6 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1987


AN tACHT UM THRUAILLIÚ AEIR, 1987


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Tosach feidhme.

3.

Neamhfheidhm an Achta.

4.

Truailliú aeir.

5.

An dóigh is fearr is féidir.

6.

Gléasra tionscail agus gléasra tionscail láithreach.

7.

Léiriú i gcoitinne.

8.

Feidhm an Achta maidir le háitribh ar leis an Stát iad.

9.

Aisghairm.

10.

Rialacháin.

11.

Cionta.

12.

Pionóis.

13.

Cionta a ionchúiseamh.

14.

Cumhachtaí duine údaraithe.

15.

Fógraí a sheirbheáil.

16.

Oibleagáid faisnéis a thabhairt.

17.

An clár.

18.

Taighde ar thruailliú aeir.

19.

Caiteachais.

20.

Údaráis áitiúla do dhul i gcomhairle.

21.

Feidhmeanna a aistriú.

22.

Cumhacht muirir a ghearradh i ndáil le hastaíochtaí.

CUID II

Forálacha Ginearálta a Bhaineann le Truailliú Aeir

23.

Cosc ar astaíochtaí áirithe.

24.

Oibleagáid truailliú aeir a chosc.

25.

Toirmeasc ar dheatach a astú.

26.

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal bearta a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú.

27.

Cumhacht údaráis áitiúil bearta a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú.

28.

Cumhacht na hArd-Chúirte i ndáil le truailliú aeir.

29.

Scéala a thabhairt faoi eachtra is cúis le truailliú aeir.

CUID III

Gléasra Tionscail a Cheadúnú

30.

Ceadúnas chun gléasra tionscail a oibriú.

31.

Rialacháin maidir le ceadúnais.

32.

Ceadúnais a dheonú.

33.

Ceadúnais a athbhreithniú.

34.

Achomhairc.

35.

Táillí.

36.

Teorainn le ré ceadúnais.

37.

Athrú ar úinéireacht gléasra tionscail.

38.

Athruithe i ngléasra tionscail.

CUID IV

Limistéir faoi Rialú Speisialta

39.

Limistéir faoi rialú speisialta.

40.

Orduithe um limistéar faoi rialú speisialta.

41.

Ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingniú.

42.

Éisteachtaí ó bhéal.

43.

Ordú um limistéar faoi rialú speisialta a mhaolú nó a fhionraí.

44.

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal athruithe a dhéanamh ar áitribh.

45.

Cúnamh airgid le haghaidh oibreacha áirithe.

CUID V

Pleananna Bainisteoireachta Aercháilíochta agus Caighdeáin Aercháilíochta

46.

Pleananna bainisteoireachta aercháilíochta.

47.

Cumhacht an Aire i ndáil le plean bainisteoireachta aercháilíochta.

48.

Fógraí a fhoilsiú i ndáil le pleananna bainisteoireachta aercháilíochta.

49.

Dualgas údaráis áitiúil ar phlean bainisteoireachta aercháilíochta a dhéanamh, a chlaochlú nó ar phlean eile a chur ina ionad.

50.

Caighdeáin aercháilíochta.

51.

Luachanna teorann astaíochta.

52.

Treoracha ón Aire i ndáil le truailliú aeir.

53.

Rialacháin i ndáil le breosla.

CUID VI

Ilghnéitheach

54.

Monatóireacht ar aercháilíocht agus ar astaíochtaí.

55.

Cumhacht cúirte chun oibreacha a údarú.

56.

Feidhm an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963.

57.

Forálacha idirlinne i ndáil le hobair alcaile, etc.

58.

Forálacha idirlinne i ndáil le hoibreacha incheadúnaithe áirithe.

59.

Cosaint.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Truailleáin Lena mBaineann an tAcht

AN CHÉAN DARA SCEIDEAL

Cuid I

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Cuid II

Na hIonstraimí Reachtúla a Aisghairtear

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Na Próisis Tionscail lena mBaineann an tAcht


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Alkali, etc. Works Regulation Act, 1906

6 Edw. 7, c. 14

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 to 1986

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1985

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962

1962, Uimh. 26

An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971

1971, Uimh. 6

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict. c. 93

Public Health (Ireland) Act, 1878

41 & 42 Vict. c. 52

Na hAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980

/images/harp.jpg


Uimhir 6 de 1987


AN tACHT UM THRUAILLIÚ AEIR, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN TRUAILLIÚ AEIR A RIALÚ AGUS LE hAGHAIDH NITHE EILE A BHAIN-EANN LE TRUAILLIÚ AEIR. [10 Meitheamh, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thruailliú Aeir, 1987 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir críocha nó forála áirithe nó faoi threoir limistéir nó limistéar áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo agus le haghaidh limistéar éagsúil.

Neamhfheidhm an Achta.

3. —Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le hastaíocht a éireoidh—

(i) as substaint a dhiúscairt ar muir trína dó d'aon turas d'fhonn í a dhíothú go teirmeach, nó

(ii) as aon substaint nó feiste radaighníomhach a úsáid.

Truailliú aeir.

4. —Ciallaíonn “truailliú aeir” san Acht seo staid ina bhfuil oiread áirithe de thruailleán san atmaisféar gur dóigh dó—

(i) díobháil a dhéanamh do shláinte an phobail, nó

(ii) éifeacht dhochrach a bheith aige ar florafauna nó damáiste a dhéanamh do mhaoin, nó

(iii) lagú nó cur isteach a dhéanamh ar thaitneamhachtaí nó ar an timpeallacht.

An dóigh is fearr is féidir.

5. —(1) Faoi réir fho-alt (3), aon tagairt san Acht seo do leas a bhaint as an dóigh is fearr is féidir chun astaíocht a chosc nó a theorannú, forléireofar gur tagairt í a chiallaíonn saoráidí a sholáthar agus a chothabháil, a úsáid, a oibriú agus a mhaoirsiú go cuí arb iad na saoráidí iad, ag féachaint do na himthosca go léir, is oiriúnaí le haghaidh an choisc nó an teorannaithe sin.

