11 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 1986


AN tACHT UM CHARTLANN NÁISIÚNTA, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Cairteanna agus taifid Roinne.

3.

Cartlann Náisiúnta a bhunú.

4.

Feidhmeanna Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.

5.

Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.

6.

Foireann na Cartlainne Náisiúnta.

7.

Taifid Roinne a choimeád agus a dhiúscairt.

8.

Taifid Roinne atá níos sine ná 30 bliain a aistriú.

9.

An Stiúrthóir do dhiúscairt cairteanna.

10.

Ceart chun cairteanna a iniúchadh.

11.

Ceart ordú a thabhairt taifid áirithe a chur ar fáil don phobal lena n-iniúchadh.

12.

Barántúlacht na dtaifead tar éis a n-aistrithe go dtí an Chartlann Náisiúnta.

13.

Taifid áirithe a bheith ina dtaifid Roinne, etc.

14.

Taifid Roinne áirithe a thaisceadh.

15.

Doiciméid phríobháideacha a aisghabháil.

16.

Séala na Cartlainne Náisiúnta.

17.

Cóipcheart agus atáirgeadh cairteanna.

18.

Cairteanna a aistriú, etc.

19.

Rialacháin, etc.

20.

An Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta.

21.

Tuarascálacha bliantúla.

22.

Forléiriú ar thagairtí áirithe.

23.

Aisghairmeacha, etc.

24.

Cosaint ar thaifid áirithe a thugtar ar iasacht, etc.

25.

Caiteachais.

26.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972

Irish Church Act Amendment Act, 1881

1881, c. 71

Parochial Records Act, 1876

1876, c. 58

Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980

Public Records (Ireland) Act, 1867

1867, c. 70

Public Records (Ireland) Act, 1867, Amendment Act, 1875

1875, c. 59

Na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 1986


AN tACHT UM CHARTLANN NÁISIÚNTA, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN CHARTLANN NÁIS-IÚNTA AGUS I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA EILE. [18 Bealtaine, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “cairteanna” an bhrí a shanntar dó le halt 2;

ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta a bhunaítear faoi alt 20;

tá le “taifid Roinne” an bhrí a shanntar dó le halt 2;

tá le “an Stiúrthóir” an bhrí a shanntar dó le halt 5;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn an tagairt do chomhlíonadh feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhall dualgas;

ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlacht—

(a)  is comhairle contae,

(b)  is bardas contaebhuirge,

(c)  is bardas buirge seachas contaebhuirg,

(d)  is comhairle cheantair uirbigh,

(e)  is coimisinéirí baile, nó

(f)  is comhbhord nó comhchoiste arna bhunú le reacht nó faoi reacht chun feidhmeanna a chur i gcrích a bhaineann le dhá chomhlacht nó níos mó de na comhlachtaí dá dtagraítear i míreanna (a), (b), (c), (d) nó (e);

ciallaíonn “an Chartlann Náisiúnta” an comhlacht a bhunaítear le halt 3;

ciallaíonn “eagraíocht seirbhíse poiblí” údarás áitiúil, bord sláinte, nó comhlacht arna bhunú le reacht nó faoi reacht agus arna mhaoiniú go hiomlán nó go páirteach le deontais nó iasachtaí arna dtabhairt ag comhalta den Rialtas nó le heisiúint scaireanna arna dtógáil ag comhalta den Rialtas.

(2) (a)  San fho-alt seo, ciallaíonn “comhlacht sceidealta” comhlacht, foras, oifig, coimisiún nó coiste dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(b)  San Acht seo (seachas i mír (c)), folaíonn tagairtí do Roinn Stáit, más iomchuí, tagairtí do chúirt agus folaíonn siad freisin tagairtí do chomhlacht sceidealta, agus forléireofar an míniú ar “taifid Roinne” in alt 2 (2) dá réir sin.

(c)  San Acht seo, ach amháin i bhfo-alt (1) agus in alt 2, forléireofar aon tagairt do chomhalta den Rialtas, de réir mar is iomchuí,—

(i) i ndáil le hOifig Rúnaí an Uachtaráin, le hOifig an Ard-Aighne, le hOifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nó le hOifig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí, mar thagairt don Uachtarán, don Ard-Aighne, don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nó do Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí,

(ii) i ndáil le cúirt, mar thagairt don Aire Dlí agus Cirt, agus

(iii) i ndáil le Roinn Stáit nó comhlacht sceidealta (seachas oifig a shonraítear i bhfomhír (i) den mhír seo), mar thagairt don chomhalta den Rialtas a bheidh freagrach as an Roinn nó as an gcomhlacht sceidealta sin.

(d)  Féadfaidh an Taoiseach, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir agus leis an gComhairle, an Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú.

(e)  I gcás go mbeartaítear ordú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go ndéanfaidh gach Teach díobh sin rún a rith ag ceadú an dréachta.

(3) Déanfar tagairt san Acht seo d'oifigeach do Roinn Stáit a bheidh údaraithe chun críche ailt áirithe nó chun críche áirithe a fhorléiriú mar thagairt d'oifigeach don Roinn sin a bhaineann le cibé aicme, grád nó céim a shonraítear i rialacháin arna ndéanamh ag an Taoiseach.

