3 1982


Uimhir 3 de 1982


AN tACHT IOMPAIR (TIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS GNÍOMHAIRÍ TAISTIL), 1982.

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN TRÁDÁIL TAIS-TIL A RIALÁIL AGUS CHUN CUSTAIMÉIRÍ TION-SCNÓIRÍ TURAS AGUS GNÍOMHAIRÍ TAISTIL A CHOSAINT, CHUN NA gCRÍOCHA SIN DÁ CHUMASÚ DON AIRE IOMPAIR CEADÚNAIS A EISIÚINT DO THIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS DO GHNÍOMHAIRÍ TAIS-TIL, AGUS DÁ CHEANGAL AR THIONSCNÓIRÍ TURAS AGUS AR GHNÍOMHAIRÍ TAISTIL DUL FAOI BHANNAÍ AGUS NA BANNAÍ A CHOTHABHÁIL, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN CISTE COSANTA TAISTEALAITHE AGUS CHUN TION-SCNÓIRÍ TURAS DO THABHAIRT RANNÍOCAÍ I LEITH ACMHAINNÍ AN CHISTE SIN: AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [30 Márta, 1982]

ACTHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach Agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó fhorála nó mhodha iompair áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

tá le “an Banna” an bhrí a shonraítear in alt 13 den Acht seo;

ciallaíonn “iompróir” duine arb é a phríomhghnó iompar a sholáthar ar talamh, ar muir nó san aer ar aerárthaigh, ar shoithí nó ar mhodhanna eile iompair atá ar úinéireacht agus á n-oibriú ag an duine sin;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cosanta Taistealaithe atá arna bhunú de bhun alt 15 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair;

ciallaíonn “conradh taistil thar lear” conradh chun páirtí sa chonradh (i dteannta nó d'éagmais aon duine eile) a iompar le haeriompar, le muiriompar nó d'iompar talún go dtí áit lasmuigh d'Éirinn, cibé acu is é soláthar an iompair is ábhar go huile don chonradh nó go bhfuil baint aige le haon chóiríocht, saoráidí nó seirbhísí a sholáthar faoi;

ciallaíonn “tionscnóir turas” duine seachas iompróir a shocraíonn cóiríocht chun a díola, nó ar tairiscint chun a díola, leis an bpobal, ar cóiríocht í chun taisteal le haeriompar, le muiriompar nó d'iompar talún go dtí ceannionaid lasmuigh d'Éirinn nó a thugann le tuiscint trí fhógraíocht nó ar shlí eile gur duine é a d'fhéadfadh an chóiríocht sin a chur ar fáil, inti féin nó i dteannta cóiríochta, saoráidí nó seirbhísí eile;

ciallaíonn “gníomhaire taistil” duine seachas iompróir a dhéanann, mar ghníomhaire, cóiríocht ar aeriompar, muiriompar nó d'iompar talún go dtí ceannionaid lasmuigh d'Éirinn a dhíol, nó a thairiscint chun a díola, leis an bpobal, nó a cheannach, nó a thairiscint lena ceannach, thar ceann an phobail, nó a thugann le tuiscint trí fhógraíocht nó ar shlí eile gur duine é a d'fhéadfadh an chóiríocht sin a chur ar fáil, inti féin nó i dteannta cóiríochta, saoráidí nó seirbhísí eile.

(2) Chun críche an Achta seo, measfar gur custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil duine má bhíonn aon íocaíocht déanta aige, go díreach nó go neamhdhíreach, leis an tionscnóir turas nó leis an ngníomhaire taistil faoi chonradh taistil thar lear nó d'fhonn conradh taistil thar lear a dhéanamh.

(3) Chun críocha an Achta seo, caillteanas nó dliteanas a thabhóidh custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil, is caillteanas nó dliteanas é a thabhófar i ndáil le conradh taistil thar lear má thig sé as neamhábaltacht nó ó mhainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh i ndáil leis an gconradh taistil thar lear.