(2) Nuair a bheifear ag breithniú, maidir le saoráidí, cibé acu arb iad na saoráidí is oiriúnaí iad chun astaíocht a chosc nó a theorannú, tabharfar aird ar na nithe seo a leanas—

(a) i gcás gléasra tionscail, seachas gléasra tionscail láithreach—

(i) staid reatha an eolais theicniúil, agus

(ii) riachtanais na timpeallachta, agus

(iii) na costais a thabhófaí ag cur na saoráidí lena mbaineann ar fáil, á gcothabháil, á n-úsáid, á n-oibriú agus á maoirsiú, agus

(b) in aon chás eile, i dteannta na nithe a shonra ítear i mír (a) (i), (ii) agus (iii)—

(i) cineál, méid agus éifeacht na hastaíochta lena mbaineann, agus

(ii) aois an ghléasra tionscail láithrigh nó an áitribh eile, an cineál saoráidí atá suiteáilte ann agus an tréimhse ar dócha gur lena linn a úsáidfear an gléasra nó an t-áitreabh eile nó a leanfar á oibriú, agus

(iii) na costais a thabhófaí ag athchóiriú an ghléasra nó an áitribh eile, nó ag athchóiriú na saoráidí ann nó ag cur saoráidí eile ina n-ionadsan, i ndáil leistaid eacnamúil gnóthas nó fiontar den aicme lena mbaineann.

(3) Féadfaidh an tAire, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, treoracha a eisiúint a shonróidh an dóigh is fearr is féidir chun cibé astaíocht a chosc nó a theorannú de réir mar a bheidh sonraithe sa treoir, go ginearálta nó ó áitribh d'aicme nó de thuairisc faoi leith, agus tabharfar aird ar aon treoracha den sórt sin nuair a bheifear ag riaradh an Achta seo.

(4) Aon uair a eiseoidh an tAire treoir faoi fho-alt (3) cuirfidh sé faoi deara a luaithe is féidir—

(a) cóip den treoir sin a chur chuig gach údarás áitiúil agus chuig an mBord Pleanála,

(b) fógra i dtaobh eisiúint na treorach a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, agus

(c) cóip den treoir a chur ar fáil, ar cibé táille (más ann) a íoc a shocróidh an tAire, do gach duine a dhéanann iarratas ar chóip den sórt sin.

(5) San alt seo ciallaíonn “saoráidí” innealra, gléasra, trealamh, fearais, gairis, foirgnimh agus déanmhais eile.

Gléasra tionscail agus gléasra tionscail láithreach.

6. —(1) Ciallaíonn “gléasra tionscail” san Acht seo aon ghléasra, trealamh, fearas, gaireas, innealra, oibreacha, foirgneamh nó déanmhas eile nó aon talamh nó aon chuid d'aon talamh a úsáidtear i gcúrsa trádála, gnó nó tionscail chun críocha aon phróisis tionscail a shonraítear sa Tríú Sceideal nó chun críocha a bhaineann le haon phróiseas den sórt sin.

(2) San Acht seo ciallaíonn “gléasra tionscail láithreach” gléasra tionscail—

(a) a ndéantar ina leith cead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , a dheonú roimh cibé lá (dá ngairtear “an lá iomchuí” san fho-alt seo) a fhorordóidh an tAire, nó

(b) atá, an lá díreach roimh an lá iomchuí, nó a bhí, tráth ar bith le linn na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an lá díreach roimh an lá iomchuí, á úsáid chun críocha aon phróisis tionscail a shonraítear sa Tríú Sceideal, nó chun críocha a bhaineann le haon phróiseas den sórt sin, seachas gléasra tionscail is déanmhas neamhúdaraithe nó arb úsáid neamhúdaraithe a úsáid.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an Tríú Sceideal a athrú trí aon phróiseas tionscail a chur leis nó a scriosadh as.

(4) San alt seo tá le “déanmhas neamhúdaraithe” agus “úsáid neamhúdaraithe” na bríonna a shanntar dóibh leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

Léiriú i gcoitinne.

7. —(1) San Acht seo—

tá le “plean bainisteoireachta aercháilíochta” an bhrí a shonraítear in alt 46;

ciallaíonn “caighdeán aercháilíochta” caighdeán a fhorordóidh an tAire chun críocha an Achta seo de bhun alt 50;

ciallaíonn “tinteán údaraithe” tinteán a ndearbhaíonn an tAire maidir leis i rialacháin faoi alt 40 (2) gur tinteán údaraithe é;

ciallaíonn “breosla údaraithe” breosla a ndearbhaíonn an tAire maidir leis i rialacháin faoi alt 40 (3) gur breosla údaraithe é;

ciallaíonn “duine údaraithe” duine—

(a) a bheidh ceaptha i scríbhinn ag údarás áitiúil chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an Achta seo, nó

(b) a bheidh ceaptha i scríbhinn ag duine a shonrófar i rialacháin faoin Acht seo chun bheith ina dhuine údaraithe de bhun na rialachán sin;

ciallaíonn “astaíocht” ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, truailleán a astú isteach san atmaisféar;

ciallaíonn “luach teorann astaíochta” teorainn a fhorordóidh an tAire faoi alt 51;

folaíonn “tinteán” aon fhoirnéis, loisceoir, gráta nó sornóg cibé acu oscailte nó dúnta iad nó aon áit dóite eile;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

folaíonn “próiseas tionscail” aon phróiseas a sheoltar i gcúrsa trádála, gnó nó tionscail agus ar próiseas é a bheartaítear chun aon earra, cuid d'earra, substaint, fuinneamh nó ní a dhéanamh nó a tháirgeadh nó a bheartaítear chun críocha a bhaineann leis an gcéanna nó a bheartaítear chun aon earra, substaint nó ní a athrú, a dheisiú, a ornáidiú, a mhaisiú, a ghlanadh, a ní, a phacáil nó a stánú, nó a oiriúnú lena dhíol nó a bhriseadh suas nó a scartáil nó a bheartaítear chun críocha a bhaineann leis an gcéanna; lena n-áirítear, go háirithe, mianraí a fháil, a ardú, a thógáil, a bhreith chun siúil agus a phróiseáil (lena n-áirítear a méid a laghdú, iad a ghrádú agus iad a théamh), fuíll mhianraí a stóráil agus fuíll eile a dhó, a chóireáil nó a aisghabháil;

folaíonn “ceadúnas”, i ndáil le ceadúnas a dheonaítear faoi alt 32, ceadúnas den sórt sin arna athbhreithniú de bhun alt 33, i gcás go gceadaíonn nó go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) i gcás chontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, seachas buirg Dhún Laoghaire, comhairle chontae Bhaile Átha Cliath,

