35 1981


Uimhir 35 de 1981


AN tACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA) (BUANÚ), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT D'FHADÚ NA TRÉIMHSE A mBEIDH ÉIFEACHT AR A FEADH LEIS AN ACHT SRIANTA CÍOSA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1981 . [23 Nollaig, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Ré an Achta Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981 .

1. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 2 den Acht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981 :

“2. Beidh éifeacht leis an Acht seo go dtí an 25ú lá d'Aibreán, 1982, agus rachaidh sé in éag ansin.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha) (Buanú), 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua, na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 go 1981, an tAcht seo.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981

1981, Uimh. 26