhairc in aghaidh na measúnachta faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an fógra a tugadh don chigire, agus leasófar an mheasúnacht sin de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú a rinne an phearsa aonair amhlaidh.

(5) Más rud é, maidir le bliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an chéad bhliain mheasúnachta’ san fho-alt seo), go ndéanfaidh pearsa aonair roghnú de réir fho-alt (4)—

(a) d'ainneoin aon cheann d'fhorálacha eile an ailt seo, muirearófar cáin air i leith bhrabúis nó ghnóchain ó fheirmeoireacht do gach ceann den chéad dá bhliain mheasúnachta eile tar éis na chéad bhliana measúnachta de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(b) i ndáil leis an bpearsa aonair sin is bliain mheasúnachta lena mbaineann fo-alt (6) an bhliain mheasúnachta díreach roimh an gcéad bhliain mheasúnachta nó, i gcás nach bliain a ndearna an phearsa aonair roghnú ina leith mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1) an bhliain mheasúnachta sin díreach roimh an gcéad bhliain mheasúnachta, gach ceann den dá bhliain mheasún achta díreach roimh an gcéad bhliain mheasúnachta:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag mír (a) maidir le haon bhliain mheasúnachta nach bhfuil an phearsa aonair inmhuirearaithe, de bhua alt 15 (3), i leith cánach ar bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht.

(6) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, arb éard í, i ndáil le pearsa aonair, bliain mheasúnachta lena mbaineann an fo-alt seo, gur mó méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht a mbeadh an phearsa aonair inmhuirearaithe ina leith don bhliain mheasúnachta sin dá mbeadh sé inmhuirearaithe don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tar éis a gcomhiomlán seo a leanas a bhaint as an gcéanna—

(a) aon liúntais chaipitiúla a lamhálfaí le linn na brabúis nó na gnóchain sin a bheith á muirearú i leith cánach, agus

(b) aon chaillteanas, de réir bhrí Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhainfí as na brabúis nó na gnóchain sin nó a dhéanfaí a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheasfaí a bheith bainte astu nó fritháirithe ina gcoinne,

ná méid na mbrabús nó na ngnóchan sin ar muirearaíodh é ina leith don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 21, déanfar cibé measúnacht nó measúnachtaí is gá chun a áirithiú nach lú an méid cánach a iompróidh an phearsa aonair faoi dheoidh don bhliain mheasúnachta sin ná an méid a d'iompródh sé dá ndéanfaí an méid sin ar muirearaíodh é ina leith de réir fhorálacha alt 21 a mhéadú méid an bharrachais.

(7) Más rud é, i gcás aon phearsan aonair, go ndéanfar, maidir le haon bhliain mheasúnachta, méid aon bharrachais a chinneadh chun críocha fho-alt (6)—

(a) chun críocha na bhfoirmlí i bhfo-ailt (5) agus (6) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1976 , maidir le haon mhéid a lamhálfaí mar asbhaint nó a d'áireofaí mar fháltas trádála de bhua an ailt sin 12 agus a chuirtear i gcuntas le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht a mbeadh an phearsa aonair inmhuirearaithe ina leith don bhliain sin de réir alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bheith á ríomh, measfar, de réir mar is iomchuí, gur asbhaint é a bhí an phearsa aonair i dteideal a dhéanamh le linn brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, nó measfar gur méid é a áiríodh mar fháltas trádála ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhse chuntasaíochta roimhe sin.

(b) le linn bheith á chinneadh cad iad na liúntais chaipitúla nó na liúntais chothromaíochta a bheidh le tabhairt don phearsa aonair, nó na muirir chothromaíochta a bheidh le cur air, d'aon tréimhse inmhuirearaithe le linn trádáil feirmeoireachta a bheith á mhuirearú i leith cánach, measfar gur tugadh don phearsa aonair sin aon liúntais chaipitiúla a baineadh, le linn méid an bharrachais sin a bheith á chinneadh, as an méid sin brabús nó gnóchan, agus

(c) chun críocha Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , measfar faoiseamh a bheith tugtha i leith aon chaillteanas a baineadh, le linn méid an bharrachais sin a bheith á chinneadh, as an méid sin brabús nó gnóchan agus ní thabharfar aon fhaoiseamh eile i leith an chaillteanais sin faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle sin.

(8) Pearsa aonair a rinne roghnú de réir fho-alt (4), déanfaidh sé, do gach bliain mheasúnachta arb éard í, de bhua an roghnaithe, bliain mheasúnachta lena mbaineann fo-alt (6), ráiteas i scríbhinn, agus é sínithe aige, a ullmhú agus a thabhairt don chigire laistigh de thrí mhí tar éis dáta an roghnaithe, is ráiteas ina mbeidh méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht a mbeadh cáin inmhuirearaithe air ina leith don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le pionóis mar gheall ar gan ráiteas a thabhairt nó mar gheall ar ráiteas mícheart a thabhairt go calaoiseach nó go faillitheach ionann is dá mba ráiteas a ceanglaíodh a sheachadadh don chigire de bhíthin fógra a thug sé faoi alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , sin an ráiteas.

(9) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta—

(a) go mainneoidh pearsa aonair ráiteas a sheachadadh a cheanglaítear air a sheachadadh de bhua fho-alt (8), nó

(b) nach mbeidh an cigire sásta le haon ráiteas den sórt sin a seachadadh, nó go mbeidh fios faighte aige i dtaobh é a bheith easnamhach,

déanfaidh an cigire measúnacht ar an bpearsa aonair lena mbaineann i cibé suim ba chóir, de réir mar is fearr a mheasfaidh an cigire, a mhuirearú ar an bpearsa aonair sin don bhliain mheasúnachta sin de bhua fho-alt (6).”.

Leasú ar alt 21 (bonn barúlach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 .

16. —Leasaítear leis seo alt 21 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , trí “125” a chur in ionad “90” san fhoirmle i bhfo-alt (1) agus tá an fhoirmle sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(V×125)-W-C

Caibidil III

Forálachca a bhaineann le Caillteanais

Leasú ar alt 307 (ceart chun aisíoc cánach faoi threoir caillteanas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

17. —Leasaítear leis seo alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “nó ag áitiú talamh coille a bainistíodh ar fhoras tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh as,” a scriosadh as fo-alt (1), agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A):

“(1AA) I gcás a seolfaidh aon duine, in aon bhliain mheasúnachta, aon trádáil seachas feirmeoireacht, nó aon ghairm nó fostaíocht, leis féin nó i gcomhpháirtíocht, nó feirmeoireacht i gcás lena mbaineann an t-alt seo, agus gur thabhaigh sé caillteanas á seoladh an bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta, féadfaidh sé éileamh a dhéanamh faoi fho-alt (1) don bhliain mheasúnachta i leith an chaillteanais sin a mhéid nár tugadh faoiseamh cheana féin i leith an chaillteanais sin faoin bhfo-alt sin (1) nó faoi aon fhoráil eile den Acht seo; agus déanfar aon aisíoc cánach de bhua an fho-ailt seo a íoc i dtosaíocht ar aon aisíoc cánach faoin bhfo-alt sin (1) i leith chaillteanas a tabhaíodh an bhliain a mbeidh an t-aisíoc á éileamh ina leith.

(1AAA) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le haon chaillteanas a thabhaigh úinéir staile sa bhliain mheasúnachta 1979-80 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin ó sheirbheáil láracha ag an stail nó cearta chun seirbheálacha den sórt sin a dhíol nó a thabhaigh páirt-úinéir staile ó sheirbheálacha nó cearta den sórt sin a dhíol.”.

Leasú ar alt 308 (daoine ag a bhfuil dhá thrádáil nó níos mó á seoladh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

18. —Leasaítear leis seo alt 308 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach:

“Ar choinníoll nach gceadófar aon asbhaint nó fritháireamh i leith caillteanas a tabhaíodh sa bhliain 1979-80 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.”.