(4) Chun críocha an Achta seo ciallaíonn “neamhábaltacht nó mainneachtain tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh” go mbeidh, i ndáil leis an tionscnóir turas nó leis an ngníomhaire taistil sin, teagmhas amháin nó níos mó de na teagmhais seo a leanas tar éis tarlú—

(a) go mbeidh achainí deonaithe ag cúirt chun gnó an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a fhoirceannadh go héigeantach,

(b) go mbeidh an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil, de bhrí nach bhfuil sé in ann a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh, ag iarraidh foirceannadh toilteanach ar a ghnó nó go mbeidh sé tar éis cruinniú dá chreidiúnaithe a chomóradh d'fhonn socrú ar a dhliteanais i leith na gcreidiúnaithe sin a bhreithniú,

(c) go mbeidh glacadóir ceaptha ar shócmhainní an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil,

(d) go mbeidh mainnithe ag an tionscnóir turas nó ag an ngníomhaire taistil a fhiacha a ghlanadh nó nach mbeidh sé in ann a fhiacha a ghlanadh nó go mbeidh scortha aige de ghnó a sheoladh de bhrí nach bhfuil sé in ann a fhiacha a ghlanadh,

(e) go mbeidh gníomh féimheachta déanta ag an tionscnóir turas nó ag an ngníomhaire taistil,

(f) go mbeidh forais réasúnacha ag an Aire chun a chreidiúint, ag féachaint do na himthosca go léir, nach bhfuil an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil in ann, nó go mbeidh mainnithe aige, a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh i leith a chustaiméirí i ndáil le conradh taistil thar lear.

Caiteachais.

3. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Ceadúnais

Srian le gnó a sheoladh mar thionscnóir turas.

4. —Ní sheolfaidh duine gnó mar thionscnóir turas ná ní thabharfaidh sé le tuiscint, trí fhógraíocht nó ar shlí eile, gur duine é a sheolann gnó den sórt sin mura sealbhóir é ar cheadúnas faoin Acht seo a údaraíonn dó gnó den sórt sin a sheoladh.

Srian le gnó a sheoladh mar ghníomhaire taistil.

5. —Ní sheolfaidh duine gnó mar ghníomhaire taistil ná ní thabharfaidh sé le tuiscint, trí fhógraíocht nó ar shlí eile, gur duine é a sheolann gnó den sórt sin mura sealbhóir é ar cheadúnas faoin Acht seo a údaraíonn dó gnó den sórt sin a sheoladh.

Ceadúnais.

6. —(1) Deonóidh an tAire ceadúnas chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil do dhuine más deimhin leis go gcomhlíonann an duine sin ceanglais an Achta seo.

(2) Diúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil mura deimhin leis go gcomhlíonann an duine sin ceanglais an Achta seo.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, diúltóidh an tAire ceadúnas faoin Acht seo a dheonú do dhuine mura deimhin leis—

(a) gur leor acmhainní airgeadais, gnó agus eagraíochta an duine sin agus aon socruithe airgeadais a bheidh déanta nó le déanamh aige chun a chuid oibleagáidí iarbhír agus a chuid oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh i leith na ngníomhaíochtaí (más ann) atá á ndéanamh aige, nó atá beartaithe aige a dhéanamh má dheonaítear an ceadúnas, nó

(b) ag féachaint do ghníomhaíochtaí a rinne an duine sin nó a rinne aon duine ar fostú aige nó, i gcás gur comhlacht corpraithe an duine sin, ag féachaint do ghníomhaíochtaí a rinne aon stiúrthóir, rúnaí, scairshealbhóir, oifigeach nó seirbhíseach de chuid an chomhlachta chorpraithe, gur duine ceart oiriúnach an duine sin chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil, de réir mar a bheidh.

(4) Maidir le ceadúnas a dheonófar faoin Acht seo féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha is iomchuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas a bheith ann.

