22 1982


Uimhir 22 de 1982


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1981. [28 Iúil, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 .

Caiteachas caipitiúil an Bhoird.

2. —(1) Ní thabhóidh an Bord aon chaiteachas chun críocha caipitiúla gan cead ón Aire.

(2) Ní rachaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha caipitiúla thar cibé suim a bheidh sonraithe ó am go ham ag an Aire.

(3) Aisghairtear leis seo alt 2 d'Acht 1954.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1982.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1954.

3. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1954—

(a) trí “(lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) in aon slí is iomchuí leis lena n-áirítear” a chur in ionad “trí” i bhfo-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Ní rachaidh méid comhiomlán an airgid a gheofar ar iasacht faoin alt seo, agus aon airleacan faoi alt 5 den Acht seo, a bheidh gan aisíoc, thar £1,600,000,000 aon tráth áirithe agus chun críocha an fho-ailt seo aon airgead a gheofar ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit don airgead iarbhír a fuarthas ar iasacht, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit tráth na hiasachta a fháil.”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, airgead d'fháil ar iasacht (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) in aon slí is iomchuí leis lena n-áirítear stoc nó urrúis de chineálacha eile a chruthnú a heiseofar, a haistreofar, a riarfar agus a fuasclófar i pé slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord leis an toiliú adúradh.

Ráthaíocht i ndáil le hiasachtaí.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Bord ar iasacht, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfar caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin a fháil a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £1,600,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór ráthaíochtaí faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

(3) Chun méid na n-iasachtaí a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin alt seo faoi threoir na teorann le príomhshuim atá i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is coibhéis do na hiasachtaí in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a tugadh an ráthaíocht.

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina mbeidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás a mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis an Aire ar scór na híocaíochta.

(c) an méid príomhshuime faoi bhrí na ráthaíochta a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.

(6) Déanfaidh an Bord airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste.

(7) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a gceanglaíonn fo-alt (6) den alt seo é a aisíoc leis an Aire Airgeadais a bheith gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Bord faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an Bord an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire sin cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais airgead a íocfaidh an Bord faoi fho-alt (6) nó (8) den alt seo.

(10) I ndáil le ráthaíochtaí ón Aire Airgeadais in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(i) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim, le gach tagairt d'ús agus leis an tagairt do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo mar thagairtí don mhéid in airgead reatha an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, don ús iarbhír agus do na caiteachais theagmhasacha iarbhír, faoi seach, agus an choibhéis sin a ríomh de réir chostas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit.

(ii) glacfar leis an tagairt do phríomhshuim i bhfo-alt (4) den alt seo mar thagairt do choibhéis na príomhshuime iarbhír in airgead reatha an Stáit, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide arb é de thuras na huaire ráta iomlaoide an airgid reatha sin agus airgid reatha an Stáit é,

(iii) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (5) go (8) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

(11) Ní thabharfar ráthaíocht faoi alt 9 d'Acht 1954 tar éis an tAcht seo a rith.

Ciste Fuascailte.

5. —(1) Tar éis don Bhord soláthar a dhéanamh le haghaidh ús a íoc ar airgead a bheidh faighte ar iasacht faoi alt 4 d'Acht 1954 agus le haghaidh muirear seasta agus oibleagáidí eile, cuirfidh an Bord de leataobh ó am go ham cibé suimeanna is cuí leis agus íocfaidh sé isteach iad sa chiste a bunaíodh faoi alt 12 d'Acht 1954 agus úsáidfear an t-airgead sa chiste sin chun airgead a bheidh faighte ag an mBord ar iasacht faoin alt sin 4 a aisíoc (lena n-áirítear aon urrús a fhuascailt is infhuascailte in airgead, go hiomlán nó go páirteach, faoi choinníollacha a eisiúna).

