22 1983


Uimhir 22 de 1983


ACHT NA dTITHE (TEAGHAISÍ PRÍOBHÁIDEACHA AR CÍOS) (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLACHA NUA MAIDIR LE TÉARMAÍ TIONÓNTACHTAÍ TEAGHAISÍ ÁIRITHE A SHOCRÚ AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BINSE CÍOSA A BHUNÚ, CHUN OIFIGIGH CHÍOSA A CHEAPADH AG ÚDARÁIS TITHÍOCHTA AGUS LE hAGHAIDH FEIDHMEANNA AN BHINSE AGUS NA nOIFIGEACH CÍOSA, DO DHÉANAMH LEA-SUITHE IARMHARTACHA ÁIRITHE AR ACHT NA dTITHE (TEAGHAISÍ PRÍOBHÁIDEACHA AR CÍOS), 1982 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA EILE. [13 Iúil, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú agus forléiriú.

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1982” Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982 ;

ciallaíonn “oifigeach cíosa” oifigeach cíosa arna cheapadh faoi alt 6(2);

tá le “an Binse” an bhrí a shanntar dó le halt 2(1);

(2) Forléireofar Acht 1982 agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt nó do mhír is tagairt í d'fho-alt nó do mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Bunú an Bhinse.

2. —(1) Bunófar, ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, comhlacht dá ngairfear an Binse Cíosa (dá ngairtear an Binse san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Ar an mBinse beidh na comhaltaí seo a leanas, eadhon, cathaoirleach agus cibé líon de leaschathaoirligh agus de ghnáthchomhaltaí is dóigh leis an Aire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, is gá ó am go ham le go bhféadfaidh an Binse a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(3) (a) Is é an tAire, le hordú, a cheapfaidh an cathaoirleach, an leaschathaoirleach agus na gnáthchomhaltaí.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú faoi mhír (a) den mhír seo a chúlghairm nó a leasú.

(c) Déanfar ordú faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé líon daoine is dóigh leis is gá a cheapadh ó am go ham as measc a chuid oifigeach chun cuidiú leis an mBinse a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

Comhalta den Bhinse a bheith ina chomhalta de Thithe an Oireachtais, etc.

3. —(1) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin nó is ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach nó is comhalta d'údarás áitiúil, beidh sé dícháilithe óna cheapadh chun bheith ina chomhalta den Bhinse.

(2) Aon chomhalta den Bhinse—

(a) a ainmneofar mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, nó

(b) a ainmneofar lena thoghadh chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó a cheapfar chun bheith ina ionadaí sa Tionól sin, nó

(c) a ndéanfar comhalta d'údarás áitiúil de,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhinse.

(3) San alt seo ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile.

Séala an Bhinse.

4. —(1) Soláthróidh an Binse séala dó féin.

(2) Fíordheimhneofar séala an Bhinse le síniú chathaoirleach an Bhinse nó le síniú leaschathaoirleach nó ghnáthchomhalta de chuid an Bhinse a bheidh údaraithe ag an mBinse gníomhú chuige sin nó le síniú duine arna cheapadh faoi alt 2(4) a bheidh údaraithe ag an mBinse gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhinse agus, gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Binse agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) an Bhinse, glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Téarmaí tionóntachtaí a shocrú.

5. —(1) Féadfaidh tiarna talún nó tionónta teaghaise is teaghais lena mbaineann alt 8(1) d'Acht 1982, faoi réir fho-alt (2), tráth ar bith—

(a) iarratas a dhéanamh chun an Bhinse chun téarmaí na tionóntachta a shocrú, nó

(b) i gcás ordú a bheith déanta faoi alt 6(1), iarratas a dhéanamh chun an údaráis tithíochta ar ina limistéar feidhme atá an teaghais, chun téarmaí na tionóntachta a chur á socrú ag oifigeach cíosa,

agus déanfaidh an Binse nó an t-oifigeach cíosa, de réir mar a bheidh, téarmaí na tionóntachta a chinneadh agus beidh, faoi réir an Achta seo, na téarmaí sin ina gceangal ar an tiarna talún agus ar an tionónta mura socrófar téarmaí nua faoin Acht seo.

