1 1980

Uimhir 1 de 1980


AN tACHT IASCAIGH, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO BHUNÚ COMHLACHT AR A dTABHARFAR AN PRÍOMH-BHORD IASCAIGH AGUS DO SHAINIÚ A FHEIDHMEANNA, DÁ CHUMASÚ BOIRD IASCAIGH RÉIGIÚNACHA A BHUNÚ AGUS DO SHAINIÚ A bhFEIDHMEANNA, DO DHÍSCAOILEADH AN ION-TAOBHAIS IASCAIGH INTÍRE IONCORPORTHA (THE INLAND FISHERIES TRUST INCORPORATED) AGUS BOIRD CHOIMEÁDAITHE ÁIRITHE A BUNAÍODH LEIS AN ACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959 , DO LEASÚ ALT 59 D'ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952 , DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS THAIRIS SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA IASCAIGH, 1959 GO 1978. [18 Márta, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh, 1980 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980 a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1978, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976, an tAcht Iascaigh (Leasú), 1978 , agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1962” an tAcht Iascaigh (Leasú), 1962 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 ;

ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 3;

tá le “an t-eadránaí” an bhrí a shanntar dó le halt 44 (2);

ciallaíonn “bord”, ach amháin i gCuid II den Dara Sceideal nó mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach;

tá le “an Príomh-Bhord” an bhrí a shanntar dó le halt 7 (1);

tá le “foireann aistrithe an Phríomh-Bhoird” an bhrí a shanntar dó le halt 29 (1);

ciallaíonn “na Coimisinéirí”, ach amháin in ailt 27 agus 28, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

folaíonn “éasúint” profit á prendre agus aon cheart in uisce nó thar uisce;

ciallaíonn “bliain toghcháin”, faoi réir alt 15 (2), an bhliain a shocróidh an tAire faoi alt 12 (5) agus gach cúigiú bliain chomhleanúnach dá éis sin;

ciallaíonn “na Comhphobail Eorpacha” Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach;

tá le “réigiún iascaigh” an bhrí a shanntar dó le halt 10;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 ;

ciallaíonn “an fothionóntán beartaithe” an talamh thar a ngabhann conair chead slí nó cheart slí a thaispeántar ar phlean dá dtagraítear in alt 37 (3) nó alt 39 (2);

tá le “Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara” an bhrí a shanntar dó le halt 58 (1);

tá le “an ceart slí a éilítear” an bhrí a shanntar dó le halt 39 (1);

tá le “bord réigiúnach” an bhrí a shanntar dó le halt 10 (3);

tá le “foireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh” an bhrí a shanntar dó le halt 30 (1);

ciallaíonn “an Ciste Caomhanta Bradán” an ciste a thuairiscítear in alt 49 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “ilchromán” aon ghléas nó deis tromaithe is féidir a úsáid, le slat agus dorú nó ar dhóigh eile, chun iasc a fheallgheafáil;

ciallaíonn “an tIontaobhas” an tIontaobhas Iascaigh Intíre Ioncorportha (The Inland Fisheries Trust Incorporated).

(2) Ar leith ó alt 8 (1) (b), sa mhéid go gcuireann sé ar chumas an Aire ordacháin a thabhairt chun maoracha a chosaint, ó alt 8 (1) (g) agus ó fhomhíreanna (iii) agus (iv) d'alt 11 (1) (c) den Acht seo, ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chuireann ar chumas an Aire ordacháin a thabhairt i ndáil le hiasc mara nó le stoic d'iasc mara nó mar ní a shannann don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach aon fheidhm i ndáil le hiasc mara nó le stoic d'iasc mara.

An lá ceaptha.

3. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh le bheith ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo.

An bhliain iascaigh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire a shonrú le hordú go ndéanfar aon tagairt do bhliain iascaigh sa Phríomh-Acht a fhorléiriú, cibé 31ú lá de Nollaig a shonrófar san ordú agus dá éis amach, mar thagairt do thréimhse atá ar chomhréim leis an mbliain féilire agus go mbeidh éifeacht léi amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, maidir le haon fhoráil dá bhfuil sa Phríomh-Acht a bhaineann le rátaí iascaigh a chinneadh, a ghearradh, a thobhach, a bhailiú nó a ghnóthú agus a bhfuil baint aici leis an ordú a thuairiscítear i bhfo-alt (1) den alt seo nó a ndéanann an t-ordú sin difear di, go díreach nó go neamhdhíreach, an fhoráil a oiriúnú, a mhodhnú, nó a leasú ar shlí eile ar cibé dóigh a mheasann sé is iomchuí ag féachaint don fhoráil.

(3) I gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht leis faoi réim agus de réir fhorálacha an ordaithe.

Orduithe.

5. —(1) Faoi réir ailt 10 (1) (b) agus 54 (6) den Acht seo agus fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoi alt 8 (3) (b), 10, 11, 15, 24 (6), 54, 55, 56 nó 57 den Acht seo, faoin bhfo-alt seo nó faoi alt 81 (3) nó 159 (6) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hailt 68 agus 69, faoi seach, den Acht seo) a leasú nó a chúlghairm.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire le hordú—

(i) ordú a rinneadh faoi alt 37, 38, 39 nó 42 den Acht seo a leasú,

(ii) ordú a rinneadh faoi fhomhír (i) den mhír seo a leasú.

(b) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo nó faoin bhfo-alt seo a leasú, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) tabharfaidh an tAire a luaithe is féidir fógra i scríbhinn don Eadránaí á rá go bhfuil ar intinn aige an t-ordú a leasú agus cuirfidh an tEadránaí faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh intinn sin an Aire a fhoilsiú i cibé nuachtáin agus ar cibé dóigh a chinnfidh an tEadránaí.

(ii) tabharfaidh an tAire fógra i scríbhinn i dtaobh na hintinne sin aige d'aon duine a rinne achomharc faoin Acht seo i ndáil leis an ordú a bheartaítear a leasú, nó, i gcás ar ordú faoi fhomhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo an t-ordú, d'aon duine a rinne achomharc amhlaidh i ndáil leis an ordú bunaidh faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo nó i ndáil le haon ordú faoin mír sin (a) a bhaineann leis an ordú bunaidh sin, nó, más rud é i gceachtar cás go mbeidh aon duine den sórt sin éagtha, dá ionadaí pearsanta,

(iii) ní dhéanfaidh an tAire an t-ordú mura mbeidh dréacht de curtha faoi bhráid an Eadránaí agus ceadaithe aige faoin mír seo,

(iv) ní dhéanfaidh an tEadránaí cinneadh maidir le hiarratas ón Aire faoin mír seo go dtí go mbeidh tréimhse tríocha lá caite dar tosach an lá a fhoilseofar an fógra iomchuí de bhun na fomhíre seo, nó i gcás a ndéanfar an foilsiú sin ar laethanta éagsúla an lá a fhoilseofar é amhlaidh i gcéaduair,

(v) féadfaidh aon duine nó daoine díobh seo a leanas, laistigh den tréimhse tríocha lá sin nó de cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an tEadránaí, fógra a sheirbheáil ar an Aire á rá go bhfuil ar intinn aige iarratas a dhéanamh chun an Eadránaí i ndáil leis an ordú atá beartaithe, eadhon:

(I) aon duine a rinne achomharc den sórt sin amhlaidh, nó i gcás an duine sin a bheith éagtha, a ionadaí pearsanta, nó

(II) an duine arbh é, díreach sula ndearnadh an t-ordú a bheartaítear a leasú, úinéir an iascaigh nó na talún a fuarthas leis an ordú sin nó comharba i dteideal an duine sin é, nó, má fuarthas aon cheart leis an ordú sin, an duine a bhí, díreach sula ndearnadh an t-ordú sin, i dteideal an ceart sin a theachtadh nó comharba i dteideal an duine sin, nó, más faoi alt 39 den Acht seo a rinneadh an t-ordú sin, úinéir an fhothionóntáin iomchuí,

(vi) i gcás a seirbheálfar fógra ar an Aire de bhun na míre seo tabharfaidh an tEadránaí, sula gcinnfidh sé an t-ordú atá beartaithe a cheadú nó gan é a cheadú, caoi don duine a sheirbheáil an fógra éisteacht a fháil (i bpearsa nó trí abhcóide nó aturnae), agus

(vii) féadfaidh an tEadránaí nuair a bheidh an t-ábhar á chinneadh aige dréacht an ordaithe a cheadú san fhoirm a bheidh molta ag an Aire nó an dréacht sin a cheadú faoi réir cibé leasuithe a shonróidh an tEadránaí nó feadfaidh sé diúltú an dréacht a cheadú.

(3) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí le hordú faoina séala ordú a rinne siad faoi alt 40 den Acht seo a leasú.

(b) Féadfaidh Coimisiún Talún na hÉireann le hordú faoina séala ordú a rinne siad faoi alt 41 den Acht seo a leasú.

(4) Más rud é, i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (2) (b) den alt seo, gur deimhin leis an Eadránaí tar éis fiosrú dúthrachtach a dhéanamh nach féidir duine a gceanglaítear ar an Aire le fo-alt (2) (b) (ii) den alt seo fógra a thabhairt dó a fháil ná a fhionnadh, féadfaidh an tEadránaí an t-iarratas a chinneadh, d'ainneoin nach féidir an duine sin a fháil ná a fhionnadh.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 68 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1976 ) maidir le hordú faoin alt seo lena mbeartaítear ordú a rinneadh faoi alt 81 (3) nó 159 (6) den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach le hailt 68 agus 69, faoi seach, den Acht seo), a leasú mar atá feidhm aige maidir le hordú faoi alt 68 den Phríomh-Acht.

Aisghairm.

6. —(1) Aisghairtear leis seo an Príomh-Acht a mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) I bhfomhír (i) d'alt 33 (b) d'Acht 1962 aisghairtear leis seo na focail “(ar choinníoll nach giorra ná trí bliana roimhe sin ó socraíodh í)”.

(3) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo, ach amháin a mhéid a leasaíonn sé alt 163 den Phríomh-Acht agus a aisghaireann sé clásal (b) de mhír 2 (1) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, i bhfeidhm an lá ceaptha.

CUID II

An Príomh-Bhord Iascaigh agus Boird Iascaigh Réigiúnacha

CAIBIDIL I

An Príomh-Bhord Iascaigh

An Príomh-Bhord Iascaigh.

7. —(1) Bunófar ar an lá ceaptha comhlacht ar a dtabharfar an Príomh-Bhord Iascaigh (comhlacht dá ngairtear “an Príomh-Bhord” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht, maidir leis an bPríomh-Bhord, le forálacha Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Feidhmeanna an Phríomh-Bhoird.

8. —(1) (a) Ní mór don Príomh-Bhord—

(i) comheagrú a dhéanamh ar chomhlíonadh na bhfeidhmeanna ag boird réigiúnacha a shanntar dóibh faoin Acht seo agus, i gcás ar dóigh leis gur gá sin a dhéanamh, a ordú go gcomhlíonfaidh siad na feidhmeanna sin,

(ii) a áirithiú go ndéanfar aon iascach, gorlann nó feirm éisc atá ina sheilbh nó ar áitiú aige a bhain istí, a chaomhnú, a chosaint, a fhorbairt agus a fheabhsú, nó go ndéileálfar leis an gcéanna ar dhóigh eile, go cuí agus de réir aon ordachán ón Aire faoi mhír (b) den fho-alt seo,

(iii) a áirithiú go gcuirfear i gcrích na hordacháin a thabharfaidh an tAire faoin alt seo,

agus áiritheoidh an Príomh-Bhord, le linn dó an fheidhm a luaitear i bhfomhír (i) den mír seo a chomhlíonadh, go mbeidh aird ag na boird réigiúnacha, le linn dóibh a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, ar cibé ordacháin ón Aire faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham ordacháin a thabhairt don Phríomh-Bhord ina mbeidh beartas ginearálta le haghaidh bainistí, caomhnú, cosaint, forbairt agus feabhsú iascach nó le haghaidh maoracha a chosaint, agus déanfaidh an Príomh-Bhord, má ordaíonn an tAire dó é, aon ordachán a thug an tAire faoin mír seo a chur in iúl a luaithe is féidir do gach bord réigiúnach.

(c)  (i) Déanfaidh an Príomh-Bhord, laistigh de thréimhse dhá bhliain dar tosach an lá ceaptha (nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire), clár forbartha iascaigh intíre a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena mheas.

(ii) I gcás a mbeidh clár forbartha ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Aire faoin bhfo-alt seo ag an bPríomh-Bhord, déanfaidh sé ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, agus uair amháin ar a laghad gach cúig bliana tar éis an dáta a cuireadh an clár faoi bhráid an Aire, an clár a athbhreithniú agus aon chlaochlú is cuí leis a dhéanamh air trína athrú nó trí ábhar a chur leis nó a scriosadh as agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe faoi bhráid an Aire lena meas.

(iii) Féadfaidh clár faoin bhfo-alt seo moltaí a bheith ann i dtaobh caomhnú iascach intíre agus féadfaidh sé aird a thabhairt ar aon chlár faoi alt 11 den Acht seo.

(d) Féadfaidh an Príomh-Bhord moltaí a dhéanamh don Aire i dtaobh an tAire d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 29 d'Acht 1962, leibhéil rátaí iascaigh, dleachtanna ceadúnais iascaigh is iníoctha faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus tobhaigh is iníoctha faoi alt 55 den Acht seo.

(e)  (i) Féadfaidh an Príomh-Bhord le ceadú an Aire cúrsaí oideachais nó saoráidí chun daoine a oiliúint nó a theagasc ar shlí eile a chur ar fáil in aon ábhar a bhaineann le bainistí, caomhnú, cosaint, forbairt nó feabhsú iascach,

(ii) faoi réir cheadú an Aire, féadfaidh an Príomh-Bhord, maidir le haon chúrsa nó saoráid a bheidh curtha ar fáil de bhun na míre seo, táillí a mhuirearú a mbeidh cibé méid iontu a bheidh ceadaithe amhlaidh.

(f) Féadfaidh an Príomh-Bhord, faoi réir cibé táillí a chinnfidh sé a íoc leis, cibé seirbhísí is cuí leis a chur ar fáil maidir le bainistí, caomhnú, cosaint, forbairt nó feabhsú iascach, nó maidir le cibé ábhar eile a bhaineann le hiascaigh, nó maidir le cibé ábhar eile a bhaineann leis sin amhlaidh, a chur chun cinn.

(g) Faoi réir alt 2(2) den Acht seo, féadfaidh an Príomh-Bhord maidir le haon iascach cibé taighde nó obair thurgnamhach a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh ach ní fhorléireofar an mhír seo mar ní a chuireann ar chumas an Phríomh-Bhoird taighde nó obair thurgnamhach a dhéanamh ar aon speiceas éisc nó i ndáil le haon speiceas éisc is iasc mara de réir bhrí Chuid XIII den Phríomh-Acht, seachas taighde atá cosúil nó ar aon dul le taighde i ndáil le hiasc mara a bhí ar siúl ag an Iontaobhas sular díscaoileadh é.

(2) Féadfaidh an Príomh-Bhord aon iascach, gorlann nó feirm éisc atá ina sheilbh nó ar áitiú aige a chur, ar feadh cibé tréimhse ama agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh sé, faoi chúram agus faoi bhainistí boird réigiúnaigh.

(3) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a údarú don Phríomh-Bhord gabháil do phróiseáil agus do mhargaíocht cibé speiceas éisc a bheidh sonraithe san údarás.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna eile is cuí leis a shannadh don Phríomh-Bhord i ndáil le hiascaigh (ar feidhmeanna iad i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar don Phríomh-Bhord leis an Acht seo).

Maoin áirithe de chuid bord coimeádaithe a aistriú chuig an bPríomh-Bhord.

9. —(1) Déanfar ar an lá ceaptha an mhaoin seo a leanas (lena n-áirítear gach uile éasúint, ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin), is maoin atá ar áitiú ag boird choimeádaithe nó thar a gceann, a aistriú chuig an bPríomh-Bhord, is é sin le rá, an mhaoin ar a dtugtar—

(a) Gorlann Loch Cheathrú Mhór, Contae Mhaigh Eo,

(b) Gorlann Inis Tíog, Contae Chill Chainnigh,

(c) Gorlann Mhala agus Cora Ros na Laoi, Contae Chorcaí,

(d) Gorlann Chonga, Contae na Gaillimhe,

(e) Gorlann agus Cora Eascanna Achadh an Iúir, Contae an Chabháin,

agus a bhfuil tuairisc ar gach ceann díobh sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, lena n-áirítear na foirgnimh, na hoifigí agus na fothithe orthu agus aon innealra, trealamh nó maoin shochorraithe eile a bhí ar an maoin sin díreach roimh an lá ceaptha agus a bhí á n-úsáid i gcóir oiliúna éisc nó i ndáil leis sin.

(2) An mhaoin dá dtagraítear san alt seo tiocfaidh sí, an lá ceaptha, gan aon tíolacadh ná sannadh, chun bheith agus beidh sí dílsithe don Phríomh-Bhord nó ina maoin de chuid an Phríomh-Bhoird nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha (de réir mar a dhlífidh an cás) don Phríomh-Bhord go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir ar a raibh sí ar teachtadh díreach roimh an lá ceaptha ach sin faoi réir na n-iontaobhas, na gcothromas, na leasanna, na gcoinníollacha, na gcearta agus na gceanglas reachtúil go léir a dhéanann difear don mhaoin agus a bhí ann agus infheidhmithe an tráth sin.

(3) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear aon dliteanas neamhleachtaithe) a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dlite agus gan íoc agus tabhaithe agus gan ghlanadh ag bord coimeádaithe i ndáil le haon mhaoin a aistreofar chuig an bPríomh-Bhord leis an alt seo, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá ceaptha agus dá éis, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an bPríomh-Bhord agus íocfaidh nó glanfaidh an Príomh-Bhord é agus féadfar é a ghnóthú ón bPríomh-Bhord nó a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.

(4) Más rud é de bhua an ailt seo go mbeidh aon éasúint nó ceart eile thar thalamh nó aon eastát nó leas eile i dtalamh dílsithe don Phríomh-Bhord nó go dtiocfaidh sin chun bheith ina mhaoin de chuid an Phríomh-Bhoird nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníll don Phríomh-Bhord agus díreach roimh an lá ceaptha go raibh an ceart sin nó an t-eastát nó an leas eile sin dílsithe do dhuine seachas bord coimeádaithe nó ina mhaoin dá chuid nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníll dó, beidh cúiteamh iníoctha—

(a) i leith an chirt nó an eastáit nó an leasa eile a fuair an Príomh-Bhord de bhua an ailt seo,

(b) i leith aon laghdú eile ar luach aon chirt thar thalamh nó eastáit nó leasa eile de chuid an duine sin mar gheall ar an bhfáil sin,

(c) i leith aon chaillteanais eile a thabhaigh duine mar gheall ar an bhfáil sin,

agus íocfaidh an Príomh-Bhord an cúiteamh mar aon le haon ús is iníoctha air de bhua an fho-ailt seo.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3), (6), (7) agus (8) d'alt 43 den Acht seo maidir le cúiteamh is iníoctha faoin alt seo mar atá feidhm acu maidir le cúiteamh is iníoctha faoin alt sin.

(6) Forléireofar tagairtí san alt seo do bhord coimeádaithe mar thagairtí a fholaíonn tagairt do dhuine a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, ceaptha faoi alt 51 den Phríomh-Acht.

CAIBIDIL II

Réigiúin Iascaigh agus Boird Réigiúnacha

Réigiúin iascaigh agus boird réigiúnacha.

10. —(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus faoi réir ceanglas fho-alt (2) den alt seo a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire le hordú cibé réigiúin (a ngairtear “réigiún iascaigh” de gach ceann díobh san Acht seo) is dóigh leis is iomchuí ag féachaint do chríocha an Achta seo a chruthú trí nascadh, foroinnt nó ar dhóigh eile agus sonróidh an t-ordú sin ainm gach réigiúin iascaigh a cruthaíodh amhlaidh.

(b) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, seachas an t-ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, gan toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(2) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith déanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo ag cruthú seacht, agus gan ach seacht, réigiún iascaigh sa Stát agus is é an t-ordú sin an chéad ordú a dhéanfar faoin alt seo agus tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá ceaptha.

(3) I gcás a ndéanfar ordú faoin alt seo, bunófar, de bhua an ordaithe, i ndáil le haon réigiún iascaigh a chruthófar leis an ordú bord (dá ngairtear “bord réigiúnach” san Acht seo) agus “Bord Réigiúnach Iascaigh_____________” (cuirfear isteach ainm an réigiúin iascaigh) a thabharfar ar an mbord sin agus comhlíonfaidh sé na feidhmeanna a shanntar do bhord réigiúnach leis an Acht seo maidir leis an réigiún iascaigh ar i ndáil leis a cruthaíodh é.

(4) (a) Is é a bheidh ar bhord réigiúnach cibé líon comhaltaí a shonrófar san ordú ag bunú an réigiúin iascaigh iomchuí agus—

(i) a ndéanfar cibé líon díobh a shonrófar amhlaidh a thoghadh de bhun alt 12 den Acht seo agus a ndéanfar cibé comhalta nó comhaltaí (más ann) díobh a shonrófar amhlaidh a thoghadh ag aicmí nó ag cibé aicmí toghthóirí a shonrófar amhlaidh, agus

(ii) a ndéanfaidh an tAire, faoi réir fho-ailt (5) agus (6) den alt seo, cibé líon díobh a shonrófar amhlaidh a cheapadh tar éis cibé comhairle is iomchuí leis a ghlacadh.

(b)   (i) Faoi réir fho-alt (11) (b) den alt seo, alt 24 den Acht seo agus Airteagal 11 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh gach comhalta tofa de bhord réigiúnach i seilbh oifige, mura túisce a éireoidh sé as oifig nó a thiocfaidh sé faoi dhícháilíocht, ón lá díreach tar éis dáta a thofa go dtí meán oíche ar an lá a dhearbhófar toradh an chéad toghcháin eile do chomhaltaí tofa an bhoird a dhéanfar de bhun alt 12 den Acht seo.

(ii) Socróidh an tAire téarma oifige comhalta de bhord réigiúnach a cheapfar faoin bhfo-alt seo tráth an cheapacháin a dhéanamh agus, faoi réir an fho-ailt sin (11) (b), an ailt sin 24 agus an Airteagail sin 11, is tréimhse nach faide ná cúig bliana an téarma oifige sin.

(c) Beidh comhalta de bhord réigiúnach a cheapfar nó a chomhthoghfar faoi fho-alt (4) nó (5) den alt seo nó faoi Airteagal 5 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i dteideal a ainmnithe mar iarrthóir agus a thofa i dtoghchán a dhéanfar faoin Acht seo.

(5) (a) D'ainneoin aon ní dá mhalairt san Acht seo, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh agus faoi réir fho-alt (6) den alt seo, tar éis cibé comhairle is iomchuí leis a ghlacadh, maidir leis an mbord réigiúnach, nó, de réir mar is iomchuí, maidir le gach ceann de na boird réigiúnacha, a bunaíodh leis an ordú, cibé líon daoine a bheidh sonraithe san ordú a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den bhord.

(b) Faoi réir fho-alt (11) (b) den alt seo, alt 24 den Acht seo agus Airteagal 11 den Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh duine a cheapfar ina chomhalta de bhord réigiúnach faoi mhír (a) den fho-alt seo i seilbh oifige ar feadh na tréimhse dar tosach dáta a cheaptha agus dar críoch an lá díreach roimh an lá a thosóidh téarma oifige na gcomhaltaí a thoghfar i gcéaduair faoin Acht seo ina gcomhaltaí den bhord.

(6) Duine a bheidh i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, nó ar ionadaí é de thuras na huaire i dTionól na gComhphobal Eorpach, ní bheidh sé i dteideal a cheaptha faoin alt seo ag an Aire le bheith ina chomhalta de bhord réigiúnach.

(7) Beidh feidhm ag na forálacha i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le bord réigiúnach agus chun na forálacha sin a chur chun feidhme i ndáil le bord réigiúnach áirithe déanfar aon tagairt sa Sceideal sin don Bhord a fhorléiriú mar thagairt don bhord réigiúnach áirithe sin.

(8) Aon uair a chruthóidh an tAire réigiún iascaigh le hordú faoin alt seo déanfaidh sé teorainneacha an réigiúin iascaigh sin a cheapadh faoi threoir léarscáil a bheidh sonraithe san ordú.

(9) (a) Féadfaidh réigiún iascaigh aon cheann de na huiscí seo a leanas a bheith ann, is é sin le rá, aon uiscí atá i limistéar ar cheantar iascaigh é díreach roimh thosach feidhme an ordaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus aon uiscí eile—

(i) in aon limistéar farraige chun a bhfeitheann uiscí inmheánacha nó uiscí intíre an Stáit de bhua alt 5 den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959.

(ii) sa chuid den fharraige atá idir an bhunlíne chun críocha an Achta sin agus an líne a bhfuil gach pointe di ar thaobh na farraige agus fad dhá mhíle dhéag farraige ón bpointe is neasa ar an mbunlíne sin.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú tagairt don uimhir de mhílte farraige a bheidh sonraithe san ordú a chur in ionad na tagartha do dhá mhíle dhéag farraige i mír (a) (ii) den fho-alt seo.

(c) i gcás ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar mír (a) (ii) den fho-alt seo agus bheidh éifeacht léi ionann is dá gcuirfí tagairt don uimhir de mhílte farraige a bheidh sonraithe san ordú in ionad na tagartha atá inti do dhá mhíle dhéag farraige.

(d) I gcás uiscí a bheith ar áireamh i réigiún iascaigh a cruthaíodh faoin alt seo agus go scoirfidh na huiscí sin mar gheall ar ordú a dhéanamh nó a chúlghairm faoin bhfo-alt seo de bheith ina n-uiscí a thuairiscítear i bhfomhír (ii) d'fho-alt (9) (a) den alt seo, ansin, fad a leanfaidh na huiscí réamhráite sin de bheith ina n-uiscí nach uiscí den sórt a thuairiscítear amhlaidh, beidh éifeacht leis an ordú ag cruthú an réigiúin iascaigh faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin le rá, go measfar dá réir sin nach uiscí laistigh den réigiún iascaigh na huiscí a bheidh ar áireamh amhlaidh agus go measfar go ndearnadh an léarscáil iomchuí a d'ullmhaigh an tAire de bhun fho-alt (8) den alt seo a mhodhnú oiread ba ghá chun na huiscí a bhí ar áireamh amhlaidh a shuíomh lasmuigh de na teorainneacha a ceapadh leis an ordú.

(10) Féadfaidh an tAire le hordú teorainneacha réigiúin iascaigh a athrú agus taispeánfaidh ordú faoin bhfo-alt seo, faoi threoir léarscáil a bheidh sonraithe san ordú, teorainneacha an réigiúin nó na réigiún iascaigh iomchuí mar a athraíodh leis an ordú iad.

(11) (a) Féadfaidh an tAire le hordu líon na gcomhaltaí a bheidh ar bhord réigiúnach a athrú, agus i gcás a ndéanfaidh an tAire ordú den sórt sin, sonróidh an t-ordú an líon comhaltaí den bhord réigiúnach a bheidh le ceapadh ag an Aire agus an líon de na comhaltaí sin a bheidh le toghadh faoin Acht seo.

(b) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé leis an ordú líon na gcomhaltaí a laghdú a bheidh ar aon bhord réigiúnach seachas an bord a cruthaíodh leis an ordú, agus d'ainneoin fho-alt (4) (b) (i) den alt seo féadfaidh ordú den sort sin a fhoráil go ndéanfar téarma oifige comhaltaí sonraithe (cibé acu a toghadh nó a ceapadh iad) de chuid an bhoird réigiúnaigh eile sin a fhoirceannadh ar dhóigh shonraithe.

(12) (a) Cuirfidh an tAire faoi deara go n-ullmhófar léarscáileanna a thaispeánfaidh, ar cibé modh is cuí leis an Aire agus a chuirfidh sé in iúl orthu, teorainneacha gach ceann ar leith de na réigiúin iascaigh éagsúla a bheidh ann de thuras na huaire.

(b) Beidh feidhm ag míreanna (b) go (e) d'alt 19 (3) den Phríomh-Acht i ndáil le léarscáileanna a ullmhófar faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le léarscáileanna a ullmhaíodh faoin alt sin agus chun críocha a bhfuil ráite roimhe seo déanfar gach ceann de na tagairtí sna míreanna sin do na léarscáileanna oifigiúla a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do léarscáil a ullmhófar faoin bhfo-alt seo.

(13) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le hordú faoin alt seo ag cruthú réigiúin iascaigh (trí nascadh, foroinnt nó ar dhóigh eile):

(a) féadfaidh an tAire a fhoráil leis an ordú—

(i) maidir leis an maoin go léir nó le haon chuid shonraithe den mhaoin (seachas maoin dá dtagraítear in alt 9(1) den Acht seo), réadach nó pearsanta (lena n-áirítear aon cheart chun aon ráta a ghnóthú agus aon ábhar eile i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe, dílsithe d'aon cheann díobh seo a leanas nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha do—

(A) bord coimeádaithe a dhíscaoiltear faoi alt 34 den Acht seo agus a bheidh sonraithe san ordú, nó

(B) duine a scoirfidh de bhua an ailt sin 34 de bheith arna cheapadh faoi alt 51 den Phríomh-Acht, agus a bheidh sonraithe amhlaidh, nó

(C) bord réigiúnach do réigiún iascaigh lena mbaineann an t-ordú agus a bheidh sonraithe amhlaidh,

agus, maidir leis na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, go dtiocfaidh siad chun bheith agus go mbeidh siad ar an tosach feidhme sin, gan aon tíolacadh ná sannadh, ach faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe do cibé bord réigiúnach a bheidh sonraithe san ordú nó ina maoin dá chuid nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás),

(ii) maidir le gach conradh nó aon chonradh sonraithe a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ordaithe idir bord coimeádaithe den sórt sin, nó duine arna cheapadh amhlaidh, nó bord réigiúnach agus aon duine eile go leanfaidh sé i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin nó dá éis, ach go bhforléireofar é agus go mbeidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an bord a bhunófar de bhua an ordaithe sa chonradh in ionad an bhoird nó an duine a ceapadh amhlaidh agus a rinne an conradh agus dá réir sin go mbeidh an conradh sin infheidhmithe ag an mbord, nó in aghaidh an bhoird, a bhunófar amhlaidh,

(iii) maidir le gach fiach nó le haon fhiach sonraithe nó maidir le gach dliteanas nó le haon dliteanas eile (lena n-áirítear aon dliteanas neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha ach gan aon dliteanas a áireamh a aistríodh chuig an bPríomh-Bhord de bhua alt 9(3) den Acht seo), a bheidh, díreach roimh an tosach feidhme sin, dlite de bhord coimeádaithe den sórt sin, de dhuine a cheapfar amhlaidh nó de bhord réigiúnach agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan ghlanadh aige, go dtiocfaidh sé chun bheith agus go mbeidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mbord a bhunófar de bhua an ordaithe agus go n-íocfaidh nó go nglanfaidh an bord sin é agus go bhféadfar é a ghnóthú ón mbord sin nó a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.

(iv) i gcás maoin a aistreofar leis an ordú a bheith, díreach roimh an tosach feidhme sin, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, go ndéanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an mbord a bhunófar de bhua an ordaithe á iarraidh sin aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, í a aistriú chun ainm an bhoird sin.

(v) go bhféadfaidh an bord a bhunófar amhlaidh, tar éis an tosach feidhme sin, maidir le haon ábhar i gcaingean a aistreofar leis an ordú, agairt ina leith, é a ghnóthú nó a fheidhmiú ina ainm féin, agus nach gá don bhord sin fógra faoin aistriú a dhéanfar leis an ordú a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin,

(vi) más rud é díreach roimh an tosach feidhme sin go mbeidh ar feitheamh—

(A) i gcás arb é an t-ordú an t-ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, aon imeachtaí dlí arna dtionscnamh de bhua alt 309 den Phríomh-Acht ag oifigeach nó ag fostaí de chuid bhord coimeádaithe den sórt sin nó de chuid duine a bheidh ceaptha amhlaidh, nó aon imeachtaí dlí eile arna dtionscnamh ag duine thar ceann, nó arna dtionscnamh in aghaidh duine thar ceann, bhord den sórt sin nó duine a bheidh ceaptha amhlaidh,

(B) i gcás aon ordú eile faoin alt seo, aon imeachtaí dlí ar páirtí iontu bord réigiúnach lena mbaineann an t-ordú,

go gcuirfear ainm an bhoird a bheidh bunaithe amhlaidh in ionad ainm an bhoird choimeádaithe sin, nó an duine a bheidh ceaptha amhlaidh nó an bhoird réigiúnaigh (de réir mar is gá sa chás) agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin,

(vii) nach gcuirfidh déanamh an ordaithe ó bhail dlí aon ordú íoca nó seic ná aon údarás a tugadh chun méid aon ordaithe íoca nó seic a íoc ná nach ndéanfaidh sé difear don chéanna agus go ndéanfaidh bord réigiúnach a bheidh sonraithe san ordú socruithe go n-íocfar méid orduithe agus seiceanna is d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh ar iad a thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an bord sin a bhunú,

(b) féadfaidh an tAire leis an ordú foráil den Acht seo a mhodhnú a mhéid, agus gan ach a mhéid, atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt don ordú.

(14) I gcás a gcruthóidh an tAire le hordú faoin alt seo réigiún iascaigh trí dhá réigiún iascaigh nó níos mó a nascadh, beidh gach ceann de na boird réigiúnacha do na réigiúin iascaigh a nascfar amhlaidh arna ndíscaoileadh ar thosach feidhme an ordaithe.

(15) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir, (i dteannta a chur faoi deara fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh an ordaithe a dhéanamh) fógra den sórt sin a fhoilsiú i gceann amháin nó níos mó de na nuachtáin a léitear in aon réigiún iascaigh a bheidh cruthaithe leis an ordú nó lena mbaineann an t-ordú ar dhóigh eile, agus

(b) cuirfidh sé faoi deara go dtaiscfear cóip den ordú leis an gCláraitheoir Contae do gach contae agus le Cléireach Cúirte Dúiche gach Dúiche Cúirte Dúiche, ina bhfuil an réigiún iascaigh, nó aon chuid den réigiún iascaigh, a bheidh cruthaithe leis an ordú.

Feidhmeanna bord réigiúnach agus forálacha eile a bhaineann leo.

11. —(1) (a) Déanfaidh bord réigiúnach maidir lena réigiún iascaigh—

(i) faoi réir fhorálacha an Achta seo, na hiascaigh sa réigiún sin a chosaint agus na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, a chur i bhfeidhm go ginearálta ann,

(ii) laistigh de thréimhse dhá bhliain dar tosach an lá ceaptha (nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe), clár forbartha iascaigh intíre a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Phríomh-Bhoird lena mheas.

(b) I gcás a mbeidh clár forbartha ullmhaithe agus curtha faoi bhráid an Phríomh-Bhoird faoin bhfo-alt seo ag bord réigiúnach, déanfaidh sé ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, agus uair amháin ar a laghad gach cúig bliana tar éis an dáta a cuireadh an clár faoi bhráid an Phríomh-Bhoird, an clár a athbhreithniú agus aon chlaochlú is cuí leis a dhéanamh air trína athrú nó trí ábhar a chur leis nó a scriosadh as agus cuirfidh sé torthaí an athbhreithnithe faoi bhráid an Phríomh-Bhoird lena meas.

