|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 17 de 1982 | ||
[EN] |
AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1982 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GÁIS, 1976 AGUS 1980. [21 Iúil, 1982] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 23 den Acht Gáis, 1976 . |
1. —Leasaítear leis seo alt 23 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe an Bhoird iasachtaí a fháil) den Acht Gáis, 1976 , trí “£80,000,000” a chur in ionad “£30,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Gáis (Leasú), 1980 ) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
[EN] | AN TÁBLA | |||||||
[EN] | (2) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo, nó comhiomlán na n-iasachtaí sin agus aon airleacain faoi alt 22 den Acht seo, agus a bheidh gan aisíoc, thar £80,000,000 aon tráth áirithe. | |||||||
[EN] |
Leasú ar alt 25 den Acht Gáis, 1976 . |
2. —Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann le ráthaíochtaí i ndáil leis an mBord d'fháil iasachtaí) den Acht Gáis, 1976 , trí “£80,000,000” a chur in ionad “£30,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Gáis (Leasú), 1980 ) i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||
[EN] | AN TÁBLA | |||||||
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ár shlí gur mó ná £80,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord. | |||||||
[EN] |
Gearrtheideal forléiriú agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Gáis (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo. | ||||||
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Gáis, 1976 agus 1980, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Gáis, 1976 go 1982, a ghairm díobh le chéile. | |||||||
|