(4) San Acht seo aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(5) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Cairteanna agus taifid Roinne.

2. —(1) Chun críocha an Achta seo folaíonn “cairteanna”—

(a)  cibé taifid agus doiciméid (agus cóipeanna díobh) atá, tráth thosach feidhme an Achta seo, á gcoimeád in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn nó in Oifig na Stát-Pháipéar,

(b)  taifid Roinne a aistrítear chuig an gCartlann Náisiúnta faoin Acht seo agus lena nglacann sí lena gcaomhnú,

(c)  taifid nó doiciméid eile (agus cóipeanna díobh) a fhaigheann an Chartlann Náisiúnta go buan nó ar iasacht ó eagraíochtaí seirbhíse poiblí, ó fhorais nó ó dhaoine príobháideacha,

(d)  gach taifead poiblí atá á choimeád tráth thosach feidhme an ailt seo in áit eile seachas in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn faoi Acht a aisghairtear leis an Acht seo.

(2) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “taifid Roinne” aon cheann díobh seo a leanas—

leabhair

léarscáileanna,

pleananna,

líníochtaí,

páipéir,

comhaid,

grianghraif,

scannáin,

micreascannáin agus taifid mhicreagrafacha eile,

taifeadtaí fuaime,

taifid phictiúrtha,

téipeanna maighnéadacha,

dioscaí maighnéadacha,

dioscaí optúla nó fís-dioscaí,

taifid eile inléite ar innill,

ábhar doiciméadach nó ábhar próiseáilte eile,

a dhéanann nó a fhaigheann Roinn Stáit de réir bhrí alt 1 (2) agus a choimeádann an Roinn Stáit sin i gcúrsa a gnó nó a dhéanann nó a fhaigheann aon chomhlacht agus a choimeádann aon chomhlacht ar coiste, coimisiún nó binse fiosrúcháin é a cheapfaidh an Rialtas, comhalta den Rialtas nó an tArd-Aighne ó am go ham, agus áirítear orthu cóipeanna d'aon taifid den sórt sin a dhéantar go cuí ach ní áirítear orthu—

(i) deontais, gníomhais, nó ionstraimí teidil eile a bhaineann le maoin atá dílsithe de thuras na huaire don Stát, agus

(ii) aon chuid de bhailiúchán buan leabharlainne, músaeim nó gailearaí.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo Roinn Stáit a chosc ó chóip a choinneáil d'aon taifead a aistrítear faoin Acht seo chuig an gCartlann Náisiúnta.

Cartlann Náisiúnta a bhunú.

3. —Ó thráth thosach feidhme an ailt seo comhlíonfaidh an Stiúrthóir ar chomhlacht ar a dtabharfar an Chartlann Náisiúnta, a bheidh arna bhunú ón tráth thosach feidhme sin agus dá dtagraítear faoin teideal sin san Acht seo, feidhmeanna Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn (lena n-áirítear na feidhmeanna a shanntar do Leas-Choimeádaí na dTaifead leis an Public Records (Ireland) Act, 1867) agus feidhmeanna na hoifige ar a dtugtar Oifig na Stát-Pháipéar.

Feidhmeanna Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.

4. —(1) I dteannta na bhfeidhmeanna dá dtagraítear in alt 3, áireofar ar fheidhmeanna an Stiúrthóra—

(a)  rialú agus bainistí na Cartlainne Náisiúnta,

(b)  caomhnú, athchóiriú, eagrú agus tuairisciú cairteanna atá faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta,

(c)  taifid Roinne a scrúdú agus a fháil de réir an Achta seo,

(d)  iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh ar shocruithe i ndáil le caomhnú taifead Roinne agus taifid Roinne a scrúdú le toiliú an chomhalta iomchuí den Rialtas nó ar iarraidh uaidh,

(e)  comhairle a thabhairt do chomhalta den Rialtas agus d'aon eagraíocht seirbhíse poiblí maidir le haon taifid faoina rialú a bhainistí, a chaomhnú agus a atáirgeadh,

(f)  aon taifead nó doiciméad nó cóip de thaifead nó de dhoiciméad a bheidh oiriúnach le caomhnú ag an gCartlann Náisiúnta a fháil trí cheannach, mar bhronntanas, mar thiomnacht nó ar iasacht agus cibé coinníollacha (más ann) a bhaineann le ceannach, bronntanas, tiomnacht nó iasacht den sórt sin lena nglacfaidh an Stiúrthóir a urramú,

(g)  eolaithe, liostaí, innéacsaí agus áiseanna fála eile le haghaidh cairteanna atá faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta a ullmhú agus a chur ar fáil,

(h)  an Stiúrthóir do thabhairt cairteanna ar iasacht, le toiliú na Comhairle, d'fhorais cairteanna nó d'fhorais oideachasúla, do leabharlanna, músaeim, gailearaithe, agus d'fhorais agus cumainn iomchuí eile, cibé acu sa Stát nó in áit eile,

(i)  cóipeanna agus sleachta as cairteanna atá faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta a dhéanamh agus a sholáthar,

(j)  cairteanna atá faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta a chur ar fáil le haghaidh iniúchadh poiblí de réir an Achta seo,

(k)  cairteanna, áiseanna fála agus ábhar eile a bhaineann le cairteanna atá faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta a fhoilsiú,

(l)  cibé seirbhísí oideachasúla a chur ar fáil a cheadóidh an Taoiseach ó am go ham,

(m) cibé feidhmeanna i ndáil le bainistí taifead a cheadóidh an Taoiseach ó am go ham.