(c) Maidir le bord réigiúnach—

(i) áiritheoidh sé go ndéanfar aon iascach atá ina sheilbh nó ar áitiú ag an mbord nó aon iascach, gorlann nó feirm éisc atá de bhua alt 8(2) den Acht seo faoi chúram agus faoi bhainistí an bhoird, a bhainistí, a chaomhnú, a chosaint, a fhorbairt agus a fheabhsú, nó go ndéileálfar leis ar dhóigh eile, de réir an chláir forbartha reatha a bheidh ullmhaithe ag an mbord faoin alt seo agus aon ordachán a bheidh tugtha ag an Aire faoi alt 8(1) (b) den Acht seo agus a mbeidh feidhm aige de thuras na huaire,

(ii) cothóidh agus spreagfaidh sé, de réir an chláir forbartha sin, bainistí, caomhnú, cosaint, forbairt agus feabhsú na n-iascach ina réigiún iascaigh nach bhfuil i seilbh ná ar áitiú amhlaidh,

(iii) áiritheoidh sé go ndéanfar aon iascach oisrí nó aon iascach maoracha eile ina réigiún iascaigh a chosaint de réir na bhforálacha sin de chuid aon ordachán den sórt sin a bhaineann le hiascach den chineál sin, agus

(iv) spreagfaidh, cothóidh agus forbróidh sé duánacht ar bhradán, ar bhreac, ar gharbhiasc agus ar iasc mara, agus, chun críocha aon cheann nó gach ceann de na cineálacha sin duánachta, soláthróidh sé cibé saoráidí agus aosáidí (más ann) is cuí leis an mbord réigiúnach.

(2) Féadfaidh bord réigiúnach, faoi réir cibé táillí a chinnfidh sé a íoc leis, cibé seirbhísí is cuí leis a sholáthar a bhaineann le bainistí, caomhnú, cosaint nó feabhsú iascach, nó le cibé ní eile a bhaineann le hiascaigh.

(3) (a) Faoi réir Airteagal 1 (b) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déantar an chumhacht faoi Chuid V den Phríomh-Acht chun ráta a leagan ar iascaigh, a mhéid a bhí sí, roimh thosach feidhme an ailt seo, infheidhmithe ag bord coimeádaithe, agus na cumhachtaí faoin gCuid sin chun ráta den sórt sin a leasú, a bhailiú agus a ghnóthú, a shannadh leis seo, a mhéid a bhaineann siad le ceantar iascaigh, don bhord réigiúnach lena mbaineann.

(b) I gcás a leagfaidh bord réigiúnach ráta ar iascaigh, beidh aird ag an Aire, le linn dó bheith á bhreithniú an ndaing neoidh sé an ráta fara modhnú nó gan mhodhnú nó an bhfeidhmeoidh sé an chumhacht a thugtar dó le halt 55 den Phríomh-Acht chun ráta a leagan, ar aon mholadh iomchuí ón bPríomh-Bhord faoi alt 8 (1) (d) den Acht seo.

(4) Beidh na cumhachtaí faoin bPríomh-Acht chun ceadúnais a eisiúint d'iascaireacht bradán nó eascanna (seachas gnáth-cheadúnais slaite bradán (lá agus fiche)) agus chun ceadúnais iascaireachta oisrí a eisiúint a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, infheidhmithe ag bord coimeádaithe, infheidhmithe, an lá ceaptha agus dá éis, ag bord réigiúnach.

(5) Beidh éifeacht leis na leasuithe ar an bPríomh-Acht nó ar Acht 1962 a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo amhail ar an agus ón lá ceaptha.

(6) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a údarú do bhord réigiúnach gabháil do phróiseáil agus margaíocht cibé speiceas éisc a bheidh sonraithe san údarás.

(b)   (i) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil go n-eiseoidh aon bhord réigiúnach, ar cibé dleacht (más ann) a bheidh sonraithe san ordú a íoc, ceadúnais le haghaidh iascaireachta de cibé aicme nó tuairisc a shonrófar san ordú.

(ii) I gcás a bhforálfaidh ordú faoin alt seo go n-eiseofar ceadúnais le haghaidh iascaireachta le hinnill nach innill sceidealta, ansin, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá, go measfar, chun críocha alt 65 den Phríomh-Acht, gur inneall sceidealta aon inneall is de chineál a thuairiscítear san ordú agus go measfar chun na gcríocha sin gur gnáth-cheadúnas iascaireachta aon cheadúnas den sórt sin.

(iii) I gcás ordú faoin mír seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire is cumhachtaí i dteannta na gcumhachtaí a thugtar do bhoird réigiúnacha le fo-alt (4) den alt seo na cumhachtaí a thugtar leis an ordú do na boird sin agus ní cumhachtaí in ionad na gcumhachtaí sin iad.

(c) Féadfaidh an tAire le hordú cibé feidhmeanna is cuí leis agus a bhaineann le hiascaigh (ar feidhmeanna iad i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar leis an Acht seo) a shannadh—

(i) do bhoird réigiúnacha i gcoitinne.

(ii) do bhoird réigiúnacha d'aicme nó de thuairisc áirithe,

(iii) do bhord réigiúnach áirithe nó do bhoird réigiúnacha áirithe.

(d) Déanfar dleachtanna is iníoctha i leith ceadúnais a eiseofar de bhua an ailt seo a íoc leis an mbord réigiúnach a eiseoidh an ceadúnas.

(e) San Acht seo folóidh “ceadúnas iascaireachta”, nuair a úsáidtear gan cháiliú é, ceadúnas a eiseofar de bhun ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo.

Comhaltaí de bhoird réigiúnacha a thoghadh.

12. —(1) Déanfar, gach bliain toghcháin, toghcháin ar chomhaltaí de bhord réigiúnach, seachas comhaltaí a cheapfaidh an tAire faoi alt 10 den Acht seo, de réir an Achta seo maidir le gach réigiún iascaigh agus seolfar gach toghchán den sórt sin de réir an Achta seo agus de réir rialachán faoin alt seo.

(2) (a) I gcás duine a bheith de thuras na huaire ina shealbhóir ar dhá cheadúnas nó níos mó a eisíodh faoin Acht seo agus go mbeadh teideal aige faoin Acht seo, ar leith ón bhfo-alt seo, mar gheall ar aon cheann díobh a shealbhú, vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí de bhord réigiúnach áirithe, beidh teideal aige, d'ainneoin gur sealbhóir den sórt sin é, vótáil uair amháin agus gan ach uair amháin sa toghchán.

(b) I gcás ar rát-íocóir de thuras na huaire duine agus go bhfuil teideal aige vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí de bhord réigiúnach áirithe agus—

(i) gur sealbhóir é ar aon cheadúnas a éisíodh faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus go mbeadh teideal aige faoin Acht seo, ar leith ón bhfo-alt seo, mar gheall ar é a shealbhú, vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí den bhord réigiúnach sin, agus/nó

(ii) go bhfuil sé cláraithe i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara agus go bhfuil teideal vótála aige dá chionn sin,

beidh teideal aige, d'ainneoin é a bheith ina rát-íocóir amhlaidh agus ina shealbhóir amhlaidh, nó de réir mar a bheidh, ina shealbhóir amhlaidh agus cláraithe amhlaidh, vótáil uair amháin, agus gan ach uair amháin, sa toghchán.

(c) I gcás duine a bheith de thuras na huaire cláraithe i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara agus gur sealbhóir é ar cheadúnas a eisíodh faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus go mbeadh teideal aige, mar gheall ar é a shealbhú, vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí an bhoird réigiúnaigh sin, beidh teideal aige, d'ainneoin é a bheith cláraithe amhlaidh, vótáil uair amháin, agus gan ach uair amháin, sa toghchán.

(3) (a) Féadfaidh an tAire cibé rialacháin is cuí leis a dhéanamh i ndáil le toghcháin faoin alt seo ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo foráil a dhéanamh—

(i) go n-ainmneofar aicmí éagsúla iarrthóirí lena dtoghadh mar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha agus gur aicmí éagsúla toghthóirí a thoghfaidh iarrthóirí den sórt sin,

(ii) go ndéanfar post-vótáil i dtoghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha faoin alt seo.

(4) I gcás rialacháin faoin alt seo a bhfuil feidhm acu de thuras na huaire d'fhoráil go n-ainmneofar aicmí éagsúla iarrthóirí lena dtoghadh mar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha, beidh teideal ag duine, faoi réir fhorálacha an Achta seo ar leith ón bhfo-alt seo, go n-ainmneofaí é mar iarrthóir d'aicme amháin, agus gan ach d'aicme amháin, i dtoghchán lena mbaineann na rialacháin.

(5) Déanfaidh an tAire le hordú an bhliain a shocrú ina mbeidh toghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha le déanamh i gcéaduair faoin Acht seo.

An toghlacht do thoghchán ar chomhaltaí tofa de bhoird réigiúnacha.

13. —(1) (a) Faoi réir alt 12 (2) den Acht seo, gach duine is sealbhóir ar ghnáth-cheadúnas iascaireachta nó ar cheadúnas iascaireachta oisrí a bheidh bailí do bhliain toghcháin áirithe agus a mbeidh gnáthchónaí air sa Stát ar an dáta a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh i dtoghchán a bheidh le déanamh faoin Acht seo an bhliain sin, beidh sé i dteideal vótáil sa toghchán a bheidh le déanamh an bhliain sin maidir leis an mbord réigiúnach a d'eisigh an ceadúnas.

(b)  (i) Faoi réir alt 12 (2) den Acht seo agus fhomhír (ii) den mhír seo, gach duine a bheidh cláraithe de thuras na huaire i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara (seachas duine atá cláraithe amhlaidh mar dhuine nach bhfuil ag vótáil) agus a mbeidh gnáthchónaí air sa Stát ar an dáta a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh i dtoghchán a bheidh le déanamh faoin Acht seo maidir leis an mbord réigiúnach a bhfuil an clár á choinneáil aige, beidh sé i dteideal vótáil sa toghchán.

(ii) Beidh duine i dteideal vótáil de bhun na míre seo i dtoghchán faoin Acht seo i gcás nach é an toghchán é a bheidh á dhéanamh i gcéaduair maidir le bord réigiúnach, más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh sé cláraithe sa chlár a bheidh á choinneáil ag an mbord lenar bhain an toghchán ar feadh tréimhse leanúnaí nach lú ná trí bliana dar críoch an lá a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh sa toghchán.

(2) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas áitiúil speisialta a bheidh bailí do bhliain toghcháin áirithe agus a mbeidh gnáthchónaí air sa Stát ar an dáta a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh i dtoghchán a bheidh le déanamh faoin Acht seo an bhliain sin, beidh sé, faoi réir alt 12 (2) den Acht seo, i dteideal vótáil an bhliain toghcháin sin i dtoghchán ar chomhaltaí tofa an bhoird réigiúnaigh ar ina réigiún iascaigh atá na huiscí taoide speisialta lena mbaineann an ceadúnas.

(3) I gcás duine is áititheoir rátaithe ar iascach do ch8omhlíonadh, de thuras na huaire, maidir leis an iascach, na gceanglas (más ann) i dtaobh rátaí iascaigh a íoc a bheidh i rialacháin a rinne an tAire chun críche an fho-ailt seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(a) faoi réir alt 12 (2) den Acht seo, beidh an duine sin, nó a ghníomhaire a bheidh ceaptha go cuí faoi alt 328 den Phríomh-Acht, i dteideal vótáil i dtoghchán ar chomhaltaí tofa an bhoird réigiúnaigh ar ina réigiún iascaigh atá an t-iascach, agus

(b) i gcás rialacháin a rinneadh chun críocha an fho-ailt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, is leorfhianaise go bhfuil de cheart ag an duine sin nó ag a aturnae nó ag a ghníomhaire vótáil sa toghchán sin an admháil ar an ráta iascaigh iomchuí a thabhairt ar aird.

(4) Déanfar tagairtí san Acht seo do thoghlacht réigiúin iascaigh do bhliain toghcháin a fhorléiriú mar thagairtí do na daoine atá, de bhua an ailt seo, i dteideal vótáil sa toghchán ar chomhaltaí tofa an bhoird réigiúnaigh don réigiún sin a bheidh le déanamh an bhliain sin.

Cáilíocht maidir le comhaltaí tofa de bhoird réigiúnacha.

14. —Ní bheidh duine i dteideal a thofa faoin Acht seo le bheith ina chomhalta de bhord réigiúnach más rud é ar an lá a bheidh socraithe faoin Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh sa toghchán—

(a) go mbeidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) go mbeidh sé ina ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach,

(c) nach mbeidh sé i dteideal vótáil sa toghchán,

(d) go mbeidh sé ina fhéimheach neamhurscaoilte,

(e) go mbeidh sé tar éis imshocraíocht a dhéanamh lena chreidiúnaithe sa tréimhse trí bliana dar críoch an lá sin,

(f) go mbeifear tar éis é a chiontú i gcion faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, sa tréimhse seacht mbliana dar críoch an lá sin.

Toghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha a iarchur.

15. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo féadfar toghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha de bhun an Achta seo a dhéanamh bliain is déanaí ná an bhliain a mbeadh na toghcháin le déanamh ar leith ón alt seo, agus ar bliain í a shocróidh an tAire, más cuí leis é, le hordú.

(2) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, déanfar toghcháin ar chomhaltaí de bhoird réigiúnacha de bhun an Achta seo, seachas na toghcháin lena mbaineann an t-ordú, gach cúigiú bliain chomhleanúnach tar éis na bliana a shocrófar leis an ordú.

(3) I gcás a mbeartófar ordú faoin ált seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 36 d'Acht 1962 maidir le hordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo.

Gan comhaltaí tofa de bhord réigiúnach a thoghadh.

16. —(1) Mura ndéanfaidh an toghlacht do réigiún iascaigh aon chomhaltaí tofa a thoghadh faoi alt 12 den Acht seo aon bhliain toghcháin, fanfaidh comhaltaí tofa an bhoird réigiúnaigh áirithe a bhí ann cheana in oifig agus measfar gur toghadh iad mar chomhaltaí tofa den sórt sin an bhliain toghcháin sin.

(2) Más rud é i dtoghchán faoin Acht seo go dtoghfaidh an toghlacht do réigiún iascaigh líon is lú de chomhaltaí tofa ná an líon a d'fhéadfaí a thoghadh sa toghchán, ansin measfar gur tharla díreach tar éis an chéad chruinniú den bhord réigiúnach áirithe a tionóladh tar éis an toghcháin—

(a) i gcás ar mó de dhuine amháin líon na gcomhaltaí a d'fhéadfaí a thoghadh amhlaidh ná an líon comhaltaí a toghadh amhlaidh, corrfholúntas,

(b) i gcás ar mó de bheirt nó de bhreis ar bheirt líon na gcomhaltaí a d'fhéadfaí a thoghadh amhlaidh ná an líon comhaltaí a toghadh amhlaidh, corrfholúntais ar comhlíon leis an mbreis.

Comhalta de bhord réigiúnach nach bhfreastalóidh ar chruinnithe a bheith dícháilithe.

17. —(1) Aon chomhalta de bhord réigiúnach a fhanfaidh as láthair ar feadh tréimhse sé mhí as a chéile ó chruinnithe uile an bhoird beidh sé dícháilithe chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin agus, i gceann coicíse tar éis deireadh na tréimhse sin, tiocfaidh a ionad ar an mbord sin chun bheith, agus beidh sé, folamh, faoi réir fho-alt (2) den alt seo.

(2) (a) Aon uair a bheidh comhalta de bhord réigiúnach ar thob, nó tar éis, a dhícháilithe faoi fho-alt (1) den alt seo chun leanúint de bheith ina chomhalta den bhord sin, féadfaidh an bord sin, faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, tráth nach déanaí ná coicís tar éis deireadh na tréimhse a luaitear san fho-alt sin (1) agus más deimhin leis an mbord gur cheart don bhord, mar gheall ar imthosca speisialta an cháis, sin a dhéanamh, cibé tréimhse bhreise is cuí leis an mbord a chur mar fhadú leis an tréimhse sin, agus air sin beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (1) sa chás áirithe sin ionann is dá gcuirfí an tréimhse fhadaithe sin in ionad na tréimhse sin sé mhí as a chéile, ach ní dhéanfar aon tréimhse sé mhí as a chéile den sórt sin a fhadú níos mó ná uair amháin faoin bhfo-alt seo.

(b) Ní fhadóidh bord réigiúnach tréimhse faoin bhfo-alt seo mura rud é—

(i) go mbeidh dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an bhoird i láthair ag an gcruinniú iomchuí den bhord ag a gcinnfear an cheist, agus

(ii) go gcaithfidh dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí sin a bheidh i láthair vóta i bhfabhar an fhadaithe.

CAIBIDIL III

Iascach a Fheabhsú

Cumhachtaí an Phríomh-Bhoird agus na mbord réigiúnach i ndáil le feabhsú iascach.

18. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, féadfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh d'fhonn aon iascach (cibé acu is maoin de chuid an Phríomh-Bhoird nó de chuid an bhoird réigiúnaigh áirithe an t-iascach nó nach ea) a fheabhsú, is é sin le rá—

(a) iasc a thógáil as iascach ar dhóigh ar bith,

(b) aon bheart eile a dhéanamh chun an stoc éisc de speiceas áirithe nó de speicis áirithe in iascach a athrú nó a rialáil,

(c) faireachas a dhéanamh ar cháiliocht an uisce in iascach agus an cháilíocht sin a chinntiú ó am go ham ar aon dóigh áirithe,

(d) aon chlaí, fál, crann nó balla a athrú, a dheisiú, a thabhairt chun siúil nó a scartáil,

(e) aon uiscebhealach inseolta, abhainn, sruthán nó sruthchúrsa eile, droichead, tollán, lintéar, píopa, draein nó ní eile a thochailt, a bhriseadh nó a dhúnadh go sealadach ar aon slí eile, a thrasnú, a shíneadh, a chlaonadh nó baint leo nó iad a athrú ar aon slí eile.

(f) d'ainneoin alt 327 den Phríomh-Acht, ábhair a thógáil as aon abhainn, sruthán nó sruthchúrsa eile,

ar choinníoll nach bhfeidhmeoidh bord cumhacht faoi mhír (e) nó (f) den fho-alt seo ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí agus ar choinníoll freisin i ndáil le claí, fál, crann nó balla atá in aice le bóthar poiblí nó le haon mhaoin de chuid údaráis phoiblí, nach bhfeidhmeoidh an bord cumhacht faoin bhfo-alt seo ach amháin le toiliú an údaráis áirithe, agus i gcás díospóid a bheith ann i dtaobh claí, fál, crann nó balla áirithe a bheith in aice le bóthar poiblí nó le haon mhaoin den sórt sin, go gcuirfidh an bord áirithe an t-ábhar faoi bhráid an Aire lena chinneadh, agus, tar éis don Aire sin dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil nó le cibé Aire eile de chuid an Rialtais is iomchuí leis, is cinneadh críochnaitheach a chinneadh.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní dhéanfaidh bord, i ndáil le hiascach eisiatach nó ní eile cumhacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú gan toiliú úinéir an chéanna, agus d'fhonn amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo, i gcás gur Aire de chuid an Rialtais, Coimisiún Talún na hÉireann, na Coimisinéirí nó údarás poiblí is úinéir ar an iascach eisiatach nó ar an ní eile, go bhféadfaidh an tAire sin, an Coimisiún sin, na Coimisinéirí nó an t-údarás poiblí nuair a bheidh an toiliú sin á thabhairt aige nó acu cibé coinníollacha réasúnacha is cuí leis nó leo a chur ag gabháil leis, agus i dteannta a bhfuil anseo roimhe seo, ní rachaidh an bord isteach ar aon iascach nó talamh ná ní ghlacfaidh seilbh air gan fógra i scríbhinn a thabhairt don áititheoir mí roimh ré á rá go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.

(b) I gcás ar deimhin leis an Aire, tar éis do bhord iarratas a dhéanamh chuige, nach féidir úinéir iascaigh eisiataigh nó ní eile a fháil ná a fhionnadh le fiosrú dúthrachtach, féadfaidh sé údárás a eisiúint faoin alt seo maidir leis an iascach eisiatach nó leis an ní eile agus fad a bheidh údarás faoin alt seo i bhfeidhm ní bheidh feidhm ag mír (a) den alt seo maidir leis an iascach eisiatach ná leis an ní eile lena mbaineann an t-údarás.

(c) Féadfaidh an tAire tráth ar bith údarás faoin alt seo a tharraingt siar uaidh féin nó ar iarratas ó aon duine eile.

(3) Faoi réir alt 43 den Acht seo, féadfaidh an Príomh-Bhord nó aon bhord réigiúnach, nó a seirbhísigh nó a ngníomhairí nó aon chonraitheoir a bheidh fostaithe ag an mbord nó aon oibrí a bheidh fostaithe ag conraitheoir den sórt sin, i dteannta nó d'éagmais feithiclí, innealra nó gaireas eile (lena n-áirítear báid nó árthaí eile) nó trealamh,

(a) d'fhonn rochtain a bheith aige chuig láthair oibreacha feabhsúcháin iascaigh atá críochnaithe nó atá á ndéanamh nó le déanamh ag an mbord,

(b) d'fhonn rochtain a bheith aige chuig iascach (cibé acu is maoin leis an mbord an t-iascach sin nó nach ea) chun é a iniúchadh nó a chothabháil.

dul isteach ar thalamh aon tráth réasúnach.

(4) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, fho-alt (1) den alt seo agus alt 43 den Acht seo, féadfaidh bord, chun aon chríche dá luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, droichead, bóthar nó cosán d'aon chineál a dhéanamh ar aon talamh nó thar aon talamh, agus ar é a bheith déanta ag an mbord, féadfaidh sé an droichead, an bóthar nó an cosán sin a úsáid agus a chothabháil.

(b) Sula bhfeidhmeoidh an bord cumhacht chun droichead, bóthar nó cosán a dhéanamh faoin bhfo-alt seo gheobhaidh sé toiliú ón údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme a bheartaítear a bheidh an droichead, an bóthar nó an cosán.

(c) I gcás a mbeartóidh bord droichead, bóthar nó cosán a dhéanamh faoin bhfo-alt seo ar aon talamh atá i seilbh nó ar áitiú ag an Aire, ag aon Aire eile de chuid an Rialtais ag Coimisiún Talún na hÉireann, ag na Coimisinéirí nó ag údarás poiblí, déanfaidh an bord, sula bhfeidhmeoidh siad aon cheann dá gcumhachtaí i ndail leis an droichead, an bóthar nó an cosán a chur ar fáil, toiliú a fháil—

(i) i gcás an talamh a bheith ina sheilbh nó ar áitiú ag Aire de chuid an Rialtais, ón Aire sin,

(ii) i gcás an talamh a bheith ar áitiú nó ina seilbh ag Coimisiún Talún na hÉireann nó ag na Coimisinéirí, ón gCoimisiún sin nó ó na Coimisinéirí sin, cibé acu is iomchuí,

(iii) i gcás an talamh a bheith ar áitiú nó ina sheilbh ag údarás áitiúl, ón údarás sin,

agus is ceanglais i dteannta, agus ní ceanglais in ionad, cheanglais mhír (b) den fho-alt seo ceanglais na míre seo.

(5) Féadfaidh duine a bheidh ag dul isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ansin atá cumhalda nó riachtanach le réasún chun na críche ar chuici a chuathas isteach.

(6) Tabharfaidh an Príomh-Bhord nó an bord réigiúnach áirithe, de réir mar is iomchuí, do dhuine ag a mbeidh údarás faoi Airteagal 20 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó faoi Airteagal 18 de Chuid II den Dara Sceideal sin chun cumhacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, deimhniú ar an údarás sin agus nuair a bheidh aon ní á dhéanamh aige de bhun an údaráis sin, déanfaidh sé, má iarrann an duine lena mbaineann air é, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin.

(7) (a) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann cumhacht d'aon duine dul isteach i dteach cónaithe ná, ach amháin i gcás gnáth-bhóthar nó pasáiste a bheith ag gabháil go dtí iascach trí gharraí nó trí chúirtealáiste tí chónaithe, ní fhorléireofar é mar ní a thugann cumhacht d'aon duine dul isteach i ngarraí nó i gcúirtealáiste den sórt sin.

(b) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann ar chumas boird réigiúnaigh aon cheann de na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú lasmuigh dá réigiún iascaigh.

(c) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a mhodhnaíonn feidhmiú aon cheanglais de chuid na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, nó a dhéanann difear ar shlí eile don fheidhmiú sin.

CAIBIDIL IV

Forálacha Ilghnéitheacha a bhaineann leis an bPríomh-Bhord agus le Boird Réigiúnacha

ROINN 1

Tuarascálacha, Airgeadas, Etc.

Tuarascálacha bliantúla agus faisnéis don Aire.

19. —(1) Tabharfaidh an Príomh-Bhord, a luaithe is féidir tar éis tús gach bliana, tuarascáil don Aire ar a imeachtaí an bhliain roimhe sin agus ar imeachtaí gach boird réigiúnaigh an bhliain sin, de réir na tuarascála a bheidh tugtha don Phríomh-Bhord faoi fho-alt (2) den alt seo, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Tabharfaidh bord réigiúnach, tráth nach déanaí ná an lú lá d'Aibreán gach bliain, tuarascáil don Phríomh-Bhord ar a imeachtaí i gcaitheamh na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig roimhe sin.

(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar an bPríomh-Bhord nó ar bhord réigiúnach cibé faisnéis a thabhairt a bhaineann lena fheidhmeanna agus a shonróidh an tAire.

Meastacháin.

20. —(1) Ullmhóidh an Príomh-Bhord agus gach bord réigiúnach, maidir le gach bliain, meastachán ar a chaiteachas agus a fháltas iomlán, agus beidh na meastacháin sin i cibé foirm a cheanglóidh an tAire.

(2) Cuirfidh an Príomh-Bhord chuig an Aire cóip de gach meastachán a d'ullmhaigh an Príomh-Bhord ag comhlíonadh an ailt seo.

(3) Cuirfidh bord réigiúnach chuig an bPríomh-Bhord cóip de gach meastachán a d'ullmhaigh an bord sin ag comhlíonadh an ailt seo agus cuirfidh an Príomh-Bhord an meastachán sin chuig an Aire mar aon le tuairimí an Phríomh-Bhoird ar an meastachán sin.

(4) (a) I gcás a bhfaighidh an tAire meastachán a ullmhaíodh chun críocha an ailt seo féadfaidh sé an meastachán a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó diúltú an meastachán a dhaingniú.

(b) I gcás a ndiúltóidh an tAire meastachán a ullmhaíodh amhlaidh a dhaingniú, féadfaidh sé a cheangal ar an bPríomh-Bhord, nó i gcás ar bord réigiúnach a d'ullmhaigh an meastachán, féadfaidh sé a cheangal ar an mbord réigiúnach áirithe, meastachán nua ar a chaitheachas agus a fháltas don bhliain lenar bhain an meastachán nár daingníodh a ullmhú agus a chur faoina bhráid chun críocha an ailt seo.

(c) I gcás a ndéanfaidh an tAire ceanglas faoin alt seo, comhlíonfaidh an Príomh-Bhord nó an bord réigiúnach áirithe, de réir mar is iomchuí, agus a luaithe is féidir, an ceanglas sin, agus bainfidh fo-alt (2) nó (3) den alt seo, de réir mar is iomchuí, le meastacháin a ullmhaíodh de bhun cheanglas faoin bhfo-alt seo mar a bhaineann sé le meastacháin a ullmhaíodh de bhun fho-alt (1) den alt seo.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, a ordú go ndéanfar, go ginearálta nó maidir le bliain áirithe, meastacháin a éilítear leis an alt seo a ullmhú a chur chuige faoin alt seo tráth nach déanaí ná dáta sonraithe in aon bhliain, nó, de réir mar is iomchuí, ná dáta áirithe a shonrófar, agus féadfar an dáta céanna a shonrú amhlaidh maidir leis na meastacháin go léir den sórt sin nó féadfar dátaí éagsúla a shonrú amhlaidh i ndáil le dhá aicme nó níos mó de na meastacháin sin.

(b) I gcás ordachán faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, comhlíonfaidh an Príomh-Bhord (má bhaineann sin leis), agus aon bhord réigiúnach lena mbaineann, an t-ordachán.

(6) Ní thabhóidh an Príomh-Bhord ná bord réigiúnach, gan cead ón Aire, aon chaiteachas seachas caiteachas a bheidh ar áireamh i meastachán faoin alt seo arna dhaingniú faoin alt seo ag an Aire.

Deontais don Phríomh-Bhord agus do bhoird réigiúnacha.

21. —(1) Féadfar, faoi réir cibé coinníollacha, más ann, is cuí leis an Aire, deontas nó deontais a íoc leis an bPríomh-Bhord—

(a) gach bliain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas,

(b) ó am go ham as an gCiste Caomhanta Bradán,

ina mbeidh cibé méid nó méideanna a shocróidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an bPríomh-Bhord; ar choinníoll nach dtabharfaidh an tAire deontas faoin alt seo as airgead a sholáthróidh an tOireachtas gan toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Féadfaidh an Príomh-Bhord deontais ina mbeidh cibé méid a shocróidh an Príomh-Bhord le ceadú an Aire a íoc le bord réigiúnach.

(3) Ní úsáidfear airgead a thabharfar don Phríomh-Bhord faoin alt seo ach amháin chun caiteachais a thabhaigh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach a íoc.

Cuntais agus iniúchadh.

22. —(1) Coimeádfaidh an Príomh-Bhord agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, gach bord réigiúnach, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair nó a chaith sé, lena n-áirítear go háirithe na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Déanfar an méid a fuair bord réigiúnach ar chuntas na suibscríobhanna is iníoctha faoi alt 58 den Acht seo a thaispeáint mar mhír ar leith sna cuntais a choimeádfaidh an bord sin de bhun an ailt seo.

(3) Beidh cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo le cur gach bliain ag an mbord a choimeádann iad faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, cuirfidh an bord sin cóip de na cuntais agus d'aon chuntais a choimeádfar de bhun ordachán ón Aire, mar aon le cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais—

(a) i gcás ar cuntais atá á gcoimeád ag an bPríomh-Bhord na cuntais, chuig an Aire,

(b) i gcás ar cuntais atá á gcoimeád ag bord réigiúnach na cuntais, chuig an bPríomh-Bhord.

(4) A luaithe is féidir tar éis don Phríomh-Bhord na cuntais a bhaineann le bliain áirithe a fháil ó na boird réigiúnacha go léir, cuirfidh an Príomh-Bhord cóip de na cuntais chuig an Aire mar aon le cibé tuairimí ar na cuntais sin (más ann) a mheasfaidh an Príomh-Bhord is iomchuí.

(5) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de na cuntais a thíolaic an Príomh-Bhord dó faoin alt seo, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Iasachtaí.

23. —(1) Féadfaidh an Príomh-Bhord agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh aon bhord réigiúnach, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, airgead a fháil ar iasacht trí rótharraingt bainc nó eile.

(2) Is tríd an bPríomh-Bhord a dhéanfaidh bord réigiúnach iarratas ar thoiliú an Aire leis an mbord sin d'fháil iasachtaí (agus féadfaidh an Príomh-Bhord, más cuí leis é, a thuairimí ar an iarratas a thabhairt don Aire).

ROINN II

Comhaltaí a Chur as Oifig

Comhaltaí den Phríomh-Bhord nó de bhord réigiúnach a chur as oifig.

24. —(1) Más deimhin, agus aon uair is deimhin, leis an Aire—

(a) nach ndearna an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach, i ndáil le hordachán a thug an tAire faoi alt 8 (1) (b) den Acht seo, ceanglais alt 8 nó 11 (1) (c) den Acht seo, cibé acu é, a chomhlíonadh, nó

(b) tar éis fiosrúchán a dhéanamh faoi alt 50 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 65 den Acht seo, i dtaobh chomhlíonadh na bhfeidhmeanna a sannadh don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach leis an Acht seo nó faoi, nach bhfuil na feidhmeanna a sannadh amhlaidh á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtach ag an bPríomh-Bhord nó ag bord réigiúnach, nó nach bhfuil na feidhmeanna a sannadh amhlaidh á gcomhlíonadh go sásúil i gcoitinne ag aon bhord den sórt sin,

féadfaidh sé le hordú comhaltaí uile an bhoird (lena n-áirítear an cathaoirleach) a chur as oifig.

(2) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1) den alt seo, ceapfaidh sé cibé duine nó daoine is cuí leis chun feidhmeanna an bhoird lena mbaineann an t-ordú a chomhlíonadh agus féadfaidh sé ó am go ham duine nó daoine a bheidh ceaptha faoin bhfo-alt seo a chur as oifig agus duine nó daoine eile a cheapadh ina ionad nó ina n-ionad.

(3) (a) Is i scríbhinn a bheidh ceapachán faoin alt seo agus sonrófar ann an lá ar a mbeidh agus óna mbeidh éifeacht leis an gceapachán agus, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, an tréimhse ina mbeidh éifeacht leis ar a feadh, agus fad a fhanfaidh an ceapachán i bhfeidhm oibreoidh sé chun a chumasú don duine nó do na daoine a cheapfar dá dhroim na feidhmeanna de chuid an bhoird ar i ndáil leo a rinneadh an ceapachán a chomhlíonadh.

(b) Féadfaidh ceapachán faoin alt seo dualgas agus luach saothair an duine nó na ndaoine lena mbaineann sé a shocrú.

(4) Déanfar luach saothair na ndaoine go léir a cheapfar faoi fho-alt (2) den alt seo le feidhmeanna an Phríomh-Bhoird nó boird réigiúnaigh a chomhlíonadh a íoc as ioncam an bhoird ar ina leith a rinneadh an ceapachán mar chuid de na caiteachais a bhaineann lena fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(5) I gcás a ndéanfar duine atá ag fónamh sa Státseirbhís a cheapadh faoi fho-alt (2) den alt seo chun dualgais an Phríomh-Bhoird nó boird réigiúnaigh a chomhlíonadh, aisíocfar leis an Státchiste, i cibé slí a ordóidh Aire na Seirbhíse Poiblí, as airgead faoi urláimh an bhoird ar ina leith a rinneadh an ceapachán, tuarastal an duine sin mar aon le cibé muirir i leith aoisliúntais agus cibé liúntais agus aiscí eile is iníoctha faoin Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , leis an duine sin nó ina leith de réir mar a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí is cuí.

(6) Aon uair tar éis comhaltaí de bhord réigiúnach a chur as oifig le hordú faoin alt seo, féadfaidh an tAire, más cuí leis é agus nuair is cuí leis é, a chur faoi deara le hordú toghchán nua ar chomhaltaí den bhord sin a dhéanamh.

(7) Cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh toghchán nua ar chomhaltaí de bhord réigiúnach de bhun ordú faoi fho-alt (6) den alt seo, déanfar an chéad toghchán eile dá éis sin ar chomhaltaí den bhord sin ar an gcéad ócáid eile ar a mbeadh sé de cheangal de réir dlí toghchán ar chomhaltaí den sórt sin a dheanamh dá mba nár díscaoileadh an bord sin.

(8) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú gach uile ní agus gach uile rialachán a dhéanamh is dóigh leis is gá chun lánéifeacht a thabhairt d'aon ordú a bheidh déanta aige faoi fho-alt (6) den alt seo.

ROINN III

Foireann

Foirne an Phríomh-Bhoird agus bord réigiúnach.

25. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo agus ailt 29 agus 30 den Acht seo, féadfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach, faoi réir cheadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh dó.

(2) (a) Faoi réir ailt 27 agus 28 den Acht seo, déanfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach an príomh-oifigeach don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin) a cheapadh le comhthoiliú an Aire.

(b) Faoi réir alt 29 den Acht seo agus fho-alt (4) den alt seo, íocfar le príomh-oifigeach den sórt sin cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas agus beidh sé i seilbh a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an tAire le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus féadfar téarmaí agus coinníollacha éagsúla a chinneadh faoin mír seo i ndáil le hoifig phríomh-oifigeach an Phríomh-Bhoird, le hoifig phríomh-oifigeach aon bhoird réigiúnaigh, agus le hoifig phríomh-oifigeach aon bhoird réigiúnaigh is d'aicme nó de thuairisc áirithe.

