14 1982


Uimhir 14 de 1982


AN tACHT AIRGEADAIS, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT-ANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [17 Iúil, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Cáin Ioncaim, Cáin Acmhainne, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

1. —Maidir leis an mbliain 1982-83 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980

(a) trí “£4,400” a chur in ionad “£4,000” agus “£2,200” a chur in ionad “£2,000”, i bhfo-alt (2) d'alt 1, agus

(b) trí “£5,000” a chur in ionad “£4,600”, “£6,000” a chur in ionad “£5,600”, “£2,500” a chur in ionad “£2,300” agus “£3,000” a chur in ionad “£2,800”, i bhfo-alt (6) d'alt 2,

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £4,400, agus

(b) in aon chás eile, £2,200.

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £5,000:

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £6,000;

(b) in aon chás eile, £2,500:

Ar chonníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,000.

Faoisimh phearsanta.

2 —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1982-83 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1981-82

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1982-83 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138

(fear pósta)

2,230

2,900

(fear a pósadh sa bhliain mheasúnachta)

2,345

(baintreach fir nó mná)

1,185

1,950

(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile)

2,230

2,900

(duine singil)

1,115

1,450

alt 138A

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí)

(baintreach fir nó mná)

650

950

(daoine eile)

650

1,450

alt 138B

(liúntas fostaí)

600

600

alt 139

(bean tí ag tabhairt aire do leanaí)

165

Neamhní

alt 140

(gaol ag tabhairt aire do dheartháir nó do dheirfiúr duine neamhphósta)

165

Neamhní

alt 141

(leanbh)

195

100

(leanbh éagumasaithe)

500

500

alt 142

(gaol cleithiúnach)

95

110

An tAcht Airgeadais, 1969 :

alt 3

(bean tí ag tabhairt aire do dhuine éagumasaithe)

500

700

An tAcht Airgeadais, 1971 :

alt 11

(dall)

400

500

(an dá chéile dall)

1,000

1,200

An tAcht Airgeadais, 1974 :

alt 8

(liúntas aoise, duine singil nó baintreach fir nó mná)

80

100

(liúntas aoise, fear pósta)

180

200

(2) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1974 , le halt 6 den Acht Airgeadais, 1978 , le halt 3 den Acht Airgeadais, 1979 , le halt 4 den Acht Airgeadais, 1980 , agus le halt 2 den Acht Airgeadais, 1981 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal d'fhorlíonadh fho-alt (1).

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

3. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1980 , maidir leis an mbliain 1982-83 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £1,000

...

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £3,000

eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,000

eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £2,000

eile

...

...

55 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £2,000

...

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £6,000

eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £4,000

eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £4,000

eile

...

...

55 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

Tairbhe úsáide cairr.

4. —(1) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1982-83 agus blianta measúnachta dá éis.

(2) (a) I ndáil le duine is inmhuirearaithe i leith cánach maidir le fostaíocht, beidh éifeacht leis an alt seo do bhliain mheasúnachta i ndáil le carr a bheidh curtha ar fáil dó de bhíthin na fostaíochta (gan an mhaoin ann a aistriú) agus a bheidh ar fáil dó an bhliain sin lena úsáid go príobháideach.

(b) I ndáil le carr a mbeidh éifeacht leis an alt seo ina leith do bhliain mheasúnachta—

(i) ní bheidh éifeacht le Caibidil III de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , don bhliain sin i ndáil leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar an chairr, agus

(ii) don bhliain sin, déileálfar mar dhíolaíochtaí de chuid na fostaíochta ar ina leith a cuireadh an carr ar fáil, agus ar inmhuirearaithe iad dá réir sin i leith cánach ioncaim, leis an méid, más ann, ar mó coibhéis airgid thairbhe an chairr don bhliain ná comhiomlán na méideanna don bhliain a cheanglaítear ar an bhfostaí a íoc leis an bhfostóir agus a íocann sé leis iarbhír i leith aon chuid de na costais chun an carr a sholáthar nó a choinneáil ar an mbóthar:

Ar choinníoll go ndéanfar neamhshuim, chun críocha na fomhíre seo, d'aon chuid den chomhiomlán sin a mbeidh an choibhéis airgid sin laghdaithe ina leith faoi fho-alt 3 (a).

(3) (a) Is í coibhéis airgid thairbhe cairr do bhliain mheasúnachta 20 faoin gcéad de mhargadhluach bunaidh an chairr, ach laghdófar í—

(i) i gcás nach é an fostóir a íocann go díreach nó go neamhdhíreach aon chuid de chostas an bhreosla a úsáidtear an bhliain sin le linn don fhostaí a bheith ag úsáid an chairr go príobháideach, 3 faoin gcéad de mhargadhluach bunaidh an chairr,

(ii) i gcás nach é an fostóir a íocann go díreach nó go neamhdhíreach aon chuid de chostas an árachais ar an gcarr an bhliain sin, 2 faoin gcéad de mhargadhluach bunaidh an chairr,

(iii) i gcás nach é an fostóir a íocann go díreach nó go neamhdhíreach aon chuid de chostas deisithe agus seirbhísithe an chairr an bhliain sin, 2 faoin gcéad de mhargadhluach bunaidh an chairr, agus

(iv) i gcás nach é an fostóir a íocann go díreach nó go neamhdhíreach aon chuid den dleacht máil an bhliain sin ar an gceadúnas faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , i ndáil leis an gcarr, ½ faoin gcéad de mhargadhluach bunaidh an chairr.

(b) Más rud é, maidir le carr a mbeidh éifeacht leis an alt seo ina leith i ndáil le duine do bhliain mheasúnachta, nach mbeidh an carr sin ar fáil don duine sin ach ar feadh cuid den bhliain sin, is é a bheidh i gcoibhéis airgid thairbhe an chairr sin i leith an duine sin don bhliain sin méid a bhfuil idir é agus méid iomlán choibhéis airgid an chairr sin don bhliain sin (arna fhionnadh faoi mhír (a)) an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den bhliain agus an bhliain sin.

(4) (a) Más rud é, i ndáil le duine, gur mó ná 10,000 an míleáiste gnó do bhliain mheasúnachta, is é a bheidh i gcoibhéis airgid thairbhe an chairr don bhliain sin, mar mhalairt ar an méid a bheidh fionnta faoi fho-alt (3), an céatadán den mhéid sin is infheidhme maidir leis an míleáiste gnó sin faoin Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

(b) Sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo aon chéatadán a thaispeántar i gcolún (3) is é an céatadán é is infheidhme maidir le haon mhíleáiste gnó do bhliain mheasúnachta,

(i) is mó ná an íosteorainn a thaispeántar i gcolún (1), agus

(ii) nach mó ná an uasteorainn (más ann) a thaispeántar i gcolún (2),

os coinne lua an chéatadáin sin i gcolún (3).

AN TÁBLA

An míleáiste gnó

An céatadán

íosteorainn

uasteorainn

(1)

(2)

(3)

Mílte

Mílte

10,000

11,000

95 faoin gcéad

11,000

12,000

90 faoin gcéad

12,000

13,000

85 faoin gcéad

13,000

14,000

80 faoin gcéad

14,000

15,000

75 faoin gcéad

15,000

16,000

70 faoin gcéad

16,000

17,000

65 faoin gcéad

17,000

18,000

60 faoin gcéad

18,000

19,000

55 faoin gcéad

19,000

20,000

50 faoin gcéad

20,000

21,000

45 faoin gcéad

21,000

22,000

40 faoin gcéad

22,000

23,000

30 faoin gcéad

23,000

24,000

20 faoin gcéad

24,000

25,000

10 faoin gcéad

25,000

--

Neamhní

(5) (a) I gcás ina mbeifear le déileáil le haon mhéid mar dhíolaíochtaí fostaíochta faoi fho-alt (2) (b) (ii) do bhliain mheasúnachta, beidh de dhualgas ar an duine a bheidh inmhuirearaithe i leith cánach maidir leis an méid sin sonraí faoin gcarr, faoina mhargadhluach bunaidh, agus faoin míleáiste gnó agus faoin míleáiste príobháideach don bhliain mheasúnachta a sheachadadh i scríbhinn ar an gcigire tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis dheireadh na bliana sin.

(b) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta—

(i) go mainneoidh duine sonraí a sheachadadh i ndáil le margadhluach bunaidh cairr a mbeidh éifeacht leis an alt seo ina leith i ndáil leis an duine sin nó i ndáil lena mhíleáiste gnó nó lena mhíleáiste príobháideach don bhliain, nó

(ii) nach mbeidh an cigire sásta leis na sonraí a bheidh seachadta ag an duine,

ansin, is é a bheidh sa mhargadhluach bunaidh nó sa mhíleáiste gnó nó sa mhíleáiste príobháideach a bheidh le tabhairt i gcuntas chun méid na cánach a mbeidh an duine sin le muirearú ina leith a ríomh, cibé luach nó míleáiste, de réir mar a bheidh, a ba chóir a thabhairt i gcuntas amhlaidh de réir lánbhreithiúnas an chigire:

Ar choinníoll, mura mbeidh dóthain fianaise dá mhalairt ar fáil, go ndéanfar an míleáiste gnó do bhliain mheasúnachta i ndáil le duine a chinneadh trí 5,000 a bhaint as líon iomlán na mílte a thaistil an duine sin an bhliain sin i gcarr nó i gcarranna a bhfuil éifeacht leis an alt seo ina leith i ndáil leis an duine sin.

(c) Nuair a bheidh ríomh á dhéanamh ag an gcigire chun críocha measúnachta nó chun críocha na Rialachán Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960 ) déanfaidh sé, roimh dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an ríomh, i ndáil le duine a mbeidh éifeacht leis an alt seo i ndáil leis don bhliain mheasúnachta sin, meastachán ar mhíleáiste gnó an duine sin chun críche an ríomha, agus beidh éifeacht le forálacha alt 528 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil leis an meastachán a dhéanfar amhlaidh amhail mar atá éifeacht leis i ndáil le meastachán a dhéanfar faoin alt sin.

(d) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda luach nó míleáiste a tugadh i gcuntas faoi mhír (b) a leasú tráth bheidh éisteacht nó athéisteacht á dhéanamh ar achomharc in aghaidh measúnachta i leith na fostaíochta arbh i gcomhlíonadh dualgais na fostaíochta sin a rinneadh an míleáiste gnó.

(6) (a) Baineann an fo-alt seo le haon charr ar deimhin leis an gcigire ina leith (cibé acu ar éileamh faoin bhfo-alt seo nó ar shlí eile) go raibh an carr sin, d'aon bhliain, ar áireamh i gcarrlinn chun a úsáide ag fostaithe de chuid fostóra amháin nó níos mó.

(b) Déileálfar le carr mar charr a bhí ar áireamh amhlaidh do bhliain más rud é—

(i) an bhliain sin gur cuireadh ar fáil é do bhreis agus fostaí amháin de na fostaithe sin, agus gur úsáid siad é iarbhír, agus, i gcás gach duine díobh, gur cuireadh ar fáil dó é de bharr a chuid fostaíochta ach nach ndearna aon duine díobh é a úsáid de ghnáth an bhliain sin d'eisiamh na ndaoine eile; agus

(ii) i gcás gach duine díobh nach raibh aon úsáid phríobháideach a bhain sé as an gcarr an bhliain sin ach ag gabháil leis an úsáid eile a bhain sé as an bhliain sin; agus

(iii) nach raibh sé á choinneáil go rialta thar oíche an bhliain sin ar aon áitreabh cónaithe, nó cóngarach d'aon áitreabh cónaithe, mar a raibh aon duine de na fostaithe ina chónaí, ach amháin fad a bhí sé á choinneáil thar oíche ar áitreabh a bhí á áitiú ag an duine a bhí ag cur an chairr ar fáil dóibh.

(c) I gcás ina mbaineann an fo-alt seo le carr, ansin, don bhliain i gceist, déileálfar faoin alt seo leis an gcarr mar charr nach raibh ar fáil chun a úsáide go príobháideach ag aon duine de na fostaithe.

(d) Féadfaidh aon duine de na fostaithe a luaitear i mír (b) (i) thuas (“na fostaithe lena mbaineann” a ghairtear díobh i mír (e) nó féadfaidh an fostóir thar a gceann go léir éileamh a dhéanamh faoin bhfo-alt seo maidir le carr d'aon bhliain.

(e)    (i) Aon duine arb éagóir leis cinneadh ón gcigire maidir le haon cheist faoin bhfo-alt seo féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuige sin a thabhairt don chigire laistigh de dhá mhí ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh dó, iarratas a dhéanamh go ndéanfadh na Coimisinéirí Achomhairc a éileamh ar fhaoiseamh a éisteacht agus a chinneadh.

(ii) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fhomhír (i), déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh amhail mar a dhéantar le hachomharc chucu in aghaidh measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).

(iii) Ar achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh an chigire maidir le héileamh faoin alt seo féadfaidh na fostaithe uile lena mbaineann páirt a ghlacadh sna himeachtaí, agus beidh cinneadh na gComisinéirí Achomhairc nó na Cúirte Cuarda, de réir mar a bheidh, ina cheangal ar na fostaithe sin go huile, cibé acu ar ghlac siad páirt sna himeachtaí nó nár ghlac.

(iv) I gcás cinneadh a bheith déanta ar achomharc in aghaidh chinneadh an chigire maidir le héileamh faoin bhfo-alt seo, ní thabharfar aird ar aon achomharc in aghaidh chinneadh an chigire maidir le haon éileamh eile den sórt sin i leith an chairr chéanna fad is sa charrlinn chéanna agus sa bhliain chéanna dó.

(7) Leasaítear leis seo alt 178 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (aa):

“(aaa) sonraí maidir le haon charr, de réir bhrí alt 4 den Acht Airgeadais, 1982 , a bheidh curtha ar fáil do na daoine sin de bharr na fostaíochta sin;”.

(8) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “An tAcht Airgeadais, 1982 , alt 4” a chur isteach i gcolún (1) den Sceideal sin.

(9) (a) San alt seo—

ciallaíonn “míleáiste gnó do bhliain mheasúnachta”, i ndáil le duine, an líon iomlán de shlánmhílte a thaistil an duine sin an bhliain sin fad a bhí úsáid ghnó á bhaint aige as carr nó carranna a bhfuil éifeacht leis an alt seo ina leith i ndáil leis an duine sin;

ciallaíonn “úsáid ghnó”, i ndáil le carr a bhfuil éifeacht leis an alt seo ina leith i ndáil le duine, taisteal is éigean don duine sin a dhéanamh sa charr le linn dó bheith ag comhlíonadh dualgais a fhostaíochta;

ciallaíonn “carr” aon fheithicil inneallghluaiste bóthair atá déanta nó oiriúnaithe chun paisinéirí a iompar seachas feithicil de chineál nach n-úsáidtear go coitianta mar fheithicil phríobháideach agus atá mí-oiriúnach lena húsáid amhlaidh;

ciallaíonn “fostaíocht” oifig nó fostaíocht shochair de chineál a mbeadh aon díolaíochtaí a ghabhann léi (de réir bhrí alt 111 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) le muirearú i leith cánach agus forléireofar abairtí gaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “úsáid phríobháideach”, i ndáil le carr, úsáid an chairr seachas úsáid ghnó.

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) (I) carr a bheidh curtha ar fáil d'fhostaí aon bhliain de bharr a chuid fostaíochta measfar é a bheith ar fáil an bhliain sin dá úsáid phríobháideach mura dtoirmisceoidh na téarmaí ar a mbeidh an carr curtha ar fáil amhlaidh an úsáid sin agus nach mbaintear aon úsáid den sórt sin as an gcarr an bhliain sin;

(II) carr a bheidh curtha ar fáil d'fhostaí ag a fhostóir nó ag duine a bhfuil baint aige leis an bhfostóir measfar é a bheith curtha ar fáil dó de bharr a chuid fostaíochta (mura rud é gur pearsa aonair an fostóir agus gur féidir a shuíomh gur cuireadh an carr ar fáil amhlaidh i gcúrsa rialta a chaidreamh baile, teaghlaigh nó pearsanta);

(III) déileálfar le carr mar charr a bheidh ar fáil do dhuine agus dá úsáid phríobháideach féin má bhíonn sé ar fáil ag duine nó daoine dá theaghlach nó dá líon tí;

(IV) tagairtí do theaghlach nó do líon tí duine is tagairtí iad dá chéile, dá chlann mhac agus iníonacha agus a gcéilí, dá thuismitheoirí agus dá sheirbhísigh, dá chleithiúnaithe agus dá aíonna;

(ii) i ndáil le carr a bhfuil éifeacht leis an alt seo ina leith déileálfar le caiteachas i leith aon chostais a thit ar dhuine a bhfuil baint aige leis an bhfostóir mar chaiteachas a thit ar an bhfostóir;

(iii) áireofar baint a bheith ag duine le duine eile dá n-áireofaí baint a bheith aige leis faoi alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , chun críocha Chuid IV den Acht sin;

(iv) is é is margadhluach bunaidh cairr ann an praghas (lena n-áirítear aon dleacht custam, dleacht máil, nó cáin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar an gcarr) a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis air dá mba sa Stát a dhíolfaí é, ina aonar, ar miondíol ar an margadh oscailte, díreach roimh dháta a chéadchláraithe sa Stát faoi alt 6 den Roads Act, 1920, nó faoi reachtaíocht chomhréireach níos luaithe, nó in áit eile faoi reachtaíocht chomhréireach aon tíre nó críche.

Liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe.

5. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 142:

“142A.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘áitreabh cónaithe’ maoin a shealbhaítear faoi thionóntacht—

(a) is foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais, agus

(b) is talamh atá ag áititheoir foirgnimh nó coda d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais lena áitiú agus lena theachtadh é féin i dteannta an fhoirgnimh nó na coda sin mar ghairdín nó mar thailte a ghabhann leis ar de chineál ornáideach iad;

folaíonn ‘cíos’ aon íocaíocht thréimhsiúil ar mhodh cíosa a dhéanfar in éiric seilbh speisialta a fháil ar áitreabh cónaithe, nó chun áitreabh cónaithe a úsáid, a áitiú nó a theachtadh, ach ní fholaíonn sé an riar sin d'aon chíos nó íocaíocht—

(a) a íoctar nó a dhéantar chun costas na cothabhála nó an deisiúcháin ar an áitreabh cónaithe a íoc a mbeadh an tionónta, cheal comhaontú dá mhalairt, faoi dhliteanas ina leith,

(b) a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil,

(c) a bhaineann le haon cheart nó tairbhe seachas an ceart ainmniúil áitreabh cónaithe a úsáid, a áitiú agus a theachtadh, nó

(d) is ábhar do cheart aisíocaíochta nó d'fhóirdheontas ó aon bhunadh a theachtann an duine atá ag déanamh na híocaíochta, mura rud é nach féidir an aisíocaíocht ná an fóirdheontas sin a fháil;

folaíonn ‘tionóntacht’ aon chonradh, comhaontú nó ceadúnas faoina n-íoctar cíos nó a n-íoctar cíos ina leith, ach ní fholaíonn sé—

(a) tionóntacht arb éard í, ar leith ó aon fhadú reachtúil, tionóntacht i gcomhair eastáit nó leasa ruílse nó ar feadh tréimhse chinnte 50 bliain nó níos mó,

(b) tionóntacht arb Aire de chuid an Rialtais, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó údarás tithíochta chun críocha Acht na dTithe, 1966 , an duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an chíosa i ndáil léi, nó

(c) tionóntacht a bhfuil comhaontú nó foráil ar marthain i ndáil léi faoina ndéileáiltear nó faoina bhféadtar déileáil leis an gcíos a íoctar, nó le cuid de, mar chomaoin nó mar pháirtchomaoin, i cibé foirm, chun eastát, tionóntacht nó leas breise nó níos mó a chruthú san áitreabh cónaithe lena mbaineann nó in aon mhaoin eile.

(2) (a) I ndáil le cáin ioncaim do 1983-84 agus gach bliain mheasúnachta dá éis, má chruthaíonn pearsa aonair (dá ngairtear ‘éilitheoir’ san alt seo)—

(i) go raibh sé cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, agus

(ii) sa bhliain dar chríoch an 31ú lá de Nollaig roimh an mbliain mheasúnachta sin go ndearna sé íoc aíocht i gcuntas cíosa i leith áitribh chónaithe arbh é a aon-áit nó a phríomh-áit chónaithe é i gcaitheamh na tréimhse a ndearnadh an íocaíocht ina leith,

beidh sé i dteideal asbhainte ar cóimhéid le comhiomlán na n-íocaíochtaí sin uile a cruthaíodh a bheith déanta amhlaidh, nó leis an teorainn iomchuí, cibé acu is lú:

Ar choinníoll, i gcás gur fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194, go measfar gurb é an t-éilitheoir a rinne aon íocaíochtaí a rinne a chéile, agus ar íocaíochtaí iad a mbeadh sí i dteideal faoisimh faoin alt seo ina leith dá measúnófaí í, i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 193 (ar leith ón gcoinníoll a ghabhann leis).

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘an teorainn iomchuí'—

(i) i gcás éilitheoir atá i dteideal asbhainte faoi alt 138 (a), £1,000, agus

(ii) in aon chás eile, £500.

(3) (a) I gcás ina ndéanfar íocaíocht go páirteach i gcuntas cíosa agus go páirteach i gcuntas aon ní nach cíos, déanfar cibé cionroinnt ar an íocaíocht de réir mar is gá chun an méid a íocadh i gcuntas cíosa a chinneadh chun críocha an ailt seo.

(b) Is é an cigire a dhéanfaidh aon chionroinnt a cheanglaítear leis an bhfo-alt seo agus déanfaidh sé é de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasann sé.

(c) (i) Aon duine arb éagóir leis cinneadh ón gcigire maidir le haon cheist faoin bhfo-alt seo féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuige sin a thabhairt don chigire laistigh de thríocha lá ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh dó, iarratas a dhéanamh ag éileamh faoisimh in aghaidh an chinnidh agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh.

(ii) I gcas ina ndéanfar iarratas faoi fhomhír (i), déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh amhail mar a dhéantar le hachomharc chucu in aghaidh measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).

(4) I gcás ina ndéanfar íocaíocht i gcuntas cíosa maidir le haon tréimhse measfar, chun críocha an ailt seo, gur sa bhliain ar chuid di an tréimhse sin a rinneadh an íocaíocht sin:

Ar choinníoll, i gcás an tréimhse a bheith go páirteach i mbliain amháin agus go páirteach i mbliain eile, go ndéanfar méid na híocaíochta a rinneadh i leith na tréimhse sin a chionroinnt ar gach bliain sa chomhréir atá idir an chuid den tréimhse i ngach bliain agus iomlán na tréimhse agus measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an méid a cionroinneadh amhlaidh ar bhliain, gur sa bhliain sin a íocadh é.

(5) (a) Ag gabháil le haon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo maidir le híocaíocht i gcuntas cíosa beidh—

(i) deimhniú agus ráiteas i bhfoirm (is foirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim) arna síniú ag an éilitheoir ina dtabharfar—

(A) ainm, seoladh agus uimhir thagartha cánach ioncaim an éilitheora,

(B) ainm agus seoladh an duine nó an chomhlachta daoine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun an chíosa faoin tionóntacht faoinar íocadh an cíos,

(C) seoladh poist an áitribh ar íocadh an cíos ina leith, agus

(D) sonraí iomlána na tionóntachta faoinar íocadh an cíos,

agus

(ii) maidir le gach íocaíocht i gcuntas cíosa a n-éilítear faoiseamh ina leith, admháil nó cúiteántas de bhun fhorálacha fho-alt (6),

(b) Má mhainnítear aon cheann de na sonraí a luaitear i mír (a) (i) a thabhairt nó má mhainnítear admháil nó cúiteántas a luaitear i mír (a) (ii) a thabhairt, is foras é sin chun diúltú don éileamh:

Ar choinníoll—

(i) go bhféadfaidh an cigire an ceanglas ag mír (a) (i) (B) a tharscaoileadh ar chruthúnas sásúil a fháil gur go bona fide a sháraigh ar an éilitheoir an ceanglas sin a chomhlíonadh, agus

(ii) go bhféadfaidh an cigire an ceanglas ag mír (a) (ii) a tharscaoileadh ar chruthúnas sásúil a fháil faoin gcíos iomlán a íocadh sa tréimhse iomchuí agus ar ainm agus seoladh an duine nó an chomhlachta daoine lenar íocadh é a bheith tugtha dó.

(c) (i) Aon duine arb éagóir leis cinneadh ón gcigire maidir le haon cheist faoin bhfo-alt seo féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuige sin a thabhairt don chigire laistigh de thríocha lá ón dáta ar tugadh fógra faoin gcinneadh dó, iarratas a dhéanamh, le go ndéanfadh na Coimisinéirí Achomhairc a éileamh ar fhaoiseamh a éisteacht agus a chinneadh.

(ii) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fhomhír (i), déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh amhail mar a dhéantar le hachomharc chucu in aghaidh measúnachta i leith cánach agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).

(6) (a) Má tharlaíonn, tráth ar bith tar éis dáta an Achta seo a rith, go ndéanfaidh duine (dá ngairtear ‘an tionónta’ anseo feasta san fho-alt seo), atá i dteideal faoisimh faoin alt seo nó a bhfuil cúis aige chun a chreidiúint go bhféadfadh sé a bheith i dteideal amhlaidh, íocaíocht i gcuntas cíosa agus go n-iarrfaidh an tionónta, tráth na híocaíochta sin, admháil nó cúiteántas ar an íocaíocht, tabharfaidh an duine nó an comhlacht daoine ag a mbeidh teideal tairbhiúil chun an chíosa, laistigh de 7 lá ó dháta na híocaíochta, admháil nó cúiteántas ar an íocaíocht sin don tionónta agus, ón tráth sin amach maidir le haon íocaíocht iardain i gcuntas cíosa a mbeidh teideal tairbhiúil ag an duine nó ag an gcomhlacht daoine chuige agus ar íocaíocht í a dhéanfaidh an tionónta, tabharfaidh an duine nó an comhlacht daoine, laistigh de 7 lá ó dháta na híocaíochta, admháil nó cúiteántas ar an íocaíocht don tionónta, cibé acu a iarrfar air sin a dhéanamh nó nach n-iarrfar.

(b) Is i scríbhinn a bheidh aon admháil nó cúiteántas a thabharfar de bhun an fho-ailt seo agus is é a bheidh ann—

(i) ainm agus seoladh an tionónta,

(ii) ainm agus seoladh an duine nó an chomhlachta daoine atá ag tabhairt na hadmhála nó an chúiteántais, agus

(iii) méid na híocaíochta agus an tréimhse ar ina leith atá sí á híoc.

(7) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh, d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo, maidir leis an lamháltas a thugtar leis an alt seo, nó d'aon ní atá cumhalda nó teagmhasach leis, nó, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, chun foráil dóibh seo a leanas—

(i) an cruthúnas ó éilitheoir ar íocaíocht i gcuntas cíosa,

(ii) nochtadh faisnéise ag duine a fhaigheann íocaíocht i gcuntas cíosa,

(iii) coinneáil taifead agus na taifid sin a thabhairt ar aird do dhaoine atá údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, na daoine sin d'iniúchadh na dtaifead sin agus iad do dhéanamh cóipeanna díobh nó de shleachta astu,

(iv) achomhairc maidir le hábhair a eascraíonn faoi na rialacháin nach ábhair d'achomharc a bheadh iontu ar dhóigh ar bith eile.

(b) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(8) Aon asbhaint faoin alt seo is asbhaint í in ionad, agus ní asbhaint í i dteannta, aon asbhainte a bhféadfadh an phearsa aonair a bheith ina teideal maidir leis na híocaíochtaí céanna faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim.”.

(2) Déantar leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , a leasú tuilleadh—

(a) in alt 198 (1) (a), trí “142A,” a chur isteach i bhfomhír (iv) i ndiaidh “ailt”, agus

(b) i Sceideal 15, trí “alt 142A nó Rialacháin faoi” a chur isteach i gcolún (1).

Liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83.

6. —(1) San alt seo—

tá le “fostaíocht inárachaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (1) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

ciallaíonn “díolaíochtaí sonraithe” díolaíochtaí de réir bhrí alt 111 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a eascraíonn chuig ranníocóir fostaithe sonraithe ó fhostaíocht inárachaithe;

ciallaíonn “ranníocóir fostaithe sonraithe” duine is ranníocóir fostaithe chun críocha an Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , ach ní fholaíonn sé duine—

(a) is ranníocóir fostaithe chun na gcríoch sin de bhíthin alt 65 (1) den Acht sin agus dá bhíthin sin amháin,

(b) a bhfuil éifeacht le halt 10 (7) den Acht sin ina chás, nó

(c) lena mbaineann Airteagal 7 de na Rialacháin Leasa Shóisial aigh (Modhnuithe ar Árachas), 1979 (I.R. Uimh. 87 de 1979).

(2) D'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh pearsa aonair (ar pearsa aonair is ranníocóir fostaithe sonraithe é) le muirearú i leith cánach ioncaim don bhliain 1982-83 i gcás arb éard é ioncam iomlán, nó ar cuid d'ioncam iomlán, na pearsan aonair don bhliain sin díolaíochtaí sonraithe (lena n-áirítear, i gcás ar fearchéile an phearsa aonair a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon díolaíochtaí sonraithe de chuid a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuidsean iad de réir an ailt sin chun na gcríoch dá dtagraítear san alt sin)—

(i) déanfar £312 a asbhaint ó cibé méid, más ann, de na díolaíochtaí sonraithe (ach, i gcás ar fearchéile an phearsa aonair a mheasúnaítear mar a dúradh, gan na díolaíochtaí sonraithe, más ann, de chuid a bhanchéile a chur san áireamh) a eascróidh chuig an bpearsa aonair, agus

(ii) i gcás ar fearchéile an phearsa aonair a mheasúnaítear mar a dúradh, déanfar £312 a asbhaint ó cibé méid, más ann, de na díolaíochtaí sonraithe a eascróidh chuig a bhanchéile.

(3) Aon asbhaint a bheidh le déanamh faoin alt seo ó dhíolaíochtaí sonraithe tabharfar tosaíocht di ar aon asbhaint a bheidh le déanamh ó na díolaíochtaí sin faoi alt 138B den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Na forálacha sin uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu i ndáil le hasbhaint faoin alt seo.

