5 1983


Uimhir 5 de 1983


AN tACHT ÁRACHAIS, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1981. [31 Márta, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 2 den Acht Árachais, 1953 .

1. —Cuirtear, leis seo, an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Árachais, 1953 :

“(1)  (a) Chun onnmhairiú earraí a spreagadh agus chun cibé seirbhísí a bheidh sonraithe ó am go ham le hordú ón Aire a sholáthar, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhshocraíochtaí a dhéanamh chun go dtabharfar do dhaoine, nó ar mhaithe le daoine, a bhfuil gnó nó gairm ar siúl acu sa Stát, ráthaíochtaí i ndáil le honnmhairiú, monarú, cóireáil nó imdháil earraí, i ndáil le seirbhísí a sholáthar nó i ndáil le haon ní eile is dóigh leis an Aire ba chabhair chun na críche sin.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Árachais, 1909 go 1981, agus den Acht seo le chéile.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Árachais, 1953

1953, Uimh. 7

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1981