(3) Faoi réir ailt 29 agus 30 den Acht seo, íocfar le hoifigigh, seachas an príomh-oifigeach, agus le seirbhísigh an Phríomh-Bhoird nó boird réigiúnaigh cibé luach saothair agus liúntais agus beidh siad i seilbh a bhfostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an bord áirithe le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach (lena n-áirítear an príomhoifigeach) nó seirbhíseach don Phríomh-Bhord, nó do bhordréigiúnach, a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach, nó a cheapadh faoi alt 15 d'Acht 1977 chun folúntas sa Tionól sin a líonadh, beidh sé ar iasacht óna fhostaíocht agus ní íocfar leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé, aon luach saothair ná liúntais i leith na fostaíochta sin—

(a) i gcás é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniú agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,

(b) i gcás é a ainmniú lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin, nó ina ionadaí sa Tionól sin, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí,

(c) i gcás é a cheapadh amhlaidh chun folúntas den sórt sin a líonadh, in aghaidh na tréimhse dar tosach dáta a cheaptha agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina ionadaí den sórt sin,

agus i dteannta a bhfuil anseo roimhe seo ní bheidh sé i dteideal iomlán na tréimhse sin ná aon chuid di a ríomh le haghaidh aon sochair is iníoctha faoi aon scéim faoi alt 33 den Acht seo.

(5) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, nó is ionadaí de thuras na huaire i dTionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach (lena n-áirítear an príomh-oifigeach) nó ina sheirbhíseach don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach.

Ionstraimí ceapacháin chun críocha Chuid XVIII den Phríomh-Acht.

26. —Déanfar gach ionstraim lena gceapfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach oifigeach nó duine eile chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha Chuid XVIII den Phríomh-Acht—

(a) a ullmhú agus a chló san fhoirm fhorordaithe, agus

(b) a shéalú le séala an bhoird.

agus beidh gach doiciméad a airbheartaíonn gur ionstraim den sórt sin é nó go bhfuil sé séalaithe le séala an bhoird sin de réir mar is iomchuí sna himthosca inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise prima facie ar an gceapachán sin.

Oifigí áirithe, etc. a líonadh tríd an gCoimisiún um Cheapacháin Áitiúla.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an t-alt seo leis na hoifigí agus na fostaíochtaí seo a leanas, is é sin le rá:

(a) an phríomh-oifig faoin bPríomh-Bhord,

(b) an phríomh-oifig faoi bhord réigiúnach,

(c) gach oifig agus gach fostaíocht, seachas fostaíocht pháirtaimsire nó fostaíocht shealadach, faoin bPríomh-Bhord nó faoi bhord réigiúnach ar cáilíochtaí gairmiúla go hiomlán nó go páirteach na cáilíochtaí lena haghaidh,

(d) aon oifig nó fostaíocht eile faoin bPríomh-Bhord nó faoi bhord réigiúnach a ndearbhóidh an tAire ó am go ham, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí agus na gCoimisinéirí, gur oifig nó fostaíocht í lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Ní fhorléireofar an t-alt seo mar alt a bhaineann le haistriú arna dhéanamh le halt 29 nó 30 den Acht seo ná le cás—

(a) ina ndéantar duine a aistriú—

(i) ó oifig nó ó fhostaíocht faoin bPríomh-Bhord chuig oifig nó fostaíocht faoi bhord réigiúnach, nó

(ii) ó oifig nó ó fhostaíocht faoi bhord réigiúnach chuig oifig nó fostaíocht faoin bPríomh-Bhord, nó

(iii) ó oifig nó ó fhostaíocht faoi bhord réigiúnach amháin chuig oifig nó fostaíocht faoi bhord réigiúnach eile.

agus

(b) ina bhfuil na dualgais a ghabhann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht óna ndéanfar an duine a aistriú amhlaidh cosúil nó ar aon dul leis na dualgais a ghabhann leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chun a n-aistreofar an duine amhlaidh.

(3) Gach ceist nó díospóid—

(a) i dtaobh oifig nó fostaíocht áirithe a bheith nó gan a bheith ina hoifig nó ina fostaíocht lena mbaineann an t-alt seo, nó,

(b) i dtaobh aistriú a bheith nó gan a bheith ina aistriú lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo,

cinnfidh an tAire í tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí.

(4) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás a mbeartóidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach ceapachán a dhéanamh chun oifig nó fostaíocht lena mbaineann an t-alt seo, iarrfaidh an bord ar na Coimisinéirí i dtosach duine a mholadh dó lena cheapadh chun na hoifige nó na fostaíochta sin agus déanfaidh na Coimisinéirí, más cuí leo é, tar éis dóibh an iarraidh sin a fháil, duine a roghnú agus a mholadh faoi réim agus de réir Acht 1926 don bhord lena cheapadh chun an phoist sin, agus déanfaidh an bord, tar éis dó an moladh sin a fháil ó na Coimisinéirí, faoi réir an cheadaithe a cheanglaítear le halt 25 (1) den Acht seo, an duine a mhol na Coimisinéirí amhlaidh a cheapadh chun na hoifige nó na fostaíochta sin.

(5) Íocfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach leis na Coimisinéirí as airgead a bheidh faoina réir aige cibé caiteachais a shocróidh na Coimisinéirí i leith an roghnaithe agus na moltaí a rinne na Coimisinéirí faoin alt seo chun oifigí nó fostaíochtaí faoin mbord a líonadh.

(6) Gach suim a gheobhaidh na Coimisinéirí faoin alt seo measfar, chun críocha alt 12 (2) (b) d'Acht 1926, gur táille í a íocadh leis na Coimisinéirí faoin Acht sin.

(7) San alt seo agus in alt 28 den Acht seo ciallaíonn “Acht 1926” Acht na nÚdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ;

ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.

Príomh-oifigeach an Phríomh-Bhoird nó boird réigiúnaigh a cheapadh i gcéaduair.

28. —(1) An duine a bheidh le ceapadh i gcéaduair tar éis dáta an Achta seo a rith le bheith—

(a) ina phríomh-oifigeach faoin bPríomh-Bhord,

(b) ina phríomh-oifigeach do bhord réigiúnach áirithe,

(cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), is é an tAire, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, a cheapfaidh chun na hoifige sin é.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 27 den Acht seo i ndáil leis an Aire d'fheidhmiú na cumhachta a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo mar atá feidhm acu i ndáil leis an bPríomh-Bhord nó le bord réigiúnach do dhéanamh ceapachán chun oifigí nó fostaíochtaí lena mbaineann an t-alt sin 27, agus d'fhonn éifeacht a thabhairt don méid sin roimhe seo deánfar gach ceann de na tagairtí sna fo-ailt sin don Phríomh-Bhord (nó don bhord) a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Aire agus mar thagairt atá faoi réir cibé modhnuithe eile is gá.

(3) An tsuim a gheobhaidh na Coimisinéirí faoi alt 27 (5) den Acht seo, arna fheidhmiú leis an alt seo, measfar chun críocha alt 12 (2) (b) d'Acht 1926 gur táille í arna híoc leis na Coimisinéirí faoin Acht sin.

Foireann a aistriú chuig an bPríomh-Bhord, etc.

29. —(1) Gach duine a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i bhfostaíocht lánaimsire an Iontaobhais, déanfar, an lá sin, é a aistriú chuig an bPríomh-Bhord agus beidh sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar is iomchuí, don Phríomh-Bhord, agus na daoine go léir a bheidh aistrithe amhlaidh beidh siad, fad a fhanfaidh siad i bhfostaíocht an Phríomh-Bhoird, ina gcomhaltaí d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird agus “foireann aistrithe an Phríomh-Bhoird” a ghairtear díobh san Acht seo.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, fad a bheidh comhalta d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird i seirbhís an Phríomh-Bhoird ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir, díreach sular aistríodh é de bhua an ailt seo, sa tseirbhís ónar aistríodh é.

(b) Comhalta d'fhoireann boird réigiúnaigh a aistreoidh ó sheirbhís an bhoird sin chuig seirbhís an Phríomh-Bhoird agus a bhí, díreach roimh an aistriú sin, ina chomhalta d'fhoireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh, fad a bheidh sé i seirbhís an Phríomh-Bhoird ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir i seirbhís an bhoird réigiúnaigh díreach sular aistríodh é.

(c) Go dtí go dtiocfaidh scéim foirne i ngníomh a bhainfidh le comhalta áirithe d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird agus a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 32 den Acht seo, leanfaidh na coinníollacha seirbhíse, na sriantachtaí, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an comhalta faoina réir díreach sular aistríodh é chun seirbhís an Phríomh-Bhoird do bhaint leis agus féadfaidh an Príomh-Bhord nó a phríomh-oifigeach, de réir mar is iomchuí, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh sé i seirbhís an Phríomh-Bhoird.

(3) (a) Féadfaidh an Príomh-Bhord, faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus alt 31 (1) den Acht seo agus tar éis comhairle a ghlacadh le haon chomhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta lena mbaineann—

(i) athdháileadh nó athchóiriú a dhéanamh ar na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag comhaltaí d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird nó ag daoine lena mbaineann fo-alt (2) (b) den alt seo agus atá fostaithe i ngrád nó in aicme áirithe fostaíochta agus beidh de cheangal ar gach comhalta nó duine den sórt sin na dualgais a chuirfear air in aon athdháileadh nó athchóiriú den sórt sin a chomhlíonadh,

(ii) a cheangal ar aon chomhalta nó duine den sórt sin aistriú, ar cibé modh a shonróidh an Príomh-Bhord, chuig seirbhís bhord réigiúnach a shonrófar amhlaidh, agus beidh de cheangal ar gach comhalta nó duine den sórt sin aistriú de réir an cheanglais.

(b) Ní mheasfar gur cur as oifig ná díothú oifige chun críche aon scéim nó achtachán a bhaineann le haoisliúntais nó le cúiteamh i leith cailleadh oifige athdháileadh ná athchóiriú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

Foireann a aistriú chuig boird réigiúnacha, etc.

30. —(1) Gach duine a bheidh, díreach roimh an lá ceaptha, i bhfostaíocht lánaimsire boird choimeádaithe nó dhuine arna cheapadh faoi alt 51 den Phríomh-Acht, déanfar, an lá sin, é a aistriú chuig cibé bord réigiúnach a chinnfidh an tAire agus beidh sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar is iomchuí, don bhord réigiúnach sin, agus na daoine go léir a aistreofar amhlaidh chuig bord réigiúnach áirithe beidh siad ina gcomhaltaí d'fhoireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh sin, agus i ndáil leis an mbord sin “foireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh” a ghairtear díobh san Acht seo.

(2) Duine atá fostaithe ag bord réigiúnach agus ar comhalta é d'fhoireann aistrithe an bhoird réigiúnaigh, fad a bheidh sé i seirbhís an bhoird réigiúnaigh ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir, díreach sular aistríodh é de bhua an ailt seo, sa tseirbhís ónar aistríodh é.

(3) Comhalta d'fhoireann boird réigiúnaigh a aistreoidh (de bhun cheanglas faoi alt 29 (3) den Acht seo nó eile), tar éis dó a bheith i bhfostaíocht an Phríomh-Bhoird ó sheirbhís leis an bPríomh-Bhord go dtí seirbhís boird réigiúnaigh agus a bhí, díreach sular aistríodh é, ina chomhalta d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird, fad a bheidh sé i seirbhís an bhoird réigiúnaigh ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir i seirbhís an Phríomh-Bhoird díreach sular aistríodh é.

(4) (a) Féadfaidh bord réigiúnach, faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus tar éis comhairle a ghlacadh le haon chomhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta lena mbaineann, athdháileadh nó athchóiriú a dhéanamh ar na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag comhaltaí d'fhoireann aistrithe an bhoird nó ag daoine lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo atá fostaithe i ngrád nó in aicme áirithe fostaíochta agus beidh de cheangal ar gach comhalta nó duine den sórt sin na dualgais a chuirfear air in aon athdháileadh nó athchóiriú den sórt sin a chomhlíonadh.

(b) Ní mheasfar gur cur as oifig ná díothú oifige chun críche aon scéim nó achtachán a bhaineann le haoisliúntas nó le cúiteamh i leith cailleadh oifige athdháileadh nó athchóiriú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo.

(c) Go dtí go dtiocfaidh scéim foirne i ngníomh a bhainfidh le comhalta áirithe d'fhoireann aistrithe boird réigiúnaigh agus a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 32 den Acht seo, leanfaidh na coinníollacha seirbhíse, na sriantachtaí, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an comhalta faoina réir díreach sular aistríodh é chuig seirbhís an bhoird réigiúnaigh do bhaint leis agus féadfaidh an bord réigiúnach nó a phríomh-oifigeach, de réir mar is iomchuí, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh sé i seirbhís an bhoird réigiúnaigh.

Aoisliúntais foirne aistrithe.

31. —(1) Ní bheidh comhalta d'fhoireann aistrithe an Phríomh-Bhoird ná duine lena mbaineann alt 29 (2) (b) den Acht seo, fad a bheidh sé i seirbhís an Phríomh-Bhoird, faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le haoisliúntais (i modh cnapshuime, pinsin nó aisce nó cúiteamh i leith cailleadh oifige) a dheonú ná na coinníollacha (más ann) a bhain leis díreach sular aistríodh chuig seirbhís an Phríomh-Bhoird é.

(2) Ní bheidh duine a aistreofar de bhua alt 29 den Acht seo ná duine lena mbaineann alt 30 den Acht seo, fad a bheidh sé i seirbhís an bhoird réigiúnaigh ar aistríodh chuige amhlaidh é, faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le haoisliúntais (i modh cnapshuime, pinsin nó aisce nó cúiteamh i leith cailleadh oifige) a dheonú ná na coinníollacha (más ann) a bhain leis díreach sular aistríodh amhlaidh é.

Scéimeanna foirne.

32. —(1) A luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an Príomh-Bhord, faoi réir ailt 29 agus 30 den Acht seo agus tar éis comhairle a ghlacadh le gach ceann de na boird réigiúnacha agus le haon chomhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta lena mbaineann, scéim foirne nó scéimeanna foirne a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire á shocrú—

(a) go ndéanfar rialáil, rialú agus bainistí—

(i) ar fhoireann an Phríomh-Bhoird,

(ii) ar fhoirne na mbord réigiúnach,

(b) go ndéanfar idirmhalartú foirne go réidh idir aon dá cheann de na boird réamhráite,

agus á thaispeáint maidir leis na gráid éagsúla foirne (i gcoitinne nó go leithleach, de réir mar is iomchuí) cad iad an luach saothair, an tseilbh oifige agus na cáilíochtaí i gcóir ceapacháin agus na coinníollacha seirbhíse.

(2) Déanfaidh an bord nó na boird lena mbaineann scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a chur i gcrích de réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhord, tar éis comhairle a ghlacadh le gach ceann de na boird réigiúnacha agus le haon chomhlachais foirne nó ceardchumainn aitheanta lena mbaineann, scéim faoin alt seo a leasú tráth ar bith le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Aoisliúntais foirne i gcoitinne.

33. —(1) Déanfaidh an Príomh-Bhord, faoi réir alt 31 den Acht seo, scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais i modh pinsin, cnapshuime nó aisce a dheonú do cibé fostaithe lánaimsire nó i leith cibé fostaithe lánaimsire—

(a) de chuid an Phríomh-Bhoird,

(b) de chuid aon bhoird réigiúnaigh,

is cuí leis an bPríomh-Bhord; ar choinníoll nach ndéanfaidh an Príomh-Bhord scéim faoin alt seo a bhaineann le foireann boird réigiúnaigh a chur faoi bhráid an Aire gan comhairle a ghlacadh roimh ré leis an mbord sin agus ar choinníoll freisin go ndéanfaidh an Príomh-Bhord, a luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an ailt seo, cibé scéim nó scéimeanna faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire is gá chun cibé liúntais a dheonú dá réir do gach duine nó i leith gach duine a bheidh fostaithe de thuras na huaire i gcáil lánaimsire ag aon bhord réigiúnach.

(2) Déanfaidh an bord nó na boird lena mbaineann scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a chur i grích de réir a téarmaí.

(3) Féadfaidh an Príomh-Bhord tráth ar bith, le ceadú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú; ar choinníoll má bhaineann scéim den sórt sin le haon bhord réigiúnach nach leasófar an scéim faoin bhfo-alt seo ach amháin tar éis comhairle a ghlacadh leis an mbord réigiúnach nó, de réir mar is iomchuí, le gach ceann de na boird réigiúnacha, lena mbaineann.

(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh ach sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(6) Ní dheonóidh an Príomh-Bhord ná bord réigiúnach aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile do chomhalta ná i leith comhalta dá fhoireann lena mbaineann scéim faoin alt seo, ná ní dhéanfaidh aon bhord den sórt sin aon chomhshocraíochtaí eile chun pinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile den sórt sin a chur ar fáil ar chomhalta den sórt sin dá fhoireann d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir na scéime.

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

CAIBIDIL V

Boird Choimeádaithe agus an tIontaobhas Iascaigh Intíre a Dhíscaoileadh

Boird choimeádaithe a dhíscaoileadh agus ceapacháin áirithe a fhoirceannadh.

34. —(1) Díscaoiltear leis seo gach ceann de na boird choimeádaithe a bunaíodh le halt 21 den Phríomh-Acht agus a bhí ar bun díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

(2) Foirceanntar leis seo aon cheapachán faoi alt 51 den Phríomh-Acht a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear do bhailíocht aon cheadúnais nó deimhnithe a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

(4) Déanfar aon tagairt do bhord coimeádaithe in aon achtachán ar leith ó na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, a fhorléiriú mar thagairt do bhord réigiúnach.

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm an lá ceaptha.

An tIontaobhas a dhíscaoileadh agus a chuid maoine, etc., a aistriú.

35. —(1) Tiocfaidh an tIontaobhas chun bheith díscaoilte de bhua an ailt seo an lá ceaptha.

(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dílsithe don Iontaobhas nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá ceaptha, gan aon tíolacadh ná sannadh, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe don Phríomh-Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha dó (de réir mar is gá sa chás).

(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an Iontaobhais, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an bPríomh-Bhord á iarraidh sin aon tráth an lá ceaptha nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Phríomh-Bhoird.

(4) Gach ábhar i gcaingean a bheidh aistrithe leis an alt seo féadfaidh an Príomh-Bhord, an lá ceaptha nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Phríomh-Bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(5) Gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear aon dliteanas neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bhí, díreach roimh an lá ceaptha, dlite den Iontaobhas agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan ghlanadh aige tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá ceaptha, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an bPríomh-Bhord agus íocfaidh nó glanfaidh an Príomh-Bhord é agus féadfar é a ghnóthú ón bPríomh-Bhord nó a fheidhmiú ina aghaidh dá réir sin.

(6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha idir an tIontaobhas agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm an lá ceaptha agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Príomh-Bhord ann in ionad an Iontaobhais agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an bPríomh-Bhord nó ina aghaidh.

(7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá ceaptha, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an tIontaobhas cuirfear ainm an Phríomh-Bhoird in ionad ainm an Iontaobhais agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

(8) Ní chuirfidh díscaoileadh an Iontaobhais leis an alt seo ó bhail dlí aon ordú íoca nó seic a d'eisigh an tIontaobhas agus nár tíolacadh chun a íoctha roimh an lá ceaptha, ná aon údarás a thug an tIontaobhas chun méid aon ordaithe íoca nó seic a íoc, ná ní dhéanfaidh sé difear don chéanna, agus déanfaidh an Príomh-Bhord socruithe chun méid gach ordaithe nó seic den sórt sin a íoc ar é a thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an lae sin.

(9) D'aineoinn fho-alt (1) den alt seo, leanfaidh gach ceann de na scéimeanna seo a leanas de bheith i bhfeidhm, is é sin le rá, Scéim Aoisliúntais Fhoireann an Iontaobhais Iascaigh Intíre, dar dáta an 4ú lá d'Iúil, 1966, Scéim Pinsean Ranníocach Baintreach agus Leanaí do Bhuan-Oifigigh an Iontaobhais Iascaigh Intíre Ioncorportha, dar dáta an 18ú lá de Shamhain, 1974, agus Scéim Aoisliúntais an Iontaobhais Iascaigh Intíre Ioncorportha (Gnáth-Fhoireann Pá), 1975, agus, faoi réir alt 31 den Acht seo, féadfaidh an Príomh-Bhord í a chúlghairm nó a leasú ionann is dá mba faoi alt 33 den Acht seo a rinneadh í.

Cosaint maidir le cearta áirithe de chuid ghnáthchomhaltaí suibscríofa an Iontaobhais.

36. —Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a fhoirceannann aon cheart, nó a dhéanann difear d'aon cheart, chun iascaireachta a bhí ar teachtadh ag aon duine díreach sular díscaoileadh an tIontaobhas toisc gur ghnáth-chomhalta suibscríofa den Iontaobhas é an tráth sin, agus beidh teideal ag duine den sórt sin leanúint den cheart sin a theachtadh agus a fheidhmiú ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse lena mbainfeadh, mura mbeadh an díscaoileadh sin, an suibscríobh bliantúil is deireanaí a d'íoc sé leis an Iontaobhas, agus ar feadh an achair sin amháin.

CUID III

Iascaigh a Fháil agus a Aistriú, etc.

Iascaigh a fháil, etc.

37. —(1) I gcás ar deimhin leis an Aire tar éis don Phríomh-Bhord iarratas a dhéanamh chuige—

(a) gur gá, chun go bhféadfaí clár forbartha a d'ullmhaigh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach a chur i gcrích, iascach áirithe a fháil faoin alt seo, nó

(b) gur fóirsteanach, chun aon iascach a bhainistí, a oibriú, a chosaint, a chaomhnú nó a fhorbairt de réir chlár den sórt sin, an t-iascach a fháil faoin alt seo,

féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, a údarú don Phríomh-Bhord é a fháil.

(2) (a) Féadfaidh an Príomh-Bhord iascach lena mbaineann údarás faoi fho-alt (1) den alt seo a fháil trí chomhaontú nó, d'éagmais comhaontaithe, trí ordú faoin alt seo arna dhéanamh ag an Aire.

(b) Forléireofar mír (a) den fho-alt seo mar mhír a chuireann ar chumas an Phríomh-Bhoird ceachtar den dá ní seo a leanas, nó iad araon, a fháil trí chomhaontú nó trí ordú faoin alt seo:

(i) grinneall agus ithir uiscí nuair is cuid d'iascach iad,

(ii) aon eastát nó leas i dtalamh, nó aon chead slí, ceart rochtana nó éasúint eile nó aon cheart eile thar thalamh nó ar thalamh nó faoi thalamh atá ag teastáil, i dtuairim an Príomh-Bhoird, chun an t-iascach atá á fháil faoin gcomhaontú nó faoin ordú a bhuanchoimeád, a chaomhnú, a oibriú, a fhorbairt nó a fheabhsú, nó atá ag teastáil i ndáil leis sin.

(3) (a) Taispeánfaidh gach iarratas ar údarás faoin alt seo chun cead slí nó ceart slí a fháil, faoi threoir plean a chuirfear ag gabháil leis an iarratas, an cead slí nó an ceart slí a bhféachtar lena fháil.

(b) Le linn cinneadh a bheith á dhéanamh faoin alt seo ar iarratas chun cead slí nó ceart slí a fháil, féadfaidh an tAire nó an tEadránaí, más cuí leis, cead slí ar an bhfothionóntán beartaithe nó thairis nó faoi, nó ceart slí thar an tionóntán sin, de chineál seachas an cineál a bheidh sonraithe san iarratas a lamháil; ar choinníoll nach bhfeidhmeoidh an tAire ná an tEadránaí an chumhacht a thugtar dó leis an mír seo gan caoi a thabhairt i dtosach don duine a ndearnadh, de bhun Airteagal 1 (c) (i) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, fógra a sheirbheáil air, á rá cén fáth nár chóir an chumhacht a fheidhmiú.

(4) Sula dtabharfaidh an tAire údarás faoi fho-alt (1) den alt seo glacfaidh sé comhairle (i dteannta comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais) le cibé Aire eile de chuid an Rialtais, más ann, ar dealraitheach don Aire go mbaineann sé leis.

(5) I gcás a mbeartófar go bhfaighidh an Príomh-Bhord iascach faoin alt seo agus gur deimhin leis an Aire go bhfuil ceart iascaireachta ag an bpobal i ndáil leis an iascach, ní bhfaighfear an t-iascach amhlaidh ach amháin más deimhin leis an Aire, d'ainneoin an ceart sin a bheith ann, gur le leas an phobail é an t-iascach a fháil amhlaidh.

(6) (a) Aon duine arb éagóir leis údarás ón Aire faoi fho-alt (1) den alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an lae a tugadh an t-údarás, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an údaráis, agus féadfaidh an tEadránaí de dhroim an achomhairc sin an t-údarás a dhaingniú nó a neamhniú.

(b) Aon duine arb éagóir leis ordú a rinne an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an lae a rinneadh an t-ordú, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an ordaithe, agus féadfaidh an tEadránaí de dhroim an achomhairc sin an t-ordú mar a rinne an tAire é a dhaingniú nó an t-ordú a dhaingniú fara cibé modhnuithe is iomchuí leis.

(7) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann toirmeasc nó srian ar an bPríomh-Bhord aon iascach is leis an Aire a fháil ón Aire ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontófar.

(8) Ní údaróidh aon ní san alt seo don Phríomh-Bhord go bhfaighidh sé go héigeantach—

(a) aon talamh atá dílsithe don Stát nó aon cheart thar an talamh sin, nó ann nó faoi nó ina leith;

(b) aon teach cónaithe nó a chúirtealáiste, nó aon áitreabh iata, clós, garraí nó talamh atá comhghabhálach le teach cónaithe nó aon cheart thar áitreabh, clós, garraí nó talamh den sórt sin nó ann nó faoi nó ina leith.

(9) Ní údaróidh aon ní san alt seo don Phríomh-Bhord aon talamh atá faoi réir blianachta ceannaigh talún ná aon cheart thar thalamh den sórt sin nó ann nó faoi nó ina leith a fháil (go héigeantach nó trí chomhaontú) gan toiliú ó Choimisiún Talún na hÉireann.

(10) I gcás an Príomh-Bhord d'fháil iascaigh faoin alt seo, ansin, d'ainneoin aon cheart iascaireachta a bheith ag an bpobal i ndáil leis an iascach, beidh de chumhacht ag an bPríomh-Bhord tógáil éisc as an iascach a thoirmeasc nó a rialú.

(11) Beidh feidhm, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ag na forálacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil le haon cheann nó le gach ceann díobh seo a leanas, is é sin le rá, iarratas chun an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, údarás nó ordú faoin alt seo, iarratas ar ordú den sórt sin, nó cinneadh ag an Aire nó achomharc chun an Eadránaí faoin alt seo.

Codanna d'aibhneacha nó de lochanna atá tadhlach le hiascaigh chora (fíoruisce) áirithe a fháil.

38. —(1) I gcás nach mbeidh grinneall agus ithir aon choda d'abhainn nó de loch atá tadhlach le hiascach lena mbaineann an t-alt seo faoin úinéireacht chéanna leis an iascach sin, féadfaidh an tAire, le hordú, más dóigh leis go bhfuil sé riachtanach nó fóirsteanach chun an t-iascach sin a chothabháil, a oibriú, a fheabhsú nó a fhorbairt, cibé méid den ghrinneall agus den ithir sin, nach mó ná caoga slat (45.72 méadar) lastuas nó laistíos, nó caoga slat (45.72 méadar) lastuas agus caoga slat (45.72 méadar) laistíos, den iascach sin a aistriú—

(a) i gcás an grinneall agus an ithir sin a bheith tadhlach le hiascach is leis an Aire, chun an Aire,

(b) i gcás an grinneall agus an ithir sin a bheith tadhlach le hiascach a fuair an Príomh-Bhord faoi alt 37 den Acht seo, chun an Phríomh-Bhoird,

de réir mar a shonroidh an tAire san ordú.

(2) Maidir le hordú faoin alt seo, beidh sé sainráite ann agus oibreoidh sé chun grinneall agus ithir na coda den abhainn nó den loch lena mbaineann an t-ordú a aistriú chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird, de réir mar a bheidh, amhail ar agus ón dáta a bheidh sonraithe chuige sin san ordú, i bhfeo simplí, saor ó eirí agus ó gach eastát agus leas sa chéanna (seachas cibé ceart duánachta, más ann, a fhorchoiméadfar leis an ordú).

(3) Bainfidh alt 37 (6) (b) den Acht seo agus Airteagail 4, 5, 8 agus 9 den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, modhnaithe mar is gá, le hordú faoin alt seo.

(4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo ar chumas an Phríomh-Bhoird aon talamh atá dílsithe don Stát a fháil go héigeantach.

(5) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo cuirfidh sé faoi deara cóip den ordú sin a sheirbheáil ar úinéir ghrinneall agus ithir na habhann nó an locha lena mbaineann an t-ordú sin.

(6) Baineann an t-alt seo le hiascach is leis an Aire nó a fuair an Príomh-Bhord faoi alt 37 den Acht seo agus arb é atá ann, i gceachtar cás, iascach cora (fíoruisce).

(7) San alt seo ciallaíonn “iascach cora (fíoruisce)” iascach bradán, breac nó eascann a sheoltar i bhfíoruisce trí bhíthin cora iascaireachta agus déanmhas na cora sin agus an talamh ar a bhfuil an chora sin tógtha agus gach ceart eile chun bradáin, bric agus eascanna a iascaireacht san iascach sin nó ar láthair an iascaigh sin.

Ceart slí (fáil).

39. —(1) Féadfaidh an Príomh-Bhord nó bord réigiúnach ordú faoin alt seo a iarraidh ar an Aire chun ceart slí (dá ngairtear “an ceart slí a éilítear”) a fháil go héigeantach ar chonair áirithe thar aon talamh.

(2) Taispeánfaidh gach iarratas ar ordú faoin alt seo, faoi threoir plean a chuirfear ag gabháil leis an iarratas, an ceart slí a bhféachtar lena fháil.

(3) I gcás a ndéanfar iarratas ar ordú faoin alt seo, beidh feidhm, faoi réir fho-alt (4) den alt seo, ag na forálacha seo a leanas:

(a) Féadfaidh an tAire, tar éis an t-iarratas a bhreithniú—

(i) más deimhin leis go bhfuil an ceart slí a lorgaítear ag teastáil chun a chur ar chumas an iarratasóra feidhm a sannadh don iarratasóir faoin Acht seo a chomhlíonadh nó go bhfuil sé riachtanach chun go mbeadh rochtain ag iascairí chuig uiscí iascaireachta chun iascaireacht a dhéanamh go dleathach agus gur ní réasúnach, i gceachtar cás, ordú a dhéanamh faoin alt seo, in imthosca an cháis, ordú a dhéanamh ag bunú ceart slí (arb é a bheidh ann, de réir mar is cuí leis, an ceart slí a éilítear nó ceart slí eile) thar an bhfothionóntán beartaithe, nó

(ii) diúltú don iarratas;

(b) má dhéanann an tAire ordú faoin alt seo, féadfaidh áititheoir nó úinéir an fhothionóntáin bheartaithe, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a rinneadh an t-ordú, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an ordaithe, agus féadfaidh an tEadránaí, de dhroim an achomhairc sin—

(i) más deimhin leis amhlaidh, an t-ordú a dhaingniú, nó an t-ordú a dhaingniú ach athrú a dhéanamh ar chonair an cheart slí a bunaíodh leis an ordú thar an bhfothionóntán beartaithe, nó

(ii) mura deimhin leis amhlaidh, an t-ordú a chúlghairm;

(c) má dhiúltaíonn an tAire ordú a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an diúltaithe sin, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an diúltaithe sin, agus féadfaidh an tEadránaí, de dhroim an achomhairc sin—

(i) an diúltú a dhaingniú, nó

(ii) más deimhin leis amhlaidh, ordú a dhéanamh faoin alt seo ag bunú ceart slí (arb é a bheidh ann, de réir mar is cuí leis, an ceart slí a éilítear nó ceart slí eile) thar an bhfothionóntán beartaithe;

(d) má dhéanann an tAire ordú faoin alt seo ach go mbunaíonn sé leis sin ceart slí seachas an ceart slí a éilítear, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a rinneadh an t-ordú, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an ordaithe, sa mhéid go mbunaíonn sé ceart slí seachas an ceart slí a éilítear, agus féadfaidh an tEadránaí, de dhroim an achomhairc sin—

(i) an t-ordú mar a rinne an tAire é a dhaingniú, nó

(ii) an t-ordú sin a athrú trí cheart slí a lamháil thar an bhfothionóntán beartaithe de chineál seachas an cineál a bheidh sonraithe san ordú.

(4) I gcás a ndéanfar iarratas faoin alt seo, ní fheidhmeoidh an tAire ná an tEadránaí an chumhacht a thugtar dó leis an alt seo chun ceart slí a bhunú nó a lamháil de chineál seachas an cineál a thaispeántar de réir fho-alt (2) den alt seo gan caoi a thabhairt i dtosach don duine a ndearnadh, de bhun Airteagal 1 (c) (i) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, fógra a sheirbheáil air, á rá cén fáth nár chóir an chumhacht a fheidhmiú.

(5) Beidh feidhm, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ag na forálacha atá sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo i ndáil le hordú faoin alt seo nó le hiarratas ar ordú den sórt sin.

Na Coimisinéirí d'aistriú iascach chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird.

40. —(1) Féadfaidh na Coimisinéirí le hordú faoina séala eastát agus leas uile na gCoimisinéirí in aon iascach nó ceart iascaireachta atá ina seilbh nó ar áitiú ag na Coimisinéirí agus, freisin, aon talamh, cead slí, ceart uisce, ceart rochtana nó éasúint eile nó ceart eile atá ina seilbh nó ar áitiú ag na Coimisinéirí agus atá coimhdeach le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta den sórt sin a aistreofar amhlaidh a aistriú chun an Aire nó, le toiliú an Aire, chun an Phríomh-Bhoird, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh na Coimisinéirí agus an tAire eatarthu le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Oibreoidh ordú faoin alt seo chun eastát agus leas uile na gCoimisinéirí i ngach iascach agus i ngach ceart iascaireachta agus sna tailte, sna ceadanna slí, sna cearta uisce, sna cearta rochtana agus sna héasúintí nó sna cearta eile go léir a airbheartaítear a bheith aistrithe chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird leis an ordú a dhílsiú, gan aon tíolacadh breise ná tíolacadh eile, don Aire nó don Phríomh-Bhord, de réir mar is iomchuí.

Coimisiún Talún na hÉireann d'aistriú iascach chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird.

41. —(1) Féadfaidh Coimisiún Talún na hÉireann le hordú faoina séala eastát agus leas uile an Choimisiúin sin in aon iascach nó ceart iascaireachta atá ina sheilbh nó ar áitiú ag an gCoimisiún sin agus, freisin, aon talamh, cead slí, ceart uisce, ceart rochtana nó éasúint eile nó ceart eile i dtalamh nó thar thalamh nó faoi thalamh atá ina sheilbh nó ar áitiú ag an gCoimisiún sin agus atá coimhdeach le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta den sórt sin a aistreofar amhlaidh a aistriú chun an Aire nó, le toiliú an Aire, chun an Phríomh-Bhoird, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Coimisiún agus an tAire eatarthu le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Oibreoidh ordú faoin alt seo chun eastát agus leas uile Choimisiún Talún na hÉireann i ngach iascach agus i ngach ceart iascaireachta agus sna tailte, sna ceadanna slí, sna cearta uisce, sna cearta rochtana agus sna héasúintí nó sna cearta eile go léir a airbheartaítear a bheith aistrithe chun an Aire nó chun an Phríomh-Bhoird leis an ordú sin a dhílsiú, gan aon tíolacadh breise ná tíolacadh eile, don Aire nó don Phríomh-Bhord, de réir mar is iomchuí.

An tAire d'aistriú iascach áirithe chun an Phríomh-Bhoird.

42. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach nó ceart iascaireachta lena mbaineann an t-alt seo a aistriú, le hordú, chun an Phríomh-Bhoird.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta a fuair an tAire nó a dílsíodh dó faoi na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928, nó faoi na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, nó a dílsíodh amhlaidh de bhua an Ordaithe Foraoiseachta (Seirbhísí Poiblí d'Athroinnt), 1933,

(b) le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta a aistríodh chun an Aire faoi alt 40 nó 41 den Acht seo,

(c) le haon iascach nó le haon cheart iascaireachta a fuair an tAire ar shlí eile.