(2) Féadfar iarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh d'ainneoin aon chomhaontú idir an tiarna talún agus an tionónta ag socrú téarmaí na tionóntachta, cibé acu a rinneadh an comhaontú sin roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis.

(3) (a) I gcás inar shocraigh nó ina socróidh an Chúirt téarmaí tionóntachta teaghaise faoi Acht 1982 roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis nó i gcás ina socrófar iad faoin Acht seo, ní dhéanfar iarratas faoi fho-alt (1) go dtí go mbeidh ceithre bliana agus naoi mí caite ón dáta ar socraíodh na téarmaí amhlaidh ach amháin sa chás ina mbeidh feabhsúcháin déanta ag an tiarna talún ar an teaghais.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “feabhsúcháin” aon bhreis le teaghais nó aon athrú ar theaghais a chuireann le luach ligin na teaghaise agus folaíonn sé aon bhreis nó athrú a bhaineann le soláthar aon seirbhísí don teaghais, ach ní fholaíonn sé obair arb éard í, deisiú, maisiú nó gnáthchothabháil.

(4) Má bhíonn aon díospóid nó aon cheist ann faoin léiriú ar chinneadh ón mBinse nó ó oifigeach cíosa faoin Acht seo, déanfaidh an Binse nó an t-oifigeach cíosa, de réir mar a bheidh, ar iarratas ón tiarna talún nó ón tionónta, an t-ábhar a réiteach.

(5) Beidh ar an tiarna talún nó ar an tionónta a bheidh ag déanamh iarratais faoi fho-alt (1), fógra míosa i scríbhinn a thabhairt don pháirtí eile á rá go bhfuil ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh.

(6) Ní fhéadfar aon iarratas a dhéanamh faoi alt 12(1) d'Acht 1982 tar éis thosach feidhme an ailt seo.

Oifigigh chíosa.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a chur faoi deara, maidir le gach iarratas chun téarmaí tionóntachtaí teaghaisí lena mbaineann alt 8(1) d'Acht 1982 a shocrú, gur chuig údaráis tithíochta a chuirfear na hiarratais lena gcur á gcinneadh ag oifigigh chíosa a bheidh ceaptha chun na críche sin ag údaráis tithíochta.

(2) Ar ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1), beidh ar údarás tithíochta, agus féadfaidh sé ó am go ham dá éis sin, cibé líon daoine is dóigh leis is gá a cheapadh as measc oifigigh an údaráis tithíochta nó as measc oifigigh údaráis tithíochta eile, chun bheith ina n-oifigigh chíosa chun críocha an Achta seo.

(3) Féadfaidh údarás tithíochta ceapachán a rinneadh faoi fho-alt (2) a fhoirceannadh am ar bith.

(4) Féadfaidh údaráis tithíochta socruithe a dhéanamh chun a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh i gcomhar le chéile.

(5) Má fheictear don Aire gur chóir comhaontú faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , a dhéanamh idir údaráis tithíochta chun críocha a bhfeidhmeanna faoin Acht seo, féadfaidh sé, tar éis deis a thabhairt do na húdaráis i gceist uiríolla a dhéanamh chuige, a cheangal orthu an comhaontú sin a dhéanamh.

(6) Féadfaidh an tAire ordachán a thabhairt go mbeidh, in aon chomhaontú den sórt sin, cibé téarmaí a shonróidh sé agus comhlíonfaidh an t-údarás i gceist cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire.

(7) Oifigeach cíosa a cheapfar de bhun chomhaontú den sórt sin is é a bheidh ina oifigeach cíosa do limistéir fheidhme na n-údarás i gceist.

(8) Féadfaidh forálacha a bheith in aon ordú faoi fho-alt (1) i ndáil le hiarratais arna ndéanamh faoi alt 5(1) chun an Bhinse, lena n-áirítear forálacha chun na hiarratais sin a tharraingt siar, i ndáil leis an tslí ina mbeidh siad le tarraingt siar agus i ndáil le hiarratais nua a dhéanamh chun údaráis tithíochta.

Téarmaí tionóntachtaí.