(5) Fanfaidh ceadúnas a dheonófar faoin Acht seo i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh i ndáil le ceadúnais.

7. —Féadfaidh an tAire le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo na nithe seo a leanas a shonrú—

(a) na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh sula ndeonófar ceadúnas faoin Acht seo,

(b) an modh ina ndéanfar iarratais chun go ndeonófar ceadúnas faoin Acht seo,

(c) an cineál faisnéise agus méid na faisnéise a bheidh le tabhairt ag iarratasóir ar dheonú ceadúnais faoin Acht seo,

(d) an fhoirm ina ndéanfar iarratas ar cheadúnas faoin Acht seo,

(e) an fhoirm ina mbeidh ceadúnas a dheonófar faoin Acht seo,

(f) an tslí ina gcuirfear in iúl don phobal gur duine is sealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoin Acht seo tionscnóir turas nó gníomhaire taistil,

(g) na leabhair, na cuntais agus na taifid eile a bheidh le coimeád ag an duine is sealbhóir ar cheadúnas faoin Acht seo,

(h) an áit ina gcoinneofar aon leabhair, cuntais nó taifid eile a bheidh le coimeád de bhun an Achta seo.

Téarmaí agus coinníollacha ceadúnas a chúlghairm agus a athrú.

8. —(1) Má sháraíonn duine is sealbhóir ar cheadúnas aon téarma nó aon choinníoll a bhaineann le ceadúnas faoin Acht seo, nó má mhainníonn, má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn sé é a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire—

(a) an ceadúnas a chúlghairm, nó

(b) aon téarma nó coinníoll a bhaineann leis an gceadúnas a athrú.

(2) D'ainneoin ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire ceadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm, nó féadfaidh sé na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceadúnas sin a athrú mura deimhin leis a thuilleadh—

(a) gur leor acmhainní airgeadais, gnó agus eagraíochta an duine is sealbhóir ar an gceadúnas nó aon socruithe airgeadais a bheidh déanta aige chun a chuid oibleagáidí iarbhír agus a chuid oibleagáidí ionchasacha a chomhlíonadh i leith an ghnó ar deonaíodh ceadúnas dó ina leith, nó

(b) ag féachaint don tslí ina bhfuil an duine is sealbhóir ar an gceadúnas ag seoladh a ghnó, gur duine ceart oiriúnach é chun gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil.

Achomhairc.

9. —(1) Aon uair a bheartóidh an tAire ceadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm, seachas de bhun alt 10 den Acht seo, nó na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceadúnas sin a athrú, cuirfidh sé i bhfios don duine is sealbhóir ar an gceadúnas cad atá beartaithe aige a dhéanamh agus cad iad na fáthanna atá leis, agus, má dhéanann an sealbhóir sin aon uiríoll i scríbhinn laistigh de sheacht lá, breithneoidh an tAire na huiríolla sin.

(2) Aon uair a dhiúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú nó a chinnfidh sé, tar éis dó aon uiríolla a bheidh déanta ag an duine is sealbhóir ar cheadúnas a bhreithniú, an ceadúnas a chúlghairm nó aon téarma nó coinníoll a bhaineann leis an gceadúnas a athrú, tabharfaidh sé scéala don té a d'iarr an ceadúnas nó, de réir mar a bheidh, don duine is sealbhóir ar an gceadúnas, faoin diúltú nó faoin gcinneadh agus féadfaidh an t-iarratasóir sin nó an sealbhóir sin, laistigh de sheacht lá, achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i gcoinne an diúltaithe nó an chinnidh sin.

(3) Ar achomharc a éisteacht faoin alt seo i ndáil le diúltú ceadúnas a dheonú faoin Acht seo nó i ndáil le cinneadh an Aire ceadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm nó na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le ceadúnas a athrú, féadfaidh an Ard-Chúirt an diúltú nó an cinneadh a dhaingniú nó an t-achomharc a cheadú agus, i gcás ina gceadófar achomharc, deonóidh an tAire an ceadúnas, nó ní chúlghairfidh sé an ceadúnas, nó ní athróidh sé na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann leis an gceadúnas, de réir mar a bheidh.

