|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 1 de 1982 | ||
[EN] |
AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (LEASÚ), 1982 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM FHÓIR TEORANTA, 1972 GO 1976. [25 Eanáir, 1982] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— | ||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1976 : | |||||||
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta; | |||||||
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; | |||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhóir Teoranta, 1972 . | |||||||
[EN] |
Méadú ar chumhacht na Cuideachta chun iasacht a fháil. |
2. —Ní rachaidh comhiomlán iasachtaí na Cuideachta (lena n-áirítear iasachtaí ón Aire agus iasachtaí a fuarthas chun aon cheann de chríocha na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan iasachtaí a fuair Taiscí Stáit Teoranta a áireamh) thar £70,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 12 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1976) ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin. | ||||||
[EN] |
Méadú ar airleacain ón Aire. |
3. —Ní rachaidh comhiomlán na n-airleacan a thabharfaidh an tAire don Chuideachta (lena n-áirítear airleacain chun críocha aon cheann d'fheidhmeanna na Cuideachta de dhroim alt 19 den Phríomh-Acht, ach gan airleacain a tugadh do Thaiscí Stáit Teoranta a áireamh) a bheidh gan aisíoc thar £70,000,000 aon tráth áirithe, agus, dá réir sin, forléireofar alt 13 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1976) ionann is da gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear san alt sin. | ||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1982, a ghairm de na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1976, agus den Acht seo le chéile. | |||||||
|