Leasú ar alt 152 (faoiseamh árachais saoil—forálacha ginearálta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —I ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1982-83 agus do bhlianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo alt 152 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) San fho-alt seo—

folaíonn ‘polasaí árachais’ foráil nó comhshocraíocht d'fhonn blianacht iarchurtha a áirithiú;

folaíonn ‘préimh’ cibé suim dá dtagraítear in alt 143 (1) (b);

ciallaíonn ‘téarmaí speisialta', i ndáil le polasaí árachais, téarmaí nó coinníollacha nach bhfuil, mar gheall ar imthosca speisialta a bhaineann le sláinte an duine árachaithe, chomh fabhrach, maidir le méideanna na bpréimheanna is iníoctha, leo sin a bheadh ar fáil, mura mbeadh sin, ón árachóir céanna.

(b) I gcás ar mó comhiomlán na bpréimheanna a bheidh íoctha ar pholasaí árachais ina bhfuil téarmaí speisialta ná méid comhiomlán na bpréimheanna ab iníoctha ar an bpolasaí árachais mura mbeadh téarmaí speisialta ann agus dá mbeadh sé gan athrú ar gach dóigh eile—

(i) tabharfar faoiseamh faoi ailt 143 agus 151 i leith mhéid na breise gan féachaint d'fhorálacha fho-alt (1), agus

(ii) nuair a bheidh méid aon fhaoisimh eile a bheidh le tabhairt faoi na hailt sin, seachas faoiseamh i leith na breise, á chinneadh, beidh éifeacht le fo-alt (1) amhail is dá mba rud é nár íocadh an bhreis.”.

Srian le faoiseamh i leith ús a íocadh ar iasachtaí áirithe de réir ráta laghdaithe.

8. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “fostaí”, i ndáil le fostóir, pearsa aonair atá fostaithe ag an bhfostóir sin i bhfostaíocht lena mbaineann Caibidil III de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , lena n-áirítear, i gcás inar comhlacht corpraithe an fostóir, stiúrthóir, de réir bhrí na Caibidle sin, ar an gcomhlacht corpraithe;

ciallaíonn “fostóir”, i ndáil le pearsa aonair—

(i) duine ar fostaí dó an phearsa aonair nó céile na pearsan aonair,

(ii) duine a dtiocfaidh an phearsa aonair chun bheith ina fhostaí dó tar éis don duine iasacht a thabhairt don phearsa aonair agus fad a bheidh aon chuid den iasacht, nó d'iasacht eile ina hionad, gan aisíoc,

(iii) duine a bhfuil baint aige le duine dá dtagraítear i mír (i) nó (ii);

folaíonn “iasacht” aon chineál creidmheasa agus folaíonn tagairtí d'iasacht tagairtí d'aon iasacht eile a mbaintear feidhm aisti go díreach nó go neamhdhíreach chun ionad iasachta eile a ghlacadh;

ciallaíonn “iasacht tosaíochta” iasacht, nach iníoctha aon ús ina leith nó ar iníoctha ús ina leith de réir ráta tosaíochta, a thugann duine go díreach nó go neamhdhíreach do phearsa aonair nó do chéile na pearsan aonair, ar duine é is fostóir i ndáil leis an bpearsa aonair;

ciallaíonn “ráta tosaíochta” ráta is lú ná an ráta sonraithe;

ciallaíonn “an ráta sonraithe”—

(i) faoi réir mhír (ii) den mhíniú seo, an ráta 12 faoin gcéad sa bhliain nó cibé ráta eile (más ann) a bheidh forordaithe ag an Aire Airgeadais le rialacháin, nó

(ii) i gcás—

(I) ina dtugann fostóir iasacht tosaíochta d'fhostaí,

(II) inar cuid de thrádáil an fhostóra iasachtaí a thabhairt, ar feadh téarma ainmnithe blianta, ar ráta úis nach n-athraíonn feadh ré na hiasachta, agus

(III) inar ráta is lú ná 12 faoin gcéad sa bhliain an ráta úis ar a dtugann nó ar ar thug an fostóir, i gcúrsa a thrádála an tráth ar tugadh an iasacht tosaíochta, iasachtaí ar neamhthuilleamaí do dhaoine, seachas fostaithe, chun teach cónaithe a cheannach lena áitiú ag an iasachtaí mar áit chónaithe,

an chéad ráta a luaitear i bhfomhír (III).

(b) Chun críocha an ailt seo measfar baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí baint a bheith aige leis chun críocha alt 8 den Acht Airgeadais, 1978 .

(c) San alt seo folaíonn tagairt d'iasacht a bheith á tabhairt ag duine tagairt do dhuine a ghabhann air féin cearta agus dliteanais an duine a thug an iasacht i gcéaduair agus tagairt do dhuine a shocraíonn, a ráthaíonn nó a éascaíonn ar bhealach ar bith iasacht nó buanú iasachta atá ann cheana féin.

(2) Más rud é, tráth ar bith le linn bliana measúnachta arb í an bhliain 1982-83 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í, go dtabharfaidh duine iasacht nó iasachtaí tosaíochta go díreach nó go neamhdhíreach do phearsa aonair agus gur duine é atá, tráth na hiasachta a thabhairt, nó a thiocfaidh chun bheith tráth éigin tar éis na hiasachta a thabhairt, ina fhostóir i ndáil leis an bpearsa aonair, ansin, faoi réir fhorálacha fho-alt (4), áireofar chun críocha alt 110 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó, i gcás ina mbeadh brabúis nó gnóchain ó fhostaíocht leis an duine sin inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D, chun na gcríoch a bhaineann le muirearú i leith cánach faoin gCás sin III, suim a bheith faighte ag an bpearsa aonair sa bhliain mheasúnachta sin mar pheircis oifige nó fostaíochta leis an duine sin arb ionann di agus—

(a) mura bhfuil aon ús iníoctha ar an iasacht nó ar na hiasachtaí tosaíochta, an méid úis ab iníoctha sa bhliain sin, dá mbeadh ús iníoctha ar an iasacht nó ar na hiasachtaí de réir an ráta shonraithe, nó

(b) má íoctar nó más iníoctha ús de réir ráta nó rátaí tosaíochta, an difríocht idir an méid comhiomlán úis a íoctar nó is iníoctha sa bhliain sin agus an méid úis ab iníoctha sa bhliain sin dá mbeadh ús iníoctha ar an iasacht nó ar na hiasachtaí de réir an ráta shonraithe,

agus déanfar an phearsa aonair nó, i gcás pearsa aonair is banchéile a bhfuil a fearchéile inmhuirearaithe i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar fearchéile na pearsan aonair, a mhuirearú i leith cánach dá réir sin.

(3) Más rud é, sa bhliain 1982-83 nó in aon bhliain mheasúnachta dá éis, go dtabharfaidh duine iasacht go díreach nó go neamhdhíreach do phearsa aonair agus gur duine é atá, tráth na hiasachta a thabhairt, nó a thiocfaidh chun bheith tráth éigin tar éis na hiasachta a thabhairt, ina fhostóir i ndáil leis an bpearsa aonair, agus go ndéanfar an iasacht nó aon ús is iníoctha ar an iasacht a urscaoileadh nó a dhíscríobh, go hiomlán nó go páirteach, measfar, chun críocha alt 110 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó, i gcás ina mbeadh brabúis nó gnóchain ó fhostaíocht leis an duine sin inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás III de Sceideal D chun na gcríoch a bhaineann le muirearú i leith cánach faoin gCás sin III, suim a bheith faighte ag an bpearsa aonair sa bhliain mheasúnachta inar tharla an t-urscaoileadh nó an díscríobh, mar pheircis oifige nó fostaíochta leis an duine sin, arb ionann di agus an tsuim a dhéantar a urscaoileadh nó a dhíscríobh agus déanfar an phearsa aonair nó, i gcás pearsa aonair is banchéile a bhfuil a fearchéile inmhuirearaithe i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déanfar fearchéile na pearsan aonair, a mhuirearú i leith cánach dá réir sin.

(4) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta, go bhfuil suim inmhuirearaithe i leith cánach faoi fho-alt (2) i leith iasachta nó iasachtaí tosaíochta nó faoi fho-alt (3) i leith méid úis a dhéantar a dhíscríobh nó a urscaoileadh measfar, chun críocha ailt 76 (1) agus 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus mhír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, gur íoc an phearsa aonair dár tugadh an iasacht nó na hiasachtaí, sa bhliain mheasúnachta, méid nó méid breise úis, cibé acu é, is ionann agus an tsuim sin, ar an iasacht nó ar na hiasachtaí nó measfar chun na gcríoch sin gur íoc an phearsa aonair arbh aige ab iníoctha an t-ús a dhéantar a dhíscríobh nó a urscaoileadh, sa bhliain mheasúnachta, an t-ús a dhéantar a urscaoileadh nó a dhíscríobh.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le hiasacht a thabharfaidh fostóir, ar pearsa aonair é, agus a suífear gur i gcúrsa rialta a chaidreamh baile, teaghlaigh nó pearsanta a tugadh é.

(6) Leasaítear leis seo alt 178 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (aa)—

“(aa) sonraí a bhaineann le haon iasacht tosaíochta, de réir bhrí alt 8 den Acht Airgeadais, 1982 , atá tugtha, urscaoilte nó díscríofa aige, go hiomlán nó go páirteach, agus sonraí a bhaineann le haon ús atá urscaoilte, díscríofa nó aisíoctha aige go hiomlán nó go páirteach agus ab iníoctha nó a íocadh ar iasacht tosaíochta; agus”.

(7) Ní díolaíochtaí chun críche alt 138B den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon mhéid is inmhuirearaithe i leith cánach de bhua an ailt seo.

(8) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 10 den Acht Airgeadais, 1979 , i ndáil leis an mbliain 1982-83 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis.

(9) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Athlaochra Chogadh na Saoirse.

9. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “seirbhís mhíleata” comhlíonadh dualgais mar chomhalta d'eagraíocht lena mbaineann Cuid II den Acht Arm-Phinsean, 1932 , ach folaíonn sé seirbhís mhíleata de réir bhrí na Coda sin den Acht sin, seirbhís mhíleata de réir bhrí Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 , agus seirbhís sna Fórsaí de réir bhrí Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934 ;

ciallaíonn “reachtaíocht iomchuí” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1980, Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1964, na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1964, aon Acht arna rith roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis do leasú aon cheann de na hAchtanna sin agus aon rialachán (a mhéid a dhéanann sé difear do phinsean, liúntas, sochar nó aisce faoi aon cheann de na hAchtanna sin nó faoi aon Acht arna rith amhlaidh) arna dhéanamh roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis faoi Acht na bPinsean (Méadú), 1964 , nó faoi aon cheann de na hAchtanna sin nó faoi aon Acht den sórt sin arna rith amhlaidh;

ciallaíonn “seirbhís mhíleata iomchuí” seirbhís mhíleata i rith aon choda de thréimhse dá dtagraítear in alt 5 (2) den Acht Arm-Phinsean, 1932 , nó, i gcás duine cháilithe de réir bhrí an Achta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936, na himthosca dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'alt 2 den Acht sin;

ciallaíonn “athlaoch Chogadh na Saoirse”—

(a) duine a bhí ina chomhalta d'eagraíocht lena mbaineann Cuid II den Acht Arm-Phinsean, 1932 , nó duine cáilithe de réir bhrí an Achta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936, agus

(b) duine a raibh gabháil aige le seirbhís mhíleata iomchuí.

(2) Aon phinsean, liúntas, sochar nó aisce, a mhéid a bhaineann sé le seirbhís mhíleata iomchuí athlaoch Chogadh na Saoirse, nó le teagmhas a tharla le linn nó de dhroim na seirbhíse míleata iomchuí sin, a íoctar faoin reachtaíocht iomchuí—

(a) leis an athlaoch sin, nó

(b) le banchéile nó baintreach nó leanbh nó cleithiúnaí nó páirtchleithiúnaí an athlaoich sin,

beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní áireofar é nuair a bheidh ioncam chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim á ríomh.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo don bhliain 1980-81 agus do bhlianta measúnachta dá éis.

Leasú ar alt 485 (gnóthú ag an sirriam nó ag an gcláraitheoir contae) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

10. —Leasaítear leis seo alt 485 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le héifeacht amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith—

(a) trí “£15,000” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) i míreanna (a) agus (b), agus

(b) trí “£2,500” a chur in ionad “£250” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) i míreanna (b) agus (c),

agus tá na míreanna sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an ait seo.

AN TÁBLA

(a) más mó ná £15,000 an tsuim a dheimhneofar sa deimhniú a bheith gan íoc, cibé táillí agus costais, arna ríomh de réir na scálaí a bheidh ceaptha ag an Aire Dlí agus Cirt faoi mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is táillí agus costais a bheadh teideal aige a mhuirearú nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe de réir bhrí an Achta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 , (dá ngairtear “ordú forghníomhaithe” san alt seo) ón Ard-Chúirt an deimhniú,

(b) más mó ná £2,500 ach nach mó ná £15,000 an tsuim a dheimhneofar sa deimhniú a bheith gan íoc, cibé táillí agus costais, arna ríomh de réir na scálaí sin, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é), a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú, is a bheadh sé i dteideal a mhuirearú nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón gCúirt Chuarda an deimhniú, agus

(c) mura mó ná £2,500 an tsuim a dheimhneofar sa deimhniú a bheith gan íoc, cibé táillí agus costais arna ríomh de réir na scálaí sin, a mhuirearú agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an tsuim sin agus (in aon chás) a thobhach faoin deimhniú a bheadh sé i dteideal a mhuirearú nó a chur leis an tsuim sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhaithe ón gCúirt Dúiche an deimhniú.

Leasú ar alt 486 (cumhacht ag an mBailitheoir agus ag oifigigh údaraithe agra a dhéanamh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

11. —Leasaítear leis seo alt 486 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le héifeacht amhail ar agus ó dháta an Achta seo a rith—

(a) trí “£15,000” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) i bhfo-alt (1), agus

(b) trí “£2,500” a chur in ionad “£250” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972 ) i bhfo-alt (2),

agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) I gcás nach mó ná £15,000 an méid atá dlite (cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis) maidir le cáin ioncaim, féadfaidh an Bailitheoir nó an t-oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe go cuí chun an cháin sin a bhailiú agra a dhéanamh ina ainm féin sa Chúirt Chuarda i leith an mhéid sin a dúradh atá dlite amhlaidh mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais.

(2) I gcás nach mó ná £2,500 an méid atá dlite amhlaidh, féadfaidh an Bailitheoir nó an t-oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe go cuí an cháin sin a bhailiú agra a dhéanamh ina ainm féin sa Chúirt Dúiche i leith an méid sin a dúradh atá dlite amhlaidh mar fhiach atá dlite don Aire Airgeadais.

Leasú ar alt 7 (faoiseamh in aghaidh caiteachais áirithe ar áitreabh cónaithe) den Acht Airgeadais, 1979 .

12. —Beidh éifeacht le halt 7 den Acht Airgeadais, 1979 , agus leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, chun méid an ioncaim a fhionnadh a mbeidh cáin ioncaim le muirearú ar dhuine ina leith don bhliain 1982-83, ionann is dá ndéanfaí—

(a) “1982-83” a chur in ionad “1979-80” i bhfo-alt (1) agus an coinníoll seo a leanas a chur leis an bhfo-alt sin:

“Ar choinníoll freisin, i gcás gur fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an t-éilitheoir, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá gcuirfí ‘£900’ in ionad ‘£450”',

agus

(b) i mír 1 den Sceideal sin—

(i) “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1982, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1983” a chur in ionad “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1980” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”, agus

(ii) “an 5ú lá d'Aibreán, 1982” a chur in ionad “an 5ú lá d'Aibreán, 1979” sa mhíniú ar “áitreabh cónaithe”,

agus

(c) “1982-83” a chur in ionad “1979-80” i mír 4 (1) den Sceideal sin.

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta

Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar luachanna stoic.

13. —(1) Más rud é, le linn brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht maidir leis an mbliain 1982-83 le hasbhaint a lamháiltear de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) beidh feidhm agus éifeacht le halt 31 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1975 (arna chur chun feidhme le halt 12 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1976 ) ionann is dá scriosfaí “lúide 20% dá brabúis trádála don tréimhse sin”,

(b) beidh éifeacht leis an alt sin 12 ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ), agus

(c) is é a bheidh i méid na hasbhainte sin, faoi réir fhorálacha fhomhír (i) den alt sin 31 (4) (a), a haon déag de dheichithe de mhéid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin arna ríomh de réir mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo.

(2) Má bhíonn asbhaint le déanamh faoi fho-alt (2) d'alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , i ndáil le trádáil na feirmeoireachta do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis, is é a bheidh i méid na hasbhainte sin, faoi réir fhorálacha fho-alt (4) (a) (i) den alt sin 31A, a haon déag de dheichithe den mhéid arbh é méid na hasbhainte é murach sin.

(3) I gcás ina raibh éifeacht leis an alt seo le linn na brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh agus ina mbeifear, de réir alt 31A (7) den Acht Airgeadais, 1975 , nó de réir alt 12 (5) den Acht Airgeadais, 1976 , le déileáil le laghdú ar luach stoic mar fháltas trádála ó thrádáil na feirmeoireachta sin do thréimhse chuntasaíochta iardain, measfar, chun an méid a mbeifear le déileáil leis amhlaidh a fhionnadh, gurb éard é méid an laghdaithe sin méid is ionann agus a haon déag de dheichithe den laghdú sin:

Ar choinníoll nach mó an méid a mbeidh laghdú ar luach stoic do thréimhse chuntasaíochta le méadú faoin bhfo-alt seo ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(A - B) - (C - D)

i gcás:

arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí, a raibh éifeacht le fo-alt (1) (c) nó fo-alt (2), mar is iomchuí, ina leith agus iad arna méadú faoin bhfo-alt sin, arbh asbhaintí iad a rinneadh le linn na brabúis ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a bheith á ríomh,

arb é B méid comhiomlán na n-asbhaintí a áiríodh in A sular méadaíodh iad faoi fhorálacha fho-alt (1) (c) nó fho-alt (2),

arb é C méid comhiomlán na laghduithe ar stoc trádála, a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo ina leith agus iad arna méadú faoin bhfo-alt seo, ar déileáladh leo mar fháltais trádála ó thrádáil na feirmeoireachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin, agus

arb é D méid comhiomlán na laghduithe a áiríodh i C sular méadaíodh iad faoi fhorálacha an fho-ailt seo.

Leasú ar alt 477 (am le cáin a íoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

14. —Beidh éifeacht le halt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá ndéanfaí i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 )—

(a) “1982-83” a chur in ionad “1980-81” i mír (a), agus

(b) “1982” a chur in ionad “1980” agus “1983” a chur in ionad “1981” gach áit ina bhfuil siad i mír (b).

Leasú ar alt 21A (creidmheas i leith rátaí) den Acht Airgeadais, 1974 .

15. —Maidir le measúnachtaí don bhliain 1982-83, beidh feidhm ag alt 21A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Airgeadais, 1974 , ionann is dá gcuirfí na míreanna seo a leanas in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1):

“(a) déanfar an méid cánach is inmhuirearaithe amhlaidh don bhliain 1982-83 a laghdú leath na rátaí ab iníoctha don bhliain airgeadais áitiúil roimh an mbliain mheasúnachta sin;

(b) le linn na brabúis nó na gnóchain sin don bhliain 1982-83 a bheith á ríomh, ní mó an tsuim a bheidh le hasbhaint i leith na rátaí ab iníoctha don bhliain airgeadais áitiúil roimh an mbliain mheasúnachta sin ná leath na suime a dhéanfaí a asbhaint amhlaidh murach an mhír seo agus, ar leith ón gcéad suim a luaitear, ní asbhainfear aon suim eile i leith rátaí:”.

Leasú ar alt 22 (feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile) den Acht Airgeadais, 1974 .

16. —Leasaítear leis seo alt 22 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1974 , maidir le haon chaiteachas caipitiúil a thabhófar an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó dá éis—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás ina dtabhóidh duine lena mbaineann an t-alt seo, le trádáil a sheoladh ag feirmeoireacht ar thalamh atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh feirme (seachas foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais), fálta nó oibreacha eile, tabharfar dó le linn tréimhse síos-scríofa deich mbliana dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas sin, liúntais síos-scríofa (dá ngairtear ‘liúntais foirgneamh feirme’ san alt seo) i leith an chaiteachais sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar, faoi réir mhír (b), an liúntas foirgneamh feirme a bheidh le deonú in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine a mbeidh an liúntas le tabhairt dó nuair a bheidh a éileamh ar an liúntas á dhéanamh aige agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an gcoinníoll seo, go ndéanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach do liúntas foirgneamh feirme arna thabhairt faoin alt seo a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin gcoinníoll seo, agus

(b) nach mó an liúntas foirgneamh feirme uasta a thabharfar faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe ná trí dheichiú den chaiteachas caipitiúil lena mbaineann an liúntas foirgneamh feirme sin.”,

agus

(b) trí fho-alt (4) a scriosadh.

Caibidil III

Cáin Acmhainne

Forálacha a bhaineann le cáin acmhainne do scor.

17. —(1) D'ainneoin aon ní i gCaibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980

(a) ní dhéanfar aon mheasúnacht i leith cánach acmhainne, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, maidir leis an mbliain 1980-81,

(b) i gcás ina mbeidh achomharc déanta in aghaidh measúnachta i leith cánach acmhainne don bhliain sin ach nach mbeidh cinneadh déanta ar an achomharc, déanfar an mheasúnacht a urscaoileadh.

(c) i gcás inar measúnacht chríochnaitheach dhochloíte measúnacht i leith cánach acmhainne don bhliain sin, déanfar an cháin is iníoctha maidir leis an measúnacht a mhaitheamh, agus

(d) déanfar aon cháin acmhainne a bheidh íoctha maidir le measúnacht don bhliain sin a aisíoc.

(2) Chun na gcríoch a bhaineann le haisíoc cánach acmhainne de bhun fho-alt (1) (d), measfar gur cáin ioncaim í an cháin acmhainne.

Caibidil IV

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Díolúine ag íocaíochtaí agus deontais fostaíochta.

18. —(1) Ní thabharfar aird chun críocha uile na nAchtanna Cánach ar íocaíocht nó ar dheontas lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le haon íocaíocht a dhéantar nó aon deontas a thugtar, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, arb éard é—

(a) íocaíocht le fostóir faoin Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí i leith duine atá ar fostú aige, nó

(b) deontas fostaíochta faoi alt 2 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981 .

Faoiseamh i leith caiteachais ar fhoirgnimh shuntasacha.

19. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “foirgneamh formheasta” foirgneamh lena mbaineann fo-alt (4);

ciallaíonn “duine údaraithe”:—

(a) cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo, nó

(b) duine atá ainmnithe ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn agus atá údaraithe acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo;

tá le “tréimhse inmhuirearaithe” an bhrí a shanntar dó le mír 1 (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” caiteachas a thabhaítear ar dheisiú, ar chothabháil nó ar aisiriú foirgnimh fhormheasta nó ar chothabháil nó ar aisiriú aon talamh atá á háitiú nó á teachtadh le foirgneamh formheasta mar chuid dá ghairdín nó dá thailte ar de chineál ornáideach iad.

(b) Chun críocha an ailt seo ní mheasfar gur tabhaíodh caiteachas a mhéid a bheidh aon suim i leith, nó faoi threoir, na hoibre lena mbaineann sé faighte nó le fáil go díreach nó go neamhdhíreach ag an duine a bheidh ag déanamh éilimh ina leith faoi fho-alt (2) ón Stát, ó aon údarás poiblí nó áitiúil, ó aon duine eile nó faoi aon chonradh árachais nó ar mhodh cúitimh nó eile.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás ina gcruthóidh duine, tar éis dó éileamh a dhéanamh chuige sin, gur thabhaigh sé, an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó dá éis, i dtréimhse inmhuirearaithe, caiteachas cáilitheach i leith foirgnimh fhormheasta atá ar úinéireacht nó á áitiú aige, beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach amhail is dá mba éard é méid an chaiteachais cháilithigh caillteanas a bhain dó sa tréimhse inmhuirearaithe i dtrádáil a bhí á seoladh ag an duine ar leithligh ó aon trádáil a bhí á seoladh iarbhír ag an duine sin.

(3) Ní cheadófar faoiseamh ar bith faoin alt seo i ndáil le caiteachas a bhféadfar faoiseamh a éileamh ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach.

(4) (a) Baineann an fo-alt seo le foirgneamh sa Stát ar foirgneamh é a mbeidh, tar éis iarratas a dhéanamh chucu chuige sin ag duine a bhfuil an foirgneamh ar úinéireacht nó á áitiú aige—

(i) cinneadh déanta ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn gur foirgneamh é is díol suntais ann féin ó thaobh eolaíochta, staire, ailtireachta nó maisiúlachta, agus

(ii) cinneadh déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim gur foirgneamh é a bhfuil rochtain réasúnach ag an bpobal air.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht an cheanglais i dtaobh rochtain réasúnach a bheith ag an bpobal, ní mheasfar gur rochtain réasúnach ag an bpobal rochtain ar fhoirgneamh mura rud é—

(i) go mbeidh rochtain an tráth céanna ar an bhfoirgneamh go hiomlán nó ar mhórchuid de, agus

(ii) faoi réir aon dúnadh sealadach is gá chun an foirgneamh a dheisiú, a chothabháil nó a aisiriú, go mbeidh rochtain air amhlaidh ar feadh tríocha lá ar a laghad in aon bhliain agus ar gach lá mar sin go mbeidh rochtain air ar shlí réasúnach agus ag tráthanna réasúnacha ar feadh tréimhse, nó tréimhsí nach lú san iomlán ná ceithre huaire a chloig, agus

(iii) gur dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur praghas de mhéid réasúnach an praghas, más aon phraghas é, a íocann an pobal as an rochtain sin agus nach praghas é a oibríonn chun an pobal a chosc ó rochtain ar an bhfoirgneamh a lorg.

(c) I gcás ina ndéanfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn cinneadh i ndáil le foirgneamh faoi mhír (a) agus, de bharr aon athrú a rinneadh ar an bhfoirgneamh, nó aon mheathlú ar an bhfoirgneamh, tar éis an cinneadh a dhéanamh, go measfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nach foirgneamh é an foirgneamh ar díol suntais ann féin é a thuilleadh ó thaobh eolaíochta, staire, ailtireachta nó maisiúlachta, féadfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'úinéir nó d'áititheoir an fhoirgnimh, an cinneadh a chúlghairm le héifeacht ón dáta a measfaidh siad gur scoir an foirgneamh de bheith ina fhoirgneamh ar díol suntais ann féin é ó thaobh eolaíochta, staire, ailtireachta nó maisiúlachta, agus scoirfidh an fo-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an bhfoirgneamh ón dáta sin.

(d) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh i ndáil le foirgneamh faoi mhír (a), agus go scoirfear de rochtain réasúnach ar an bhfoirgneamh a bheith ag an bpobal, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt d'úinéir nó d'áititheoir an fhoirgnimh, an cinneadh a chúlghairm le héifeacht ón dáta a measfaidh siad gur scoir an rochtain sin amhlaidh, agus

(i) scoirfidh an fo-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an bhfoirgneamh ón dáta sin, agus

(ii) má bhíonn faoiseamh tugtha faoin alt seo i leith caiteachas cáilitheach a tabhaíodh i ndáil leis an bhfoirgneamh sin sa tréimhse cúig bliana dar críoch an dáta óna bhfuil éifeacht ag an gcúlghairm, déanfar an faoiseamh sin a tharraingt siar agus déanfar na measúnachtaí nó na measúnachtaí breise sin uile is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(5) (a) I gcás ina ndéanfaidh duine éileamh faoi fho-alt (2), féadfaidh duine údaraithe, aon tráth réasúnach, dul isteach san fhoirgneamh ar ina leith a tabhaíodh an caiteachas cáilitheach chun an foirgneamh a iniúchadh nó chun an obair a scrúdú ar ina leith a tabhaíodh an caiteachas lena mbaineann an t-éileamh.

(b) Cibé uair a fheidhmeoidh duine údaraithe aon chumhacht a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, déanfaidh sé, má iarrtar air é, a údarás chun críocha an ailt seo a thabhairt ar aird d'aon duine lena mbaineann.

(c) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh duine údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(6) Aon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo—

(a) is i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim ó am go ham a dhéanfar é, agus

(b) beidh ag gabháil leis cibé ráitis i scríbhinn maidir leis an gcaiteachas ar a bhfuil faoiseamh á éileamh, lena n-áirítear ráitis ó dhaoine lena ndearnadh íocaíochtaí, a shonrófar leis an bhfoirm fhorordaithe.

Caiteachais fialachta gnó.

20. —(1) Maidir le haon chaiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó dá éis, ag soláthar fialachta gnó, ní dhéanfar aon suim—

(a) a asbhaint le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan is inmhuirearaithe i leith cánach faoi Sceideal D a bheith á ríomh, ná

(b) a áireamh le linn aon chaiteachais bhainistí a bheith á ríomh a bhféadfar asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 15 nó 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ná.

(c) a lamháil faoi Riail 3 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) (a) I gcás aon sócmhainn a úsáid nó a bheith curtha ar fáil lena húsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun fialacht ghnó a sholáthar, ní thabharfar aon liúntas faoi aon cheann de na forálacha sonraithe don bhliain 1982-83 ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis ná d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, maidir le húsáid na sócmhainne nó maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na sócmhainne a mhéid is gur le haghaidh na fialachta gnó sin a úsáidtear nó a úsáidfear í.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “na forálacha sonraithe” alt 241, Caibidil III de Chuid XIV, Caibidlí I agus III de Chuid XV agus Caibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 .

(3) I gcás aon duine folaíonn na caiteachais lena mbaineann fo-alt (1) aon suim a d'íoc sé le comhalta dá fhoireann nó thar ceann an chomhalta sin nó a chuir sé ar chur an chomhalta sin chun caiteachais a íoc a thabhaigh nó a thabhóidh sé ag soláthar fialachta gnó.