(4) Ní bheidh dul thar bhreith na hArd-Chúirte ar achomharc faoin alt seo ach amháin go bhféadfar, le cead ón gCúirt sin, achomharc i gcoinne na breithe a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(5) Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh in aon chás ina ndiúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú d'iarratasóir nach gcomhlíonann forálacha alt 13 den Acht seo ná in aon chás ina gcúlghairfidh an tAire ceadúnas de bhun alt 10 den Acht seo.

(6) Más rud é, tar éis tosach feidhme Chuid III den Acht seo, go ndéanfaidh duine achomharc i gcoinne chinneadh an Aire ceadúnas a chúlghairm nó aon téarma nó coinníoll a bhaineann le ceadúnas a athrú nó go ndéanfaidh sé achomharc i gcoinne an tAire do dhiúltú ceadúnas a dheonú, ní dhéanfaidh an duine sin, go dtí go gcinnfear an t-achomharc, gnó a sheoladh mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil mura gcomhlíonfaidh sé forálacha alt 13 den Acht seo.

Ceadúnas a chúlghairm in imthosca áirithe.

10. —Más rud é, mar gheall ar mhainneachtain nó neamhábaltacht tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh, go mbeidh aon íocaíocht déanta nó le déanamh, de bhun an Bhanna nó as an gCiste, le custaiméir, déanfaidh an tAire aon cheadúnas a deonaíodh faoin Acht seo a chúlghairm láithreach.

Cumhacht chun dul isteach in áitreabh agus iniúchadh a dhéanamh.

11. —Féadfaidh duine a bheidh údaraithe ag an Aire dul isteach gach tráth in aon áitreabh a bhfuil cúis ag an Aire chun a chreidiúint go bhfuil duine ag seoladh gnó ann mar thionscnóir turas nó mar ghníomhaire taistil agus leabhair, cuntais nó taifid a cheanglaítear a choimeád de bhun an Achta seo a iniúchadh agus a scrúdú ann.

Táillí.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, an scála táillí is iníoctha maidir le hiarratais le haghaidh ceadúnas faoin Acht seo a shonrú.

(2) Féadfaidh an tAire cibé muirir is iomchuí leis a dhéanamh i ndáil le haon ábhar a bhaineann le ceadúnas faoin Acht seo agus cinnfidh an tAire méid aon mhuirir den sórt sin, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus sonrófar é i rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (1) den alt seo.

(3) Déanfar na táillí agus na muirir go léir is iníoctha faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, de réir ordachán ón Aire Airgeadais.

(4) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí is iníoctha de bhun an Achta seo.

CUID III

An Banna

An Banna.

13. —(1) Beidh ar thionscnóir turas nó ar ghníomhaire taistil, sula ndeonófar ceadúnas dó faoin Acht seo, fianaise is inghlactha ag an Aire a chur ar fáil chun a thaispeáint go ndearna an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil, de réir mar a bheidh, socrú, atá sásúil don Aire, do chosaint daoine a dhéanann, le linn ré bhailíochta an cheadúnais, conarthaí leis maidir le taisteal thar lear.

(2) “An Banna” a ghairfear san Acht seo den socrú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Forálfaidh an Banna, i gcás neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh i ndáil le conarthaí taistil thar lear, go mbeidh suim airgid ar fáil ag an Aire, nó ag aon duine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire, mar iontaobhaí, lena cur chun tairbhe d'aon chustaiméir de chuid an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe a thabhaigh caillteanas nó dliteanas mar gheall ar an neamhábaltacht nó ar an mainneachtain sin oibleagáidí airgeadais nó conarthacha a chomhlíonadh.

