25 1983


Uimhir 25 de 1983


AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 80 DEN ACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976 [18 Iúil, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 80 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976 .

1. —(1) In alt 80 den Acht Cumann Foirgníochta, 1976 , ní fholaíonn “morgáiste tosaíochta” agus measfar nár fholaigh sé riamh, d'ainneoin alt 2 den Acht sin—

(a) muirear ar thalamh á urrú go n-íocfar an t-iomlán nó cuid de chíos coinbhinsiúin, de chíos feofheirme nó de choróinchíos, nó

(b) muirear ar thalamh atá ar teachtadh faoi léas nó faoi dheontas feofheirme á urrú go n-íocfar airgead a thiocfaidh chun bheith iníoctha as an talamh i gcás ina sárófar nó nach gcomhlíonfar nó nach n-urramófar cúnant nó coinníoll sa léas nó sa deontas feofheirme, de réir mar a bheidh, nó i sannadh nó i dtíolacadh éigin eile ar an iomlán nó ar chuid de leas an léasaí faoin léas nó de leas an deontaí faoin deontas feofheirme, de réir mar a bheidh.

(2) San alt seo—

tá le “cíos coinbhinsiúin” an bhrí a shanntar dó le Reacht na dTréimhsí, 1957 ;

ciallaíonn “coróin-chíos” aon íocaíocht thréimhsiúil a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, inbhailithe faoi na Crown Lands Acts, 1829 go 1913, arb é a bhí inti—

(a) coróin-chíos,

(b) cíos cúiteach,

(c) cíos iomalairte,

(d) aon mhuirear cíosa eile;

ciallaíonn “cíos feofheirme” cíos is iníoctha faoi dheontas feofheirme cibé acu a bhunaíonn nó nach mbunaíonn an deontas feofheirme comhbhainteachas tiarna talún agus tionónta.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1983 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983, a ghairm de na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 agus 1980, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cumann Foirgníochta, 1976

1976, Uimh. 38

Na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 agus 1980

Crown Lands Acts, 1829 go 1913

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6