Leasú ar alt 318 (rogha chun a mheas go gcruthaíonn nó go méadaíonn liúntais chaipitiúla caillteanas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

19. —Leasaítear leis seo alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fhorálacha na Caibidle seo, féadfaidh aon éileamh a dhéanfar faoi alt 307 ar fhaoiseamh i leith caillteanas a tabhaíodh in aon trádáil in aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear ‘an bhliain chaillteanais’ dá éis seo) a cheangal go gcinnfear méid an chaillteanais ionann is dá ndéanfaí méid ar cóimhéid leis na liúntais chaipitiúla don bhliain mheasúnachta arb í an bhliain chaillteanais an bhonn-bhliain ina leith a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála sa bhliain chaillteanais a bheith á ríomh agus féadfar éileamh a dhéanamh amhlaidh d'ainneoin nár tabhaíodh, ar leith ó na liúntais sin, caillteanas sa trádáil sa bhliain chaillteanais.”.

Leasú ar alt 319 (a mhéid a chuirfear liúntais chaipitiúla san áireamh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

20. —Leasaítear leis seo alt 319 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní chuirfear na liúntais chaipitiúla d'aon bhliain mheasúnachta san áireamh faoi alt 318 (1) ach amháin mura gá iad agus a mhéid nach gá iad mar fhritháireamh in aghaidh muirear cothromaíochta don bhliain; agus i gcás ar liúntais don bhliain éilimh nó don bhliain roimhe sin (arb í an bhliain chaillteanais an bhonn-bhliain don bhliain sin féin, nó ar éileamh a dhéanfar de bhua alt 307 (1AA) an t-éileamh), na liúntais chaipitiúla a chuirfear san áireamh, ní thabharfar faoiseamh faoi threoir na liúntas sin maidir le méid is mó ná an méid a bheidh gan éifeacht sa bhliain a ndéantar an t-éileamh ina leith nó, i gcás liuntais don bhliain roimhe sin, an méid a bheidh gan éifeacht sa dá bhliain.”.

Caibidil IV

Cáin Chorparáide

Leasú ar an teorainn a chuirtear le faoiseamh d'ús áirithe a áirítear mar mhuirear ar ioncam chun críocha cánach corparáide.

21. —(1) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí—

(a) “£2,400” in ionad “£2,000” i mír (a), agus

(b) “2,400” in ionad “2,000” san fhoirmle i mír (b).

(2) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (6) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar tosach aon lá roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis ionann is dá ndéanfaí an ceann is lú de na méideanna a shonraítear sna míreanna sin (a) agus (b) a mhéadú go dtí méid a chinnfear de réir na foirmle—

D  ×  

E

_

G

+  D  ×  

2,400

____

2,000

  ×  

F

_

G

i gcás—

arb é D an ceann is lú de na méideanna a shonraítear amhlaidh,

arb é E an líon míonna sa chuid den tréimhse chuntasaíochta a tharla roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1979,

arb é F an líon míonna nó codáin de mhíonna sa chuid den tréimhse chuntasaíochta a tharla nó a tharlóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó dá éis, agus

arb é G an líon míonna nó codáin de mhíonna sa tréimhse chuntasaíochta.

(3) Beidh éifeacht le halt 169 (teorainneacha le hasbhaintí i leith úis) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí “i leith na tréimhse cuntasaíochta ina n-íoctar na muirir” i ndiaidh “an méid a shonraítear in alt 10 (6)”.

(4) Beidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (5) d'alt 18 (ní áireofar brabúis ná caillteanais is inchurtha i leith idirbhearta áirithe ag cumainn tionscail agus soláthair) den Acht Airgeadais, 1978

(a) i gcás ar tréimhse lena mbaineann fo-alt (1) an tréimhse chuntasaíochta dá dtagraítear sa choinníoll, ionann is dá gcuirfí “£2,400” in ionad “£2,000” gach áit a bhfuil sé, agus

(b) i gcás ar tréimhse lena mbaineann fo-alt (2) an tréimhse chuntasaíochta sin, ionann is dá gcuirfí in ionad “£2,000” gach áit a bhfuil sé méid arna chinneadh de réir na foirmle—

2,000  ×  

E

__

12

  +  2,400  ×  

F

__

12

i gcás na bríonna céanna a bheith le E agus F atá leo i bhfo-alt (2).

Leasú ar Chaibidil IV (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977 .

22. —Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25:

“An uimhir ranníocaí fostaíochta a chinneadh.

25A.—(1) Chun críocha na Caibidle seo beidh an uimhir ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith ranníocóra fhostaithe i dtréimhse iomchuí, ar tar éis an 5ú lá d'Aibréan, 1979, di go léir, comhionann leis an uimhir seachtainí ranníoca sa tréimhse sin, nó sa chuid sin de thréimhse, ar íocadh an ranníoc nó na ranníocaí fostaíochta iomchuí ina leith i gcás an ranníocóra fhostaithe sin nó a n-íocfaí an céanna ina leith mura mbeadh alt 6 (1) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978 ) den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.

(2) San alt seo tá le ‘seachtain ranníoca’ an bhrí chéanna atá leis san Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”.

Caibidil V

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

23. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (ii) agus (iii) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a)—

“(ii) gurb éard é ioncam trádála na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas le linn asbhaint a bheith á ríomh an t-ioncam sin sula ndéanfar aon asbhaint faoin alt seo nó faoin gCúigiú Sceideal,

(iii) i ndáil le tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, gurb é méid na hasbhainte faoin alt seo, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, trí cheathrú den méid arbh é, ar leith ón mír seo den choinníoll seo, méid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin é, agus

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (5)—

“(b) roimh an 31ú lá de Nollaig díreach tar éis deireadh na bliana measúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta,”, agus

(c) trí “1979” a chur in ionad “1978”—

(i) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(ii) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), gach áit a bhfuil sé,

agus tá an fo-alt sin (7) (cé is moite den choinníoll) agus an fo-alt sin (9) (cé is moite den coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1979, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) d'fho-alt (2)—

“(c) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1979-80 le hasbhaint a cheadaítear de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, is é méid na hasbhainte, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, trí cheathrú den méid arbh é, ar leith ón mir seo, méid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin.”,

(b) trí “1979-80” a chur in ionad “1978-79” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) i bhfo-alt (3),

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (4)—

“(b) roimh an 31ú lá de Nollaig an bhliain mheasúnachta dá ndéanfar an mheasúnacht,”,

(d) trí “1979” a chur in ionad “1978” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) agus (7A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 )—

“(7) I gcás a mbeidh éifeacht do bhliain mheasúnachta (is bliain mheasúnachta tar éis na bliana 197879) (dá ngairtear ‘an bhliain iomchuí’ san fho-alt seo) le hasbhaint a lamháiltear de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta—

(a) ní bheidh an duine i dteideal faoiseamh—

(i) faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'aon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana iomchuí maidir le caillteanas a tabhaíodh sa trádáil roimh thosach na bliana iomchuí, ná

(ii) faoi alt 311 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain iomchuí maidir le caillteanas a tabhaíodh sa trádáil,

(b) ní bheidh feidhm ag forálacha alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná ag forálacha an ailt sin arna gcur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, maidir le liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil arb éard é, nó a meastar gurb éard é, liúntas caipitiúil, nó cuid de liúntas caipitiúil, don bhliain iomchuí agus nár tugadh lánéifeacht dó an bhliain sin toisc nach raibh brabúis ná gnóchain inmhuirearaithe ann don bhliain sin nó toisc gan dóthain brabús nó gnóchan inmhuirearaaithe a bheith ann don bhliain sin, agus

(c) ní bheidh feidhm ag forálacha alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis na liúntais chaipitiúla ná le haon chuid díobh don bhliain iomchuí.”,

agus tá an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (ach amháin an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (ach amháin an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1979-80.

(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1979, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch ar 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis:

Leasú ar alt 22 (liúntas infheistíochta d'innealra agus do ghléasra i limistéir ainmnithe) den Acht Airgeadais, 1971 .

24. —Leasaítear leis seo alt 22 (a cuireadh isteach leis an Acht, Cánach Corparáide, 1976) den Acht Airgeadais, 1971 , trí “an 1ú lá d'Eanáir, 1981” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1977”.

Leasú ar alt 25 (méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe) den Acht Airgeadais, 1978 .