(4) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “fialacht ghnó” fialacht (lena n-áirítear cóiríocht, bia agus deoch nó aon chineál eile oinigh a sholáthar in aon chúinsí ar bith) arna soláthar go díreach nó go neamhdhíreach—

(a) ag aon duine (dá ngairtear “an chéad duine a luaitear” anseo feasta), nó

(b) ag aon duine is comhalta d'fhoireann an chéad duine a luaitear, nó

(c) ag aon duine a sholáthraíonn nó a thugann aon seirbhís don chéad duine a luaitear i gcás ar fialacht í an fhialacht a sholáthraítear le linn an tseirbhís a bheith á soláthar nó á tabhairt nó i gcás ar fialacht í atá teagmhasach le soláthar nó tabhairt na seirbhíse sin.

i ndáil le trádáil a sheolann an chéad duine a luaitear ach ní fholaíonn sé aon ní a sholáthraíonn sé do chomhaltaí bona fide dá fhoireann mura rud é go ngabhann a sholáthar dóibhsean lena sholáthar do dhaoine eile freisin.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le bronntanas a sholáthar mar atá feidhm aige i ndáil le fialacht a sholáthar.

(6) San alt seo—

folaíonn tagairt do chaiteachais a tabhaíodh ag soláthar fialachta nó d'úsáid sócmhainne chun an fhialacht sin a sholáthar, tagairt do chaiteachais a tabhaíodh ag soláthar aon ní atá teagmhasach leis sin nó tagairt d'úsáid sócmhainne chun an ní sin a sholáthar;

folaíonn tagairt do thrádáil tagairt do ghnó, do ghairm nó d'fhostaíocht;

maidir le tagairt a dhéantar do chomhaltaí d'fhoireann duine is tagairt í do dhaoine atá fostaithe ag an duine sin, ach chun na críche seo measfar gur daoine atá fostaithe ag cuideachta stiúrthóirí na cuideachta nó daoine atá ag gabháil do bhainistí na cuideachta.

(7) (a) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le forálacha alt 24 (1A) den Acht Airgeadais, 1973 , maidir le haon chaiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó dá éis.

(b) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le forálacha alt 24 den Acht Airgeadais, 1973 (seachas forálacha fho-alt (1A)) don bhliain 1982-83 ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis ná d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis.

(8) (a) Más rud é, de bharr seirbhís a sholáthar nó a thabhairt, go n-íoctar nó gurb iníoctha aon mhéid le duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (c), measfar gur tabhaíodh ag soláthar fialachta gnó cibé riar den mhéid is ionann agus costas aon fhialachta gnó a sholáthraítear i gcúrsa na seirbhíse nó atá teagmhasach le soláthar nó tabhairt na seirbhíse sin.

(b) Is é an cigire, de réir mar is fearr is eol dó agus a mheasann sé, a chinnfidh costas aon fhialachta gnó.

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda cinneadh a rinneadh faoi mhír (b) a leasú ar éisteacht, nó ar athéisteacht, achomhairc in aghaidh aon asbhainte (lena n-áirítear cás nach ndeonaítear aon asbhaint ina leith) a deonaíodh de bhonn an chinnidh.

Srian le faoiseamh i leith úis.

21. —(1) San alt seo agus in ailt 22 agus 23—

ciallaíonn “gaol cleithiúnach”, i ndáil le pearsa aonair, aon duine de na daoine a luaitear i míreanna (a) nó (b) d'alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhfuil an phearsa aonair i dteideal asbhainte ina leith faoin alt sin;

ciallaíonn “iasacht” aon iasacht nó airleacan nó aon chomhshocraíocht ar bith eile ar dá bua a íoctar nó is iníoctha ús;

ciallaíonn “an dáta feidhme” an 25ú lá de Mhárta, 1982;

ciallaíonn “na príomh-ailt” ailt 76 (1) agus 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 agus mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin;

ciallaíonn “iasacht cháilitheach”, i ndáil le pearsa aonair, iasacht, gan úsáid a bheith bainte aisti chun aon chríche eile, a úsáideann an phearsa aonair d'aontoisc ag íoc airgid as a mbaintear leas chun áit chónaithe cháilitheach a cheannach, a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú nó chun íoc as iasacht eile a úsáidtear chun na críche sin;

ciallaíonn “áit chónaithe cháilitheach”, i ndáil le pearsa aonair, áitreabh cónaithe sa Stát nó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór, a úsáidtear—

(a) mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe don phearsa aonair, nó

(b) mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe d'iarchéile nó do chéile idirscartha dá chuid, nó

(c) mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaithe do dhuine ar gaol cleithiúnach é i ndáil leis an bpearsa aonair agus, i gcás inarb é an phearsa aonair a sholáthraíonn an t-áitreabh cónaithe, go soláthraítear é saor ó chíos agus gan comaoin ar bith eile;

ciallaíonn “áitreabh cónaithe”—

(a) foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear, nó atá oiriúnach lena úsáid, mar theaghais, agus

(b) talamh a úsáideann áititheoir foirgnimh nó coda d'fhoirgneamh mar theaghais lena áitiú agus lena theachtadh é féin i dteannta an fhoirgnimh nó na coda sin mar ghairdín nó mar thailte a ghabhann leis ar de chineál ornáideach iad;

ciallaíonn “idirscartha” idirscartha faoi ordú ó chúirt dlínse inniúla nó le gníomhas idirscartha nó in imthosca ar dóigh don idirscaradh a bheith buan.

(2) Faoi réir fhorálacha fho-alt (9), maidir le mír (a), ní bheidh feidhm ag na príomh-ailt—

(a) maidir le haon ús a íocadh nó is iníoctha ar iasacht a tugadh tar éis an dáta feidhme, ná

(b) maidir le hús a íocadh nó is iníoctha an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó dá éis, ar iasacht a tugadh ar an dáta feidhme nó roimh an dáta sin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hús a íocadh nó is iníoctha ag pearsa aonair ar iasacht is iasacht cháilitheach i ndáil leis an bpearsa aonair.

(3) (a) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2), beidh feidhm ag na príomh-ailt—

(i) i gcás na bliana measúnachta 1982-83, 1983-84 nó 1984-85, maidir le méid nó le méid comhiomlán aon úis a íocadh nó is iníoctha ar iasacht nó ar iasachtaí a tugadh tar éis an dáta feidhme, agus

(ii) i gcás na bliana measúnachta 1985-86 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis, maidir le méid nó le méid comhiomlán aon úis a íocadh nó is iníoctha ar iasacht nó ar iasachtaí a tugadh tráth ar bith,

a mhéid nach mó ná an teorainn shonraithe don bhliain mheasúnachta méid na hiasachta nó méid comhiomlán na n-iasachtaí ar ar íocadh nó ar arb iníoctha an t-ús sin i mbliain mheasúnachta agus, más mó ná an teorainn shonraithe don bhliain mheasúnachta an méid sin nó an méid comhiomlán sin ar ar íocadh nó ar arb iníoctha ús ar an iasacht nó ar na hiasachtaí, ní bheidh feidhm ag na príomh-ailt ach amháin maidir le cibé riar den ús sin a bhfuil idir é agus iomlán an úis sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den mhéid sin nó den mhéid comhiomlán sin nach mó ná an teorainn shonraithe agus iomlán an mhéid sin nó an mhéid chomhiomláin sin.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “teorainn shonraithe”, i ndáil le bliain mheasúnachta—

(i) i gcás fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , £5,000,

(ii) i gcás baintreach fir nó mná, £3,600, nó

(iii) in aon chás eile, £2,500.

(4) Measfar, chun críocha an ailt seo agus ailt 22 agus 23, iasacht a bheith tugtha ar an dáta ar a ndearnadh conradh ceangailteach i ndáil leis an iasacht a thabhairt:

Ar choinníoll—

(a) maidir le hiasacht, gan úsáid a bheith bainte aisti chun aon chríche eile, a úsáidtear d'aontoisc chun íoc as iasacht eile go measfar í a bheith tugtha an dáta a measadh an iasacht eile a bheith tugtha, agus

(b) go measfar iasacht, is iasacht cháilitheach, a bheith tugtha an dáta ar ar thug an duine a raibh an iasacht á tabhairt aige geallúint i scríbhinn chun an iasacht, agus méid sonraithe inti, a airleacan maidir le háit chónaithe cháilitheach shonraithe má úsáidtear an iasacht chun críche a shonraítear sa mhíniú ar “iasacht cháilitheach” i bhfo-alt (1) laistigh de shé mhí ón dáta sin nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim mar thréimhse is iomchuí d'imthosca an cháis, agus

(c) i gcás ina ndéanfar athrú sna téarmaí faoina dtugtar iasacht (seachas athrú sa ráta úis, nó sa tréimhse a bhfuil iasacht inaisíoctha thairsti, a dhéanfar i ngnáthchúrsa gnó i ndáil leis na hiasachtaí uile den aicme chéanna) nó ina méadófar méid na hiasachta nó ina ndéanfar aon mhéid den iasacht a bheidh aisíoctha a athairleacan faoin gconradh céanna a ndearnadh an t-airleacan bunaidh faoi—

(i) i ndáil le haon ús nó ús breise a íocadh nó is iníoctha, de bhua an athraithe, an mhéadaithe nó an athairleacain, sa tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach dáta an athraithe, an mhéadaithe nó an athairleacain sin, go measfar an iasacht a bheith tugtha ar an dáta sin, agus

(ii) i ndáil le haon ús de chineál ar bith a íocadh nó is iníoctha ar an iasacht tar éis dheireadh na tréimhse dhá mhí dhéag sin, lena n-áirítear ús ar mhéid bunaidh na hiasachta, ar an méid méadaithe nó ar an méid a athairleacadh, go measfar an iasacht a bheith tugtha ar an dáta a luaitear i bhfomhír (i).

(5) D'ainneoin aon ní san alt seo, ní iasacht cháilitheach iasacht i ndáil le pearsa aonair má úsáidtear í chun airgead a íoc ar baineadh feidhm as—

(a) chun áitreabh cónaithe nó aon leas ann a cheannach ó dhuine is céile an cheannaitheora, nó

(b) chun áitreabh cónaithe nó aon leas ann a cheannach más rud é, tráth ar bith tar éis an dáta feidhme, go ndearna an ceannaitheoir nó a chéile an t-áitreabh sin nó an leas sin a dhiúscairt nó má rinneadh aon leas is leas frithdhílse don leas a ceannaíodh a dhiúscairt amhlaidh tar éis an dáta sin, nó

(c) chun áitreabh cónaithe a cheannach, a dheisiú, a fhorbairt nó a fheabhsú agus go bhfuil baint ag an duine a fuair an t-airgead go díreach nó go neamhdhíreach leis an bpearsa aonair agus go ndealraíonn sé gur mó go mór praghas ceannaigh an áitribh ná luach gach a bhfuarthas nó, de réir mar a bheidh, gur mó go mór costas an deisithe, na forbartha nó an fheabhsaithe ná luach na hoibre a rinneadh:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag forálacha mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo i gcás fearchéile agus banchéile atá idirscartha.

(6) I gcás ina bhfaighidh pearsa aonair aon-áit chónaithe nua nó príomh-áit chónaithe nua ach nach ndiúscróidh sé an aon-áit chónaithe nó an phríomh-áit chónaithe a bhí aige roimhe sin agus go suífidh sé chun sástacht an chigire go raibh ar intinn aige, an tráth a fuair sé an aon-áit chónaithe nua nó an phríomh-áit chónaithe nua, diúscairt a dhéanamh ar an aon-áit chónaithe nó ar an bpríomh-áit chónaithe a bhí aige roimhe sin agus go bhfuil gach beart réasúnach is gá chun í a dhiúscairt glactha agus á ghlacadh aige, déileálfar leis an aon-áit chónaithe nó leis an bpríomh-áit chónaithe a bhí aige roimhe sin mar áit chónaithe cháilitheach, i ndáil leis an bpearsa aonair, go ceann tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an dáta a fuarthas an aon-áit chónaithe nua nó an phríomh-áit chónaithe nua.

(7) (a) I gcás ina mbeadh, ar an toimhdeanna a shonraítear i mír (b), aon ús a íocadh ar iasacht a d'úsáid daoine chun críche a luaitear sa mhíniú ar “iasacht cháilitheach” mar ionadaithe pearsanta duine éagtha nó mar iontaobhaithe socraíochta a rinneadh le huacht duine éagtha, cáilithe le haghaidh faoisimh faoi na príomh-ailt agus go mbeidh, i gcás feidhm a bheith ag an gcoinníoll a shonraítear sa mhír sin, an coinníoll sin comhlíonta, beidh an t-ús sin cáilithe amhlaidh d'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

(b) Chun críocha mhír (a) toimhdeofar go mba mharthanach don duine éagtha agus gurbh eisean an t-iasachtaí; agus más rud é, tráth a bháis, go raibh an t-áitreabh cónaithe á úsáid aige mar aon-áit chónaithe nó mar phríomh-áit chónaithe, toimhdeofar freisin go mbeadh sé fós á úsáid aige amhlaidh agus beidh feidhm ansin ag an gcoinníoll seo a leanas, eadhon, go raibh an t-áitreabh cónaithe á úsáid, an tráth a íocadh an t-ús, mar aon-áit chónaithe nó mar phríomh-áit chónaithe ag baintreach nó baintreach fir an duine éagtha nó ag aon ghaol cleithiúnach leis an duine éagtha.

(c) San fho-alt seo tá le “ionadaithe pearsanta” an bhrí a shanntar dó le halt 450 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(8) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le hús ar airgead a fuarthas ar iasacht chun dleachtanna báis a íoc.

(9) D'fhonn faoiseamh a thabhairt faoi na príomh-ailt i leith ús arna íoc roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1985, ar iasacht a tugadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1982, beidh feidhm ag an alt seo—

(a) ionann is dá scriosfaí an míniú ar “áit chónaithe cháilitheach” agus

(b) ionann is dá mba thagairt d'áitreabh cónaithe an tagairt sa mhíniú ar “iasacht cháilitheach” d'áit chónaithe cháilitheach

(10) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí baint a bheith aige leis faoi alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , chun críocha Chuid IV den Acht sin.

Srian le faoiseamh i leith ús ar rótharraingtí.

22. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 21 (2) (b), ní thabharfar faoiseamh ar bith faoi na príomh-ailt i leith ús—

(a) a íocfar nó is iníoctha tar éis an dáta feidhme ar rótharraingt nach raibh ar marthain ar an dáta sin, nó

(b) a íocfar nó is iníoctha an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó dá éis, ar rótharraingt a bhí ar marthain ar an dáta feidhme.

(2) Iasacht a bheidh tugtha an 5ú lá d'Aibreán, 1983, nó roimhe, in ionad rótharraingt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b), measfar, chun críocha ailt 21 agus 23—

(a) sa mhéid nach mó í ná méid na rótharraingte ar an dáta feidhme, gur iasacht ar leithligh í a bheidh tugtha ar an dáta feidhme, agus

(b) go feadh méid na breise, gur iasacht ar leithligh í a bheidh tugtha tar éis an dáta feidhme.

(3) Don bhliain 1982-83 ní bheidh méid an úis ar rótharraingt atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoi na príomh-ailt níos mó ná méid an úis ab iníoctha don bhliain sin ar mhéid na rótharraingte ar an dáta feidhme de réir an ráta ar arbh iníoctha ús ar an méid sin ar an dáta sin.

(4) Chun críocha ailt 21 agus 23, aon mhéid a bheidh íoctha mar aisíoc ar iasacht a tugadh an 5ú lá d'Aibreán, 1983, nó roimhe sin, measfar gur íocadh é mar aisíoc ar aon mhéid den iasacht ar leithligh dá dtagraíonn fo-alt (2) (b) agus tosaíocht aige ar aon mhéid den iasacht ar leithligh dá dtagraíonn fo-alt (2) (a).

(5) (a) Chun críocha an ailt seo agus alt 23, áireofar iasacht a bheith curtha in ionad rótharraingte má úsáidtear í d'aontoisc d'urscaoileadh na rótharraingte sin nó d'urscaoileadh rótharraingt nó iasacht a cuireadh in ionad na rótharraingte sin nó a d'urscaoil í.

(b) San alt seo agus in alt 23 ciallaíonn “rótharraingt” fiach a thabhaítear trí chuntas a rótharraingt nó trí chuntas aon duine a fhéichiúnú mar shealbhóir cárta creidmheasa nó faoi chomhshocraíochtaí dá shamhail.

Srian le faoiseamh i leith ús a d'íoc cuideachtaí.

23. —(1) San alt seo ciallaíonn “ús iomchuí” an bhreis atá ag méid an úis a d'íoc cuideachta ar iasacht ar an méid sin den ús sin a bhfuil idir é agus méid iomlán an úis an chomhréir chéanna atá idir £2,500 (nó, más lú é, méid na hiasachta) agus méid na hiasachta:

Ar choinníoll, i gcás cuideachta a bhfuil cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó aici de réir bhrí alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , go measfar gur tagairt do £2,500 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin an tagairt do £2,500.

(2) Maidir leis na tagairtí i bhfo-alt (1) do mhéid iasachta, measfar, má tá níos mó ná iasacht amháin ann, gur tagairtí iad do mhéid comhiomlán na n-iasachtaí.

(3) I ndáil—

(a) le hús iomchuí a íocfar ar na hiasachtaí go léir a thabharfar tar éis an dáta feidhme,

(b) leis an ús iomchuí go léir a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1985, nó aon lá dá éis,

(c) le hús—

(i) a íocfar tar éis an dáta feidhme ar rótharraingt nach raibh ar marthain ar an dáta sin,

(ii) a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1983, nó aon lá dá éis, ar rótharraingt a bhí ar marthain ar an dáta feidhme, agus

(d) le hús ar rótharraingt dá dtagraítear i mír (c) (ii), i gcás ar sa bhliain dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1983, a bheidh an t-ús sin íoctha sa mhéid gur mó méid an úis ná méid an úis ab iníoctha don bhliain sin ar mhéid na rótharraingte ar an dáta feidhme de réir an ráta ar arbh inmhuirearaithe ús ar an méid sin ar an dáta feidhme,

beidh éifeacht le halt 10 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (6)—

“(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dhéileálfar le hús mar mhuirear ar ioncam.”.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar stocluachanna.

24. —(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976 ) den Acht Airgeadais, 1975 , trí “1982” a chur in ionad “1981”—

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ), agus

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) gach áit a bhfuil sé,

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis sin.

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1982, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

(a) trí “nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis” a chur in ionad “, 1980-81 nó 1981-82” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979 ) d'fho-alt (2),

(b) trí “1982-83” a chur in ionad “1981-82” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) i bhfo-alt (3), agus

(c) trí “1982” a chur in ionad “1981” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 ) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ),

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(c) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1979-80 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis le hasbhaint a cheadaítear de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, is é méid na hasbhainte, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, trí cheathrú den méid arbh é, ar leith ón mír seo, méid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin é.

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1982-83.

(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mheidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1982, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon la dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis:

Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , don bhliain 1982-83.

25. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt i bhfo-alt (2), beidh éifeacht le halt 40 (1) den Acht Airgeadais, 1977 (arna leathnú le halt 52 den Acht Airgeadais, 1980 ) i ndáil leis an mbliain 1982-83 amhail mar atá éifeacht leis i ndáil leis na blianta 1980-81 agus 198182.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta arna cheadú chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais, maidir leis an mbliain 1982-83, páirt a ghabháil i gcomhshocraíochtaí den chineál dá dtagraítear in alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach iad sin modhnaithe a mhéid a ordóidh an tAire Airgeadais, sa mhéid go mbaineann siad leis na suimeanna ar a mbeidh cáin le ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe.

(3) Ceadóidh an tAire Airgeadais, chun críocha an ailt seo, aon chumann foirgníochta (de réir bhrí alt 31 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) más rud é, i ndáil leis an gcumann sin, go dtabharfaidh an tAire Comhshaoil deimhniú á rá gur choinnnigh an cumann, le linn na bliana airgeadais 1982, ar leibhéil agus ar feadh tréimhsí a comhaontaíodh leis an Aire, an ráta nó na rátaí úis a mhuirearaigh an cumann sin ar iasachtaí a thug sé do phearsana aonair chun tithe cónaithe atá le húsáid d'aontoisc le haghaidh úinéir-áitiú ag na pearsana aonair sin, a cheannach, a fhoirgniú nó a fheabhsú.

Caibidil V

Cáin Chorparáide

Rátaí cánach corparáide.

26. —(1) Maidir leis an mbliain airgeadais 1982 agus gach bliain airgeadais dá éis—

(a) ní bheidh éifeacht le hailt 15, 17 (1) (a) agus 18 den Acht Airgeadais, 1977 , agus

(b) muirearófar cáin chorparáide dá réir sin de réir 50 faoin gcéad faoi alt 1 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , de réir 40 faoin gcéad faoi alt 28 (1) den Acht sin agus de réir 35 faoin gcéad faoi alt 79 (1) den Acht sin.

(2) Beidh éifeacht leis an Dara Sceideal d'fhorlíonadh fho-alt (1).

Íoc cánach corparáide agus úis uirthi.

27. —(1) Leasaítear leis seo alt 6 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1981, nó aon lá dá éis—

(a) i bhfomhír (i) de mhír (a) trí “de shé mhí” a chur in ionad “de naoi mí”,

(b) i bhfomhír (ii) de mhír (a), trí “de naoi mí” a chur in ionad “de dhá mhí dhéag” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ),

(c) i bhfomhír (ii) de mhír (b), trí “de shé mhí” a chur in ionad “de thrí mhí” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ), agus

(d) sa choinníoll a ghabhann le mír (b), trí “sé mhí” a chur in ionad “naoi mí”,

agus tá na fomhíreanna sin agus an coinníoll sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(i) an chéad tráthchuid laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, nó más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh; agus

(ii) an dara tráthchuid laistigh de naoi mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

(ii) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, laistigh de cibé eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin is lú de shé mhí ná an t-eatramh idir deireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta a bhí an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide agus an dáta a bheadh nó sula mbeadh an dara tráthchuid den cháin chorparáide don chéad tréimhse chuntasaíochta sin le híoc dá mba go ndearnadh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin:

Ar choinníoll nach mbeidh in aon chás an dara tráthchuid de cháin chorparáide a measúnaíodh do thréimhse chuntasaíochta iníoctha sula mbeidh sé mhí caite ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta dár measúnaíodh í nó sula mbeidh dhá mhí caite ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

(2) Dá mbeadh d'éifeacht le fo-alt (1), mura mbeadh an fo-alt seo, a cheangal go mbeadh an chéad nó an dara tráthchuid de cháin chorparáide arna measúnú do thréimhse chuntasaíochta ar thráthchuid í a bheadh, ar leith ó fho-alt (1), le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis, le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta is luaithe ná dáta an Achta seo a rith, beidh an tráthchuid sin, d'ainneoin fho-alt (1), le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta an Achta seo a rith.

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil leis an gcéad nó an dara tráthchuid de cháin chorparáide arna measúnú do thréimhse chuntasaíochta ar thráthchuid í a bheadh, ar leith ón bhfo-alt sin, le híoc laistigh de thréimhse dar críoch dáta roimh dháta an Achta seo a rith.

(4)  (a) Beidh éifeacht le halt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , sa mhéid go bhfuil feidhm aige chun críocha cánach corparáide de bhua alt 145 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá gcuirfí “mí” in ionad “dhá mhí” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971 ) i bhfo-alt (2).

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) maidir le hús ar cháin chorparáide arna measúnú le measúnacht a rinneadh roimh dháta an Achta seo a rith.

Laghdú ar cháin chorparáide i ndáil le hús ar iasachtaí áirithe d'fheirmeoirí.

28. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “banc rannpháirteach” Banc na hÉireann nó Bainc-Aontas Éireann Teoranta;

ciallaíonn “feirmeoir cáilitheach” feirmeoir a bhfuil glactha leis mar fheirmeoir atá cáilithe le bheith san áireamh sa scéim shonraithe;

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta sa tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1982, go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1986;

ciallaíonn “faoiseamh ó ús”, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta iomchuí de chuid bainc rannpháirtigh, an méid ar mó B ná A i gcás—

arb é A méid an úis a d'íoc feirmeoirí cáilitheacha leis an mbanc sin i gcaitheamh na tréimhse sin i ndáil le hiasachtaí a bhfuil an ráta úis ina leith le laghdú faoin scéim shonraithe, agus

arb é B méid an úis a bheadh le híoc ag na feirmeoirí sin leis an mbanc sin i gcaitheamh na tréimhse sin i ndáil leis na hiasachtaí sin murach an t-ús sin a bheith laghdaithe faoin scéim shonraithe;

ciallaíonn “an scéim shonraithe” an scéim ar a dtugtar an Scéim um Ús Laghdaithe d'Fheirmeoirí i nGéarbhroid Airgid a thug an tAire Talmhaíochta isteach an 1ú lá d'Aibreán, 1982, i gcomhar le bainc áirithe agus le Corparáid an Chairde Talmhaíochta Teoranta.

(2) Faoi réir fho-alt (3), i gcás ina n-éileoidh banc rannpháirteach, agus ina gcruthóidh sé, gur lamháil sé faoiseamh ó ús le linn tréimhse cuntasaíochta iomchuí, déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an mbanc sin don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

C-D

____

2

i gcás—

arb é C méid an fhaoisimh ó ús a lamháil an banc rannpháirteach le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, agus

arb é D méid na cánach corparáide ab inmhuirearaithe, faoi ailt 1 (1) agus 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, ar bhrabúis ar cóimhéid le C.

(3) (a) Ní dhéanfar laghdú, faoi fho-alt (2), ar cháin chorparáide is iníoctha ag banc rannpháirteach ach amháin i ndáil le faoiseamh ó ús a mbeidh sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta gur faoiseamh ó ús é a lamháladh de réir choinníollacha agus rialacháin na scéime sonraithe.

(b) Maidir le haon fhaoiseamh ó ús (dá ngairtear “faoiseamh dílamháilte” anseo feasta sa mhír seo) a lamháil banc rannpháirteach a mbeidh sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta gur faoiseamh ó ús é a lamháladh de réir choinníollacha agus rialacháin na scéime sonraithe agus go ndeimhneoidh an tAire Talmhaíochta ina dhiaidh sin gur faoiseamh ó ús é nach raibh le lamháil de réir na gcoinníollacha agus na rialachán sin, ní bheidh teideal ag an mbanc rannpháirteach, maidir leis an bhfaoiseamh dílamháilte, aon laghdú faoi fho-alt (2) a fháil ar an gcáin chorparáide is iníoctha aige agus, má bhíonn aon laghdú den sórt sin déanta i ndáil le haon fhaoiseamh dílamháilte den sórt sin, déanfar cibé measúnachtaí breise nó cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá chun an laghdú sin a ghnóthú.

Caibidil VI

Cáin ar Ghnóchain Inmhuirearaithe

Léiriú (Caibidil VI).

29. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 .

Rátaí muirir.

30. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht, maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairtí a dhéanfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“(3) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, is é a bheidh sa ráta cánach gnóchan caipitiúil i leith gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig duine as sócmhainn a dhiúscairt—

(a) 60 faoin gcéad i gcás nach mó ná bliain a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn,

(b) 50 faoin gcéad i gcás ar mó ná bliain ach nach mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn,

(c) in aon chás eile, 40 faoin gcéad,

agus déanfar aon tagairt sna hAchtanna sin don ráta a shonraítear san alt seo a fhorléiriú dá réir sin.

(4) I bhfo-alt (3), ciallaíonn ‘tréimhse úinéireachta’, i ndáil le duine a dhiúscraíonn sócmhainn, a thréimhse úinéireachta leanúnaí ar an tsócmhainn, sa cháil chéanna, dar críoch dáta na diúscartha sin agus, chun críocha an mhínithe seo, cinnfear tréimhse úinéireachta gan féachaint d'fhorálacha alt 3 (2) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 , agus, i gcás an duine d'fháil na sócmhainne ar bhás a chéile sa tslí go ndéileálfaí lena thréimhse úinéireachta, ar leith ón bhfo-alt seo, mar thréimhse a thosaigh ar dháta an bháis sin, measfar a thréimhse úinéireachta a bheith fadaithe sa tslí go n-áireofaí inti tréimhse úinéireachta leanúnaí a chéile dar críoch an dáta sin.”.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 4 d'Acht 1978 maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairtí a rinneadh an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis.

(3) Faoi réir alt 40, beidh feidhm ag alt 5 (1) den Phríomh-Acht faoi réir fhorálacha alt 3 (3) den Acht sin agus mhír 7 de Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 1978.

Cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe cuideachtaí.

31. —(1) Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch tráth ar bith tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1981, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, déanfar an méid a bheidh le háireamh maidir le gnóchain inmhuirearaithe i mbrabúis iomlána cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta a chinneadh de réir fho-alt (1B) tar éis forálacha fho-alt (1A) a thabhairt i gcuntas.

(1A) Más rud é, maidir le tréimhse chuntasaíochta, go bhfaibhreoidh gnóchain inmhuirearaithe chuig cuideachta, déanfar méid cánach gnóchan caipitiúil a ríomh ionann is dá mba rud é, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna Cánach Corparáide, go raibh cáin ghnóchan caipitiúil le muirearú ar an gcuideachta i leith na ngnóchan sin de réir fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, agus ionann is dá mba bhlianta measúnachta iad na tréimhsí cuntasaíochta:

Ar choinníoll, le linn an méid sin cánach gnóchan caipitiúil a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht le halt 5 (1) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, ionann is dá mba thagairt do chaillteanais inlamhála iomchuí a asbhaint an tagairt san alt sin do chaillteanais inlamhála a asbhaint agus go mbeidh éifeacht le halt 132 (2) d'fhonn tréimhse úinéireachta sócmhainne a chinneadh i ndáil le diúscairt ag an gcuideachta chun críocha alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , dá mbeadh éifeacht leis i ndáil leis an diúscairt sin chun críocha alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978 .

(1B) An méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) is méid é a thabharfadh, dá ndéanfaí é a mhuirearú (sula ndéanfaí aon asbhaint as) i leith cánach corparáide mar bhrabúis a eascraíonn chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta de réir an ráta a shonraítear in alt 1 (1), méid cánach corparáide is ionann agus méid na cánach gnóchan caipitiúil arna ríomh don tréimhse chuntasaíochta sin de réir fho-alt (1A):

Ar choinníoll, i gcás gur i mbliain airgeadais amháin do chuid den tréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin don chuid eile agus go mbeidh rátaí éagsúla cánach corparáide i bhfeidhm faoi alt 1 (1) do gach ceann de na blianta sin, go ndéanfar méid na cánach gnóchan caipitiúil arna ríomh don tréimhse chuntasaíochta sin de réir fho-alt (1A) a chionroinnt idir na codanna sin agus go mbeidh éifeacht dá réir sin leis an bhfo-alt seo i ndáil leis an gcion is inchurtha i leith gach coda.