7. —(1) Is é a bheidh i dtéarmaí gach tionóntachta teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8(1) d'Acht 1982, cibé téarmaí ar a gcomhaontófar idir an tiarna talún agus an tionónta nó, cheal comhaontú—

(a) cibé téarmaí a shocraigh nó a shocróidh an Chúirt faoi alt 12 d'Acht 1982 roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, nó

(b) cibé téarmaí a shocróidh an Binse nó oifigeach cíosa faoin Acht seo.

(2) Má tharlaíonn, tar éis dháta thosach feidhme an ailt seo, go méadófar cíos teaghaise trí chomhaontú idir an tiarna talún agus an tionónta nó go méadóidh an Binse nó oifigeach cíosa faoin Acht seo é, ní bheidh méid an mhéadaithe iníoctha—

(a) go mbeidh téarmaí na tionóntachta leagtha amach i bhfoirm scríofa agus sínithe ag an tiarna talún nó ag a ghníomhaire agus cóip den chéanna tugtha ag an tiarna talún don tionónta, agus

(b) go mbeidh ceanglais aon rialachán faoi alt 24 d'Acht 1982 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire comhlíonta ag an tiarna talún.

An dáta óna mbeidh feidhm ag an gcíos nua.

8. —(1) I gcás ina socróidh an Binse nó oifigeach cíosa cíos teaghaise beidh, faoi réir fho-alt (2) agus alt 7, feidhm ag an gcíos nua ón gcéad lá gála tar éis an dáta ar chomhlíon an tiarna talún na ceanglais in aon rialacháin faoi alt 24 d'Acht 1982 a mbeidh feidhm acu de thuras na huaire.

(2) Más rud é, ar iarratas faoin Acht seo ó thiarna talún nó ó thionónta, go socrófar cíos teaghaise agus gur socraíodh an cíos láithreach faoi Acht 1982 nó faoin Acht seo, beidh feidhm ag an gcíos nua—

(a) i gcás iarratas (seachas iarratas arna dhéanamh de bhua alt 5(3)) ó cibé dáta de na dátaí seo a leanas is deireanaí—

(i) an chéad lá gála i ndiaidh an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó

(ii) an dáta ar dáta é atá cúig bliana i ndiaidh an dáta óna raibh feidhm ag an gcíos láithreach i gcéadóir, agus

(b) i gcás iarratas arna dhéanamh de bhua alt 5(3), an chéad lá gála i ndiaidh an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Leasú ar ailt 12 agus 13 d'Acht 1982 agus foráil dhearbhaithe.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 12 (1) d'Acht 1982 trí “nó mura socrófar téarmaí nua tionóntachta faoi Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) (Leasú), 1983 ” a chur isteach i ndiaidh “le hordú dá éis sin ón gCúirt”.

(2) I gcás ina mbeidh téarmaí tionóntachta socraithe ag an mBinse nó ag oifigeach cíosa faoin Acht seo, beidh éifeacht le halt 13 d'Acht 1982, sa tslí chéanna ina bhfuil éifeacht leis i gcás ina mbeidh na téarmaí sin socraithe ag an gCúirt faoi alt 12 den Acht sin agus, dá réir sin, déanfar na tagairtí san alt sin 13 do cad is dóigh leis an gCúirt a fhorléiriú mar thagairtí a fholóidh, de réir mar is gá sa chás, tagairtí do cad is dóigh leis an mBinse nó cad is dóigh leis an oifigeach cíosa.

(3) An tagairt atá in alt 13(2) d'Acht 1982 d'acmhainn an tionónta, is tuigthe go dtagraíonn sí, agus gur thagair sí riamh, d'acmhainn iarbhír an tionónta.

Iarratais áirithe faoi alt 12 d'Acht 1982 a tharraingt siar.

