5 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 1985


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

5.

Leasú ar alt 73 den Phríomh-Acht (sochar pá-choibhneasa).

6.

Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

7.

Leasú ar Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (Fostaíochtaí).

8.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht (árachas modhnaithe).

9.

Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht (fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde)).

10.

Leasú ar Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (Fostaíochtaí Eiscthe).

11.

Leasú ar alt 135 den Phríomh-Acht (Léiriú, Cuid III, Caibidil 2).

12.

Fíneálacha a mhéadú.

13.

Oifigigh leasa shóisialaigh a cheapadh agus a ndualgais (Cuid III, Caibidil 2).

14.

Gan sochair a dhul thar thuilleamh roimh thionóisc.

15.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

SCEIDEAL A

SCEIDEAL B

SCEIDEAL C


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946

1946, Uimh. 26

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1983

1983, Uimh. 6

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984

1984, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

/images/harp.jpg


Uimhir 5 de 1985


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1984. [28 Márta, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go V den Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1984).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 4ú lá d'Iúil, 1985,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 8ú lá d'Iúil, 1985,

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 11ú lá d'Iúil, 1985, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 12ú lá d'Iúil, 1985.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

3. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1984).

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 3ú lá d'Iúil, 1985,

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 11ú lá d'Iúil, 1985,

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 12ú lá d'Iúil, 1985, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 8ú lá d'Iúil, 1985.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 232B (a bhaineann le teideal chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1984) trí “£100” a chur in ionad “£95” gach áit a bhfuil sé agus trí “£18” a chur in ionad “£15”.

(2) Leasaítear leis seo alt 232C (a bhaineann leis an ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh) den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht 1984) trí “£2.50” a chur i bhfo-alt (2) (b) in ionad “£1.75”.

(3) Baineann an t-alt seo le haon éileamh ar fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh a gheofar an 11ú lá d'Iúil, 1985, nó dá éis.

Leasú ar alt 73 den Phríomh-Acht (sochar páchoibhneasa).

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 73 den Phríomh-Acht trí “£49” a chur in ionad “£43” (a cuireadh isteach le hAcht 1984).

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1985 nó dá éis.

Ranníocaí árachais shóisialaigh páchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 ):

“(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £13,800 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1985.

Leasú ar Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (Fostaíochtaí).

7. —(1) Leasaítear leis seo Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 12:

“13. Fostaíocht mar chathaoirleach, leaschathaoirleach nó gnáthchomhalta den Chúirt Oibreachais arna bunú faoin Acht Caidrimh Thionscail, 1946 .”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht (árachas modhnaithe).

8. —Leasaítear leis seo alt 7 (1) den Phríomh-Acht trí “12 agus 13 (arna chur isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1985 )” a chur in ionad “agus 12” i mír (a).

Leasú ar alt 38 den Phríomh-Acht (fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde)).

9. —Leasaítear leis seo alt 38 (3) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

“(g) fostaíocht a shonraítear i mír 13 (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1985 ) de Chuid I den Chéad Sceideal.”.

Leasú ar Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an b Príomh-Acht (Fostaíochtaí Eiscthe).

10. —(1) Leasaítear leis seo Cuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna 8 agus 9:

“8. Fostaíocht, seachas fostaíocht sna Fórsaí Cosanta, mar liachleachtóir cláraithe nó lia-chleachtóir arna chlárú go sealadach.

9. Fostaíocht, seachas fostaíocht sna Fórsaí Cosanta, mar fhiaclóir cláraithe.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1985.

Leasú ar alt 135 den Phríomh-Acht (Léiriú, Cuid III, Caibidil 2).

11. —Leasaítear leis seo alt 135 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha na Caibidle seo, maidir le haon tréimhse nach faide ná bliain—

(a) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta, nó

(b) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Fiontair, nó

(c) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Sealaíochta, nó

(d) is tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna arna chur ar fáil nó arna cheadú ag an gComhairle Oiliúna, nó

(e) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear Comhobair,

déanfar neamhaird uirthi nuair a bheifear, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ag áireamh aon dá thréimhse leanúnacha dífhostaíochta nach bhfuil tréimhse is mó ná 20 seachtain eatarthu mar thréimhse leanúnach dífhostaíochta amháin.”.

Fíneálacha a mhéadú.

