36 1981


Uimhir 36 de 1981


AN tACHT LEITHREASA, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN 31ú LÁ DE NOLLAIG, 1979, AGUS DO LEITHREASÚ SUIM-EANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965, AGUS A DHEON-AÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCHA CUÍ. [23 Nollaig, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

DEONTAS AS AN bPRÍOMH-CHISTE

£10 a eisiúint as an bPríomh-Chiste le haghaidh na bliana 1979.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim deich bpunt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1979.

DEONTAIS A LEITHREASÚ

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £4,366,583,040, a leithreasú.

2. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , agus a dheonaítear leis an Acht seo chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim ceithre mhíle trí chéad seasca is sé mhilliún, cúig chéad ochtó is trí mhíle, is daichead punt agus atá comhdhéanta den tsuim deich bpunt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1979, agus suim ceithre mhíle, trí chéad seasca is sé mhilliún, cúig chéad ochtó is trí mhíle, is tríocha punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1981, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim ceithre chéad ochtó is naoi milliún, sé chéad ochtó is cúig mhíle, dhá chéad nócha is ocht bpunt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1981 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Cuid I

Barrachas don bhliain 1979

Suimeanna nach mó ná

Deontas Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

£

£

Suim a deonaíodh chun barrachas ar an deontas le haghaidh Armphinsean don bhliain dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1979, a shlánú     ...     ...

10

35,561

Cuid II

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair ina dteannta sin, chun íoctha muirear na Seirbhísí Poiblí uile agus ar leithligh a luaitear anseo go sonrach agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1981.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gCabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

£

£

1

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig Rúnaí an Uachtaráin, agus le haghaidh costais áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin

114,000

--

2

Le haghaidh tuarastail agus costais Tithe an Oireachtais, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe agus le haghaidh costais áirithe i ndáil le Tionól na hEorpa     ...     ...     ...     ...

6,661,000

11,400

3

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn an Taoisigh agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...     ...     ...     ...     ...

6,163,000

88,300

4

Le haghaidh tuarastail agus costais na Príomh-Oifige Staidrimh     ...     ...     ...     ...

8,039,000

277,000

5

Le haghaidh deontais (deontas-i-gcabhair) don Chomhairle Ealaíon     ...     ...     ...

3,750,000

--

6

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...     ...     ...

13,501,000

65,000

7

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste     ...     ...

745,000

139,500

8

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin     ...

57,049,000

5,999,640

9

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh costais intíre áirithe; le haghaidh caiteachas i leith foirgneamh poiblí agus foirgneamh áirithe eile; chun páirceanna agus oibreacha poiblí áirithe a chothabháil; chun oibreacha siltin agus oibreacha innealtóireachta eile a dhéanamh agus a chothabháil; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ...     ...     ...     ...

71,971,000

13,500,000

10

Le haghaidh tuarastail agus costais na Saotharlainne Stáit     ...     ...     ...     ...     ...

818,000

20,000

11

Le haghaidh Seirbhís Sicréideach     ...     ...

125,000

--

12

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ard-Aighne     ...     ...     ...     ...     ...

3,131,000

25,000

13

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí     ...     ...

603,000

5,000

14

Le haghaidh Costais Ilghnéitheacha áirithe     ...

1,472,000

--

15

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an tSoláthair; le haghaidh clódóireacht agus ceangaltóireacht, páipéar, foilseacháin, innealra oifige agus soláthairtí eile oifige do na Seirbhísí Poiblí; agus le haghaidh ilchuspóirí ilghnéitheacha     ...     ...     ...     ...

7,122,000

1,100,000

16

Le haghaidh tuarastail agus costais na hOifige Luachála, Shuirbhéireacht an Ordanáis agus mionseirbhísí áirithe     ...     ...     ...

5,411,000

928,000

17

Le haghaidh rátaí agus ranníocaí in ionad rátaí, etc., i leith maoin Rialtais, agus le haghaidh ranníocaí i leith rátaí ar áitreabh i seilbh Ionadaithe do Rialtais Eachtracha     ...     ...

6,154,000

1,493,000

18

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig Aire na Seirbhíse Poiblí agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ...     ...     ...     ...     ...

5,871,000

1,311,000

19

Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún na Státseirbhíse agus an Choimisiúin um Cheapacháin Áitiúla     ...     ...     ...     ...

1,201,000

977,000

20

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Ombudsman     ...     ...     ...     ...

247,000

--

21

Le haghaidh pinsin, aoisliúntais, cúiteamh (lena n-áirítear cúiteamh do lucht oibre), agus liúntais agus aiscí, breise agus eile, faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, faoin Acht Aoisliúntas agus Pinsean, 1976 , agus faoi reachtanna iolartha eile; pinsin, liúntais agus aiscí eisreachtúla arna ndámhachtain ag Aire na Seirbhíse Poiblí; táillí do lia-réiteoirí agus táillí ócáideacha do dhochtúirí; cúiteamh agus íocaíochtaí eile i leith díobhálacha pearsanta; íocaíochtaí ilghnéitheacha, etc.     ...     ...