10. —(1) I gcás ina mbeidh iarratas déanta ag tiarna talún nó ag tionónta chun na Cúirte faoi alt 12(1) d'Acht 1982 agus, tráth thosach feidhme alt 5 den Acht seo, nach mbeidh an cheist tagtha ar aghaidh lena héisteacht os comhair na Cúirte, féadfaidh an t-iarratasóir, más toil sin leis an bpáirtí eile, an t-iarratas a tharraingt siar agus iarratas nua a dhéanamh faoin Acht seo chun an Bhinse nó chun údaráis tithíochta, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás ina dtarraingeofar siar iarratas faoi fho-alt (1), ansin, maidir leis an bhfógra a thug an t-iarratasóir faoi alt 12(5) d'Acht 1982 don pháirtí eile i dtaobh é bheith ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh measfar, chun na gcríocha a bhaineann le hiarratas nua faoin Acht seo gur fógra é a tugadh go cuí don pháirtí eile faoi alt 5(5) den Acht seo.

Achomhairc chun an Bhinse.

11. —(1) Féadfaidh tiarna talún nó tionónta, de réir rialacháin faoi alt 15, achomharc a dhéanamh chun an Bhinse in aghaidh chinneadh oifigigh chíosa ag socrú téarmaí tionóntachta faoi alt 5 agus socróidh an Binse téarmaí na tionóntachta.

(2) Má athraíonn an Binse na téarmaí tionóntachta faoi fho-alt (1), beidh na téarmaí mar a athraíodh iad amhlaidh ina gceangal ar an tiarna talún agus ar an tionónta.

(3) Más mó an cíos a bheidh socraithe ag oifigeach cíosa ná an cíos a bheidh socraithe ag an mBinse de dhroim achomhairc faoi fho-alt (1), ansin, maidir le méid aon bhreise a bheidh íoctha ag an tionónta—

(a) féadfar é a asbhaint as aon chíos is iníoctha aige leis an tiarna talún, nó

(b) beidh sé inghnóthaithe aige mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

(4) Má dhéantar achomharc faoi fho-alt (1) ní choiscfidh sé sin teaghais a chlárú de réir chinneadh an oifigigh chíosa chun alt 7(2)(b) a chomhlíonadh.

Cúiteamh i leith caillteanais.

12. —(1) I gcás ina socróidh an Binse téarmaí tionóntachta faoin Acht seo, féadfaidh an Binse, ar iarratas chuige ón tiarna talún nó ón tionónta, agus má cheapann sé gur réasúnach déanamh amhlaidh, a ordú don tiarna talún nó don tionónta, de réir mar a bheidh, méid nach mó ná an difear idir an cíos láithreach agus an cíos nua a bheidh socraithe ag an mBinse a íoc leis an bpáirtí eile—

(a) i gcás ina dtarraingeofar siar an t-iarratas faoi alt 10 (1) agus go ndéanfar iarratas nua faoin Acht seo, maidir leis an tréimhse ó dháta an fhógra dá dtagraítear in alt 10 (2) go dtí an dáta a socróidh an Binse na téarmaí, nó

(b) i gcás ina ndéanfar achomharc faoi alt 11 (1) in aghaidh chinneadh oifigigh chíosa, maidir leis an tréimhse ón dáta a ndéanfaidh an t-oifigeach cíosa an cinneadh go dtí an dáta a socróidh an Binse na téarmaí.

(2) Aon mhéid a ordóidh an Binse a íoc faoi fho-alt (1), íocfar é i cibé slí agus thar cibé tréimhse a ordóidh an Binse ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(3) Is breith chríochnaitheach dhochloíte breith an Bhinse faoi fho-alt (1) agus ní fhéadfar aon achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe, ach amháin chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí.

Ceist Dlí: achomharc, tarchur chun na hArd-Chúirte.

13. —(1) Féadfaidh tiarna talún nó tionónta achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí laistigh de thrí mhí, nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt sin, tar éis don Bhinse na téarmaí tionóntachta a chinneadh faoi alt 5 nó de dhroim achomhairc faoi alt 11.

(2) Féadfaidh an tAire, ar an mBinse á iarraidh, ceist dlí a éireoidh as iarratas nó as achomharc chuige faoin Acht seo a tharchur chun na hArd-Chúirte agus féadfaidh ionadaí don Aire a bheith i láthair ag an éisteacht.

Leas a nochtadh.