(3) Oibreoidh ordú faoin alt seo chun eastát agus leas uile an Aire i ngach iascach agus i ngach ceart iascaireachta agus sna tailte, sna ceadanna slí, sna cearta uisce, sna cearta rochtana nó sna héasúintí nó sna cearta eile go léir a airbheartaítear a bheith aistrithe chun an Phríomh-Bhoird leis an ordú sin a dhílsiú, gan aon tíolacadh breise ná tíolacadh eile, don Phríomh-Bhord.

Cúiteamh.

43. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh feidhmiú aon chumhachta faoi alt 18, 37, 38 nó 39 den Acht seo faoi réir cúiteamh a íoc—

(a) i leith aon eastát nó leas in aon iascach nó i leith aon eastát nó leas eile i dtalamh, a fuarthas de bhun nó de bhua an Achta seo,

(b) i leith aon éasúint nó aon cheart eile i dtalamh, nó thar thalamh nó faoi thalamh nó i leith talún nó i leith aon eastát no leas in éasúint nó i gceart eile den sort sin, a fuarthas amhlaidh,

(c) i leith aon laghdú, de bhíthin feidhmiú na cumhachta, ar luach aon éasúint nó ceart eile i dtalamh nó thar thalamh nó faoi thalamh nó i leith talún, nó aon eastát nó leas eile in aon talamh nó in aon éasúint nó i gceart den sórt sin,

agus is é a íocfaidh an cúiteamh, mar aon le haon ús is iníoctha air de bhua fho-alt (2) den alt seo—

(i) i gcás gur faoin alt sin 37 a fheidhmítear an chumhacht, an Príomh-Bhord, agus

(ii) in aon chás eile, an duine ar ina fhabhar a fheidhmítear an chumhacht.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, i gcás cúiteamh a bheith iníoctha le duine faoin alt seo maidir le feidhmiú cumhachta faoin Acht seo, íocfar de réir fho-alt (1) den alt seo ús ar an méid den chúiteamh is iníoctha leis an duine, de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham chun críocha an ailt seo, ó dháta na cumhachta a fheidhmiú go dtí tráth an chúitimh a íoc.

(b) Más rud é—

(i) go ndéanfaidh an duine a bhfuil cúiteamh faoin alt seo iníoctha aige aon suim a thairiscint go neamhchoinníollach i scríbhinn mar chúiteamh don duine a bhfuil an cúiteamh iníoctha leis, agus

(ii) nach nglacfaidh an duine dar tairgeadh í leis an tairiscint, agus

(iii) nach mó an tsuim a dhámh an t-eadránaí oifigiúil mar chúiteamh ná an tsuim a tairgeadh amhlaidh,

ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin.

(3) Déanfar éileamh faoin alt seo ar chúiteamh a íoc a chinneadh, cheal comhaontú, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le haon achtachán dá éis sin, sa tslí chéanna ar gach uile bhealach amhail is dá mba i ndáil le fáil talún go héigeantach a tharla an t-éileamh, agus measfar chun na críche sin gur údarás poiblí de réir bhrí an Achta sin an Príomh-Bhord nó an bord réigiúnach lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, agus déanfar an tagairt in alt 69 (1) de Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , d'údarás pleanála a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Phríomh-Bhord nó don bhord réigiúnach sin, de réir mar is iomchuí.

(4) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil leis an gcúiteamh a shocrú is iníoctha faoin alt seo maidir le hiascach lena mbaineann údarás faoi alt 37 den Acht seo, eadhon, féadfaidh an Príomh-Bhord nó an t-eadránaí oifigiúil, de réir is iomchuí, féachaint do na nithe seo a leanas:

(a) margadh-luach reatha an iascaigh,

(b) fianaise ar bhrabúsmhaireacht an iascaigh faoi threoir—

(i) brabúis i leith tréimhse a raibh deireadh léi roimh lá an údaráis sin, agus

(ii) do réamhaisnéis brabúis maidir leis an iascach—

(A) a bhfuil baint aige le tréimhse ar comhfhad leis an tréimhse dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo ach a thosóidh aon lá tar éis lá an údaráis sin, agus

(B) atá measta ar fhoras réasúnach agus ar an toimhde gur lean an t-áititheoir air ag úsáid an iascaigh agus nach bhfuarthas an t-iascach amhlaidh.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 74 agus 76 go 80 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon chúiteamh is iníoctha faoin alt seo, agus, chun críocha na feidhme sin, measfar gurb é an Príomh-Bhord nó an bord réigiúnach lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, tionscnóir an ghnóthais.

(6) Déanfar éileamh ar chúiteamh faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh—

(a) i gcás ar mionaoiseach nó duine mímheabhrach an duine atá i dteideal an chúitimh, laistigh de thréimhse sé bliana ón dáta a scoir an duine sin de bheith faoin míchumas sin nó a d'éag sé, cibé teagmhas díobh is túisce a tharlóidh, ach tráth nach déanaí ná tríocha bliain tar éis an chumhacht iomchuí faoin Acht seo a fheidhmiú.

(b) in aon chás eile, laistigh de thréimhse sé bliana ó dháta na cumhachta sin a fheidhmiú.

(7) Faoi réir mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (6) den alt seo, féadfar cúiteamh faoin alt seo a íoc le hionadaithe pearsanta an duine a bheidh ina theideal.

(8) San alt seo ciallaíonn “an t-eadránaí oifigiúil” an t-eadránaí oifigiúil faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

Eadránaí.

44. —(1) “An tEadránaí” a ghairtear san Acht seo, seachas alt 43, de dhuine a bheidh ceaptha ag an Aire faoin alt seo.

(2) I gcás a bhfaighidh an tAire fógra achomhairc faoi alt 37, 39 nó 54 den Acht seo, nó de bhua alt 38 (3) den Acht seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, duine a cheapadh, ar abhcóide é a bhfuil seasamh seacht mbliana ar a laghad aige, chun an t-achomharc a éisteacht (agus údaraítear leis seo don duine sin an t-achomharc a chinneadh).

(3) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú a rinneadh faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo a leasú, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, duine a cheapadh, ar abhcóide é mar a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt seo, chun na feidhmeanna a shanntar don Eadránaí le fomhíreanna (i), (iv), (v), (vi) agus (vii) d'alt 5 (2) (b) den Acht seo a chomhalladh.

An tAire do dhíol iascaigh, cearta iascaireachta agus gnóthaí áirithe.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon iascach nó ceart iascaireachta atá dílsithe dó de bhun alt 40 nó 41 den Acht seo nó eile, agus freisin cáilmheas agus stoc trádála agus sócmhainní eile de chuid aon ghnó (is gnó atá coimhdeach nó foghabhálach le hoibriú iascaigh) atá á sheoladh aige a dhíol (seachas leis an bPríomh-Bhord) ar cibé praghas a mheasfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, is cuí.

(2) Déanfar aon airgead a gheofar as díol faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

CUID IV

Imeachtaí Dlí, Pionóis, etc.

Féadfar cionta áirithe a thriail ar díotáil.

46. —(1) Féadfar duine a bheidh cúisithe i gcion faoi alt 65, 66, 69, 73, 94, 95, 96, 97, 127, 128, 129, 130, 132, 134, 135, 137, 140, 145, 146, 156, 176, 177 nó 182 den Phríomh-Acht a thriail ar díotáil.

(2) Féadfar duine a bheidh cúisithe i gcion faoi alt 28 (1) d'Acht 1962 a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000 mar aon le suim nach mó ná £50 ar gach bradán agus £5 ar gach breac a ndearnadh an cion ina leith, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Féadfar duine a bheidh cúisithe i gcion faoi alt 29 d'Acht 1962 a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó na £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Duine a bheidh cúisithe i bhfodhlí a shárú a rinne an tAire faoi alt 9 den Phríomh-Acht, ar fodhlí é—

(a) a thoirmisceann aon sruthlíon, nó dhá shruthlíon nó níos mó nasctha le chéile, nó aon sruthlíon, nó dhá shruthlíon nó níos mó atá nasctha amhlaidh, is de chineál nó de thuairisc shonraithe, a úsáid nó féachaint lena úsáid, go ginearálta nó ar shlí a shonraítear san fhodhlí, ag iascaireacht bradán nó breac,

(b) a thoirmisceann aon sruthlíon nó sruthlíonta den sórt sin a bheith ar bord aon bháid, go ginearálta nó i limistéar a shonraítear san fhodhlí,

(c) a thoirmisceann aon líon atá déanta go hiomlán nó go páirteach de mhonaifhiliméad nó de mhonaifhiliméad ioldualach, a úsáid nó féachaint lena úsáid, ag iascach bradán nó breac, nó

(d) a thoirmisceann aon líon atá gléasta nó ullmhaithe ar shlí eile lena úsáid ag iascaireacht agus atá déanta go hiomlán nó go páirteach de mhonaifhiliméad nó de mhonaifhiliméad ioldualach, nó de mhonaifhiliméad nó de mhonaifhiliméad ioldhualach agus mogall ann is mó ná an méid a shonraítear san fhodhlí, a bheith ar bord aon bháid, nó a shealbhú chun iasc a ghabháil ar aon ché, ar aon phort abhann nó inbhir nó gar dó, nó ar aon chósta farraige nó gar dó, nó ar farraige,

féadfar é a thriail ar díotáil agus dlífear ar é a chiontú ar díotáil i gcion faoin alt sin 9, fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(5) Déanfar aon tagairt do chiontú achomair in aon alt den Phríomh-Acht atá luaite i bhfo-alt (1) den alt seo, nó in alt 28 nó 29 d'Acht 1962, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chiontú ar díotáil.

(6) Forléireofar fo-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1962) d'alt 9 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leis i ndáil le fodhlíthe a thuairiscítear san fho-alt sin agus ar fodhlíthe iad freisin a thuair iscítear i bhfo-alt (4) den alt seo ionann is dá bhfolódh an tagairt ann do chiontú achomair tagairt do chiontú ar díotáil.

(7) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, fhorálacha alt 309 (1) den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach le halt 49 den Acht seo) forálacha fho-ailt (1), (2), (3) agus (4) den alt seo.

Dlínse.

47. —(1) Féadfar imeachtaí mar gheall ar aon chion faoi alt 65, 69, 97, 127, 140, 176, 182 nó 285A (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1962) den Phríomh-Acht nó faoi alt 29 d'Acht 1962 nó mar gheall ar aon chion in aghaidh fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo a shaothrú in aon Dúiche Cúirte Dúiche, agus i gcás na himeachtaí sin a shaothrú agus nach mbeadh ar leith ón alt seo dlínse ag an mBreitheamh ar os a chomhair a thionscnófar na himeachtaí na himeachtaí a éisteacht agus a chinneadh, ansin, chun an dlínse sin a thabhairt, féadfar a mheas gur sa Dúiche Cúirte Dúiche dá bhfuil an Breitheamh sin sannta a rinneadh an cion.

(2) I gcás a gcuirfear duine ar aghaidh lena thriail ar díotáil ag an gCúirt Chuarda mar gheall ar chion faoi alt 65, 69, 97, 127, 140, 176, 182 nó 285A (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1962) den Phríomh-Acht nó faoi alt 29 d'Acht 1962 nó mar gheall ar aon chion in aghaidh fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo agus nach mbeadh ar leith ón bhfo-alt seo, maidir leis na himeachtaí, cumhacht ag breitheamh den chúirt sin an dlínse a dílsíodh don chúirt sin le halt 25 (1) d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 , a fheidhmiú, ansin chun a chur ar chumas an bhreithimh sin an dlínse sin a fheidhmiú féadfar a mheas gur sa chuaird dá bhfuil an breitheamh sin sannta a rinneadh an cion.

Cruthúnas gur bád iascaireachta mara coigríche bád áirithe.

48. —(1) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi Chaibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht, go bhfuil fianaise ann ónar dealraitheach don chúirt maidir leis an mbád iascaireachta mara lena mbaineann an cion a líomhnaítear nó ar ar bord uirthi a líomhnaítear a rinneadh an cion sin, gur de ghné choigríche nó de thionscnamh coigríche í nó gur tharla san am nó i dtrátha an ama a ndearnadh an cion a líomhnaítear—

(a) nach raibh aon bhratach ar foluain ar an mbád sin nó go raibh bratach ar foluain uirthi nárbh í an bhratach náisiúnta í, nó

(b) go raibh ainm aon áite seachas calafort atá luaite sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Loingis Thráchtála, 1955 , marcáilte ar dheireadh an bháid sin, nó

(c) go raibh aon leabhair, páipéir nó doiciméid eile ar bord an bháid sin ónar dealraitheach amhlaidh nár long Éireannach an bád,

ansin, go dtí go suífear a mhalairt, is leor an fhianaise sin lena chruthú gur bád iascaireachta mara coigríche an bád sin.

(2) I gcás a gcruthófar in imeachtaí mar gheall ar chion faoi Chaibidil II de Chuid XIII den Phríomh-Acht go raibh ar an mbád iascaireachta mara lena mbaineann an cion a líomhnaítear, nó ar ar bord uirthi a líomhnaítear a rinneadh an cion sin, bratach ar foluain seachas an bhratach náisiúnta san am nó i dtrátha an ama a ndearnadh an cion a líomhnaítear, féadfaidh cosantóir an toimhde a tugadh ar aird le fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhraitheann sí ar an gcruthúnas sin, a fhrisnéis trína chruthú nár bhratach de shainghné náisiúntachta an bhratach a bhí ar foluain amhlaidh.

(3) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, fhorálacha alt 19 (3) d'Acht 1962 (arna leasú le halt 73 den Acht seo) forálacha an ailt seo.

Cionta a thriail.

49. —Cuirtear, leis seo, an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 309 den Phríomh-Acht:

“(1) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh Bhreitheamh Dúiche, ar chomhalta den Gharda Síochána, an Príomh-Bhord, bord réigiúnach, oifigeach nó seirbhíseach do bhord, maor uisce príobháideach de réir bhrí Chuid XVIII den Acht seo nó aon duine eile do dhéanamh gearáin de bhriathra béil nó ar shlí eile cion faoi aon fhoráil de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, seachas alt a shonraítear i dTábla I a ghabhann le halt 2 den Acht Iascaigh (Leasú), 1978 , a éisteacht agus a chinneadh go hachomair.”

Pionóis áirithe faoin bPríomh-Acht nó faoi Acht 1962 a athrú.

50. —(1) Duine a chiontóidh an Chuirt Dúiche i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt den Phríomh-Acht ar pionós é a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad an oiread sin den phionós dá bhforáiltear amhlaidh arb éard é fíneáil, príosúnacht, fíneáil nó príosúnacht, nó fíneáil agus príosúnacht, an pionós iomchuí a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(2) (a) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (4) d'alt 9 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1962, seachas cion in aghaidh fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo) dlífear, in ionad an oiread sin den phionós a shonraítear san fho-alt sin ar fíneáil é, fíneáil nach mó ná £200 a chur air, agus forléireofar an fo-alt sin (4) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(b) Duine a bheidh ciontach i gcion in aghaidh aon fhodhlí, seachas fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo, a mbaineann fo-alt (2) d'alt 9 den Phríomh-Acht leis agus a rinneadh roimh thosach feidhme alt 3 d'Acht 1962 dlífear, in ionad an oiread sin den phionós a shonraítear in alt 32 (2) d'Acht 1962 ar fíneáil é agus d'ainneoin aon ní atá san fho-alt sin (2), fíneáil nach mó ná £200 a chur air, agus forléireofar an t-alt sin 32 (2) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(c) Duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (4) d'alt 9 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1962), ar cion é in aghaidh fodhlí a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht seo dlífear, in ionad an oiread sin den phionós a shonraítear san alt sin ar fíneáil é, fíneáil nach mó ná £500 a chur air, agus forléireofar an fo-alt sin (4) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(3) (a) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 164 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1962) dlífear, in ionad an phionóis a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (4) den alt sin, fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, agus forléireofar an t-alt sin 164 agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(b) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 285A (1) den Phríomh-Act (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1962) dlífear, in ionad an phionóis a shonraítear i mír (b) den alt sin, fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air, agus forléireofar an t-alt sin 285A (1) agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(c) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 65, 66, 73, 94, 95, 96, 97, 127, 130, 132, 134, 135, 137, 140, 145, 146, 156, 176, 177 nó 182 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 46 (1) den Acht seo, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(d) Duine a chiontófar ar díotáil i gcion faoi alt 69, 128 nó 129 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 46 (1) den Acht seo, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a dhéanfar an cion, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) Duine a chiontóidh an Chúirt Dúiche i gcion dá bhforáiltear pionós in aon alt d'Acht 1962 ar pionós é a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha dlífear, in ionad an oiread sin den phionós dá bhforáiltear amhlaidh arb éard é fíneáil, príosúnacht, fíneáil nó príosúnacht, nó fíneáil agus príosúnacht, an pionós iomchuí a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin a chur air, agus forléireofar an t-alt sin agus beidh éifeacht leis dá réir sin.

(5) I gcás a gciontófar duine i gcion faoi alt 69 den Phríomh-Acht, beidh an t-inneall a ndearnadh an cion ina leith arna fhorghéilleadh mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú.

(6) I gcás a gciontófar duine i gcion faoi alt 95 den Phríomh-Acht, beidh an líon a ndearnadh an cion ina leith arna fhorghéilleadh mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú.

(7) I gcás a gciontófar duine i gcion faoi alt 152 den Phríomh-Acht, beidh an t-inneall nó an ní eile a úsáideadh chun an cion a dhéanamh arna fhorghéilleadh mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú.

(8) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le cionta a dhéanfar tar éis tosach feidhme an ailt seo.

AN TÁBLA

CUID I

Uimh. Thag.

An tAlt den Phríomh-Acht

An Pionós

(1)

(2)

(3)

1.

12, 13, 80, 289, 305.

Fíneáil nach mó ná £50.

2.

49, 105, 106, 152, 153, 162, 240, 241, 242, 243, 255, 265, 286, 287, 288, 290, 294, 298, 303, 304, 306, 323.

Fíneáil nach mó ná £200.

3.

17, 65, 66, 73, 91, 92, 93, 112, 113, 119, 120, 121, 122, 125, 130, 140, 141, 143, 144, 145, 146, 163, 167, 168, 169, 178, 179, 180, 181, 237, 238, 239, 253, 273, 274, 277, 285, 291.

Fíneáil nach mó ná £500.

4.

69, 123, 128, 129.

Fíneáil nach mó ná £500 agus i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

5.

100.

Fíneáil nach mó ná £500 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion tar éis duine a chiontú ann.

6.

111.

Fíneáil nach mó ná £500 agus fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £10 sa ló go dtí go gcuirfidh an cosantóir grinneall na habhann ar ina leith a rinneadh an cion faoin alt sin 111 ar ais ina riocht bunaidh.

7.

124.

Fíneáil nach mó ná £500 agus fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a mhairfidh an fhaillí dá dtagraítear in alt 124.

8.

172.

Fíneáil nach mó ná £500 agus fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a mhairfidh an mhainneachtain dá dtagraítear san alt sin 172.

9.

127, 134, 135, 136, 137, 138, 177.

Fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500, mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach iasc eile a ndearnadh an cion faoin alt ina leith.

10.

94.

Fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500, mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach iasc eile a thógfar le haon líon a úsáideadh ag déanamh an chiona faoin alt sin 94.

11.

95, 96, 97, 99, 102, 103, 104, 107, 110, 114, 116, 131, 132, 164, 165, 166, 170, 171, 173, 174, 183, 285A, 301, 308.

Fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

12.

156, 157, 176, 182.

Fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500, mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach iasc eile a ndearnadh an cion faoin alt ina leith nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

CUID II

Uimh. Thag.

(1)

An tAlt d'Acht 1962

(2)

An Pionós

(3)

1.

27.

Fíneáil nach mó ná £100.

2.

28(1)

Fíneáil (nach mó ná £600 san iomlán) nach mó a méid ná £200, mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach breac a ndearnadh an cion ina leith.

3.

28(3),

28(5).

Fíneáil nach mó ná £200.

4.

29.

Fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

Ceadúnais a fhorghéilleadh agus orduithe dícháiliúcháin iarmhartacha.

51. —Cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 90 den Phríomh-Acht:

“90.—(1) (a) I gcás—

(i) duine a chiontú i gcion faoin Acht seo, seachas cion a thuairiscítear i bhfo-alt (3) den alt seo, agus

(ii) an duine sin a bheith ina shealbhóir ar cheadúnas nó ceadúnais iascaireachta nó ar cheadúnas nó ceadúnais iascaireachta oisrí,

féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteannta aon phionóis eile, a ordú an ceadúnas nó na ceadúnais sin a fhorghéilleadh.

 (b) I gcás a n-ordófar ceadúnas a fhorghéilleadh faoin bhfo-alt seo, scoirfidh an ceadúnas sin air sin de bheith i bhfeidhm.

(2) (a) I gcás a ndéanfar duine nach sealbhóir ar cheadúnas iascaireachta ná ar cheadúnas iascaireachta oisrí a chiontú i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin, i dteannta aon phionóis eile, a dhearbhú go mbeidh an duine sin dícháilithe chun ceadúnas iascaireachta nó ceadúnas iascaireachta oisrí a shealbhú i gcaitheamh cibé tréimhse nach faide ná bliain a shonróidh an chúirt.

 (b) I gcás a ndéanfar dearbhú faoin bhfo-alt seo, oibreoidh an dearbhú chun an duine lena mbaineann a dhícháiliú chun ceadúnas den chineál a shonraítear sa dearbhú a shealbhú, agus d'ainneoin aon ní san Acht seo ní dhéanfar ceadúnas den chineál sin a eisiúint chuig an duine sin i leith na tréimhse a bheidh sonraithe sa dearbhú.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo leis na cionta seo a leanas, eadhon—

(i) cion faoi alt 65, 69, 73, 94, 95, 96, 97, 127, 128, 129, 130, 132, 134, 140, 145, 146, 176, 182, 285A (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1962) nó 301 den Acht seo,

(ii) cion faoi alt 29 d'Acht 1962,

(iii) cion faoi aon fhodhlí a thuairiscítear i bhfo-alt (4) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1962) d'alt 9 den Acht seo ar fodhlí é freisin a thuairiscítear in alt 46 (4) den Acht Iascaigh, 1980 .

(b) I gcás duine a chiontú i gcion ar cion é lena mbaineann an fo-alt seo agus, freisin, arb é an dara cion nó aon chion dá éis sin den sórt sin é, déanfaidh an chúirt a chiontóidh an duine sin ordú (dá ngairtear ordú dícháiliúcháin iarmhartach’ san Acht seo) á dhearbhú go bhfuil sé dícháilithe chun gnáth-cheadúnas iascaireachta a shealbhú maidir le haon inneall sceidealta a luaitear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus oibreoidh an t-ordú sin chun an duine lena mbaineann sé a dhícháiliú amhlaidh i gcaitheamh na tréimhse trí bliana dar tosach an dáta a dhéanfar an t-ordú.

(4) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, i ngach cás ina bhféadfar achomharc a dhéanamh maidir le ciontú i gcion lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo, tugtar leis seo dlínse don chúirt achomhairc ordú dícháiliúcháin iarmhartach a dhéanamh, a dhaingniú nó a chealú.

(5) Ní dhéanfar ordú dícháiliúcháin iarmhartach a chealú ar achomharc mura ndéanfar an ciontú ar ina leith a rinneadh é a fhreaschur.”.

Fíneálacha áirithe a íoc mar chúiteamh; oisrí nó iasc eile a sheachadadh.

52. —(1) (a) I gcás a ngearrfaidh cúirt fíneáil nó a ndaingneoidh nó a n-athróidh sí fíneáil a ghearr cúirt eile mar gheall ar chion a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo ar ciontaíodh duine ann, féadfaidh sí, dá rogha féin, ar iarratas (arna dhéanamh roimh an am a gearradh, a daingníodh nó a athraíodh an fhíneáil sin) ó aon duine a toghaireadh mar fhinné thar ceann an ionchúisimh sna himeachtaí inar gearradh an fhíneáil agus a d'fhulaing caillteanas nó damáiste arb é an cion, go hiomlán nó go páirteach, ba chúis leis, a fhoráil le hordú go n-íocfar méid na fíneála nó cuid shonraithe di mar chúiteamh i leith an chaillteanais nó an damáiste a bhain don duine a rinne an t-iarratas.

(b) Ní bheidh aon ábhar iarratais ann faoi mhír (a) den fho-alt seo i leith aon chaillteanais nó damáiste má rinneadh imeachtaí ag éileamh damáistí i leith an chaillteanais nó an damáiste a thionscnamh in aon chúirt.

(2) Má chiontaítear duine i gcion faoi alt 54(17) den Acht seo nó faoi alt 253 den Phríomh-Acht mar gheall ar gur thóg sé oisrí nó iasc eile as leaba oisrí nó áit eile, i gcás na hoisrí (nó aon chuid díobh) nó an t-iasc eile a ndearnadh an cion ina leith a bheith gan díol an tráth sin, beidh siad nó sé, de réir mar is iomchuí, mar iarmhairt reachtúil ar an gciontú, ar forghéilleadh, agus féadfaidh an chúirt a ordú iad nó é a sheachadadh d'úinéir nó d'áititheoir na leapa oisrí nó na háite eile as ar tógadh iad nó é nó don duine dar deonaíodh an ceadúnas iomchuí nó atá i dteideal sochar an cheadúnais sin.

(3) I gcás a ndéanfar, de bhun an ailt seo, iomlán fíneála nó cuid d'fhíneáil a íoc le duine agus go ndéanfaidh cúirt damáistí a dhámhachtain i leith an chaillteanais nó an damáiste lena mbaineann an íocaíocht, measfar gur sásamh an íocaíocht san oiread sin de na damáistí is comhionann le méid na híocaíochta.

(4) Na cionta dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo is cionta iad faoi alt 54(17) den Acht seo nó faoi alt 253 nó 265 den Phríomh-Acht.

Cumhacht a bheith ag oifigeach údaraithe bád a thabhairt chun calafoirt, etc.

53. —Leasaítear leis seo alt 301 den Phríomh-Acht—

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh mhír (d):

“(da) má bhíonn, nó má chreideann sé nó má bhíonn amhras air go bhfuil, sa bhád iasc a gabhadh go neamhdhleathach, féadfaidh sé gan toghairm, barántas ná próis eile an bád agus gach duine ar an mbád a thabhairt go dtí an calafort nó an áit eile is gaire nó is caothúla, agus má chinneann sé ar na bearta a luaitear i bhfo-alt (2A) den alt seo a ghlacadh, féadfaidh sé, fad a bheifear ag feitheamh leis na bearta sin a ghlacadh, an bád agus na daoine a choinneáil;

(db)  féadfaidh sé, chun an chumhacht a thugtar dó le mír (da) den fho-alt seo a fheidhmiú, cibé forneart a mheasfaidh sé is gá a imirt;”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) I gcás a ndéanfaidh oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo aon bhád agus na daoine ar bord uirthi a thabhairt go dtí calafort nó áit eile, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, an duine a bhí, nó a dhealraigh dó a bheith, an tráth a tugadh an bád amhlaidh, i bhfeighil an bháid, agus aon duine eile a bhí ar bord uirthi an tráth sin, agus a mbeidh, i gceachtar cás, imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 65, 69, 73, 97, 127, 132, 140 nó 182 den Phríomh-Acht nó faoi alt 29 d'Acht 1962 nó mar gheall ar fhodhlí a thuairiscítear i mír (a), (b), (c) nó (d) d'alt 46 (4) den Acht Iascaigh, 1980 , a shárú, tionscanta nó ar tí a dtionscanta ina leith, a thabhairt os comhair Breithimh Dhúiche nó, i gcás nach mbeidh Breitheamh Dúiche ar fáil láithreach, os comhair Feidhmeannaigh Shíochána, agus air sin cuirfidh an Breitheamh Dúiche nó an Feidhmeannach Síochána (de réir mar a bheidh), más deimhin leis go bhfuil na himeachtaí tionscanta nó ar tí a dtionscanta in aghaidh an duine, le hordú arna dhíriú chuig oifigeach nó oifigigh údaraithe, de cheangal ar an oifigeach údaraithe nó ar na hoifigigh údaraithe an bád sin agus an duine nó na daoine a tugadh os a chomhair nó an bád sin amháin, de réir mar a shonrófar san ordú, a choinneáil i gcalafort sonraithe nó in áit eile sa Stát go dtí go mbeidh breithniú déanta ag Breitheamh Dúiche ar na himeachtaí, agus déanfar an bád nó an bád agus an duine nó na daoine sin, de réir mar is iomchuí, a choinneáil dá réir sin.”,

(c) trí “, cibé acu is mar gheall ar rud éigin a rinne an t-oifigeach sin go pearsanta nó a rinne duine ag gníomhú ar orduithe uaidh a tharlóidh an caillteanas nó an damáiste,” a chur isteach roimh “murarbh” i bhfo-alt (6), agus tá an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(6) Ní bheidh dliteanas ar aon oifigeach údaraithe i leith aon chaillteanais nó damáiste a thiocfaidh de dhroim nó i gcúrsa aon chumhachta a fheidhmiú dá dtugtar dó leis an alt seo, cibé acu is mar gheall ar rud éigin a rinne an t-oifigeach sin go pearsanta nó a rinne duine ag gníomhú ar orduithe uaidh a tharlóidh an caillteanas nó an damáiste, murarbh é féin, go hainrianta nó go mailíseach dó, ba chúis leis an gcaillteanas nó an damáiste sin.

CUID V

Dobharshaothrú agus Tobhach Bradán

Dobharshaothrú.

54. —(1) (a) Ní dleathach d'aon duine gabháil do dhobharshaothrú in aon áit ach amháin faoi réim agus de réir cheadúnas oiliúna éisc, cheadúnas leaba oisrí, cheadúnas arna dheonú ag an Aire de bhun an ailt seo nó ordú um iascach oisrí.

(b) Aon duine a ghabhfaidh do dhobharshaothrú contrártha don fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(2) (a) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh an tAire le hordú limistéar a bheidh sonraithe san ordú a ainmniú mar limistéar ina mbeidh sé dleathach gabháil do dhobharshaothrú de bhun agus de réir cheadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo.

(b) Ní dhéanfar, gan toiliú an Aire Turasóireachta agus Iompair, ordú faoin alt seo a ainmneoidh limistéar ar limistéar farraige é go hiomlán nó go páirteach, ná ordú ag leasú ordú den sórt sin faoin alt seo.

(c) Féadfaidh sé gurb é a bheidh go hiomlán nó go páirteach i limistéar a shonrófar in ordú faoin bhfo-alt seo aon uiscí a fhéadfar, de bhua alt 10(9) den Acht seo, a áireamh i réigiún iascaigh.

(3) Aon uair a bheartóidh an tAire ordú faoin alt seo a dhéanamh nó ordú den sórt sin a leasú beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) taiscfidh sé agus coimeádfaidh sé ar taisce, i cibé áit nó i ngach ceann de na háiteanna a chinnfidh sé ar feadh cibé tréimhse (is tréimhse nach lú ná trí sheachtain dar tosach dáta foilsithe an fhógra dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo) a chinnfidh sé, cibé plean nó pleananna nó doiciméid eile a thaispeánfaidh go soiléir an limistéar agus na huiscí ann lena mbainfidh an t-ordú atá beartaithe;

(b) foilseoidh sé san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát fógra faoin gcineál ordaithe atá beartaithe, agus i dteannta an méid sin roimhe seo déarfar san fhógra sin—

(i) go bhféadfar uiríolla agus agóidí maidir leis an ordú atá beartaithe a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i rith na tréimhse sin (agus údaraítear leis seo uiríolla agus agóidí den sórt sin a dhéanamh), agus

(ii) go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid a thaiscfear de bhun an ailt seo a iniúchadh aon tráth réasúnach i rith na tréimhse sin, agus cad é an áit nó cad iad na háiteanna ina bhféadfar na doiciméid sin a iniúchadh.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, ag féachaint d'aon uiríolla nó agóidí a dhéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo, duine a cheapadh chun fiosrúchán a dhéanamh agus tuarascáil a thabhairt dó i scríbhinn maidir leis an ordú atá beartaithe.

(b) I gcás a gceapfaidh an tAire duine faoin bhfo-alt seo chun fiosrúchán a dhéanamh, beidh gach duine a dhéanfaidh agóid nó uiríoll maidir leis an ordú atá beartaithe i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil (go pearsanta nó trí abhcóide nó aturnae) ag an éisteacht.

(5) (a) Más rud é, tar éis don Aire ceanglais fho-alt (3) den alt seo a chomhlíonadh agur tar éis dó aon tuarascáil a bhreithniú a tugadh dó faoi fho-alt (4) den alt seo, nó i gcás nár tugadh aon tuarascáil den sórt sin, ar aon uiríolla a rinneadh faoin bhfo-alt sin (3) agus ar aon agóidí a rinneadh amhlaidh agus nár tarraingíodh siar, gurb é a thuairim, d'ainneoin aon cheart a bheith ag an bpobal iascaireacht a dhéanamh sna huiscí lena mbainfeadh an t-ordú beartaithe dá ndéanfaí é, gur le leas an phobail é dá ndéanfaí ordú faoin alt seo, féadfaidh sé ordú den sórt sin a dhéanamh san fhoirm a beartaíodh i dtosach nó fara cibé athrú nó leasú a mheasfaidh sé is iomchuí in imthosca an cháis.

(b) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, fógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát á rá go ndearna sé an t-ordú.

(6) Ní chúlghairfidh an tAire ordú a rinneadh faoin alt seo mura deimhin leis gur le leas an phobail sin a dhéanamh.

(7) Aon duine arb éagóir leis ordú a rinneadh faoin alt seo féadfaidh sé, laistigh den tréimhse ocht lá is fiche dar tosach an lá a rinneadh fógra á rá go ndearnadh an t-ordú a fhoilsiú de bhun an ailt seo san Iris Oifigiúil, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an ordaithe agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar an achomharc sin agus ní bheidh sé inachomhairc.

(8) Tiocfaidh ordú faoin alt seo i bhfeidhm—

(a) i gcás gan aon achomharc ina leith a dhéanamh faoin alt seo, ar bheith caite don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh,

(b) i gcás achomharc den sórt sin a dhéanamh, an lá tar éis an lae a dhaingneofar an t-ordú de dhroim achomhairc, nó i gcás an t-achomharc a tharraingt siar, ar bheith caite don tréimhse a luaitear i mír (a) den fho-alt seo nó an lá díreach tar éis an lae a tharraingeofar siar an t-achomharc, cibé acu is déanaí.

(9) (a) Faoi réir fho-alt (10) den alt seo féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis, ar an táille fhorordaithe (más ann) a bheith íoctha leis, le ceadúnas (ar a dtugtar “ceadúnas dobharshaothraithe” san alt seo) údarás a thabhairt, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé sa cheadúnas, do dhuine a shonrófar sa cheadúnas cibé oibríochtaí i ndáil le dobharshaothrú a shonrófar amhlaidh a sheoladh in áit nó in uiscí a shonrófar amhlaidh, ar áit é nó ar uiscí iad atá laistigh de limistéar ainmnithe, agus i dteannta a bhfuil ráite anseo roimhe seo féadfaidh an tAire, más cuí leis, teorainneacha na háite nó na n-uiscí a bhfuil an ceadúnas deonaithe ina leith a shonrú, trí léarscáil nó ar shlí eile, i gceadúnas dobharshaothraithe.

(b) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí is iníoctha i leith cheadúnais arna ndeonú ag an Aire faoin alt seo (seachas ceadúnais faoi fho-alt (15)) a fhorordú.

(c) Déanfar gach táille a gheobhaidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste, agus a chur chun tairbhe don Státchiste, i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(10) (a) Ní dheonófar ceadúnas dobharshaothraithe chun gabháil do dhobharshaothrú laistigh de theorainneacha aon leaba oisrí nó aon iascaigh oisrí is leaba oisrí nó iascach oisrí a thuairiscítear in alt 245 (2) (b) den Phríomh-Acht nó ceann lena mbaineann ceadúnas leaba oisrí nó ordú um iascach oisrí, gan toiliú ón duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige de thuras na huaire chun na leapa oisrí nó, de réir mar a bheidh, chun an iascaigh oisrí.