(4) Féadfar an tsuim airgid dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a úsáid chun gach críche nó chun aon chríche díobh seo a leanas—

(a) chun saoráidí taistil a sholáthar d'aon chustaiméir de chuid an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe atá lasmuigh d'Éirinn agus nach bhfuil in ann an turas ar ais dá bhforáiltear sa chonradh taistil thar lear a dhéanamh mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh;

(b) chun aisíoc a dhéanamh le custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil ar scór aon chaiteachas réasúnach a thabhaigh an custaiméir sin de riachtanas mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil le conradh taistil thar lear a chomhlíonadh;

(c) chun go n-aisíocfar, a mhéid is féidir, le custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil, aon íocaíochtaí a rinne sé leis an tionscnóir turas nó leis an ngníomhaire taistil i leith conradh taistil thar lear nach bhféadfaí a chomhlánú mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh;

(d) chun go n-íocfar aon chaiteachais réasúnacha a thabhaigh an tAire, nó chun go bhforálfar d'aon íocaíochtaí ón Aire, thar ceann custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil i leith conradh taistil thar lear nach bhféadfaí a chomhlánú mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh.

(5) Coimeádfaidh an tAire nó, de réir mar a bheidh, an duine a bheidh ainmnithe nó ceadaithe ag an Aire, mar iontaobhaí, na cuntais go léir is cuí agus is gnách, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe, ar an airgead go léir a bheidh faighte aige ar scór banna agus ar gach eisíocaíocht a bheidh déanta aige as aon airgead den sórt sin.

(6) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana déanfar na cuntais a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(7) Gan dochar d'aon cheart láithreach atá ag custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil damáistí a ghnóthú i ndáil le caighdeán na cóiríochta nó na seirbhíse a bheidh curtha ar fáil de bhun chonradh taistil thar lear, ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuirfidh ar chumas an chustaiméara sin aon damáistí a ghnóthú as aon suim airgid a bheidh curtha ar fáil faoin mBanna.

Ceanglais i ndáil leis an mBanna.

14. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil—

(a) nach ndéanfar socruithe i ndáil leis an mBanna ach amháin le daoine d'aicme nó d'aicmí a shonrófar sna rialacháin, agus

(b) gur Banna a bheidh ann, i leith cibé suim íosta, agus gur bailí dó ar feadh cibé tréimhse íosta, a shonrófar sna rialacháin.

CUID IV

An Ciste Cosanta Taistealaithe

An Ciste Cosanta Taistealaithe.

15. —(1) Bunóidh an tAire ciste ar a dtabharfar an Ciste Cosanta Taistealaithe (dá ngairtear “an Ciste” san Acht seo) as a ndéanfar íocaíochtaí de réir fhorálacha alt 18 den Acht seo maidir le caillteanais nó dliteanais a thabhaigh custaiméirí de chuid tionscnóirí turas nó ghníomhairí taistil a shealbhaigh ceadúnas faoin Acht seo nó ar cúlghaireadh a gceadúnas agus go bhfuil achomharc á dhéanamh acu chun na Cúirte maidir leis an gcúlghairm sin, mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain na dtionscnóirí turas nó na ngníomhairí taistil a n-oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil le conarthaí taistil thar lear a chomhlíonadh.

(2) Is feidhm de chuid an Aire acmhainní an Chiste a bhailiú, a choimeád agus a eisíoc.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo aon duine a shonraítear sna rialacháin a ainmniú chun aon cheann nó gach ceann de na feidhmeanna a thugtar don Aire leis an alt seo a chomhlíonadh.

Ranníocaí leis an gCiste.

16. —(1) Déanfaidh tionscnóir turas cibé méideanna a shonrófar i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais a ranníoc leis an gCiste, agus déanfar na ranníocaí sin cibé tráthanna agus ar cibé foras a shonrófar sna rialacháin.