(1C) I bhfo-alt (1A)—

ní fholaíonn ‘gnóchain inmhuirearaithe’ gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairtí iomchuí de réir bhrí alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 ;

ciallaíonn ‘caillteanais inlamhála iomchuí’ aon chaillteanais inlamhála a fhaibhríonn chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh roimhe sin chuig an gcuideachta le linn di bheith laistigh de réim cánach corparáide a mhéid nár lamháladh iad mar asbhaint ó ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh in aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin.”.

(2) Ní bheidh éifeacht le halt 16 (3) den Acht Airgeadais, 1977 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta lena mbaineann fo-alt (1).

Méadú ar an díolúine do phearsana aonair.

32. —Leasaítear leis seo fo-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) d'alt 13 agus fo-ailt (1) agus (2) d'alt 16 den Phríomh-Acht agus mír 8 de Sceideal 1 a ghabhann le hAcht 1978, maidir leis an mbliain 1982-83 agus blianta measúnachta dá éis, trí “£2,000” a chur in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé, agus tá na forálacha sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(4) Más rud é, ar leith ó fho-alt (1), gur lú ná £2,000 an méid ar a mbeidh pearsa aonair inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil ina leith faoi alt 5 (1) do bhliain mheasúnachta (dá ngairtear “an méid céadluaite” ina dhiaidh seo san fho-alt seo), agus go bhfuil céile na pearsan aonair (ar bean phósta í a chónaíonn lena fearchéile, nó arb é an fearchéile sin é, aon tráth le linn na bliana measúnachta sin), ar leith ó fho-alt (1), inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil ar aon mhéid don bhliain sin, beidh éifeacht le halt 16 (1) i ndáil leis an gcéile ionann is dá ndéanfaí an tsuim £2,000 a luaitear ann a mhéadú méid is ionann agus an difríocht idir an méid céadluaite agus £2,000.

16.—(1) Ní bheidh pearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil do bhliain mheasúnachta mura mó ná £2,000 an méid a mbeidh cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe air ina leith faoi alt 5(1) don bhliain sin.

(2) Más mó ná £2,000 an méid a mbeidh cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar phearsa aonair ina leith faoi alt 5 (1) do bhliain mheasúnachta, ní mhuirearófar cáin ghnóchan caipitiúil don bhliain sin ach ar an mbreis a bheidh sa mhéid sin ar £2,000.

8. Chun críocha fho-alt (2) d'alt 16 (gnóchain £2,000 agus faoina bhun) den Phríomh-Acht, más rud é, ar an toimhde nach raibh feidhm ag an bhfo-alt sin, go mbeadh pearsa aonair inmhuirearaithe faoi na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil de réir breis agus ráta amháin do bhliain mheasúnachta, tabharfar an faoíseamh a bheidh le tabhairt faoin bhfo-alt sin i leith an chéad £2,000 de ghnóchain inmhuirearaithe.

(a) i gcás ar de réir dhá ráta éagsúla a bheadh sé inmhuirearaithe amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is airde de na rátaí sin agus, a mhéid nach féidir faoiseamh a thabhairt amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is ísle de na rátaí sin, agus

(b) i gcás ar de réir trí ráta nó níos mó a bheadh sé inmhuirearaithe, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an ráta is airde de na rátaí sin agus, a mhéid nach féidir faoiseamh a thabhairt amhlaidh, i leith na ngnóchan inmhuirearaithe ab inmhuirearaithe amhlaidh de réir an chéad ráta eile is airde de na rátaí sin, agus mar sin de.

Leasú ar alt 5 (an méid is inmhuirearaithe agus tráth an íoca) den Phríomh-Acht.

33. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht, maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairtí a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (2) agus alt 3 (2), aon cháin ghnóchan caipitiúil is iníoctha i leith gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhríonn, ar dhiúscairt a dhéanamh, chuig duine nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát an tráth a dhéanfar an diúscairt, féadfar í a mheasúnú agus a mhuirearú roimh dheireadh na bliana measúnachta ina bhfaibhríonn an gnóchan inmhuirear aithe agus beidh an cháin a mheasúnófar agus a mhuirearófar amhlaidh iníoctha nuair a bheidh nó sula mbeidh tréimhse trí mhí, dar tosach an tráth a dhéanfar an diúscairt, caite nó nuair a bheidh tréimhse dhá mhí, dar tosach dáta déanta na measúnachta, caite, cibé acu is déanaí.

(b) Le linn méid na cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha faoi mhír (a) a bheith á ríomh, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (1), fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le haon chaillteanais inlamhála a asbhaint ar chaillteanais iad a d'fhaibhrigh chuig an duine a luaitear i mír (a) roimh an dáta a ndearnadh an mheasúnacht a luaitear sa mhír sin.”.

Diúscairt sócmhainní áirithe.

34. —(1) Maidir le haon chomaoin a íoc, tar éis dháta an Achta seo a rith, chun sócmhainn lena mbaineann mír 11 de Sceideal 4 a ghabhann leis an bPríomh-Acht a fháil, leasaítear leis seo an Sceideal sin tríd an mír seo a leanas a chur in ionad na míre sin:

“Diúscairt sócmhainní áirithe

11.—(1) Bainfidh an mhír seo le sócmhainní—

(a) is talamh sa Stát;

(b) is mianraí sa Stát nó aon chearta, leasanna nó sócmhainní eile i ndáil le mianadóireacht nó mianraí nó le cuardach mianraí;

(c) is cearta taiscealaíochta nó saothraithe i limistéar ainmnithe;

(d) is scaireanna i gcuideachta a ndíorthaíonn a luach nó formhór a luacha go díreach nó go neamhdhíreach ó shócmhainní a shonraítear i gclásal (a), (b) nó (c) seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh; agus

(e) is cáilmheas a bhaineann le trádáil a sheoltar sa Stát.

(2) Ar an gcomaoin a íoc chun sócmhainn lena mbaineann an mhír seo a fháil, déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar aon íocaíocht den sórt sin suim a bhaint aisti a fhreagraíonn do mhéid cánach gnóchan caipitiúil is ionann agus 15 faoin gcéad den íocaíocht sin agus lamhálfaidh an duine a fuair an íocaíocht sin an asbhaint sin ar iarmhar na híocaíochta a fháil agus beidh an duine a dhéanfaidh an asbhaint, ar a chruthú gur íocadh an méid a asbhaineadh amhlaidh leis na Coimisinéirí Ioncaim, saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid dá bhfreagraíonn an asbhaint, amhail is dá mba gur íocadh iarbhír an tsuim sin leis an duine a rinne an diúscairt:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfaidh an duine a dhiúscair an tsócmhainn deimhniú a eisíodh faoi fhomhír (6) i ndáil leis an diúscairt a thabhairt ar aird don duine a fuair an tsócmhainn, nach ndéanfar aon asbhaint den sórt sin.

(3) I gcás aon íocaíocht den sórt sin a dúradh a bheith déanta ag aon duine nó thar a cheann, seachadfaidh an duine sin láithreach ar na Coimisinéirí Ioncaim cuntas ar an íocaíocht, agus ar an méid a baineadh aisti, agus déanfaidh an cigire, d'ainneoin aon fhoráil eile de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine sin don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an íocaíocht i leith méid na híocaíochta de réir ráta 15 faoin gcéad.

(4) Féadfaidh an cigire, i gcás aon duine do mhainniú, i ndáil le haon íocaíocht den sórt sin a dúradh, cuntas mar a éilítear leis an mír seo a sheachadadh, nó i gcás nach mbeidh sé sásta leis an gcuntas, méid na híocaíochta a mheas go feadh a bhreithiúnais agus, d'ainneoin alt 5 (1), féadfaidh sé cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine sin don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an íocaíocht i leith an méid a measadh amhlaidh de réir ráta 15 faoin gcéad.

(5) I gcás ina n-íocfar méid na cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh faoi fhomhír (3) nó (4), tabharfar faoiseamh mar is iomchuí, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, don duine is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain as an diúscairt, trí urscaoileadh nó aisíoc nó eile.

(6) Féadfaidh duine is inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil ar aon sócmhainn a dhiúscairt lena mbaineann an mhír seo deimhniú a iarraidh ar an gcigire nach cóir cáin a bhaint as an gcomaoin i leith diúscairt na sócmhainne agus nach cóir a cheangal ar an duine a fuair an tsócmhainn fógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim de réir fhomhír (7) (a) agus, más deimhin leis an gcigire gurb é an duine céanna a rinne an diúscairt a rinne an t-iarratas agus—

(a) go bhfuil gnáthchónaí air sa Stát, nó

(b) nach iníoctha aon mhéid cánach gnóchan caipitiúil i leith na diúscartha, nó

(c) gur íocadh an cháin ghnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta dá bhfuil sé inmhuirearaithe i leith diúscairt na sócmhainne agus an cháin ab inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh aon bhliain mheasúnachta roimhe sin (nach bliain a chríochnaigh níos luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974) i leith diúscairt a rinneadh roimhe sin ar an tsócmhainn,

eiseoidh an cigire an deimhniú chuig an duine a rinne an t-iarratas agus eiseoidh sé cóip den deimhniú chuig an duine a fuair an tsócmhainn.

(7) (a) Más rud é—

(i) go bhfaighidh duine, tar éis dháta an Achta Airgeadais, 1982 , a rith, sócmhainn lena mbaineann an mhír seo, agus

(ii) gur de chineál í an chomaoin as an tsócmhainn a fháil nach féidir an asbhaint a luaitear i bhfomhír (2) a dhéanamh aisti, agus

(iii) nach ndéanfaidh an duine a bheidh ag diúscairt na sócmhainne, laistigh de dhá mhí i ndiaidh dháta na fála, deimhniú faoi fhomhír (6) i ndáil leis an diúscairt a thabhairt ar aird dó,

tabharfaidh an duine a bheidh ag fáil na sócmhainne fógra do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh na fála tráth nach déanaí ná trí mhí i ndiaidh dháta na fála (nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn) agus ní mór sonraí i dtaobh na nithe seo a leanas a bheith san fhógra a bheidh le tabhairt amhlaidh ag an duine sin do na Coimisinéirí Ioncaim—

(I) an tsócmhainn a fuarthas,

(II) an chomaoin as an tsócmhainn a fháil,

(III) margadhluach na sócmhainne, arna mheas de réir mar is fearr is eol don duine sin agus mar a chreideann sé, agus

(IV) ainm agus seoladh an duine a rinne an diúscairt,

agus cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl go bhfuair siad an fógra sin.

(b) I gcás—

(i) ina mainneoidh duine a bheidh ag fáil sócmhainne, ar duine é a gceanglaítear air fógra a thabhairt faoi chlásal (a) ach nach mbeidh deimhniú faoi fhomhír (6) tugtha ar aird dó ag an duine a bheidh ag diúscairt na sócmhainne, an ceanglas a chomhlíonadh i dtaobh an fógra sin a thabhairt, agus

(ii) go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe as diúscairt na sócmhainne, agus

(iii) nach ndéanfar méid cánach gnóchan caipitiúil arna measúnú i leith na diúscartha sin a íoc laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a dtiocfaidh an cháin chun bheith iníoctha, agus

(iv) nach sócmhainn lena mbaineann mír 18 an tsócmhainn,

féadfar, trí mheasúnacht a dhéanfar tráth nach déanaí ná dhá bhliain ón dáta ar tháinig an cháin chun bheith iníoctha, cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine a bheidh ag fáil na sócmhainne amhlaidh (in ainm an duine a bheidh ag diúscairt na sócmhainne chuige) i leith méid nach mó ná méid an ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh amhlaidh, agus nach mó ná cibé méid de ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhágfadh, dá ndéanfaí iad a mhuirearú de réir an ráta dá bhforáiltear in alt 3 (3), dliteanas i leith méid cánach gnóchan caipitiúil ab ionann agus an méid cánach gnóchan caipitiúil nár íocadh.

(c) Duine a bheidh ag íoc aon mhéid cánach de bhun chlásal (b) beidh sé i dteideal a chóimhéid de shuim a ghnóthú ón duine a bheidh ag diúscairt na sócmhainne sin chuige mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(d) I gcás dhá dhuine nó níos mó d'fháil sócmhainne beidh feidhm ag an bhfomhír seo fara aon mhodhnuithe is gá agus faoi réir an choinníll nach ndlífear gach duine acu sin a mheasúnú agus a mhuirearú ach amháin i leith na coda sin de mhéid na cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha ag na daoine sin de bhua chlásal (b) a bhfuil idir í agus iomlán na cánach sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid den tsócmhainn a fuair an duine sin agus iomlán na sócmhainne.

(8) Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás nach mó ná caoga míle punt comaoin na diúscartha:

Ar choinníoll, i gcás sócmhainn a bhí tráth ar úinéireacht ag duine áirithe, is sócmhainn lena mbainfeadh an mhír seo mura mbeadh an fhomhír seo, agus go ndiúscróidh an duine sin í ina codanna—

(a) chuig an duine céanna, nó

(b) chuig daoine atá ag gníomhú de chomhbheart nó ar daoine iad a bhfuil baint acu le chéile i dtéarmaí alt 33,

cibé acu ar an ócáid chéanna nó ar ócáidí éagsúla, go n-áireofar, chun críocha na fomhíre seo ach ní chun aon chríche eile, gur aon diúscairt amháin na diúscairtí éagsúla.

(9) D'ainneoin fho-ailt (2) agus (3) d'alt 5, i gcás méid áirithe cánach gnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú de bhun na míre seo, beidh an méid sin dlite agus iníoctha an lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

(10) Sa mhír seo tá le ‘cearta taiscealaíochta agus saothraithe', ‘limistéar ainmnithe’ agus ‘scaireanna’ na bríonna céanna atá leo in alt 4 (8).

(11) Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin i ndáil le diúscairtí agus fálacha dar dáta an 5ú lá de Lúnasa, 1975, nó aon lá dá éis.”.

(2) Beidh feidhm, fara na modhnuithe a shonraítear i bhfo-alt (3), ag an mír sin 11 (seachas fomhír (7)), mar a cuireadh isteach le fo-alt (1), maidir le haon chomaoin a íocfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, ach roimh dháta an Achta seo a rith, is comaoin i leith diúscairt lena mbaineann forálacha an Rúin Airgeadais i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil a rith Dáil Éireann an 25ú lá de Mhárta, 1982.

(3) Is iad seo a leanas na modhnuithe a luaitear i bhfo-alt (2):

(a) Más rud é, de bhua aon oibleagáid a forchuireadh leis an Rún Airgeadais a luaitear san fho-alt sin, go raibh suim a bhí ag freagairt do mhéid cánach gnóchan caipitiúil le hasbhaint faoi fhomhír (2) den mhír sin 11 ag an duine a d'íoc nó trínar íocadh comaoin, féadfaidh an cigire, d'ainneoin aon fhoráil eile de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, an duine sin a mheasúnú agus a mhuirearú, don bhliain mheasúnachta inar íocadh méid na comaoine, i leith cánach gnóchan caipitiúil arb é is méid di—

(i) méid is ionann agus an méid a asbhaineadh, i gcás inar asbhaineadh suim a bhí ag freagairt do mhéid cánach gnóchan caipitiúil, agus

(ii) in aon chás eile, méid is ionann agus 15 faoin gcéad den chomaoin.

(b) I gcás faoiseamh a bheith le tabhairt faoi fhomhír (5) den mhír sin 11 i leith méid cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh faoi fhomhír (3) nó (4) den mhír sin, nó faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, agus a bheidh íoctha, tabharfar an faoiseamh sin—

(i) trí aisíoc, i gcás nach mbeidh aon mhéid cánach gnóchan caipitiúil iníoctha i leith an ghnóchain as an diúscairt, nó

(ii) i gcás ina mbeidh méid cánach gnóchan caipitiúil iníoctha i leith an ghnóchain as an diúscairt—

(I) trí aisíoc a dhéanamh ar aon mhéid ar mó an méid a measúnaíodh, a muirearaíodh agus a íocadh amhlaidh ná méid na cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha i leith an ghnóchain sin, nó

(II) in aon chás eile, trí fhritháireamh a dhéanamh in aghaidh méid na cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha i leith an ghnóchain sin.

(c) Más rud é, de bhua oibleagáid den chineál a luaitear i mír (a) den fho-alt seo, gur íocadh méid cánach gnóchan caipitiúil mar choinníoll chun deimhniú faoi fhomhír (6) den mhír sin 11 a eisiúint, beidh éifeacht le mír (b) den fho-alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, chun faoiseamh a thabhairt i leith na híocaíochta sin amhail mar atá éifeacht léi chun faoiseamh a thabhairt i leith méid na cánach gnóchan caipitiúil a chéadluaitear inti.

Leasú ar alt 90 (dáiltí as brabúis chaipitiúla cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

35. —Leasaítear leis seo alt 90 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (4) (arna leasú le hAcht 1978):

“Ar choinníoll, má tharla do na gnóchain inmhuirearaithe sin faibhriú—

(a) an 28ú lá d'Eanáir, 1982, nó aon lá dá éis, i gcás gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn as diúscairt iomchuí de réir bhrí alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 , nó

(b) an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, in aon chás eile,

go ndéanfar an cháin a muirearaíodh faoi fho-alt (2), in ionad í a laghdú mar a dúradh roimhe seo, a laghdú méid is ionann agus an creidmheas cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte sin.”.

Gnóchain inmhuirearaithe ar dhiúscairtí talún forbraíochta.

36. —(1) San alt seo agus in ailt 37 go 40—

ciallaíonn “diúscairt éigeantach” diúscairt chuig údarás ag a bhfuil cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh agus a dhéanfar de bhun fheidhmiú na gcumhachtaí sin nó de bhun fógra foirmiúil a thabhairt go bhfuil ar intinn na cumhachtaí sin a fheidhmiú, seachas diúscairt lena mbaineann forálacha alt 29 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ciallaíonn “luach úsáide reatha”—

(a) i ndáil le talamh aon tráth áirithe, an méid arbh éard é margadhluach na talún an tráth sin dá ndéanfaí an margadhluach a ríomh ar an toimhde go raibh sé an tráth sin, agus go mbeadh sé, neamhdhleathach aon fhorbairt (de réir bhrí alt 3 d'Acht 1963) a dhéanamh i ndáil leis an talamh, seachas forbairt nach bhfuil inti ach mionfhorbairt, agus

(b) i ndáil le scaireanna i gcuideachta (is scaireanna a ndíorthaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, a luach nó an chuid is mó dá luach ó thalamh, seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh) aon tráth áirithe, an méid arbh éard é margadhluach na scaireanna an tráth sin dá ndéanfaí an margadhluach a ríomh ar an toimhde chéanna, i ndáil leis an talamh óna ndíorthaíonn na scaireanna a luach mar a dúradh, amhail mar atá luaite i mír (a),

agus, sa mhíniú seo—

(i) ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ,

(ii) ciallaíonn “mionfhorbairt” forbairt (nach forbairt ag údarás áitiúil nó ag gnóthaire reachtúil) is forbairt dhíolmhaithe, chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 agus 1976, faoi réim nó de bhua alt 4 d'Acht 1963, agus

(iii) tá le “gnóthaire reachtúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht 1963;

ciallaíonn “talamh forbraíochta” talamh sa Stát ar mó an chomaoin as í a dhiúscairt, nó ar mó a margadhluach tráth na diúscartha a dhéanamh, ná luach úsáide reatha na talún sin tráth na diúscartha a dhéanamh, agus folaíonn sé scaireanna a ndíorthaíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, a luach nó an chuid is mó dá luach ón talamh sin, seachas scaireanna a luaitear ar Stocmhargadh;

ciallaíonn “diúscairt iomchuí” diúscairt ar thalamh forbraíochta a dhéanfar an 28ú lá d'Eanáir, 1982, nó aon lá dá éis.

(2) Maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a rinneadh roimh an 26ú lá de Mhárta, 1982, beidh éifeacht le halt 3 (3) den Phríomh-Acht ionann is dá mba 45 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil a shonraítear ann nó, i gcás diúscairt iomchuí den sórt sin ar diúscairt éigeantach í, ionann is dá mba 40 faoin gcéad an ráta sin.

(3) Maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a dhéanfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, beidh éifeacht le halt 3 (3) den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo) ionann is dá mbeadh feidhm ag na rátaí cánach gnóchan caipitiúil seo a leanas in ionad na rátaí cánach gnóchan caipitiúil a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt sin:

(a) 60 faoin gcéad i gcás nach mó ná bliain tréimhse úinéireachta na sócmhainne ag an duine a bheidh ag déanamh na diúscartha,

(b)     (i) 50 faoin gcéad i gcás ar mó ná bliain a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, nó

(ii) i gcás diúscairt iomchuí den sórt sin ar diúscairt éigeantach í ag duine ar mó ná trí bliana a thréimhse úinéireachta ar an tsócmhainn, 40 faoin gcéad.

(4) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna Cánach Corparáide, ní bheidh cáin chorparáide inmhuirearaithe ar chuideachta i leith gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuici as diúscairtí iomchuí agus, dá réir sin—

(a) ní áireofar na gnóchain sin mar bhrabúis de chuid na cuideachta chun críocha cánach corparáide, agus

(b) i leith na ngnóchan sin, beidh cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar an gcuideachta faoi fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(5) Beidh feidhm ag ailt 134, 137, 138 agus 139 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar chuideachta i leith gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuici as diúscairt iomchuí amhail mar atá feidhm acu i ndáil le cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe agus déanfar tagairtí sna hailt sin do cháin chorparáide a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do cháin ghnóchan caipitiúil.

(6) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta atá nó a bhí ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí de réir bhrí alt 129 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , diúscairt iomchuí ar shócmhainn a bhí, de thoradh diúscartha nár dhiúscairt iomchuí, faighte aici ó chomhalta eile den ghrúpa sin tráth a raibh siad araon ina gcomhaltaí den ghrúpa, déanfar méid an ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as an diúscairt iomchuí, agus an cháin ghnóchan caipitiúil ar an gcéanna, a ríomh ionann is dá mba é an duine céanna comhaltaí uile an ghrúpa de thuras na huaire, agus ionann is dá mba éard é fáil nó soláthar na sócmhainne ag an ngrúpa, ar iad a áireamh amhlaidh mar dhuine amháin, fáil nó soláthar na sócmhainne ag an gcomhalta a dhiúscair í:

Ar choinníoll, más rud é, faoi alt 131 (2) nó 135 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , gur áiríodh an tsócmhainn a bheith faighte nó athfhaighte ag comhalta den ghrúpa (dá ngairtear “an chéad chomhalta a luaitear” anseo feasta sa choinníoll seo) tráth is déanaí ná tráth fála nó soláthair bunaidh na sócmhainne ag an gcéad chomhalta a luaitear nó ag comhalta eile den ghrúpa, de réir mar a bheidh, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá mba é a bhí sa tagairt ann d'fháil nó do sholáthar na sócmhainne ag an ngrúpa tagairt dá fáil nó dá hathfháil arna háireamh amhlaidh mar fháil nó athfháil a rinne an chéad chomhalta a luaitear.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 132 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le diúscairt iomchuí ag cuideachta atá ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí i gcás ina bhfuair an chuideachta an tsócmhainn atá á diúscairt amhlaidh ó chomhalta eile den ghrúpa de thoradh diúscartha iomchuí.

Diúscairtí áirithe a eisiamh.

37. —Ní bheidh feidhm ag alt 36 (seachas fo-alt (1)) ná ag ailt 38 go 40 maidir le diúscairt iomchuí a dhéanfaidh pearsa aonair in aon bhliain mheasúnachta mura mó ná £15,000 an chomaoin iomlán i leith na ndiúscairtí iomchuí uile a rinne an phearsa aonair sin an bhliain sin.

Srian le treoirfhaoiseamh i ndáil le diúscairtí iomchuí.

38. —Chun an gnóchan inmhuirearaithe a ríomh a d'fhaibhrigh chuig duine as diúscairt iomchuí a dhéanamh, ní dhéanfar an coigeartú ar shuimeanna is inlamhála mar asbhaintí as an gcomaoin i leith na diúscartha, a dhéanfaí thairis sin faoi alt 3 (1) d'Acht 1978, ach amháin—

(a) ar cibé cuid de mhéid nó de luach na comaoine, in airgead nó i luach airgid, a thug sé féin nó a tugadh thar a cheann go hiomlán agus go heisiatach chun an tsócmhainn a fháil, mar aon leis na costais theagmhasacha a bhain dó ag fáil na sócmhainne, nó

(b) i gcás sócmhainn lena mbaineann alt 3 (2) d'Acht 1978, ar cibé cuid de mhargadhluach na sócmhainne an 6ú lá d'Aibreán, 1974,

atá, i gcás feidhm a bheith ag mír (a), ar cóimhéid le luach úsáide reatha na sócmhainne ar dháta na fála mar aon le cibe comhréir de na costais theagmhasacha a bhain dó ag fáil na sócmhainne ab inchurtha i leith an luacha sin nó atá, i gcás feidhm a bheith ag mír (b), ar cóimhéid le luach úsáide reatha na sócmhainne an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le sócmhainní a athshuíomh.

39. —(1) Ní áireofar, chun críocha faoisimh faoi alt 28 den Phríomh-Acht, comaoin a fuarthas i ndáil le diúscairt iomchuí mar chomaoin a fuarthas as sean-sócmhainní, de réir bhrí an ailt sin, a dhiúscairt.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 5 d'Acht 1978 maidir le diúscairt iomchuí.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le diúscairt iomchuí arna déanamh ag comhlacht daoine a bunaíodh d'aontoisc chun cluichí nó spórtanna lúthchleasa nó amaitéaracha a chur ar aghaidh, agus ar diúscairt í a dhéanfar i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin de chuid an chomhlachta sin atá dírithe chun na críche sin.

Srian le faoiseamh i leith caillteanas etc. i ndáil le diúscairtí iomchuí.

40. —(1) D'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt sna hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil ní dheanfar, le linn dliteanas duine i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a bheith á ríomh, aon chaillteanais a fhaibhreoidh as diúscairtí nach diúscairtí iomchuí a asbhaint ó mhéid na ngnóchan inmhuirearaithe sin.

(2) Nuair a bheidh an méid á ríomh ar a mbeidh cáin ghnóchan caipitiúil le muirearú faoi alt 5 den Phríomh-Acht ar ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí, féadfar aon chaillteanais inlamhála a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí a asbhaint de réir an ailt sin 5 ach, sa mhéid go ndéanfar iad a asbhaint amhlaidh, ní dhéileálfar leo mar chaillteanais inlamhála iomchuí de réir bhrí fho-alt (1C) d'alt 13 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha an ríomh a cheanglaítear a dhéanamh faoi fho-alt (1A) den alt sin agus, chun críocha an fho-ailt seo, féadfar aon choigeartuithe is gá, nó aon choigeartuithe breise is gá, a dhéanamh de réir mar is iomchuí.

(3) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8)  (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘brabúis iomchuí’ gnóchain a fhaibhreoidh as diúscairtí iomchuí de réir bhrí alt 36 den Acht Airgeadais, 1982 .

(b) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh go páirteach as brabúis iomchuí agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh chun críocha an fho-ailt seo amhail is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh, faoi seach, as brabúis iomchuí agus as brabúis eile.

(c) I gcás ina bhfaighidh cuideachta (dá ngairtear ‘an chuideachta is faighteoir’ anseo feasta sa mhír seo) dáileadh ó chuideachta eile (dá ngairtear ‘an chuideachta is dáilteoir' anseo feasta sa mhír seo) an 28ú lá d'Eanáir, 1982, nó aon lá dá éis, agus—

(i) gur as brabúis iomchuí (nó as dáileadh a fuair an chuideachta is dáilteoir agus a meastar, faoin bhfo-alt seo, gur brabúis iomchuí de chuid na cuideachta sin é) a dhéanfaidh an chuideachta is dáilteoir an dáileadh, agus

(ii) gur comhaltaí iad an dá chuideachta de ghrúpa cuideachtaí de réir bhrí alt 107 (5),

ansin—

(I) measfar chun críocha an fho-ailt seo gur brabúis iomchuí de chuid na cuideachta is faighteoir an dáileadh, agus

(II) d'ainneoin fhorálacha alt 24, áireofar nach ioncam infheistíochta frainceáilte de chuid na cuideachta is faighteoir, chun críocha fho-alt (1), comhiomlán mhéid nó luach an dáilte agus an chreidmheasa cánach ina leith.”.

Leathnú ar alt 19 (urrúis Rialtais agus urrúis eile) den Phríomh-Acht.

41. —Beidh feidhm ag alt 19 den Phríomh-Acht—

(a) i ndáil le hurrúis arna n-eisiúint ag an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe faoi alt 10 den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981 , agus

(b) i ndáil le hurrúis arna n-eisiúint ag Bord Gáis Éireann faoi alt 23 den Acht Gáis, 1976 ,

amhail mar atá feidhm aige maidir leis na cineálacha urrúis a shonraítear i mír (d) den alt sin 19.

Caibidil VII

Cáin Chorparáide: Cuideachtaí Árachais

Cánachas ar bhrabúis áirithe de chuid cuideachtaí árachais.

42. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch lá ar bith tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1981—

(a) in alt 36(3), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) ciallaíonn ‘ioncam neamhfhaoisimh’ ioncam nár eisiadh ó mhuirear cánach de bhua aon fhorála agus nár lamháladh aon fhaoiseamh ina aghaidh trí asbhaint nó fritháireamh, agus chun na críche sin déileálfar le haon asbhaint as brabúis nó fritháireamh in aghaidh brabús mar asbhaint nó fritháireamh a rinneadh as ioncam, nó in aghaidh ioncaim, nár eisiadh amhlaidh ó mhuirear cánach go feadh méid an ioncaim sin agus, sa mhéid nach féidir déileáil amhlaidh leis an asbhaint sin ná leis an bhfritháireamh sin mar gheall ar easpa nó easnamh ioncaim den sórt sin, déileálfar leis mar asbhaint nó fritháireamh a rinneadh as gnóchain inmhuirearaithe nó ina n-aghaidh;”,

agus

(b) trí alt 37 a scriosadh.

Caibidil VIII

Cáin Chorparáide: Faoiseamh maidir le Méadú ar Fhostaíocht

Léiriú (Caibidil VIII).

43. —Sa Chaibidil seo—

tá le “buntréimhse” an bhrí a shanntar dó le halt 44;

tá le “seachtain ranníoca”, “ranníocóir fostaithe” agus “ranniocaí fostaíochta” na bríonna céanna atá leo san Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

ciallaíonn “tréimhse iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta sa bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1983;

ciallaíonn “trádáil” trádáil nó gairm.

