14 1983


Uimhir 14 de 1983


ACHT AN REIFRINN (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN REIFRINN, 1942 GO 1979.

[5 Meitheamh, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1982.

1. —I reifreann bunreachta i ndáil leis an mBille um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1982—

(a) beidh an ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an alt seo i gcárta vótaíochta a chuirfear amach faoi alt 64 (1) den Acht Toghcháin, 1963 ,

(b) cuirfidh an ceann comhairimh áitiúil do dháilcheantar cárta vótaíochta freisin chuig gach toghthóir a bhfuil a ainm ar chlár na dtoghthóirí Dála don dáilcheantar sin agus ar liosta na bpostvótálaithe don dáilcheantar sin,

(c) gach cárta vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo—

(i) luafaidh sé gur do phostvótálaí é agus dá réir sin ní luafaidh sé an uimhir ná an áit dá dtagraítear san alt sin 64 (1),

(ii) beidh an ráiteas ann dá dtagraítear i mír (a) den alt seo, agus

(iii) cuirfear é leis an bpost chuig an toghthóir an tráth céanna a chuirfear a pháipéar ballóide chuige, agus é dírithe chuige ag an seoladh céanna a bheidh ar an gclúdach ina gcuirfear an páipéar ballóide chuige,

(d) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) den alt sin 64 i ndáil le cártaí vótaíochta a chuirfear amach faoi mhír (b) den alt seo,

(e) cuirfidh oifigeach ceannais cóipeanna den ráiteas dá dtagraítear i mír (a) den alt seo ar taispeáint ina stáisiún vótaíochta agus i maighean a stáisiúin vótaíochta:

Ar choinníoll nach mbeidh an reifreann ó bhail dlí mar gheall ar aon mhainneachtain cóipeanna den sórt sin a chur ar taispeáint in aon stáisiún vótaíochta nó i maighean aon stáisiúin vótaíochta,

(f) le linn Riail 18 (a cuireadh isteach leis an Acht Toghcháin, 1963 ) den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht an Reifrinn, 1942 , a bheith á feidhmiú, cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (5)—

“(5) (a)  Má bhíonn páipéar ballóide le marcáil de bhun mhír (3) den Riail seo, féadfaidh an t-oifigeach ceannais cuidiú leis an vótálaí tríd an togra a bheidh luaite sa pháipéar ballóide a léamh amach go hiomlán as an bpáipéar ballóide agus a fhiafraí den vótálaí ‘An dtoilíonn tú nó nach dtoilíonn tú le dlí a dhéanamh den Bhille sin?’ agus déanfaidh sé ansin, mura cás é lena mbaineann fomhír (b) den mhír seo, an páipéar ballóide a mharcáil de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.

(b) Mura dtuigfidh an vótálaí brí na ceiste sin, déanfaidh an t-oifigeach ceannais mar a leanas—

(i) léifidh sé amach don vótálaí mír 1 den ráiteas atá leagtha amach san Fhoscríbhinn a ghabhann le halt 1 d'Acht an Reifrinn (Leasú), 1983 ,

(ii) fiafróidh sé ansin den vótálaí ‘Cé acu is mian leat a dhéanamh — vótáil i bhfabhar an togra chun an Bunreacht a leasú nó vótáil i gcoinne an togra chun an Bunreacht a leasú?’,

agus

(iii) marcálfaidh sé an páipéar ballóide ansin de réir freagra an vótálaí, ach ní ghníomhóidh sé de réir aon treorach scríofa.”.

AN FHOSCRÍBHINN

1. Is é atá beartaithe leis an mBille um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1982, an fo-alt seo a leanas a chur le hAirteagal 40.3 den Bhunreacht.

3° Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

2. MÁ THOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail TÁ ar an bpáipéar ballóide.

3. MURA dTOILÍONN TÚ leis an togra, cuir X os coinne an fhocail NÍL ar an bpáipéar ballóide.

4. Is féidir cóip den Bhille a iniúchadh saor in aisce, agus is féidir é a cheannach ar dhá phingin go leith, in aon Phost-Oifig.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadar Acht an Reifrinn (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1983, a ghairm d'Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1979, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an tAcht seo agus Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1983, mar aon ní amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

Acht an Reifrinn, 1942

1942, Uimh. 8

Achtanna an Reifrinn, 1942 go 1979