(2) Féadfaidh an Bord aon suim a bheidh curtha de leataobh faoi fho-alt (1) den alt seo agus an t-ioncam aisti a infheistiú—

(a) i cibé urrúis a mbeidh údaraithe le dlí de thuras na huaire cistí iontaobhais a infheistiú iontu de réir mar is cuí leis an mBord;

(b) i cibé slí eile is cuí leis an mBord, le ceadú an Aire Airgeadais.

(3) Úsáidfear na suimeanna go léir a bheidh curtha de leataobh faoi fho-alt (1) den alt seo nó faoi alt 12 d'Acht 1954, mar aon leis an ioncam astu, chun nó i leith aisíoc a dhéanamh ar airgead a bheidh faighte ar iasacht ag an mBord faoi alt 4 d'Acht 1954, lena n-áirítear fuascailt a dhéanamh ar aon urrús a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo ar bheith aibí dó, nó, más oiriúnach leis an mBord, féadfar, i gcás urrús den sórt sin, é a úsáid chun an t-urrús a cheannach agus déanfar aon urrús a cheannófar amhlaidh a dhíscríobh agus a chealú.

(4) Aisghairtear leis seo alt 12 d'Acht 1954, ach, d'ainneoin na haisghairme sin, leanfaidh an ciste a bunaíodh faoin alt sin ar marthain, faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo.

Airgead barrachais a infheistiú.

6. —(1) Féadfaidh an Bord aon airgead a bheidh faoina réir aige agus nach dteastóidh uaidh de thuras na huaire chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh a infheistiú—

(a) i cibé urrúis a mbeidh sé údaraithe le dlí de thuras na huaire cistí iontaobhais a infheistiú iontu de réir mar is cuí leis an mBord, agus

(b) i cibé slí eile is cuí leis an mBord, le ceadú an Aire Airgeadais.

(2) Aisghairtear leis seo alt 13 d'Acht 1954.

Íocaíocht bhliantúil ón mBord leis an Aire Comhshaoil.

7. —(1) Déanfaidh an Bord, sa bhliain 1982, suim £10,000,000 a íoc leis an Aire Comhshaoil.

(2) (a) Déanfaidh an Bord, gach bliain i ndiaidh na bliana 1982, cibé suim a chinnfidh an Rialtas don bhliain áirithe sin a íoc leis an Aire Comhshaoil.

(b) Ní rachaidh suim a chinnfear faoin bhfo-alt seo d'aon bhliain áirithe thar mhéid na rátaí a bheidh leagtha síos ag údaráis áitiúla, i gcás ar suim í a bheadh, i dtuairim an Rialtais, murach maoin áirithe de chuid an Bhoird a bheith díolmhaithe ó na rátaí sin ag na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1981, le híoc ag an mBord don bhliain sin i leith na maoine sin.

(3) Déanfar airgead a íocfar leis an Aire Comhshaoil faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais.

Leasú ar Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 8 (2) d'Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b)—

“(a) i cibé urrúis a mbeidh údaraithe le dlí de thuras na huaire cistí iontaobhais a infheistiú iontu de réir mar is cuí le hiontaobhaithe an chiste;

(b) i cibé slí eile is cuí leis na hiontaobhaithe, le ceadú an Aire Airgeadais;”.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo, a mhéid a bhaineann sé le mír (b) den alt sin 8 (2), agus measfar éifeacht a bheith leis, amhail ar agus ón 22ú lá d'Iúil, 1942.

Cumhacht an Bhoird gabháil do dhobharshaothrú.

9. —Faoi réir fhorálacha na nAchtanna Iascaigh, 1959 go 1980, féadfaidh an Bord gabháil do dhobharshaothrú, is é sin le rá, oiliúint aon speiceas éisc (de réir bhrí na nAchtanna sin), dobharainmhí inveirteabrach is cuma cad é a ghnáthóg nó dobharfhoirm aon bhia atá oiriúnach chun iasc (de réir na brí sin a dúradh) a chothú.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

10. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1982, a ghairm de na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1981, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1981, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954

1954, Uimh. 17

Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aois-liúntas), 1942

1942, Uimh. 17

An tAcht Iascaigh, 1980

1980, Uimh. 1