Buntréimhse.

44. —Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn an bhuntréimhse i ndáil le trádáil an bhliain dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh, 1982, nó, más giorra ná sin í, an tréimhse ón dáta a seoladh an trádáil i gcéaduair go dtí an 30ú lá de Mheitheamh, 1982, agus beidh feidhm ag an mbuntréimhse i ndáil leis an trádáil cibé acu a bhí nó nach raibh an trádáil á seoladh, le linn na buntréimhse go léir nó le linn coda di, ag duine seachas ag an gcuideachta a bheidh á seoladh sa tréimhse iomchuí nó cibé acu a bhí nó nach raibh codanna leithleacha den trádáil á seoladh ag daoine éagsúla.

Asbhaint le linn ioncam trádála a bheith á ríomh.

45. —(1) I gcás ina n-éileoidh agus ina gcruthóidh cuideachta a bhí ag seoladh trádála sa Stát an 1ú lá d'Eanáir, 1982, gur mó an uimhir (dá ngairtear “an chéad uimhir” anseo feasta san alt seo) de ranníocaí fostaíochta is iníoctha ag an gcuideachta i dtréimhse iomchuí i leith na ranníocóirí fostaithe uile atá fostaithe ar feadh bunús a gcuid ama go léir i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin ná an uimhir (dá ngairtear “an dara huimhir” anseo feasta san alt seo) a chinnfear de réir fhorálacha fho-alt (2), ansin, le linn an t-ioncam ón trádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse iomchuí nó ar cuid di an tréimhse iomchuí, beidh an chuideachta i dteideal méid a asbhaint a ríomhfar trí £10 a iolrú ar an mbreis atá ag an gcéad uimhir ar an dara huimhir.

(2) Chun críocha fho-alt (1) cinnfear an dara huimhir de réir na foirmle

A ×

B

__

C

i gcás—

arb é A an uimhir de ranníocaí fostaíochta is iníoctha sa bhuntréimhse i leith na ranníocóirí fostaithe uile a bhí fostaithe ar feadh bunús a gcuid ama go léir i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin,

arb é B an uimhir seachtainí ranníoca sa tréimhse iomchuí, agus

arb é C an uimhir seachtainí ranníoca sa bhuntréimhse.

Cionroinntí de dhroim cuid den trádáil a aistriú.

46. —I gcás ina dtarlaíonn nó inar tharla aon athrú, an 1ú lá d'Iúil, 1981, nó aon lá dá éis, trína ndéantar, nó trína ndearnadh, cuid de thrádáil a aistriú chuig aon duine, déanfar an uimhir de ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith ranníocóirí fostaithe a chionroinnt chun críocha ailt 45 agus 47 agus déanfar gach cionroinnt den sórt sin ar cibé slí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is cóir ag féachaint do na himthosca go léir.

An uimhir de ranníocaí fostaíochta a chinneadh.

47. —Chun críocha na Caibidle seo is é a bheidh san uimhir de ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith ranníocóra fhostaithe in aon tréimhse uimhir is ionann agus an uimhir seachtainí ranníoca sa tréimhse sin a ndearnadh nó a ndéanfaí, mura mbeadh alt 10(1) (c) den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , an ranníoc nó na ranníocaí iomchuí i leith an ranníocóra fhostaithe sin a íoc ina leith.

Comharbas ar thrádáil.

48. —I gcás ina dtiocfaidh cuideachta i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil atá á seoladh ag cuideachta eile measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an trádáil nó an chuid den trádáil á seoladh ag an gcéad chuideachta a luaitear ón dáta a thosaigh an chuideachta eile ar an trádáil a sheoladh.

Éilimh.

49. —Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte de bhua na Caibidle seo le linn a hioncam trádála do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh mura ndéanfaidh sí éileamh ar an asbhaint roimh an dáta a dtiocfaidh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte.

Caibidil IX

Scéimeanna Brabús-Roinnte

Léiriú (Caibidil IX).

50. —(1) Sa Chaibidil seo agus sa Tríú Sceideal—

forléireofar “an céatadán iomchuí”, i ndáil le haon scaireanna, de réir alt 52(8);

forléireofar “scéim cheadaithe” de réir alt 51(2);

tá le “an chuideachta lena mbaineann” an bhrí a shanntar dó le mír 1(1) den Tríú Sceideal;

tá le “grúp-scéim” agus, i ndáil le scéim den sórt sin, tá le “cuideachta rannpháirteach” na bríonna a shanntar le mír 1(2) den Sceideal sin;

forléireofar “margadhluach tosaigh”, i ndáil le haon scaireanna, de réir alt 51(4);

forléireofar “luach iata”, i ndáil le haon scaireanna, de réir alt 53(2);

tá le “margadhluach”, i ndáil le haon scaireanna, an bhrí a shanntar dó le halt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

tá le “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 155 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

forléireofar “rannpháirtí” de réir alt 51(2) (a);

tá le “an tréimhse choinneála” an bhrí a shanntar dó le halt 52(5);

tá le “an dáta scaoilte” an bhrí a shanntar dó le halt 52(7);

folaíonn “scaireanna” stoc;

ciallaíonn “an ionstraim iontaobhais”, i ndáil le scéim cheadaithe, an ionstraim dá dtagraítear i mír 1(3) (c) den Tríú Sceideal;

ciallaíonn “na hiontaobhaithe”, i ndáil le scéim cheadaithe nó scaireanna rannpháirtí, an comhlacht daoine nach foláir don scéim foráil a dhéanamh i leith a bhunaithe de réir mar a luaitear i mír 1(3) den Tríú Sceideal.

(2) Aon fhoráil den Chaibidil seo—

(a) maidir leis an ord ina mbeifear le déileáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí mar scaireanna a diúscraíodh chun críocha na Caibidle seo, nó

(b) maidir leis na scaireanna a mbeifear le déileáil le teagmhas mar theagmhas a tharla i ndáil leo chun aon chríche den sórt sin,

beidh éifeacht léi d'ainneoin aon ordachán a bheidh tugtha do na hiontaobhaithe maidir le scaireanna de thuairisc áirithe nó maidir le scaireanna a bheidh leithreasaithe chuig an rannpháirtí ag tráth áirithe.

(3) Chun críocha cánach gnóchan caipitiúil—

(a) ní dhéanfar aon asbhaint ón gcomaoin i ndáil le diúscairt aon scaireanna de bhíthin amháin go bhfuil méid a chinnfear faoin gCaibidil seo inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim;

(b) déanfar neamhshuim d'aon mhuirear i leith cánach ioncaim de bhua alt 54 nuair a bheifear á chinneadh an dáileadh caipitil de réir bhrí mhír 1 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , dáileadh; agus

(c) ní dhéanfaidh aon ní in aon fhoráil den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) difear do na rialacha is infheidhme maidir le ríomh gnóchain a fhaibhreoidh as páirt-diúscairt a dhéanamh ar shealbhán scaireanna nó urrúis eile a fuarthas tráthanna éagsúla.

Scéimeanna brabús-roinnte ceadaithe: scaireanna leithreasaithe.

51. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo más rud é, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1982, go ndéanfaidh iontaobhaithe scéime brabúsroinnte, a bheidh ceadaithe de réir Chuid I den Tríú Sceideal, leithreasú ar scaireanna—

(a) a bheidh faighte roimhe sin ag na hiontaobhaithe, agus

(b) a mbeidh na coinníollacha i gCuid II den Sceideal sin comhlíonta ina leith,

chuig pearsa aonair atá rannpháirteach sa scéim.

(2) Na tagairtí do scéim cheadaithe sa Chaibidil seo is tagairtí iad do scéim arna ceadú amhail mar a luaitear i bhfo-alt (1); agus i ndáil le scéim den sórt sin—

(a) aon tagairt do rannpháirtí is tagairt í do phearsa aonair a ndearna iontaobhaithe na scéime scaireanna a leithreasú chuige; agus

(b) faoi réir alt 55, aon tagairt do scaireanna rannpháirtí is tagairt í do na scaireanna a bheidh leithreasaithe chuige ag iontaobhaithe scéime ceadaithe.

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ní mhuirearófar cáin ar aon phearsa aonair maidir le ceart a bheidh faighte aige chun leas tairbhiúil a fháil i scaireanna a aistreoidh nó a bheidh le haistriú chuige de bhua leithreasú scaireanna den chineál a luaitear i bhfo-alt (1).

(4) Aon tagairt sa Chaibidil seo do mhargadhluach tosaigh aon scaireanna de chuid rannpháirtí is tagairt í do mhargadhluach na scaireanna sin arna chinneadh—

(a) ach amháin i gcás feidhm a bheith ag mír (b), ar an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige; agus

(b) má chomhaontaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus iontaobhaithe na scéime i scríbhinn, ar cibé dáta nó dátaí nó faoi threoir cibé dáta nó dátaí, is luaithe ná sin dá bhforálfar sa chomhaontú.

(5) D'ainneoin aon ní sa scéim cheadaithe lena mbaineann nó san ionstraim iontaobhais nó in alt 52, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, déileálfar le rannpháirtí mar dhuine a bhfuil teideal iomlán aige chuig a chuid scaireanna amhail in aghaidh na n-iontaobhaithe.

(6) I gcás ina bhfaighidh iontaobhaithe scéime ceadaithe aon scaireanna a mbeidh na coinníollacha i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo comhlíonta ina leith agus go ndéanfar, laistigh den tréimhse ocht mí dhéag dar tosach dáta a bhfála, na scaireanna sin a leithreasú de réir na scéime—

(a) ní bheidh feidhm ag alt 13 den Acht Airgeadais, 1976 , maidir le hioncam arb éard é díbhinní ar na scaireanna sin a fuair na hiontaobhaithe; agus

(b) ní gnóchan inmhuirearaithe aon ghnóchan a fhaibhreoidh chuig na hiontaobhaithe as na scaireanna sin a leithreasú;

agus, chun a chinneadh an bhfuil leithreasú déanta ar aon scaireanna sa tréimhse ocht mí dhéag sin, is tuigthe maidir le scaireanna a fuarthas níos luaithe gur scaireanna iad a bheidh leithreasaithe roimh scaireanna den aicme chéanna a fuarthas níos déanaí.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a mheasfaidh siad is gá chun críocha a bhfeidhmeanna faoin gCaibidil seo a thabhairt dóibh, laistigh de cibé tréimhse ama a ordóidh siad (ach gan í bheith níos lú ná tríocha lá), lena n-áirítear, go háirithe, faisnéis chun a chumasú dóibh—

(a) cinneadh a dhéanamh i dtaobh scéim a cheadú nó i dtaobh ceadú a bheidh tugtha cheana féin a tharraingt siar; agus

(b) cinneadh a dhéanamh i dtaobh dliteanas aon rannpháirtí i scéim cheadaithe i leith cánach. lena n-áirítear cáin ghnochan caipitiúil.

(8) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an tAcht Airgeadais, 1982 , alt 51(7)” a chur isteach i gcolún 2.

An tréimhse choinneála, an dáta scaoilte agus an céatadán iomchuí.

52. —(1) Ní dhéanfar aon scéim a cheadú mar a luaitear in alt 51(1) mura deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil gach rannpháirtí sa scéim, cibé acu faoi théarmaí na scéime nó ar shlí eile, faoi cheangal conartha leis an gcuideachta lena mbaineann—

(a) ligean dá chuid scaireanna fanacht i lámha na n-iontaobhaithe i gcaitheamh na tréimhse coinneála;

(b) gan a leas tairbhiúil ina chuid scaireanna a shannadh, a mhuirearú ná a dhiúscairt ar shlí eile le linn na tréimhse sin;

(c) má ordaíonn sé do na hiontaobhaithe úinéireacht ar a chuid scaireanna a aistriú chuige tráth ar bith roimh an dáta scaoilte, suim is ionann agus an cháin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar an gcéatadán iomchuí de luach iata na scaireanna tráth an ordaithe a íoc leis na hiontaobhaithe sula ndéanfar an t-aistriú; agus

(d) gan ordú a thabhairt do na hiontaobhaithe a chuid scaireanna a dhiúscairt tráth ar bith roimh an dáta scaoilte ar shlí ar bith seachas trína ndíol ar an gcomaoin airgid is fearr a fhéadfar le réasún a fháil tráth an díola.

(2) Ní dhéanfar aon oibleagáid a chuirtear ar an rannpháirtí de bhua fho-alt (1) (c) a fhorléiriú mar oibleagáid a chuireann de cheangal ar a ionadaithe pearsanta aon suim a íoc leis na hiontaobhaithe.

(3) Aon oibleagáid a fhorchuirtear ar rannpháirtí de bhua fho-alt (1) ní choiscfidh sí ar an rannpháirtí—

(a) ordú a thabhairt do na hiontaobhaithe glacadh le tairiscint ar aon scaireanna dá chuid (dá ngairtear “na scaireanna bunaidh” sa mhír seo) más é toradh an ghlactha nó an chomhaontaithe go gcuirfear sealbhán nua, mar a mhínítear sin i mír 2 (1) (b) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , ar comhréim leis na scaireanna bunaidh chun críocha cánach gnóchan caipitiúil; nó

(b) ordú a thabhairt do na hiontaobhaithe comhaontú le hidirbheart ba dhifear dá scaireanna nó do cibé cuid díobh is d'aicme áirithe, dá mba idirbheart é a dhéanfaí de bhun comhréitigh, comhshocraíochta nó scéime is infheidhme nó ba dhifear—

(i) i gcás gnáth-scairchaipiteal uile na cuideachta áirithe nó, de réir mar a bheidh, na scaireanna uile den aicme áirithe; nó

(ii) i gcás na scaireanna uile, nó na scaireanna den aicme áirithe, atá á sealbhú ag aicme scairshealbhóirí a shonraítear ar shlí eile seachas faoi threoir a bhfostaíochta nó faoi threoir a rannpháirteachais i scéim cheadaithe; nó

(c) ordú a thabhairt do na hiontaobhaithe glacadh le tairiscint airgid, i dteannta nó d'uireasa sócmhainní eile, ar a chuid scaireanna más cuid í an tairiscint de thairiscint ghinearálta a thabharfar do shealbhóirí ar scaireanna den aicme chéanna lena scaireannasan nó ar scaireanna sa chuideachta chéanna agus ar tairiscint í a thabharfar sa chéad ásc ar choinníoll a fhágfaidh, má chomhlíontar é, go mbeidh rialú na cuideachta, de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ag an duine a dhéanfaidh an tairiscint; nó

(d) toiliú, ar an tréimhse choinneála a bheith caite, an leas tairbhiúil ina chuid scaireanna a dhíol leis na hiontaobhaithe ar an gcomaoin chéanna ba ghá a fháil ar na scaireanna féin, de réir fho-alt (1) (d).

(4) Má dhéanann rannpháirtí an leas tairbhiúil in aon scaireanna dá chuid a shannadh, a mhuirearú nó a dhiúscairt ar shlí eile de shárú ar a oibleagáid faoi fho-alt (1) (b), ansin, maidir leis na scaireanna sin, déileálfar leis an rannpháirtí chun críocha na Caibidle seo ionann is dá mba nach raibh sé, an tráth a leithreasaíodh chuige iad, cáilithe le bheith rannpháirteach sa scéim agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 56.

(5) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “an tréimhse choinneála”, i ndáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí, an tréimhse dar tosach an dáta a ndéanfar iad a leithreasú chuige agus dar críoch comhaireamh dhá bhliain an dáta sin, nó, más luaithe é—

(a) an dáta a scoirfidh an rannpháirtí de bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir de chuid cuideachta iomchuí mar gheall ar dhíobháil nó míchumas nó de bharr é a bheith briste as a phost mar gheall ar iomarcaíocht, de réir bhrí an Achta um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 ;

(b) an dáta a sroichfidh an rannpháirtí aois inphinsin, mar a mhínítear sin in alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ; nó

(c) an dáta a bhfaighidh an rannpháirtí bás.

(6) I bhfo-alt (5) (a) ciallaíonn “cuideachta iomchuí” an chuideachta lena mbaineann nó, más grúp-scéim an scéim áirithe, cuideachta rannpháirteach, agus le linn fo-alt (5) (a) a bheith á fheidhmiú maidir le rannpháirtí i ngrúp-scéim, ní dhéileálfar leis an rannpháirtí mar dhuine a scoir de bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir de chuid cuideachta iomchuí go dtí cibé tráth nach fostaí ná stiúrthóir é a thuilleadh d'aon cheann de na cuideachtaí rannpháirteacha.

(7) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “an dáta scaoilte”, i ndáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí, comhaireamh seacht mbliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige.

(8) Faoi réir alt 56 (4), chun críocha fhorálacha na Caibidle seo lena muirearaítear cáin ioncaim ar phearsa aonair faoi Sceideal E de bhíthin teagmhas a bhaineann le haon scaireanna dá chuid tarlú, déanfar aon tagairt don “céatadán iomchuí” i ndáil leis na scaireanna sin a chinneadh de réir thráth an teagmhais sin, mar a leanas:—

(a) más roimh chomhaireamh ceithre bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas agus mura mbeidh feidhm ag mír (c) (i), 100 faoin gcéad an céatadán iomchuí;

(b) más ar chomhaireamh ceithre bliana, nó dáta dá éis, agus roimh chomhaireamh cúig bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas agus mura mbeidh feidhm ag mír (c) (i), 75 faoin gcéad an céatadán iomchuí;

(c) más rud é—

(i) i gcás—

(I) ina scoirfidh an rannpháirtí de bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir de chuid cuideachta iomchuí amhail mar a luaitear i bhfo-alt (5) (a), nó

(II) ina sroichfidh an rannpháirtí aois inphinsin, mar a mhínítear sin in alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ,

go dtarlóidh an teagmhas roimh chomhaireamh sé bliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuige, nó

(ii) in aon chás eile, go dtarlóidh an teagmhas ar chomhaireamh cúig bliana, nó dáta dá éis, agus roimh chomhaireamh sé bliana an dáta sin,

50 faoin gcéad an céatadán iomchuí; agus

(d) más ar chomhaireamh sé bliana nó dáta dá éis, agus roimh chomhaireamh seacht mbliana an dáta a leithreasaíodh na scaireanna chuig an rannpháirtí a tharlóidh an teagmhas, 25 faoin gcéad an céatadán iomchuí.

Scaireanna scéime a dhiúscairt.

53. —(1) Má dhéanann na hiontaobhaithe aon scaireanna de chuid rannpháirtí a dhiúscairt tráth ar bith roimh an dáta scaoilte nó, más luaithe é, dáta báis an rannpháirtí, ansin, faoi réir fho-ailt (3) agus (4), beidh an rannpháirtí inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an diúscairt ar an gcéatadán iomchuí de luach iata na scaireanna tráth na diúscartha.

(2) Faoi réir ailt 55 agus 56(6), déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo do luach iata aon scaireanna de chuid rannpháirtí tráth ar bith a fhorléiriú mar a leanas:

(a) más rud é, roimh an tráth sin, gur tháinig an rannpháirtí chun bheith inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim de bhua alt 54 ar chéatadán de mhéid nó luach aon fháltas caipitil (de réir bhrí an ailt sin) is inchurtha i leith na scaireanna sin, is é a bheidh i luach iata na scaireanna an méid ar mó a margadhluach tosaigh ná méid nó luach an fháltais chaipitil sin nó, má bhí níos mó ná fáltas amháin den sórt sin ann, a gcomhiomláin sin; agus

(b) in aon chás eile, is é a bheidh i luach iata na scaireanna a margadhluach tosaigh.

(3) Faoi réir fho-alt (4), más rud é, ar dhiúscairt scaireanna a thagann faoi réim fho-alt (1) a dhéanamh, gur lú toradh na diúscartha ná luach iata na scaireanna tráth na diúscartha, beidh éifeacht le fo-alt (1) ionann is dá ndéanfaí an luach iata sin a laghdú go dtí méid is ionann agus toradh na diúscartha.

(4) Más rud é, aon tráth roimh aon scaireanna de chuid rannpháirtí a dhiúscairt, go ndearnadh íocaíocht leis na hiontaobhaithe chun a chumasú dóibh cearta de dhroim eisiúna de cheart a fheidhmiú, ansin, faoi réir fho-alt (5), beidh éifeacht le fo-ailt (1) agus (3) ionann is dá ndéanfaí toradh na diúscartha a laghdú méid is ionann agus an chomhréir sin den íocaíocht sin, nó, má bhí níos mó ná íocaíocht amháin ann, de chomhiomlán na n-íocaíochtaí sin, a bhí, díreach roimh an diúscairt, idir margadhluach na scaireanna a diúscraíodh agus margadhluach scaireanna uile an rannpháirtí a shealbhaigh na hiontaobhaithe an tráth sin.

(5) Chun críocha fho-alt (4)—

(a) ní thabharfar aird ar aon íocaíocht leis na hiontaobhaithe más é atá inti, nó sa mhéid gurb é atá inti, an toradh ó dhiúscairt cearta de dhroim eisiúna de cheart; agus

(b) i ndáil le diúscairt áirithe, is tuigthe gurb é a bheidh i méid na híocaíochta nó, de réir mar a bheidh, i méid comhiomlán na n-íocaíochtaí, dá dtagraítear san fho-alt sin, an méid sin arna laghdú méid is ionann agus an laghdú iomlán (más ann) a rinneadh roimhe sin faoin bhfo-alt sin i ndáil le diúscairtí is luaithe;

agus aon tagairt i bhfo-alt (4) nó i mír (a) do chearta de dhroim eisiúna de cheart is tagairt í do chearta a tugadh i leith scaireanna rannpháirtí arb é atá iontu cearta chun leithroinnt de scaireanna eile sa chuideachta chéanna a fháil ar íocaíocht a dhéanamh.

(6) I gcás ina ndéanfar an diúscairt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) as sealbhán scaireanna a leithreasaíodh chuig an rannpháirtí tráthanna éagsúla, ansin, le linn—

(a) margadhluach tosaigh agus luach iata gach ceann de na scaireanna sin, agus

(b) an céatadán arb é atá ann an céatadán iomchuí i ndáil le gach ceann de na scaireanna sin,

a bheith á chinneadh chun críocha na Caibidle seo, déileálfar leis an diúscairt mar dhiúscairt ar scaireanna a leithreasaíodh níos luaithe roimh scaireanna a leithreasaíodh níos déanaí.

(7) Más rud é tráth ar bith go ndéanfar leas tairbhiúil an rannpháirtí in aon scaireanna dá chuid a dhiúscairt, déileálfar leis na scaireanna sin chun críocha na Caibidle seo mar scaireanna a dhiúscair na hiontaobhaithe an tráth sin ar chomaoin (faoi réir fho-alt (8)) de shamhail na comaoine a fuarthas as an leas tairbhiúil a dhiúscairt, agus chun críocha an fho-ailt seo níl aon diúscairt ar leas tairbhiúil an rannpháirtí ann, má thagann, agus an tráth a dtiocfaidh, an leas sin chun bheith dílsithe d'aon duine ar dhócmhainneacht an rannpháirtí nó, d'eile, trí oibriú dlí an Stáit.

(8) Más rud é—

(a) gur aistriú lena mbaineann alt 52(1) (c) diúscairt scaireanna a thagann faoi réim fho-alt (1), nó

(b) go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim den tuairim nach diúscairt ar neamhthuilleamaí aon diúscairt eile a thagann faoi réim an fho-ailt sin agus go n-ordóidh siad dá réir sin go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo, nó

(c) go ndéileálfar le diúscairt scaireanna a thagann faoi réim an fho-ailt sin mar dhiúscairt a tharla de bhua fho-alt (7) agus gur sa tréimhse choinneála a tharlóidh sé,

ansin, chun críocha na Caibidle seo, is tuigthe gurb ionann toradh na diúscartha agus margadhluach na scaireanna tráth na diúscartha.

(9) I bhfo-alt (5) folaíonn “scaireanna”, ó thaobh scaireanna a leithroinneadh nó a leithroinnfear ar eisiúint de cheart, urrúis agus cearta de thuairisc ar bith.

Fáltais chaipitil i leith scaireanna scéime.

54. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo más rud é, i leith nó faoi threoir aon scaireanna de chuid rannpháirtí, go dtiocfaidh na hiontaobhaithe nó an rannpháirtí, roimh an dáta scaoilte, chun bheith i dteideal aon airgead nó luach airgid (dá ngairtear “fáltas caipitil” san alt seo) a fháil, beidh cáin ioncaim inmhuirearaithe ar an rannpháirtí faoi Sceideal E, don bhliain mheasúnachta ina n-eascróidh an teideal, ar an gcéatadán iomchuí (arna chinneadh amhail ag an tráth a dtiocfaidh na hiontaobhaithe nó an rannpháirtí chun bheith i dteideal amhlaidh) de mhéid nó de luach an fháltais.

(2) Ní fáltas caipitil chun críocha an ailt seo airgead ná luach airgid más rud é nó, de réir mar a bheidh, sa mhéid—

(a) gur ioncam i lámha an fhaighteora é chun críocha cánach ioncaim;

(b) gur toradh diúscartha é a thagann faoi réim alt 53; nó

(c) gur scaireanna nua é de réir bhrí alt 55.

(3) Más rud é, de bhun ordacháin a bheidh tugtha ag nó thar ceann an rannpháirtí nó aon duine a bhfuil an leas tairbhiúil i scaireanna an rannpháirtí dílsithe dó de thuras na huaire—

(a) go ndéanfaidh na hiontaobhaithe cuid de na cearta de dhroim eisiúna de cheart a dhiúscairt, mar a mhínítear sin in alt 53(5), agus

(b) go n-úsáidfidh na hiontaobhaithe toradh na diúscartha sin chun cearta eile den sórt sin a fheidhmiú,

ní fáltas caipitil chun críocha an ailt seo an t-airgead ná an luach airgid is toradh ar an diúscairt sin.

(4) Dá mba rud é, ar leith ón bhfo-alt seo, gur mhó méid nó luach fáltais chaipitil ná an tsuim arbh é a bhí inti, díreach sular eascair an teideal chuig an bhfáltas, luach iata na scaireanna arb inchurtha an fáltas ina leith, beidh éifeacht le fo-alt (1) amhail is dá mba ionann méid nó luach an fháltais agus an luach iata sin.

(5) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le fáltas má eascraíonn an teideal chuige tar éis bhás an rannpháirtí arb inchurtha an fáltas i leith a chuid scaireanna.

(6) Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon fháltas nach mó ná £10 a mhéid nó a luach (tar éis aon laghdú faoi fho-alt (4) a dhéanamh).

Athchóiriú. cónascadh etc. cuideachtaí.

55. —(1) Tá feidhm ag an alt seo má tharlaíonn, i ndáil le haon scaireanna de chuid rannpháirtí (dá ngairtear “an sealbhán bunaidh” san alt seo), idirbheart (dá ngairtear “athchóiriú cuideachta” san alt seo) arb é is toradh dó sealbhán nua, amhail mar a mhínítear sin i mír 2(1) (b) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a chur ar comhréim leis an sealbhán bunaidh chun críocha cánach gnóchan caipitiúil.

(2) (a) I gcás ina n-eiseofar scaireanna, mar chuid d'athchóiriú cuideachta, in imthosca a fhágfaidh go mbeidh feidhm ag alt 85(1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , déileálfar, chun críocha an ailt seo, leis na scaireanna sin mar scaireanna nach cuid den sealbhán nua.

(b) Ní dhéanfaidh aon ní sa Chaibidil seo difear d'fheidhmiú alt 84(2) (c) nó 86(1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(3) San alt seo—

ciallaíonn “scaireanna nua” scaireanna sa sealbhán nua a eisíodh i leith scaireanna sa sealbhán bunaidh nó scaireanna atá ag freagairt ar shlí eile do na scaireanna sin;

ciallaíonn “na scaireanna comhréireacha”, i ndáil le haon scaireanna nua, na scaireanna sin ar eisíodh na scaireanna nua ina leith nó a bhfuil na scaireanna nua ag freagairt dóibh ar shlí eile.

(4) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, déanfar tagairtí sa Chaibidil seo do scaireanna de chuid rannpháirtí a fhorléiriú, tar éis tráth athchóirithe na cuideachta, mar thagairtí nó, de réir mar a bheidh, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí, d'aon scaireanna nua, agus chun críocha na Caibidle seo—

(a) déileálfar le hathchóiriú cuideachta mar athchóiriú nach dtugann diúscairt ar scaireanna sa sealbhán bunaidh i gceist;

(b) is é an dáta a ndéileálfar leis mar dháta ar ar leithreasaíodh aon scaireanna nua chuig an rannpháirtí an dáta a leithreasaíodh na scaireanna comhréireacha; agus

(c) déileálfar leis na coinníollacha i gCuid II den Tríú Sceideal mar choinníollacha a comhlíonadh maidir le haon scaireanna nua má comhlíonadh iad (nó má déileáladh leo mar scaireanna a comhlíonadh) maidir leis na scaireanna comhréireacha.

(5) I ndáil le scaireanna sa sealbhán nua, beidh feidhm ag alt 53(2) ionann is dá mba é a bhí sna tagairtí san fho-alt sin do mhargadhluach tosaigh na scaireanna tagairtí do luach iata na scaireanna sin díreach i ndiaidh athchóiriú na cuideachta, agus cinnfear é—

(a) trí fhionnadh a dhéanamh ar mhéid comhiomlán an luacha iata a bhí, díreach roimh an athchóiriú, ag na scaireanna sin sa sealbhán bunaidh a raibh an luach iata céanna acu an tráth sin; agus

(b) tríd an méid sin a dháileadh pro rata

(i) ar cibé riar de na scaireanna sin a bheidh fós sa sealbhán nua, agus

(ii) ar aon scaireanna nua ar scaireanna comhréireacha i ndáil leo na scaireanna sin.

de réir a margadhluacha díreach tar éis dháta an athchóirithe, agus ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt sin ach amháin maidir le fáltais chaipitil tar éis dháta an athchóirithe.

(6) Chun críocha na Caibidle seo, má thagann iontaobhaithe, mar chuid d'athchóiriú cuideachta, chun bheith i dteideal fáltais chaipitil, de réir bhrí alt 54, is tuigthe a dteideal chuig an bhfáltas caipitil d'eascairt roimh theacht ann don sealbhán nua agus, chun críocha fho-alt (5), roimh an dáta ar a mbeidh luach iata aon scaireanna sa sealbhán bunaidh le fionnadh.