(2)  Féadfaidh an Taoiseach ó am go ham cibé feidhmeanna eile a shannadh don Stiúrthóir a bheidh ar aon dul nó i gcomhréir leis na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (1) agus le haon fheidhmeanna breise a thugtar faoi fho-alt (3).

(3) (a)  Féadfaidh an Rialtas le hordú feidhmeanna breise a thabhairt don Stiúrthóir agus féadfaidh sé le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(b)  Gach ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá dá éis sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

(4) I gcás oifig an Stiúrthóra a bheith folamh nó an Stiúrthóir a bheith éagumasach nó as láthair, féadfaidh an Taoiseach a údarú d'oifigeach de chuid na Cartlainne Náisiúnta aon cheann nó gach ceann de na feidhmeanna a thugtar don Stiúrthóir faoin Acht seo a chomhlíonadh.

Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta.

5. —(1) Féadfaidh an Taoiseach ó am go ham duine a cheapadh chun bheith ina Stiúrthóir ar an gCartlann Náisiúnta, agus gairtear “an Stiúrthóir” den duine sin san Acht seo.

(2) Déanfaidh an Stiúrthóir na feidhmeanna a shanntar dó faoin Acht seo agus cibé feidhmeanna eile nó feidhmeanna breise i ndáil leis an gCartlann Náisiúnta a shannfar dó ó am go ham de bhua alt 4 (2) nó 4 (3), a chomhall.

(3) Beidh an Stiúrthóir i seilbh oifige ar cibé téarmaí (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an Taoiseach ó am go ham le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Foireann na Cartlainne Náisiúnta.

6. —(1) Féadfaidh an Taoiseach cibé daoine agus, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí ó am go ham, cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh (i dteannta an Stiúrthóra) agus ina seirbhísigh don Chartlann Náisiúnta de réir mar is cuí leis an Taoiseach.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Chartlann Náisiúnta a cheapfar faoin alt seo a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an Taoiseach ó am go ham le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Beidh feidhm maidir leis an Stiúrthóir agus le hoifigigh agus seirbhísigh na Cartlainne Náisiúnta a cheapfar faoin alt seo ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , ag Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, agus ag na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, agus ag aon Acht a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a chuirtear in ionad nó a leasaíonn aon cheann de na hAchtanna sin.

Taifid Roinne a choimeád agus a dhiúscairt.

7. —(1) Faoi réir fhorálacha ailt 19 (3) agus 19 (4), déanfar taifid Roinne, mura n-aistrítear iad go dtí an Chartlann Náisiúnta de réir alt 8 nó mura ndiúscraítear iad faoi fho-alt (5), a choimeád agus a chaomhnú sa Roinn Stáit ina ndearnadh iad nó ina bhfuil siad á gcoimeád agus ní dhiúscrófar iad i gcás ar bith ach amháin de réir fho-alt (5); ar choinníoll, má bhíonn níos mó ná cóip amháin de thaifead den sórt sin ann gur leor an taifead bunaidh nó, mura bhfuil an taifead bunaidh sin ar fáil níos mó, gur leor cóip chruinn agus iomlán de, a choimeád agus a chaomhnú.

(2) Féadfaidh an Stiúrthóir nó oifigeach eile don Chartiann Náisiúnta a bheidh ainmnithe ag an Stiúrthóir chun críocha an ailt seo (dá ngairtear “an t-oifigeach ainmnithe” san alt seo) údarú a dhéanamh faoin alt seo.

(3) Maidir le húdarú faoin alt seo—

(a)  déanfaidh sé diúscairt na dtaifead Roinne lena mbaineann sé a údarú,

(b)  féadfaidh sé coinníollacha a shonrú maidir le diúscairt den sórt sin, agus

(c)  beidh éifeacht leis de réir a chuid téarmaí agus aon choinníollacha a shonraítear amhlaidh.

(4) Ní dhéanfar údarú faoin alt seo go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  go ndeimhneoidh oifigeach do Roinn Stáit a bheidh údaraithe chun críche an ailt seo maidir le taifid Roinne áirithe a rinne an Roinn sin nó a fuair sí nó atá á gcoimeád inti agus a shonraítear sa deimhniú, nó le haicme nó aicmí áirithe de na taifid sin a shonraítear amhlaidh, nach bhfuil siad riachtanach i ndáil le riaradh na Roinne sin agus gur iarr sé an t-údarú sin ar an Stiúrthóir nó ar an oifigeach ainmnithe i scríbhinn;

(b)  go mbeidh an Stiúrthóir nó an t-oifigeach ainmnithe deimhin de nach fiú na taifid nó na haicmí taifead a shonraítear sa deimhniú faoi mhír (a) a chaomhnú sa Chartlann Náisiúnta;

(c)  go dtoileoidh an Príomh-Bhreitheamh, i gcás taifead de chuid na Cúirte Uachtaraí, nó Uachtarán na hArd-Chúirte i gcás taifead de chuid na hArd-Chúirte, leis an údarú a dhéanamh.