25. —Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 , trí “an duine” a chur in ionad “duine” agus “an liúntas” a chur in ionad “liúntas” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) San alt seo ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” caiteachas caipitiúil arna thabhú an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, nó dá éis, ag an duine a mbeidh an liúntas faoi alt 264 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le tabhairt dó ar fhoirgneamh nó déanmhas a fhoirgniú atá le bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail ar áitiú ag an duine sin chun críche a shonraítear i mír (a), (b) nó (d) d'alt 255 (1) den Acht sin:

Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú don tréimhse go 1 Aibreán, 1984.

26. —Chun na liúntais chaipitiúla dá bhforáiltear leis na hailt den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo a bhuanú go dtí an 1ú lá d'Aibreán, 1984, beidh éifeacht leis na hailt sin (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) ionann is dá mba thagairt don 1ú lá d'Aibreán, 1984, gach tagairt iontu don 1ú lá d'Aibreán, 1977.

AN TABLA

Alt 251 (liúntais tosaigh)

Alt 254 (liúntas foirgníochta tionscail)

Alt 264 (liúntais bhliantúla)

Alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta)

Iocaíochtaí áirithe ón Aire Saothair a dhíolmhú.

27. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 25 den Acht Airgeadais, 1976 :

“25.—(1) Déanfar neamhshuim, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, d'íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht ón Aire Saothair, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis a íocadh í, le fostóir i leith duine atá ar fostú aige, is íocaíocht a tugadh—

(a) faoi Scéim Ghreasachta Fostaíochta an Aire Saothair, nó

(b) faoi Scéim Chothabhála Fostaíochta an Aire Saothair.”.

Blianachtaí scoir.

28. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is cuí leo a fhorchur, conradh blianachta faoi alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a cheadú, d'ainneoin go bhforálann an conradh go bhféadfaidh an phearsa aonair a rinne é a cheangal go ndéanfar suim is ionann agus a chearta faibhrithe faoin gconradh—

(a) a íoc, ag an duine a rinne é, le cibé duine eile a shonróidh an phearsa aonair, agus

(b) a chur chun feidhme ag an duine eile sin ag íoc na préimhe nó na comaoine eile faoi chonradh blianachta arna dhéanamh idir an phearsa aonair agus an duine eile sin agus arna cheadú ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin,

má bhíonn an conradh céadluaite le ceadú thairis sin ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin.

(2) Folaíonn tagairtí i bhfo-alt (1) don phearsa aonair a rinne conradh tagairtí d'aon bhaintreach, baintreach fir nó cleithiúnaí ag a bhfuil cearta faibhrithe faoin gconradh.

(3) Más rud é, de bhun fhoráil den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i gconradh blianachta arna cheadú faoi alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó de bhun forála comhréire i gconradh arna cheadú faoi alt 235A (1) (a) den Acht sin, go ndéanfar suim is ionann agus luach na gceart faibhrithe faoi chonradh amháin (dá ngairtear “an conradh bunaidh” san fho-alt seo) a íoc mar phréimh nó comaoin eile faoi chonradh eile (dá ngairtear “an conradh ionaid” san fho-alt seo) déileálfar le haon bhlianacht is iníoctha faoin gconradh ionaid mar ioncam tuillte de chuid an bhlianachtóra an méid céanna a dhéileálfaí amhlaidh le blianacht faoin gconradh bunaidh.

(4) Leasaítear leis seo alt 239 (8) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) maidir le haon bhlianacht is iníoctha faoi chonradh ionaid de réir bhrí alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1979 ,”.

(5) Leasaítear leis seo alt 50 (4) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , trí “nó aon chonradh faoina bhfuil blianacht iníoctha a bhfuil éifeacht i ndáil léi le halt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1979 ” a chur isteach i ndiaidh “(a cuireadh isteach le halt 66 den Acht Airgeadais, 1974 )” agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(a) aon chonradh le pearsa aonair a bhfuil, nó a mbeadh mura mbeadh neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, cáin inmhuirearaithe air i leith tuillimh iomchuí (mar a shainítear in alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (blianachtaí scoir; faoiseamh i leith préimheanna)) ó thrádáil, gairm, oifig nó fostaíocht a sheolann sé nó atá aige, ar conradh é a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin nó faoi alt 235A (conarthaí le haghaidh cleithiúnaithe nó le haghaidh árachais saoil a cheadú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach le halt 66 den Acht Airgeadais, 1974 ), nó aon chonradh faoina bhfuil blianacht iníoctha a bhfuil éifeacht i ndáil léi le halt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1979 ;

Caibidil VI

Frithimghabháil

Teorainn ama le himeachtaí achomaire áirithe.

29. —Leasaítear leis seo na hAchtanna Cánach i ndáil le cionta a dhéanfar tar éis dáta an Acht seo a rith—

(a) trí “, 413” in alt 517 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a scriosadh, agus

(b) trí “10 mbliana” a chur i ionad “thrí bliana” san alt sin 517 agus in alt 148 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

agus tá na hailt sin 517 agus 148, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

517. D'ainneoin fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoi alt 128, 173 nó 516 a thionscnamh laistigh de 10 mbliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (cibé acu é).

148. D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoi alt 516 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ráitis bhréagacha), arna fheidhmiú i ndáil le cáin chorparáide nó faoi alt 63 (doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird: faoiseamh díolachán onnmhairí) a thionscnamh laistigh de 10 mbliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (de réir mar a bheidh).

Leasú ar alt 70 (cumhacht chun a cheangal tuairisceán a thabhairt i dtaobh bunaidh ioncaim comhpháirtíochta agus i dtaobh na méideanna a fuarthas ón gcéanna) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

30. —Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Déanfaidh comhpháirtí tosaíochta aon chomhpháirtíochta, nuair a chuirfear de cheangal air sin a dhéanamh trí fhógra a thabharfaidh cigire dó, ráiteas i scríbhinn, agus é sínithe aige, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a theorainneofar leis an bhfógra sin, a inseoidh méid na mbrabús nó na ngnóchan a d'eascair don chomhpháirtíocht ó gach aon agus gach uile bhunadh is inmhuirearaithe de réir na sceideal ar leithligh, ar iad a mheas don tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus de réir fhorálacha an Achta seo agus cuirfear dearbhú ag gabháil leis an ráiteas á rá go bhfuil na méideanna sin measta i leith na mbunadh ioncaim go léir a luaitear san Acht seo, agus tabharfar tuairisc ar an gcéanna, tar éis cibé suimeanna, agus gan ach cibé suimeanna, a bheidh ceadaithe a asbhaint.

(3B) Beidh éifeacht le halt 174 i ndáil le comhpháirtíocht a sheolann trádáil nó gairm ionann is dá ndéanfaí san alt sin—

(a) tagairt do chomhpháirtí tosaíochta a chur in ionad na tagartha do dhuine gach áit a bhfuil an tagairt sin,

(b) ‘chuig comhpháirtíocht’ a chur in ionad ‘chuige’ agus

(c) trí ‘nó i seilbh nó ar urláimh na comhpháirtíochta’ a chur isteach i ndiaidh ‘urláimh’.”

Cumhacht sonraí i dtaobh idirbhearta le cáiníocóirí agus doiciméid maidir le dliteanas cánach cáiníocóirí a fháil ó dhaoine áirithe.

31. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú;

ciallaíonn “gnó” aon trádáil, gairm nó gnó (seachas gnó baincéireachta de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 );

folaíonn “doiciméid” leabhair, cuntais agus taifid;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin chorparáide.

(b) Beidh ar áireamh na ndaoine a bhféadfar déileáil leo mar “an cáiníocóir” faoin alt seo cuideachta nach ann di a thuilleadh agus pearsa aonair a d'éag; agus, i ndáil le pearsa aonair den sórt sin, is tagairt ansin don bhaintreach nó don bhaintreach fir an tagairt i bhfo-alt (2) don chéile (ní bhainfidh sé le hábhar chun críocha an fho-ailt sin gur phós sise nó seisean athuair).

(2) I gcás duine (dá ngairtear “an cáiníocóir” san alt seo) do sheachadadh ráiteas do chigire i dtaobh an ioncaim, na mbrabús nó na ngnóchan a d'eascair chuige—

(a) ó aon ghnó (san am a caitheadh nó san am i láthair) a sheol nó a sheolann sé féin nó a chéile, nó

(b) ó aon ghnó (san am a caitheadh nó san am i láthair) a raibh baint ag ceachtar díobh lena bhainistí tráth ábhartha,

agus nach mbeidh an cigire sásta leis an ráiteas, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcáiníocóir á rá—

(i) nach bhfuil sé sásta leis an ráiteas a seachadadh dó, agus

(ii) go bhfuil iarrtha aige ar oifigeach údaraithe fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar dhaoine atá, i ndáil leis an gcáinocóir, faoi réir an ailt seo.