(b) i gcás bhuirg Dhún Laoghaire, bardas na buirge,

(c) i gcás contaebhuirge, bardas na contaebhuirge, agus

(d) i gcás aon chontae riaracháin eile, comhairle an chontae,

agus déanfar tagairtí do limistéar feidhme údaráis áitiúil a fhorléiriú dá réir;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

folaíonn “monatóireacht” aon astaíocht in aon ionad nó aer na timpeallachta in aon ionad a iniúchadh, a thomhas, a shampláil nó a anailísiú, chun críocha an Achta seo, i gceann tréimhsí nó go leanúnach;

folaíonn “áititheoir” i ndáil le haon áitreabh, léasaí, aon duine atá i dteideal an t-áitreabh a áitiú agus aon duine eile a bhfuil rialú aige ar an áitreabh de thuras na huaire;

ciallaíonn “truailleán” aon substaint a shonraítear sa Chéad Sceideal nó aon substaint nó fuinneamh eile a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le truailliú aeir nuair a astaítear é isteach san atmaisféar, as féin nó in éineacht le haon substaint eile;

folaíonn “áitreabh” aon mheasáiste, foirgneamh, déanmhas nó talamh (cibe acu atá aon déanmhais ar an talamh nó nach bhfuil nó cibé acu atá talamh faoi uisce nó nach bhfuil) nó aon oidhreachtán faoi aon tionacht mar aon le haon tithe lasmuigh agus aon chúirtealáiste;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “teaghais phríobháideach” aon fhoirgneamh nó déanmhas nó aon chuid d'aon fhoirgneamh nó déanmhas (lena n-áirítear aon fhoirgneamh nó déanmhas coimhdeach) nach n-úsáidtear nó nach mbeartaítear a úsáid ach amháin mar áit chónaithe ag daoine ach ní fholaíonn sé—

(a) cúirtealáiste nó gairdín, ná

(b) foirgneamh nó déanmhas coimhdeach, nó cuid d'fhoirgneamh nó de dhéanmhas, ina bhfuil tinteán a bhfuil toilladh téite uasta aige is mó ná 45kW agus a dhéanann freastal ar bhreis agus aon teaghais amháin;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar, cladach nó áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal cibé acu de cheart nó le cead é agus cibé acu faoi réir muirir nó saor ó mhuirear é;

ciallaíonn “an clár” an clár a choimeádtar de bhun alt 17;

ciallaíonn “feidhm fhorchoimeádta”—

(a) i ndáil le comhairle contae nó bardas Dhún Laoghaire, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1985;

(b) i ndáil le bardas contaebhuirge, feidhm fhorchoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge;

folaíonn “deatach” súiche, luaith, grean, agus aon cháithnín eile a astaítear i ndeatach;

ciallaíonn “limistéar faoi rialú speisialta” limistéar a bhfuil ordú um limistéar faoi rialú speisialta i ngníomh i ndáil leis;

tá le “ordú um limistéar faoi rialú speisialta” an bhrí a shanntar di le halt 39.

(2) San Acht seo, tagairt d'alt, do Sceideal nó do Chuid is tagairt í d'alt, do Sceideal nó do Chuid den Acht seo mura bhfuil sé léirithe gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír na forála ina bhfuil an tagairt mura bhfuil sé léirithe gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Feidhm an Achta maidir le háitribh ar leis an Stát iad.

8. —Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le háitribh ar leis an Stát iad nó atá ar áitiú ag an Stát.

Aisghairm.

9. —(1) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin den Sceideal sin.

(2) Déantar leis seo gach Ionstraim Reachtúil a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin den Sceideal sin.

Rialacháin.

10. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh—

(a) chun aon ábhar a dtagraítear dó san Acht seo mar ábhar forordaithe, a fhorordú,

(b) i ndáil le haon ábhar a dtagraítear dó san Acht seo mar ábhar is ábhar do rialacháin, agus

(c) chun críche lánéifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Féadfaidh rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le limistéir éagsúla, imthosca éagsúla agus aicmí éagsúla cásanna.

(3) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi alt 6, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(4) Déanfar gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo (seachas rialachán arna dhéanamh faoi alt 6) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cionta.

11. —(1) Duine ar bith a sháróidh aon fhoráil den Acht seo nó d'aon rialachán arna dhéanamh faoin Acht seo nó d'aon fhógra arna sheirbheáil faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás comhlacht corpraithe nó duine ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe do dhéanamh ciona faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gur urasaíodh é le haon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é nó ar oifigeach eile don chomhlacht sin é, beidh an duine sin ciontach i gcion freisin.

(3) San alt seo, tagairt do shárú forála, folaíonn sí, de réir mar is iomchuí, tagairt do dhiúltú, nó do mhainneachtain, déanamh de réir na forála sin.

Pionóis.

12. —(1) Maidir le duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo—

(a) dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion agus nach mó san iomlán ná méid is comhionann le £1,000 nuair a chuirtear í le haon fhíneáil eile faoin mír seo i ndáil leis an gcion lena mbaineann), nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,

(b) dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 (mar aon, i gcás ciona leanúnaigh, le fíneáil nach mó ná £1,000 in aghaidh gach lae a leanfar den chion), nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , maidir le cion lena mbaineann fo-alt (1) amhail is dá mba rud é, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, gur sonraíodh ann na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (a), agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2)(a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht leo, dá réir sin.

Cionta a ionchúiseamh.

13. —(1) (a) Maidir le cion faoin Acht seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme a rinneadh an cion nó, i gcás ciona a d'éirigh as ordú a rinne, nó fógra a sheirbheáil, údarás áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann, é a ionchúiseamh go hachomair.

(b) I gcás gur dóigh le húdarás áitiúil go bhféadfadh astaíocht ó aon áitreabh a bheith ina chúis le truailliú aeir a d'fhearfadh ar aon chuid dá limistéar feidhme, féadfaidh an t-údarás áitiúil, d'ainneoin gur ó áitreabh atá suite lasmuigh de limistéar feidhme an údaráis áitiúil lena mbaineann don astaíocht, imeachtaí achoimre a thionscnamh i leith ciona faoin Acht seo i ndáil leis an astaíocht lena mbaineann.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin alt seo, a fhorordú go bhféadfaidh cibé duine (lena n-áirítear an tAire) a bheidh sonraithe sna rialacháin de bhreis ar an údarás áitiúil nó ina ionad, cibé cion a bheidh sonraithe amhlaidh a ionchúiseamh go hachomair.

(3) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoin Acht seo a thosú—

(a) tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) tráth ar bith laistigh de thrí mhí ón dáta a dtagann fianaise ar iúl an duine a thionscnóidh na himeachtaí, ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine sin, chun gur cóir na himeachtaí a thabhairt,

cibé acu is déanaí: ar choinníoll nach dtionscnófar aon imeachtaí den sórt sin tráth is déanaí ná cúig bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.