29,865,000

4,565,000

22

Le haghaidh deontais d'Údaráis Áitiúla mar fhaoiseamh i leith rátaí ar thalamh talmhaíochta     ...     ...     ...     ...

62,208,000

--

23

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus Oifig na dTaifead Poiblí, agus Choimeádaí na Stát-Pháipéar agus chun doiciméid stairiúla, etc., a cheannach agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ...     ...

9,950,000

286,000

24

Le haghaidh tuarastail agus costais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costais eile i leith seirbhís sna Caomhnóirí Áitiúla; chun costais finnéithe áirithe a íoc; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc     ...     ...     ...     ...

163,857,000

1,879,700

25

Le haghaidh costais i ndáil le príosúin, lena n-áirítear ionaid choinneála d'ógánaigh; agus le haghaidh seirbhísí leasa     ...     ...     ...

36,922,000

247,000

26

Le haghaidh na dtuarastal agus na gcostas sin de chuid na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Coiriúla Speisialta, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche nach muirear ar an bPríomh-Chiste     ...     ...     ...     ...

5,815,000

450,000

27

Le haghaidh tuarastail agus costais Chlárlann na Talún agus Chlárlann na nGníomhas     ...

4,201,000

--

28

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla     ...

86,000

110

29

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Comhshaoil, lena n-áirítear deontais d'Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, agus scéimeanna fóirdheontais agus deontais ilghnéitheacha lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...

367,334,000

4,675,000

30

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Oideachais (lena n-áirítear Forais Eolaíochta agus Ealaíon), le haghaidh seirbhísí ilghnéitheacha áirithe oideachais agus cultúir agus chun ildeontais-i-gcabhair a íoc     ...

48,040,000

312,200

31

Le haghaidh Bunoideachais, lena n-áirítear Aoisliúntais Múinteoirí Scoile Náisiúnta, etc.     ...

262,616,000

1,280,500

32

Le haghaidh Meánoideachais     ...     ...     ...

187,404,000

1,825,500

33

Le haghaidh Gairmoideachais     ...     ...

113,168,000

4,556,000

34

Le haghaidh costais i ndáil le Teaghlaigh Chónaithe agus Scoileanna Speisialta     ...

3,544,000

200

35

Le haghaidh deontais-i-gcabhair don Údarás um Ard-Oideachas, d'Institiúidí agus Seirbhísí áirithe Ard-Oideachais agus d'Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath     ...     ...     ...

84,439,000

500

36

Le haghaidh tuarastail agus costais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...     ...     ...

480,000

3,500

37

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, lena n-áirítear ildeontais-i-gcabhair     ...     ...     ...

20,194,010

532,190

38

Le haghaidh tuarastail agus costais i ndáil le Foraoiseacht, agus deontas-i-gcabhair a íoc     ...

33,204,000

6,599,600

39

Le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair     ...     ...     ...

12,318,000

20,500

40

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Talmhaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc     ...     ...     ...     ...     ...

230,864,000

60,320,427

41

Le haghaidh tuarastail agus costais Choimisiún Talún na hÉireann, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...     ...

12,652,000

2,148,000

42

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Saothair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...     ...

43,911,010

1,829,520

43

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...

290,495,000

2,837,020

44

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Iompair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin     ...     ...     ...

96,041,000

16,893,910

45

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Poist agus Telegrafa agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...

326,533,000

243,992,000

46

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh pá agus costais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...     ...

171,976,000

13,007,000

47

Le haghaidh pá scoir, pinsin, cúiteamh, liúntais agus aiscí is iníoctha faoi reachtanna iolartha le comhaltaí d'Óglaigh na hÉireann agus d'Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ranníocaí agus costais iolartha i ndáil leo sin; le haghaidh liúntais eisreachtúla áirithe leanaí agus le haghaidh ildeontas     ...     ...     ...     ...     ...

26,690,000

852,120

48

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...

12,475,000

1,500,000

49

Le haghaidh ranníocaí d'Eagraíochtaí Idirnáisiúnta agus le haghaidh Cúnaimh Oifigiúil Forbartha, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...     ...

11,491,000

--

50

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, le haghaidh íocaíochtaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh, agus le haghaidh ildeontas     ...     ...     ...

696,373,000

20,958,400

51

Le haghaidh tuartastail agus costais Oifig an Aire Sláinte (lena n-áirítear Oifig an Ard-Chláraitheora), agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais do Bhoird Sláinte, deontais ilghnéitheacha agus deontais-i-gcabhair áirithe     ...     ...     ...

772,068,000

68,400,000

52

Le haghaidh tuarastail agus costais Oifig an Aire Tionscail agus Fuinnimh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun iasachtaí, fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc     ...

17,737,010

3,738,000

53

Le haghaidh deontais (deontas-i-gcabhair) don Chiste Ráthaíochta Fostaíochta     ...     ...

10,000,000

--

54

Le haghaidh Luach Saothair     ...     ...     ...

1,484,000

--

Iomlán Chuid II     ...     ...     £

4,366,583,030

489,649,737

Iomlán an Sceidil     ...     ...     £

4,366,583,040

489,685,298


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891, c. 24