(5) Taifid Roinne, a n-údaraítear a ndiúscairt le húdarú faoin alt seo, diúscrófar iad trína milleadh ar mhodh a chinnteoidh nach ndéanfar difear dá rúnmhaireacht agus nach mbeidh a n-ábhar infhionnta.

(6) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, féadfaidh údarú faoin alt seo a bheith bainteach le taifid Roinne (nó le haicme nó aicmí de na taifid sin) nach raibh ann tráth an údaraithe.

(7) Féadfaidh an Stiúrthóir nó an t-oifigeach ainmnithe aon taifid Roinne a iniúchadh agus a scrúdú a bhfuil a ndiúscairt, le húdarú faoin alt seo, faoi bhreithniú.

Taifid Roinne atá níos sine ná 30 bliain a aistriú.

8. —(1) Maidir le taifid Roinne atá níos sine ná 30 bliain agus nach bhfuil deimhniú arna dheonú faoin alt seo i bhfeidhm maidir leo, is í an Roinn Stáit ina ndearnadh iad a aistreoidh iad faoi réir alt 7 (nó, i gcás iad a bheith á gcoimeád i Roinn eile den sórt sin, an Roinn eile sin) go dtí an Chartlann Náisiúnta mar a gcuirfear ar fáil iad don phobal lena n-iniúchadh.

(2) Féadfaidh oifigeach do Roinn Stáit a bheidh údaraithe chun críche an fho-ailt seo a dheimhniú go bhfuil, ar chúiseanna sonraithe, taifead Roinne áirithe, nó aicme nó aicmí áirithe de thaifid Roinne a fhorordaítear de réir fho-alt (11), atá níos sine ná 30 bliain agus atá sonraithe sa deimhniú i ngnáthúsáid sa Roinn sin nó go dteastaíonn siad i ndáil le riaradh na Roinne agus go gcuirfeadh a n-aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta isteach go mór ar riaradh na Roinne sin.

(3) Féadfaidh an Stiúrthóir (nó oifigeach don Chartlann Náisiúnta a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag an Stiúrthóir), a dheimhniú nach fiú taifid Roinne áirithe (nó aicme nó aicmí de na taifid sin) atá níos sine ná 30 bliain agus atá sonraithe sa deimhniú, a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta lena gcaomhnú, agus coimeádfar sa Roinn iomchuí aon taifid arna ndeimhniú amhlaidh nó (de réir mar a bheidh) cuirfear ar ais iad go dtí an Roinn sin, mar a bhféadfar iad a choimeád nó a dhiúscairt faoi réir údarú a dheonú faoi alt 7 (4) (a) ag oifigeach don Roinn sin a bheidh údaraithe chun críche an ailt sin.

(4) Oifigeach do Roinn Stáit a bheidh údaraithe chun críche an fho-ailt seo féadfaidh sé, le toiliú oifigigh do Roinn an Taoisigh a bheidh údaraithe amhlaidh (ach amháin i ndáil le taifid de chuid Roinn an Taoisigh), a dheimhniú i ndáil le taifid Roinne áirithe, nó le haicme nó aicmí de thaifid Roinne áirithe a fhorordaítear de réir fho-alt (11), atá níos sine ná 30 bliain agus atá sonraithe sa deimhniú, dá gcuirfí ar fáil iad don phobal lena n-iniúchadh—

(a)  go mbeadh sin ar neamhréir le leas an phobail, nó

(b)  gur sárú dualgais reachtúil nó sárú ar mheon macánta a bheadh ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann ar an ábhar go bhfuil eolas ar fáil iontu a tugadh i modh rúin, nó

(c)  gur cúis tochsail nó contúirte do dhaoine beo a bheadh ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann ar an ábhar go bhfuil eolas ar fáil iontu faoi dhaoine aonair, nó go mbeadh sé nó go bhféadfadh go mbeadh sé ina ábhar caingne le haghaidh damáistí mar gheall ar chlúmhilleadh.

(5) Féadfar taifid Roinne a bhfuil deimhniú arna dheonú faoi fho-alt (2) nó (4) i bhfeidhm i ndáil leo, mura ndiúscraítear iad faoi alt 7 (5), a choimeád sa Roinn Stáit ina bhfuil siad á gcoimeád nó a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta lena gcaomhnú.

(6) Déanfaidh oifigeach don Roinn Stáit lena mbaineann, a bheidh údaraithe chuige sin, taifid Roinne a choimeádtar faoi fho-alt (5) a athbhreithniú uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse cúig bliana i ndiaidh a chéile ionas go bhféadfaí iad a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta faoi fho-alt (1).

(7) Ní choiscfidh aon ní san alt seo taifid Roinne atá faoi bhun 30 bliain d'aois a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta, le haontú an Stiúrthóra, i gcás arb inmhianaithe an t-aistriú sin chun caomhnú cuí na dtaifead sin a áirithiú nó mar gheall ar chúiseanna riaracháin eile, ach ní chuirfear aon taifid a aistrítear amhlaidh ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ach amháin de réir an Achta seo.