(4) Chun críocha an ailt seo, beidh deimhniú a shínigh an duine a thionscnóidh na himeachtaí, nó a síníodh thar a cheann, maidir leis an dáta a tháinig fianaise a bhaineann leis an gcion ar a iúl, ina fhianaise prima facie ar an méid sin agus maidir le doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é a eisíodh chun críocha an fho-ailt seo agus a bheith sínithe amhlaidh, measfar, in aon imeachtaí dlíthiúla, gur síníodh amhlaidh é agus glacfar leis i bhfianaise gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é a shínigh an deimhniú, mura suífear a mhalairt.

Cumhachtaí duine údaraithe.

14. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh duine údaraithe, chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo, i dteideal, gach tráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh agus aon daoine nó trealamh eile is dóigh leis is gá chun na críche a thabhairt leis ann.

(2) Ní dhéanfaidh duine údaraithe, seachas le toiliú an áititheora, dul isteach i dteaghais phríobháideach mura mbeidh fógra 24 uaire an chloig ar a laghad go bhfuil sé beartaithe aige dul isteach tugtha aige i scríbhinn d'áititheoir na teaghaise.

(3) Tabharfar deimhniú dá cheapachán do gach duine údaraithe agus, nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi á feidhmiú aige déanfaidh an duine údaraithe, má iarrann aon duine dá ndéanann sé difear air é, an deimhniú a thabhairt ar aird don duine sin.

(4) Aon uair a rachaidh duine údaraithe isteach in aon áitreabh de bhun an ailt seo, féadfaidh sé san áitreabh sin—

(a) cibé pleananna agus cibé iniúchtaí a dhéanamh,

(b) cibé tástálacha a dhéanamh agus cibé samplaí a thógáil,

(c) cibé faisnéis a éileamh ar úinéir nó ar áititheoir an áitribh nó r aon duine eile san áitreabh, nó

(d) cibé taifid nó cibé doiciméid a iniúchadh,

is dóigh leis, ag féachaint do na himthosca uile, is gá chun críocha an Acht seo.

(5) Aon duine a bhacfadh duine údaraithe le linn dó a chumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú nó a mhainneoidh déanamh de réir éilimh ó dhuine údaraithe nó a choinneoidh siar go toiliúil aon fhaisnéis a éileoidh an duine údaraithe, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Más rud é, le linn do dhuine údaraithe a chumhachtaí a fheidhmiú faoin alt seo, go gcoiscfear é ó dhul isteach in aon áitreabh, féadfaidh an duine údaraithe nó an duine a cheap é, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar bharántas ag údarú an dul isteach sin.

(7) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (7), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh aon cheann nó gach ceann de na hábhair seo a leanas:

(a) samplaí a thógáil agus tástálacha, scrúduithe agus anailísí a dhéanamh ar shamplaí;

(b) na haicmí daoine a bheidh freagrach i dtógáil, na samplaí sin agus i ndéanamh na dtástálacha, na scrúduithe agus na n-anailísí sin a shonrú;

(c) an deimhniú nó an fhianaise eile a bheidh le tabhairt i dtaobh toraidh aon tástála, scrúdaithe nó anailíse den sórt sin agus an aicme nó na haicmí daoine a thabharfaidh an deimhniú nó an fhianaise sin a shonrú;

(d) maidir le haon deimhniú nó fianaise a thugtar nó a thabharfar i leith aon tástála, scrúdú nó anailíse ar aon sampla, go mbeidh an deimhniú nó an fhianaise sin ina bhfianaise in ndáil leis an sampla sin, gan tuilleadh cruthúnais, ar thoradh na tástála, an scrúdaithe nó na hanailíse go dtí go suífear a mhalairt.

Fógraí a sheirbheáil.

15. —(1) Aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil nó a thabhairt leis an Acht seo nó faoi, díreofar é chuig an duine lena mbaineann agus seirbheálfar air é nó tabharfar dó é ar dhóigh de na dóigheanna seo a leanas—

(a) trína dhíriú chuige faoina ainm agus trína sheachadadh air,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ina bhfuil cónaí air de ghnáth,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha arna díriú chuige ag an seoladh ina bhfuil cónaí air de ghnáth,

(d) má thug sé seoladh le haghaidh seirbheáil fógraí, trína fhágáil ag an seoladh sin nó trína chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha, agus é dírithe chuige, chuig an seoladh sin,

(e) i gcás nach féidir seoladh ina bhfuil cónaí air de ghnáth a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach a dhéanamh agus gur gá fógra a sheirbheáil air nó a thabhairt dó i leith aon áitribh, trína sheachadadh ar dhuine os cionn 16 bliana d'aois a chónaíonn, nó a fhostaítear, san áitreabh nó trína dhaingniú in ionad feiceálach san áitreabh nó gar dó.

(2) Mura féidir ainm áititheora áitribh a fhionnadh trí fhiosrúchán réasúnach a dhéanamh, féadfaidh fógra faoin Acht seo a bheith dírithe chuig “an t-áititheoir”.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar, maidir le cuideachta atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, cónaí a bheith uirthi de ghnáth ina hoifig chláraithe, agus measfar, maidir le gach comhlacht corpraithe eile agus maidir le gach comhlacht neamhchorpraithe, cónaí a bheith air ina phríomhoifig, nó ina phríomháit ghnó.

Oibleagáid faisnéis a thabhairt.

16. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, chun aon chríche a bhaineann lena fheidhmeanna faoin Acht seo, trí fhógra i scríbhinn—

(a) a cheangal ar áititheoir aon áitribh laistigh dá limistéar feidhme, cibé sonraí—

(i) maidir le haon ghníomhaíocht nó próiseas a bhíonn á sheoladh san áitreabh,

(ii) maidir le haon tinteáin san áitreabh, agus

(iii) maidir leis na breoslaí nó na hábhair eile a bhíonn á ndó san áitreabh,

a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt i scríbhínn don údarás laistigh de cibé tréimhse (nach luaithe ná ceithre lá dhéag tar éis dháta seirbheála an fhógra) a bheidh sonraithe amhlaidh,

(b) a cheangal ar áititheoir aon áitribh (seachas teaghais phríobháideach) laistigh dá limistéar feidhme, cibé faisnéis i dtaobh aon astaíochta ón áitreabh a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt i scríbhinn, cibé acu trí thuairisceáin thréimhsiúla nó ar shlí eile, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh,

(c) a cheangal ar aon duine a ghabhann d'aon bhreosla a tháirgeadh, a chóireáil, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a dháileadh nó a dhíol, cibé sonraí, a bheidh sonraithe san fhógra maidir le cineál agus cainníocht an bhreosla a tháirg an duine sin, a chóireáil sé, a d'allmhairigh sé, a chuir sé ar an margadh, a dháil sé nó a dhíol sé, de réir mar a bheidh, laistigh de limistéar feidhme an údaráis lena mbaineann, a thabhairt i scríbhinn don údarás.