14. —(1) I gcás ina mbeidh leas tairbhiúil ag comhalta den Bhinse i dteaghais a ndéanfar iarratas faoi alt 5 (1) nó achomharc faoi alt 11 ina leith, nó i gcás ina mbeidh aon leas eile aige san iarratas nó san achomharc ar dhóigh dó tionchar a bheith aige air i ndáil leis an gcinneadh ar théarmaí na tionóntachta nó leis an mbreith de dhroim an achomhairc, de réir mar a bheidh—

(a) nochtfaidh an comhalta an cineál leasa atá aige don Bhinse,

(b) ní ghlacfaidh an comhalta aon pháirt san idirphlé ná sa léirbhreithniú ar an iarratas nó ar an achomharc,

(c) ní vótálfaidh an comhalta ná ní ghníomhóidh sé ar shlí ar bith eile mar chomhalta den Bhinse i ndáil leis an gcinneadh ar théarmaí na tionóntachta nó leis an mbreith de dhroim an achomhairc, de réir mar a bheidh.

(2) I gcás ina mbeidh leas tairbhiúil ag oifigeach cíosa i dteaghais a ndéanfar iarratas faoi alt 5 (1) ina leith, nó i gcás ina mbeidh aon leas eile aige san iarratas ar dhóigh dó tionchar a bheith aige air agus é ag cinneadh téarmaí na tionóntachta,

(a) ní dhéanfaidh sé an tionóntacht a chinneadh ná ní fhéachfaidh sé le haon tionchar a imirt ar an gcinneadh sin, agus

(b) cuirfidh sé a leas in iúl do bhainisteoir an údaráis tithíochta.

(3) Déanfaidh bainisteoir an údaráis tithíochta, ar an leas a bheith curtha in iúl dó, an t-iarratas a tharchur chuig oifigeach cíosa eile de chuid an údaráis nó, i gcás nach mbeidh aon oifigeach eile den sórt sin ann, chuig údarás tithíochta eile lena chur á chinneadh ag oifigeach cíosa de chuid an údaráis sin.

(4) I gcás ina mbeidh leas tairbhiúil ag oifigeach de chuid an Bhinse i dteaghais lena mbaineann iarratas nó achomharc a luaitear i bhfo-alt (3), nó i gcás ina mbeidh aon leas eile aige san iarratas nó san achomharc atá ábhartha maidir lena thoradh—

(a) ní imreoidh sé aon tionchar, ná ní fhéachfaidh sé le haon tionchar a imirt, ar chinneadh théarmaí tionóntachta na teaghaise ná ar an mbreith de dhroim an achomhairc, de réir mar a bheidh, agus

(b) nochtfaidh sé don Bhinse an cineál leasa atá aige agus comhlíonfaidh sé aon ordacháin a thabharfaidh an Binse i ndáil leis an ábhar.

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine i dteaghais—

(a) más é féin nó a chéile tiarna talún nó tionónta na teaghaise, nó

(b) más comhalta é féin nó a chéile, nó ainmní de cheachtar díobh, de chuideachta nó de chomhlacht eile arb í nó é tiarna talún na teaghaise, nó

(c) má tá sé féin nó a chéile i bpáirtíocht le duine, nó ar fostú ag duine, arb é tiarna talún nó tionónta na teaghaise é.

(6) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas tairbhiúil a bheith ag duine i dteaghais, ná ní mheasfar leas a bheith aige in iarratas nó in achomharc ar dhóigh dó tionchar a bheith aige air, de bhíthin amháin go bhfuil leas aige féin nó ag cuideachta nó ag aon chomhlacht eile a luaitear i bhfo-alt (5) atá chomh cianda nó chomh beag sin i dtábhacht nach féidir a mheas le réasún gur dóigh dó tionchar a bheith aige air.

(7) (a) Aon duine a bhfuil leas tairbhiúil aige i dteaghais agus a sháróidh ceanglas den alt seo nó a mhainneoidh déanamh dá réir beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(b) In aon imeachtaí i leith cion faoin bhfo-alt seo, is cosaint mhaith don duine cúisithe a chruthú nárbh eol dó agus nach raibh aon chúis aige lena chreidiúint, tráth an chiona a líomhnaítear—

(i) go raibh leas tairbhiúil aige sa teaghais, nó

(ii) gur leas tairbhiúil a raibh feidhm ag ceanglas den alt seo ina leith an leas tairbhiúil lena mbaineann an cion a líomhnaítear.