(3) I gcás ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (2) ar an gcáiníocóir, féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn fiosrú a dhéanamh faoi dhliteanas cánach an cháiníocóra, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon duine atá, i ndáil leis an gcáiníocóir, faoi réir an ailt seo, a cheangal air, laistigh den tréimhse a bheidh luaite san fhógra, nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an t-oifigeach údaraithe—

(a) sonraí a thabhairt dó i dtaobh aon idirbhearta gnó a bhí ag an duine sin leis an gcáiníocóir le linn tréimhse luaite, agus

(b) cibé doiciméid a sheachadadh dó nó, más rogha sin leis an duine dá dtabharfar an fógra, a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, is doiciméid a mbeidh a sonraí nó a dtuairisc tugtha san fhógra agus a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh agus a bhfuil iontu, nó ar féidir go bhfuil iontu, i dtuairim an oifigigh chéadluaite, faisnéis is faisnéis ábhartha maidir le haon dliteanas cánach a bhfuil, nó ar féidir go bhfuil nó go raibh, an cáiníocóir faoina réir, nó maidir le méid aon dliteanais chánach den sórt sin.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheanglaíonn ar dhuine atá i mbun gairme, agus ar seirbheáladh fógra faoi fho-alt (3) air, aon sonraí a bhaineann le cliant a thabhairt d'oifigeach údaraithe nó aon doiciméid a bhaineann le cliant a sheachadadh d'oifigeach údaraithe nó a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe, seachas cibé sonraí nó doiciméid—

(a) a bhaineann le híoc táillí nó le hidirbhearta airgeadais eile, nó

(b) a bhaineann ar dhóigh eile go hábhartha le dliteanas cánach an chliaint,

agus, go háirithe, ní cheanglófar air aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de ghné rúnda a tugadh do chliant a nochtadh.

(5) I gcás a mainneoidh duine ceanglas a cuireadh go cuí ar an duine faoi fho-alt (3) a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a bheidh luaite san fhógra a mbeidh an ceanglas ann nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a bheidh ceadaithe ag an oifigeach údaraithe áirithe, dlífear fíneáil £500 a chur ar an duine.

(6) I ndáil le cáiníocóir, is iad na daoine atá faoi réir an ailt seo aon duine atá ag seoladh gnó, nó a bhí ag seoladh gnó tráth ábhartha, agus aon chuideachta cibé acu atá gnó á sheoladh aici nó nach bhfuil.

(7) Chun críocha fho-alt (2), measfar, maidir le gach stiúrthóir cuideachta, go bhfuil baint aige le bainistí aon ghnó a sheolann an chuideachta, agus is tráth ábhartha aon tráth is ábhar, nó arbh fhéidir dó bheith ina ábhar, i dtuairim an oifigigh údaraithe, le linn aon dliteanas cánach de chuid an cháiníocóra san am a caitheadh nó san am i láthair a bheith á fhionnadh.

(8) I gcás doiciméid a bheith le seachadadh d'oifigeach údaraithe de bhun cheanglas a cuireadh go cuí faoi fho-alt (3), féadfar cóipeanna de na doiciméid sin a sheachadadh i ionad na gceann bunaidh; ach—

(a) ní foláir gur cóipeanna fótagrafacha, nó cóipeanna a rinneadh trí mhacasamhlú ar shlí eile, na cóipeanna; agus

(b) má cheanglaíonn an t-oifigeach údaraithe é, ní foláir na doiciméid bhunaidh a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe agus má mhainnítear an fhoráil sin a chomhlíonadh déileálfar leis mar mhainneachtain an ceanglas a chomhlíonadh.

(9) Féadfaidh oifigeach údaraithe aon doiciméid a tugadh nó a cuireadh ar fáil lena n-iniúchadh faoin alt seo a scrúdú agus féadfaidh sé cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

(10) Nuair a bheidh oifigeach údaraithe ag feidhmiú aon chumhachtaí a thugtar leis an alt seo déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim á údarú dó na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú a thabhairt ar aird don duine sin.

Caibidil VII

Frithsheachaint

Alt 144 (díolúine nuair nach mó ná £240 an t-ioncam iomlán, agus faoiseamh marghanach) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a aisghairm.

32. —(1) Aisghairtear leis seo alt 144 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear agus achtaítear leis seo, maidir le haon bhliain mheasúnachta iomchuí, nach mbeidh feidhm, agus go measfar nach raibh feidhm riamh, ag alt 144 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le pearsa aonair ar mhó ná £15,000 a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta sin.

(3) San alt seo ciallaíonn “aon bhliain mheasúnachta iomchuí” aon cheann de na blianta 1974-75, 1975-76 agus 1976-77.

Leasú ar alt 439 (ioncam faoi dhiúscairtí ar feadh gearr-thréimhsí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

33. —Maidir le cáin ioncaim don bhliain 1979-80 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo alt 439 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) Baineann an mhír seo le diúscairt nó diúscairtí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a rinne duine (dá ngairtear an ‘diúscróir’ san fho-alt seo), go díreach nó go neamhdhíreach, a mhéid atá, de bhua nó de dhroim an chéanna, ioncam iníoctha le haon duine, nó infheidhmithe chun sochair aon duine, de shliochtaigh an diúscróra i mbliain mheasúnachta sa tslí dá dtagraítear i mír (iii) nó (iv) den fho-alt sin (1).

(b) D'ainneoin fhorálacha an fho-ailt sin (1), i ndáil le diúscróir, aon ioncam is iníoctha nó is infheidhmithe de bhua nó de dhroim diúscairt nó diúscairtí lena mbaineann mír (a) is mó ná 5 faoin gcéad d'ioncam iomlán an diúscróra don bhliain mheasúnachta measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é ioncam an diúscróra é, más beo dó, agus nach é ioncam aon duine eile é.

(c) I gcás a mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo, i ndáil le haon diúscróir, chun an méid ioncaim a chinneadh, chun críocha cánach ioncaim, a fhanann ina ioncam de chuid sliochtaigh an diúscróra do bhliain mheasúnachta de bhua nó de dhroim diúscairt nó diúscairtí dá dtagraítear san fho-alt sin (1), déanfar méid comhiomlán an ioncaim a fhanann amhlaidh a chionroinnt ar na sliochtaigh i gcomhréir lena dteideal faoin diúscairt nó faoi na diúscairtí sin don bhliain sin.

(d) San fho-alt seo ciallaíonn ‘sliochtach’ leanbh, nó leanbh linbh, seachas leanbh, nó leanbh linbh, atá éagumasaithe go buan de bhíthin éiglíocht coirp nó meabhrach.

Leasú ar Sceideal 12 (díbhinní a measfar gurb as brabúis a carnadh roimh dháta áirithe a íocadh iad) a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

34. —Leasaítear leis seo Sceideal 12 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an gclásal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh chlásal (a) d'fhomhír (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) de mhír 5—

“(aa) aon ghrúp-fhaoiseamh a tugadh don chuideachta de réir fhorálacha Chuid XI den Acht Cánach Corparáide, 1976 , d'aon tréimhse chuntasaíochta sa tréimhse,”

agus

(b) trí “na tagairtí sa chéanna do mhéid in aghaidh” a chur in ionad “an tagairt sa chéanna do cháin bhrabús corparáide nó do cháin chorparáide is iníoctha in aghaidh aon” i mír 6 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ),

agus tá an mhír sin 6, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

6. Aon tagairt i mír 4 nó 5 do mhéid in aghaidh bliana measúnachta sa tréimhse a bheidh i gceist measfar gur tagairt í don méid iomlán in aghaidh aon bhliana measúnachta ar bhliain laistigh den tréimhse sin í go léir agus do chuid chomhréire den méid (ar fhoras ama) in aghaidh aon bhliana measúnachta ar laistigh den tréimhse sin do chuid di, agus is dá réir sin a fhorléireofar na tagairtí sa chéanna do mhéid in aghaidh tréimshe cuntasaíochta sa tréimhse sin.