(2) Maidir le fógra faoin alt seo, cibé acu a éilítear tuairisceáin thréimhsiúla ann nó nach n-éilítear, ní éileoidh sé faisnéis a chur ar fáil—

(a) faoi cheann tréimhsí is lú ná trí mhí, nó

(b) i leith tréimhse is faide ná dhá mhí dhéag.

(3) Aon duine ar seirbheáladh fógra air faoin alt seo agus a thabharidh, mar fhreagra ar an bhfógra, aon fhaisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha beidh sé ciontach i gcion.

(4) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil aon fhaisnéis a thabharfar dó de bhun fógra faoin alt seo a thabhairt d'aon duine seachas do dhuine a bheidh forordaithe.

An clár.

17. —(1) Déanfaidh gach údarás áitiúil a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an Achta seo clár (dá ngairtear “an clár” san Acht seo) a bhunú agus a chothabháil chun críocha an Achta seo agus déanfaidh sé ann na taifid agus na breisithe sin go léir a bheidh forordaithe ó am go ham.

(2) Coimeádfar an clár in oifigí an údaráis áitiúil agus cuirfear ar fáil é lena iniúchadh ag aon duine le linn uaireanta oifige.

(3) Aon uair a iarrfar cóip de thaifead sa chlár ar údarás áitiúil eiseofar an chóip don iarratasóir ar é d'íoc cibé táille (más ann) leis an údarás áitiúil a shocróidh an t-údarás áitiúil, is suim nach rachaidh thar an gcostas réasúnach a bhaineann leis an gcóip a dhéanamh.

(4) Gach doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead sa chlár agus a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar chóip dhílis den taifead ag oifigeach d'údarás áitiúil, glacfar leis, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurb é a dheimhnigh é amhlaidh nó gurbh é an t-oifigeach sin é, mar fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead gus gur fianaise é ar théarmaí an taifid.

(5) Féadfar fianaise ar thaifead sa chlár a thabhairt trí chóip de a thabhairt ar aird agus í deimhnithe de bhun an ailt seo agus ní call an clár féin a thabhairt ar aird.

Taighde ar thruailliú aeir.

18. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil taighde, suirbhéanna nó imscrúduithe a eagrú agus a stiúradh ar chineál agus ar mhéid an truaillithe aeir, ar an gcúis agus ar an éifeacht atá leis agus ar chosc nó ar theorannú an truaillithe aeir agus féadfaidh sé cláir oideachais i ndáil leis na hábhair sin a bhunú agus a chothabháil agus féadfaidh sé aon fhaisnéis a gheofar ó aon taighde, suirbhéanna, imscrúduithe nó cláir oideachais den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara í a fhoilsiú.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil tacú nó cuidiú trí airgead a thabhairt nó ar shlí eile, le haon duine, nó comhlacht daoine, a bheidh ag gabháil, nó a bheartóidh gabháil, d'aon taighde, suirbhé nó imscrúdú ar chineál agus ar mhéid an truaillithe aeir, ar an gcúis agus ar an éifeacht atá leis agus ar chosc nó ar theorannú an truaillithe aeir nó d'aon chlár oideachais i ndáil leis na hábhair sin.

(3) Is feidhm fhorchoimeádta é airgead a thabhairt de bhun fho-alt (2).

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a thabhairt d'aon duine, nó comhlacht daoine, a bheidh ag gabháil, nó a bheartóidh gabháil, do thaighde, suirbhéanna nó imscrúduithe ar chineál agus ar mhéid an truaillithe aeir, ar an gcúis agus ar an éifeacht atá leis agus ar chosc agus ar theorannú an truaillithe aeir nó d'aon chlár oideachais i ndáil leis na hábhair sin.

Caiteachais.

19. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais.

Údaráis áitiúla do dhul i gcomhairle.

20. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal ar údarás áitiúil dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí nó daoine a shonrófar i ndáil le comhlíonadh cibé feidhmeanna d'fheidhmeanna an údaráis áitiúil faoin Acht seo a fhorordófar.

Feidhmeanna a aistriú.

21. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil maidir le haon fheidhm a thugtar d'údarás áitiúil faoin Acht seo go bhféadfaidh cibé duine eile (lena n-áirítear an tAire nó údarás áitiúil eile) nó cibé comhlacht daoine eile a bheidh sonraithe í a chomhlíonadh de bhreis ar údarás áitiúil nó ina ionad.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh maidir le haon fheidhm a thugtar d'údarás áitiúil leis an Acht seo do chomhlíonadh ag comhlacht arna bhunú chun na críche sin faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 .

(3) Aon uair a bheidh rialacháin faoin alt seo i bhfeidhm, forléireofar tagairt san Acht seo d'údarás áitiúil mar thagairt a fholaíonn tagairt don duine nó don chomhlacht a bheidh sonraithe sna rialacháin agus is feidhm de chuid an duine nó an chomhlachta sin an fheidhm lena mbaineann na rialacháin.

(4) Maidir le rialacháin faoin alt seo féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha, iarmhartacha agus idirlinne (lena n-áirítear forálacha ag modhnú aon fhorála den Acht seo) a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá chun críocha na rialachán, dá ndroim nó chun lánéifeacht a thabhairt dóibh.

Cumhacht muirir a ghearradh i ndáil le hastaíochtaí.

22. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, muirir a ghearradh i ndáil le cibé astaíochtaí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh aon cheann nó gach ceann de na hábhair seo a leanas:

(a) na hastaíochtaí a shonrú a bhféadfar muirear faoin alt seo a fhorchur i ndáil leo;

(b) an modh a shonrú ar a bhforchuirfear muirear den sórt sin;

(c) an modh a shonrú ar a ríomhfar méid muirir den sórt sin;

(d) a chumasú d'údarás áitiúil muirir éagsúla a ghearradh faoin alt seo i leith astaíochtaí éagsúla agus in imthosca éagsúla;

(e) an modh a shonrú ar a bhféadfar uiríll a dhéanamh chuig údarás áitiúil maidir le muirear a fhorchur faoin alt seo agus foráil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta a bheidh le leanúint i leith na n-uiríoll sin;

(f) foráil a dhéanamh maidir le muirir a fhorchuirfear faoin alt seo a leasú, a chúlghairm nó a athbhreithniú.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil méid aon mhuirear a ghearrfaidh sé faoin alt seo a ghnóthú ón duine a mbeidh siad iníoctha aige mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

CUID II

Forálacha Ginearálta a Bhaineann le Truailliú Aeir

Cosc ar astaíochtaí áirithe.