(c) Ní thionscnófar aon imeachtaí i leith cion faoin bhfo-alt seo seachas imeachtaí a thionscnóidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó imeachtaí a thionscnófar lena thoiliú.

(8) Aon chomhalta den Bhinse a chiontófar i gcion faoi fho-alt (7), scoirfidh sé, ar é a chiontú amhlaidh, de bheith ina chomhalta.

(9) Má dhéanann duine a bhfuil leas tairbhiúil aige i dteaghais lena mbaineann iarratas nó achomharc lena mbaineann an t-alt seo ceanglas de chuid an ailt seo a shárú nó má mhainníonn sé ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh, cuirfidh an sárú nó an mhainneachtain sin an cinneadh ar an iarratas nó an bhreith de dhroim an achomhairc, de réir mar a bheidh, ó bhail dlí.

(10) (a) I gcás ina gcuirfear cinneadh faoi alt 5 (1) ón mBinse nó ó oifigeach cíosa ó bhail dlí de bhua fho-alt (9), déanfaidh an Binse nó an t-oifigeach cíosa, de réir mar a bheidh, an t-iarratas lena mbaineann an cinneadh a chinneadh arís.

(b) I gcás ina gcuirfear breith ón mBinse de dhroim achomhairc faoi alt 11 ó bhail dlí de bhua fho-alt (9), breithneoidh an Binse an t-achomharc arís.

(c) Chun críocha an Achta seo—

(i) is tuigthe gurb é dáta an chinnidh neamhbhailí is dáta do chinneadh nua faoi mhír (a) ón mBinse nó ó oifigeach cíosa, agus

(ii) is tuigthe gurb é dáta na breithe neamhbhailí is dáta do bhreith nua faoi mhír (b) ón mBinse.

(11) Más rud é, de bhíthin cinneadh nua nó breith nua faoi fho-alt (10), go mbeidh aon mhéid dlite do thiarna talún nó do thionónta, féadfar an méid sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Rialacháin d'fhorlíonadh an Achta seo.

15. —(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh—

(a) faoi réir fho-alt (3), maidir le téarmaí agus coinníollacha ceapacháin (lena n-áirítear luach saothair, más ann, agus liúntais) agus seilbh oifige chomhaltaí an Bhinse,

(b) maidir leis an gcaoi ina ndéanfaidh an Binse, údaráis tithíochta agus oifigigh chíosa a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh, agus

(c) chun a chur ar chumas an Bhinse, na n-údarás tithíochta agus na n-oifigeach cíosa na feidhmeanna sin a chomhlíonadh go héifeachtach.

(2) Féadfaidh forálacha i dtaobh gach ní nó aon ní de na nithe seo a leanas a bheith i rialacháin faoin alt seo:

(a) an nós imeachta le hiarratais faoi alt 5 (1) (a) agus achomhairc faoi alt 11 a dhéanamh chuig an mBinse, na hiarratais agus na hachomhairc sin a chinneadh (lena n-áirítear forálacha go bhféadfar iad a chinneadh, gan dul in árach ar éisteacht ó bhéal) agus na cinntí a chur in iúl;

(b) an nós imeachta le hiarratais a dhéanamh chuig údarás tithíochta faoi alt 5 (1) (b), na hiarratais sin a chinneadh (lena n-áirítear forálacha go bhféadfar iad a chinneadh gan dul in árach ar éisteacht ó bhéal) agus na cinntí a chur in iúl;

(c) cruinnithe an Bhinse agus an nós imeachta ag na cruinnithe sin, lena n-áirítear forálacha go bhféadfaidh an Binse gníomhú trí vótálacha agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh sé sin a dhéanamh;

(d) muirearú agus íoc táillí i leith iarratais chuig an mBinse agus chuig údaráis tithíochta;

(e) an t-iarratasóir nó an t-achomharcóir, de réir mar a bheidh, do sholáthar aon fhaisnéis shonraithe a bhaineann leis an iarratas nó leis an achomharc don Bhinse nó d'oifigeach cíosa agus an t-iarratasóir nó an t-achomharcóir do thabhairt fianaise ar aird chun aon sonraí nó aon fhaisnéis a bheidh tugtha aige a fhíorú;