Caibidil VIII

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar alt 25 (áit chónaí phríobháideach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

35. —Leasaítear leis seo alt 25 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9):

“(9A) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘gaol cleithiúnach’, i ndáil le pearsa aonair, gaol don phearsa aonair, nó do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan aonair, atá éagumasach mar gheall ar sheanaois nó easláinte ar é féin a chothabháil, nó máthair (agus í ina baintreach, bíodh nó nach bíodh sí éagumasach amhlaidh) na pearsan aonair nó bhanchéile nó fhearchéile na pearsan aonair.

(b) Más rud é, maidir le gnóchan a d'fhaibhrigh nó a fhaibhreoidh chuig pearsa aonair ar theach cónaí nó cuid de theach cónaí nó leas sa chéanna a dhiúscairt an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó dá éis, arb é, nó arbh é tráth ar bith le linn a thréimhse úinéireachta, aon-áit chónaí gaoil chleithiúnaigh de chuid na pearsan aonair, a soláthraíodh saor ó chíos agus gan aon chomaoin eile, go n-éileoidh an phearsa aonair amhlaidh, tabharfar an faoiseamh céanna ina leith agus i leith a ghairdín nó a thailte a thabharfaí faoin alt seo dá mba é an teach cónaí (nó an chuid den teach cónaí) aonáit nó príomh-áit chónaí na pearsan aonair i dtréimhse chónaí an ghaoil chleithiúnaigh, agus tabharfar amhlaidh é i dteannta aon fhaoisimh is inchomhairimh faoin alt seo ar leith ón bhfo-alt seo:

Ar choinníoll—

(i) nach bhféadfaidh níos mó ná teach cónaí (nó cuid de theach cónaí) amháin cáiliú le haghaidh faoisimh mar gur áit chónaí gaoil chleithiúnaigh de chuid an éilitheora é aon tráth áirithe ná, i gcás fear agus a bhanchéile a chónaíonn leis, mar gur áit chónaí gaoil chleithiúnaigh de chuid an éilitheora nó de chuid bhanchéile nó fhearchéile an éilitheora é aon tráth áirithe, agus

(ii) go bhféadfaidh an cigire, roimh éileamh a cheadú, a cheangal ar an éilitheoir a shuíomh—

(I) má thugtar an faoiseamh a éilítear, nach gcuirfidh sin cosc, faoi mhír (i), ar fhaoiseamh a thabhairt do bhanchéile nó d'fhearchéile an éilitheora, nó

(II) go bhfuil éirithe as éileamh ón mbanchéile nó ón bhfearchéile sin ar aon fhaoiseamh den sórt sin.”.

Leasú ar alt 27 (gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh den teaghlach) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

36. —Leasaítear leis seo alt 27 (a cuireadh isteach leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 ) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) (c):

“(d) Chun críocha mhír (a), leanbh neamhdhlisteanach nár dlisteanaíodh nó nár uchtaíodh mar a thuairiscítear in alt 36 (a) (ii) den Acht Airgeadais, 1977 , ar dháta na diúscartha nó roimhe, is leanbh lena mháthair é má rinne nó má dhéanann a mháthair an diúscairt chuige an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó dá éis.”.

Leasú ar alt 31 (iontaobhais aonad) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

37. —(1) Dearbhaítear agus achtaítear leis seo nach mbeidh éifeacht, agus go measfar nach raibh éifeacht riamh, chun críocha aon mheasúnacht i leith cánach gnóchan caipitiúil a rinneadh nó a dhéanfar an 11ú lá de Bhealtaine, 1979, nó dá éis, le fo-alt (4) d'alt 31 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir le hiontaobhas aonad lena mbaineann forálacha fho-alt (5A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin.

(2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 31 trí “maidir leis an mbliain sin” a chur isteach i ndiaidh “measfar” i bhfo-alt (5), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(5) Más amhlaidh do shócmhainní uile iontaobhais aonad ar feadh bliana measúnachta nach sócmhainní inmhuirearaithe iad nó gur sócmhainní iad nár ghnóchan inmhuirearaithe gnóchan ina leith, measfar maidir leis an mbliain sin nach socmhainní inmhuirearaithe chun críocha an Achta seo na haonaid san iontaobhas aonad.

CUID II

Custaim agus MÁl

Léiriú (Cuid II).

38. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976 ;

ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Beoir.

39. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá d'Fheabhra, 1979, de réir £67.976, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad na rátaí a luaitear in alt 36 (1) d'Acht 1976.

(2) Faoi réir mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 237) (Beoir), 1979 (I.R. Uimh. 67 de 1979), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, amhail ar an agus ón 8ú lá d'Fheabhra, 1979, de réir shaindlús bunaidh na beorach de réir £67.976 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh in ionad an ráta a luaitear in alt 46 den Acht Airgeadais, 1977 .

Biotáille.

40. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá d'Fheabhra, 1979, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1976.

(2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Táirgí tobac.

41. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Ordú 1977” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 233) (Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 (I.R. Uimh. 384 de 1977);

tá le “cavendish nó negrohead”, “todóga”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile” agus “táirgí tobac” an bhrí chéanna atá leo san Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 .

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Thairgí Tobac), 1977 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá d'Fheabhra, 1979, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear in Ordú 1977.

Fíon agus fíon déanta.

42. —(1) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá d'Fheabhra, 1979, de réir na rataí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1976.

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá d'Fheabhra, 1979, de réir ná rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1976.

Leann úll agus leann piorraí.

43. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

(2) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 8ú lá d'Fheabhra, 1979, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin 8 (2).

(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2) den alt seo agus in ionad an ráta £2.466 an galún a luaitear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar an dleacht máil dá dtragraítear san fho-alt sin (2) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.25 an galún ar aon stoic leanna úll nó leanna piorraí ar mó ná 8.7% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte atá ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe leanna úll nó leanna piorraí um meán oíche an 7ú lá d'Fheabhra, 1979, má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nár mhó ná 20,000 galún cainníocht iomlán na stoc sin a bhí ar úinéireacht nó i seilbh an mhonaróra sin.

Leasú ar alt 2 (toirmeasc ar ghníomhú mar gheall-ghlacadóir gan ceadúnas) den Acht um Gheall-Chur, 1931 .

44. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um Gheall-Chur, 1931 , trí “£500” a chur in ionad “de chéad punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1963 ) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) Gach éinne a dhéanfaidh gnó no a ghníomhóidh mar gheall-ghlacadóir contrárdha don alt so agus gach éinne do bhéarfaidh le tuisgint nó a chuirfidh in úil contrárdha don alt so gur geall-ghlacadóir nó geall-ghlacadóir ceadúnaithe é beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlífear pionós máil £500 a chur air.

Aisghairm.

45. —Aisghairtear leis seo alt 15 den Acht Airgid, 1934 .

Forálacha i ndáil le dleachtanna máil ar thoradh talmhaíochta.

46. —(1) Dearbhaítear leis seo go dtoirmiscfear táirgí a onnmhairiú ón Stát atá, ar iad a onnmhairiú amhlaidh, faoi réir dleacht a íoc a fhorchuirtear leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 239) (Táirge Talmhaíochta) (Bólacht agus Bainne), 1979 (I.R. 152 de 1979), nó leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 240) (Táirge Talmhaíochta) (Gránaigh agus Biatas Siúcra), 1979 (I.R. Uimh. 153 de 1979), mura ndéanfar, roimh an onnmhairiú sin, méid na dleachta a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó urrús a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim is leor, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, go n-íocfar é.

(2) Dearbhaítear leis seo go ndéanfar alt 15 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1966 , a fhorléiriú, i ndáil leis an dleacht a fhorchuirtear leis an alt sin nó le haon dleacht a bhfeidhmítear an t-alt sin ina leith de bhua alt 1 (h) den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957 , mar alt a chuireann ar chumas, agus a chuir riamh ar chumas, na gCoimisinéirí Ioncaim a fhoráil le rialacháin go bhféadfadh daoine a shonrófaí sna rialacháin méid is ionann agus méid na dleachta máil sin a choimeád siar nó a ghnóthú, ar an modh agus faoi réir na gcoinníollacha a shonrófaí sna rialacháin, ó cibé daoine a shonrófaí amhlaidh.