23. —Chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú féadfaidh an tAire, le rialacháin—

(a) cibé astaíochtaí a bheidh sonraithe,

(b) táirgeadh, cóireáil, úsáid, allmhairiú, cur ar an margadh, dáileadh nó díol aon substainte (seachas breosla) a d'fhéadfadh a bheith ina cúis le truailliú aeir,

a thoirmeasc, go hiomlán, nó faoi réir cibé eisceachtaí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

Oibleagáid truailliú aeir a chosc.

24. —(1) Ní mór d'áititheoir aon áitribh, seachas teaghais phríobháideach, leas a bhaint as an dóigh is fearr is féidir le hastaíocht ón áitreabh sin a theorannú agus, más féidir, a chosc.

(2) Ní chuirfidh áititheoir aon áitribh faoi deara ná ní cheadóidh sé astaíocht a theacht as an áitreabh sin i gcainníocht a d'fhágfadh nó ar shlí a d'fhágfadh gur núis í.

(3) In aon ionchúiseamh mar gheall ar shárú ar an alt seo, is cosaint mhaith é a shuíomh—

(a) gur baineadh leas as an dóigh ab fhearr ab fhéidir leis an astaíocht lena mbaineann a chosc nó a theorannú, nó

(b) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir ceadúnais faoin Acht seo, nó

(c) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir luach teorann astaíochta, nó

(d) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bhí i ngníomh i ndáil leis an limistéar lena mbaineann, nó

(e) i gcás astaíocht deataigh, go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir rialacháin faoi alt 25, nó

(f) nach raibh an astaíocht ina cúis le truailliú aeir.

Toirmeasc ar dheatach a astú.

25. —(1) Chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú féadfaidh an tAire, le rialacháin, astaíocht deataigh isteach san atmaisféar ó aon áitreabh a thoirmeasc nó a shrianadh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), fédfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) na háitribh a mbaineann na rialacháin leo a shonrú,

(b) an cineál deataigh a mbaineann na rialacháin leis a shonrú,

(c) toirmeasc a dhéanamh, go hiomlán nó faoi réir eisceachtaí sonraithe, ar astaíocht deataigh ó áitribh shonraithe ag tráthanna nó ag tréimhsí sonraithe,

(d) astaíochtaí deataigh ó áitribh shonraithe ar feadh tréimhsí sonraithe a dhíolmhú, faoi réir coinníollacha nó gan choinníollacha, ó aon fhoráil d'fhorálacha na rialachán,

(e) toirmeasc nó srianadh a dhéanamh, faoi réir cibé eisceachtaí a bheidh sonraithe, ar dhó tuí, fuíll nó aon substainte eile i cibé áitribh nó ag cibé tráthanna a bheidh sonraithe.

(3) In aon ionchúiseamh mar gheall ar shárú ar an alt seo nó ar rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, is cosaint mhaith é a shuíomh—

(a) gur baineadh leas as an dóigh ab fhearr ab fhéidir leis an astaíocht lena mbaineann a chosc nó a theorannú, nó

(b) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir ceadúnais faoin Acht seo, nó

(c) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir luach teorann astaíochta, nó

(d) go raibh an astaíocht lena mbaineann de réir ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bhí i ngníomh i ndáil leis an limistéar lena mbaineann.

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal bearta a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú.

26. —(1) Aon uair is dóigh le húdarás áitiúil gur gá déanamh amhlaidh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú, féadfaidh an t-údarás áitiúil fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar áititheoir aon áitribh óna dtagann astaíocht.

(2) Nuair a bheidh údarás áitiúil ag breithniú an cóir fógra a sheirbheáil faoin alt seo, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas—

(a) aon phlean bainisteoireachta aercháilíochta i ndáil leis an limistéar ina bhfuil an t-áitreabh suite,

(b) aon ordú um limistéar faoi rialú speisialta atá i ngníomh i ndáil leis an limistéar ina bhfuil an t-áitreabh suite,

(c) aon luach teorann astaíochta iomchuí,

(d) aon chaighdeán aercháilíochta iomchuí,

(e) na deiseanna a bheith ar fáil is gá chun an fógra a chomhlíonadh, agus

(f) an caiteachas a thabhófaí ag comhlíonadh an fhógra.

(3) Maidir le fógra de bhun an ailt seo—

(a) sonrófar ann na bearta is dóigh leis an údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra a bheith riachtanach chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú,

(b) ordóidh sé don duine ar seirbheáladh an fógra air cibé bearta a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(c) sonróidh sé tréimhse (nach lú ná ceithre lá dhéag ag tosú ar dháta seirbheála an fhógra) ar laistigh di a bheidh na bearta sin le déanamh.

(4) Maidir le fógra faoin alt seo—

(a) féadfar é a sheirbheáil cibé acu a bhí nó nach raibh ionchúiseamh ann mar gheall ar chion faoin Acht seo i ndáil leis an astaíocht lena mbaineann;

(b) ní dhéanfaidh sé dochar do thionscnamh ionchúisimh faoin Acht seo mar gheall ar chion i ndáil leis an astaíocht lena mbaineann.

(5) Duine ar seirbheáladh fógra faoin alt seo air féadfaidh sé, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra cibé uiríll i scríbhinn is cuí leis a dhéanamh chuig an údarás áitiúil i dtaobh théarmaí an fhógra agus féadfaidh an t-údarás áitiúil, tar éis dó aon uiríll den sórt sin a bhreithniú, an fógra a leasú nó a chúlghairm.

(6) Duine ar seirbheáladh fógra faoin alt seo air déanfaidh sé, laistigh den tréimhse shonraithe, ceanglais an fhógra, nó de réir mar a bheidh, an fhógra arna leasú, a chomhlíonadh.

(7) Mura ndéanann duine ar seirbheáladh fógra faoin alt seo air, ceanglais an fhógra a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó san fhógra arna leasú, de réir mar a bheidh, féadfaidh an t-údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra cibé bearta a dhéanamh is dóigh leis a bheith réasúnach agus riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar an fógra agus féadfaidh sé aon chaiteachas a thabhóidh sé leis sin a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh an fógra mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Cumhacht údaráis áitiúil bearta a dhéanamh chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú.