(8) Féadfaidh an Taoiseach, le haontú an Stiúrthóra, a ordú gan dul ar aghaidh le haon aicme nó grúpa de thaifid Roinne a aistriú faoin alt seo go dtí an Chartlann Náisiúnta go dtí go mbeidh sé deimhin de go bhfuil na socruithe don aistriú sin leordhóthanach.

(9) Féadfaidh oifigeach don Roinn Stáit chuí, a bheidh údaraithe chun críche an fho-ailt seo, cairteanna ar thaifid Roinne a bhí iontu tráth a fhoréileamh go sealadach i scríbhinn ón Stiúrthóir faoi réir cheart an Stiúrthóra, i ndáil le cairteanna a cuireadh ar fáil le haghaidh iniúchadh ag an bpobal, socruithe a shonrú a bheidh le déanamh maidir le teacht a bheith ag an bpobal ar na cairteanna sin fad a bheidh siad foréilithe amhlaidh.

(10) (a)  Faoi réir mhír (b), tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo.

(b)  D'ainneoin mhír (a), féadfaidh an Taoiseach, ar iarraidh i scríbhinn ó chomhalta den Rialtas nó ón Stiúrthóir, an tréimhse dhá bhliain dá dtagraítear sa mhír sin a fhadú i scríbhinn a mhéid a bhaineann sí leis an Roinn Stáit a shonraítear san iarraidh má fheictear dó an fadú sin a bheith réasúnach ar chúiseanna riaracháin a shonraítear amhlaidh.

(c)  Ní choiscfidh aon ní i mír (a) aon taifid Roinne atá níos sine ná 30 bliain a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta roimh thosach feidhme an ailt seo.

(11) Féadfaidh an Taoiseach le hordú aicme nó aicmí áirithe taifead a fhorordú a bhféadfaidh baint a bheith ag deimhniú a dheonaítear faoi fho-alt (2) nó (4) leo, agus féadfaidh sé le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

An Stiúrthóir do dhiúscairt cairteanna.

9. —(1) Féadfaidh an Stiúrthóir cairteanna faoina choimeád a dhiúscairt más rud é—

(a)  gurb é a thuairim nach fiú iad a chaomhnú sa Chartlann Náisiúnta nó gur leor cóipeanna díobh a chaomhnú sa Chartlann Náisiúnta, agus

(b)  go gcomhthoilíonn an Chomhairle leis sin, agus

(c)  go dtoilíonn an comhalta cuí den Rialtas nó aon chomhlacht nó duine eile, a bheidh freagrach as na cairteanna sin a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta nó a thaisceadh inti, leis an diúscairt sin.

(2) Cairteanna a bhfuil a ndiúscairt údaraithe faoi fho-alt (1)—

(a)  millfear iad ar cibé slí a chinnteoidh nach ndéanfar difear dá rúnmhaireacht agus nach mbeidh a n-ábhar infhionnta, nó

(b)  déanfar, le toiliú na Comhairle agus an chomhalta chuí den Rialtas nó an chomhlachta nó an duine eile a bheidh freagrach as a n-aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta nó as a dtaisceadh inti, iad a aistriú go dtí foras cartlainne eile nó comhlacht cuí eile lena gcaomhnú ansin de réir cibé coinníollacha a shonróidh an Stiúrthóir i scríbhinn.

(3) D'ainneoin fho-alt (1), ní dhéanfar taifid de chuid na Cúirte Uachtaraí a dhiúscairt gan toiliú an Phríomh-Bhreithimh, agus ní dhéanfar taifid de chuid na hArd-Chúirte a dhiúscairt gan toiliú Uachtarán na hArd-Chúirte.

Ceart chun cairteanna a iniúchadh.

10. —(1) Faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh an Taoiseach ó am go ham, beidh na cairteanna go léir a bheidh faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta nó a bheidh á gcoimeád in áit eile de réir an Achta seo ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal, ach amháin—

(a)  cairteanna ar thaifid Roinne a bhí iontu tráth (seachas doiciméid chúirte nó doiciméid thiomnaithe) agus atá faoi bhun 30 bliain d'aois,

(b)  cairteanna ar thaifid Roinne a bhí iontu tráth agus a bhfuil deimhniú deonaithe ina leith de réir alt 8 (4).

(2) Más rud é go bhfuair an Chartlann Náisiúnta cairteanna faoi réir coinníollacha a chuireann srian nó teorainn lena bhfáil ag an bpobal lena n-iniúchadh, déanfar na coinníollacha sin a chomhlíonadh go cuí.

(3) Beidh feidhm ag forálacha alt 8 maidir le cairteanna ar thaifid Roinne a bhí iontu tráth agus atá á gcoimeád in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn nó in Oifig na Stát-Pháipéar tráth thosach feidhme an ailt seo nó a aistrítear go dtí an Chartlann Náisiúnta de réir fhorálacha alt 8 (7).

(4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo teorainn leis an gceart chun iniúchadh a dhéanamh ar aon taifead ar ceart é a bhí ag an bpobal—

(a)  roimh thosach feidhme an Achta seo, nó

(b)  sular aistríodh an taifead sin go dtí an Chartlann Náisiúnta.