Ordú a dhaingniú.

47. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 234) (Dleachtanna Máil ar Olaí Hidreacarbóin agus ar Bheoir), 1978 (I.R. Uimh. 2 de 1978 ).

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Leasú ar alt 18 (taifid a iniúchadh agus a thabhairt chun siúil) den Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

48. —Leasaítear leis seo alt 18 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon fhiosrú a dhéanamh is dóigh leis is gá maidir le nithe a bhaineann le dliteanas cánach nó le haisíoc cánach i leith aon duine, dul isteach in aon áitreabh a bhfuil cúis ag an oifigeach chun a chreidiúint go bhfuil an duine sin ag seoladh gnó ann agus féadfaidh an t-oifigeach a iarraidh go dtabharfar ar aird aon leabhair, sonraisc, nótaí sochair, nótaí dochair, admhálacha, cuntais, ráitis bhainc, dearbháin nó doiciméid ar bith eile a bhaineann leis an ngnó sin nó féadfaidh sé cuardach don chéanna agus iad a iniúchadh, agus féadfaidh sé aon leabhair, sonraisc, nótaí sochair, nótaí dochair, admhálacha, cuntais, dearbháin, ráitis bhainc nó doiciméid eile a thabhairt leis agus a choimeád go ceann cibé tréimhse is réasúnach chun iad a scrúdú nó le haghaidh aon imeachtaí chun pionós faoin Acht seo a ghnóthú.”

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 .

49. —Déanfar, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1979, an ráta cánach breisluacha ar ghléasanna glacadóireachta raidió ar de chineál tís nó de chineál iniompair iad nó ar de chineál iad atá oiriúnach lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair, agus ar ghramafóin, radaghramafóin agus seinnteoirí ceirníní, a mhéadú ó 10 faoin gcéad den méid nó den luach, cibé acu é, ar inmhuirearaithe cáin ar na hearraí sin ina leith go dtí 20 faoin gcéad den méid nó den luach sin agus, dá réir sin, leasófar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972

(a) trí “gléasanna glacadóireachta raidió agus” a scriosadh i mír (xxix), agus

(b) trí mhír (xxx) a scriosadh.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Díolúine ó dhleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

50. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon tíolacadh, aistriú nó léasú talún a dhéanfar, nó a chomhaontófar a dhéanamh, tar éis dáta an Achta seo a rith chun críocha carthanúla sa Stát nó i dTuaisceart Éireann chuig comhlacht daoine a bunaíodh chun críocha carthanúla amháin nó chuig iontaobhaithe iontaobhas a bunaíodh amhlaidh:

Ar choinníoll nach measfar tíolacadh, aistriú nó léasú lena mbaineann an t-alt seo a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh sé, de réir fhorálacha alt 12 den Stamp Act, 1891, stampáilte le stampa áirithe á chur in iúl nach bhfuil dleacht stampa inmhuirearaithe air.

Leasú ar alt 70 (an méid ar arb inmhuirir dleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1973 .

51. —Leasaítear leis seo alt 70 den Acht Airgeadais, 1973 , trí “dearbhluach nó” agus “(cibé acu is mó)” a scriosadh sa chéad choinníoll agus tá an coinníoll, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

Ar choinníoll, in aon chás, nach mbeidh an méid a muirearófar dleacht stampa ina leith faoi bhun luach ainmniúil na scaireanna (más ann) sa chuideachta áirithe a cionroinneadh ar chomhaltaí na cuideachta caipitiúla i ndáil leis an idirbheart nó a bheidh ar úinéireacht ag comhaltaí na cuideachta caipitiúla díreach tar éis an idirbhirt:

Leasú ar alt 72 (athchóiriú nó cónascadh cuideachtaí caipitiúla) den Acht Airgeadais, 1973 .

52. —Leasaítear leis seo alt 72 den Acht Airgeadais, 1973 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Chun críocha an ailt seo, measfar maidir le cuideachta, comhpháirtíocht, gnólacht, comhlachas nó duine dlítheanach a n-áirítear gur cuideachta chaipitiúil i mBallstát eile é nó í, gur cuideachta aistreora é nó í d'ainneoin nach n-áirítear gur cuideachta chaipitiúil é nó í.”.

Leasú ar alt 69 (dleacht stampa le muirearú ar ráiteas) den Acht Airgeadais, 1973 .

53. —Leasaítear leis seo alt 69 den Acht Airgeadais, 1973 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Beidh ús simplí iníoctha ar mhodh pionóis ar an oiread sin den dleacht stampa a mhuirearófar ar an ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh faoi fho-alt (1) (b) den alt seo agus a bheidh gan íoc tar éis mí a bheith caite ó dháta an idirbhirt ba bhun leis an muirear i leith dleachta nó tar éis dáta an Achta seo a rith, cibé dáta díobh is déanaí, agus beidh an t-ús sin iníoctha de réir 1.25 faoin gcéad, gan cáin ioncaim a asbhaint, in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí a mbeidh dleacht gan íoc amhlaidh ina haghaidh agus beidh sé inmhuirearaithe agus inghnóthaithe sa tslí chéanna ionann is dá mba chuid den dleacht é.”.

Díolúine ó dhleacht stampa ar aistrithe áirithe.

54. —(1) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon aistriú chuig ainmnitheach stocmhargaidh a fhorghníomhaítear chun críocha idirbhirt stocmhargaidh.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “ainmnitheach stocmhargaidh” duine a bheidh sonraithe, le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh, mar ainmní de chuid stocmhargaidh aitheanta chun críocha Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977 ;

ciallaíonn “idirbheart stocmhargaidh” díol agus ceannach urrús inar comhalta de stocmhargadh aitheanta gach duine de na páirtithe agus é ag gníomhú i ngnáthchúrsa a ghnó mar chomhalta den sórt sin nó ag gníomhú trí ghníomhaireacht comhalta den sórt sin.

Comhaontú maidir le dleacht stampa ar ionstraimí áirithe.

55. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é dá rogha féin, comhaontú a dhéanamh leis an Stocmhargadh—Éireannach nó le daoine ag gníomhú thar ceann an Stocmhargaidh—Éireannach (dá ngairtear “na páirtithe eile sa chomhaontú” anseo feasta san alt seo) chun an dleacht stampa is inmhuirearaithe faoin gceannteideal “CON-VEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1970 , ar cibé ionstraimí a bheidh sonraithe sa chomhaontú a imshocrú de réir forálacha an ailt seo.

(2) Beidh aon chomhaontú den sórt sin i cibé foirm agus ar cibé téarmaí agus beidh ann cibé coinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim agus, go háirithe, ceanglóidh an comhaontú ar na páirtithe eile sa chomhaontú cuntais thréimhsiúla a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis na hionstraimí lena mbaineann sé agus tabharfar sonraí na n-ionstraimí sin.

(3) Fad a bheidh aon chomhaontú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ar aon ionstraim lena mbaineann sé agus a mbeidh curtha in iúl uirthi ar cibé slí a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht stampa, ach in ionad dleachta stampa agus ar mhodh imshocraíochta, íocfaidh na páirtithe eile sa chomhaontú leis na Coimisinéirí Ioncaim ar aon chuntas faoin gcomhaontú a sheachadadh, cibé suimeanna a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo, inmhuirearaithe ar mhodh dleachta stampa ar ionstraimí lena mbaineann an comhaontú, i gcaitheamh na tréimhse lena mbaineann an cuntas.

(4) Má mhainníonn na páirtithe eile sa chomhaontú aon chuntas a sheachadadh a cheanglaítear a sheachadadh le haon chomhaontú den sórt sin nó an dleacht a íoc is iníoctha ar aon chuntas den sórt sin a sheachadadh, dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur orthu in aghaidh aon lae a leanfar den mhainneachtain agus dlífidh siad freisin, i dteannta na dleachta, ús a íoc uirthi, agus beidh sin inghnóthaithe sa tslí chéanna ionann is dá mba chuid den dleacht é, de réir 15 faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thosóidh an mhainneachtain go dtí dáta a íoctha.

(5) Ionstraim lena mbaineann comhaontú den sórt sin agus a mbeidh méid na dleachta stampa is iníoctha uirthi curtha in iúl uirthi de bhun forálacha an ailt seo déileálfar léi chun críocha uile dleachta stampa mar ionstraim a stampáladh le méid na dleachta stampa a bheidh curtha in iúl uirthi amhlaidh.