(b) Ní dheonófar ceadúnas dobharshaothraithe chun gabháil do dhobharshaothrú laistigh de theorainneacha iascaigh eisiataigh ach amháin—

(i) d'úinéir an iascaigh sin, nó

(ii) le toiliú i scríbhinn ón úinéir sin.

(c) Ní fhorléireofar ceadúnas dobharshaothraithe mar ní a chealaíonn nó a chúngaíonn aon cheart ar aon chuid nó chuig aon chuid nó thar aon chuid den chladach atá ar sealúchas ag aon duine in aon slí a thuairiscítear in alt 267 den Phríomh-Acht nó aon cheart iascaigh eisiataigh, gan toiliú an duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige chun an chirt.

(d) I gcás a ndeonófar ceadúnas dobharshaothraithe le toiliú aon úinéara agus go sonrófar tréimhse sa toiliú sin, is ar feadh na tréimhse sin amháin a fhanfaidh an ceadúnas i bhfeidhm.

(e) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, is ceadúnas suthain nó ceadúnas infhoirceanta, de réir mar a shonrófar ann, ceadúnas dobharshaothraithe, agus beidh sé ina cheangal ar an Stát agus ar gach uile dhuine agus oibreoidh sé chun go mbeidh ar chumas an duine dá ndeonófar é, a oidhrí, a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a shannaithe, cibé oibríochtaí a bheidh sonraithe ann a sheoladh dá réir, saor ó gach uile cheart, teideal, eastát nó leas (más ann) tosaíochta nó eile, agus i dteannta an méid sin roimhe seo, beidh ag an duine a bhfuil teideal aige, de thuras na huaire, chun sochar an cheadúnais teideal, laistigh de na teorainneacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas, an ceart eisiatach chun na hoibríochtaí a bheidh sonraithe amhlaidh a sheoladh agus i bhfeidhmiú an chirt sin féadfaidh sé, faoi réir aon choinníoll a bheidh sonraithe chuige sin sa cheadúnas—

(i) aon ní a thaisceadh, a shíolrú, a bhailiú nó a thógáil in aon séasúr,

(ii) aon ní a thógáil nó a aistriú agus é a thaisceadh nó a chur in aon áit is cuí leis, agus

(iii) aon ní a dhéanamh, a cheapadh nó a chothabháil i leith nó chun críocha aon oibríochta den sórt sin.

(f) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas dobharshaothraithe a leasú chun éifeacht a thabhairt d'aon chomhaontú nó gealltanas arna thabhairt nó arna dhéanamh, tar éis dáta an cheadúnais, ag aon duine nó thar ceann aon duine a bhfuil teideal aige chun sochar an cheadúnais le haon duine eile.

(g) Bainfidh ailt 263 agus 264 den Phríomh-Acht, modhnaithe mar is gá, le haon oibríocht a sheolfar de bhun ceadúnas faoin alt seo mar a bhaineann siad le hiascach oisrí a deonaíodh faoi ordú um iascach oisrí.

(h) Ní dheonóidh an tAire, tar éis tosach feidhme an ailt seo, ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959) ná ní dhéanfaidh sé, tar éis an tosach feidhme sin, ordú um iascach oisrí (Acht 1959) agus forléireofar ailt 245 (1) agus 256 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leo faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo.

(11) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó in aon ionstraim faoi, féadfaidh ceadúnaí agus aon duine ag gníomhú faoi ordacháin ceadúnaí, faoi réir na gcoinníollacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas, aon cheann de na nithe a údaraítear leis an gceadúnas a dhéanamh.

(12) (a) Faoi réir fho-alt (14) den alt seo, féadfaidh an tAire ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm nó a leasú má mheasann sé gur le leas an phobail sin a dhéanamh.

(b) Féadfaidh an tAire, gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo (ach faoi réir fho-alt (14) den alt seo), ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm más deimhin leis go bhfuil sárú déanta ar aon choinníoll a shonraítear sa cheadúnas nó nach bhfuil an t-iascach dobharshaothraithe lena mbaineann an ceadúnas á chothabháil i gceart.

(13) I gcás a mbeartóidh an tAire ordú faoin alt seo a dhéanamh, féadfaidh duine, i rith na tréimhse a shonrófar i bhfógra a fhoilseofar de bhun fho-alt (3) den alt seo, aon doiciméad a bheidh taiscthe de bhun an fho-ailt sin (3) i ndáil leis an ordú atá beartaithe a iniúchadh aon tráth réasúnach.

(14) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le ceadúnas dobharshaothraithe a leasú nó a chúlghairm—

(a) Ní leasóidh ná ní chúlghairfidh an tAire an ceadúnas mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra scríofa ocht lá is fiche ar a laghad tugtha aige leis an bpost don cheadúnaí á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm, cibé acu é, ar an gceadúnas á bhreithniú ag an Aire,

(b) déarfaidh an fógra freisin—

(i) i gcás a luafar ann go bhfuil leasú an cheadúnais á bhreithniú ag an Aire, cad é an leasú sonraithe atá á bhreithniú agus cad iad na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

(ii) i gcás a luafar ann go bhfuil cúlghairm an cheadúnais á bhreithniú ag an Aire, cad iad na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á bhreithniú amhlaidh,

(c) breithneoidh an tAire aon uiríoll i ndáil leis an leasú nó leis an gcúlghairm sin, cibé acu é, a dhéanfaidh an ceadúnaí chuige roimh dhul in éag don fhógra,

(d) i gcás a ndéanfaidh an tAire, de bhun fho-alt (12) (a) den alt seo, ceadúnas dobharshaothraithe a chúlghairm, beidh teideal ag an gceadúnaí go n-íocfaidh an tAire cúiteamh leis mar gheall ar aon chaillteanas a bhain dó mar gheall ar an gcúlghairm, agus déanfar, cheal comhaontú, méid an chúitimh sin a chinneadh faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(15) (a) Féadfaidh duine a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ag gabháil do dhobharshaothrú ceadúnas a iarraidh ar an Aire faoin bhfo-alt seo agus déanfaidh an tAire, más deimhin leis go raibh an duine ag gabháil dó go dleathach, faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an tAire is iomchuí agus a shonróidh sé sa cheadúnas, a údarú don duine na hoibríochtaí i ndáil leis an dobharshaothrú ar deimhin leis an Aire i ndáil leo go raibh an duine sin ag gabháil dóibh amhlaidh (agus sonrófar na hoibríochtaí sin amhlaidh) a sheoladh san áit nó sna huiscí ina raibh an dobharshaothrú á sheoladh amhlaidh (agus sonrófar an áit sin nó na huiscí sin sa cheadúnas).

(b)   (i) Bainfidh fo-alt (10) (a) den alt seo le ceadúnas faoin bhfo-alt seo mar a bhaineann sé le ceadúnas dobharshaothraithe.

(ii) Bainfidh fo-alt (10) (e) den alt seo le ceadúnas faoin bhfo-alt seo ach chun críocha a bhfuil anseo roimhe seo forléireofar é ionann is dá gcuirfí “Is ceadúnas suthain ceadúnas faoi fho-alt (15) den alt seo” in ionad “Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo is ceadúnas suthain nó ceadúnas infhoirceanta, de réir mar a shonrófar ann, ceadúnas dobharshaothraithe”.

(c) Aon duine arb éagóir leis cinneadh an Aire maidir le ceadúnas faoin alt seo féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an lae a rinneadh an cinneadh, fógra a sheirbheáil ar an Aire i dtaobh achomharc chun an Eadránaí in aghaidh an chinnidh, agus féadfaidh an tEadránaí, de dhroim an achomhairc sin, an cinneadh a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó féadfaidh sé an cinneadh a fhreaschur.

(16) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, ansin, fad a bheidh an t-ordú i bhfeidhm, ní dheonóidh an tAire aon cheadúnas oiliúna éisc maidir le haon áit laistigh den limistéar a bheidh sonraithe san ordú.

(17) I gcás—

(a) a ndéanfaidh duine trí fhoghail, iascaireacht nó eile, cur isteach ar ní a bheidh déanta de bhun ceadúnais dobharshaothraithe, agus

(b) gur gan cead ón gceadúnaí a dhéantar an cur isteach sin,

d'ainneoin aon cheart iascaireachta a bheith ag an bpobal beidh an duine a bheidh ag cur isteach amhlaidh ciontach i gcion agus dlífear—

(c) ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £500, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(d) ar é a chiontú ann ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(18) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm cibé lá a shocróidh an tAire chuige sin le hordú.

(19) San alt seo—

ciallaíonn “dobharshaothrú”, ach amháin in “ceadúnas dobharshaothraithe” oiliúint aon speiceas éisc, dobharainmhí inveirteabrach is cuma cad é a ghnáthóg nó dobharfhoirm aon bhia atá oiriúnach chun iasc a chothú;

ciallaíonn “ceadúnas dobharshaothraithe” ceadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo;

ciallaíonn “limistéar ainmnithe” limistéar arna ainmniú de thuras na huaire le hordú faoin alt seo;

ciallaíonn “ceadúnas oiliúna éisc” ceadúnas arna dheonú faoi alt 15 den Phríomh-Acht;

ciallaíonn “ceadúnaí” an duine a ndeonófar ceadúnas faoin alt seo dó nó an duine ag a bhfuil teideal, de thuras na huaire, de bhua fho-alt (10) (e) den alt seo, chun sochar an cheadúnais;

ciallaíonn “ceadúnas leaba oisrí” ceadúnas leaba oisrí de réir bhrí Chuid XIV den Phríomh-Acht;

tá le “ordú um iascach oisrí (Acht 1959)”, “ceadúnas leaba oisrí (Acht 1959)” agus “ordú um iascach oisrí” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, le Cuid XIV den Phríomh-Acht.

Tobhach bradan.

55. —(1) San alt seo—

ní fholaíonn “céad-díolachán nó aon-díolachán” céad-díolachán nó aon-díolachán ag an gceadúnaí faoi cheadúnas iascaireachta a dhéantar bona fide le duine chun a úsáide pearsanta;

tá le “Limistéar Bhun an Phobail” an bhrí a shanntar do “Líomatáiste Mhagh Bhile” le hAcht Iascaigh an Fheabhail, 1952 ;

ní fholaíonn “bradán” bradán atá leasaithe agus ar coimeád i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail ina mbeidh codanna d'iasc nó táirgí éisc.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil go n-íocfar leis an Aire tobhach de réir an ráta fhorordaithe ar gach céad-díolachán nó ar gach aon-díolachán bradán.

(b) Ríomhfar an tobhach sin de réir an ráta fhorordaithe agus measúnófar é ar an bpraghas a fuarthas ar an gcéaddíolachán nó ar an aon-díolachán nó i cibé slí eile a fhorordófar.

(c) Sa mhír sin roimhe seo den fho-alt seo déanfar an tagairt don phraghas ar an gcéad-díolachán nó ar an aon-díolachán a fhorléiriú, i gcás ar ceannaitheoir lasmuigh den Stát an ceannaitheoir, mar thagairt don phraghas atá, de réir na rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo, inchurtha i leith an díolacháin sin.

(d) Faoi réir fho-alt (5) den alt seo, beidh an tobhach faoin alt seo le híoc—

(i) i gcás arb é an ceadúnaí faoi cheadúnas iascaireachta a dhéanfaidh an chéad-díolachán nó an t-aondíolachán le déileálaí ceadúnaithe bradán nó le dílseánach aon óstán, teach aíochta, proinnteach nó áitreabh nó áit eile sa Stát ina gcuirtear cothú agus iostas nó béilí ar fáil ar luaíocht, ag an déileálaí nó ag an dílseánach sin, agus

(ii) in aon chás eile, ag an duine arb é an díoltóir é ar an gcéad-díolachán nó ar an aon-díolachán.

(3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, an ráta a bheidh le híoc faoin alt seo ar gach céad-díolachán nó ar gach aondíolachán bradán agus modh an íoca agus, i gcás díolacháin inar ceannaitheoir lasmuigh den Stát an ceannaitheoir, na praghsanna is inchurtha i leith na ndíolachán sin, a fhorordú le rialacháin.

(b) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh faoin alt seo a fhorordú i gcóir tréimhsí éagsúla agus, i gcás díolacháin inar ceannaitheoir lasmuigh den Stát an ceannaitheoir, i gcóir aicmí éagsúla díolachán.

(c) Féadfar modhanna éagsúla measúnachta faoin alt seo a fhorordú i gcóir aicmí éagsúla díolachán i gcás nach ceannaitheoir lasmuigh den Stát an ceannaitheoir.

(d) Nuair a bheidh an tAire ag ullmhú rialacháin a bheidh le déanamh faoin alt seo d'fhorordú praghsanna is inchurtha i leith díolachán cuirfidh sé san áireamh na margadhphraghsanna a bheidh ar rith an tráth sin sa Stát ar chéad-díolacháin nó ar aon-díolacháin bradán.

(4) Íocfar isteach sa Chiste Caomhanta Bradán aon airgead a gheobhaidh an tAire faoi fho-alt (2) den alt seo.

(5) (a) Mura ndéarfaidh ordú faoin alt seo go sainráite gur le céad-díolacháin nó le haon-díolacháin bradán i limistéar Bhun an Phobail a bhaineann sé, ní fhorléireofar an t-ordú mar ordú a bhaineann amhlaidh.

(b) Maidir le hordú faoin alt seo ina bhfuil an fhoráil dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh sé, más cuí leis an Aire, foráil a bheith ann freisin do cheachtar ní nó don dá ní seo a leanas:

(i) go n-íocfar le duine forordaithe airgead is iníoctha ar scór tobhaigh faoin alt seo agus a bhaineann le céaddíolacháin nó le haon-díolacháin bradán i limistéar Bhun an Phobail,

(ii) go ndéanfar aon airgead den sórt sin, ar é a fháil go cuí, a dhiúscairt ar shlí fhorordaithe.

(c) I gcás ordú faoin alt seo a bhaineann le céad-díolacháin nó le haon-díolacháin bradán i limistéar Bhun an Phobail a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar forálacha an ailt seo agus beidh éifeacht leo, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, faoi réir cibé modhnuithe (más ann) is gá ag féachaint do théarmaí an ordaithe.

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar aon duine a bhfuil tobhach faoin alt seo iníoctha aige, nó ar aon duine is d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe—

(a) taifid a choimeád sa tslí fhorordaithe ar an meáchan bradán a láimhsíodh i gcúrsa a ghnó agus ina theannta sin—

(i) i gcás ar cheannaigh sé na bradáin sin, taifid ar an bpraghas a d'íoc sé orthu, agus

(ii) i gcás nár cheannaigh sé na bradáin sin amhlaidh, taifid ar an bpraghas a fuair sé orthu, agus

(iii) i gceachtar cás den sórt sin, cibé sonraí eile (más ann) a fhorordófar,

(b) cibé saoráidí a thabhairt chun na taifid sin a iniúchadh agus cibé tuairisceáin a fhorordófar a thabhairt don Aire nó do cibé duine eile a fhorordófar.

(7) I gcás—

(a) nach deimhin leis an Aire maidir le praghas a taifeadadh i ndáil le bradáin áirithe i gcomhlíonadh airbheartaithe rialacháin faoin alt seo nach é an praghas é a fuarthas ar chéad-díolachán nó ar aon-díolachán na mbradán, agus

(b) go gcreideann sé le réasún go bhféadfaí praghas is airde ná an praghas a taifeadadh amhlaidh a fháil ar an díol sin, féadfaidh sé an praghas is airde sin a chinneadh i scríbhinn,

agus i gcás a gcinnfear praghas is airde den sórt sin, ansin chun críocha an ailt seo measfar gurb é an praghas is airde a cinneadh amhlaidh an praghas a fuarthas ar chéad-díolachán nó ar aon-díolachán na mbradán lena mbaineann an cinneadh.

(8) Aon duine a sháróidh, le gníomh nó le faillí, aon rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(9) Gach suim is iníoctha ag duine i gcóir nó ar chuntas tobhaigh faoin alt seo is fiach conartha shimplí í a bheidh dlite den duine sin don duine lenarb iníoctha í faoin alt seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo agus beidh sí inghnóthaithe dá réir sin in aon chúirt dlínse inniúla.

(10) In aon imeachtaí dlí in aghaidh duine mar gheall ar aon airgead a éilítear a bheith dlite den duine i leith tobhach faoin alt seo, beidh deimhniú faoi shéala an Aire nó, i gcás ar i leith bradáin a díoladh i limistéar Bhun an Phobail atá an tobhach iníoctha, faoi láimh nó faoi shéala an duine a bheidh forordaithe ag an Aire de bhun fho-alt (5) (b) (i) den alt seo, á dheimhniú gur dhligh an duine tobhach de mhéid sonraithe a íoc faoin alt seo agus go bhfuil suim shonraithe dlite den duine agus gan íoc aige ar scór an tobhaigh, mar aon le deimhniú faoin láimh nó faoin séala sin á dheimhniú nach bhfuil an tsuim íoctha ag an duine, ina bhfianaise prima facie maidir leis an tobhach a bheith dlite agus maidir lena mhéid agus maidir leis an tsuim atá dlite den duine agus gan íoc aige ina leith.

(11) Is forálacha i dteannta, agus ní forálacha in ionad, fhorálacha alt 163 den Phríomh-Acht forálacha fho-alt (6) den alt seo.

CUID VI

Ilghnéitheach

Toirmeasc ar iasc áirithe a dhíol.

56. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú a thoirmeasc aon iasc a dhíol, agus aon iasc a thairiscint lena ndíol, aon tráth le linn tréimhse sonraithe aon bhliain (tréimhse dá ngairtear “tréimhse bhliantúil” anseo feasta san alt seo)—

(a) is iasc de speiceas a bheidh sonraithe san ordú, nó

(b) is iasc—

(i) a gabhadh le slat agus ruaim, agus

(ii) de speiceas a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo—

(a) feidhm a bheith aige ar fud an Stáit nó i limistéar áirithe nó i limistéir áirithe den Stát agus a bheidh sonraithe amhlaidh.

(b) tréimhse bhliantúil áirithe a shonrú i ndáil leis an Stát go léir nó tréimhsí éagsúla den sórt sin a shonrú i ndáil le limistéir éagsúla den sórt sin.

(3) Bainfidh ordú faoin alt seo le haon iasc—

(a) i gcás ar de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a dhéanfar an t-ordú, is den speiceas a bheidh sonraithe san ordú, agus

(b) i gcás ar de bhun mhír (b) den fho-alt sin (1) a dhéanfar an t-ordú, a gabhadh le slat agus ruaim agus is de speiceas a bheidh sonraithe san ordú.

(4) I gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, ní dhéanfaidh duine aon iasc lena mbaineann an t-ordú a dhíol ná a thairiscint lena ndíol—

(a) i gcás feidhm a bheith ag an ordú ar fud an Stáit nó i ndáil le limistéar áirithe nó le limistéir áirithe den Stát agus nach mbeidh ach tréimhse bhliantúil amháin sonraithe ann, in aon áit sa Stát nó sa limistéar sin nó in aon limistéar den sórt sin, de réir mar is iomchuí, tráth ar bith i rith na tréimhse sin,

(b) i gcás a mbeidh tréimhsí bliantúla éagsúla sonraithe san ordú i ndáil le limistéir éagsúla den Stát, in aon áit i limistéar den sórt sin tráth ar bith i rith na tréimhse bliantúla a bheidh sonraithe amhlaidh i ndáil leis an limistéar.

(5) Duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil (nach mó san iomlán ná £600) nach mó a méid ná £500 mar aon le méid nach mó ná £50 ar gach bradán agus £10 ar gach iasc eile a ndearnadh an cion ina leith, a chur air.

Toirmeasc ar líonta nó líonra áirithe a dhíol.

57. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú a thoirmeasc líonta nó líonra d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe a dhíol.

(2) Duine a dhíolfaidh líon nó líonra de shárú ar ordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(3) Más rud é in aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo—

(a) go gcruthóidh an cosantóir—

(i) gur thug sé, roimh an díolachán lena mbaineann an cion a líomhnaítear, fógra i scríbhinn don Aire á rá go raibh ar intinn aige líonta nó líonra den aicme nó den tuairisc fhorordaithe iomchuí a dhíol, agus

(ii) go ndearna sé fiafraí den cheannaitheoir roimh an díolachán sin i dtaobh na gcríocha ar chucu a beartaíodh an líon nó an líonra iomchuí a úsáid, agus

(iii) gur choimeád sé taifead ar an modh a d'ordaigh an tAire faoi fho-alt (4) den alt seo ar thoradh a fhiafraithe, agus

(b) go dtabharfaidh an cosantóir an taifead sin ar aird don chúirt, agus, i gcás ar iarr an tAire nó ar iarradh thar ceann an Aire ar an gcosantóir sin a dhéanamh, go gcruthóidh sé gur thug sé an taifead sin ar aird d'oifigeach don Aire laistigh d'am réasúnach agus gur cheadaigh sé don oifigeach sin é a iniúchadh, agus

(c) gur deimhin leis an gcúirt—

(i) gur de mheon macánta a rinneadh an fhiafraí, agus

(ii) gur réasúnach an rud é don chosantóir in imthosca an cháis, ag féachaint do thoradh na fiafraí, a chreidiúint nach raibh sé beartaithe an líon nó an líonra sin a úsáid le haghaidh iascaireachta ná i ndáil le hiascaireacht,

éigiontófar é sa chion.

(4) I gcás a bhfaighidh an tAire fógra i scríbhinn ó dhuine á rá go bhfuil ar intinn aige líon nó líonra d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe in ordú faoin alt seo a dhíol, tabharfaidh an tAire, a luaithe is féidir, ordacháin don duine maidir leis an tslí a mbeidh taifead ar thoradh na fiafraí a dhéanfaidh sé chun críocha fho-alt (3) den alt seo le coimeád.

Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Eisc Mhara.

58. —(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh gach bord réigiúnach clár ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, “Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara”.

(2) (a) Ar an suibscríobh bliantúil iomchuí a íoc le bord réigiúnach déanfar duine a chlárú de réir mhír (b) den fho-alt seo sa chlár a chothabhálann an bord sin, agus nuair a bheidh duine ag déanamh iarratais ar chlárú faoin bhfo-alt seo, sonróidh an t-iarratasóir, le linn dó an t-iarratas a dhéanamh, cé acu de na hearnálacha seo a leanas inar mian leis go gclárófaí é, eadhon, mar dhuánaí breac, nó mar dhuánaí garbhéisc, nó mar dhuánaí éisc mhara.

(b) Déanfaidh an bord réigiúnach lena mbaineann, ar iarratas a fháil ar chlárú sa chlár, mar aon leis an suibscríobh bliantúil iomchuí—

(i) i gcás a sonróidh an t-iarratasóir gur mian leis go gclárófaí é mar dhuánaí breac, é a chlárú sa cháil sin sa chlár,

(ii) i gcás a sonróidh an t-iarratasóir gur mian leis go gclárófaí é mar dhuánaí garbhéisc, é a chlárú sa cháil sin sa chlár,

(iii) i gcás a sonróidh an t-iarratasóir gur mian leis go gclárófaí é mar dhuánaí éisc mhara, é a chlárú sa cháil sin sa chlár, agus

(iv) i gcás nach gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir ceanglas mhír (a) den fho-alt seo go sonródh sé an earnáil inar mian leis go gclárófaí é, é a chlárú sa chlár mar dhuine nár vótáil.

(c) Más rud é, an 31ú lá de Nollaig aon bhliain, go mbeidh duine, seachas duine le teideal faoi fho-alt (4) den alt seo, cláraithe i gclár, beidh sé i dteideal fanacht cláraithe amhlaidh ar feadh ré reatha na chéad bhliana eile má dhéanann sé, agus amháin má dhéanann sé, roimh an lá sa chéad bhliain eile sin arb é an lá é a bheidh socraithe de thuras na huaire ag an Aire faoi fho-alt (5) den alt seo, an suibscríobh bliantúil iomchuí a íoc leis an mbord réigiúnach a chothabhálann an clár.

(d) Más rud é aon bhliain, maidir le duine a bhí, an 31ú lá de Nollaig ba dheireanaí roimhe sin cláraithe i gclár, go mainneoidh sé an suibscríobh bliantúil iomchuí a íoc roimh an lá sa bhliain sin arb é an lá é a bheidh socraithe amhlaidh de thuras na huaire, déanfaidh an bord réigiúnach a chothabhálann an clár a ainm a bhaint láithreach den chlár.

(3) Féadfaidh aon duine atá cláraithe i gclár, trí iarratas i scríbhinn a dhéanamh chuig an mbord réigiúnach lena mbaineann ionas go bhfaighidh an bord sin é lá éigin i mí Eanáir aon bhliain áirithe, a iarraidh ar an mbord sin an clár a leasú trína athrú ón earnáil ina bhfuil sé cláraithe an tráth sin go dtí earnáil eile a shonrófar san iarratas, agus ar iarratas faoin bhfo-alt seo a fháil go cuí géillfidh bord réigiúnach don iarratas agus leasóidh sé dá réir sin an clár a chothabhálann siad.

(4) (a) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo, duine a bhí, díreach sular díscaoileadh an tIontaobhas, ina chomhalta saoil den Iontaobhas, déanfaidh bord réigiúnach, tar éis don duine sin iarratas a dhéanamh chuige, agus ar é do dhéanamh dear bhú i bhfoirm a bheidh ceadaithe chun críocha an fho-ailt seo ag an Aire, é a chlárú sa Chlár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Eisc Mhara a chothabhálann an bord.

(b) Féadfaidh duine atá cláraithe i gclár faoi mhír (a) den fho-alt seo a iarraidh i scríbhinn go mbainfí a ainm den chlár agus ar an iarratas sin a fháil géillfidh an bord réigiúnach lena mbaineann don iarratas.

(c) Bainfidh míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo le hiarratais faoin bhfo-alt seo mar a bhaineann siad le hiarratais faoin bhfo-alt sin ach faoi réir an mhodhnaithe seo a leanas, eadhon, nach dtabharfar aird ar cheanglais na míreanna sin a bhaineann le suibscríobhanna bliantúla.

(d) Ní bheidh duine dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo i dteideal a chláraithe de bhua an fho-ailt seo aon tráth áirithe i mbreis agus Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara amháin a chothabháiltear faoin Acht seo.

(5) Féadfaidh an tAire le rialacháin lá nó laethanta a shocrú chun críocha fho-alt (2) den alt seo agus féadfar aon lá den sórt sin a shocrú amhlaidh—

(a) i ndáil le haon bhliain nó aon bhlianta áirithe, nó

(b) i ndáil le bliain áirithe agus leis an mbliain dá éis sin, nó

(c) i ndáil le bliain ar bith.

(6) (a) Tagairtí san alt seo don suibscríobh bliantúil iomchuí is tagairtí iad do shuibscríobh bliantúil ina mbeidh cibé méid a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, de thuras na huaire chun críocha an ailt seo.

(b) San alt seo—

ciallaíonn “clár”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an Clár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara a chothabhálann bord réigiúnach;

ciallaíonn “cláraithe” cláraithe sa chlár.

(c) San alt seo agus sa chéad alt eile dá éis seo den Acht seo folaíonn “comhalta saoil den Iontaobhas” aon duine a shonraigh comhairle an Iontaobhais, de bhun Airteagail Chomhlachais an Iontaobhais, mar chomhalta deontóra.

Cearta áirithe iascaireachta a thabhairt d'iarchomhaltaí saoil den Iontaobhas agus do dhaoine ar Chlár Duánaithe Breac. Garbhéisc agus Éisc Mhara.

59. —(1) Duine a bhí, díreach sular díscaoileadh an tIontaobhas, ina chomhalta saoil den Iontaobhas, beidh de chead aige, faoi réir cibé sriantachtaí nó ceanglais eile, más ann, a mheasfaidh an tAire is iomchuí chun an t-iascach lena mbaineann a bhainistí go cuí agus ar sriantachtaí nó ceanglais iad atá forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo—

(a) iascaireacht breac nó garbhéisc a dhéanamh de réir dlí in uiscí aon iascaigh a aistrítear chuig an bPríomh-Bhord le halt 35 den Acht seo fad a bheidh an leas ann a aistrítear amhlaidh chuig an bPríomh-Bhord ar marthain, agus

(b) i gcás an duine a bheith cláraithe de thuras na huaire de bhua alt 58 (4) den Acht seo i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara, fad a bheidh sé cláraithe amhlaidh, iascaireacht breac agus garbhéisc a dhéanamh de réir dlí in uiscí aon iascaigh—

(i) atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an mbord réigiúnach a chothabhálann an clár,

(ii) atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an bPríomh-Bhord (cibé acu a aistríodh an t-iascach sin chuig an bPríomh-Bhord leis an alt sin 35 nó a fuair an Príomh-Bhord é ar dhóigh eile).

(2) I gcás duine a bheith cláraithe ar dhóigh seachas de bhua alt 58 (4) den Acht seo i gClár Duánaithe Breac, Garbhéisc agus Éisc Mhara, ansin, fad a bheidh sé cláraithe amhlaidh, beidh de chead aige, faoi réir cibé sriantachtaí nó ceanglais eile, más ann, a mheasfaidh an tAire is iomchuí chun an t-iascach lena mbaineann a bhainistí go cuí agus ar sriantachtaí nó ceanglais iad atá forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo, iascaireacht breac agus garbhéisc a dhéanamh de réir dlí in uiscí—

(a) de chuid aon iascaigh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an mbord réigiúnach a chothabhálann an clár, agus

(b) de chuid aon iascaigh atá ar úinéireacht nó ar áitiú ag an bPríomh-Bhord.

(3) (a) Féadfaidh ordú faoi alt 37, 40, 41 nó 42 den Acht seo a fhoráil nach mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo i ndáil leis an iascach a gheofar nó a aistreofar leis an ordú, nó, i gcás dhá iascach nó níos mó a aistriú amhlaidh, nach mbeidh feidhm aige i ndáil le haon iascach den sórt sin, nó, de réir mar a fhorálfar amhlaidh, nach mbeidh feidhm aige ach i ndáil le cibé cinn de na hiascaigh sin a shonróidh an t-ordú.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú a fhoráil nach mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, seachas mír (a) den fho-alt seo, i ndáil le hiascach a gheobhaidh an Príomh-Bhord trí chomhaontú faoi alt 37 den Acht seo agus a bheidh sonraithe san ordú.

(4) I gcás iascach a bheith eisiata, le hordú faoin alt seo nó le hordú a thuairiscítear i bhfo-alt (3) (a) den alt seo, ó fheidhm fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, forléireofar an t-alt seo agus beidh éifeacht leis faoi réir théarmaí an ordaithe.

Cumhachtaí an Aire ag oibriú iascaigh.

60. —(1) Féadfaidh an tAire, chun iascach atá ar úinéireacht aige a oibriú, gach ní a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá chun an t-iascach sin a sheoladh mar ghnóthas tráchtála agus a d'fhéadfadh sé a dhéanamh dá mba phearsa aonair phríobháideach é agus é ina úinéir ar an iascach sin, agus gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo féadfaidh sé gach ní nó aon ní díobh seo a leanas a dhéanamh:

(a) iasc a cheannach agus a dhíol in aon áit;

(b) aon earra a cheannach nó a mhonarú atá riachtanach i ndáil le hiasc a ghabháil, a stóráil, a iompar, a chóireáil, a cheannach nó a dhíol;

(c) aon ghnó a sheoladh a bhaineann nó a ghabhann le hoibriú an iascaigh sin;

(d) conarthaí a dhéanamh;

(e) cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a fhostú;

(f) ceadúnais iascaireachta a cheannach.

(2) Déanfar luach saothair gach uile dhuine a bheidh fostaithe i ndáil leis an Aire d'oibriú aon iascach a bheidh ar úinéireacht aige a chinneadh le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Ní bhainfidh Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ná Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, le haon duine arna fhostú nó arna cheapadh ag an Aire faoin alt seo.

Dliteanas an Aire nó an Phríomh-Bhoird i leith damáiste trí thuile.

61. —Ní bheidh aon ábhar éilimh ann in aghaidh an Aire nó an Phríomh-Bhoird i leith tuile nó damáiste iarmhartach eile mar gheall ar aon déanmhas a bheith ar marthain go leanúnach (lena n-áirítear cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta a bhí, ar an dáta a dílsíodh iascach don Aire nó don Phríomh-Bhord nó a fuair an tAire nó an Príomh-Bhord iascach, ina chuid den iascach sin nó ar marthain san iascach sin) mura mbeidh an tAire nó an Príomh-Bhord, de réir mar is iomchuí, tar éis airde an déanmhais sin a mhéadú nó tar éis aon oscailtí nó bearnaí ann a dhúnadh a mhéid nach bhféadfaí iad a dhúnadh go dleathach ar an dáta sin.

Srian le halt 12 den Finance Act, 1895.

62. —Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895 (a cheanglaíonn ionstraimí áirithe a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim agus dleachtanna stampa áirithe a íoc) le maoin a aistrítear le halt 9 nó 35 den Acht seo nó le hordú faoi alt 10 den Acht seo a dhílsiú don Phríomh-Bhord nó do bhord réigiúnach.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

63. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí “, ar an táille fhorordaithe (más ann) a íoc leis,” a chur isteach roimh “le ceadúnas” i bhfo-alt (1);

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(6) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí a fhorordú is iníoctha i leith cheadúnais arna ndeonú ag an Aire faoin alt seo.

 (b) Déanfar gach táille a gheobhaidh an tAire faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(7) Aon duine a bheidh ag gabháil d'oiliúint éisc ar dhóigh seachas faoi réim agus de réir cheadúnas faoin alt seo nó faoi alt 54 den Acht Iascaigh, 1980 , beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(8) I gcás—

(a) duine a chuirfidh isteach trí iascaireacht nó eile ar aon ní a dhéantar de bhun cheadúnas arna dheonú ag an Aire faoin alt seo, agus

 (b) gur gan cead ón duine dar deonaíodh an ceadúnas a dhéantar an cur isteach sin,

beidh an duine a dhéanfaidh an cur isteach sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(c) ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air,

(d) ar é a chiontú ann ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 a chur air.”.

Leasú ar alt 20 den Phríomh-Acht.

64. —Leasaítear leis seo alt 20 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin teorainneacha cheantar iascaigh a athrú trí aon uiscí sonraithe atá i limistéar farraige, nó i gcuid den fharraige, a thuairiscítear i bhfomhír (i) nó (ii) d'alt 10 (9) (a) den Acht Iascaigh, 1980 , a áireamh ann, agus taispeánfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo, faoi threoir léarscáil a bheidh sonraithe sna rialacháin, teorainneacha an cheantair nó na gceantar iascaigh iomchuí mar a bheidh siad athraithe leis na rialacháin.”

Leasú ar alt 50 den Phríomh-Acht.

65. —(1) Leasaítear leis seo alt 50 den Phríomh-Acht—

(a) trí “ag an bPríomh-Bhord nó ag aon bhord réigiúnach” a chur in ionad “ag aon bhord coimeádaithe” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “maidir leis an bPríomh-Bhord nó le bord réigiúnach” a chur in ionad “maidir le bord coimeádaithe” i bhfo-alt (3),

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

AN TÁBLA

1.—(1) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, más cuí leis é, a ordú fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh comhlíonadh a dhualgas ag an bPríomh-Bhord nó ag aon bhord réigiúnach agus féadfaidh sé duine ar bith a cheapadh chun an fiosrúchán sin a dhéanamh.

2.—(3) Nuair a dhéanfar fiosrúchán maidir leis an bPríomh-Bhord nó le bord réigiúnach faoin alt seo, deimhneoidh an tAire méad an chaiteachais faoina ndeachaigh an tAire maidir leis an bhfiosrúchán sin, agus déanfaidh an tAire an méad a dheimhneofar amhlaidh a ghnóthú as ioncam an bhoird sin.

Leasú ar alt 65 den Phríomh-Acht.

66. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 65 den Phríomh-Acht trí “don duine sin” a chur isteach roimh “an t-inneall sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú leis an alt seo agus le halt 46 (1) den Acht seo agus arna mhodhnú le halt 50 (1) den Acht seo, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1)—Má dhéanann duine ar bith aon inneall sceidealta a úsáid nó a chur suas in aon cheantar iascaigh chun bradáin, bric nó eascanna a thógáil, agus gan gnáth-cheadúnas iascaireachta a bheith i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire á údarú don duine sin an t-inneall sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,000 nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Leasú ar alt 67 den Phríomh-Acht.