(5) Cairteanna ar thaifid Roinne a bhí iontu tráth agus nach raibh fáil orthu lena n-iniúchadh ag an bpobal le breis is 30 bliain, déanfaidh oifigeach don Roinn Stáit lena mbaineann, a bheidh údaraithe chun na críche sin, iad a athbhreithniú uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse cúig bliana dá éis sin d'fhonn a chinneadh cibé acu ar cheart iad a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal nó nár cheart agus déileálfar leo dá réir sin.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo comhalta den Rialtas a chosc ó ghéilleadh d'iarraidh chun teacht ar thaifid nó ar chairteanna Roinne atá faoi bhun 30 bliain d'aois (ar taifid iad atá á gcoimeád nó cairteanna a bhí á gcoimeád tráth ag an Roinn Stáit a bhfuil an comhalta sin i bhfeighil uirthi).

(7) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thugann aon cheart cairteanna (nó aon chuid díobh) a iniúchadh a mheasann an Stiúrthóir a bheith i mbaol damáiste ó iniúchadh ag an bpobal, ach cuirfidh an Stiúrthóir, in aon chás den sórt sin, cóipeanna ar fáil lena n-iniúchadh más féidir sin.

Ceart ordú a thabhairt taifid áirithe a chur ar fáil don phobal lena n-iniúchadh.

11. —D'ainneoin fhorálacha ailt 8 (2), 8 (4), 8 (6), 10 (1) (b) agus 10 (5), féadfaidh an Taoiseach ordú a thabhairt go ndéanfar taifid Roinne atá níos sine ná 30 bliain agus atá fós á gcoimeád i Roinn nó, i gcás iad a bheith aistrithe go dtí an Chartlann Náisiúnta, atá fós á gcoimeád óna n-iniúchadh ag an bpobal, a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta chun iad a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal nó, i gcás iad a bheith sa Chartlann Náisiúnta cheana féin, go gcuirfear ar fáil iad lena n-iniúchadh ag an bpobal.

Barántúlacht na dtaifead tar éis a n-aistrithe go dtí an Chartlann Náisiúnta.

12. —Ní dhéanfaidh aistriú aon taifead Roinne nó taifead nó cairteanna eile faoin Acht seo go dtí coimeád na Cartlainne Náisiúnta nó go dtí áit eile difear do bharántúlacht na dtaifead nó na gcairteanna sin, ach aon taifid nó cairteanna den sórt sin a aistrítear amhlaidh glacfar leis go bhfuil siad ina n-áit chuí taiscthe agus beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leo in aon chúirt nó imeachtaí a bheadh leo sa tslí chéanna is dá mba nár aistríodh amhlaidh iad.

Taifid áirithe a bheith ina dtaifid Roinne, etc.

13. —(1) Féadfaidh an Taoiseach, ar iarraidh ó eagraíocht seirbhíse poiblí, a dhearbhú gur taifid Roinne chun críche an Achta seo taifid nó doiciméid na heagraíochta sin (nó aicme áirithe de na taifid nó de na doiciméid sin a bheidh sonraithe sa dearbhú).

(2) Is feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, agus chun críocha na n-achtachán a bhaineann le contaebhuirgí a bhainistí údarás áitiúil do dhéanamh iarraidh faoin alt seo.

Taifid Roinne áirithe a thaisceadh.

14. —Is aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta chun críocha an Achta seo taifid Roinne sonraithe a thaisceadh in aon áit a cheadóidh an Taoiseach ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir.

Doiciméid phríobháideacha a aisghabháil.

15. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon chearta atá ag duine a éilíonn gurb é is úinéir ar dhoiciméad an doiciméad sin a aisghabháil.

Séala na Cartlainne Náisiúnta.

16. —(1) Ceadóidh an Taoiseach séala don Chartlann Náisiúnta agus fíordheimhneofar é de réir rialachán faoi alt 19.

(2) Déanfar cóipeanna de chairteanna a bheidh faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta (nó cóipeanna de chodanna de na cairteanna sin) a fhíordheimhniú de réir rialachán faoi alt 19.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Cartlainne Náisiúnta nó ar mhodhanna eile fíordheimhnithe agus glacfar i bhfianaise in aon chúirt dlí gach doiciméad a airbheartóidh a bheith stampáilte go cuí le séala na Cartlainne Náisiúnta nó a bheith fíordheimhnithe de réir rialachán faoi alt 19 agus glacfaidh aon bhinse arna chomhdhéanamh go cuí agus ceachtar Teach den Oireachtas (nó coiste de cheachtar Teach acu sin) leis i bhfianaise amhlaidh agus measfar gur cóip fhíordheimhnithe go cuí é den doiciméad bunaidh mura suífear a mhalairt.

Cóipcheart agus atáirgeadh cairteanna.

17. —(1) Ní sárú ar chóipcheart cairteanna a bheidh ann má dhéanann nó má sholáthraíonn an Stiúrthóir, nó má dhéantar nó má sholáthraítear ar ordú uaidh, atáirgthí de chairteanna atá faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta nó atá á gcoimeád in áit eile de réir an Achta seo agus atá ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal.

(2) I gcás cairteanna seachas cairteanna ar thaifid Roinne a bhí iontu tráth, beidh éifeacht le fo-alt (1) faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha faoina bhfuarthas na cairteanna sin.