12. —Maidir le duine a chiontófar i gcion dá bhforáiltear fíneáil in aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear i gcolún (2) de Sceideal C a ghabhann leis an Acht seo—

(a) i gcas é a chiontú go hachomair, in ionad na fíneála dá bhforáiltear in aon alt den sórt sin agus a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, dlífear an fhíneáil a shonraítear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air, nó

(b) i gcas é a chiontú ar díotáil, in ionad na fíneála dá bhforáiltear in aon alt den sórt sin agus a shonraítear i gcolún (5) den Sceideal sin, dlífear an fhíneáil a shonraítear i gcolún (6) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a chur air,

agus forléireofar aon alt den sórt sin agus beidh éifeacht leis dá réir.

Oifigigh leasa shóisialaigh a cheapadh agus a ndualgais (Cuid III, Caibidil 2).

13. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 143:

“Oifigigh leasa shóisialaigh a cheapadh agus a ndualgais.

143A.—(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú Aire na Seirbhíse Poiblí, cibé daoine agus cibé líon daoine is iomchuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh leasa shóisialaigh chun críche na Caibidle seo.

(2) Déanfaidh gach oifigeach den sórt sin imscrúdú ar aon iarratas ar dheimhniú cáilíochta nó ina leith agus ar aon cheist a éireoidh as deimhniú cáilíochta den sórt sin nó maidir leis nó maidir le cúnamh dífhostaíochta a tharchuirfidh an tAire chuige agus tabharfaidh sé tuarascáil don Aire i dtaobh an chéanna agus féadfaidh sé, chun críche an imscrúdaithe agus na tuarascála sin, a cheangal ar iarratasóir ar dheimhniú cáilíochta nó ar shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta nó ar chéile an iarratasóra nó an tsealbhóra nó ar aon fhostóir de chuid an iarratasóra nó an tsealbhóra cibé faisnéis a thabhairt dó agus cibé doiciméid a thabhairt ar aird dó a éileoidh sé go réasúnach.

(3) Beidh cumhacht ag oifigeach leasa shóisialaigh, chun críocha na Caibidle seo, aon ní nó gach ní de na nithe seo a leanas a dhéanamh:—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit a dhlífear a iniúchadh faoin alt seo,

(b) cibé scrúdú agus fiosrúchán a dhéanamh is gá chun críocha na Caibidle seo,

(c) scrúdú a dhéanamh ina aonar nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis, maidir le haon ní a n-éileoidh sé go réasúnach faisnéis ina thaobh chun críocha na Caibidle seo, ar gach duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh nó áit den sórt sin agus a cheangal ar gach duine den sórt sin dearbhú a shíniú maidir le fírinne na nithe ar cuireadh scrúdú air ina dtaobh.

(4) Déanfaidh áititheoir aon áitribh nó áite a dhlífear a iniúchadh faoin alt seo, agus aon duine eile a fhostaíonn nó a d'fhostaigh aon iarratasóir nó sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta, agus seirbhísigh agus gníomhairí aon áititheora nó duine eile den sórt sin agus aon iarratasóir nó sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta cibé faisnéis a thabhairt d'oifigeach leasa shóisialaigh agus cibé cláir, cártaí, leatháin phá, taifid ar phá agus doiciméid eile a thabhairt ar aird lena n-iniúchadh a éileoidh an t-oifigeach leasa shóisialaigh go réasúnach chun críocha na Caibidle seo.

(5) Más rud é maidir le duine—

(a) go moilleoidh nó go mbacfaidh sé go toiliúil oifigeach leasa shóisialaigh le linn dó aon dualgas nó cumhacht faoin alt seo a fheidhmiú, nó

(b) go ndiúltóidh nó go mainneoidh sé aon cheist a fhreagairt nó aon fhaisnéis a thabhairt nó aon doiciméad a thabhairt ar aird nuair a éilítear air é sin a dhéanamh faoin alt seo, nó

(c) go ndéanfaidh sé duine a cheilt nó a chose nó go bhféachfaidh sé le duine a cheilt nó a chose ó láithriú os comhair oifigeach leasa shóisialaigh arna cheapadh faoin alt seo nó ó bheith iniúchta aige,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air,

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £3,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air,

ach ní cheanglófar ar aon duine faoin alt seo aon cheist a fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a d'ionchoirfeadh é.

(6) Tabharfar deimhniú dá cheapachán do gach oifigeach leasa shóisialaigh agus nuair a bheidh sé ag iarraidh cead isteach chuig aon áitreabh nó áit chun críocha an ailt seo, tabharfaidh sé an deimhniú sin ar aird, má iarrtar sin air.