67. —Leasaítear leis seo alt 67 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Gach gnáth-cheadúnas a eiseofar i leith innill iascaireachta (seachas slat agus ruaim) beidh ar a aghaidh—

(a) i gcás inneall a bheidh le húsáid in iascach eisiatach, ainm an duine (dá ngairtear ‘an t-úinéir’ san alt seo) a bheidh de thuras na huaire i dteideal an t-inneall sin a úsáid amhlaidh chun a thairbhe féin, nó

(b) i ngach cás eile, ainm agus seoladh an duine a íocfaidh an dleacht ceadúnais ar an inneall sin.

agus ina theannta sin, má dhéanann an duine sin, nó i gcás a mbainfidh an ceadúnas le hinneall a bheidh le húsáid amhlaidh, má dhéanann an t-úinéir, iarratas i scríbhinn chun na críche sin chuig an mbord réigiúnach lena mbaineann, ainm duine amháin eile ar a mhéid a bheidh sonraithe san iarratas, agus oibreoidh gach gnáth-cheadúnas a eiseofar amhlaidh chun a údarú d'aon duine a bheidh ainmnithe sa cheadúnas an t-inneall lena mbaineann sé a úsáid.”.

Leasú ar Chaibidil III de Chuid VI den Phríomh-Acht.

68. —(1) Leasaítear leis seo alt 81 den Phríomh-Acht:

(a) trí “trí phunt” a chur in ionad “cúig scilling” i mír (a) d'fho-alt (2);

(b) trí “puint” a chur in ionad “sé phingin” i mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (2); agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(3)  (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordú, an dleacht ceadúnais is iníoctha i leith gach cineál nó aon chineál de na cineálacha ceadúnas slaite breac a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a athrú, agus i gcás ordú faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar fo-alt (2) den alt seo, arna leasú le halt 68 den Acht Iascaigh, 1980 , agus beidh éifeacht leis, de réir théarmaí an ordaithe.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 68 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1976 ) maidir le hordú faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm aige maidir le hordú faoin alt sin.”;

agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 83 den Phríomh-Acht trí “méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais” a chur in ionad “suim cúig scilling” i mír (b) d'fho-alt (1) agus in ionad “suim sé phingin” i mír (c) d'fho-alt (2) agus d'fho-alt (3), agus tá an mhír sin (b), mír (c) den fho-alt sin (2) agus mír (c) den fho-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 2, 3 agus 4, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1.  (2) Beidh dleacht mar a leanas iníoctha ar na ceadúnais sin—

(a) ceadúnas slaite breac (ginearálta), dleacht ceadúnais trí phunt,

(b) ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir), dleacht ceadúnais puint,

(c) ceadúnas slaite breac (sóisear), dleacht ceadúnais puint.

2.  (b) go dtairgfidh an duine sin méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais,

3.  (c) go dtairgfidh an duine sin méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais,

4.  (c) go dtairgfidh an duine sin méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais,

Leasú ar ailt 159 agus 160 den Phríomh-Acht, ar alt 42 den Acht Airgid, 1925 , agus ar alt 12 den Acht Airgeadais, 1940 .

69. —(1) Leasaítear leis seo alt 159 den Phríomh-Acht—

(a) trí “cúig phunt is fiche” a chur in ionad “puint” i bhfomhír (ii) d'fho-alt (1) (b) agus i bhfomhír (ii) d'fho-alt (2) (b); agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

 “(6)   (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordú, fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo a leasú d'fhonn an tsuim a shonraítear ann a athrú, agus i gcás ordú faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an fo-alt sin (1) agus an fo-alt sin (2), nó an dá fho-alt sin, de réir mar is iomchuí, arna leasú le halt 69 den Acht Iascaigh, 1980 , agus beidh éifeacht leo, de réir théarmaí an ordaithe.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 68 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1976 ) maidir le hordú faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm aige maidir le hordú faoin alt sin.”;

agus tá an fhomhír sin (ii) den fho-alt sin (1) (b) agus an fhomhír sin (ii) den fho-alt sin (2) (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo alt 160 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal go léir bhfo-alt (1) idir deireadh mhír (a) agus deireadh an fho-ailt:

“(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais suim cúig phunt is fiche,

féadfaidh an bord sin an ceadúnas sin a athnuachan.”; agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis an alt:

“(5) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordú, fo-alt (1) den alt seo a leasú d'fhonn an tsuim a shonraítear ann a athrú, agus i gcás ordú faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar an fo-alt sin (1), arna leasú le halt 69 den Acht Iascaigh, 1980 , agus beidh éifeacht leis de réir théarmaí an ordaithe.

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 68 den Acht seo (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Iascaigh (Leasú), 1976 ) maidir le hordú faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm aige maidir le hordú faoin alt sin.”.

(3) Amhail ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, scoirfidh alt 42 den Acht Airgid, 1925 , agus alt 12 den Acht Airgeadais, 1940 , d'éifeacht a bheith leo.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm cibé lá a shocróidh an tAire chuige sin le hordú.

AN TÁBLA

1. (ii) suim cúig phunt is fiche,

2. (ii) suim cúig phunt is fiche,

Leasú ar Chuid XIV den Phríomh-Acht.

70. —(1) I gcás a gcuirfear aon deis nó ní eile a úsáidtear, nó a bheartaítear a úsáid, in oiliúint oisrí i leaba oisrí nó ar leaba oisrí, nó san uisce nó ar an uisce lastuas de leaba oisrí, measfar, chun críocha alt 245 den Phríomh-Acht, gur plandáil leaba oisrí é ar mhodh a thuairiscítear san alt sin, agus forléireofar aon cheadúnas faoin alt sin, cibé acu is roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis a deonaíodh é, agus beidh éifeacht leis, de réir a bhfuil anseo roimhe seo.

(2) Ní fhorléireofar fo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanann difear don chumhacht a thugtar don Aire Turasóireachta agus Iompair le halt 10 den Acht Imeall Trágha, 1933 .

(3) Leasaítear leis seo alt 253 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(g) aon deis nó ní eile a cuireadh sa leaba sin nó ar an leaba sin nó san uisce nó ar an uisce lastuas den leaba sin agus a úsáidtear in oiliúint oisrí a aistriú nó a dhamáistiú, nó cur isteach ar shlí eile ar an gcéanna, gan toiliú den sórt sin.”

(4) Leasaítear leis seo alt 256 den Phríomh-Acht trí “nó lastuas de chladach agus grinneall,” a chur isteach roimh “na mara”, agus tá an t-alt sin 256, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(5) Leasaítear leis seo alt 261 den Phríomh-Acht trí “i cibé slí is iomchuí leis tar éis féachaint do na himthosca ar dá mbarr is gá an t-ordú a leasú” a chur in ionad na bhfocal go léir ó “, agus na forálacha go léir” go dtí deireadh an ailt agus tá an t-alt sin 261, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 2 den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(6) Leasaítear leis seo alt 265 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(bb) agus gan é ina dheontaí, nó ina sheirbhíseach nó ina ghníomhaire don deontaí nó do na deontaithe, nó gan a bheith údaraithe go cuí mar atá ráite roimhe seo, aon deis nó ní eile a cuireadh san iascach sin nó ar an iascach sin nó thar an iascach sin agus a úsáidtear in oiliúint oisrí a aistriú nó a dhamáistiú nó cur isteach ar shlí eile ar an gcéanna, nó”.

AN TÁBLA

1. 256.—Faoi réir alt 11 agus fhorálacha na Caibidle seo, féadfaidh an tAire orduithe a dhéanamh chun iascach oisrí a bhunú nó a fheabhsú agus chun é a chothabháil agus a rialú ar chladach agus grinneall, nó lastuas de chladach agus grinneall, na mara nó inbhir nó abhann taoidmhire taobh thuas nó taobh thíos nó go páirteach taobh thuas agus go páirteach taobh thíos den mharc diathrá (agus gairtear an cladach sa Chaibidil seo den chladach agus den ghrinneall sin), agus, más inmhianaithe é, forálacha a chur iontu chun bord nó comhlacht a bhunú chun críche an ordaithe sin, ar iarratas a fháil don Aire ó aon duine ar mian leis ordú den sórt sin a fháil.

2. 261.—Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, ordú um iascach oisrí a leasú, i cibé slí is iomchuí leis tar éis féachaint do na himthosca ar dá mbarr is gá an t-ordú a leasú.

Leasú ar alt 297 den Phríomh-Acht.

71. —Leasaítear leis seo alt 297—

(a) trí “d'aon duine údaraithe” a chur in ionad “d'aon mhaor uisce nó d'aon oifigeach arna cheapadh ag an Aire” i bhfo-alt (1); agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2)  (a) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, oibreoidh barántas a eiseofar faoin alt seo chun a údarú don duine dá n-eiseofar é (agus a bheidh ainmnithe ann) gníomhú mar a leanas aon tráth réasúnach, nó aon tráthanna réasúnacha, laistigh de sheacht lá tar éis an barántas a eisiúint—

(i) dul isteach agus cuardach a dhéanamh, le forneart más gá, sa ghairdín, sa teach cónaithe nó i gcúirtealáiste an tí chónaithe a bheidh ainmnithe sa bharántas nó in aon déanmhas nó foirgneamh sa ghairdín nó sa chúirtealáiste sin.

(ii) a cheangal ar aon duine a gheofar ar an talamh sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó,

(iii) a cheangal ar dhuine atá ag áitiú na talún sin nó á rialú nó a bhfuil páirt aige ina bainistí a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó,

agus má bhíonn forais réasúnacha ag an duine atá ainmnithe amhlaidh chun bheith in amhras go bhfuil cion déanta nó á dhéanamh faoin Acht seo le haon ní nó i ndáil le haon ní a gheofar le linn an chuardaigh, féadfaidh an duine an ní sin nó aon ní eile a gheofar amhlaidh agus ar dóigh leis gur ní é a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil mar fhianaise in imeachtaí mar gheall ar chion faoin Acht seo a urghabháil agus a choimeád.

 (b) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, oibreoidh barántas a eiseofar faoin alt seo chun a chumasú d'aon duine nó daoine díobh seo a leanas, eadhon, aon chomhalta den Gharda Síochána, aon oifigeach don Aire agus, i gcás an barántas a bheith eisithe d'oifigeach do bhord réigiúnach, aon duine eile a bheidh fostaithe ag an mbord sin le bheith i gcuideachta an duine a n-eiseofar an bárantas chuige agus cabhrú leis i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó leis an mbarántas.

(3) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar do dhuine a bheidh ainmnithe i mbarántas a eiseofar faoin alt seo infheidhmithe ag an duine maidir le teach cónaithe ach amháin má bhíonn, agus fad a bheidh, comhalta den Gharda Síochána ina chuideachta.”;

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Más rud é ar fhaisnéis faoi mhionn gur dóigh le haon Bhreitheamh Dúiche nó Feidhmeannach Síochána go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar fhorálacha an Achta seo nó aon ionstraime arna déanamh faoi laistigh d'aon ghairdín iata nó d'aon teach cónaithe nó de chúirtealáiste aon tí chónaithe, féadfaidh sé le barantas faoina láimh a údarú d'aon duine údaraithe dul isteach sa ghairdín sin nó sa teach cónaithe sin nó i gcúirtealáiste an tí chónaithe sin, na tráthanna sin den lá nó den oíche a bheidh luaite sa bharántas.

Leasú ar alt 312 den Phríomh-Acht.

72. —Leasaítear leis seo alt 312 den Phríomh-Acht trí “más go hachomhair a ionchúiseofar é” a chur isteach i ndiaidh “a ionchúiseamh”, agus tá an t-alt sin 312, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

312. Féadfaidh an tAire cion faoi aon fhoráil den Acht seo a ionchúiseamh más go hachomair a ionchúiseofar é.

Leasú ar alt 19 d'Acht 1962.

73. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 19 d'Acht 1962 trí “leordhóthanach” a chur in ionad “chríochnaitheach” sa dá áit ina bhfuil sé, agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Aon deimhniú faoi láimh an chláraitheora long chun críocha an Merchant Shipping Act, 1894, agus an Achta Loingis Thráchtála, 1955 , ag aon phort cláraitheachta sa Stát á dheimhniú go bhfuil bád a bheidh sonraithe sa deimhniú gan bheith cláraithe de réir mhír (a) den mhíniú ar “bád iascaireachta mara Éireannach” (a cuireadh isteach leis an alt seo) in alt 219 den Phríomh-Acht sa phort cláraitheachta sin is fianaise leordhóthanach é nach bhfuil an bád cláraithe amhlaidh agus beidh deimhnithe mar a dúradh maidir le gach port cláraitheachta sa Stát ina bhfianaise leordhóthanach nach bhfuil an bád cláraithe amhlaidh sa Stát agus ní gá síniú chláraitheora a chruthú ná a chruthú gur cláraitheoir é iarbhír.

Leasú ar alt 59 d'Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 .

74. —Leasaítear leis seo mír (a) d'alt 59 (1) d'Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 , trí “nó fanacht orthu” a chur isteach i ndiaidh “ar a bhfeadh” i mír (a), agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(a) dul isteach ar bhruacha nó imill aon aibhneacha a thaithíos bradáin nó bric, nó ar bhruacha nó imill a suainmheachán, agus gabháil tríothu nó ar a bhfeadh nó fanacht orthu.

Leasú ar ailt 2 agus 19 den Acht Iascaigh (Leasú), 1978 .

75. —Leasaítear leis seo an tAcht Iascaigh (Leasú), 1978

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'alt 2 (2):

“(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin,”;

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 2:

“(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ionann is dá mba rud é, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, gur sonraíodh ann an pionós agus an forghéilleadh (más ann) dá bhforáiltear, i ndáil leis an gcion sin ar é a thriail go hachomair, le fo-alt (2) den alt seo agus le Tábla II a ghabhann leis an alt seo, agus forléireofar dá réir sin an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin don phionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin,”; agus

(c) trí “Chaibidil II nó III de Chuid” a chur in ionad “Chuid II nó III de Chaibidil” i bhfo-alt (1) d'alt 19,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) I gcás a mbeartóidh Breitheamh Dúiche ordú a dhéanamh go scaoilfear ar bannaí cosantóir a bheidh os a chomhair agus é cúisithe i gcion faoi fhoráil de Chaibidil II nó III de Chuid XIII den Phríomh-Acht agus ar lasmuigh den Stát atá gnáthchónaí air, ordóidh sé (mura deimhin leis go bhféadfar na doiciméid go léir (lena n-áirítear díotáil) a cheanglaítear le dlí a sheirbheáil ar an gcosantóir i ndáil leis an gcúiseamh nó chun críche an chúisimh nó aon imeachtaí de dhroim an chúisimh nó a bhaineann leis a sheirbheáil go cuí ar an gcosantóir sa Stát) go bhféadfar na doiciméid sin, in ionad iad a sheirbheáil ar an gcosantóir, a sheirbheáil ar dhuine a bheidh sonraithe san ordú agus ar sa Stát atá gnáthchónaí air.

Cosaint d'alt 278 den Phríomh-Acht, a mhéid a bhaineann sé le Limistéar Bhun an Phobail agus d'alt 10 (1) d'Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961 .

76. —Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'oibriú—

(a) alt 278 den Phríomh-Acht a mhéid a bhaineann sé le Líomatáiste Mhagh Bhile de réir bhrí Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 ,

(b) alt 10 (1) d'Acht Iascaigh an Fheabhail (Leasú), 1961 ,

agus beidh feidhm maidir leis an limistéar sin ag an alt sin 278, mar aon leis na forálacha den Phríomh-Acht atá curtha i mbaint le Limistéar sin Bhun an Phobail ag an alt sin 10 (1), arna leasú leis an Acht seo, ach sin faoi réir na modhnuithe céanna leis na modhnuithe lena raibh feidhm acu ina leith díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 6.

(1)

(2)

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 .

Ailt 16 (3) agus 19 (2); fo-ailt (1), (2) agus (5) d'alt 20; ailt 21 go 39; fo-ailt (1) go (9) d'alt 40; ailt 41 go 44; ailt 46 go 48; fo-alt (6) agus fo-alt (9) (a) (ia) (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1962) d'alt 49; ailt 51 go 53, 60 agus 61; i bhfomhír (i) d'alt 67 (3) (a) na focail “, lá agus fiche,”; ailt 67 (3) (c) agus 67 (4) (b); in alt 67 (4) (d) na focail “, gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche),”; alt 67 (6) (b) (iii); “(5)”, in alt 68 (1) (a); mír (c) d'alt 70 (3); ailt 71, 76 agus 89; in ailt 156 (1) agus 157 (1) na focail “(seachas an tAire nó Bord Soláthair an Leictreachais)”; in alt 159 (3) (a) agus 160 (2) (a) na focail “chun cléireach an bhoird sin”; in alt 163 (1) (b) na focail “(gan an praghas a áireamh a thug an sealbhóir sin ar aon bhradán nó breac a cheannaigh sé, a fuair sé nó a dhíol sé)”; in alt 163 (2) (b) na focail “(gan an praghas a thug sé ar aon bhradán nó breac a d'onnmhairigh sé a áireamh)”; ailt 184 go 216, 218, 278 (5) (b) (iii) agus 280; in ailt 315 (2) (b) agus 319 (1) (c) (ii) an focal “coiméadaithe”; na taifid i gcolúin (5), (6) agus (7) den taifead sa Dara Sceideal; an Tríú Sceideal; na taifid i gcolún (5) den taifead sa Cheathrú Sceideal; agus clásal (b) de mhír 2 (1) den Chúigiú Sceideal.

 

AN DARA SCEIDEAL

Ailt 7 (2) agus 10 (7).

CUID I

An Príomh-Bhord Iascaigh

1. Beidh an Príomh-Bhord Iascaigh ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó cearta i dtalamh nó in uisce nó thairis nó faoi a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin, nó is ionadaí de thuras na huaire i dtionól na gComhphobal Eorpach, beidh sé dícháilithe chun a cheaptha mar chomhalta den Phríomh-Bhord faoi Airteagal 5 den Chuid seo.

3. (1) Is iad a bheidh ar an bPríomh-Bhord líon nach lú ná ceathrar comhaltaí ná nach mó ná seisear comhaltaí arna gceapadh faoi Airteagal 5 den Chuid seo agus cibé daoine eile is comhaltaí den Phríomh-Bhord de bhua mhír (2) den Airteagal seo.

(2) Beidh duine a bheidh i seilbh oifig chathaoirleach boird réigiúnaigh ina chomhalta den Phríomh-Bhord.

(3) Nuair a scoirfidh duine de bheith i seilbh oifig chathaoirleach boird réigiúnaigh scoirfidh sé an tráth céanna de bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord.

4. (1) Déanfaidh an tAire ó am go ham, de réir mar is gá, comhalta den Phríomh-Bhord a cheapadh ina chathaoirleach ar an mbord sin.

(2) Faoi réir mhíreanna (4) agus (5) den Airteagal seo, beidh cathaoirleach an Phríomh-Bhoird i seilbh oifige go dtí go rachaidh a thréimhse oifige mar chomhalta den Phríomh-Bhord in éag.

(3) Íocfar le cathaoirleach an Phríomh-Bhoird cibé luach saothair (más ann) a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Féadfaidh cathaoirleach an Phríomh-Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a sheolfar chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura mbeidh sé tarraingthe siar roimhe sin i scríbhinn, i dtosach an chéad chruinnithe den Phríomh-Bhord a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a chur in iúl don Phríomh-Bhord.

(5) Féadfaidh an tAire aon tráth comhalta den Phríomh-Bhord a chur as oifig chathaoirleach an Phríomh-Bhoird más dealraitheach don Aire gur gá é a chur as oifig amhlaidh le gur éifeachtaí a chomhlíonfaidh an Phríomh-Bhord a fheidhmeanna.

(6) I gcás a scoirfidh cathaoirleach an Phríomh-Bhoird le linn a théarma oifige mar chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord, scoirfidh sé an tráth sin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an bPríomh-Bhord.

5. Is é an tAire a cheapfaidh gach comhalta den Phríomh-Bhord, seachas duine is comhalta amhlaidh de bhua Airteagal 3 (2) den Chuid seo, agus nuair a bheidh an tAire ag ceapadh comhalta den sórt sin socróidh sé téarma oifige an chomhalta sin is téarma nach faide ná cúig bliana agus, faoi réir an méid sin roimhe seo agus Airteagal 7 den Chuid seo, beidh an comhalta sin i seilbh a oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

6. Íocfaidh an Príomh-Bhord le comhalta den Phríomh-Bhord as airgead a bheidh faoina réir aige cibé caiteachais taistil agus liúntais chothabhála a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

7. Féadfaidh an tAire aon chomhalta den Phríomh-Bhord, seachas duine is comhalta den sórt sin de bhua Airteagal 3 (2) den Chuid seo, a chur as oifig ar é a bheith éirithe éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó a mhí-iompair é féin mar a bheidh sonraithe, nó ar dealraitheach don Aire gur gá é a chur as oifig le gur éifeachtaí a chomhlíonfaidh an Príomh-Bhord a fheidhmeanna.

8. Féadfaidh comhalta den Phríomh-Bhord, seachas duine is comhalta den sórt sin de bhua Airteagal 3 (2) den Chuid seo, éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a sheolfar chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, i dtosach an chéad chruinnithe den Phríomh-Bhord a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a chur in iúl don Phríomh-Bhord.

9. (1) I gcás a ndéanfar comhalta den Phríomh-Bhord a bheidh ceaptha ag an Aire faoi Airteagal 5 den Chuid seo a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach, nó i gcás a gceapfar é faoi alt 15 d'Acht 1977 chun folúntas sa Tionól sin a líonadh, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord ar é do ghlacadh lena ainmniú mar chomhalta den sórt sin nó ar é a ainmniú lena thoghadh amhlaidh, dé réir mar a bheidh.

(2) I gcás, maidir le duine a bheidh ceaptha ag an Aire chun bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord,—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe, nó

(b) nach ndéanfaidh sé aon ráta iascaigh is iníoctha aige i gcóir sheirbhís bliana airgeadais áitiúla a íoc roimh dheireadh na bliana sin, nó

(c) go gciontófar é i gcion faoi na hAchtanna Iascaigh nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi na hAchtanna sin, nó

(d) go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe le bheith ina chomhalta den Phríomh-Bhord faoi fhorálacha arna ndéanamh faoi Airteagal 19 den Chuid seo,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den sórt sin.

10. Cathaoirleach ar an bPríomh-Bhord nó comhalta den Phríomh-Bhord a bheidh ceaptha ag an Aire faoin gCuid seo agus a rachaidh a théarma oifige in éag ar dhóigh seachas de dhroim é a chur as oifig, beidh sé inathcheaptha.

11. I gcás a dtarlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Phríomh-Bhoird a bheidh ceaptha ag an Aire, féadfaidh an tAire, más cuí leis, cibé bearta is gá a dhéanamh chun an folúntas a líonadh; ach má tharlaíonn de thuras na huaire de thoradh an fholúntais sin gur lú ná ceathrar líon na gcomhaltaí sin den Phríomh-Bhord, líonfar an folúntas faoin Airteagal seo agus sin a luaithe is féidir.

12. Tionólfaidh an Príomh-Bhord ceithre chruinniú ar a laghad gach bliain a thosóidh tar éis an lae cheaptha.

13. Socróidh an tAire dáta, am agus ionad chéad-chruinniú an Phríomh-Bhoird.

14. Is é Cathaoirleach an Phríomh-Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar chruinniú den Phríomh-Bhord, ach mura mbeidh cathaoirleach an Phríomh-Bhoird i láthair ag cruinniú nó má bhíonn oifig an chathaoirligh sin folamh, ansin déanfaidh na comhaltaí den Phríomh-Bhord a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

15. Ceathrar is córam do chruinniú den Phríomh-Bhord.

16. Beidh vóta ag gach comhalta den Phríomh-Bhord ag cruinniú den bhord sin.

17. Is le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh a chinnfear gach ceist ag cruinniú den Phríomh-Bhord agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

18. Faoi réir córam a bheith i láthair, féadfaidh an Príomh-Bhord gníomhú d'ainneoin folúntas i measc a chomhaltaí.

19. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialóidh an Príomh-Bhord a nós imeachta agus a ghnó, agus gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, forálfaidh sé, le buan-orduithe nó ar mhodh eile, maidir le comhaltaí den Phríomh-Bhord arna gceapadh ag an Aire, má mhainníonn agus aon uair a mhainneoidh siad freastal ar líon sonraithe de chruinnithe comhleanúnacha den Phríomh-Bhord nó ar gach cheann de na cruinnithe sin a thionólfar le linn tréimhse sonraithe, go mbeidh siad dícháilithe chun leanúint de bheith ina gcomhaltaí den Phríomh-Bhord.

20. Féadfaidh an Príomh-Bhord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh nó trí aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an bPríomh-Bhord, ach ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a chuireann ar chumas aon duine aon doiciméad a fhorghníomhú faoi shéala thar ceann an Phríomh-Bhoird.

21. Soláthróidh an Príomh-Bhord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

22. Fíordheimhneofar séala an Phríomh-Bhoird le síniú chathaoirleach an Phríomh-Bhoird, nó le síniú comhalta éigin eile den Phríomh-Bhord a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Bhord gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Phríomh-Bhord a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Bhord gníomhú chuige sin.

23. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Phríomh-Bhoird, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Príomh-Bhord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir Airteagal 22 den Chuid seo) an Phríomh-Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.

24. (1) Féadfaidh an Príomh-Bhord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Príomh-Bhord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Phríomh-Bhoird.

25. Is i cibé áit a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire a bheidh ceanncheathrú an Phríomh-Bhoird.

CUID II

Boird Iascaigh Réigiúnacha

1. Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt agus cearta i dtalamh nó in uisce, nó thairis nó faoi, a fháil agus a fhorghníomhú.

2. I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach, nó i gcás a gceapfar é faoi alt 15 d'Acht 1977 chun folúntas sa Tionól a líonadh, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord ar é do ghlacadh lena ainmniú mar chomhalta den sórt sin nó ar é a ainmniú lena thoghadh amhlaidh, de réir mar a bheidh.

3. (a) Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig aon uair trí litir a sheolfar chuig Cathaoirleach an Bhoird agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é, i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a thionólfar tar éis don chathaoirleach sin an litir sin a fháil.

(b) Féadfar éirí-as faoin Airteagal seo a tharraingt siar trí litir a sheolfar chuig cathaoirleach an Bhoird agus a bheidh faighte aige roimh an gcéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis don chathaoirleach sin an t-éirí-as a fháil.

4. Comhalta den Bhord a rachaidh a théarma oifige in éag ar dhóigh seachas de dhroim é a chur as oifig, beidh sé intofa, inatofa, incheaptha nó inathcheaptha.

5. (1) Faoi réir mhír (3) den Airteagal seo, i gcás corrfholúntas tarlú, de bhua Airteagal 7 nó 11 den Chuid seo nó ar dhóigh eile, i measc comhaltaí tofa an Bhoird, féadfaidh an Bord duine a chomhthoghadh leis an bhfolúntas a líonadh.

(2) I gcás corrfholúntas den sórt sin tarlú i measc comhaltaí ceaptha an Bhoird, déanfaidh an tAire cibé bearta is gá leis an bhfolúntas a líonadh a luaithe is féidir.

(3) (a) I gcás corrfholúntas tarlú de bhua Airteagal 11 den Chuid seo i measc comhaltaí tofa an Bhoird, ní dhéanfaidh an Bord, i rith an méid a bheidh fágtha den tréimhse a mbeadh an comhalta is cionsiocair leis an bhfolúntas, dá leanfadh sé de bheith ina chomhalta, i seilbh oifige ar a feadh, an duine sin a chomhthoghadh chun an Bhoird.

(b) I gcás corrfholúntas tarlú i measc comhaltaí tofa an Bhoird agus gur ag vótaíocht toghlachta d'aicme áirithe a shonraítear i rialacháin faoi alt 12 den Acht seo a toghadh an comhalta is cionsiocair leis an bhfolúntas, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le líonadh an fholúntais:

(i) i gcás nach raibh ach iarrthóir amháin ann nár éirigh leis sa toghchán iomchuí, déanfaidh an Bord an duine arb é an t-iarrthóir sin é a chomhthoghadh faoi réir an duine sin d'aontú leis sin,

(ii) i gcás beirt iarrthóirí nó níos mó den sórt sin a bheith ann sa toghchán sin, déanfaidh an Bord an duine a fuair, mar iarrthóir den sórt sin, an líon ba mhó vótaí sa toghchán a chomhthoghadh faoi réir an duine sin d'aontú leis sin (agus i gcás comhionannas vótaí cinnfear an cheist trí chrannchur), agus

(iii) i gcás nach féidir ceanglais na bhforálacha sin roimhe seo den fhomhír seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Bord aon iarrthóir eile den sórt sin nó comhalta den toghlacht sin a chomhthoghadh faoi réir an duine sin d'aontú leis.

(4) Beidh duine a chomhthoghfar nó a cheapfar faoin Airteagal seo chun corrfholúntas a líonadh i seilbh oifige, faoi réir Airteagail 7 agus 11 den Chuid seo, ar feadh a mbeidh fágtha den tréimhse a mbeadh an duine is cionsiocair leis an bhfolúntas, dá leanfadh sé de bheith ina chomhalta, i seilbh oifige ar a feadh.

6. (1) I gcás ar deimhin leis an mBord go bhfuil an duine is cathaoirleach ar an mBord de thuras na huaire éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a dhualgais mar chomhalta den Phríomh-Bhord a chomhlíonadh go héifeachtach, féadfaidh an Bord, faoi réir fhorálacha an Airteagail seo, comhalta den Bhord a ainmniú le rún chun gníomhú in ionad an chathaoirligh sin mar chomhalta den Phríomh-Bhord.

(2) (a) Ní rithfear rún faoin Airteagal seo ach amháin sa chás nach lú an líon a vótálfaidh i bhfabhar an rúin ná an líon sin de chomhaltaí a bheidh i láthair ag an gcruinniú a bheidh socraithe de thuras na huaire chun críocha an Airteagail seo ag an Aire agus is cruinniú a mbeidh i láthair aige líon nach lú ná líon comhaltaí a bheidh socraithe amhlaidh de thuras na huaire.

(b) Féadfaidh an tAire chun críocha an Airteagail seo an líon comhaltaí a shocrú i ndáil le—

(i) boird réigiúnacha i gcoitinne,

(ii) boird réigiúnacha d'aicme nó de thuairisc áirithe,

(iii) bord réigiúnach áirithe.

(3) Sonróidh rún faoin Airteagal seo—

(i) an duine ar ritheadh an rún mar gheall ar a bhreoiteacht agus an duine a ainmníodh leis an rún, agus

(ii) an tréimhse (ar tréimhse í nach faide ná sé mhí dar tosach dáta an rúin a rith) a bhfanfaidh an rún i bhfeidhm ar a feadh.

(4) Fad a fhanfaidh rún faoin Airteagal seo i bhfeidhm beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(i) ní comhalta den Phríomh-Bhord an duine ar mar gheall ar a easláinte a ritheadh an rún,

(ii) is comhalta den Phríomh-Bhord an duine a ainmníodh leis an rún,

(iii) forléireofar Airteagal 3 (2) de Chuid I den Sceideal seo agus beidh éifeacht leis i ndáil leis an mBord ionann is dá gcuirfí tagairt don duine a ainmníodh leis an rún in ionad na tagartha atá san Airteagal sin do dhuine a shealbhaíonn oifig chathaoirleach boird réigiúnaigh.

7. I gcás, maidir le comhalta den Bhord,—

(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe. nó

(b) nach ndéanfaidh sé aon ráta iascaigh is iníoctha aige i gcóir sheirbhís bliana airgeadais áitiúla a íoc roimh dheireadh na bliana sin,

(c) go gciontófar é i gcion faoi na hAchtanna Iascaigh nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoi na hAchtanna sin, nó

(d) go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe le bheith ina chomhalta den Bhord faoi fhorálacha arna ndéanamh faoi Airteagal 17 den Chuid seo,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den sórt sin.

8. (1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Féadfaidh an tAire dáta, am agus ionad a shocrú do chéadchruinniú an Bhoird.

9. Féadfaidh aon triúr comhaltaí nó níos mó den Bhord cruinniú speisialta den Bhord a ghairm ar choinníoll—

(a) go ndéanfar fógra i dtaobh ionad, dáta agus uair an chruinnithe arna shíniú ag triúr nó níos mó de na comhaltaí sin a fhoilsiú deich lá ar a laghad roimh an dáta a bheidh socraithe don chruinniú in dhá nuachtán ar a laghad a léitear i réigiún iascaigh an Bhoird, nó

(b) go dtabharfar fógra deich lá ar a laghad agus é sínithe amhlaidh do gach comhalta den Bhord i dtaobh ionad, dáta agus uair an chruinnithe.

10. Íocfaidh an Bord le comhalta den Bhord as airgead a bheidh faoina réir aige cibé caiteachais taistil agus liúntais chothabhála a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

11. Féadfaidh an tAire aon chomhalta den Bhord a chur as oifig ar é a bheith éirithe éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó a mhí-iompair é féin mar a bheidh sonraithe, nó ar dealraitheach don Aire gur gá é a chur as oifig le gur éifeachtaí a chomhlíonfaidh an Bord a fheidhmeanna.

12. Is é is córam do chruinniú den Bhord cibé líon a bheidh, de thuras na huaire, sonraithe i scríbhinn ag an Aire.

13. Beidh vóta ag gach comhalta den Bhord ag cruinniú den Bhord.

14. (1) (a) Déanfaidh an Bord ó am go ham duine dá chomhaltaí a thoghadh le bheith ina chathaoirleach ar an mBord agus nuair a bheidh cathaoirleach á thoghadh aige socróidh sé a théarma oifige.

(b) Is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar chruinniú den Bhord, ach mura mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair ag cruinniú nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(c) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a sheolfar chun an Bhoird agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht, mura mbeidh sé tarraingthe siar roimhe sin, i dtosach an chéad chruinnithe den Bhord a thionólfar tar éis don Bhord an litir sin a fháil.

(d) Féadfar éirí-as faoin Airteagal seo a tharraingt siar trí litir a sheolfar chuig an mBord agus a bheidh faighte aige roimh an gcéad chruinniú den Bhord a thionólfar tar éis don Bhord an litir faoin éirí-as a fháil.

(2) Íocfar le cathaoirleach an Bhoird cibé luach saothair (más ann) a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

15. Faoi réir alt 17 (2) (b) den Acht seo agus Airteagal 6 (2) (a) den Chuid seo, is le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh a chinnfear gach ceist ag cruinniú den Bhord agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

16. Faoi réir córam a bheith i láthair, féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas a measc a chomhaltaí.

17. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialóidh an Bord a nós imeachta agus a ghnó.

18. Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh nó trí aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord, ach ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a chuireann ar chumas aon duine aon doiciméad a fhorghníomhú faoi shéala thar ceann an Bhoird.

19. Soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

20. Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird nó le síniú comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin, agus le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

21. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheidh séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir Airteagal 20 den Chuid seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

22. (1) Féadfaidh an Bord bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Bord bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha ag gabháil lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.

23. Is i cibé áit a bheidh sonraithe de thuras na huaire ag an Aire a bheidh ceanncheathrú an Bhoird.

CUID III

Léiriú (an Dara Sceideal)

Sa Sceideal seo ciallaíonn “na hAchtanna Iascaigh” na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile seachas an tAcht seo.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Maoin a Aistrítear chun an Phríomh-Bhoird le hAlt 9

Alt 9.

1. É sin agus iad sin uile an chuid sin de na tailte atá cuimsithe i bhfóilió 24832 den chlár a chothabháiltear faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , maidir le Contae Mhaigh Eo agus atá i nGleann Cuileann Íochtarach, i mBarúntacht Iorrais agus sa Chontae sin agus dá dtagraítear i ndintiúr dar dáta an 20ú lá d'Iúil, 1972, agus atá léirithe ar an léarscáil atá i gceangal leis an dintiúr sin, is dintiúr a rinneadh idir Kate MacManamon de pháirt agus Joseph Sweeney, Maurice Horan agus Eamonn Munnelly den pháirt eile.