Ordú a chúlghairm.

56. —Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 238) (Díolúine ó Dhleacht Stampa ar Aistrithe Airithe agus Comhaontú Maidir Léi), 1979 (I.R. Uimh. 121 de 1979).

CUID V

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

57. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1978” alt 45 den Acht Airgeadais, 1978 ;

ciallaíonn “an naoú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1979, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1978 ach “£13,481,632” a chur in ionad “£13,577,065”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1978 ach “£8,510,305” a chur in ionad “£8,739,850”.

(4) Déanfar suim £18,381,262 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1979.

(5) Déanfar an naoú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den naoú blianacht bhreise is fiche, nach mó ná £11,832,415 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an naoú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

58. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

59. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le Custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1978, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1979, a ghairm díobh le chéile.

(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1979.

(7) Ach amháin i gcás ina n-éillíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHEAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

CUID I

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach

Alt 2.

I ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1979-80, agus do bhlianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 1 (1), scriosfar an míniú ar “ráta tosaigh” (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977 ),

(b) in alt 153 (1) (dd), scriosfar “nó rátaí” gach áit a bhfuil sé,

(c) in alt 497, scriosfar “an ráta tosaigh nó” gach áit a bhfuil sé, agus “de réir mar is iomchuí”, agus

(d) alt 525 (1), scriosfar fomhír (i) (a).

CUID II

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Alt 3.

Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 138—

(i) i bhfo-alt (1), in ionad “£1,730” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£2,230”, in ionad “£865” cuirfear “£1,115” agus in ionad “£1,845” cuirfear “£2,345”, agus

(ii) i bhfo-alt (2), in ionad “£865” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£1,115” agus in ionad “£935” cuirfear “£1,185”,

(b) in alt 141, i bhfo-alt (1A), in ionad “£240” cuirfear “£218”.

AN DARA SCEIDEAL

Faoiseamh in aghaidh Caiteachais Airithe ar Aitreabh Cónaithe

Alt 7.

1. In alt 7 agus sa Sceideal seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu i scríbhinn chun críocha alt 7 agus an Sceidil seo;

ciallaíonn “deimhniú cláraitheachta” deimhniú a eiseofar faoi mhír 5;

ciallaíonn “costas saothair”, i ndáil le hobair cháilitheach, costas na hoibre a fháil déanta ach ní fholaíonn sé costas aon ábhair, uirlisí, innealra nó aon ní eile, a úsáidtear ag déanamh na hoibre ná costas uirlisí, innealra, nó aon ní eile, a úsáidtear amhlaidh a fhruiliú;

tá le “comhpháirtí tosaíochta” an bhrí a shanntar dó le Caibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1980;

ciallaíonn “obair cháilitheach” aon obair chothabhála, dheisiúcháin, fheabhsúcháin, nó inslithe ar áitreabh cónaithe;

ciallaíonn “duine cláraithe” duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige agus nár ceanglaíodh air de bhun mhír 7 an deimhniú sin a thabhairt ar ais nó nár cealaíodh a dheimhniú cláraitheachta de bhun na míre sin;

ciallaíonn “áit chónaithe dá chuid”, i ndáil le pearsa aonair, aon áitreabh cónaithe ina gcónaíonn sé go rialta;

ciallaíonn “áitreabh cónaithe”—

(a) foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais, agus

(b) talamh atá ag áititheoir foirgnimh nó coda d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais lena áitiú agus lena theachtadh é féin i dteannta an fhoirgnimh nó na coda sin mar ghairdín nó mar thailte de ghné ornáideach,

ach ní fholaíonn sé—

(i) foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a áitíodh nó a áiteofar den chéad uair mar theaghais tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1979, nó

(ii) maoin sho-chorraithe inláimhsithe.

2. I gcás ar mian le pearsa aonair asbhaint a éileamh faoi alt 7 maidir le costas saothair obair cháilitheach a rinne nó a dhéanfaidh duine cláraithe—

(a) déanfaidh sé iarratas san fhoirm fhorordaithe chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar fhoirm ina n-éileoidh sé an asbhaint (dá ngairtear “foirm éilimh” sa mhír seo) agus ar a mbeidh ainm an duine chláraithe, agus

(b) comhlánóidh sé an fhoirm éilimh (a eiseoidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige más deimhin leo gur cheart an fhoirm a eisiúint chuig an bpearsa aonair sin),

(c) seachadfaidh sé an fhoirm chomhlánaithe, mar aon le cóip amháin di agus cibé ráitis i scríbhinn a bheidh sonraithe san fhoirm éilimh, don chigire cánach, agus

(d) seachadfaidh sé cóip amháin den fhoirm éilimh chomhlánaithe don duine cláraithe.

3. (1) I gcás foirm éilimh a bheith iarrtha go cuí ag pearsa aonair, féadfaidh oifigeach údaraithe, aon tráth réasúnach idir dáta an iarratais sin a dhéanamh agus dáta na hasbhainte iomchuí a dhéanamh, dul isteach san áitreabh cónaithe ar a ndéanfar, nó ar a ndearnadh, an obair cháilitheach is ábhar don éileamh, chun fiosrú a dhéanamh maidir le cruinneas aon sonraí a tugadh faoi mhír 2 i leith na hoibre sin.

(2) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an mír seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

4. (1) Is ar mhodh aisíoca a thabharfar faoiseamh ó cháin de dhroim asbhaint faoi alt 7 a lamháil ach amháin go bhféadfar, má mheasann na Coimisinéirí Ioncaim gur iomchuí sin a dhéanamh, éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh sa bhliain 1979-80 ar dhóigh seachas ar mhodh aisíoca.

(2) Faoi réir fhomhír (1), beidh feidhm i ndáil le haon asbhaint faoi alt 7 ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil le gach asbhaint a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. (1) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar dhuine do dhéanamh iarratais ina leith sin chucu san fhoirm fhorordaithe, deimhniú (dá ngairtear “deimhniú cláraitheachta” in alt 7 agus sa Sceideal seo) a eisiúint chuig an duine sin más deimhin leo go bhfuil cónaí sa Stát ar an duine nó, i gcás comhpháirtíochta, ar gach comhpháirtí.

(2) Coimeádfaidh agus cothabhálfaidh na Coimisinéirí Ioncaim clár ina dtaifeadfar ainm agus seoladh gach duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige agus an cineál oibre a dhéanann sé agus coimeádfar agus cothabhálfar cóip den chlár sin i ngach oifig de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Daonchumhachta nó de chuid cigirí cánach agus beidh sí ar fáil lena iniúchadh ag duine ar bith.

6. Déanfaidh duine cláraithe—

(a) an deimhniú cláraitheachta a eisíodh chuige de bhun mhír 5 (1) a shíniú sa spás atá ann chuige sin, agus

(b) nuair a iarrfaidh pearsa aonair dá ndearnadh nó dá ndéanfar obair cháilitheach air é—

(i) a dheimhniú cláraitheachta a thabhairt ar aird don phearsa aonair lena iniúchadh,

(ii) cibé sonraí a bheidh ar a dheis aige agus a theastóidh ón bpearsa aonair chun críocha mhír 2 a thabhairt don phearsa aonair,

(iii) na foirmeacha a cheanglaítear ar an bpearsa aonair a chomhlánú chun críocha na míre sin 2 a shíniú sa spás atá iontu chuige sin.

7. I gcás ar dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim—

(a) gur eisíodh deimhniú cláraitheachta ar bhonn faisnéise a bhí bréagach nó míthreorach,

(b) nach n-eiseofaí deimhniú cláraitheachta dá mbeadh faisnéis a tháinig ar a n-umhail tar éis é a eisiúint ar fáil acu ar dháta a eisiúna,

(c) gur cheadaigh duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige mí-úsáid a bhaint as an deimhniú,

(d) go bhfuil scortha ag duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige nó, i gcás comhpháirtíochta, ag aon chomhpháirtí, de bheith ina chónaí sa Stát, nó

(e) gur mhainnigh duine ar eisíodh deimhniú cláraitheachta chuige aon cheann d'fhorálacha mhír 6 a chomhlíonadh,

féadfaidh siad—

(I) an deimhniú a chealú,

(II) a cheangal ar an duine, ar eisíodh an deimhniú chuige, le fógra i scríbhinn an deimhniú sin a thabhairt ar ais dóibh láithreach, agus

(III) ainm an duine a bhaint den chlár a choimeádfar agus a chothabhálfar de réir mhír 5 (2) agus de gach cóip den chlár sin.