(2) Féadfaidh rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo—

(a) a fhoráil go bhféadfar ranníocaí i leith an Chiste a íoc leis an Aire nó le cibé duine eile a shonrófar sna rialacháin;

(b) a fhoráil go bhféadfaidh aicmí éagsúla tionscnóirí turas ranníocaí éagsúla a dhéanamh ag féachaint do scála gnó an tionscnóra turas agus féadfaidh siad a shonrú conas a dhéanfar méideanna na ranníocaí éagsúla a chinneadh;

(c) a shonrú cathain agus conas a fhéadfar suimeanna a bheidh dlite maidir le ranníocaí leis an gCiste a íoc.

Acmhainní an Chiste.

17. —(1) Déanfaidh an tAire nó, de réir mar a bheidh, duine a bheidh ainmnithe aige de bhun alt 15 den Acht seo, acmhainní an Chiste a chothabháil agus a riaradh.

(2) Déanfar costais riaracháin an Chiste a íoc as acmhainní an Chiste.

(3) Coimeádfaidh an tAire nó, de réir mar a bheidh, an duine a bheidh ainmnithe aige de bhun alt 15 den Acht seo, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a bheidh íoctha isteach sa Chiste agus ar gach eisíocaíocht as an gCiste lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe.

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, déanfar na cuntais a bheidh á gcoimeád de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Eisíocaíochtaí as an gCiste.

18. —(1) Féadfar íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste chun gach críche nó chun aon chríche de na críocha seo a leanas—

(a) chun saoráidí taistil a sholáthar d'aon chustaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil atá lasmuigh d'Éirinn agus nach bhfuil in ann an turas ar ais dá bhforáiltear sa chonradh taistil thar lear a dhéanamh mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil áirithe a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh;

(b) chun aisíoc a dhéanamh le custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil ar scór aon chaiteachas réasú nach a thabhaigh an custaiméir sin de riachtanas mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil le conradh taistil thar lear a chomhlíonadh;

(c) chun go n-aisíocfar, a mhéid is féidir, le custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil, aon íocaíochtaí a rinne sé leis an tionscnóir turas nó leis an ngníomhaire taistil i leith conradh taistil thar lear nach bhféadfaí a chomhlánú mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh;

(d) chun go n-íocfar aon chaiteachais réasúnacha a thabhaigh an tAire, nó chun go bhforálfar d'aon íocaíochtaí ón Aire, thar ceann custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil i leith conradh taistil thar lear nach bhféadfaí a chomhlánú mar gheall ar neamhábaltacht nó mainneachtain an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a oibleagáidí airgeadais nó conarthacha i ndáil leis an gconradh taistil thar lear sin a chomhlíonadh.

(2) Ní ceadmhach íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste le duine i leith aon chaillteanas nó dliteanas a tabhaíodh i ndáil le conradh taistil thar lear murar shealbhaigh an tionscnóir turas nó an gníomhaire taistil áirithe, san am a ndearna an duine sin an conradh, ceadúnas faoin Acht seo, nó mura rud é gur cúlghaireadh ceadúnas an tionscnóra nó an ghníomhaire taistil sin san am sin agus go bhfuil achomharc á dhéanamh aige chun na cúirte maidir leis an gcúlghairm.

(3) I gcás airgead a bheith iníoctha ar scór an Bhanna le custaiméir, nó chun tairbhe do chustaiméir, de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil d'fhonn an custaiméir sin a chúiteamh as caillteanais nó dliteanais a thabhaigh sé i ndáil le conradh taistil thar lear—

(a) ní dhéanfar íocaíocht as an gCiste go dtí go mbeidh an t-airgead go léir is iníoctha faoin mBanna íoctha leis an duine sin nó curtha chun tairbhe don duine sin, agus

(b) ní dhéanfar íocaíocht as an gCiste le haon duine i leith caillteanais nó dliteanais a thabhaigh sé in aon chás ina bhfuil aisíoc iomlán déanta cheana féin leis an duine sin as airgead is iníoctha de bhun an Bhanna.