(7) Ó thaobh sealbháin nua de, aon tagairt san alt seo do scaireanna folaíonn sí urrúis agus cearta de thuairisc ar bith ar cuid den sealbhán nua iad chun críocha mhír (2) (1) (b) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

Scaireanna breise nó neamhúdaraithe.

56. —(1) Más mó ná £1,000 iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna go léir a bheidh leithreasaithe chuig pearsa aonair aon bhliain mheasúnachta áirithe (cibé acu faoi scéim cheadaithe amháin nó faoi dhá scéim nó níos mó den sórt sin), beidh feidhm ag fo-ailt (4) go (7) maidir leis na scaireanna breise, is é sin le rá, aon scair ba chúis leis an teorainn sin a shárú agus aon scair a leithreasaíodh tar éis an teorainn sin a shárú.

(2) Chun críocha fho-alt (1), má dhéantar uimhir scaireanna a leithreasú chuig pearsa aonair an tráth céanna faoi dhá scéim cheadaithe nó níos mó, áireofar an chomhréir chéanna de na scaireanna a leithreasófar an tráth sin faoi gach scéim mar chomhréir a bheidh leithreasaithe sula mbeidh an teorainn £1,000 sáraithe.

(3) Má dhéanann iontaobhaithe scéime ceadaithe scaireanna a leithreasú chuig pearsa aonair tráth nach mbeidh sé cáilithe le bheith páirteach sa scéim de bhua Chuid III den Tríú Sceideal, beidh feidhm ag na forálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo i ndáil leis na scaireanna sin, agus “scaireanna neamhúdaraithe” a ghairtear de na scaireanna sin sna forálacha sin.

(4) Chun críocha aon fhorála den Chaibidil seo lena muirearaítear cáin ioncaim ar phearsa aonair faoi Sceideal E de bhíthin teagmhas a bhaineann le haon scaireanna dá chuid tarlú—

(a) 100 faoin gcéad a bheidh, i ngach cás, sa chéatadán iomchuí i ndáil le scaireanna breise nó scaireanna neamhúdaraithe; agus

(b) gan dochar d'alt 53 (6), déileálfar leis an teagmhas mar theagmhas a bhaineann le scaireanna nach scaireanna breise ná scaireanna neamhúdaraithe roimh scaireanna ar scaireanna den sórt sin iad.

(5) Scaireanna breise nó scaireanna neamhúdaraithe nach mbeidh diúscartha roimh an dáta scaoilte nó, más luaithe é, roimh dháta báis an rannpháirtí ar leis iad, déileálfar leo chun críocha na Caibidle seo mar scaireanna a bheidh diúscartha ag na hiontaobhaithe díreach roimh an dáta scaoilte nó, de réir mar is gá, roimh dháta báis an rannpháirtí, ar chomaoin is ionann agus a margadhluach an tráth sin.

(6) Is é luach iata aon scaireanna breise nó aon scaireanna neamhúdaraithe, aon tráth, a margadhluach an tráth sin.

(7) I gcás athchóiriú cuideachta lena mbaineann alt 55 a bheith déanta, déileálfar le scair nua (de réir bhrí an ailt sin) mar scair bhreise nó mar scair neamhúdaraithe má ba scair bhreise nó scair neamhúdaraithe an scair chomhréireach (de réir bhrí an ailt sin) nó, má bhí níos mó ná scair chomhréireach amháin ann, gach scair díobh.

Iontaobhaithe a mheasúnú maidir le suimeanna a fuarthas.

57. —Más rud é, i ndáil le hordachán d'aistriú úinéireacht ar scaireanna de chuid rannpháirtí lena mbaineann mír (c) d'alt 52 (1), go bhfaighidh na hiontaobhaithe suim den chineál dá dtagraítear sa mhír sin—

(a) beidh na hiontaobhaithe inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D maidir le méid is ionann agus an céatadán iomchuí de luach iata na scaireanna tráth an ordacháin, agus

(b) measfar, maidir leis an méid a mbeidh cáin inmhuirearaithe ar an rannpháirtí ina leith de thoradh an aistrithe, gur méid é as ar baineadh cáin de réir an ráta chaighdeánaigh de bhun fhorálacha alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

Íocaíochtaí le hiontaobhaithe a asbhaint de réir Sceideal D.

58. —(1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, aon suim a bheidh caite ag an gcuideachta lena mbaineann sa tréimhse chuntasaíochta sin ag déanamh íocaíochta nó íocaíochtaí le hiontaobhaithe scéime ceadaithe—

(a) áireofar í sna suimeanna a bheidh le hasbhaint le linn na brabúis nó na gnóchain don tréimhse chuntasaíochta sin ó thrádáil a sheolann an chuideachta sin a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D, nó

(b) más cuideachta infheistíochta an chuideachta de réir bhrí alt 15 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó más cuideachta í a bhfuil feidhm ag an alt sin maidir léi de bhua alt 33 den Acht sin, áireofar í sna suimeanna a bheidh le hasbhaint faoi alt 15 (1) den Acht sin mar chaiteachais bhainistí le linn brabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide,

má chomhlíontar, agus ar an gcoinníoll amháin go gcomhlíonfar, ceann amháin de na coinníollacha i bhfo-alt (2):

Ar choinníoll nach lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo ná faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach i leith cibé riar d'aon suim, nó de mhéid comhiomlán aon suimeanna, a caitheadh amhlaidh sa tréimhse chuntasaíochta sin is mó ná 20 faoin gcéad díobh seo a leanas—

(i) ioncam trádála na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, i gcás cuideachta lena mbaineann mír (a), nó

(ii) ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, i gcás cuideachta lena mbaineann mír (b), tar éis aon suimeanna a thabhairt i gcuntas a bheidh, ar leith ón alt seo, le hasbhaint faoi alt 15 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar chaiteachais bhainistí le linn brabúis na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide.

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) go ndéanfaidh na hiontaobhaithe, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, an tsuim atá i gceist a chur chun feidhme chun scaireanna a fháil lena leithreasú chuig pearsana aonair atá cáilithe le bheith páirteach sa scéim mar gheall ar go bhfuil nó go raibh siad ina bhfostaithe nó ina stiúrthóirí de chuid na cuideachta a bhfuil an íocaíocht á déanamh aici, agus

(b) go bhfuil an tsuim riachtanach chun freastal do chaiteachais réasúnacha na n-iontaobhaithe a riaradh na scéime.

(3) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “ioncam trádála”, i ndáil le haon trádáil, an t-ioncam ón trádáil arna ríomh de réir na rialacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D roimh aon asbhaint faoin gCaibidil seo agus tar éis aon fhritháireamh nó laghdú ar ioncam de bhua alt 16 nó 18 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus tar éis aon asbhaint nó breisiú de bhua alt 14 den Acht sin, agus tar éis aon asbhaint nó breisiú de bhua alt 31A den Acht Airgeadais, 1975 .

(4) I bhfo-alt 2 (a) ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse naoi mí dar tosach an lá i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntais ina ndéanfar an tsuim i gceist a mhuirearú mar chaiteachas de chuid na cuideachta a thabhaigh an caiteachas nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a thabharfar don chuideachta sin.

(5) Chun críocha an ailt seo is tuigthe go gcuireann iontaobhaithe scéime ceadaithe suimeanna a íocadh leo chun feidhme san ord ina bhfuair siad na suimeanna.

Caibidil X

Frithsheachaint agus Frithimghabháil

Ús ar chánacha neamhíoctha i gcásanna calaoise nó faillí.

59. —(1) Baineann an t-alt seo le hús is inmhuirearaithe—

(a) faoi ailt 20 (2) agus 50 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , agus

(b) faoi alt 145 (4) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(2) I gcás aon ús lena mbaineann an t-alt seo a bheith inmhuirearaithe d'aon mhí dar tosach an lú lá de Shamhain, 1982, nó aon lá dá éis, nó d'aon chuid de mhí den sórt sin, maidir le cáin a dhlitear a íoc nó a chur ar aghaidh ar an dáta sin nó roimhe nó dá éis, beidh an t-ús sin inmhuirearaithe de réir ráta 2 faoin gcéad do gach mí nó do gach cuid de mhí in ionad an ráta 1.25 faoin gcéad a luaitear in alt 46 (2) den Acht Airgeadais, 1978 .

(3) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhrabús corparáide nó cáin chorparáide, de réir mar is iomchuí.

Leasú ar fhorálacha áirithe de na hAchtanna Cánach a bhaineann le pionóis.

60. —(1) Más rud é, tar éis dáta an Achta seo a rith (ach maidir le haon bhliain mheasúnachta nó, de réir mar a bheidh, aon tréimhse chuntasaíochta, dar críoch dáta roimh dháta an Achta seo a rith nó dáta ina dhiaidh sin) go dtarlóidh gníomh nó neamhghníomh a mbeadh, murach an fo-alt seo, an pionós nó na pionóis dá bhforáiltear in aon fhoráil de na hAchtanna Cánach a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo ag aon uimhir thagartha le cur ar dhuine ina leith, dlífear an pionós a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur ar an duine in ionad an phionóis nó na bpionós dá bhforáiltear amhlaidh agus forléireofar an fhoráil sin, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

AN TÁBLA

Uimhir Thagartha

An Fhoráil de na hAchtanna Cánach

An pionós

(1)

(2)

(3)

1.

Alt 128(1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

£800

2.

Alt 128(1A) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

£500

3.

Alt 173(6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

£800

4.

Alt 426(3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

£500

5.

Alt 500(1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

£500

6.

Alt 500(2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

£800

7.

Alt 6(5) den Acht Airgeadais, 1968

£800

8.

Alt 64(9) den Acht Cánach Corparáide, 1976

£800

9.

Alt 34(4) den Acht Airgeadais, 1976

£800

10.

Alt 31(5) den Acht Airgeadais, 1979

£800

11.

Alt 45(8) den Acht Airgeadais, 1980

£800

(2) I ndáil le gníomhartha nó neamhghníomhartha lena mbaineann fo-alt (1), leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967

(a) in alt 128—

(i) i bhfo-alt (1), trí “agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh” a scriosadh, agus

(ii) trí fho-alt (3) a scriosadh,

(b) in alt 173—

(i) i bhfo-alt (6), trí “agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonadh leanúnaigh, a chóimhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh” a scriosadh, agus

(ii) trí fho-alt (8) a scriosadh,

(c) in alt 426(3), trí “dlífear pionós £500 a chur air” a chur in ionad “forghéillfidh sé suim nach mó ná £500”, agus

(d) in alt 500—

(i) i bhfo-alt (1), trí “agus, má leanann an mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt arb os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £10 in aghaidh gach lae a leanfaidh an mhainneachtain amhlaidh” a scriosadh, agus

(ii) i bhfo-alt (2), trí “sa phionós” a chur in ionad “sa chéad phionós acu sin”.

Gnóthais airgeadais agus daoine faoi dhíolúine ó cháin do cheannach scaireanna.

61. —Beidh éifeacht le halt 371 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le díbhinní a íocfar an 26ú lá de Mhárta, 1982, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí “deich mbliana” in ionad “sé bliana” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (1) agus (2).

Leasú ar alt 9 (comaoin) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

62. —Leasaítear leis seo alt 9 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) D'ainneoin fho-alt (1) agus mhír 2 (2) de Sceideal 2, i gcás ina ndéanfaidh cuideachta, an 24ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, scaireanna sa chuideachta (dá ngairtear ‘na scaireanna nua’ anseo feasta san fho-alt seo) a leithroinnt, ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí, ar dhuine atá bainteach leis an gcuideachta, measfar, chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, gurb í an chomaoin a thabharfaidh an duine nó a dhlífidh sé a thabhairt i leith na scaireanna nua méid (lena n-áirítear méid nialais) is ionann agus cibé méid díobh seo a leanas is lú, eadhon—

(a) méid nó luach na comaoine a bheidh tugtha aige i leith na scaireanna nua, agus

(b) an méid ar mó margadhluach na scaireanna sa chuideachta a shealbhaigh sé díreach tar éis leithroinnt na scaireanna nua ná margadhluach na scaireanna sa chuideachta a shealbhaigh sé díreach roimh an leithroinnt nó, murar shealbhaigh sé aon scaireanna den sórt sin díreach roimh an leithroinnt, margadhluach na scaireanna nua díreach tar éis na leithroinnte.

(4) I bhfo-alt (3), folaíonn ‘scaireanna’ stoc, bintiúir agus aon leasanna lena mbaineann mír 5 (2) de Sceideal 2 agus folaíonn sé freisin aon rogha i ndáil leis na scaireanna sin, agus forléireofar dá réir sin na tagairtí ann do leithroinnt scaireanna.”.

Srian le Sceideal 2 (cuideachtaí agus scairshealbhóirí) a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

63. —(1) Ní bheidh feidhm ag mír 4 ná ag mír 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , maidir leis an eisiúint a dhéanfaidh cuideachta, an 24ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, ar scaireanna sa chuideachta—

(a) mar mhalartú den chineál dá dtagraítear sa mhír sin 4, nó

(b) faoi scéim athchóiriúcháin nó chónasctha den chineál dá dtagraítear sa mhír sin 5,

mura suífear go bhfuil an malartú, an t-athchóiriú nó an cónascadh á dhéanamh ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach cuid é d'aon chomhshocraíocht, nó scéim arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis, dliteanas cánach a sheachaint.

(2) I bhfo-alt (1) tá le “scaireanna” an bhrí chéanna atá leis in alt 62.

CUID II

Custaim agus Mál

Léiriú (Cuid II).

64. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

Dleacht ar thaisteal coigríche.

65. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “aerárthach” aerárthach atá oiriúnach chun breis agus cúig phaisinéir déag a iompar;

ciallaíonn “iompróir” duine (is duine a bhíonn ag gabháil d'iompar daoine i longa nó in aerárthaí) a dhéanfaidh comhaontú, mar phríomhaí, chun duine a iompar i long nó in aerárthach leis an duine a bheidh le hiompar amhlaidh nó le duine (nach duine a bhíonn ag gabháil d'iompar daoine i longa nó in aerárthaí) a bheidh ag gníomhú thar ceann an duine dheiridh sin;

ciallaíonn “ticéad paisinéara” doiciméad, a bhaineann le hiompar duine amháin nó níos mó, arna eisiúint ar scór conartha a bhaineann go hiomlán nó go páirteach le hiompar;

ciallaíonn “long” aon soitheach farraige atá oiriúnach chun breis agus caoga paisinéir a iompar agus folaíonn sé sciorrárthach;

ciallaíonn “an Ríocht Aontaithe” Tuaisceart Éireann, an Bhreatain Mhór agus Oileán Mhanann.

(2) (a) Déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach uile thicéad paisinéara a eiseofar sa Stát an lú lá de Mheán Fómhair, 1982, nó aon lá dá éis, agus a bhainfidh go hiomlán nó go páirteach le hiompar i long nó in aerárthach ar thuras nó eitilt, de réir mar a bheidh, a thosóidh sa Stát agus ar ceann scríbe dó áit, seachas Tuaisceart Éireann, lasmuigh den Stát.

(b) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír (a) den fho-alt seo a íoc cibé tráth nó tráthanna agus ar cibé modh a bheidh sonraithe i rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(3) (a) San fho-alt seo ní fholóidh “duine” duine nach dtoibhítear aon mhuirear as é a iompar.

(b) Is iad seo a leanas na rátaí ar dá réir a íocfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo—

(i) £3 in aghaidh gach duine a bhfuil a iompar údaraithe le ticéad paisinéara a bhaineann le hiompar in aerárthach ar eitilt go dtí ceann scríbe (seachas ceann scríbe i dTuaisceart Éireann) lasmuigh den Stát,

(ii) £3 in aghaidh gach duine a bhfuil a iompar údaraithe le ticeád paisinéara a bhaineann le hiompar i long ar thuras go dtí ceann scríbe (seachas ceann scríbe sa Ríocht Aontaithe) lasmuigh den Stát,

(iii) £2 in aghaidh gach duine a bhfuil a iompar údaraithe le ticéad paisinéara a bhaineann le hiompar i long ar thuras go dtí ceann scríbe sa Bhreatain Mhór nó ar Oileán Mhanann.

(4) (a) Dlífidh iompróir an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo a íoc maidir le ticéid phaisinéirí arna n-eisiúint aige féin nó ag duine eile (nach iompróir) thar a cheann.

(b) I gcás ina ndéanfaidh duine seachas duine a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo ticéad paisinéara a eisiúint, is é an duine is iompróir, i ndáil leis an turas nó an eitilt ar a n-iomprófar an duine ag a bhfuil an ticéad sin, a dhlífidh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo a íoc.

(5) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2) den alt seo agus faoi réir aon rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoin alt seo, ní dhéanfar an dleacht máil a fhorchuirtear leis an bhfo-alt sin a mhuirearú maidir le ticéad paisinéara—

(a) a bhaineann le duine nach dtoibhítear aon mhuirear as é a iompar, nó

(b) chun duine a iompar in aerárthach nó i long, ar eitilt nó ar thuras, de réir mar a bheidh, ar a bhfuil an t-aerárthach nó an long in úsáid go heisiatach chun críocha Stáit nó míleata, nó

(c) a bhaineann le duine faoi bhun dhá bhliain d'aois, nó

(d) a bhaineann le duine a thugtar ó áit go háit i gcathaoir rothaí nó ar shínteán mar gheall ar mhíthreoir nó éiglíocht coirp, nó

(e) chun duine a bhfuil míthreoir nó éiglíocht coirp nó meabhrach tromaí air a iompar in aerárthach ar eitilt, nach eitilt sceidealta, go dtí ionad oilithreachta crábhaidh a bhfuil cáil idirnáisiúnta air.

(6) Duine a dhlífidh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo a íoc, ach nach ndéanfaidh an dleacht máil sin a íoc de réir an fho-ailt sin nó nach n-áiritheoidh go n-íocfar í de réir fho-alt (7) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £800 a chur air.

(7) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ach cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht máil a fhorchuirtear leis an bhfo-alt sin (2), cead a thabhairt íoc na dleachta máil sin a chur siar go ceann cibé tréimhse a cheapfaidh siad le rialacháin.

(8) Aon uair a shuífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur muirearaíodh nó gur íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo—

(a) trí dhearmad, nó

(b) maidir le ticéad paisinéara nár úsáideadh,

féadfar an dleacht máil sin a loghadh nó a aisíoc, de réir mar a bheidh, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a fhorchur.

(9) (a) Féadfaidh Oifigeach Custam agus Máil, gach tráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh nó dul ar bord aerárthaigh nó loinge a gcreidfidh an t-oifigeach le réasún go bhfuil ticéid phaisinéirí á gcoinneáil ann a bhfuil nó a raibh an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo inmhuirearaithe ina leith nó go bhfuil leabhair nó doiciméid eile a bhaineann le heisiúint ticéad paisinéirí den sórt sin á gcoinneáil ann agus féadfaidh sé na nithe seo a leanas a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, eadhon—

(i) aon ticéid phaisinéirí den sórt sin a gheofar ann, nó

(ii) aon leabhair nó doiciméid eile den sórt sin a gheofar ann a gcreidfidh an t-oifigeach le réasún baint a bheith acu le heisiúint ticéad paisinéirí den sórt sin.

(b) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil, agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

(10) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

(b) Féadfar go sonrach, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, le rialacháin faoin bhfo-alt seo—

(i) an modh a fhorordú ina muirearófar, ina n-áiritheofar agus ina mbaileofar an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo,

(ii) a cheangal ar dhuine a dhlífidh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo a íoc, nó ar dhuine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, nó ar aon duine eile a eiseoidh ticéid phaisinéirí, cibé cuntais agus taifid a bheidh sonraithe a choimeád ar mhodh sonraithe agus a chaomhnú go ceann tréimhse sonraithe agus aon leabhair nó doiciméid eile (lena n-áirítear ticéid phaisinéirí nó codanna den chéanna agus cóipeanna de na ticéid nó de na codanna sin) a bheidh sonraithe a choimeád go ceann tréimhse sonraithe agus a cheadú d'oifigeach Custam agus Máil na cuntais, na taifid, na leabhair agus na doiciméid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(iii) a cheangal ar dhuine a dhlífidh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo a íoc, nó ar dhuine a bheidh ag gníomhú thar a cheann, tuairisceáin i ndáil le cibé nithe a bheidh sonraithe a thabhairt cibé tráthanna agus i cibé foirm a bheidh sonraithe,

(iv) cibé socrú a dhéanamh a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun clár a bhunú agus a chothabháil de dhaoine a dhlífidh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo a íoc agus chun ainmneacha agus seoltaí na ndaoine sin, agus aon sonraí eile a mheasfaidh siad is gá, a thaifeadadh ann agus chun a cheangal ar na daoine sin iarratas a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Ioncaim lena gclárú sa chlár sin.

(v) a fhoráil, i gcoitinne nó i ndáil le haicme shonraithe nó aicmí sonraithe daoine, nach mbeidh feidhm ag aon fhoráil amháin nó níos mó d'fhorálacha fho-alt (5) den alt seo mura mbeidh cibé coinníollacha a bheidh sonraithe sna rialacháin comhlíonta agus féadfaidh siad coinníollacha éagsúla a shonrú i ndáil le forálacha éagsúla den sórt sin den fho-alt sin (5).

(c) Duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh rialachán faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.

(11) I gcás ina ndéanfar nó ina ndearnadh conradh roimh an lú lá de Mheán Fómhair, 1982, maidir le hiompar a ndéanfar ticéad paisinéara a eisiúint i ndáil leis ar an dáta sin nó ar dháta dá éis, féadfaidh duine a bheidh freagrach as an iompar a chur i gcrích faoin gconradh, cheal comhaontú dá mhalairt, suim a ghnóthú, de bhreis ar an bpraghas conartha, is ionann agus aon mhéid a bheidh íoctha aige, i ndáil leis an ticéad paisinéara sin a eisiúint, i gcuntas na dleachta máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo.

(12) Beidh ag forálacha na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin agus ag forálacha aon ionstraime a bhaineann le dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil leis an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo amhail mar atá feidhm acu maidir le dleachtanna máil.

Hidreacarbóin.

66. —(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le mír 11(1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá de Mhárta, 1982, de réir £18.85 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 6(1) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 .

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12(1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá de Mhárta, 1982, de réir £13.20 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 6(2) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 .

(3) Amhail ar an agus ón 26ú lá de Mhárta, 1982, is é ráta aon aisíoca a lamháiltear faoi mhír 12(11) d'Ordú 1975 maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamhála agus ar ar íocadh de réir £13.20 an heictilítear an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, £11.41 an heictilítear in ionad an ráta ab inlamhála díreach roimh an 26ú lá de Mhárta, 1982.

(4) D'ainneoin fhorálacha alt 70(11) den Acht Airgeadais, 1980 , is é méid aon aisíoca faoi mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 232) (Olaí Hidreacarbóin), 1977 (I.R. Uimh. 279 de 1977), ar ola hidreacarbóin a úsáidtear mar a shonraítear sa mhír sin 4 le linn na tréimhse ón lú lá de Nollaig, 1981, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1982, an méid dleachta máil a bheidh íoctha ar an gcainníocht ola a úsáideadh amhlaidh.

(5) Le héifeacht amhail ar an agus ón 26ú lá de Mhárta, 1982, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír 11(4) d'Ordú 1975:

“(4) Lamhálfar aistarraingt ar cóimhéid leis an méid dleachta a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh é de bhíthin oibriú na míre seo i ndáil leis an ola éadrom hidreacarbóin mhianrach i gceist, tráth bheidh aon ola éadrom hidreacarbóin mhianrach (lena n-áirítear cibé ola a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, í a bheith in aon earraí) is inmhuirearaithe leis an dleacht sin á honnmhairiú ón Stát nó á loingsiú nó á taisceadh i mbannastóras lena húsáid mar lón loinge.”.

(6) Le héifeacht amhail ar an agus ón 26ú lá de Mhárta, 1982, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír 12(2) d'Ordú 1975:

“(2) Lamhálfar aistarraingt ar cóimhéid leis an méid dleachta a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh é de bhíthin oibriú na míre seo i ndáil leis an ola hidreacarbóin i gceist, tráth bheidh aon ola hidreacarbóin (lena n-áirítear cibé ola a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, í a bheith in aon earraí) is inmhuirearaithe leis an dleacht sin á honnmhairiú ón Stát nó á loingsiú nó á taisceadh i mbannastóras le húsáid mar lón loinge.”.

(7) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41(1) den Acht Airgeadais, 1976 , a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 26ú lá de Mhárta, 1982, de réir £0.56 an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 6(4) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 .

Laghdú ar an dleacht ar pháirteanna agus gabhálais agus boinn mhótarfheithiclí.

67. —(1) Leasaítear leis seo Ordú 1975—

(a) i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal ag uimhir thagartha 2—

(i) trí “33 faoin gcéad” a chur in ionad “37.5%” le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1982,

(ii) trí “29 faoin gcéad” a chur in ionad “33 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an alt seo) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Fheabhra, 1983, agus

(iii) trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “29 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an alt seo) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Mheitheamh, 1983,

agus

(b) trí “10 faoin gcéad” a chur in ionad “15 faoin gcéad” i bhfomhír (3) de mhír 15 le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1982.

(2) Leasaítear leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Dheireadh Fómhair, 1982, an tOrdú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 66), 1935 (R. & O.R. Uimh. 18 de 1935 ) trí “cúig faoin gcéad” a chur in ionad “seacht go leith per cent” i mír 6.

Laghdú ar an dleacht ar cheadúnais rince phoiblí.

68. —(1) Leasaítear leis seo alt 78 den Acht Airgeadais, 1980 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas rince phoiblí a dheonófar faoi alt 2 den Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 , dleacht máil—

i gcás gur do thréimhse shonraithe nach faide ná

mí an ceadúnas   ...        ...        ...        ...      ...      ...

£10

in aon chás eile   ...        ...        ...        ...      ...      ...

£75.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le ceadúnais rince phoiblí a dheonófar faoin Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 , ar dháta an Achta seo a rith, nó ar dháta dá éis, i leith dátaí tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1982.

Leasú ar achtacháin áirithe a bhaineann le geall-ghlacadóirí.

69. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Airgid, 1926

(a) in alt 24, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Gach duine a mhainneoidh nó a fhailleoidh aon suim is iníoctha aige i leith na dleachta a fhorchuirtear leis an alt seo a íoc laistigh de cibé tréimhse a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £800 a chur air.”,

(b) in alt 25, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Gach duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh rialachán a dhéanfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £800 a chur air.”,

agus

(c) in alt 26, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Gach duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil, agus é ag feidhmiú aon chirt nó cumhachta a thugtar don oifigeach sin leis an alt seo nó a dhiúltóidh, gan leorchúis dhlíthiúil, aon doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglóidh an t-oifigeach sin air a thabhairt ar aird faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £500 a chur air.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 2 den Acht um Gheall-Chur, 1931 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Gach duine a sheolfaidh gnó nó a ghníomhóidh mar gheall-ghlacadóir contrártha don alt seo agus gach duine a thabharfaidh le tuiscint nó le fios gur geall-ghlacadóir nó geall-ghlacadóir ceadúnaithe é contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £800 a chur air.”.

Leasú ar alt 78 (cumhacht chun pionós a mhaolú) den Excise Management Act, 1827.

70. —Leasaítear leis seo alt 78 den Excise Management Act, 1827, trí “one half” a chur in ionad “one fourth part”.

Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais d'fheithiclí inneallghluaiste.

71. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais, (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.

(2) Leasófar alt 1(2) (b) den Acht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht le haghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Bhealtaine, 1982, nó aon lá dá éis, trí “£30 nó níos lú” a chur in ionad “fiche punt nó níos lú” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ).

(3) Leasófar an tAcht, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Bhealtaine, 1982, nó aon lá dá éis, trí “£4”, “£10”, “£16”, “£24”, “£30”, “£5”, “£25”, “£19” agus “£6” a chur in ionad “£2”, “£5”, “£8”, “£12”, “£15”, “£2.50”, “£12.50”, “£9.50” agus “£3”, faoi seach, i mír 1 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(4) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, leasaítear an tAcht leis seo, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Bhealtaine, 1982, nó aon lá dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 8 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 ) in ionad fhomhír (d) de mhír 6:

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mo ná 8 n-each-chumhacht

£5 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 12 each-chumhacht

£7 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 16 each-chumhacht

£8 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 16 each-chumhacht ach nach mó ná 20 each-chumhacht

£10 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta

is mó ná 20 each-chumhacht

£11 ar gach aonad, nó cuid d'aonad, each-chumhachta.

a thiomáintear le leictreachas.

£30”.

(b) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le haon fheithicil—

(i) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile,

(ii) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , sin a dúradh, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile, nó

(iii) a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile.

(c) Ní bheidh éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968 (I.R. Uimh. 68 de 1968), arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975 (I.R. Uimh. 5 de 1975 ).

(5) Leasaítear an tAcht leis seo, maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht a bhainfear amach le haghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Bhealtaine, 1982, nó aon lá dá éis, i ndáil le feithicil—

(a) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile, nó

(b) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , sin a dúradh, nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile,

tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin in ionad fhomhír (d) de mhír 6:

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 8 n-each-chumhacht     ...     ...

£24

is mó ná 8 n-each-chumhacht ach nach mó ná 9 n-each-chumhacht     ...     ...     ...     ...

£27

is mó ná 9 n-each-chumhacht ach nach mó ná 10 n-each-chumhacht     ...     ...     ...     ...

£30

is mó ná 10 n-each-chumhacht ach nach mó ná 11 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...

£33

is mó ná 11 each-chumhacht ach nach mó ná 12 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

£36

is mó ná 12 each-chumhacht ach nach mó ná 13 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

£39

is mó ná 13 each-chumhacht ach nach mó ná 14 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

£42

is mó ná 14 each-chumhacht ach nach mó ná 15 each-chumhacht     ...     ...     ...     ...     ...

£45

is mó ná 15 each-chumhacht     ...     ...     ...

£50”.

Leasú ar fhorálacha áirithe a bhaineann le pionóis do chíonta i ndáil le ceadúnú agus clárú mótarfheithiclí.