2. É sin agus iad sin uile an talamh atá i Lána na Gorlainne, Inis Tíog i mBarúntacht Ghabhráin agus i gContae Chill Chainnigh agus dá dtagraítear i ndintiúr dar dáta an 8ú lá de Nollaig, 1978, agus a léasadh ar feadh téarma cúig bliana is tríocha leis an dintiúr sin, is dintiúr a rinneadh idir Peter Goodman agus Lawrence Justin Guyer de pháirt agus James Doherty, Matthew Collins agus Michael Haley den pháirt eile.

3. É sin agus iad sin uile an chuid sin de thailte Bearsforest Íochtarach agus Cheathrú Chaol atá i bParóiste Mhala, i mBarúntacht Mhainistir Fhear Maí agus i gContae Chorcaí agus arb í an chuid í atá léirithe ar léarscáil dar dáta an 30ú lá de Bhealtaine, 1979, atá séalaithe le séala oifigiúil an Aire agus atá ar taisce sa Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta.

4. É sin agus iad sin uile an chuid sin de thailte Ghoirtín atá i bparóiste Dhroim Tarbh, i mBarúntacht Dhútha Ealla agus i gContae Chorcaí agus arb í an chuid í a thuairiscítear i ndintiúr dar dáta an 22ú lá d'Fheabhra, 1977, agus a rinneadh idir Edward P. Maxwell de pháirt agus James Villiers Stuart, Stuart Geoffrey Martin agus Richard Willis den pháirt eile.

5. É sin agus iad sin uile an chuid sin de thailte Cheapa na Corcóige atá i mBarúntacht Rosa agus i gContae na Gaillimhe agus arb í an chuid í dá dtagraítear i ndintiúr dar dáta an 7ú lá de Dheireadh Fómhair, 1964, agus atá léirithe ar an léarscáil atá i gceangal leis an dintiúr sin, is dintiúr a rinneadh idir an tAire Tailte de pháirt agus Coimeádaithe Iascaigh Cheantar na Gaillimhe den pháirt eile.

6. É sin agus iad sin uile—

(a) an chuid sin de thailte Achadh an Iúir atá i mBarúntacht Chaisleán Rathain agus i gContae an Chabháin agus arb í an chuid í dá dtagraítear i ndintiúr dar dáta an 3ú lá de Shamhain, 1970, agus atá léirithe ar an léarscáil atá i gceangal leis an dintiúr sin, is dintiúr a rinneadh idir William George Elliott de pháirt agus Bord Coimeádaithe Dhroichead Átha den pháirt eile, agus

(b) an chuid sin de thailte sin Achadh an Iúir arb í an chuid í dá dtagraítear i ndintiúr dar dáta an 8ú lá de Mheitheamh, 1977, agus atá léirithe ar an léarscáil atá i gceangal leis an dintiúr sin, is dintiúr a rinneadh idir an William George Elliott sin de pháirt agus Noreen O'Keefe den pháirt eile.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Achtacháin a Leasú

Alt 11 (5).

CUID I

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1. Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) trí na mínithe nua seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “damba” in alt 3 (1):

“ciallaíonn an abairt ‘garbhiasc’ aon iasc fíoruisce nó a sceith nó a ngilidíní seachas bradáin, bric, bric dhea-dhathacha, ruabhric nó eascanna nó a sceith nó a ngilidíní;”;

“tá leis an abairt ‘ordú dícháiliúcháin iarmhartach’ an bhrí a shanntar di le fo-alt (2) (b) d'alt 90, arna leasú le halt 51 den Acht Iascaigh, 1980 ;”;

(b) trí “sa cheantar iascaigh atá sonraithe sa cheadúnas” a chur in ionad “i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é” sa mhíniú ar “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar)” agus sa mhíniú ar “gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)” in alt 3(1), agus tá an dá mhíniú sin arna leasú amhlaidh leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an Sceideal seo;

(c) trí “an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh” a chur in ionad “an bord coimeádaithe ar laistigh dá cheantar” in alt 54, agus tá an t-alt sin 54, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 2 den Tábla sin;

(d) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 55:

“(1) Déanfaidh gach bord réigiúnach maidir le gach bliain iascaigh agus tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig díreach roimh thosach na bliana iascaigh sin ráta a leagan ar gach iascach laistigh dá réigiún iascaigh (a thaispeántar sna liostaí luachála athbhreithnithe a cheanglaítear faoi na hAchtanna Luachála ar an gCoimisinéir Luachála a eisiúint um an lú lá de Dheireadh Fómhair díreach roimh an tosach sin agus nach bhfuil idirdhealaithe iontu ag an gCoimisinéir sin de bhun alt 2 den Valuation (Ireland), Act, 1854) de réir cibé méid faoin gcéad dá luachálacha is leor, i dteannta méid mheasta ioncaim eile, faoi chomhair chaiteachais mheasta an bhoird réigiúnaigh don bhliain iascaigh sin.”;

(e) trí “an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an t-iascach” a chur in ionad “bord coimeádaithe an cheantair iascaigh ina bhfuil an t-iascach” i bhfo-alt (1) d'alt 57, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 3 den Tábla sin;

(f) trí “bord réigiúnach a ghnóthú ar agra an bhoird” a chur in ionad “bord coimeádaithe a ghnóthú ar agra chléireach an bhoird choimeádaithe” i bhfo-alt (2) d'alt 59, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 4 den Tábla sin;

(g) trí “bord réigiúnach a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá réigiún iascaigh” a chur in ionad “bord coimeádaithe a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar” i bhfo-alt (1) agus trí “aon bhord réigiúnach a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá réigiún iascaigh” a chur in ionad “aon bhord coimeádaithe a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar” i bhfo-alt (2) d'alt 62, agus tá an t-alt sin 62, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 5 den Tábla sin;

(h) trí “i gceantar iascaigh áirithe laistigh de réigiún iascaigh an bhoird réigiúnaigh” a chur in ionad “i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe” i mír (e) agus i mír (g) d'alt 67 (3), agus tá na míreanna sin (e) agus (g), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i bhfomhír (1) agus i bhfomhír (2), faoi seach, de mhír 6 den Tábla sin;

(i) trí “bord réigiúnach” agus “an cheantair iascaigh lena mbaineann sé” a chur in ionad “bord coimeádaithe cheantair iascaigh” agus “an cheantair iascaigh sin”, faoi seach, i bhfo-alt (6) d'alt 67, agus tá an fo-alt sin (6), arna leasú leis an mír seo agus le halt 6 den Acht seo, leagtha amach i mír 7 den Tábla sin;

(j) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) d'alt 67:

“(7) Má iarrtar ceadúnas slaite bradán do cheantar iascaigh ar bhord réigiúnach, eiseofar an ceadúnas sin sa cheantar sin.”;

(k) trí “limistéar arb éard é díreach roimh dháta an Achta seo a rith an toghroinn ina raibh an áit” a chur in ionad “toghroinn” i bhfo-alt (8) d'alt 67, agus tá an fo-alt sin (8), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 8 den Tábla sin;

(l) trí “sa cheantar iascaigh ar ina leith a rinneadh an t-iarratas ar cheadúnas agus atá sonraithe sa cheadúnas agus ar ceantar iascaigh é i réigiún iascaigh an bhoird réigiúnaigh” a chur in ionad “i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe”, i bhfo-alt (11) d'alt 67, agus tá an fo-alt sin (11), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 9 den Tábla sin;

(m) trí “sa cheantar iascaigh a shonrófar sa cheadúnas” a chur in ionad “i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é” i bhfo-alt (16) d'alt 67, agus tá an fo-alt sin (16), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 10 den Tábla sin;

(n) trí “ag an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh” a chur in ionad “ag bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin” i bhfo-alt (1) d'alt 69 agus trí “ar an mbord sin” a chur in ionad “ar an mbord coimeádaithe sin” agus “an bord sin” a chur in ionad “an bord coimeádaithe sin” san fho-alt sin, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 11 den Tábla sin;

(o) trí “bord réigiúnach” a chur in ionad “bord coimeádaithe cheantair iascaigh” agus “i gceantar iascaigh” a chur in ionad “sa cheantar iascaigh sin”, sa chéad áit a bhfuil sé, i bhfo-alt (3) d'alt 69, agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 12 den Tábla sin;

(p) trí “bord réigiúnach” agus “i gceantar iascaigh” a chur in ionad “bord coimeádaithe cheantair iascaigh” agus “sa cheantar iascaigh sin”, faoi seach, i bhfo-alt (4) d'alt 69 agus trí “don bhord réigiúnach sin” a chur in ionad “don bhord coimeádaithe sin” agus “an bord réigiúnach sin” a chur in ionad “an bord coimeádaithe sin” gach áit a bhfuil sé san fho-alt sin, agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 13 den Tábla sin;

(q) trí “leis an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh” a chur in ionad “le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin” i bhfo-alt (5) d'alt 69, agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú leis an mír seo agus le halt 46 (1) den Acht seo agus arna mhodhnú le halt 50 (1) den Acht seo, leagtha amach i mír 14 den Tábla sin;

(r) trí “Féadfaidh bord réigiúnach” agus “a cheapfaidh bord réigiúnach” a chur in ionad “Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh” agus “a cheapfaidh bord coimeádaithe”, faoi seach, i bhfo-alt (1) d'alt 70, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 15 den Tábla sin;

(s) trí “ar an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh sin” agus “an bord réigiúnach sin” a chur in ionad “ar bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin” agus “an bord coimeádaithe sin”, faoi seach, in alt 72, agus tá an t-alt sin 72, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 16 den Tábla sin;

(t) trí “don bhord réigiúnach a bhfuil uiscí taoide speisialta laistigh dá réigiún iascaigh” a chur in ionad “don bhord coimeádaithe a bhfuil uiscí taoide speisialta laistigh dá cheantar” agus trí “don bhord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá na huiscí taoide sin” a chur in ionad “don bhord coimeádaithe ar laistigh dá cheantar atá na huiscí taoide sin” i bhfo-alt (1) d'alt 74, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 17 den Tábla sin;

(u) trí “an bhoird réigiúnaigh ar laistigh dá réigiún iascaigh atá” a chur in ionad “boird choimeádaithe an cheantair ina bhfuil” i mír (b) d'alt 75 (1) agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 18 den Tábla sin;

(v) trí “do bhord réigiúnach” agus “i réigiún iascaigh” a chur in ionad “do bhord coimeádaithe” agus “i gceantar iascaigh”, faoi seach, i bhfo-alt (1) d'alt 77, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 19 den Tábla sin;

(w) trí “bord réigiúnach” agus “i réigiún iascaigh” a chur in ionad “bord coimeádaithe” agus “i gceantar iascaigh”, faoi seach, i bhfo-alt (1) d'alt 79, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 20 den Tábla sin;

(x) trí “an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh sin” a chur in ionad “bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin” i mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 80, agus trí “bord” a chur in ionad “bord coimeádaithe” i mír (d) agus i mír (e) den fho-alt sin (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 21 den Tábla sin;

(y) trí “sa cheantar iascaigh a shonraítear ann, ar ceantar iascaigh é atá laistigh de réigiún iascaigh an bhoird réigiúnaigh” a chur in ionad “i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe” i bhfo-alt (3) d'alt 82, agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 22 den Tábla sin;

(z) trí “ar bhord réigiúnach” a chur in ionad “an bhord coimeádaithe cheantair iascaigh” i bhfo-alt (1) d'alt 83, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú leis an mír seo agus le halt 68 den Acht seo, leagtha amach i mír 23 den Tábla sin;

(aa) trí “ar bhord réigiúnach” a chur in ionad “ar bhord coimeádaithe” agus trí “dá réigiún iascaigh” a chur in ionad “dá cheantar iascaigh” i mír (a) d'fho-alt (2) agus i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 83, agus tá an mhír sin (a) den fho-alt sin (2) agus an mhír sin (a) den fho-alt sin (3) leagtha amach i bhfomhíreanna (a) agus (b), faoi seach, de mhír 24 den Tábla sin;

(bb) trí “bord réigiúnach” agus “ina réigiún iascaigh” a chur in ionad “an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh” agus “ina cheantar iascaigh”, faoi seach, i bhfo-alt (4) d'alt 115, agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 25 den Tábla sin;

(cc) trí “bord réigiúnach” agus “ina réigiún iascaigh” a chur in ionad “bord coimeádaithe cheantar iascaigh” agus “ina cheantar iascaigh”, faoi seach, i bhfo-alt (6) d'alt 118, agus tá an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 26 den Tábla sin;

(dd) trí “nó ag bord réigiúnach” a chur isteach i ndiaidh “ag an Aire” i mír (a) den mhíniú ar “cigire” in alt 154, agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 27 den Tábla sin;

(ee) trí “ar bhord réigiúnach”, “de réigiún iascaigh an bhoird sin” agus “an bord sin” a chur in ionad “ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh”, “den cheantar iascaigh sin” agus “an bord coimeádaithe sin, trína chléireach,”, faoi seach, i bhfo-alt (1) d'alt 159, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú leis an mír seo agus le halt 69 den Acht seo, leagtha amach i mír 28 den Tábla sin;

(ff) trí “ar an mbord réigiúnach”, “de réigiún iascaigh an bhoird sin” agus “an bord sin” a chur in ionad “ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh”, “den cheantar iascaigh sin” agus “an bord coimeádaithe sin, trína chléireach,”, faoi seach, i bhfo-alt (2) d'alt 159, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú leis an mír seo agus le halt 69 den Acht seo, leagtha amach i mír 29 den Tábla sin;

(gg) trí “chun an bhoird réigiúnaigh iomchuí” a chur in ionad “chun an bhoird choimeádaithe a d'eisigh an ceadúnas” sa dá áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1) d'alt 160, agus trí “an bord sin” a chur in ionad “an bord coimeádaithe sin” san fho-alt sin, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú leis an mír seo agus le halt 69 den Acht seo, leagtha amach i mír 30 den Tábla sin;

(hh) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach in alt 160 i ndiaidh fho-alt (5) (a cuireadh isteach le halt 69 (2) den Acht seo):

“(6) San alt seo agus sa chéad alt eile ina dhiaidh ciallaíonn ‘an bord réigiúnach iomchuí’, i ndáil le ceadúnas faoi Chuid X, an bord réigiúnach a d'eisigh an ceadúnas nó, i gcás ar bord coimeádaithe a d'eisigh an ceadúnas, an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh arbh é ceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe sin roimhe sin é.”;

(ii) trí “chuig an mbord réigiúnach iomchuí” a chur in ionad “chuig an mbord coimeádaithe a d'eisigh é” i mír (b) d'alt 161 (2), agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 31 den Tábla sin;

(jj) trí “an cheantair iascaigh lena mbaineann sé” a chur in ionad “an cheantair iascaigh sin” i bhfomhír (ii) d'alt 278 (5) (b), agus tá an fhomhír sin (ii), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 32 den Tábla sin;

(kk) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 292:

“292.—Sa Chuid seo—

ciallaíonn ‘duine údaraithe’, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon duine is—

(a) oifigeach don Aire nó duine eile arna cheapadh i scríbhinn ag an Aire le bheith ina dhuine údaraithe chun críocha na Coda seo,

(b) oifigeach don Phríomh-Bhord arna cheapadh i scríbhinn ag an mbord sin le bheith ina dhuine údaraithe chun na gcríocha a dúradh,

(c) oifigeach do bhord réigiúnach nó duine eile arna cheapadh i scríbhinn ag an mbord sin le bheith ina dhuine údaraithe chun na gcríocha a dúradh, nó

(d) maor uisce príobháideach;

ciallaíonn ‘maor uisce príobháideach’ maor uisce arna cheapadh faoi alt 294.”;

(ll) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 293:

“(2)  (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní bheidh na cumhachtaí a thugtar leis an gCuid seo do chomhalta de bhord réigiúnach nó d'oifigeach de bhord den sórt sin nó do dhuine eile arna cheapadh faoin gCuid seo ag bord den sórt sin le bheith ina dhuine údaraithe chun críocha na Coda seo infheidhmithe ach amháin chun na hiascaigh sa réigiún iascaigh is leis an mbord a rinne an ceapachán, nó ar comhalta de an duine, a chosaint, agus chun na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus aon ionstraim arna déanamh fúthu a chur i bhfeidhm sa réigiún sin.

(b) Féadfaidh dhá bhord réigiúnacha nó níos mó a chomhaontú go ndéanfaidh oifigeach nó duine eile arna cheapadh faoin gCuid seo ag aon bhord is páirtí sa chomhaontú le bheith ina dhuine údaraithe chun críocha na Coda seo na cumhachtaí a thugtar leis an gCuid seo don oifigeach nó don duine sin a fheidhmiú i ngach ceann de réigiúin iascaigh na mbord sin agus go bhfeidhmeoidh an t-oifigeach nó an duine sin i ngach ceann de na réigiúin sin na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, agus aon ionstraim fúthu, agus i gcás comhaontú faoin mír seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, forléireofar mír (a) den fho-alt seo agus beidh éifeacht léi faoi réir an chomhaontaithe.

(c) Doiciméad a airbheartaíonn gur ceapachán é faoin alt seo agus a bheith sínithe ag príomh-oifigeach boird réigiúnaigh beidh sé inghlactha mar fhianaise prima facie in aon imeachtaí dlí gan cruthúnas ar aon síniú air nó gurbh é an duine a mbeidh a shíniú air príomh-oifigeach an bhoird réigiúnaigh áirithe, agus i gcás an doiciméad sin do lua go ndearnadh comhaontú faoin bhfo-alt seo idir dhá bhord réigiúnacha nó níos mó a bheidh sonraithe sa doiciméad, ansin measfar, nó go suífear a mhalairt, an comhaontú sin a bheith déanta agus i bhfeidhm.”;

(mm) trí “duine údaraithe (seachas maor uisce príobháideach)” a chur in ionad “maor uisce coimeádaithe nó oifigeach eile do bhord coimeádaithe” i bhfo-alt (1) d'alt 295, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 33 den Tábla sin;

(nn)   (i) trí “aon chomhalta den Gharda Síochána nó” agus “nó fanacht ar bhruacha nó imill,” a chur isteach roimh “aon duine údaraithe” agus “aon lochanna”, faoi seach, i bhfo-alt (1) d'alt 296, agus

(ii) trí “bric, ruabhric nó a sceith nó a ngilidíní, eascanna nó garbhiasc” a chur in ionad “nó bric” san fho-alt sin (1),

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 34 den Tábla sin;

(oo) tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach in alt 296 i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine údaraithe dul isteach ar aon talamh le go mbeidh ar a chumas cumhacht a thugtar dó le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú in áit eile.”;

(pp) trí “d'aon chomhalta den Gharda Síochána ná” a chur isteach roimh “d'aon duine údaraithe” i bhfo-alt (2) d'alt 296, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 35 den Tábla sin;

(qq) trí “Aon chomhalta den Garda Síochána nó aon oifigeach a bheidh ceaptha ag an Aire nó ag bord réigiúnach” a chur in ionad “Aon oifigeach a bheidh ceaptha ag an Aire nó aon chigire nó maor uisce a bheidh ceaptha ag bord coimeádaithe” i bhfo-alt (1) d'alt 298, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 36 den Tábla sin;

(rr) trí “comhalta den Gharda Síochána, oifigeach don Aire nó oifigeach do bhord réigiúnach” a chur in ionad “oifigeach don Aire, maor uisce coimeádaithe nó cigire a bheidh ceaptha ag bord coimeádaithe” i bhfo-alt (2) d'alt 298, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú leis an mír seo agus arna mhodhnú le halt 50 (1) den Acht seo, leagtha amach i mír 37 den Tábla sin;

(ss) trí “aon chomhalta den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “aon duine údaraithe” i mír (a) d'alt 299 (2), agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 38 den Tábla sin;

(tt) trí “ag duine nach comhalta den Gharda Síochána” a chur isteach i ndiaidh “faoin alt seo” i mír (c) d'alt 299 (2), agus tá an mhír sin (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 39 den Tábla sin;

(uu) trí “aon chomhalta den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “aon duine údaraithe” in alt 300, agus tá an t-alt sin 300, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 40 den Tábla sin;

(vv) tríd an méid seo a leanas a chur in alt 301 (1) in ionad mhír (b):

“(b) aon duine, bíodh nó ná bíodh sé ina oifigeach do bhord réigiúnach, arna cheapadh i scríbhinn ag bord réigiúnach le bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo,”;

(ww) trí “cuardach a dhéanamh” a chur in ionad “istigh” i mír (b) d'alt 301 (2), agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 41 den Tábla sin;

(xx) trí “d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “d'aon duine údaraithe” i bhfo-alt (2) d'alt 303, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú leis an mír seo agus arna mhodhnú le halt 50 (1) den Acht seo, leagtha amach i mír 42 den Tábla sin;

(yy) trí “aon chomhalta den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “aon duine údaraithe” i bhfo-alt (2) d'alt 304, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 43 den Tábla sin;

(zz) trí “don chomhalta den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “don duine údaraithe” i bhfo-alt (3) d'alt 304, agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 44 den Tábla sin;

(aaa) trí “don chomhalta den Gharda Síochána nó” agus “an comhalta sin den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “don duine údaraithe” agus roimh “an duine údaraithe”, faoi seach, i bhfo-alt (4) d'alt 304, agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 45 den Tábla sin;

(bbb) trí “d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “d'aon duine údaraithe” i bhfo-alt (2) d'alt 305, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú leis an mír seo agus arna mhodhnú le halt 50 (1) den Acht seo, leagtha amach i mír 46 den Tábla sin;

(ccc) trí “an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh sin” a chur in ionad “bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin” i mír (b) d'alt 305 (3), agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 47 den Tábla sin;

(ddd) trí “d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “d'aon duine údaraithe” i bhfo-alt (2) d'alt 306, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú leis an mír seo agus arna mhodhnú le halt 50 (1) den Acht seo, leagtha amach i mír 48 den Tábla sin;

(eee) trí “ag comhalta den Gharda Síochána nó” a chur isteach roimh “ag duine údaraithe” in alt 307, agus tá an t-alt sin 307, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 49 den Tábla sin;

(fff) trí “leis an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh” a chur in ionad “le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh” i bhfomhír (i) d'alt 315 (2) (a), agus tá an fhomhír sin (i), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 50 den Tábla sin;

(ggg) trí “leis an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh” a chur in ionad “le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh” i bhfomhír (i) d'alt 318 (1) (b), agus tá an fhomhír sin (i), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 51 den Tábla sin;

(hhh) trí “leis an mbord réigiúnach” a chur in ionad “leis an mbord coimeádaithe” i bhfomhír (ii) d'alt 318 (1) (b), agus tá an fhomhír sin (ii), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 52 den Tábla sin;

(iii) trí “leis an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh” a chur in ionad “le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh” i bhfomhír (i) d'alt 319 (1) (c), agus tá an fhomhír sin (i), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 53 den Tábla sin; agus

(jjj) tríd an méid seo a leanas a chur i gCuid II den Cheathrú Sceideal, arna leasú le halt 31 d'Acht 1962:

14

Faidhclíonta le haghaidh eascanna

£10 ar scuaine ina mbeidh 20 líon nó níos lú agus, i gcás scuaine ina bhfuil níos mó ná fiche líon, 50 pingin nua ar gach líon de bhreis ar fiche.

2. (a) Forléireofar tagairtí do bhoird choimeádaithe sna forálacha den Phríomh-Acht a shonraítear i bhfomhír (b) den mhír seo agus beidh éifeacht leo ionann is dá mba thagairtí iad do bhoird réigiúnacha.

(b) Is iad na forálacha den Phríomh-Acht dá dtagraítear i bhfomhír (a) den mhír seo an míniú ar “ráta iascaigh” in alt 3 (1), ailt 40 (10), 45 (1), 49 (5), 49 (9), 55 (2), 55 (3), 55 (4), 56, 57 (2), 57 (3), 59 (1), 67 (1) (arna leasú le halt 11 (4) den Acht seo), 67 (2), 67 (8) (arna leasú amhlaidh), 67 (10), 70 (2), 70 (3), 77 (4), 79, míreanna (d) agus (e) d'alt 80 (1), ailt 84 (1), 159 (3) (arna leasú le halt 6 den Acht seo), 160 (2), 170 (2), 278 (arna leasú leis an alt sin 11 (4)), 291, 303 (1), 305 (1) agus 306 (1).

CUID II

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1962

3. Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1962 trí “don bhord réigiúnach ar ina réigiún iascaigh atá aon cheantar iascaigh” agus “trí cibé oifigigh dá chuid a ainmneoidh sé” a chur in ionad “do bhord coimeádaithe gach ceantair iascaigh” agus “trína chléireach nó trí cibé oifigeach eile a ainmneoidh an bord”, faoi seach, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 54 den Tábla a ghabhann leis an Sceideal seo.

4. Déanfar ailt 14 (2) agus 29 (2) d'Acht 1962 a fhorléiriú agus beidh éifeacht leo ionann is dá mba thagairtí do bhoird réigiúnacha na tagairtí atá iontu do bhoird choimeádaithe.

AN TÁBLA

1. ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse bliana agus atá ar fáil le húsáid sa cheantar iascaigh atá sonraithe sa cheadúnas agus sa cheantar iascaigh sin amháin.

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)” gnáth-cheadúnas slaite bradán atá bailí ar feadh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus atá ar fáil le húsáid sa cheantar iascaigh atá sonraithe sa cheadúnas agus sa cheantar iascaigh sin amháin.

2. 54.—Más rud é gur uiscí taoide speisialta atá i gcuid d'abhainn agus gur i dTuaisceart Éireann atá an chuid eile (ar cuid í ina sceitheann bradáin) den abhainn sin, féadfaidh an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá na huiscí taoide sin, le haontú an Aire, cibé comhshocraíochtaí nó comhaontuithe is fóirsteanach leis a dhéanamh chun a áirithiú go gcosnófar bradáin agus bric, agus a n-uibheacha agus a ngilidíní, sa chuid den abhainn sin atá i dTuaisceart Éireann agus chun críche na gcomhshocraíochtaí nó na gcomhaontaithe sin íocaíochtaí a dhéanamh as cistí an bhoird.

3. (1) I gcás ráta iascaigh ar iascach a leagan faoi alt 55 bliain iascaigh áirithe, féadfaidh an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an t-iascach cibé leasuithe a dhéanamh ar an ráta is gá chun go gceartófar ainmneacha áititheoirí, míthuairiscí agus earráidí cléireachais, áirimh agus eile ann, ach ní fhéadfaidh siad sin a dhéanamh tar éis deireadh na bliana iascaigh dá éis sin.

4. (2) Féadfar ráta iascaigh is iníoctha le bord réigiúnach a ghnóthú ar agra an bhoird mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

5.62.—(1) Gach bliain iascaigh, íocfaidh an tAire as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le gach bord réigiúnach a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá réigiún iascaigh i gcaitheamh na bliana sin nó coda di, méad is comhionann le cibé céatadán den tsuim ba luacháil inrátaithe iomlán ar na hiascaigh sna huiscí taoide sin, an 1ú lá d'Eanáir, 1933, a ceapadh chun críche an ráta ab intoibhithe in aghaidh na bliana sin ar na hiascaigh eile sa cheantar sin faoi alt 55.

(2) Más deimhin leis an Aire go dtarlóidh, aon bhliain iascaigh, nach leor na fáltais (lena n-áirítear an t-airgead is iníoctha an bhliain sin faoi fho-alt (1) den alt seo) a gheobhaidh aon bhord réigiúnach a mbeidh aon uiscí taoide speisialta laistigh dá réigiún iascaigh i gcaitheamh na bliana sin nó coda di, chun íoc as an gcaiteachas a bheidh ar an mbord sin an bhliain sin, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas nach mó ná an t-easnamh measta a íoc leis an mbord sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

6. (1) (e) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) (ceantar) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh bliana agus a bheidh ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh áirithe laistigh de réigiún iascaigh an bhoird réigiúnaigh a d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(2) (g) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh áirithe laistigh de réigiún iascaigh an bhoird réigiúnaigh a d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

7. (6) I gcás gach gnáth-cheadúnais iascaireachta a eiseoidh bord réigiúnach—

(a) is i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham a bheidh sé,

(b) luafar ann—

(i) an tréimhse ar ar a feadh a bheidh sé bailí agus i bhfeidhm,

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh lena mbaineann sé,

( (iii)—aisghairthe),

(iv) an cineál innill iascaireachta lena mbaineann sé.

8. (8) Má dhéantar iarratas chun bord réigiúnach ar cheadúnas d'inneall iascaireachta (arb éard é inneall seasmhach, bosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó súil, bearna nó cliabh chun eascanna a thógáil i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó orthu sin), eiseofar an ceadúnas sin sa limistéar arbh éard é díreach roimh dháta an Achta seo a rith an toghroinn ina raibh an áit ina bhfuil an t-inneall sin.

9. (11) Beidh gach ceann de na gnáth-cheadúnais iascaireachta seo a leanas ar fáil sa cheantar iascaigh ar ina leith a rinneadh an t-iarratas ar cheadúnas agus atá sonraithe sa cheadúnas agus ar ceantar iascaigh é i réigiún iascaigh an bhoird réigiúnaigh a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin—

(a) gnáth-cheadúnas iascaireachta (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán),

(b) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar),

(c) gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar).

10. (16) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (is gnáthcheadúnas slaite bradán (bliantuil) (ceantar) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) chun a údarú don duine a ainmneofar ann, agus dósan amháin, slat bhradán a úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus sa cheantar iascaigh a shonrófar sa cheadúnas, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

11. (1) Má bheartaíonn duine úsáid a bhaint in aon cheantar iascaigh as inneall (nach inneall sceidealta) chun bradán, bric nó eascanna a iascaireacht, agus nach bhfuil aon dleacht ghnáthcheadúnais socraithe ina leith faoin alt seo ag an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh, féadfaidh an duine sin a iarraidh de réir an ailt seo ar an mbord sin an dleacht ghnáthcheadúnais a shocrú i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid, agus ar an iarratas sin a fháil, féadfaidh an bord sin, le ceadú an Aire an dleacht cheadúnais sin a shocrú, ag tabhairt aird chomh fada agus is féidir é ar an gcumas gabhála a mheastar don inneall sin i gcomparáid le hinnill sceidealta.

12. (3) Ma dhéanann bord réigiúnach, faoi fho-alt (1) den alt seo, an dleacht ghnáth-cheadúnais a shocrú i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta chun inneall neamhsceidealta a úsáid i gceantar iascaigh, cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar i nuachtán éigin a léitear sa cheantar iascaigh sin fógra faoi shocrú na dleachta ceadúnais sin.

13. (4) I gcás ina ndéanfaidh bord réigiúnach, de bhun iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, an dleacht cheadúnais a shocrú i leith ceadúnas chun inneall neamhsceidealta a úsáid i gceantar iascaigh, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) féadfaidh an t-iarratasóir nó aon duine eile arb éagóir leis méad na dleachta ceadúnais a shocrófar amhlaidh, má thugann sé, laistigh de dheich lá tar éis fógra a fhoilsiú faoi shocrú na dleachta ceadúnais sin, do chláraitheoir contae an chontae nó na contae-bhuirge a bhfuil sé beartaithe an t-inneall sin a úsáid ann agus don bhord réigiúnach sin, fógra go bhfuiltear chun an t-achomharc sin a dhéanamh i gcoinne méad na dleachta sin,

(b) déanfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta don chuaird ina bhfuil an contae nó an chontae-bhuirg sin, an t-achomharc sin a éisteacht,

(c) féadfaidh an Breitheamh sin, tar éis dó an t-achomharcóir agus an bord réigiúnach sin a éisteacht, méid na dleachta sin a laghdú, a dhaingniú nó a mhéadú, de réir mar is cuí leis, agus is breith chríochnaitheach a bhreith.

(d) gabhfaidh an bhreith ar an achomharc sin siar go dtí an dáta ar ar shocraigh an bord réigiúnach sin an dleacht sin, agus dá réir sin—

(i) má laghdaítear méad na dleachta sin de thoradh an achomhairc sin, aisíocfaidh an bord réigiúnach sin an bhreis a íocadh.

(ii) má mhéadaítear méad na dleachta sin de thoradh an achomhairc sin, beidh an íocaíocht a rinneadh cheana ina urscaoileadh pro tanto.

14. (5) Má dhéanann aon duine (seachas an tAire) aon inneall neamhsceidealta a úsáid in aon cheantar iascaigh, gan fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a chomhlíonadh roimh ré agus gan an tsuim a thaisceadh leis an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh a éileoidh an bord sin i leith na dleachta ceadúnais a bheidh le socrú ina dhiaidh sin i leith an innill sin, ansin beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná £500 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise (nach mó san iomlán ná £600) nach mó ná £50 in aghaidh gach lae a leanfar den chion, a chur air,

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £2,000 agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a dhéanfar an cion, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

15. (1) Féadfaidh bord réigiúnach cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina ngníomhairí don bhord le gnáth-cheadúnais iascaireachta a eisiúint, agus beidh gach duine a cheapfaidh bord réigiúnach amhlaidh ina ghníomhaire údaraithe don bhord sin chun na críche sin.

16. 72.—Más rud é—

(a) tráth nach déanaí ná an chéad lá den séasúr oscailte le haghaidh iascaireachta le hinnill seachas slat agus ruaim in aon bhliain do cheantar iascaigh, go n-iarrfar ceadúnas chun bradáin a iascaireacht le líon tarraingthe nó le sruthlíon ar an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh sin, agus

(b) go dtairgfidh an t-iarratasóir i dteannta a iarratais leath na dleachta ceadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) eiseoidh an bord réigiúnach sin an ceadúnas sin chun an iarratasóra ach sin faoi réir an choinníll (a fhormhuineofar ar an gceadúnas sin) go n-íocfar iarmhéid na dleachta ceadúnais sin tráth nach déanaí ná an tríochadú lá tar éis an chéad lá den séasúr oscailte sin,

(ii) mura ndéantar de réir an choinníll sin scoirfidh an ceadúnas sin de bheith i bhfeidhm an tríochadú lá sin agus uaidh sin amach.

17. (1) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a údarú don bhord réigiúnach a bhfuil uiscí taoide speisialta laistigh dá réigiún iascaigh ceadúnais (dá ngairtear ceadúnais áitiúla speisialta san Acht seo) a eisiúint chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as aon chineál sonrach innill iascaireachta (ar inneall iascaireachta é de chineál a bhfuil gnáth-cheadúnais ineisithe ina leith) chun bradáin nó bric a thógáil, agus ní eiseofar aon cheadúnas áitiúil speisialta chun úsáid a bhaint in uiscí taoide speisialta as aon chineál innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil mura ndearnadh ordú faoin alt seo á údarú don bhord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá na huiscí taoide sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun inneall iascaireachta den chineál sin a úsáid sna huiscí taoide sin.

18. (b) Séalófar é le séala an bhoird réigiúnaigh ar laistigh dá réigiún iascaigh atá na huiscí taoide sin;

19. (1) Má údaraítear do bhord réigiúnach le hordú ón Aire faoin Acht seo ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint chun úsáid a bhaint, in uiscí taoide speisialta i réigiún iascaigh an bhoird, as aon chineál áirithe innill iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil, féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis é, na nithe seo a leanas a dhéanamh le hordú:—

(a) a dhearbhú gur tréimhsí eisiúna chun críocha an ordaithe sin cibé trí thréimhse gach bliain is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú sin;

(b) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith na céad tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin i dtrí thráthchuid chothroma, agus go n-íocfar gach tráthchuid díobh tráth nach déanaí ná an dáta a shonrófar san ordú sin chun a híoctha;

(c) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith an dara tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin i dhá thráthchuid chothroma, agus go n-íocfar gach tráthchuid díobh tráth nach déanaí ná an dáta a shonrófar san ordú sin chun a híoctha;

(d) a údarú don bhord sin ceadúnais áitiúla speisialta a eisiúint i rith an tríú tréimhse eisiúna aon bhliain chun úsáid a bhaint sna huiscí taoide sin as inneall iascaireachta den chineál sin chun bradáin nó bric a thógáil ar chion sonraithe den dleacht cheadúnais áitiúil speisialta is iomchuí a íoc, ach sin faoi réir an choinníll seo a leanas (a fhormhuineofar ar gach ceadúnas den sórt sin), go n-íocfar iarmhéid na dleachta sin tráth nach déanaí ná an dáta a bheidh sonraithe san ordú sin chun a íoctha.