(3) Ní dhéanfaidh duine aon chairteanna ina n-iomláine, nó aon chuid díobh, atá faoi choimeád na Cartlainne Náisiúnta nó ar coimeád in áit eile de réir an Achta seo a fhoilsiú ná a atáirgeadh gan toiliú i scríbhinn ón Stiúrthóir.

(4) Aon duine a sháraíonn fo-alt (3) beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Cairteanna a aistriú, etc.

18. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear le dlí—

(a)  ní aistreoidh duine cairteanna ón gCartlann Náisiúnta;

(b)  ní aistreoidh duine ó Choimisiún Talún na hÉireann taifid a aistríodh go dtí an Coimisiún faoin Irish Church Act Amendment Act, 1881;

(c)  ní dhéanfaidh duine cairteanna atá, tráth thosach feidhme alt 23, á gcoimeád in áit eile seachas in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn, faoi Acht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin, a aistriú ón áit ina bhfuil siad á gcoimeád amhlaidh an tráth thosach feidhme sin.

(2) Duine a sháraíonn fo-alt (1) nó a chuireann cairteanna i bhfolach nó a dhéanann damáiste dóibh, nó a aistríonn nó a mhilleann na cairteanna sin gan toiliú an Stiúrthóra, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a)  ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó

(b)  ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

Rialacháin, etc.

19. —(1) Féadfaidh an Taoiseach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir, rialacháin a dhéanamh ó am go ham maidir le gach ceann nó maidir le haon cheann díobh seo a leanas:

(a)  bainistí agus obair na Cartlainne Náisiúnta agus na seirbhísí a sholáthraíonn sí,

(b)  taifid Roinne a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta,

(c)  cairteanna agus taifid Roinne a dhiúscairt de réir an Achta seo,

(d)  cead isteach a thabhairt do dhaoine chun cairteanna a iniúchadh agus chun aon saoráidí a sholáthraíonn an Chartlann Náisiúnta a úsáid,

(e)  cairteanna agus sleachta astu a atáirgeadh agus a fhoilsiú,

(f)  cóipeanna de chairteanna agus sleachta astu a fhíordheimhniú,

(g)  aon ní eile atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Féadfaidh an Taoiseach ó am go ham le rialacháin, arna ndéanamh le toiliú an Aire Airgeadais, méid na dtáillí le haghaidh seirbhísí a thugann, agus le haghaidh úsáid saoráidí a sholáthraíonn, an Chartlann Náisiúnta agus modh íoctha na dtáillí sin a shocrú agus féadfaidh sé loghadh táillí a údarú i ndáil le cibé aicme nó aicmí seirbhísí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(3) Féadfaidh Aire na Seirbhíse Poiblí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir, rialacháin a dhéanamh—

(a)  chun bainistí agus caomhnú cuí a dhéanamh ar thaifid Roinne atá faoi choimeád nó faoi chúram Roinne Stáit, agus

(b)  lena socrófar caighdeáin i ndáil leis na taifid sin a chóipeáil trí phróisis fhótagrafacha, mhicreafhótagrafacha, agus trí phróisis eile, agus lena ndéanfar socrú chun na cóipeanna sin a fhíordheimhniú agus a chaomhnú d'fhonn cóipeanna bunaidh na gcóipeanna sin a dhiúscairt.

(4) D'fhonn cóipeanna bunaidh de thaifid a cóipeáladh de réir rialachán faoi fho-alt (3) a dhiúscairt, féadfar iad a mhilleadh ar údarú scríofa ón Stiúrthóir agus diúscrófar taifid den sórt sin ar shlí a chinnteoidh nach ndéanfar difear dá rúnmhaireacht agus nach mbeidh a n-ábhar infhionnta.

(5) Gach rialachán a dhéanfar faoi fho-alt (1) nó (3) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

An Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta.

20. —(1) Bunóidh an Taoiseach Comhairle, ar a dtabharfar an Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta (agus dá ngairtear “an Chomhairle” san Acht seo) chun comhairle a thabhairt dó i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoin Acht seo, agus i dtaobh gach ní a bhaineann le cairteanna agus lena n-úsáid ag an bpobal agus chun na feidhmeanna eile a thugtar di leis an Acht seo a thabhairt chun críche.

(2) Is é a bheidh ar an gComhairle cathaoirleach agus aon chomhalta dhéag eile ar a mhéad arna gceapadh ag an Taoiseach ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé tar éis dó dul i gcomhairle le hAire na Seirbhíse Poiblí.

(3) (a)  Beidh ar chomhaltaí na Comhairle dhá chomhalta ar a laghad ó Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus dhá chartlannaí ar a laghad nach mbeidh fostaithe ag an gCartlann Náisiúnta.

(b)  Beidh an Stiúrthóir i dteideal freastal ar chruinnithe den Chomhairle.

(4) Féadfaidh an Taoiseach tráth ar bith ceapachán an chathaoirligh nó aon chomhalta eile den Chomhairle a fhoirceannadh.

Tuarascálacha bliantúla.

21. —(1) Cuirfidh an Stiúrthóir tuarascáil bhliantúil faoi obair na Cartlainne Náisiúnta faoi bhráid an Taoisigh.