(4) Má tharlaíonn aon teagmhas a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'íocaíochtaí de bhun an Bhanna nó iad a mhoilliú, féadfaidh an tAire nó aon duine a bheidh ainmnithe aige de bhun an Achta seo, mar is rogha leis, íocaíochtaí a dhéanamh as an gCiste le haon chustaiméir, nó a chur chun tairbhe d'aon chustaiméir, de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil dá bhféadfar difear a dhéanamh agus déanfar aon suim a íocadh amhlaidh a aisíoc leis an gCiste a luaithe is féidir tar éis aon chistí is iníoctha de bhun an Bhanna a réadú.

(5) Gan dochar d'aon cheart láithreach atá ag custaiméir de chuid tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil damáistí a ghnóthú i ndáil leis an gcaighdeán cóiríochta nó seirbhíse a bheidh curtha ar fáil de bhun chonradh taistil thar lear, ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuirfidh ar chumas an chustaiméara sin aon damáistí den sórt sin a ghnóthú as an gCiste.

(6) Féadfar le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo—

(a) a fhoráil go gcinnfear méideanna na n-íocaíochtaí as an gCiste,

(b) a fhoráil cad iad na téarmaí ar a bhféadfar agus cad é an modh ina bhféadfar aon íocaíochtaí as an gCiste a dhéanamh in aon chás áirithe nó i gcineálacha áirithe cáis.

(c) a shonrú conas a dhéanfar íocaíochtaí in aon chás nuair nach leor méid an Chiste agus aon suimeanna a bheidh dlite de bhun an Bhanna ó thionscnóir turas nó ó ghníomhaire taistil chun éilimh gach duine lena mbaineann a shásamh agus, go háirithe, a shonrú go ndéanfar, in aon chás den sórt sin, íocaíochtaí i gcomhréir leis an méid a shuífear a bheith dlite maidir le gach éileamh.

Airgead an Chiste a infheistiú.

19. —(1) Coimeádfar airgead an Chiste i gcuntas reatha a bheidh le bainistí agus le rialú ag an Aire nó i gcuntas infheistíochta a bheidh le bainistí agus le rialú ag an Aire Airgeadais.

(2) Déanfar suimeanna is iníoctha isteach sa Chiste a íoc isteach i gcuntas reatha an Chiste sin agus déanfar suimeanna is iníoctha amach as an gCiste a íoc amach as an gcuntas sin.

(3) Déanfar airgead a bheidh chun creidiúna don chuntas reatha, agus nach mbeidh ag teastáil leis an gcaiteachas reatha a íoc, a aistriú go dtí cuntas infheistíochta an Chiste.

(4) Aon uair nach leor an t-airgead i gcuntas reatha an Chiste chun dliteanais an chuntais sin a íoc, aistreofar go dtí an cuntas sin ó chuntas infheistíochta an Chiste cibé suimeanna is gá chun na dliteanais sin a ghlanadh.

(5) Faoi réir fho-alt (4) den alt seo infheisteoidh an tAire Airgeadais airgead a bheidh chun creidiúna do chuntas infheistíochta an Chiste agus íocfar ioncam ó aon infheistíocht den sórt sin isteach sa chuntas sin.

(6) Féadfar infheistíocht de bhun fho-alt (5) den alt seo a dhéanamh in aon urrúis a mbeidh cumhacht dlí de thuras na huaire ag iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu nó in aon cheann de na stoic, na cistí agus na hurrúis a bheidh údaraithe de thuras na huaire le dlí mar infheistíochtaí do chistí Bhanc Taisce an Phoist.

CUID V

Ilghnéitheach

Cionta agus pionóis.