20. (1) Féadfaidh bord réigiúnach ó am go ham, le hordú, a dhearbhú gur uiscí breac sceidealta chun críocha an Achta seo aon abhainn nó loch nó aon chuid d'abhainn nó de loch i réigiún iascaigh an bhoird sin.

21. (1) Ní dleathach do dhuine ar bith bric a iascaireacht le slat agus ruaim in aon uiscí breac sceidealta i gceantar iascaigh, mura rud é—

(a) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (ginearálta) atá i bhfeidhm de thuras na huaire, nó

(b) gur áititheoir an duine sin ar thalamh atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil sé i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-úinéir) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh sin agus atá bailí don chuid sin, nó

(c) gur ball an duine sin de theaghlach áititheoir talún atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear an duine sin ag iascaireacht agus go bhfuil an t-áititheoir sin i dteideal cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruachúinéir) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh sin agus atá bailí don chuid sin, nó

(d) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite breac (sóisear) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord sin, nó

(e) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas slaite bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord sin.

22. (3) Ní bheidh ceadúnas slaite breac (sóisear) bailí ach amháin sa cheantar iascaigh a shonraítear ann, ar ceantar iascaigh é atá laistigh de réigiún iascaigh an bhoird réigiúnaigh a d'eisigh é.

23. (1) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bhord réigiúnach nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (ginearálta) a eisiúint chuige, agus

(b) go dtairgfidh an duine sin méid na dleachta is iníoctha de thuras na huaire faoi alt 81 den Acht seo i leith an cheadúnais,

déanfaidh an bord sin nó an gníomhaire sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, ceadúnas slaite breac (ginearálta) a eisiúint chun an duine sin.

24. (a) (a) go n-iarrfaidh duine ar bhord réigiúnach a bhfuil aon uiscí breac sceidealta laistigh dá réigiún iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (bruach-úinéir) a eisiúint chuige, agus

(b) (a) go n-iarrfaidh duine ar bhord réigiúnach a bhfuil aon uiscí breac sceidealta ar leith laistigh dá réigiún iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord sin ceadúnas slaite breac (sóisear) a eisiúint chuige, agus

25. (4) Féadfaidh bord réigiúnach ó am go ham feidhm a bhaint as aon chuid is cuí leis dá chistí chun bealaí a dhéanamh i ndambaí nó thar dambaí in aon abhainn ina réigiún iascaigh faoi réir cheadú an Aire, faoi fho-alt (3) den alt seo, agus, ar an gceadú sin a fháil, féadfaidh an bord sin cibé suim airgid a chur chun creidiúna don Aire a bheidh an tAire tar éis a fhormheas agus a cheadú chuige sin agus air sin is dleathach don Aire a ordú agus a chur faoi deara de bhun chumhachtaí agus fhorálacha fho-alt (3) den alt seo cibé athruithe a dhéanamh in aon damba a bheidh curtha suas in aon abhainn bradán nó trasna aon abhann bradán chun gluaiseacht shaoráideach gan chosc a bheith ag iasc.

26. (6) Féadfaidh bord réigiúnach ó am go ham aon chuid is cuí leis dá chistí a úsáid chun bacainní aiceanta in aon abhainn ina réigiún iascaigh a chur as nó bealaí a dhéanamh sna bacainní sin nó tharstu, faoi réir cheadú an Aire, faoi na fo-ailt roimhe seo den alt seo, agus ar cheadú an Aire a fháil féadfaidh an bord sin cibé suim airgid a bheidh aontaithe agus ceadaithe ag an Aire chun na críche sin a chur chun creidiúna don Aire agus air sin is dleathach don Aire cibé oibreacha agus cibé athruithe a dhéanamh ar leaba aon abhann a áiritheoidh gluaiseacht shaoráideach gan bhac a bheith ag iasc, de bhun cumhachtaí agus forálacha na bhfo-alt roimhe sin den alt seo.

27. Ciallaíonn an focal “cigire” aon duine arb éard é—

(a) duine arna cheapadh ag an Aire nó ag bord réigiúnach le bheith ina chigire chun críocha na Coda seo, nó

(b) comhalta den Gharda Síochána, nó

(c) aon duine arna údarú ag an Aire faoi alt 22 den Acht Iascaigh, 1925 ( Uimh. 32 de 1925 ) nó alt 44 den Acht Iascaigh, 1939 ( Uimh. 17 de 1939 );

28. (1) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine dar deonaíodh deimhniú oiriúnachta, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an deimhniú sin a dheonú dó, ar bhord réigiúnach ceadúnas a eisiúint chuige á údarú dó díol bradán agus breac a bheith ar siúl aige mar ghnó in aon áit nó áiteanna a shonrófar laistigh de réigiún iascaigh an bhoird sin, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais sin—

(i) an deimhniú oiriúnachta sin, agus

(ii) suim cúig phunt is fiche,

ansin, féadfaidh an bord sin an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

29. (2) Más rud é—

(a) go n-iarrfaidh duine dar deonaíodh deimhniú oiriúnachta, laistigh d'ocht lá is fiche tar éis an deimhniú sin a dheonú dó, ar an mbord réigiúnach ceadúnas a eisiúint chuige á údarú dó onnmhairiú bradán agus breac lena ndíol a bheith ar siúl aige mar ghnó as aon áit nó áiteanna a shonrófar laistigh de réigiún iascaigh an bhoird sin, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais sin—

(i) an deimhniú oiriúnachta sin, agus

(ii) suim cúig phunt is fiche,

ansin, féadfaidh an bord sin an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

30. (1) Más rud é—

(a) (i) go ndéanfaidh sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X atá i bhfeidhm de thuras na huaire (de bhua na bun-eisiúna nó de bhun a athnuachana) iarratas, laistigh de cheithre lá dhéag roimh é a dhul in éag, chun an bhoird réigiúnaigh iomchuí á iarraidh an ceadúnas a athnuachan, nó

 (ii) go ndéanfaidh sealbhóir ar cheadúnas faoi Chuid X a bhí i bhfeidhm (de bhua na bun-eisiúna nó de bhun a athnuachana) an 31ú lá de Nollaig in aon bhliain iarratas, laistigh de mhí tar éis a éagtha, chun an bhoird réigiúnaigh iomchuí á iarraidh an ceadúnas a athnuachan, agus

(b) go gcuirfear i dteannta an iarratais suim cúig phunt is fiche,

ansin féadfaidh an bord sin an ceadúnas sin a athnuachan.

31. (b) Sula ndéanfaidh sé ceadúnas faoi Chuid X a chúlghairm faoi mhír (a) den fho-alt seo, cuirfidh an tAire leis an bpost cláraithe chuig sealbhóir an cheadúnais sin agus chuig an mbord réigiúnach iomchuí fógra ceithre lá dhéag faoina bheith ar intinn aige cúlghairm an cheadúnais a bhreithniú agus breithneoidh sé aon uiríolla a chuirfidh an sealbhóir nó an bord sin faoina bhráid roimh dhul in éag don fhógra.

32. (ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh lena mbaineann sé,

33. (1) Is barántas dóthaineach i leith é d'fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar do dhuine údaraithe leis an Acht seo duine údaraithe (seachas maor uisce príobháideach) do thabhairt a ionstraime ceap acháin ar aird, ach ní gá dó an ionstraim sin a thabhairt ar aird ag feidhmiú na gcumhachtaí sin dó mura gceanglófar air ar dtús í a thabhairt ar aird.

34. (1) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine údaraithe, chun críocha na n-iascach a chosaint, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) dul isteach ar nó trí bhruacha nó imill, nó ar feadh bruacha nó imeall, nó fanacht ar bhruacha nó imill, aon lochanna nó aibhneacha nó chraobh-aibhneacha den chéanna, a ghnáthaíonn bradáin, bric, ruabhric nó a sceith nó a ngilidíní, eascanna nó garbhiasc,

(b) dul isteach ar aon lochanna nó aibhneacha den sórt sin le báid nó ar mhodh eile,

(c) dul isteach agus scrúdú a dhéanamh ar gach cora, sliús, damba muilinn, traoth mhuilinn agus sruthchúrsa a bhfuil bealach idir iad agus na lochanna nó na haibhneacha sin,

(d) dul isteach in aon bhád atá i mbun, nó ar tí dul i mbun, iascaireachta,

(e) gach uile líon, a bheidh ina sheasamh nó ar snámh, nó aon líon ar bith eile, a scrúdú,

(f) aon inneall iascaireachta mídhleathach nó aon inneall iascaireachta dleathach a bheidh á úsáid go mídhleathach a urghabháil,

(g) gach uile ghníomh agus ní eile a dhéanamh a údaraítear dó a dhéanamh leis an Acht seo nó faoin Acht seo.

35. (2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn d'aon chomhalta den Gharda Síochána ná d'aon duine údaraithe dul isteach in aon ghairdín iata nó teach cónaithe nó i gcúirtealáiste tí chónaithe ach amháin i gcás ina dtéann an gnáth-bhóthar nó an gnáth-bhealach go dtí aon chora, damba, nó díog tríd an ngairdín nó an cúirtealáiste sin.

36. (1) Aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon oifigeach a bheidh ceaptha ag an Aire nó ag bord réigiúnach, féadfaidh sé, faoi réir aon treoracha agus rialachán a thabharfaidh nó a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le haon árthach a bheidh i mbun iascaireachta:—

(a) dul ar bord an árthaigh sin,

(b) deimhniú cláraitheachta agus innill iascaireachta an árthaigh sin a scrúdú, agus a fháil amach ar comhlíonadh forálacha an Achta seo agus ar mar a cheanglaítear leis an Acht seo a dhéanann an máistir agus na daoine eile ar bord iascaireacht,

(c) aon inneall iascaireachta mídhleathach nó aon inneall iascaireachta dleathach a úsáideadh go mídhleathach a urghabháil.

37. (2) Má dhiúltaíonn máistir aon árthaigh iascaireachta deimhniú cláraitheachta an árthaigh sin a thabhairt ar aird nuair a cheanglóidh comhalta den Gharda Síochána, oifigeach don Aire nó oifigeach do bhord réigiúnach air sin a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air.

38. (a) féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine údaraithe a cheangal ar an gciontóir na nithe seo a leanas a dhéanamh—

(i) scor den chion sin, agus

(ii) a ainm agus a sheoladh a insint,

39. (c) nuair a ghabhfar an ciontóir faoin alt seo ag duine nach comhalta den Gharda Síochána, seachadfaidh an duine údaraithe é láithreach i gcoimeád chomhalta den Gharda Síochána chun go ndéileálfar leis de réir an dlí.

40. 300.—Má fhaigheann aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine údaraithe—

(a) i rith an tséasúir choiscthe bhliantúil do bhradáin agus bric nó an trátha choiscthe sheachtainiúil—

(i) aon phasáiste in aon chora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta, inneall seasmhach, líon nó gléas a bheith dúnta nó bactha, nó

(ii) aon líon nó gléas de chineál ar bith eile a bheith suite nó á úsáid contrártha don Acht seo nó d'aon ionstraim arna déanamh faoi, nó

(b) aon tráth, aon bhacainn i saorbhearna chora iascaireachta nó i mbealach éisc, nó

(c) aon tráth, aon bhacainn sa scéith-gheata atá ag gabháil le haon mhuileann nó monarcha nuair a cheanglaítear le halt 122 an scéith-gheata sin a bheith oscailte,

féadfaidh sé na pasáistí sin a oscailt agus na bacainní sin a aistriú, gan damáiste neamhriachtanach a dhéanamh, agus gach ní a gheofar amhlaidh nó a úsáideadh contrártha d'fhorálacha an Achta seo, nó aon ionstraime arna déanamh faoi, a urghabháil agus a aistriú.

41. (b) dul isteach, agus saorchead a bheith aige cuardach a dhéanamh, gach tráth réasúnach—

(i) in aon áitreabh a ndéantar nó a gcreidtear go ndéantar iasc a dhíol, a choinneáil, a thaispeáint nó a stóráil chun a dhíolta ann, nó

(ii) in aon áitreabh a mbeidh nó a gcreidfear go bhfuil nimh nó pléascán á choinneáil ann le hiasc a dhíothú, nó

(iii) in áitreabh aon duine a bhíonn ag gabháil do ghnó iompair earraí ar luach saothair, nó

(iv) in aon aeradróm, piara, cé, caladh, lamairne, duga nó áitreabh duga, nó

(v) in aon long, bád, aerárthach, vaigín iarnróid, mótarleoraí, cairt nó árthach nó feithicil eile a úsáidtear chun earraí a iompar;

42. (2) Aon duine a bheidh ag úsáid aon innill sceidealta, nó a mbeidh aon inneall sceidealta curtha suas aige nó a bhfaighfear inneall sceidealta ina sheilbh, in aon áit iascaireachta nó ina chóngar, nó a bheidh ag dul ag iascaireacht nó ag filleadh ó iascaireacht, tabharfaidh sé an gnáth-cheadúnas i leith an innill sin ar aird d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó d'aon duine údaraithe nuair a éileofar é, agus, má mhainníonn sé sin a dhéanamh, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air.

43. (2) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon duine údaraithe a éileamh ar aon duine a bheidh ag iascaireacht in uiscí taoide speisialta nó a mbeidh aon inneall iascaireachta chun bradáin nó bric a thógáil ina sheilbh aige sna huiscí taoide speisialta sin nó ina gcóngar, a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird, agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin an ceadúnas sin a thabhairt ar aird san áit sin agus an tráth sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

44. (3) I gcás ina ndéanfaidh aon duine ar a n-éileofar go dleathach faoin alt seo a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird an ceadúnas sin a thabhairt ar aird ach go ndiúltóidh sé nó go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta den Gharda Síochána nó don duine údaraithe a dhéanfaidh an t-éileamh sin an ceadúnas sin a léamh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

45. (4) Aon uair a éileofar go dleathach faoin alt seo ar dhuine a cheadúnas áitiúil speisialta a thabhairt ar aird agus go ndiúltóidh sé nó go mainneoidh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird nó go dtabharfaidh sé an ceadúnas sin ar aird ach go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta den Gharda Síochána nó don duine údaraithe a rinne an t-éileamh an ceadúnas sin a léamh, féadfaidh an comhalta sin den Gharda Síochána nó an duine údaraithe sin a ainm agus a sheoladh a éileamh ar an duine sin, agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin a ainm nó a sheoladh a thabhairt nó má thugann sé ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

46. (2) Aon duine a bheidh ag úsáid slaite breac in aon uiscí sceidealta tabharfaidh sé a cheadúnas slaite breac ar aird d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó d'aon duine údaraithe nuair a éileofar é, nó, más sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán é an ceadúnas sláite bradán sin, agus má mhainníonn an duine sin é sin a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear—

(a) i gcás—

(i) inar áititheoir an duine sin ar thalamh atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil teideal aige chun cearta iascaireachta sa chuid sin, nó

(ii) gur comhalta an duine sin de theaghlach áititheoir na talún atá tadhlach leis an gcuid de na huiscí breac sceidealta sin ina bhfaighfear ag iascaireacht é agus go bhfuil teideal ag an áititheoir sin chun cearta iascaireachta sa chuid sin, nó

(iii) gur duine faoi bhun seacht mbliana déag d'aois an duine sin.

fíneáil nach mó ná £50 a chur air, nó

(b) in aon chás eile, fíneáil nach mó ná £50 a chur air.

47.  (b) go bhfuil teideal ag an áititheoir sin chun cearta iascaireachta sa chuid sin agus gur sealbhóir é ar cheadúnas slaite breac (bruach-úinéir) a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire agus a d'eisigh an bord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh sin agus é bailí don chuid sin.

48. (2) Aon duine a úsáidfidh inneall iascaireachta oisrí, nó a mbeidh inneall iascaireachta oisrí ina sheilbh aige, in iascach oisrí nó in aice le hiascach oisrí, nó a bheidh ag dul ag iascaireacht nó ag filleadh ó iascaireacht, déanfaidh sé má iarrtar sin air, an ceadúnas iascaireachta oisrí i leith an innill sin a thabhairt ar aird d'aon chomhalta den Gharda Síochána nó d'aon duine údaraithe, agus, mura ndéana, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná £200 a chur air.

49. 307.—Beidh gach bealach éisc ar dheis a iniúchta i gcónaí ag comhalta den Gharda Síochána nó ag duine údaraithe.

50.  (i) suim is comhionann le dhá thrian den fhíneáil, nó, má loghadh cuid den fhíneáil, leis an méid di nár loghadh, a íoc leis an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh ina ndearnadh an cion, agus

51.  (i) má fheictear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána a d'urghabh an ní sin nó gurb é faoi deara an duine a rinne an cion dá dtáinig an forghéilleadh sin a thabhairt faoi réim an cheartais, íocfar—

(I) leis an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh ina ndearnadh an cion suim is comhionann le dhá thrian de ghlan-fháltas an díola sin, agus

(II) isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána suim is comhionann le trian den ghlan-fháltas sin.

52.  (ii) in aon chás eile íocfar leis an mbord réigiúnach sin suim is comhionann leis an nglan-fháltas sin.

53.  (i) i gcás ina bhfeicfear don Aire go ndearna comhalta den Gharda Síochána an t-iasc sin a choinneáil faoi alt 301, íocfar—

(I) leis an mbord réigiúnach ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an ceantar iascaigh ina ndearnadh an cion suim is comhionann le dhá thrian den ghlan-fháltas sin, agus

(II) le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána suim is comhionann le trian den ghlan-fháltas sin.

54. (1) Aon duine a dhéanfaidh iarratas chun Breithimh Dúiche faoi alt 158 (a dhéanann foráil i dtaobh Breitheamh Dúiche do dheonú deimhniú oiriúnachta chun ceadúnas faoi Chuid X a shealbhú) den Phríomh-Acht ar dheimhniú faoin alt sin maidir le ceadúnas mangaire bradán nó ceadúnas onnmhaireora bradán tabharfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag roimh dháta an iarratais a éisteacht, fógra i scríbhinn i dtaobh an iarratais don bhord réigiúnach ar ina réigiún iascaigh atá aon cheantar iascaigh ina ndéanann sé nó ina mbeartaíonn sé díol bradán agus breac nó onnmhairiú bradán agus breac (cibé acu é) a sheoladh mar ghnó agus beidh teideal ag gach bord den sórt sin, trí cibé oifigigh dá chuid a ainmneoidh sé chuige sin, láithriú sa Chúirt agus éisteacht a fháil ar an iarratas a bheith á éisteacht.

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Na Forálacha dá dTagraítear in Ailt 37, 38 agus 39

Ailt 37 , 38 agus 39.

1. I gcás a ndéanfar iarratas lena mbaineann an Sceideal seo, déanfaidh an t-iarratasóir:

(a) cóip den iarratas agus d'aon phlean a bhí ag gabháil leis a thaisceadh agus a choimeád ar taisce, san áit nó i ngach ceann de na háiteanna a bheidh ceaptha ag an Aire, ar feadh cibé tréimhse (is tréimhse nach lú ná trí sheachtain) a ordóidh an tAire,

(b) fógra a fhoilsiú i cibé nuachtáin a ordóidh an tAire á rá go ndearnadh an t-iarratas agus a inseoidh an áit nó na háiteanna ina bhféadfar an t-iarratas agus aon phlean a bhí ag gabháil leis a iniúchadh de bhun Airteagal 3 den Sceideal seo i rith tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (arb í an tréimhse í a bheidh ordaithe amhlaidh) agus a inseoidh freisin go bhféadfar fógra i dtaobh uiríolla nó agóidí maidir leis an údarás nó leis an ordú fála atá beartaithe, cibé acu é, a thabhairt i scríbhinn don Aire i rith na tréimhse sin (agus údaraítear leis seo na fógraí sin a thabhairt amhlaidh).

(c) tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh dheireadh na tréimhse a bheidh ordaithe amhlaidh, fógra i scríbhinn ina mbeidh na sonraí a luaitear in Airteagal 2 den Sceideal seo agus a chomhlíonann ceanglais an Airteagail sin a sheirbheáil ar an úinéir, agus mura mbeidh an t-úinéir á áitiú, ar cibé duine nó daoine díobh seo a leanas is iomchuí sna himthosca, eadhon:

(i) úinéir an iascaigh, an áitribh nó na talún eile a bheartaítear a fháil más féidir an t-úinéir sin a fhionnadh amhlaidh, agus, mura mbeidh an t-úinéir sin á áitiú, áititheoir an iascaigh, an áitribh nó na talún eile sin,

(ii) úinéir na talún arb é an fothionóntán beartaithe é más féidir an t-úinéir sin a fhionnadh le fiosrú réasúnach agus, mura mbeidh an t-úinéir sin á áitiú, áititheoir na talún sin.

(iii) an duine ag a bhfuil teideal aon cheart a bheartaítear a fháil a theachtadh, más féidir an duine sin a fhionnadh amhlaidh,

(d) i gcás ar iarratas faoi alt 39 den Acht seo an t-iarratas, fógra i scríbhinn á rá go ndearnadh an t-iarratas a sheirbheáil, tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse a bheidh ordaithe amhlaidh—

(i) ar an gCoimisiún agus na Coimisinéirí, agus

(ii) ar aon údarás pleanála ar laistigh dá limistéar feidhme atá an fothionóntán (nó aon chuid den fhothionóntán) lena mbaineann an t-iarratas.

2. Taispeánfaidh fógra dá dtagraítear in Airteagal 1 den Sceideal seo cá bhfuil an fothionóntán nó an talamh eile lena mbainfeadh an t-iarratas, dá ndeonófaí é, agus lena bhfuil baint ag an duine a bhfuil an fógra á sheirbheáil air.

3. I gcás iarratas lena mbaineann an Sceideal seo a dhéanamh, féadfaidh aon duine i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra a fhoilseofar de bhun Airteagal 1 den Sceideal seo aon iarratas agus aon doiciméad a taisceadh ina theannta a iniúchadh aon tráth réasúnach in áit a bheidh sonraithe san fhógra.

4. Ní foras chun agóide in aghaidh ordú fála a dhéanamh díospóid nó easaontas a bheith ann i dtaobh méid an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo.

5. Beidh na daoine seo a leanas i dteideal éisteacht a fháil (i bpearsa nó trí abhcóide nó aturnae) nuair a bheidh iarratas lena mbaineann an Sceideal seo á éisteacht ag an Aire nó ar achomharc, eadhon:

(a) an t-iarratasóir,

(b) úinéir an iascaigh nó na talún a bheartaítear a fháil nó, más iomchuí, úinéir an fhothionóntáin bheartaithe,

(c) aon duine ag a bhfuil teideal aon cheart a bheartaítear a fháil a theachtadh,

(d) aon duine a mbeidh fógra tugtha aige go cuí i ndáil leis an iarratas de bhun Airteagal 1 (b) den Sceideal seo,

(e) i gcás ar iarratas faoi alt 39 den Acht seo an t-iarratas—

(i) an Coimisiún agus na Coimisinéirí, agus

(ii) an t-údarás pleanála ar a ndearnadh fógra i ndáil leis an iarratas a sheirbheáil de bhun Airteagal 1 (d) den Sceideal seo.

6. I gcás a ndéanfar iarratas ar ordú faoi alt 37 nó 39 den Acht seo beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) féadfaidh an tAire, chun go bhféadfar úinéireacht fothionóntáin bheartaithe a fhionnadh, a ordú don iarratasóir fógra i scríbhinn a thabhairt d'aon duine arb é áititheoir na talún é nó a fhaigheann, go díreach nó go neamhdhíreach, cíos i leith na talún, á cheangal air a chur in iúl i scríbhinn cén cineál leasa atá aige féin ann agus cad é ainm agus seoladh aon duine eile ar feasach dó leas a bheith aige ann, mar úinéir i bhfeo simplí, mar mhorgáistí, mar léasaí nó ar dhóigh eile,

(b) más deimhin leis an Aire nó leis an Eadránaí, cibé acu é, nach féidir, tar éis dianfhiosrú a dhéanamh, úinéir an iascaigh a bheartaítear a fháil nó, i gcás ar iarratas é ar ordú faoin alt sin 39 nó ar ordú faoin alt sin 37 á fhoráil go bhfaighfear cead slí, ceart rochtana nó ceart eile thar thalamh nó i dtalamh nó faoi thalamh, úinéir an fhothionóntáin bheartaithe, a fháil nó a fhionnadh, féadfar an t-iarratas nó achomharc faoin alt sin 37 nó 39 a éisteacht agus a chinneadh d'ainneoin nach féidir an t-úinéir sin a fháil nó a fhionnadh.

7. Maidir le gach ordú fála—

(a) i gcás ar ordú faoi alt 39 den Acht seo an t-ordú nó ar ordú é faoi alt 37 den Acht seo á fhoráil go bhfaighfear ceart rochtana—

(i) beidh léarscáil i gceangal leis a thaispeánfaidh conair an chirt slí nó an chirt rochtana a bunaíodh nó a fuarthas leis an ordú sin agus a mhéid,

(ii) faoi réir cibé sriantachtaí agus forálacha (más ann) a shonrófar ann, oibreoidh sé chun go ndeonófar don iarratasóir an ceart slí nó an ceart rochtana saor ó gach éileamh agus ó gach ceart eile de chuid aon duine eile,

(iii) i gcás ar faoi alt 39 den Acht seo a dhéanfar an t-ordú, beidh sé sainráite ann agus oibreoidh sé chun go dtabharfar, de réir mar a fhoráiltear leis an ordú, ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon, eadhon:

(A) do chomhaltaí, oifigigh, seirbhísigh, gníomhairí agus ceadúnaithe an Phríomh-Bhoird nó an bhoird réigiúnaigh ar laistigh dá réigiún iascaigh atá an fothionóntán iomchuí go hiomlán nó go páirteach, chun go bhféadfar suirbhéanna a dhéanamh nó oibreacha feabhsúcháin nó oibreacha eile i ndáil le hiascach a chur i gcrích, ceart gabhála agus athghabhála gach tráth réasúnach i dteannta nó d'éagmais feithiclí (luchtaithe nó neamhluchtaithe) nó innealra nó trealamh eile nó ainmhithe feadh na conaire sin thar an talamh a bhfuil an ceart slí sin infheidhmithe thairsti,

(B) d'aon duine ceart gabhála agus athghabhála chun go mbeadh rochtain aige chun uiscí iascaireachta agus iascaireacht a dhéanamh go dleathach iontu (ó bhruacha na n-uiscí sin nó ar dhóigh eile), mar aon le ceart chun úsáid réasúnach a bhaint, le haghaidh iascaireachta, as aon bhruach nó as aon chuid eile den fhothionóntán is cuid d'iascach nó atá díreach lena ais,

(b) i gcás ar ordú faoi alt 37 den Acht seo an t-ordú—

(i) beidh sé sainráite ann agus oibreoidh sé chun go n-aistreofar chuig an bPríomh-Bhord, ar an agus ón dáta a bheidh sonraithe ann chuige sin, an t-eastát, an ceart, an teideal agus an leas uile san iascach iomchuí a bhí ag an duine óna bhfuarthas é, saor ó eirí agus ó gach uile eastát agus leas ann (seachas cibé ceart duánachta, más ann, a fhorchoimeádfar leis an ordú) mar aon le cibé ceann díobh seo a leanas (más ann) a shonróidh an t-ordú, eadhon, aon eastát nó leas eile i dtalamh nó aon eastát nó leas in aon chead slí, ceart rochtana nó éasúint eile nó ceart eile thar thalamh nó uisce, nó ann nó faoi, agus i gcás a sonróidh an t-ordú é, oibreoidh sé chun grinneall agus ithir na n-uiscí arb iad an t-iascach iad a aistriú i bhfeo simplí saor ó eirí agus ó gach uile eastát agus leas den sórt sin ann,

(ii) tabharfaidh sé tuairisc ar an iascach a fuarthas leis an ordú, sonróidh sé na bealaí rochtana chuige a fuarthas amhlaidh (má fuarthas) agus beidh léarscáil i gceangal leis a thaispeánfaidh achar agus suíomh an iascaigh sin agus aon bhealach rochtana den sórt sin,

(iii) beidh sé inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar chineál agus ar achar an iascaigh iomchuí mar a bheidh luaite ann.

8. (1) I gcás a ndéanfaidh an tAire cinneadh faoi alt 37 den Acht seo nó a ndéanfar ordú faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo, tiocfaidh an cinneadh nó an t-ordú i bhfeidhm—

(a) i gcás nach ndéanfar aon achomharc ina leith faoin Acht seo, nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh,

(b) i gcás a ndéanfar achomharc den sórt sin agus go dtarraingeofar siar an t-achomharc, nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse a luaitear i bhfomhír (a) den mhír seo nó ar an lá díreach tar éis an lae ar a dtarraingeofar siar an t-achomharc, cibé acu is deireanaí.

(2) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú lena mbaineann an Sceideal seo agus go ndéanfaidh an tEadránaí é a dhaingniú nó a athrú de dhroim achomhairc faoin Acht seo, nó i gcás a ndéanfaidh an tEadránaí diúltú ón Aire a dheimhniú amhlaidh nó a ndéanfaidh sé aon chinneadh eile de dhroim achomhairc faoin Acht seo, ansin, mura n-ordóidh an tEadránaí a mhalairt, tiocfaidh an cinneadh ar an achomharc i bhfeidhm an lá díreach tar éis an lae ar a ndéanfar an cinneadh, agus, i gcás a dtabharfaidh an tEadránaí ordachán faoin bhfomhír seo, tiocfaidh an cinneadh lena mbaineann an t-ordachán i bhfeidhm an lá a shonrófar san ordachán sin.

9. Féadfaidh ordú lena mbaineann an Sceideal seo forálacha a bheith ann á údarú don duine ar ina fhabhar a rinneadh é, tráth ar bith sula gcinnfear an cúiteamh is iníoctha faoin Acht seo maidir leis an iascach nó leis an talamh eile nó le ceart thar thalamh nó uisce, nó ann nó faoi, a bheidh á fháil faoin ordú, dul isteach ar an talamh sin agus seilbh a ghlacadh air agus é a úsáid nó an ceart sin a fheidhmiú i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a bheidh tugtha leis an ordú, agus, i gcás forálacha den sórt sin a bheith san ordú, beidh forálacha ann freisin—

(a) á cheangal ar an duine sin, i gcás an duine do dhul isteach agus do ghlacadh seilbh amhlaidh ar an talamh nó d'fheidhmiú an chirt sin amhlaidh, ús a íoc ar mhéid an chúitimh is iníoctha amhlaidh de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham, ón dáta ar ar feidhmíodh an ceart sin go dtí go n-íocfar é,

(b) á cheangal ar an duine ar ina fhabhar a rinneadh an t-ordú, i gcás an duine do dhul isteach agus do ghlacadh seilbh amhlaidh ar an talamh nó d'fheidhmiú aon chirt amhlaidh thar thalamh nó uisce, nó ann nó faoi, fógra i scríbhinn a thabhairt mí ar a laghad roimh ré d'áititheoir na talún á rá go bhfuil ar intinn aige an ceart sin a fheidhmiú amhlaidh,

(c) á údarú don duine sin an fógra a dúradh a sheirbheáil ar dhuine trína chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine ag a ghnáthsheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige agus á mheas go ndearnadh an fógra a sheirbheáil ar an duine an tráth a sheachadfaí an clúdach i ngnáthchúrsa an phoist agus, i gcás nach féidir seoladh an duine a fhionnadh le fiosrú réasúnach, á údarú don duine ar ina fhabhar a rinneadh an t-ordú an fógra a sheirbheáil trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an talamh lena mbaineann sé nó ina aice agus á údarú an clúdach a dhíriú chuig an duine dá bhfuil sé ceaptha, i gcás nach féidir a ainm a fhionnadh le fiosrú réasúnach, trína dhíriú go dtí “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (de réir mar is gá sa chás) gan é a ainmniú.

10. I gcás a ndéanfar ordú faoi alt 37 nó 38 den Acht seo, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) oibreoidh ordú, ar a thosach feidhme agus uaidh sin amach, chun na heastáit, na hiontaobhais agus na heirí go léir a bheidh ar marthain i leith leas an duine san iascach nó i dtalamh nó in uisce eile díreach roimh dháta an ordaithe a aistriú chun an méid iomchuí a íocfar faoin Acht seo le duine mar chúiteamh agus a chur in astú sa mhéid sin, agus

(b) beidh an méid sin, ó thaobh aon chearta nó éilimh a bheidh ar marthain díreach roimh dháta an ordaithe, i leith an leasa sin nó ina choinne, in ionannas an leasa sin chun gach críche.

11. (1) Aon uair a thabharfaidh an tAire údarás faoi alt 37 (1) den Acht seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis an t-údarás a thabhairt, cóip den údarás a sheirbheáil ar úinéir an iascaigh lena mbaineann an t-údarás, agus ar aon duine (seachas an t-úinéir sin) a thug fógra go cuí i ndáil leis an údarás de bhun Airteagal 1 (b) den Sceideal seo i dtaobh an údaráis.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir tar éis an t-ordú a dhéanamh, fógra á rá go ndearnadh an t-ordú sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus inseoidh an fógra sin cad é an tréimhse ina bhféadfar achomharc a dhéanamh faoin alt sin 37, 38 nó 39, agus déanfaidh sé cóip den ordú a sheirbheáil, a luaithe is féidir, ar úinéir an iascaigh lena mbaineann an t-ordú.

12. (1) I gcás a ndéanfar iascach nó aon talamh a aistriú chun an Phríomh-Bhoird de bhua ordú faoin Acht seo, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , ar chóip den ordú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird, an Príomh-Bhord a chlárú sa chlár cuí a bheidh á chothabháil faoin Acht sin mar úinéir (de réir bhrí an Achta sin) an iascaigh nó na talún eile agus cuirfidh an t-údarás faoi deara ina theannta sin cibé athruithe eile (más ann) a dhéanamh sa chlár sin is iomchuí ag féachaint do théarmaí an ordaithe.

(2) Má tá talamh ar bunaíodh ceart slí thairsti le hordú faoi alt 39 den Acht seo cláraithe, nó má mheastar é a bheith cláraithe, faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964 , déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar chóip den ordú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird, an ceart slí sin a chlárú mar ualach a théann i gcion ar an talamh sin.

(3) Ní bheidh aon táille iníoctha i leith aon imeachtaí i gClárlann na Talún faoin Airteagal seo.

13. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht ná d'éifeacht ordú lena mbaineann an Sceideal seo aon fhoráil dá bhfuil sa Sceideal seo a fhágáil gan chomhlíonadh, is foráil a bhaineann le cóip den ordú sin a sheirbheáil ar dhuine áirithe nó le fógra á rá go ndearnadh an t-ordú sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

14. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “an Coimisiún” Coimisún Talún na hÉireann;

ciallaíonn “ordú fála” ordú arna dhéanamh ag an Aire faoi alt 37, 38 nó 39 den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

1919, c. 57

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht Airgid, 1925

1925, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais, 1940

1940, Uimh. 14

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1976

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1978

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959

1959, Uimh. 14

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1962

1962, Uimh. 31

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1978

1978, Uimh. 18

An tAcht Imeall Trágha, 1933

1933, Uimh. 12

Na hAchtanna Foraoiseachta, 1919 agus 1928

Na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976

Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952

1952, Uimh. 5

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

1845, c. 18

Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926

1926, Uimh. 39

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976

An tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959

1959, Uimh. 22

An tAcht Loingis Thráchtála, 1955

1955, Uimh. 29

Merchant Shipping Act, 1894

1894, c. 60

An tAcht um Chlárú Teidil, 1964

1964, Uimh. 16

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976

1976, Uimh. 22

Valuation (Ireland) Act, 1854

1854, c. 8