(2) Cuirfidh an Chomhairle tuarascáil bhliantúil faoi ghníomhaíochtaí na Comhairle faoi bhráid an Taoisigh.

(3) Cuirfidh an Taoiseach faoi deara cóipeanna de na tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Forléiriú ar thagairtí áirithe.

22. —Aon tagairt, cibé acu sainráite nó intuigthe, in aon achtachán eile do Leas-Choimeádaí na dTaifead nó don duine ar a dtugtar Coimeádaí na Stát-Pháipeár nó d'Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn nó don oifig ar a dtugtar Oifig na Stát-Pháipéar, forléireofar í (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) mar thagairt don Stiúrthóir nó don Chartlann Náisiúnta, de réir mar a éileoidh an cás.

Aisghairm, etc.

23. —(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna seo a leanas—

(a) The Public Records (Ireland) Act, 1867,

(b) The Public Records (Ireland) Act, 1867, Amendment Act, 1875,

(c) The Parochial Records Act, 1876.

(2) (a) D'ainneoin fho-alt (1), na cairteanna go léir ar thaifid phoiblí a bhí iontu tráth agus bhí á gcoimeád tráth thosach feidhme an ailt seo in áit eile seachas in Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn faoi Acht a luaitear san fho-alt sin, fanfaidh siad faoin gcoimeád faoina bhfuil siad ag an tráth thosach feidhme sin: ar choinníoll go bhféadfaidh an Taoiseach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir—

(i) rialacháin a dhéanamh a bhaineann leis an dóigh a mbeidh na cairteanna sin le coinneáil, agus lena gcoimeád go cuí agus

(ii) i gcás go measann sé é a bheith riachtanach chun gach ceann nó aon cheann de na cairteanna sin a chaomhnú, socrú a dhéanamh, le hordú, chun na cairteanna sin a aistriú go dtí an Chartlann Náisiúnta nó, le toiliú na Comhairle, go dtí foras cairteanna eile nó comhlacht iomchuí eile.

(b) Féadfaidh an Taoiseach, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm, le hordú.

Cosaint ar thaifid áirithe a thugtar ar iasacht, etc.

24. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'úinéireacht taifead a thugtar ar iasacht d'Oifig na dTaifead Poiblí in Éirinn nó a thaisctear go sealadach inti nó in áit eile roimh thosach feidhme an ailt seo.

Caiteachais.

25. —Na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo, íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

26. —(1) Féadfar an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Taoiseach, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Alt 1 (2)

Oifig Rúnaí an Uachtaráin

An Phríomh-Oifig Staidrimh

An Chomhairle um an gCartlann Náisiúnta

An Chartlann Náisiúnta

Ard-Mhúsaem na hÉireann (lena n-áirítear Músaem na Staire Aiceanta)

Oifig an Ard-Aighne (lena n-áirítear Oifig an Dréachtóra Parlaiminte, Oifig Athchóirithe agus Chomhdhlúite an Dlí Reachtúil agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit)

Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

Oifig an Phámháistir Ghinearálta

An Coiste Coigiltis Náisiúnta

Na Coimisinéirí Ioncaim

Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc Cánach Ioncaim

Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí

An tSaotharlann Stáit

Suirbhéireacht an Ordanáis

An Coimisinéir Luachála agus an Príomh-Shuirbhéir Teorann

Oifig an tSoláthair

An Gasra Athbhreithnithe ar Luach Saothair níos Airde san Earnáil Phoiblí

Coiste Comhairleach na Seirbhíse Poiblí

Boird Eadrána na Státseirbhíse

Coimisinéirí na Státseirbhíse

Na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla

An Garda Síochána

Clárlann na Talún

Clárlann na nGníomhas

Oifigí nó forais lena mbaineann Achtanna na bPríosún, 1826 go 1980, agus Foras Naomh Pádraig

Oifig Scrúdóir na Scannán

An Bord Achomhairc um Scrúdóireacht Scannán

An Bord um Chinsireacht Foilseachán

An Bord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán

An Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla

Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla

An Chomhairle um Thruailliú Uisce

An Binse Cíosa

An tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta

An Chúirt Oibreachais

Na Coimisinéirí um Chearta

An Binse Achomhairc Fostaíochta

An Binse Achomhairc Tobhach

An Oifig um Chlárú Cuideachtaí

Oifig na bPaitinní

Clárlann na gCara-Chumann

An Coimisiún Cleachtas Srianta

Oifig an Scrúdaitheora um Chleachtais Srianta

An Coimisiún Náisiúnta Praghsanna

Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí

Clárlann na gCumann Foirgníochta

Comhairle Tomhaltóirí Éireann

An Bord Comhairleach um Árachas Gluaisteán

An Coimisiún Dumpála

Coimisiún na Talún

Oifig an Rialaitheora Cearta Póraitheoirí Plandaí

Coimisinéir Breithiúnais Choimisiún na Talún

Binse Achomhairc Choimisiún na Talún

Iontaobhaí Poiblí Choimisiún na Talún

An Leabharlann Náisiúnta (lena n-áirítear an Oifig Gheinealais)

Suirbhéireacht Geolaíochta na hÉireann

Na Fórsaí Cosanta

Bord na nArm-Phinsean

An Phríomh-Oifig Chlárúcháin