72. —(1) Más rud é, tar éis dháta an Achta seo a rith, go dtarlóidh gníomh nó neamhghníomh a mbeadh, murach an fo-alt seo, an pionós dá bhforáiltear in aon fhoráil a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo ag aon uimhir thagartha d'Acht a shonraítear sa cholún sin ag an uimhir thagartha sin le cur ar dhuine ina leith, dlífear an pionós a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin a chur ar an duine in ionad an phionóis dá bhforáiltear amhlaidh agus forléireofar an fhoráil sin, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

AN TÁBLA

Uimhir Thagartha

An fhoráil den Acht

An pionós

(1)

(2)

(3)

1

Alt 12 (4) den Roads Act, 1920

Pionós nach mó ná £200

2

Alt 13 (1) den Roads Act, 1920

Pionós máil £200 nó pionós máil is ionann agus trí oiread mhéid na dleachta is iníoctha i leith na feithicle nó na bhfeithiclí, cibé acu is mó

3

Alt 13 (2) den Roads Act, 1920

Fíneáil nach mó ná £200 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí

4

Alt 13 (4) den Roads Act, 1920

Fíneáil nach mó ná £200 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí

5

Alt 2 (2) den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

Pionós máil £200 nó trí oiread na difríochta idir an dleacht a íocadh agus an dleacht de réir an ráta is airde (cibé acu is mó)

6

Alt 76 den Acht Airgeadais, 1976

Fíneáil nach mó ná £200

(2) Leasaítear leis seo alt 6 den Roads Act, 1920 trí fho-alt (2) a scriosadh.

Orduithe a dhaingniú.

73. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 10 de 1981

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 250) (Beoir), 1981

I.R. Uimh. 219 de 1981

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 251) (Dleacht Máil ar Fhíon), 1981

I.R. Uimh. 367 de 1981

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 255) (Olaí Hidreacarbóin), 1981

I.R. Uimh. 404 de 1981

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 256) (Dleacht Máil ar Olaí Hidreacarbóin), 1981

I.R. Uimh. 48 de 1982

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 259) (Dleachtanna Máil), 1982

I.R. Uimh. 49 de 1982

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 260) (Dleacht Máil ar Fhís-Seinnteoirí), 1982

CUID III

Cáin Bhreisluacha

Léiriú (Cuid III).

74. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ;

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976 ;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ;

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1981 .

Leasú ar alt 3 (seachadadh earraí) den Phríomh-Acht.

75. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3)  (a) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb ionann beostoc, capaill bheo, cúnna beo, glasraí, torthaí, bláthanna, éanlaith chlóis, uibheacha nó iasc a sholáthar ar ceant, agus na hearraí a sholáthar don cheantálaí agus go comhuaineach ag an gceantálaí.

(b) Measfar, chun críocha an Achta seo, gurb ionann beostoc, capaill bheo nó cúnna beo a sholáthar trí ghníomhaire agus na hearraí a sholáthar don ghníomhaire agus go comhuaineach ag an ngníomhaire.”.

Leasú ar alt 5 (seirbhísí a dhéanamh) den Phríomh-Acht.

76. —Leasaítear leis seo alt 5 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)—

“(4A) I gcás ina soláthróidh duine seirbhísí agus nach mbeidh teideal dlí ag an duine comaoin a ghnóthú maidir nó i ndáil leis an soláthar sin ach go mbeidh airgead faighte maidir nó i ndáil leis an soláthar sin, measfar, chun críocha an Achta seo, na seirbhísí áirithe a bheith arna soláthar ar chomaoin agus measfar, maidir leis an airgead a bheidh faighte, gur comaoin é ar tháinig an duine a sholáthair na seirbhísí áirithe chun bheith ina teideal maidir le nó i ndáil le soláthar na seirbhísí sin.”.

Leasú ar alt 8 (daoine cuntasacha) den Phríomh-Acht.

77. —Leasaítear leis seo alt 8 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“(b) duine arb é a bheidh go heisiatach in earraí nó seirbhísí inchánach a sholáthróidh sé—

(i) soláthairtí éisc (gan de phróiseáil déanta orthu ach glanadh, sailleadh agus cuisniú), a ghabh sé i gcúrsa gnó iascaireachta mara, do dhaoine inchánach agus do dhaoine lena mbaineann alt 13 (3), nó

(ii) soláthairtí den chineál a shonraítear i bhfomhír (i) agus de cheachtar díobh seo a leanas, nó iad araon, is é sin le rá:

(I) soláthairtí innealra, gléasra nó trealaimh a d'úsáid sé i gcúrsa gnó iascaireachta mara, agus

(II) soláthairtí earraí agus seirbhísí eile nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £15,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Dá mba rud é, i gcás duine a sholáthraíonn seirbhísí arb éard iad capaill a thraenáil le haghaidh rásaíochta, ar mó an chomaoin ina leith ná £15,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí, go mba fheirmeoir an duine sin mura mbeadh soláthar na seirbhísí sin, measfar nach duine inchánach é ach amháin maidir le soláthar na seirbhísí sin agus, cheal rogha, measfar nach duine inchánach é i ndáil le soláthar aon earraí nó seirbhísí a shonraítear i mír (a) agus i bhfomhíreanna (i) agus (iii) de mhír (b) den mhíniú ar ‘feirmeoir’ i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach le hAcht 1978).”,

agus

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “feirmeoir” i bhfo-alt (9):

“ciallaíonn ‘feirmeoir’ duine atá ag gabháil do ghníomhaíocht amháin ar a laghad de chuid Iarscríbhinn A agus—

(a) arb é atá go heisiatach ina chuid soláthairtí ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, is é sin le rá:

(i) soláthairtí toradh talmhaíochta, nó

(ii) soláthairtí seirbhísí talmhaíochta, nó

(b) arb é atá go heisiatach ina chuid soláthairtí ceachtar de na soláthairtí a shonraítear i mír (a), nó iad araon, agus ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin le rá:

(i) soláthairtí innealra, gléasra nó trealaimh a d'úsáid sé chun críocha gníomhaíochta de chuid Iarscríbhinn A,

(ii) soláthairtí seirbhísí ard éard iad capaill a thraenáil le haghaidh rásaíochta nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £15,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí, nó

(iii) soláthairtí earraí agus seirbhísí, seachas iad sin dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) nó i mír (a), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán ina leith thar £15,000 in aon tréimhse leanúnach 12 mhí.”.

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

78. —Leasaítear leis seo alt 10 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás ina ndéanfar earraí ar ar inmhuirearaithe dleacht máil a sholáthar, le linn dóibh bheith i stóras agus roimh an dleacht a bheith íoctha do dhuine neamhchláraithe, déanfar an méid ar ar inmhuirearaithe cáin maidir leis an soláthar a mhéadú méid is ionann agus méid na dleachta ab iníoctha i ndáil leis na hearraí dá mba gur tháinig an dleacht chun bheith dlite tráth an tsoláthair.”

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

79. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978)—

(i) i mír (a), trí “18 faoin gcéad” a chur in ionad “15 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1981),

(ii) i mír (b), trí “(xva)” a chur in ionad “(xv)”, agus

(iii) i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) trí “30 faoin gcéad” a chur in ionad “25 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1981),

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) i mír (b) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), trí “16.67 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1981), agus

(ii) i mír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1981), trí “16.67 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad”, agus

(iii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na míre sin (c):

“(d) Ar sheirbhísí arna soláthar ag ceantálaí, aturnae, gníomhaire eastáit nó gníomhaire eile, is seirbhísí a bhaineann go díreach le soláthar earraí dochorraithe a úsáideadh chun críocha gníomhaíochta de chuid Iarscríbhinn A, beidh cáin inmhuirearaithe de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) ar 16.67 faoin gcéad den mhéid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin agus de réir ráta nialas faoin gcéad ar iarmhéid an mhéid iomláin sin.

(e) Ar sheirbhísí cuntasaíochta feirme nó seirbhísí bainistí feirme a sholáthar beidh cáin inmhuirearaithe de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) ar 16.67 faoin gcéad den mhéid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin agus de réir ráta nialas faoin gcéad ar iarmhéid an mhéid iomláin sin.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo seachas fo-alt (1) (b) (iii), agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón lú lá de Bhealtaine, 1982.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den Phríomh-Acht.

80. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) i leith earraí a d'allmhairigh sé sa tréimhse, an cháin a d'íoc sé nó a iarchuireadh mar a suíodh ó na doiciméid chustam iomchuí a choimeád sé de réir alt 16 (3),”,

agus

(b) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), i bhfomhír (v) de mhír (a), trí “nó do ghníomhaíochtaí a meastar, de réir alt 8 (3A), nach duine inchánach é i ndáil leo” a chur isteach i ndiaidh “críocha a ghnó”.

Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht.

81. —(1) Leasaítear leis seo alt 12A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1978)—

(a) i bhfo-alt (1), trí “1.8 faoin gcéad” a chur in ionad “1.5 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1981), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—

“(2) San Acht seo ciallaíonn ‘feirmeoir cothrom-ráta' feirmeoir nach duine inchánach agus folaíonn sé, i ndáil leis na soláthairtí a shonraítear sa mhíniú ar ‘feirmeoir' in alt 8 (9), duine a meastar, de réir alt 8 (3A), nach duine inchánach é.”.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (1) (a) den alt seo, agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón lú lá de Bhealtaine, 1982.

Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear, etc.) den Phríomh-Acht.

82. —Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1978) trí fho-ailt (4) agus (5) a scriosadh.

Leasú ar alt 14 (an cháin a bheidh dlite a chinneadh faoi threoir fáltas airgid) den Phríomh-Acht.

83. —Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1978) trí “(lena n-áirítear seirbhísí ar seirbhísí inchánach iad dá mba sa tréimhse inchánach sin a sholáthrófaí iad)” a chur isteach i ndiaidh “soláthar seirbhísí inchánach” i bhfo-alt (1) (b).

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

84. —(1) Leasaítear leis seo alt 15 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht—

(a) trí “(xva)” a chur in ionad “(xv)” i bhfo-alt (2), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Cúlghairtear leis seo Rialachán 26 de na Rialacháin Cánach Breisluacha, 1979 (I.R. Uimh. 63 de 1979), agus, de réir fhorálacha an Customs Consolidation Act, 1876, agus aon dlí eile ag a bhfuil feidhm sa Stát i ndáil le custaim, mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le cáin le fo-alt (6) agus le rialacháin faoin bhfo-alt sin, déanfar cáin arna muirearú faoi alt 2 (1) (b) a íoc ar an modh agus an tráth ab iníoctha í dá mba nach ndearnadh an rialachán sin.”.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (1) (a), agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón lú lá de Bhealtaine, 1982.

Leasú ar alt 16 (dualgas taifid a choimeád) den Phríomh-Acht.

85. —Leasaítear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht:

(a) i bhfo-alt (2), trí “agus, maidir le hearraí a d'allmhairigh sé cóipeanna, agus iad stampáilte thar ceann na gCoimisinéir Ioncaim, de na hiontrálacha custam iomchuí” a chur ist each i ndiaidh “chun críche an ghnó sin”, agus

(b) i bhfo-alt (3)—

(i) trí “agus sonraisc” a scriosadh,

(ii) trí “sonraisc, cóipeanna, agus iad stampáilte thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim, d'iontrálacha custam,” a chur isteach i ndiaidh “aon leabhar,”, agus

(iii) trí“, nó le hallmhairiú earraí,” a chur isteach i ndiaidh “soláthar earraí nó seirbhísí”,

agus tá na fo-ailt sin (seachas an coinníoll a ghabhann le fo-alt (3)), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Gach duine, seachas duine cuntasach, a sholáthraíonn earraí nó seirbhísí i gcúrsa nó ag bisiú aon ghnó, coimeádfaidh sé na sonraisc go léir a eisíodh chuige i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí dó chun críche an ghnó sin agus, maidir le hearraí a d'allmhairigh sé, cóipeanna, agus iad stampáilte thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim, de na hiontrálacha custam iomchuí.

(3) Taifid a choimeádfaidh duine de bhun an ailt seo agus aon leabhar, sonraisc, cóipeanna, agus iad stampáilte thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim, d'iontrálacha custam, nótaí sochair, nótaí dochair, admhálacha, cuntais, dearbháin, ráitis bainc nó doiciméid eile ar bith a bhaineann le soláthar earraí nó seirbhísí, nó le hallmhairiú earraí, ag an duine agus atá faoi urláimh, i seilbh nó ar fáil ag an duine agus, i gcás aon leabhar, sonrasc, nóta sochair, nóta dochair, admháil, cuntas, dearbhán nó doiciméad eile a d'eisigh an duine chun duine eile, aon chóip den chéanna atá faoi urláimh, i seilbh nó ar fáil ag an duine coimeádfar é faoi urláimh nó ar seilbh nó ar fáil ag an duine sin go ceann tréimhse sé bliana ó dháta an idirbhirt dheiridh lena mbaineann na taifid nó na sonraisc nó aon cheann de na doiciméid eile:

Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

86. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht—

 (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Duine ar bith nach gcomhlíonfaidh alt 9 (2), 11 (7), 12A, 16, 17, 18 (2) nó 19 nó aon fhoráil de rialacháin maidir le haon ábhar lena mbaineann na hailt sin roimhe seo dlífear pionós £800 a chur air.”.

(b) i bhfo-alt (2), trí “£500” a chur in ionad “£20”,

(c) i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), trí “£500” a chur in ionad “£20”,

(d) i bhfo-alt (3), trí “£500” a chur in ionad “£20”,

(e) i bhfo-alt (3A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), trí “£800” a chur in ionad “£100”, agus

(f) trí fho-alt (5) a scriosadh.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

87. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) trí mhír (viii) a scriosadh,

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b) de mhír (ix):

“(b) bailiú préimheanna árachais,”,

agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (x):

“(x) seirbhísí a sholáthraíonn tréidlianna i gcúrsa a ngairme;”.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

88. —(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b) de mhír (i) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“(b) ag duine cláraithe laistigh den aerfort neamhchustam do dhuine cláraithe eile laistigh den aerfort neamhchustam;”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (xv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ):

“(xva) leabhair agus leabhráin chlóite lena n-áirítear atlasaí ach gan nuachtáin, tréimhseacháin, bróisiúir, catalóga, cláir, leabhair stáiseanóireachta, leabhair seiceanna, dialanna, albaim, leabhair stampaí, leabhair ticéad nó leabhair cúpón a áireamh;”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo, seachas fo-alt (1) (a), agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón lú lá de Bhealtaine, 1982.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

89. —(1) Leasaítear leis seo Cuid I den Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (vii):

“(vii) leabhair agus leabhráin chlóite seachas—

(I) iad sin a shonraítear i mír (xva) den Dara Sceideal lena mbaineann alt 11, agus

(II) leabhair stáiseanóireachta, leabhair seiceanna, dialanna, albaim, agus leabhair stampaí, leabhair ticéad nó leabhair cúpón;”,

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (x) i ndiaidh fhomhír (r):

“(rr) siúinéireacht adhmaid; agus doirse, frámaí dorais, frámaí fuinneoige, painéil fhuinneoige, staighrí agus trusanna dín d'ábhar ar bith,”.

agus

(c) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (xxxi) (a cuireadh isteach le hAcht 1978):

“(xxxi) ceirníní gramafóin;

(xxxii) troscán, lena n-áirítear codanna agus páirteanna den chéanna agus troscán le trealmhú, den chineál seo a leanas, is é sin le rá—

(a) leapacha, lena n-áirítear naíleapacha agus cliabháin, ach gan naíchóistí a áireamh,

(b) cathaoireacha, stólta, stólta urnaí, toilg, agus earraí dá samhail,

(c) boird, cláir mhaisiúcháin, vardrúis, cófraí tarraiceán, cófraí arda, cófraí, cóifríní, deasca, agus earraí dá samhail,

(d) caibinéid, lena n-áirítear caibinéid atá déanta go speisialta do raidiónna, do sheinnteoirí ceirníní, do challairí agus do theilifíseáin,

(e) cruibeanna súgartha, sciathbhrait sábhála, seilfeanna, ábhair seilfeanna agus seilfaonaid, tralaithe seirbheála, crochadáin hataí agus cótaí, agus crochadáin dá samhail,

ach gan na nithe seo a leanas a áireamh, eadhon, troscán atá déanta nó oiriúnaithe d'imirt cluichí nó cleachtadh coirp, gléasanna ceoil, ornáidí, lampaí, luaithreadáin, boscaí connaidh, buicéid ghuail agus troscán teallaigh eile nó troscán a bhfuil aon mheaisín nó fearas mar chuid de nó feistithe air;

(xxxiii) (a) brait urláir, dallóga, cuirtíní lena n-áirítear éadach cuirtíní agus páirteanna agus gabhálais chun cuirtíní a dhéanamh, agus feistis dá samhail ach gan brait bhalla nó síleála a áireamh,

(b) blaincéid, tochtanna, bráillíní, piliúir agus éadaí leapa eile, tuáillí agus éadach tuáillí,

(c) olann chairpéid agus canbhás,

(d) faibricí, ábhair stuála, ábhair chiúmhsóg, uigí agus spriongaí agus spriongábhar de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú troscáin, agus

(e)  ráillí, rianta agus peilméid cuirtíní lena n-áirítear páirteanna, gabhálais agus corda cuirtíní, páirteanna agus gabhálais do dhallóga, corra staighre agus greamáin chairpéid;

(xxxiv) cónraí agus earraí eile de chineál a úsáidtear go coitianta do thaisí na marbh lena n-áirítear ábhair agus gabhálais a úsáidtear go coitianta i monarú na n-earraí sin agus nach n-úsáidtear go coitianta le haghaidh aon chríocha eile.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo, agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar an agus ón lú lá de Bhealtaine, 1982.

Faoiseamh d'óstáin. etc.

90. —(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhís cháilitheach” seirbhís ina soláthraítear, do dhaoine nach gcónaíonn sa Stát, faoi chomhaontú arna dhéanamh roimh an lú lá d'Eanáir, 1982, cóiríocht chodlata, i dteannta nó d'éagmais cothaithe, nó gluaisteáin ar fruiliú, báid ar fruiliú nó fialacht, ar tháillí arna socrú tráth déanta an chomhaontaithe, do dhaoine a bhfuil gnó ghníomhaire taistil, gnó tionscnóra turais nó gnó fruilithe gluaisteán nó bád á dhéanamh acu.

(2) Maidir leis na tréimhsí inchánach dar tosach an lú lá de Bhealtaine, 1982, an lú lá d'Iúil, 1982, an lú lá de Mheán Fómhair, 1982, agus an lú lá de Shamhain, 1982, d'ainneoin fhorálacha alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo), beidh, agus measfar go raibh, cáin inmhuirearaithe i ndáil le seirbhís cháilitheach a sholáthar de réir ráta 15 faoin gcéad.

CUID IV

Dleachtanna Stampa

Tobhach ar bhainc.

91. —(1) San alt seo,

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe” an méid a gheofar tríd an méid sonraithe a roinnt ar a trí agus £5,000,000 a bhaint as an gcomhrann;

ciallaíonn “banc” duine ar shealbhóir é, an lú lá d'Aibreán. 1982, ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “tuairisceáin” i ndáil le banc, na tuairisceáin mhíosúla bainc a chuireann an banc ar fáil do Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le sócmhainní agus dliteanais an bhainc amhail ar an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1981, an 21ú lá de Dheireadh Fómhair, 1981, agus an 18ú lá de Shamhain, 1981;

ciallaíonn “méid sonraithe”—

(a) i gcás banc comhlachaithe, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar i dtuairisceáin an bhainc sin maidir le Mír 7 i bhFoscríbhinn II de na tuairisceáin mar choigeartú ar chuntais reatha le haghaidh seiceanna idirthurais a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha agus cuntais taisce atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin;

(b) i gcás aon bhainc eile, an méid a gheofar trí chomhiomlán na suimeanna a thaispeántar san anailís ar dhliteanais roghnaithe i dtuairisceáin an bhainc sin mar shuimeanna a dhlitear do bhainc (lena n-áirítear bainc nach bainc de réir bhrí fho-alt (1) den alt seo) maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe a dhealú as comhiomlán na suimeanna a thaispeántar sna tuairisceáin maidir le cuntais reatha, cuntais taisce, cuntais eile agus iasachtaí urraithe atá ag daoine ar bith in oifigí an bhainc sa Stát agus ar suimeanna iad a thaispeántar mar dhliteanais de chuid an bhainc sna tuairisceáin sin.

(2) Déanfaidh banc, tráth nach déanaí ná an 15ú lá de Mheán Fómhair, 1982, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an bhainc sin, an méid sonraithe le haghaidh an bhainc sin, agus na suimeanna dá dtagraítear sa mhíniú ar “méid sonraithe” i bhfo-alt (1) den alt seo ar faoina dtreoir a ríomhadh an méid sonraithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) den alt seo muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid lena gcomhshuim seo a leanas:

(a) 0.2 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann nach mó ná £100,000,000, agus

(b) 0.35 faoin gcéad den chuid sin den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann is mó ná £100,000,000:

Ar choinníoll, in aon chás nach mó ná £100,000,000 an méid inmheasúnaithe a thaispeántar sa ráiteas, go muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le 0.2 faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an banc an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh banc de bhun fho-alt (2) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh banc cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an mBanc a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh banc aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san fho-alt sin nó ina mainneoidh sé an dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc tráth a sheachadta, dlífidh an banc, amhail ó dháta an Achta seo a rith go dtí an lá a n-íocfar an dleacht, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi, mar phionós, i dteannta na dleachta, agus ina theannta sin, dlífidh sé, mar phionós breise, ón 15ú lá de Mheán Fómhair, 1982, suim a íoc is ionann agus 1 faoin gcéad den dleacht in aghaidh gach lae a fhanfaidh an dleacht gan íoc agus beidh gach pionós inghnóthaithe sa tslí chéanna amhail is dá mba chuid den dleacht an pionós.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a fhorghníomhú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

(8) Ní dhéanfar an dleacht stampa a mhuirearaítear leis an alt seo a lamháil mar asbhaint chun aon cháin nó dleacht is iníoctha ag an mbanc a ríomh.

Tobhach ar phréimheanna árachais áirithe.

92. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “méid inmheasúnaithe”, i ndáil le ráithe, an t-ollmhéid a fuair árachóir ar mhodh préimheanna sa ráithe sin maidir le gnó arna sheoladh ag an árachóir sa Stát an 1ú lá de Lúnasa, 1982, nó aon lá dá éis, ach gan féachaint do mhéid eisiata;

ciallaíonn “méid eisiata”—

(a) méid a fuarthas i gcúrsa nó ar mhodh athárachú;

(b) préimh a fuarthas maidir le gnó sna haicmí seo a leanas den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle, 73/239/CEE dar dáta 24 Iúil, 1973 (IO Uimh. L228. 16/8/1973), eadhon, 5, 6, 7, 11 agus 12 in aicmí 1 agus 10 sa mhéid go mbaineann siad le hárachú paisinéirí i bhfeithiclí muirí agus eitlíochta agus le hárachas dliteanais iompróra, faoi seach, agus in aicme 14 sa mhéid go mbaineann sí le creidmheas onnmhairiúcháin;

(c) préimh a fuarthas maidir le gnó in aicme VII den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCéad Treoir ón gComhairle, 79/267/CEE dar dáta 5 Márta 1979 (IO Uimh. L63, 13/3/1979);

ciallaíonn “árachóir” duine is sealbhóir ar cheadúnas árachais faoin Acht Árachais, 1936 , nó is sealbhóir ar údarú de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil), 1976 (I.R. Uimh. 115 de 1976), nó a sheolann gnó árachais i gcomhréir le forálacha an Assurance Companies Act, 1909;

tá le “préimh” an bhrí chéanna atá le “praemium” san Acht Árachais, 1936 ;

ciallaíonn “ráithe” tréimhse trí mhí dar críoch an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh, an 30ú lá de Mheán Fómhair nó an 31ú lá de Nollaig.

(2) Déanfaidh árachóir, laistigh de 30 lá ó dheireadh na ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1982, agus laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe dá éis sin, ráiteas i scríbhinn a sheachadadh ar na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh an méid inmheasúnaithe le haghaidh an árachóra sin don ráithe sin.

(3) Ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) den alt seo, muirearófar dleacht stampa ar cóimhéid le haon faoin gcéad den mhéid inmheasúnaithe a thaispeántar ann.

(4) Déanfaidh an t-árachóir an dleacht a mhuirearófar le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfaidh árachóir de bhun fho-alt (2) den alt seo a íoc an tráth a sheachadfar an ráiteas.

(5) Tabharfaidh árachóir cibé sonraí do na Coimisinéirí Ioncaim a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo ar an árachóir a sheachadadh.

(6) I gcás ina mainneoidh árachóir aon ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den tréimhse ama a shonraítear san fho-alt sin nó ina mainneoidh árachóir aon dleacht is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin a íoc tráth a sheachadta, dlífidh an t-árachóir, i dteannta na dleachta, ús de réir 15 faoin gcéad sa bhliain a íoc uirthi ó dheireadh na ráithe lena mbaineann an ráiteas go dtí an lá a n-íocfar an dleacht.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a cheanglaítear le fo-alt (2) den alt seo a fhorghníomhú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma amhail is dá mba chuntas mar a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus amhail is dá mba fhaillí mar a luaitear san alt sin an mhainneachtain faoin ráiteas sin a bheith gan seachadadh.

Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa.

93. —(1) San alt seo ciallaíonn “maoin” talamh talmhaíochta agus folaíonn sé cibé foirgnimh feirme agus tithe feirme is de ghné is iomchuí don mhaoin.

(2) Faoi réir alt 4 den Stamp Act, 1891, ní mhuirearófar dleacht stampa ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Baineann an t-alt seo le hionstraim, arb éard í tíolacadh nó aistriú a oibríonn mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, i gcás deimhniú a bheith san ionstraim ón bpáirtí chuig a bhfuil an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú á rá gur duine cáilithe an duine atá ag teacht i dteideal leas tairbhiúil iomlán sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin teacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, gur duine cáilithe gach duine díobh).

(4) San alt seo ciallaíonn “duine cáilithe” duine a suífear maidir leis, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) go raibh sé faoi bhun 35 bliana d'aois an dáta a forghníomhaíodh an ionstraim iomchuí, agus

(b)    (i) gur duine é is sealbhóir ar dheimhniú arna eisiúint—

(I) ag an gComhairle Oiliúna Talmhaíochta á dheimhniú gur chríochnaigh sé go sásúil cúrsa oiliúna talmhaíochta a mhair 100 uair a chloig ar a laghad, nó

(II) ag an mBord Printíseachta Feirme á dheimhniú gur chríochnaigh sé go sásúil an cúrsa faoin Scéim Printíseachta d'Fheirmeoirí de chuid an Bhoird nó an cúrsa faoin Scéim d'Fheirmeoirí faoi Oiliúint de chuid an Bhoird, nó

(III) ag an Aire Talmhaíochta nó ag coiste talmhaíochta arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta, 1931 , ar dheimhniú é a eisíodh roimh an lú lá de Nollaig, 1980, agus a dheimhníonn gur chríochnaigh sé go sásúil cúrsa is ionann agus an cúrsa dá dtagraítear i mír (b) (i) (I) den fho-alt seo,

 (ii) gur duine é a bhfuil céim ollscoile, nó cáilíocht ollscoile mar í aige, sa talmhaíocht,

agus

(c) go n-úsáidfear an mhaoin chun críocha talmhaíochta.

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a fhorghníomhófar tar éis dháta an Achta seo a rith agus sula mbeidh dhá bhliain caite ón dáta sin.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

94. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Chéad Sceideal” an Chéad Sceideal, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970 , agus le hachtacháin dá éis, a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.

(2) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (seachas an Ceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any stocks or marketable securities.”, an Ceannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities.”, an Ceannteideal “LEASE” agus an Ceannteideal “POLICY OF LIFE INSURANCE”), ailt 56, 59, 62 agus 106 den Stamp Act, 1891, alt 9 den Finance Act, 1902, agus alt 42 den Finance Act, 1920, trí “£5” a chur in ionad “fifty pence” gach áit a bhfuil sé agus leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1961 , trí “£5” a chur in ionad “caoga pingin”.

(3) Cuirtear leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad an Cheannteidil “DUPLICATE or COUNTERPART of any instrument chargeable with any duty.” sa Chéad Sceideal.

(4) (a) Cuirtear leis seo na Ceannteidil atá leagtha amach i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na gCeannteideal “POLICY OF LIFE INSURANCE.” agus “POLICY OF LIFE INSURANCE made for a period not exceeding two years” sa Chéad Sceideal.

(b)  (i) Beidh siad seo a leanas díolmhaithe ó gach dleacht stampa:

(I) nótaí árachais, duillíní agus ionstraimí eile a dhéantar go hiondúil in oirchill polasaí foirmiúil a eisiúint, ach nach ionstraimí a bhaineann le hárachas saoil;

(II) ionstraimí ina ndéantar athruithe ar théarmaí nó coinníollacha aon pholasaí árachais seachas árachas saoil;

agus ní tuigthe, chun críocha an Stamp Act, 1891, gur polasaí árachais ionstraim a dhíolmhaítear de bhua fhomhír (i) (I) den mhír seo.

 (ii) Ní mhuirearófar dleacht is mó ná £1 ar ionstraim de bhíthin amháin go bhfuil inti nó go mbaineann sí le dhá ábhar éagsúla nó níos mó a bhfuil gach ábhar acu faoi réim an Cheannteidil “POLICY of INSURANCE other than Life Insurance” (a cuireadh isteach leis an bhfo-alt seo).

(5) Cuirtear leis seo an mhír atá leagtha amach i gCuid III den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad mhír (4) den Cheannteideal “CONVEYANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities.” sa Chéad Sceideal.

(6) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

(b) Tiocfaidh fo-alt (4) den alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1982.

(c) Ní bheidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (4) maidir le haon ionstraim dá dtagraítear ann a forghníomhaíodh roimh an lú lá sin de Lúnasa, 1982, ná ní bheidh éifeacht le forálacha eile an ailt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 41 (dleacht stampa ar bhillí malairte agus ar nótaí gealltanais) den Acht Airgeadais. 1970.

95. —(1) Leasaítear leis seo alt 41 den Acht Airgeadais, 1970 , trí “5p” a chur in ionad “3p” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) sa dá áit ina bhfuil sé.

(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 252) (Dleacht Stampa ar Bhillí Malairte agus ar Nótaí Gealltanais), 1981 (I.R. Uimh. 271 de 1981).

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le billí malairte agus nótaí gealltanais a tharraingeofar ar dháta an Achta seo a rith nó aon lá dá éis.

Leasú ar alt 19 (tíolacadh nó aistriú ar dhíol — teorainn le dleacht stampa i leith idirbhearta áirithe idir comhlachtaí corpraithe) den Acht Airgeadais, 1952 .