8. (1) Duine—

(a) a dhéanfaidh ráiteas bréagach, nó a thabharfaidh doiciméad atá, go bhfios dó, bréagach i bponc ábhartha, do na Coimisinéirí Ioncaim nó d'oifigeach údaraithe chun deimhniú cláraitheachta a fháil,

(b) a chuirfidh deimhniú cláraitheachta de láimh seachas tríd an deimhniú sin a thabhairt ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim,

(c) a mhainneoidh deimhniú cláraitheachta a thabhairt ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a cheanglófar sin air de bhun mhír 7,

(d) a bhfuil seilbh aige ar dheimhniú cláraitheachta nár eisigh na Coimisinéirí Ioncaim chuige, nó

(e) a thabharfaidh deimhniú cláraitheachta ar aird do phearsa aonair tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal air an deimhniú a thabhairt ar ais,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Aon duine a chabhróidh, a neartóidh nó a chomhairleoidh—

(a) le deimhniú cláraitheachta a fháil trí ráiteas bréagach,

(b) le deimhniú cláraitheachta a úsáid ag aon duine seachas an duine ar chuige a d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim é, nó

(c) le doiciméad nach deimhniú cláraitheachta ach a airbheartaíonn gur deimhniú den sórt sin é a thabhairt ar aird do phearsa aonair,

nó a thabharfaidh sin chun críche beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(3) Aon duine cláraithe a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh foráil de chuid mhír 6 beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

9. (1) Aon fhógra, deimhniú nó foirm a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt, a sheirbheáil, a sheoladh nó a eisiúint féadfar é a chur leis an bpost.

(2) In imeachtaí faoi mhír 8—

(a) deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé na taifid iomchuí agus gur dealraitheach uathu gur tugadh ráiteas luaite go cuí don chosantóir ar lá luaite is fianaise é, nó go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sa ghnáth-shlí,

(b) deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé na taifid, na deimhnithe nó na foirmeacha iomchuí agus gur dealraitheach nach bhfuarthas deimhniú luaite ón gcosantóir nó nár thug sé sonraí luaite do phearsa aonair luaite nó nár shínigh an cosantóir deimhniú luaite nó foirm luaite sa spás a bhí ann dó sin is fianaise é, nó go gcruthófar a mhalairt, nár sheachaid an cosantóir an deimhniú sin nó nár thug sé an fhaisnéis sin nó nár shínigh sé an deimhniú nó an fhoirm sin,

(c) doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú é a shonraítear i bhfomhír (a) nó (b) den mhír seo, measfar gur deimhniú den sórt sin é, agus gur shínigh an duine é a d'airbheartaigh é a bheith sínithe aige, mura suífear a mhalairt.

10. Beidh an chumhacht—

(a) chun deimhniú cláraitheachta a eisiúint nó a chealú,

(b) chun a cheangal ar dhuine an deimhniú cláraitheachta a eisíodh chuig an duine sin a thabhairt ar ais,

(c) chun ainm duine a bhaint den chlár a choimeádfar agus a chothabhálfar de réir mhír 5 agus de gach cóip den chlár sin,

infheidhmithe ag cigire cánach.

11. (1) Na gníomhartha sin go léir a gceanglaítear leis an Sceideal seo go ndéanfadh duine iad—

(a) i gcás comhlachta daoine nach cuideachta é, is é cisteoir an chomhlachta daoine nó oifigeach eile don chomhlacht daoine a bheidh ag gníomhú sa cháil sin de thuras na huaire a dhéanfaidh iad, agus beidh seisean freagrach as na gníomhartha sin go léir a dhéanamh,

(b) i gcás cuideachta, is é rúnaí na cuideachta nó oifigeach eile (cibé ainm a ghairtear de) a bheidh ag déanamh dualgais rúnaí a dhéanfaidh iad, agus beidh seisean freagrach as na gníomhartha sin go léir a dhéanamh,

(c) i gcás comhpháirtíochta, is é an comhpháirtí tosaíochta a dhéanfaidh iad agus beidh seisean freagrach as na gníomhartha sin go léir a dhéanamh.

(2) Measfar, i gcás comhpháirtíocht ar duine cláraithe í, gur tagairt do chomhpháirtí tosaíochta na comhpháirtíochta sin an tagairt do dhuine cláraithe i mír 8 (3).

AN TRIU SCEIDEAL

Na RátaÍ Dleachta Máil ar Bhiotáille

Alt 40.

An Cineál Biotáille

An Ráta Dleachta

 

£

Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nach luaitear anseo ina dhiaidh seo agus meascáin agus ullmhóidí a allmhaireofar ina bhfuil biotáille     ..     ..

31.0246

Ar gach galún a allmhaireofar de bhiotáille chumhraithe a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ..     ..     ..     ..     ..

49.639

Ar gach galún a allmhaireofar de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ..     ..     ..

41.883

AN CEATHRU SCEIDEAL

Ná Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

Alt 41.

An Cineál Táirge

An Ráta Dleachta

Toitíní

..

..

..

..

£9.10 an míle mar aon le méid is ionann agus 20.2 faoin gcéad den phraghas ar a ndioltar na toitíní ar mionreic.

Todóga

..

..

..

..

£8.064 an lb.

Cavendish nó negrohead

..

..

£8.149 an lb.

Tobac cruafháiscthe

..

..

£5.212 an lb.

Tobac píopa eile

..

..

..

£6.551 an lb.

Tobac eile lena chaitheamh ina dheatach

£6.805 an lb.

nó lena chogaint

..

..

 

AN CUIGIU SCEIDEAL

CUID I

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon

Alt 42.

An Cineál Fíona

An Ráta Dleachta

Neamhdhrithleach

£

Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa

..

..

..

2.844 an galún

Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de bhiotáille phrofa

..

3.701 an galún

Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa

..

..

..

4.570 an galún

Drithleach

5.588 an galún

Fíon, drithleach nó neamhdhrithleach, is mó ná 42° de bhiotáille phrofa

 

Dleacht bhreise in aghaidh gach céim nó codán de chéim os

 

cionn 42° de bhiotáille phrofa

..

..

..

..

0.310 an galún

CUID II

Ná Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Déanta

An Cineál Fíona Dhéanta

An Ráta Dleachta

Neamhdhrithleach

£

Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa

..

..

..

2.466 an galún

Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de bhiotáille phrofa

..

3.081 an galún

Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa

..

..

..

3.392 an galún

Drithleach

4.291 an galún

Drithleach nó neamhdrithleach, is mó ná 42° de bhiotáille phrofa

 

Dleacht bhreise in aghaidh gach céim nó codán de chéim os

 

cionn 42° de bhiotáille phrofa

..

..

..

..

0.276 an galún

AN SEU SCEIDEAL

Ná Rátaí Dleachta Máil ar Leann Ull agus Leann Piorraí

Alt 43.

An Cineál Leanna Ull agus Leanna Piorraí

An Ráta Dleachta

 

 

 

 

 

£

Nach mó ná 6% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte

0.30 an galún

Ar mó ná 6% toirte ach nach mó ná 8.7% toirte a neart

 

alcólach iarbhír de réir toirte

..

..

..

..

1.25 an galún

Ar mó ná 8.7% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte

..

2.466 an galún


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Gheall-Chur, 1931

1931, Uimh. 27

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1975, Uimh. 20

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978

1978, Uimh. 33

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977

1977, Uimh. 31

An tAcht Cánach Corparáide, 1976

1976, Uimh. 7

An tAcht Airgid, 1934

1934, Uimh. 31

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1963

1963, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1966

1966, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1971

1971, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1974

1974, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais, 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1977

1977, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1978

1978, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

1977, Uimh. 32

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 7

An tAcht d'Fhorchur Dleacht, 1957

1957, Uimh. 7

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952, Uimh. 11

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1978

1978, Uimh. 25

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966

1966, Uimh. 16

Stamp Act, 1891

1891, c. 39

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

1972, Uimh. 22