(7) Is iad na háitribh nó na háiteanna a dhlífear a iniúchadh faoin alt seo aon áiteanna nó áitribh a mbeidh cúis réasúnach ag oifigeach leasa shóisialaigh a chreidiúint go bhfuil nó go raibh daoine ar fostú iontu agus aon áitreabh nó áit a mbeidh cúis réasúnach ag oifigeach leasa shóisialaigh a chreidiúint go gcoinnítear aon doiciméid iontu a bhaineann le daoine i bhfostaíocht.”.

Gan sochair a dhul thar thuilleamh roimh thionóisc.

14. —Leasaítear leis seo alt 56 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo maidir le cibé aicme nó aicmí d'oibrithe deonacha a bheidh forordaithe.”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

15. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1985, a ghairm díobh le chéile.

SCEIDEAL A

Alt 2.

“An Dara Sceideal

Na Rátaí Sochar

CUID I

Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

An ráta seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith an chéad linbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an tríú, an ceathrú agus an cúigiú leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar chúigear (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2), nó 103 (2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(4a)

(5)

(5a)

(6)

(7)

£

£

£

£

£

£

£

£

1. (A) Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta:

(a) i gcás daoine os cionn 18 mbliana d'aois

(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith

fearchéile

...

39.50

25.60

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

(ii) aon bhean phósta eile

34.70

--

--

--

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois—

(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí

aosaithe

...

...

39.50

25.60

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an

duine

...

...

34.70

--

--

--

--

--

--

--

(B) Rátaí laghdaithe Sochair Dhífhostaíochta:

(a) duine a bhfuil teideal aige chun méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil teideal aige chun méadú i leith cleithiúnaí aosaithe

33.15

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

(b) aon duine eile

...

...

32.75

23.65

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

2. Liúntas Máithreachais

...

39.50

--

--

--

--

--

--

--

3. Sochar Díobhála:

(a) i gcás daoine os cionn 18 mbliana d'aois—

(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith

fearchéile

...

54.35

25.60

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

(ii) aon bhean phósta eile

43.00

--

--

--

--

--

--

--

(b) i gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois—

(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí

aosaithe

...

...

54.35

25.60

9.40

10.50

8.70

6.95

--

--

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an

duine

...

...

43.00

--

--

--

--

--

--

--

4. Sochar Báis:

(a) pinsean is iníoctha le baintreach (alt 50 (2)) nó le baintreach fir (alt 50 (6))—

(i) faoi bhun 66 bliana

d'aois

...

...

58.65

--

12.40

13.65

13.65

11.75

--

--

(ii) os cionn 66 bliana

d'aois

...

...

59.90

--

12.75

13.80

13.80

12.05

24.60

3.40

(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina dhuine pósta agus go bhfuil an tuismitheoir—

(i) faoi bhun 66 bliana

d'aois

...

...

26.15

--

--

--

--

--

--

--

(ii) os cionn 66 bliana

d'aois

...

...

26.70

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(c) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina bhaintreach fir, ina bhaintreach nó ina dhuine singil—

(i) i gcás inarb é an tuismitheoir an t-athair agus go raibh sé ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus gur dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan agus go bhfuil sé—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

58.65

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

59.90

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(ii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair, agus í, ar bhás an éagaigh, ina baintreach nó gur tháinig sí chun bheith ina baintreach ina dhiaidh sin agus go bhfuil sí—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

58.65

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

59.90

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(iii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus gan í bheith ina baintreach, agus nach bhfuil pinsean de réir ráta atá leagtha amach ag (i) thuas iníoctha lena fearchéile agus go bhfuil sí—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

58.65

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

59.90

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(iv) in aon chás eile má tá an tuismitheoir—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

26.15

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

26.70

--

--

--

--

--

24.60

3.40

(d) pinsean is iníoctha le

dílleachta

...

...

30.90

--

--

--

--

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir:

(a) i gcás daoine faoi bhun 80

bliain d'aois

...

...

51.40

32.80

10.60

11.70

9.75

8.00

24.60

3.40

(b) in aon chás eile

...

...

54.90

32.80

10.60

11.70

9.75

8.00

24.60

3.40

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe

aige

...

...

--

5.55

--

--

--

--

--

--

6. Pinsean Easláine:

(a) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh, nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile, má tá an duine—

(i) faoi bhun 66 bliana

d'aois

...

...

45.30

29.40

10.45

11.50

9.55

7.75

24.60

--

(ii) os cionn 66 bliana

d'aois

...

...

46.20

30.00

10.60

11.70

9.75

8.00

24.60

3.40

(b) aon bhean phósta eile—

(i) faoi bhun 66 bliana

d'aois

...

...

39.90

--

--

--

--

--

24.60

--

(ii) os cionn 66 bliana

d'aois

...

...

