35 1983


Uimhir 35 de 1983


AN tACHT CHUN ONNMHAIRÍ A RIALÚ, 1983

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ONNMHAIRIÚ EAR-RAÍ SEACHAS TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA AGUS IAS-CAIGH A RIALÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [13 Nollaig, 1983]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

folaíonn “onnmhairiú” onnmhairiú earraí a tugadh isteach sa Stát lena dtrasloingsiú, cibé acu faoi bhanna nó ar shlí eile é;

ní fholaíonn “earraí” táirge talmhaíochta ná táirge iascaigh mar a mhínítear iad sin, i ngach cás, in alt 1 den Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna eisiúint de bhun alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta.

Toirmeasc ar earraí a onnmhairiú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis, onnmhairiú earraí d'aon tuairisc shonraithe, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais, a thoirmeasc le hordú, faoi réir cibé eisceachtaí, más ann, is oiriúnach leis.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, onnmhairiú earraí d'aon tuairisc shonraithe go dtí ceann scríbe sonraithe, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais, a thoirmeasc le hordú, faoi réir cibé eisceachtaí, más ann, is oiriúnach leis.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo foráil a dhéanamh i dtaobh cibé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá chun a áirithiú go ndéanfar an t-ordú a oibriú agus a chur i bhfeidhm go cuí.

(4) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(5) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Ceadúnais.

3. —(1) Féadfaidh an tAire dá rogha féin ceadúnais a eisiúint nó a dhiúltú.

(2) Féadfaidh an tAire cibé coinníollacha is cuí leis agus a shonróidh sé i gceadúnas a chur ag gabháil leis an gceadúnas.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas a eisíodh faoin alt seo a chúlghairm.

(4) Gach duine a dhéanfaidh, d'fhonn ceadúnas a fháil dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó uiríoll is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

(5) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó trí oiread luach na n-earraí ar i leith a n-onnmhairiú atá an ceadúnas á iarraidh, cibé acu is mó, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(6) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoin alt seo a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh i gcoinne cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis,

agus

(c) mura ndiúltóidh an cosantóir (ar bheith curtha in iúl dó ag an mBreitheamh gurb é a cheart dul ar a thriail roimh ghiúiré) dul ar a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin mír seo, dlífear fíneáil nach mó ná £800, nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur ar an gcosantóir sin.

(7) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt seo ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, an pionós dá bhforáiltear le fo-alt (6) den alt seo a shonrú ann, agus an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) déanfar í a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.

(8) Féadfaidh an tAire cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

(9) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith cion achomair faoin Acht seo a shaothrú laistigh de dhá bhliain ó dháta an chiona.

Cumhachtaí an Aire a aistriú chun Aire eile.

4. —(1) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, na cumhachtaí uile a thugtar don Aire leis an Acht seo a aistriú chun Aire eile agus a dhílsiú dó, sa mhéid go bhfuil feidhm nó baint ag na cumhachtaí sin le haon earraí áirithe a shonraítear san ordú sin.

(2) Aon uair a bheidh cumhachtaí an Aire faoin Acht seo i ndáil le haon earraí áirithe dílsithe de thuras na huaire d'Aire eile den Rialtas de bhua ordú faoin alt seo, féadfaidh an Rialtas, le hordú, na cumhachtaí sin a athaistriú chun an Aire agus a athdhílsiú dó, sa mhéid go bhfuil feidhm nó baint ag na cumhachtaí sin leis na hearraí áirithe sin.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú.

(4) Aon uair a bheidh agus fad a bheidh na cumhachtaí a thugtar don Aire leis an Acht seo, sa mhéid go bhfuil feidhm nó baint acu le haon earraí áirithe, dílsithe d'Aire eile Rialtais de bhua ordú faoin alt seo, ansin, déanfar na tagairtí atá in ailt 2 agus 3 den Acht seo don Aire a fhorléiriú, i ndáil leis na hearraí áirithe sin, mar thagairtí don Aire Rialtais a mbeidh na cumhachtaí sin dílsithe dó amhlaidh.

(5) Ní dhéanfaidh aon aistriú ná athaistriú cumhachtaí faoin alt seo dochar ná difear do bhailíocht, d'oibriú ná do ré feidhme aon ordaithe ná aon ruda a bheidh déanta i bhfeidhmiú na gcumhachtaí sin roimh an aistriú sin nó, de réir mar a bheidh, roimh an athaistriú sin, ag an Aire Rialtais a raibh na cumhachtaí sin dílsithe dó de thuras na huaire, agus forléireofar tagairtí in aon ordú den sórt sin don Aire Rialtais a rinne an t-ordú sin, agus beidh éifeacht leo, mar thagairtí don Aire Rialtais a mbeidh na cumhachtaí sin dílsithe dó de thuras na huaire.

Buanchoimeád Orduithe.

5. —Gach ordú faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige amhail is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh é.

Caiteachais.

6. —Na caiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire Rialtais eile ag cur an Achta seo i ngníomh, íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

7. —Aisghairtear leis seo an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forála Sealadacha), 1956 , agus an tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1982.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar an tAcht chun Onnmhairí a Rialú, 1983 , a ghairm den Acht seo.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947

1947, Uimh. 18

An tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forála Sealadacha), 1956

1956, Uimh. 1

An tAcht um an Acht chun Onnmhaire a Rialú (Forálacha Sealadacha), 1956 (Buanú), 1982

1982, Uimh. 28

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93