3 1983


Uimhir 3 de 1983


ACHT NA nAERCHUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AN tAIRE AIRGE-ADAIS DO THÓGÁIL TUILLEADH SCAIREANNA IN AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA, AGUS DO MHÉADÚ NA TEORANN LE RÁTHAÍOCHTAÍ ÓN AIRE SIN I LEITH IASACHTAÍ AG AER LINGUS, TEORANTA, AGUS AERLÍNTE ÉIREANN, TEORANTA. [15 Márta, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Cumhacht an Aire Airgeadais tuilleadh scaireanna a fháil in Aerlínte.

1. —I dteannta na scaireanna atá ar seilbh aige in Aerlínte Éireann, Teoranta, de bhua alt 2 d'Acht na nAerchuideachtaí, 1966 , féadfaidh an tAire Airgeadais suibscríobh le haghaidh tuilleadh scaireanna (d'aon aicme) in Aerlínte Éireann, Teoranta, go feadh méid nach mó a luach ainmniúil ná £60,000,000.

Airgead a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí faoin Acht seo as an bPríomh-Chiste.

2. —Íocfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais Aerlínte a athrú.

3. —Déanfaidh Aerlínte Éireann, Teoranta, cibé bearta is gá faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , lena mheabhrán comhlachais agus a airteagail chomhlachais a athrú lena gcur ar comhréir leis an Acht seo.

Ráthaíocht on Aire Airgeadais i leith iasachtaí a gheobhaidh Aer Lingus agus Aerlínte.

4. —Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó le halt 2 (1) d'Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1976 , a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £150,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochtaí faoi alt 2 (1) (a) den Acht sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (mar aon leis an méid príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha) agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 2 (2) den Acht sin trí “£150,000,000” a chur in ionad “£75,000,000”.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1983, a ghairm d'Achtanna na nAerchuideachtaí, 1966 go 1978, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na nAerchuideachtaí, 1966

1966, Uimh. 4

Acht na nAerchuideachtaí (Leasú), 1976

1976, Uimh. 36

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33