40.60

--

--

--

--

--

24.60

3.40

7. Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe i gcás daoine:

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

46.25

--

12.40

13.65

13.65

11.75

--

--

(b) idir 66 bliana agus 80 bliain

d'aois

...

...

47.20

--

12.75

13.80

13.80

12.05

24.60

3.40

(c) os cionn 80 bliain d'aois

50.35

--

12.75

13.80

13.80

12.05

24.60

3.40

8. Liúntas Dílleachta

(Ranníocach)

...

...

...

29.25

--

--

--

--

--

--

--

CUID II

Sochair Dhíobhálácha Ceirde—Aiscí agus Deontas

£

1. Sochar Míthreorach:

Aisce Uasta i gcás daoine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,200

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,280

2. Sochar Báis:

(i) Aisce baintrí fir i gcás daoine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

3,060

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

3,120

(ii) Deontas i leith costas sochraide

...

...

...

220

CUID III

Pinsean Míthreorach

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil (daoine os cionn 18 mbliana d'aois)

An ráta seachtainiúil (daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois agus mná pósta áirithe)

(1)

(2)

(3)

Daoine faoi bhun 66 bliana d'aois

Daoine os cionn 66 bliana d'aois

Daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois agus mná pósta áirithe faoi bhun 66 bliana d'aois

Mná pósta áirithe os cionn 66 bliana d'aois

£

£

£

£

100 faoin gcéad

60.50

61.80

47.90

48.90

90     ,,       ,,

54.45

55.62

43.11

44.01

80     ,,       ,,

48.40

49.44

38.32

39.12

70     ,,       ,,

42.35

43.26

33.53

34.23

60     ,,       ,,

36.30

37.08

28.74

29.34

50     ,,       ,,

30.25

30.90

23.95

24.45

40     ,,       ,,

24.20

24.72

19.16

19.56

30     ,,       ,,

18.15

18.54

14.37

14.67

20     ,,       ,,

12.10

12.36

9.58

9.78

CUID IV

Méaduithe ar Phinsean Míthreorach

£

1. Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre:

(a) i gcás daoine os cionn 18 mbliana d'aois—

(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile, má tá an duine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

39.50

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

40.30

(ii) aon bhean phósta eile—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

34.70

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

35.45

(b) i gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois—

(i) i gcás an duine a bheith i dteideal méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe

39.50

(ii) mura bhfuil teideal den sórt sin ag an duine

...

...

34.70

2. Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón tairbhí:

(a) teorainn an mhéadaithe ach amhain i gcásanna míthreorach fíor-dhona, má tá an duine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

24.20

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

24.60

(b) teorainn in aon chás má tá an duine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

48.40

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

49.20

CUID V

Rátaí Laghdaithe Sochair Díobhála agus Pinsin Míthreorach

£

(a) I gcás daoine os cionn 18 mbliana d'aois—

(i) fear, bean shingil nó baintreach, bean phósta a chónaíonn ar leithligh óna fearchéile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid a fháil uaidh nó bean phósta a bhfuil teideal aici chun méadú i leith linbh cháilithe nó leanaí cáilithe nó i leith fearchéile, má tá an duine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

12.10

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

12.36

(ii) aon bhean phósta eile—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

9.58

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

9.78

(b) I gcás daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois—

(i) má tá teideal ag an duine chun méadú i leith linbh cháilithe nó i leith cleithiúnaí aosaithe nó, i gcás pinsean míthreorach a bheith iníoctha, dá mbeadh an teideal sin aige i gcás sochar díobhála seachas pinsean míthreorach a bheith iníoctha

12.10

(ii) mura bhfuil, nó mura mbeadh, an teideal sin ag an duine

9.58

SCEIDEAL B

Alt 3.

“An Ceathrú Sceideal

Na Rátaí Cúnaimh

CUID I

Rátaí an Chúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál cúnaimh. pinsin nó liúntais

An ráta nó an méid seachtainiúil

 

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith an chéad linbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an tríú, an ceathrú agus an cúigiú leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar chúigear (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162(1)(a), 179(a), 195(2), 196(2) nó 197(2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(4a)

(5)

(5a)

(6)

(7)

(8)

£

£

£

£

£

£

£

£

£

1. Cúnamh Dífhostaíochta:

A. Daoine seachas iad sin ag B:

(1) i gcás daoine seachas iad sin ag (3) a bhí, le linn aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta arna forléiriú de réir alt 135 (2), ag fáil sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta ar feadh tréimhse nach lú ná 390 lá:

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

34.95

25.20

8.70

9.90

7.70

6.20

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

33.80

24.55

8.70

9.90

7.70

6.20

--

--

--

(2) i gcás daoine seachas iad sin ag (1) nó ag (3)

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

32.75

23.65

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

31.75

23.05

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

(3) i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantiúil ó thalamh a ríomh de réir mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147 (1)—

(a) i gcás nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

21.90

15.75

5.40

6.25

4.80

3.85

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

21.20

15.40

5.40

6.25

4.80

3.85

--

--

--

(b) i gcás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

18.55

13.20

4.25

5.15

4.15

3.30

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

17.80

13.05

4.25

5.15

4.15

3.30

--

--

--

(c) i gcás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

15.50

11.05

3.50

4.40

3.50

2.80

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

15.00

10.90

3.50

4.40

3.50

2.80

--

--

--

B. Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó acu—

(1) i gcás daoine seachas iad sin ag (3) a bhí, le linn aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta, arna forléiriú de réir alt 135 (2), ag fáil sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta ar feadh tréimhse nach lú ná 390 lá:

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar

uirbeach

...

35.25

--

8.70

9.90

7.70

6.20

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

34.30

--

8.70

9.90

7.70

6.20

--

--

--

(2) i gcás daoine seachas iad sin ag (1) nó ag (3):

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar

uirbeach

...

33.15

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

32.20

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

(3) i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147 (1):

(a) i gcás ar mó ná £10 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

22.15

--

5.40

6.25

4.80

3.85

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

21.50

--

5.40

6.25

4.80

3.85

--

--

--

(b) i gcás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

18.80

--

4.25

5.15

4.15

3.30

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

18.05

--

4.25

5.15

4.15

3.30

--

--

--

(c) i gcás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

15.80

--

3.50

4.40

3.50

2.80

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

15.20

--

3.50

4.40

3.50

2.80

--

--

--

2. Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall

44.00

--

9.30

10.50

8.15

6.50

24.60

3.40

3.20

...

3. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh i leith daoine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

43.15

--

11.25

12.35

12.35

10.60

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

44.00

--

11.50

12.65

12.65

10.80

24.60

3.40

3.20

4. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)

24.50

--

--

--

--

--

--

--

--

5. Liúntas do Bhean

Shingil

...

37.65

--

--

--

--

--

--

--

--

6. Liúntas Leasa Forlíontach:

(a) Daoine seachas iad sin ag (b)...

31.75

23.05

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

(b) Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó acu     ...

32.20

--

8.15

9.30

7.25

5.80

--

--

--

CUID III

An Méadú ar Phinsean Seanaoise i Leith Céile

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an

phinsinéara gan bheith níos mó ná £6

...

...

...

22.10

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8

...

...

21.10

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10

...

...

20.10

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12

...

...

19.10

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14

...

...

18.10

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16

...

...

17.10

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18

...

...

16.10

níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20

...

...

15.10

níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22

...

...

14.10

níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24

...

...

13.10

níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26

...

...

12.10

níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28

...

...

11.10

níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30

...

...

10.10

níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32

...

...

9.10

níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34

...

...

8.10

níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36

...

...

7.10

níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38

...

...

6.10

níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40

...

...

5.10

níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42

...

...

4.10

níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44

...

...

3.10

níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46

...

...

2.10

níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48

...

...

1.10

níos mó ná £48

...

...

...

...

...

Neamhní

SCEIDEAL C

Méadú ar Fhíneálacha

Alt 12.

Uimhir Thagartha

Alt den Phríomh-Acht

Fíneáil ar dhuine a chiontú go hachomair

Fíneáil mhéadaithe ar dhuine a chiontú go hachomair

Fíneáil ar dhuine a chiontú ar díotáil

Fíneáil mhéadaithe ar dhuine a chiontú ar díotáil

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

1.

115 (1),

115 (2),

115 (3)

£500

£1,000

£2,000

£3,000

2.

144 (1),

144 (2)

£500

£1,000

£2,000

£3,000

3.

144 (4)

£500

£1,000

--

--

4.

169 (1)

£500

£1,000

£2,000

£3,000

5.

169 (4)

£500

£1,000

--

--

6.

174 (2)

£500

£1,000

£2,000

£3,000

7.

185 (3)

£5

£500

--

--

8.

188 (1)

£500

£1,000

£2,000

£3,000

9.

188 (7)

£500

£1,000

--

--

10.

231 (1)

£500

£1,000

£2,000

£3,000

11.

231 (6)

£500

£1,000

--

--

12.

294

£500

£1,000

£2,000

£3,000