20. —(1) Aon duine a sheolann gnó nó a thugann le fios go seolann sé gnó mar thionscnóir turas de shárú ar alt 4 den Acht seo, nó mar ghníomhaire taistil de shárú ar alt 5 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £100,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(2) Aon duine a chuirfidh cosc nó bac le duine a bheidh údaraithe ag an Aire agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 11 den Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) Aon duine a dhéanfaidh ráiteas chun ceadúnas faoin Acht seo a fháil dó féin nó d'aon duine eile ar feasach dó gur ráiteas bréagach é nó a dhéanfaidh, go meargánta, ráiteas a bheidh bréagach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoin alt seo a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh sin gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne cosantóir a bheidh cúisithe i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus

(c) mura ndéanfaidh an cosantóir (ar an mBreitheamh á chur in iúl dó go bhfuil de cheart aige go dtrialfadh giúiré é) agóid i gcoinne é a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir sin.

(5) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear san alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú agus beidh éifeacht leo dá réir sin.

Forálacha i ndáil le cionta.

21. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí achomaire maidir le cion faoin Acht seo a thabhairt ar aghaidh agus a ionchúiseamh.

(2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh—

(a) i ngach cás, laistigh de dhá bhliain ó dháta an chiona, agus

(b) más rud é, ar dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh an duine a bheidh le cúiseamh lasmuigh den Stát, laistigh de shé mhí ó dháta a theachta isteach sa Stát.

(3) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh ciona faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht nó arb é bainisteoir, nó rúnaí nó a shamhail d'oifigeach eile de chuid an chomhlachta é, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin chomh maith leis an gcomhlacht ciontach sa chion sin agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Comhlachtaí corpraithe a dhíotáil.

22. —(1) Féadfar comhlacht corpraithe a chur ar aghaidh lena thriail ar díotáil mar gheall ar chion faoi alt 20 den Acht seo le cúirtbhannaí nó gan iad.

(2) Ar chomhlacht corpraithe a dhíotchúiseamh os comhair na Cúirte Cuarda féadfaidh sé pléadáil ciontach nó neamhchiontach a thaifeadadh i scríbhinn trína ionadaí agus, mura láithreoidh sé trí ionadaí a bheidh ceaptha aige chun na críche, nó, cé go láithreoidh sé amhlaidh, nach dtaifeadfaidh sé aon phléadáil, ordóidh an Chúirt pléadáil neamhchiontach a thaifeadadh agus rachaidh an triail ar aghaidh amhail is dá mbeadh an comhlacht corpraithe tar éis an phléadáil sin a thaifeadadh go cuí.

Forálacha maidir le himeachtaí i gcúirt nó i leachtú.

23. —Le linn cinneadh a bheith á dhéanamh in imeachtaí in aon chúirt, nó in aon leachtú, ar éileamh ó dhuine i leith conradh taistil thar lear i gcoinne tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil, cuirfidh an chúirt, nó, de réir mar a bheidh, an leachtaitheoir, san áireamh a mhéad a thairbhigh an duine sin, má thairbhigh, de bhun fhorálacha an Achta seo.

Ní bheidh íocaíochtaí leis an gCiste agus leis an mBanna ina gcuid de shócmhainní tionscnóra turas nó ghníomhaire taistil.

24. —Ní áireofar íocaíochtaí a dhéanfaidh tionscnóir turas leis an gCiste de bhun alt 15 den Acht seo ná aon airgead is iníoctha de bhun an Bhanna faoina rachaidh an tionscnóir turas sin nó gníomhaire taistil de bhun alt 13 den Acht seo mar chuid de shócmhainní an tionscnóra turas sin nó an ghníomhaire taistil agus ní dhéanfar aon chuid den airgead sin a úsáid chun aon dliteanas de chuid an tionscnóra turas nó an ghníomhaire taistil a urscaoileadh ar dhóigh ar bith ach amháin de réir an Achta seo.

Orduithe agus rialacháin.

25. —(1) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha nó cibé forálacha iarmhartacha a bheith in aon ordú nó rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach chun forálacha an Achta seo a chur i ngníomh.

(2) Féadfaidh an tAire cibé orduithe nó rialacháin a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun forálacha an Achta seo a chur i ngníomh agus féadfaidh an tAire aon ordú a dhéanfar faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c. 58

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93