96. —(1) Leasaítear leis seo alt 19 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Airgeadais, 1952 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfar dleacht stampa is inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir an cheannteidil ‘Conveyance or Transfer on sale of any property other than stocks or marketable securities’ sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo, a mhuirearú de réir £1 in aghaidh gach £50 nó cuid chodánach de £50 de mhéid nó luach chomaoin an díola, nó, i gcás tíolacadh nó aistriú a oibríonn mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, de luach na maoine a thíolacfar nó a aistreofar.”.

(2) Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 253) (Teorainn leis an Dleacht Stampa maidir le hIdirbhearta Áirithe idir Comhlachtaí Corpraithe), 1981 (I.R. Uimh. 272 de 1981).

(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

Léiriú (Cuid V).

97. —Sa Chuid seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 .

Sochair áirithe a bheith díolmhaithe.

98. —I gcás ina ndéanfar, ar threoir ón diúscróir, bronntanas nó oidhreacht a ghlacadh saor ó cháin ar dháta an Achta seo a rith nó dáta dá éis, measfar go n-áireofar ar an sochar a ghlacfar méid na cánach is inmhuirearaithe ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht sin ach nach n-áireofar méid na cánach is inmhuirearaithe ar an gcáin sin.

Leasú ar alt 5 (measfar bronntanas a bheith glactha) den Phríomh-Acht.

99. —Beidh éifeacht le halt 5(6) den Phríomh-Acht, maidir le bronntanas nó oidhreacht a mheasfar a bheith glactha an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, ionann is dá ndéanfaí—

(a) i mír (a), “, roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974,” a scriosadh, agus

(b) i mír (b), “roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974,” a scriosadh.

Leasú ar alt 19 (luach maoine talmhaíochta) den Phríomh-Acht.

100. —Beidh éifeacht le halt 19 den Phríomh-Acht, maidir le bronntanas nó oidhreacht a ghlacfar an lú lá d'Aibreán, 1982, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí “£200,000” in ionad “£150,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 36 (tuairisceáin a sheachadadh) den Phríomh-Acht.

101. —(1) Leasaítear leis seo alt 36 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978 )—

“(3) Baineann fo-alt (2) le bronntanas—

(a) i gcás ar mó luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, ná méid is ionann agus 80 faoin gcéad den luach is ísle ar a mbeidh, ar dháta an bhronntanais sin, cáin inmhuirearaithe maidir le bronntanas a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais,

(b) i gcás ina mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin. ar dháta nó roimh dháta an bhronntanais sin, ó dhiúscróir ar bith agus go méadaíonn sé tríd sin luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a comhiomlánaíodh amhlaidh agus a ghlac an deontaí sin ó dhiúscróir ar bith ó mhéid is lú ná an méid, nó is comhionann leis an méid, a shonraítear i mír (a) go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh,

(c) i gcás ina mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin, ar dháta nó roimh dháta an bhronntanais sin, ó dhiúscróir ar bith agus go méadaíonn sé tríd sin luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a comhiomlánaíodh amhlaidh agus a ghlac an deontaí sin ó dhiúscróir ar bith ó mhéid is mó ná an méid a shonraítear i mír (a) nó

(d) i gcás na Coimisinéirí á cheangal trí fhógra i scríbhinn ar an deontaí tuairisceán a sheachadadh,

agus chun críocha an fho-ailt seo, folaíonn tagairt do bhronntanas nó do bhronntanas inchánach tagairt do chuid de bhronntanas nó do chuid de bhronntanas inchánach, de réir mar a bheidh.”.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanais a ghlacfar an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

102. —(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht—

(a) i gCuid I—

(i) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 3, 4 agus 7:

“3. Faoi réir fhorálacha mhír. 6, déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach, i gcás nach mbeidh aon bhronntanas inchánach eile nó aon oidhreacht inchánach eile, lenar bhain an Tábla iomchuí céanna, glactha ag an deontaí nó ag an gcomharba an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, a ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhme ar an luach inchánach sin faoin Tábla iomchuí sin.

4. Faoi réir fhorálacha mhír 6, déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach, i gcás ina mbeidh an deontaí nó an comharba tar éis bronntanas inchánach amháin nó níos mó, nó oidhreacht inchánach amháin nó níos mó, lenar bhain an Tábla iomchuí céanna, a ghlacadh an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis, a ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhme faoin Tábla iomchuí sin ar an gcuid sin de chomhiomlán—

(a) an luacha inchánach sin; agus

(b) luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach uile den sórt sin roimhe sin,

arb í an chuid is airde í den chomhiomlán sin agus is comhionann leis an luach inchánach sin.

7. Chun críocha an Sceidil seo, comhairfear mar aon ní amháin na bronntanais agus na hoidhreachtaí go léir a bheidh deontaí nó comharba tar éis a ghlacadh an lá céanna ó dhiúscróir amháin nó ó dhiúscróirí leithleacha i gcás ina mbainfidh an Tábla iomchuí céanna leis na bronntanais agus na hoidhreachtaí uile den sórt sin agus chun an méid cánach a fhionnadh is iníoctha ar bhronntanas amháin, nó ar oidhreacht amháin, de bhronntanais leithleacha nó d'oidhreachtaí leithleacha a glacadh amhlaidh an lá céanna, déanfar an méid cánach a bheidh ríofa faoin Sceideal seo mar mhéid cánach is iníoctha ar na bronntanais nó na hoidhreachtaí sin uile a glacadh an lá sin, agus a comhaireadh mar aon ní amháin, a chionroinnt go rátúil de réir luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na m-oidhreachtaí leacha a glacadh amhlaidh an lá céanna.”,

 agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 10 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ):

“11. Chun críocha an Sceidil seo, folaionn tagairt do bhronntanas nó d'oidhreacht, nó do bhronntanas inchánach nó d'oidhreacht inchánach, tagairt do chuid de bhronntanas nó d'oidhreacht, nó do chuid de bhronntanas inchánach nó d'oidhreacht inchánach, de réir mar a bheidh.”,

agus

(b) i mír 1 de Chuid I agus i gCuid II, trí, “nó na diúscróirí” a chur isteach i ndiaidh “diúscróir” gach áit a bhfuil sé.

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le bronntanais agus oidhreachtaí a ghlacfar an 2ú lá de Mheitheamh, 1982, nó aon lá dá éis.

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

103. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1981” alt 51 den Acht Airgeadais, 1981 ;

ciallaíonn “an dóú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1982, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1981 ach “£29,731,201” a chur in ionad “£29,870,308”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1981 ach “£18,767,875” a chur in ionad “£19,228,162”.

(4) Déanfar suim £35,938,852 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1982.

(5) Déanfar an dóú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den dóú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £23,134,615 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an dóú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

104. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

105. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1981, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1982, a ghairm díobh le chéile.

(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(7) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1982.

(8) Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i bhfeidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón lú lá de Mheán Fómhair, 1982.

(9) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 2.

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 138—

(i) i mír (a), trí “£2,900” a chur in ionad “£2,230” sa chéad áit a bhfuil sé agus tríd an gcoinníoll a ghabhann leis an mír sin a scriosadh,

(ii) i mír (b), trí “£1,950” a chur in ionad “£1,185” agus trí “£2,900” a chur in ionad “£2,230”, agus

(iii) i mír (c), trí “£1,450” a chur in ionad “£1,115”,

(b) in alt 138A—

(i) trí “beidh sé i dteideal asbhaint £950, más pearsa aonair é lena mbaineann mír (b) (i) d'alt 138, nó beidh sé i dteideal asbhaint £1,450 más pearsa aonair é lena mbaineann mír (c) d'alt 138,” a chur in ionad “beidh sé i dteideal asbhaint £650”, agus

(ii) trí “lena fearchéile, nó i gcás fear agus bean a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile”, a chur in ionad “lena fearchéile”,

(c) ní bheidh feidhm ná éifeacht le hailt 139 agus 140,

(d) in alt 141, i bhfo-alt (1A), trí “£100” a chur in ionad “£195”,

(e) in alt 142, i bhfo-alt (1) trí “£110” a chur in ionad “£95”, gach áit a bhfuil sé.

2. Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “£700” a chur in ionad “£500” i bhfo-alt (1).

3. Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1971 , i bhfo-alt (2), trí “£500” a chur in ionad “£400” gach áit a bhfuil sé agus trí “£1,200” a chur in ionad “£1,000”.

4. Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1974 , i bhfo-alt (1), trí “£200” a chur in ionad “£180” agus trí “£100” a chur in ionad “£80”.

AN DARA SCEIDEAL

Leasuithe de Dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach Corparáide

Alt 26.

Cuid I

Feidhm ailt 182 agus 184 (faoiseamh maidir le caillteanais agus liúntais chaipitiúla áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976

1. Ní bheidh éifeacht le halt 19 (3) den Acht Airgeadais, 1977 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta ar tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1981, di go hiomlán.

2. I gcás ar sa bhliain airgeadais 1981 do chuid de thréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais 1982 don chuid eile di, déileálfar, chun críocha ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , alt 19 (3) den Acht Airgeadais, 1977 , agus mhír 1, leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.

3. I gcás ina ndéileálfar, faoi mhír 2, le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, is tuigthe, chun críocha an ailt sin 184, gurb éard í an cháin chorparáide a mhuirearófar i leith na coda lena ndéileálfar amhlaidh an cháin chorparáide a mhuirearófaí dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.

Cuid II

Leasú ar Chaibidil VI (Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) den Acht Airgeadais, 1980

1. Leasaítear leis seo alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta ar tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1981, di go hiomlán, trí “ceithre chúigiú” a chur in ionad “seacht naoú”.

2. Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta ar sa bhliain airgeadais 1981 do chuid di agus gur sa bhliain airgeadais 1982 don chuid eile di, beidh éifeacht le halt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ó “a laghdú seacht naoú” go dú deireadh an fho-ailt:

“a laghdú—

(a) seacht naoú sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoi alt 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , á gcionroinnt ar an mbliain airgeadais 1981, agus

(b) ceithre chúigiú sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an mbliain airgeadais 1982,

agus maidir leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin—

(i) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (a), an méid a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an mbliain airgeadais 1981 an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

(ii) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (b), an méid a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an mbliain airgeadais 1982 an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”

3. Leasaítear leis seo ailt 47 (2) agus 48 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta ar tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1981, di go hiomlán—

(a) i mír (i) d'alt 47 (2), trí

“5”

___

4

a chur in ionad

“9”

___

7

,

(b) i mír (ii) den alt sin 47 (2), trí

“1”

___

4

a chur in ionad

“2”

___

7

, agus

(c) i mír (ii) d'alt 48 (2), trí

“1”

___

4

a chur in ionad

“2”

___

7

.

4. I gcás ina ndéileálfar, de bhua mhír 2 de Chuid I, le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , déileálfar leis an gcuid sin mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh freisin chun críocha mhír 3 den Chuid seo agus chun críocha ailt 47 (2) agus 48 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , agus is tuigthe, chun críocha na n-alt sin 47 (2) agus 48 (2), gurb éard í an cháin chorparáide a mhuirearófar i leith coda de thréimhse chuntasaíochta lena ndéileálfar amhlaidh an cháin chorparáide a mhuirearófaí dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Scéimeanna Brabús-Roinnte

Alt 51.

Cuid I

Scéimeanna a Cheadú

1.—(1) Ar iarratas ó chomhlacht corpraithe (dá ngairtear “an chuideachta lena mbaineann” sa Sceideal seo) a mbeidh scéim bhrabús-roinnte a chomhlíonann fomhíreanna (3) agus (4) bunaithe aige, ceadóidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir alt 52 den Acht seo, an scéim—

(a) má tá siad sásta amhail mar a luaitear i mír 2, agus

(b) mura ndealraíonn sé dóibh go bhfuil gnéithe den scéim nach bhfuil riachtanach chun sochair ar mhodh leasanna i scaireanna a sholáthar d'fhostaithe agus do stiúrthóirí ná nach bhfuil baint réasúnach acu leis an soláthar sin.

(2) I gcás rialú a bheith ag an gcuideachta lena mbaineann ar chuideachta nó cuideachtaí eile, féadfar a rá go sroicheann an scéim chuig gach ceann nó chuig aon cheann de na cuideachtaí ar a bhfuil rialú aici; agus sa Sceideal seo gairfear “grúp-scéim” de scéim a deir go sroicheann sí amhlaidh agus i ndáil le grúp-scéim, ciallaíonn an abairt “cuideachta rannpháirteach” an chuideachta lena mbaineann nó cuideachta a bhfuil rialú ag an gcuideachta lena mbaineann uirthi de thuras na huaire agus a ndeir an scéim go sroicheann sí chuici de thuras na huaire.

(3) Ní mór don scéim a fhoráil go mbunófar comhlacht daoine a bhfuil cónaí orthu sa Stát (dá ngairtear “na hiontaobhaithe” sa Sceideal seo) arb amhlaidh dóibh—

(a) go gceanglaíonn an scéim orthu scaireanna, a mbeidh na coinníollacha i gCuid II den Sceideal seo comhlíonta ina leith, a fháil as airgead a íocfaidh an chuideachta lena mbaineann leo nó, i gcás grúp-scéim, a íocfaidh cuideachta rannpháirteach leo;

(b) go bhfuil de dhualgas orthu scaireanna a bheidh faighte acu a leithreasú chuig pearsana aonair atá rannpháirteach sa scéim, i gcás nach pearsana aonair iad atá neamhcháilithe de bhua Chuid III den Sceideal seo; agus

(c) go bhfuil a gcuid feidhmeanna maidir leis na scaireanna a shealbhaíonn siad á rialáil ag iontaobhas atá comhdhéanta faoi dhlí an Stáit agus a bhfuil a théarmaí in ionstraim a chomhlíonann forálacha Chuid IV den Sceideal seo.

(4) Ní mór don scéim a fhoráil nach mbeidh iomlán mhargadhluachanna tosaigh na scaireanna a leithreasófar i mbliain mheasúnachta chuig aon rannpháirtí amháin níos mó ná £1,000.

(5) Is i scríbhinn a dhéanfar iarratas faoi fhomhír (1) agus beidh cibé sonraí ann, agus cibé fianaise mar thaca leis, a cheanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

2.—(1) Duine, a dtarlaíonn dó—

(a) a bheith tráth ar bith ina fhostaí nó ina stiúrthóir lánaimsire de chuid na cuideachta lena mbaineann nó, i gcás grúpscéim, de chuid cuideachta rannpháirtí, agus

(b) a bheith ina fhostaí nó ina stiúrthóir den sórt sin gach uile thráth i gcaitheamh tréimhse cháilitheach nach faide ná cúig bliana dar críoch an tráth sin, agus

(c) a bheith inmhuirearaithe i leith cánach de réir Sceideal E maidir lena oifig nó lena fhostaíocht,

ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta go mbeidh an duine sin cáilithe an tráth sin faoi réir Chuid III den Sceideal seo le bheith rannpháirteach sa scéim ar théarmaí comhionanna.

(2) Chun críocha fhomhír (1), má bhíonn uimhir éagsúil scaireanna le leithreasú chuig rannpháirtithe i scéim ag féachaint do leibhéil a gcuid luach saothair, d'fhad a gcuid seirbhíse nó do dhálaí eile dá samhail, ní intuigthe as sin nach bhfuil na rannpháirtithe cáilithe le bheith rannpháirteach sa scéim ar théarmaí comhionanna.

3.—(1) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim scéim a cheadú—

(a) go sáróidh rannpháirtí aon cheann dá oibleagáidí faoi mhíreanna (a), (c) agus (d) d'alt 52 (1),

(b) go sárófar, maidir le hoibriú na scéime, aon fhoráil de chuid Chaibidil IX de Chuid I den Acht seo, an scéim féin nó téarmaí an iontaobhais dá dtagraítear i mír 1 (3) (c),

(c) go gcuirtear a mhalairt de chóir ar dhóigh ar bith ar scaireanna d'aicme as ar leithreasaíodh scaireanna chuig rannpháirtithe i bhfarradh na scaireanna eile den aicme sin, go háirithe, a mhalairt de chóir maidir—

(i) leis an díbhinn is iníoctha,

(ii) le haisíoc,

(iii) leis na srianta a ghabhann leis na scaireanna, nó

(iv) le haon tairiscint scaireanna, urrús nó ceart ionaid nó breise, de chineál ar bith, i leith na scaireanna,

(d) go scoirfidh na Coimisinéirí Ioncaim de bheith sásta amhail mar a luaitear i mír 2,

féadfaidh siad, faoi réir fhomhír (3), an ceadú a tharraingt siar le héifeacht ón tráth sin nó ó cibé tráth is déanaí ná sin a shonróidh siad.

(2) Más rud é, tráth ar bith tar éis do na Coimisinéirí Ioncaim scéim a cheadú, go ndéanfar athrú ar an scéim nó ar théarmaí an iontaobhais dá dtagraítear i mír 1 (3) (c), ní bheidh éifeacht leis an gceadú tar éis dáta an athraithe mura mbeidh an t-athrú ceadaithe acu.

(3) Ní foras é le ceadú do scéim a tharraingt siar go gcuirtear cóir ar scaireanna nua-eisithe, i leith díbhinní is iníoctha i leith tréimhse dar tosach dáta roimh an dáta a eisíodh na scaireanna, nach bhfuil chomh fabhrach leis an gcóir a chuirtear ar scaireanna a eisíodh roimh an dáta sin.

4. (1) Más éagóir é leis an gcuideachta lena mbaineann—

(a) nár cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim scéim,

(b) nár cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim athrú mar a luaitear i mír 3 (2), nó

(c) gur tarraingíodh siar ceadú,

féadfaidh an chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt dó na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de thríocha lá ón dáta a gcuirfear a gcinneadh in iúl di, a iarraidh go ndéanfadh na Coimisinéirí Achomhairc a héileamh ar fhaoiseamh a éisteacht agus a chinneadh.

(2) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fhomhír (1), déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-éileamh a éisteacht agus a chinneadh amhail mar a dhéantar le hachomharc chucu in aghaidh measúnachta agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin (lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí).

Cuid II

Coinníollacha maidir leis na Scaireanna

5. Ní mór na scaireanna a bheith ina gcuid den ghnáth-scairchaipiteal—

(a) is leis an gcuideachta lena mbaineann;

(b) is le cuideachta a bhfuil rialú aici ar an gcuideachta lena mbaineann; nó

(c) is le cuideachta ar cuideachta í, nó ar cuideachta í a bhfuil rialú aici ar chuideachta—

(i) atá ina comhalta de chomheagras a bhfuil úinéireacht aige ar an gcuideachta lena mbaineann nó ar chuideachta a bhfuil rialú aici ar an gcuideachta sin; agus

(ii) a bhfuil úinéireacht thairbhiúil aici ar chuid nach lú ná trí fhichiú de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta atá ar úinéireacht amhlaidh.

6. Ní mór na scaireanna—

(a) a bheith ina scaireanna d'aicme a luaitear ar stocmhargadh aitheanta;

(b) a bheith ina scaireanna i gcuideachta nach bhfuil faoi rialú ag cuideachta eile; nó

(c) a bheith ina scaireanna i gcuideachta atá faoi rialú ag cuideachta (seachas cuideachta arb éard í, nó arbh éard í dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, dlúthchuideachta de réir bhrí alt 94 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) a ndéantar a cuid scaireanna a lua ar stocmhargadh aitheanta.

7. Ní mór na scaireanna—

(a) a bheith láníoctha;

(b) a bheith neamhinfhuascailte; agus

(c) gan a bheith faoi réir aon srianta seachas srianta a ghabhann leis na scaireanna go léir den aicme chéanna.

8. Ach amháin i gcás ar scaireanna iad i gcuideachta arb amhlaidh dá gnáth-scairchaipiteal, an tráth a bhfaighidh na hiontaobhaithe na scaireanna, go gcuimsíonn sé scaireanna d'aon aicme amháin, ní mór formhór na scaireanna eisithe den aicme chéanna a bheith á sealbhú ag daoine seachas—

(a) daoine a fuair a gcuid scaireanna de bhun ceart nó deis a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid na cuideachta lena mbaineann nó de chuid aon chuideachta eile agus ní de bhun tairisceana don phobal;

(b) iontaobhaithe a shealbhaíonn scaireanna thar ceann daoine a fuair a gcuid leasanna tairbhiúla sna scaireanna de bhun ceart nó deis den sórt a luaitear i bhfomhír (a); agus

(c) i gcás ina dtagann na scaireanna faoi réim mhír 6 (c) ach nach dtagann siad faoi réim mhír 6 (a), cuideachtaí a bhfuil rialú acu ar an gcuideachta a bhfuil a scaireanna i gceist nó cuideachtaí ar cuideachta chomhlachaithe dá gcuid an chuideachta sin de réir bhrí alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

Cuid III

Pearsana Aonair nach bhfuil Cáilithe le bheith Rannpháirteach

9. Ní bheidh pearsa aonair cáilithe go leithreasófaí scaireanna chuige faoin scéim aon tráth áirithe mura bhfuil sé an tráth sin nó mura raibh sé laistigh den ocht mí dhéag roimhe sin ina stiúrthóir nó ina fhostaí de chuid na cuideachta lena mbaineann nó, más grúpscéim an scéim, de chuid cuideachta rannpháirtí.

10. Ní bheidh pearsa aonair cáilithe go leithreasófaí scaireanna chuige faoin scéim aon tráth áirithe i mbliain mheasúnachta más rud é go ndearnadh, an bhliain mheasúnachta sin, scaireanna a leithreasú chuige faoi scéim cheadaithe eile arna bunú ag an gcuideachta lena mbaineann nó—

(a) ag cuideachta a rialaíonn an chuideachta sin nó atá faoi rialú aici nó atá faoi rialú cuideachta a rialaíonn an chuideachta sin freisin, nó

(b) ag cuideachta ar comhalta í de chomheagras a bhfuil úinéireacht aige ar an gcuideachta sin nó a bhfuil úinéireacht go páirteach ag an gcuideachta sin uirthi mar chomhalta de chomheagras.

11.—(1) Ní bheidh pearsa aonair cáilithe go leithreasófaí scaireanna chuige faoin scéim aon tráth áirithe má bhíonn aige an tráth sin, nó má bhí aige aon tráth áirithe laistigh den dá mhí dhéag roimhe sin, leas ábhartha i ndlúthchuideachta arb éard í—

(a) an chuideachta a bhfuil a scaireanna le leithreasú; nó

(b) cuideachta a bhfuil rialú aici ar an gcuideachta sin nó atá ina comhalta de chomheagras a bhfuil úinéireacht aige ar an gcuideachta sin.

(2) Beidh feidhm ag fomhír (1) i ndáil le cuideachta ar dhlúthchuideachta a bheadh inti mura mbeadh—

(a) alt 94 (1) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ; nó

(b) alt 95 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(3) (a) Sa mhír seo tá le “dlúthchuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 94 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(b) Chun críche na míre seo—

(i) beidh éifeacht le halt 97 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach tagairt do 15 faoin gcéad a chur in ionad aon tagairt atá ann do 5 faoin gcéad, chun a chinneadh an bhfuil nó an raibh leas ábhartha ag duine i gcuideachta, agus

(ii) beidh éifeacht le halt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976

(I) i gcás inar grúp-scéim an scéim atá i gceist, ach tagairt do na cuideachtaí rannpháirteacha go léir a chur in ionad an chéad tagairt don chuideachta i mír (ii) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin, agus

(II) tagairt do 15 faoin gcéad a chur in ionad an tagairt atá sa mhír sin do 5 faoin gcéad.

Cuid IV

Forálacha Maidir leis an Ionstraim Iontaobhais

12. Forálfaidh an ionstraim iontaobhais go dtabharfaidh na hiontaobhaithe do rannpháirtí, a luaithe is féidir tar éis aon scaireanna a leithreasú chuige, fógra i scríbhinn i dtaobh an leithreasaithe—

(a) á shonrú cad é uimhir agus tuairisc na scaireanna sin; agus

(b) á rá cad é a margadhluach tosaigh.

13.—(1) Ní mór foráil a bheith san ionstraim iontaobhais á thoirmeasc ar na hiontaobhaithe aon scaireanna a dhiúscairt, ach amháin mar a luaitear i míreanna (a), (b) nó (c) d'alt 52 (3), le linn na tréimhse coinneála (cibé acu trína n-aistriú chuig an rannpháirtí nó ar shlí eile).

(2) Ní mór foráil a bheith san ionstraim iontaobhais á thoirmeasc ar na hiontaobhaithe aon scaireanna a dhiúscairt tar éis dheireadh na tréimhse coinneála agus roimh an dáta scaoilte ach amháin—

(a) de bhun ordachán arna thabhairt ag an rannpháirtí nó thar a cheann nó ag aon duine, nó thar ceann aon duine, a bhfuil an leas tairbhiúil ina chuid scaireanna dílsithe dó de thuras na huaire, agus

(b) le hidirbheart nach mbeadh sárú ar oibleagáid an rannpháirtí faoi mhír (c) nó mír (d) d'alt 52 (1) i gceist leis.

14. Ní mór foráil a bheith san ionstraim iontaobhais á cheangal ar na hiontaobhaithe—

(a) faoi réir aon ordachán den sórt dá dtagraítear in alt 54 (3), aon airgead nó luach airgid a bheidh faighte acu i leith nó faoi threoir aon scair de chuid rannpháirtí a íoc leis, seachas airgead arb éard é suim dá dtagraítear in alt 52 (1) (c) nó luach airgid arb éard é scaireanna nua de réir bhrí alt 55; agus

(b) gan déileáil, ach amháin de bhun ordachán arna thabhairt ag an rannpháirtí nó thar a cheann (nó ag aon duine nó thar ceann aon duine dá dtagraítear i mír 13 (2) (a)) le haon cheart a thugtar, maidir le haon scaireanna dá chuid, go ndéanfaí scaireanna, urrúis nó cearta eile d'aon tuairisc a leithroinnt chuige.

15. Ní mór don ionstraim iontaobhais é a chur d'oibleagáid ar na hiontaobhaithe—

(a) cibé taifid is gá a choimeád chun a chumasú do na hiontaobhaithe a n-oibleagáidí faoi Chaibidil IX de Chuid I den Acht seo a chur i gcrích; agus

(b) i gcás ina ndlífidh an rannpháirtí cáin ioncaim a íoc faoi Sceideal E mar gheall ar aon teagmhas tarlú, aon fhíricí a bhaineann le cinneadh an dliteanais sin a chur in iúl dó.

Cuid V

Léiriú

16. Sa Sceideal seo forléireofar “rialú” de réir alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

17. Chun críocha an Sceidil seo is comhalta í cuideachta de chomheagras a bhfuil úinéireacht aige ar chuideachta eile más cuideachta í de chúig chuideachta ar a mhéid a bhfuil úinéireacht thairbhiúil acu ar thrí cheathrú ar a laghad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta eile agus a bhfuil úinéireacht thairbhiúil ag gach cuideachta díobh ar an bhfichiú cuid ar a laghad den chaipiteal sin.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Dleacht Stampa ar Ionstraimí

Alt 94.

Cuid I

DUPLICATE or COUNTERPART of any instrument chargeable with any duty.

Where such duty does not amount to £5.00

The same duty as the original instrument.

In any other case

£5.00

Cuid II

POLICY OF LIFE INSURANCE.

Where the sum insured exceeds £50 but does not exceed £1,000:

For every full sum of £100, and also for any fractional part of £100, of the amount insured     ...     ...     ...     ...     ...

10p.

Exceeds £1,000:

For every full sum of £1,000, and also for any fractional part of £1,000, of the amount insured     ...     ...     ...     ...     ...

£1.00

POLICY OF LIFE INSURANCE made for a period not exceeding two years     ...     ...     ...     ...     ...     ...     ...

10p.

POLICY OF INSURANCE other than Life Insurance.

Where there is one premium only and the amount thereof equals or exceeds £15 or, where there is more than one premium and the total amount payable in respect thereof in any period of 12 months equals or exceeds £15     ...     ...     ...     ...     ...

£1.00

Cuid III

(4) Where in the case of a conveyance or transfer on sale or in the case of a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos the consideration for the sale or the value of the property exceeds one thousand pounds and the instrument contains a certificate by the party to whom the property is being conveyed or transferred to the effect that the person becoming entitled to the entire beneficial interest in the property (or, where more than one person becomes entitled to a beneficial interest therein, each of them) is related to the person or each of the persons immediately theretofore entitled to the entire beneficial interest in the property in one or other of the following ways, that is to say, as a lineal descendant, parent, grandparent, step-parent, husband or wife, brother or sister of a parent or brother or sister, or lineal descendant of a parent, husband or wife or brother or sister:—

A duty of an amount equal to one-half of the amount of the ad valorem stamp duty which, but for the provisions of this paragraph, would be chargeable under this Heading.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta, 1931

1931, Uimh. 8

An tAcht Arm-Phinsean, 1932

1932, Uimh. 24

Assurance Companies Act, 1909

1909, c. 49

An tAcht um Gheall-Chur, 1931

1931, Uimh. 27

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

1976, Uimh. 8

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1975, Uimh. 20

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil (Leasú), 1978

1978, Uimh. 33

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936

1936, Uimh. 37

An tAcht Cánach Corparáide, 1976

1976, Uimh. 7

Customs Consolidation Act, 1876

1876, c. 36

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926

1926, Uimh. 18

Excise Management Act, 1827

1827, c. 53

Finance Act, 1902

1902, c. 7

Finance Act, 1920

1920, c. 18

An tAcht Airgid, 1926

1926, Uimh. 35

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1952

1952, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1961

1961, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1968

1968, Uimh. 33

An tAcht Airgeadais, 1969

1969, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1971

1971, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1972

1972, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1974

1974, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais, 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1977

1977, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1978

1978, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1979

1979, Uimh. 11

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1981

1981, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1981

1981, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 7

An tAcht Gáis, 1976

1976, Uimh. 30

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe, 1981

1981, Uimh. 37

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981

1981, Uimh. 14

An tAcht Árachais, 1936

1936, Uimh. 45

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924

1924, Uimh. 48

Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934

1934, Uimh. 43

Acht na bPinsean (Méadú), 1964

1964, Uimh. 10

An tAcht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935

1935, Uimh. 2

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

Roads Act, 1920

1920, c. 72

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

Succession Duty Act, 1853

1853, c. 51

Stamp Act, 1891

1891 c. 39

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

1972, Uimh. 22

An tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978

1978, Uimh. 34