27. —(1) Aon uair is dóigh le húdarás áitiúil go bhfuil gá le bearta práinneacha chun cosc nó teorannú a dhéanamh ar thruailliú a fhearann ar aon chuid dá limistéar feidhme nó ar limistéar tadhlach, féadfaidh an t-údarás áitiúil cibé bearta a dhéanamh, cibé oibríochtaí a sheoladh nó cibé cúnamh a thabhairt is dóigh leis is gá chun an truailliú sin a chosc nó a theorannú nó chun iardraí aon truaillithe den sórt sin a leigheas.

(2) I gcás údarás áitiúil do dhéanamh beart, do sheoladh oibríochtaí nó do thabhairt cúnaimh faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil costais na mbeart, na n-oibríochtaí nó an chúnaimh sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ó cibé duine a ndeimhneoidh an t-údarás áitiúil don chúirt gurb é an duine é arb é a ghníomh nó a neamhghníomh ba chúis leis na bearta, leis na hoibríochtaí nó leis an gcúnamh sin.

Cumhacht na hArd-Chúirte i ndáil le truailliú aeir.

28. —(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt, le hordú, ar iarratas ó údarás áitiúil nó ó aon duine eile astaíocht a thoirmeasc nó a shrianadh ó aon áitreabh más deimhin leis an gCúirt—

(a) go dtiocfadh mórphriacal truaillithe aeir ón astaíocht sin (nach astaíocht atá de réir ceadúnais arna dheonú faoin Acht seo) do leanúint ar aghaidh, nó

(b) gur astaíocht í an astaíocht ó ghléasra tionscail de shárú ar théarmaí ceadúnais faoin Acht seo, nó

(c) gur astaíocht í an astaíocht ó ghléasra tionscail dá n-éilítear ceadúnas faoin Acht seo agus nár deonaíodh aon cheadúnas den sórt sin i ndáil léi.

(2) Maidir le hordú a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ar iarratas faoin alt seo, féadfaidh cibé forálacha a bheith ann is cuí leis an gCúirt agus féadfar, go háirithe, forálacha a bheith ar áireamh ann—

(a) á cheangal bearta sonracha a dhéanamh chun priacal truaillithe aeir a dhíbirt nó a laghdú;

(b) á cheangal ar aon duine aon ní a dhéanamh, nó gan é a dhéanamh, nó scor de bheith á dhéanamh, de réir mar a bheidh, is ní is dóigh leis an gCúirt is gá agus a shonróidh sí san ordú chun a chinntiú go bhfoirceannfar nó go srianfar an astaíocht lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, go mbeidh sí de réir aon cheadúnais iomchuí faoin Acht seo;

(c) i ndáil le híoc costas.

(3) Is trí fhoriarratas a dhéanfar iarratas ar ordú faoin alt seo agus nuair a bheidh an Ard-Chúirt ag breithniú an ábhair féadfaidh sí cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is cuí léi.

(4) Beidh éifeacht le hordú de chuid na hArd-Chúirte arna dhéanamh de bhun an ailt seo d'ainneoin théarmaí aon cheada arna thabhairt faoi aon achtachán eile i ndáil leis an áitreabh lena mbaineann.

Scéala a thabhairt faoi eachtra is cúis le truailliú aeir.

29. —(1) Ní mór d'áititheoir aon áitribh, seachas teaghais phríobháideach, a luaithe is féidir tar éis aon eachtra a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le truailliú aeir scéala i dtaobh na heachtra a thabhairt don údarás áitiúil iomchuí.

(2) San alt seo folaíonn “eachtra” astaíocht thionóisceach.

CUID III

Gléasra Tionscail a Cheadúnú

Ceadúnas chun gléasra tionscail a oibriú.

30. —(1) Ní oibreoidh duine gléasra tionscail seachas gléasra tionscail láithreach, ar cibé lá a bheidh forordaithe nó dá éis mura mbeidh ceadúnas faoin Acht seo i bhfeidhm i ndáil leis an ngléasra.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a fhoráil nach ndéanfar gléasra tionscail láithreach de cibé aicme a bheidh sonraithe sna rialacháin a oibriú ar cibé dáta a bheidh sonraithe amhlaidh nó dá éis mura mbeidh ceadúnas faoin Acht seo i bhfeidhm i ndáil leis an ngléasra.

(3) I gcás go dtiocfaidh rialacháin faoi fho-alt (2) i ngníomh, ansin, maidir le gléasra tionscail láithreach, lena mbaineann na rialacháin, a oibriú, measfar sa tréimhse sula ndeonaítear nó sula ndiúltaítear ceadúnas i ndáil leis an ngléasra, nár shárú é ar fhorálacha an Achta seo: ar choinníoll gurb amhlaidh, roimh an dáta a bheidh sonraithe sna rialacháin sin, go ndearnadh iarratas ar cheadúnas i leith an ghléasra sin agus gur chomhlíon an t-iarratasóir ar an gceadúnas ceanglais rialachán arna ndéanamh faoi alt 31 i ndáil leis an iarratas ar an gceadúnas.

Rialacháin maidir le ceadúnais.

31. —(1) Déanfaidh an tAire foráil, le rialacháin, maidir le húdaráis áitiúla do dheonú ceadúnas do dhaoine a dhéanann iarratas chuig an údarás áitiúil lena mbaineann agus a chomhlíonann ceanglais na rialachán i ndáil le hiarratais den sórt sin nó a chomhlíonann na ceanglais a rinneadh de bhun na rialachán sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) foirm an iarratais agus an cheadúnais;

(b) iarratasóirí d'fhoilsiú cibé fógraí a bheidh sonraithe;

(c) na pleananna, na doiciméid agus an fhaisnéis agus na sonraí eile a bheidh le cur isteach ag iarratasóirí a shonrú;

(d) a cheangal ar iarratasóirí cibé faisnéis nó, sonraí breise a thabhairt i ndáil lena n-iarratais a iarrfaidh an t-údarás áitiúil;

(e) a cheangal go dtabharfar fianaise ar aird chun aon fhaisnéis agus sonraí a thug iarratasóir a fhíorú;

(f) a cheangal ar údaráis áitiúla aon fhaisnéis shonraithe i ndáil le haon iarratais agus leis an modh inar déileáladh leo a thabhairt don Aire agus d'aon daoine sonraithe eile, nó aon fhógraí sonraithe a fhoilsiú i ndáil le hiarratais ar cheadúnais agus i ndáil le ceadúnais a dheonú nó a dhiúltú;

(g) an tréimhse a shonrú ar laistigh di a dhéileálfaidh údaráis áitiúla le hiarratais;

(h) a cheangal ar iarratasóir costas aon imscrúdaithe a sheol údarás áitiúil i ndáil le hiarratas a ghlanadh nó a pháirtghlanadh.

