|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 17 de 1979 | ||
[EN] |
AN tACHT UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1979 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM BAINC THAISCE IONTAOBHAIS, 1863 GO 1965. | ||
[16 Iúil, 1979.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Bainc thaisce iontaobhais do thabhairt iasachtaí. |
1. —Beidh, agus measfar go raibh riamh, éifeacht le halt 3 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965 , ionann is dá ndéanfaí “(lena n-áirítear, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna, iasachtaí a thabhairt (bídís urraithe le morgáistí ar thalamh nó ar aon leas i dtalamh nó ar shlí eile) agus airgead a bheidh ar taisce sa bhanc ag taisceoirí a úsáid chun iasachtaí a thabhairt)” a chur isteach i ndiaidh “aon ghnó” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
| ||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1979 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979, a ghairm de na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
|