(f) údarás tithíochta d'fhostú sainchomhairleoirí agus comhairleoirí chun cabhrú le hoifigeach cíosa, nó an Binse dá bhfostú;

(g) aon aighneachtaí scríofa chuig an mBinse nó chuig oifigeach cíosa, de réir mar a bheidh, a chur ar fáil don tiarna talún agus don tionónta i gceist;

(h) oifigeach cíosa do sholáthar doiciméad nó ábhar eile don Bhinse i ndáil le hachomharc in aghaidh chinneadh dá chuid;

(i) na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Binse nó oifigeach cíosa a dhearbhú go measfar an t-iarratas nó an t-achomharc, de réir mar a bheidh, a bheith tréigthe;

(j) i gcás iarratas nó achomharc a bheith á mhoilliú gan ghá, dar leis an mBinse nó oifigeach cíosa, de réir mar a bheidh, na himthosca agus na coinníollacha faoina bhféadfar an t-iarratas nó an t-achomharc a chinneadh nó faoina bhféadfar a mheas é a bheith tréigthe;

(k) an Binse do dhámhadh costas agus caiteachas agus an céanna a íoc;

(l) an Binse do thabhairt tuarascáil bhliantúil don Aire;

(m) an Binse nó údarás tithíochta do sholáthar faisnéise ó am go ham don Aire i dtaobh chomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo agus an fhaisnéis sin a sholáthar aon uair a iarrfaidh an tAire í;

(n) cúrsaí airgeadais an Bhinse a rialáil agus a chuntais a choimeád agus a iniúchadh;

(o) nithe atá cumhalda nó teagmhasach le haon ní de na nithe sin roimhe seo.

(3) Is le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí amháin a dhéanfar rialacháin a bhaineann leis na nithe a shonraítear i bhfo-alt (1) (a).

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le táillí is iníoctha de bhua an Achta seo.

Faisnéis bhréagach.

16. —(1) Aon duine a thabharfaidh aon fhaisnéis, ó bhéal nó i scríbhinn, is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach, i ndáil le hiarratas chuig an mBinse nó údarás tithíochta faoi alt 5 (1) nó le hachomharc chuig an mBinse faoi alt 11, tráth a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an mBinse nó ag oifigeach cíosa ar théarmaí tionóntachta nó tráth a bheidh an t-achomharc sin á éisteacht, beidh an duine sin ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(2) I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoin alt seo a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bheidh ag gníomhú amhlaidh, cibé acu é, ciontach sa chion sin.

Ceart dul isteach agus teaghaisí a iniúchadh.

17. —(1) D'fhonn iarratas nó achomharc faoin Acht seo a chinneadh, féadfaidh comhalta den Bhinse, oifigeach cíosa nó duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBinse nó ag údarás tithíochta dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh, gach tráth réasúnach, ar theaghais a mbeidh iarratas faoi alt 5 (1) nó achomharc faoi alt 11 déanta ina leith.

(2) Aon duine a choiscfidh comhalta den Bhinse, oifigeach cíosa nó duine atá údaraithe faoi fho-alt (1) ó dhul isteach nó ó iniúchadh a dhéanamh faoin bhfo-alt sin, beidh sé ciontach i gcion faoi alt 27 d'Acht 1982.

Feidhm alt 4 d'Acht 1982.

18. —Beidh feidhm ag alt 4 d'Acht 1982 maidir le fógraí agus éilimh faoin Acht seo nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

19. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Deontais d'údaráis tithíochta.

20. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt d'údarás tithíochta, gach bliain airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, faoi chomhair na gcaiteachas faoina rachaidh an t-údarás go réasúnta agus de riachtanas i bhfeidhmiú a ndualgas faoin Acht seo ag an údarás agus ag oifigigh chíosa de chuid an údaráis.

Caiteachas.

21. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

22. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos) (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982 agus 1983, a ghairm d'Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982 , agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire, le hordú nó le horduithe, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982

1982, Uimh. 6

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1955

1955, Uimh. 9

Public Offices Fees Act, 1879

1879, c.58