(3) (a) Más rud é, i ndáil le hiarratas ar cheadúnas, nó ar athbhreithniú ar cheadúnas faoin Acht seo, nó i ndáil le hachomharc ag éirí as iarratas den sórt sin, go ndéanfaidh duine ráiteas i scríbhinn is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

(b) Má chiontaítear duine i gcion faoin bhfo-alt seo, beidh aon cheadúnas a eisíodh chuig an duine sin de dhroim an iarratais nó an achomhairc ar i ndáil leis a tugadh an fhaisnéis arna chúlghairm ó dháta an chiontaithe.

(4) Maidir le glanadh nó páirtghlanadh costais a cheanglaítear a dhéanamh faoi rialacháin arna ndéanamh faoin alt seo, beidh an céanna iníoctha ar é á iarraidh agus, mura n-íocfar amhlaidh é, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Ceadúnais a dheonú.

32. —(1) Más rud é—

(a) go ndéantar iarratas ar cheadúnas faoin Acht seo chuig údarás áitiúil de réir rialachán faoi alt 31,

(b) gur comhlíonadh ceanglais na rialachán sin nó na ceanglais a rinneadh de bhun na rialachán sin,

féadfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir alt 35 (2), a chinneadh an ceadúnas a dheonú faoi réir coinníollacha nó gan choinníollacha nó an t-iarratas a dhiúltú.

(2) Nuair a bheidh údarás áitiúil ag breithniú iarratais ar cheadúnas faoin Acht seo, beidh aird aige ar na nithe seo—

(a) aon phlean bainisteoireachta aercháilíochta a bheidh i bhfeidhm i ndáil leis an limistéar lena mbaineann, agus

(b) aon ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bheidh i ngníomh i ndáil leis an limistéar sin.

(3) Ní dheonóidh údarás áitiúil ceadúnas i ndáil le gléasra tionscail mura deimhin leis—

(a) go mbainfear leas as an dóigh is fearr is féidir le haon astaíochtaí ón ngléasra a chosc nó a theorannú,

(b) go gcomhlíonfaidh aon astaíochtaí ón ngléasra aon luach teorann astaíochta iomchuí,

(c) nach dtiocfaidh de thoradh aon astaíochtaí ón ngléasra go sárófar aon chaighdeán aercháilíochta iomchuí,

agus, más iomchuí, cuirfidh an t-údarás áitiúil coinníollacha i ndáil leis na hábhair a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) i gceangal leis an gceadúnas.

(4) Gan dochar go ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (3), féadfaidh coinníollacha a bheidh i gceangal le ceadúnas faoin Acht seo—

(a) cineál, comhdhéanamh, teocht, toirt, ráta agus suíomh astaíochta a shonrú;

(b) na tréimhsí a shonrú a bhféadfar, nó nach bhféadfar, astaíocht a dhéanamh lena linn;

(c) tiúchan truailleáin in aer na timpeallachta, nó ráta taiscthe, nach sárófar, a shonrú;

(d) aon ábhair a shonrú a bhaineann le dearadh, déanamh agus airde na simléar, na múchán, na gcruach nó na n-easraisí eile trína ndéanfar astaíocht;

(e) na dóigheanna a shonrú (lena n-áirítear gléasra, trealamh agus saoráidí eile a sholáthar, a oibriú, a chothabháil agus a mhaoirsiú agus nósanna imeachta sonraithe a úsáid) a mbeidh leas le baint astu chun astaíocht a rialú;

(f) a cheangal go ndéanfar méadair, tomhsairí agus gairis agus deiseanna eile chun monatóireacht a dhéanamh ar chineál, méid agus iardraí astaíochtaí a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil;

(g) a cheangal go dtógfar agus go n-anailíseofar samplaí, go ndéanfar tomhais, go gcoimeádfar taifid agus go dtabharfar faisnéis don údarás áitiúil nó d'aon duine eile a bheidh sonraithe;

(h) na bearta a shonrú a thógfar má tharlaíonn cliseadh do ghléasra tionscail a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'astaíochtaí ón ngléasra;

(i) an cineál breosla a shonrú a úsáidfear nó nach n-úsáidfear, de réir mar a bheidh;

(j) a cheangal go ndéanfar íocaíochtaí leis an údarás áitiúil lena mbaineann i ndáil le costais a thabhófar ag monatóireacht astaíochtaí nó ar shlí eile i ndáil le hastaíochtaí;

(k) an dáta is déanaí a shonrú chun aon choinníollacha atá i gceangal leis an gceadúnas a chomhlíonadh.

(5) Más rud é, tar éis d'údarás áitiúil iarratas ar cheadúnas faoin Acht seo a bhreithniú, go gcinnfidh sé—

(a) go ndeonófar an ceadúnas, tabharfaidh sé scéala láithreach don iarratasóir i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh aon choinníollacha a bheidh i gceangal leis an gceadúnas agus i dtaobh na bhfáthanna a bhí le haon choinníollacha den sórt sin a chur i gceangal amhlaidh, nó

(b) nach ndeonófar an ceadúnas, tabharfaidh sé scéala láithreach don iarratasóir i dtaobh an chinnidh agus i dtaobh na bhfáthanna a bhí leis an gcinneadh.

Ceadúnais a athbhreithniú.

33. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil ceadúnas faoin Acht seo a athbhreithniú tráth ar bith le toiliú an cheadúnaí, nó tráth nach luaithe n afada/> trí bliana ón dáta a deonaíodh an ceadúnas nó, de réir mar a bheidh, ón dáta a athbhreithníodh an ceadúnas don uair dheiridh.

(2) A luaithe is féidir tar éis dó athbhreithniú faoin alt seo a chur i gcrích, féadfaidh údarás áitiúil a chinneadh ceadúnas athleasaithe a dheonú de bhun an Achta seo in ionad an cheadúnais a athbhreithníodh.

(3) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon fhorála i gceadúnas faoin Acht seo—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh ceadúnas den sórt sin é a athbhreithniú—

(i) má bhíonn foras réasúnach ag an údarás áitiúil chun a chreidiúint go bhfuil aon astaíocht ón ngléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas ina mórphriacal truaillithe aeir, nó

(ii) má tháinig athrú ábhartha ar chineál nó ar mhéid na hastaíochta, nó

(iii) má tháinig athrú ábhartha, nárbh fhéidir coinne a bheith leis an tráth a deonaíodh an ceadúnas, ar an aercháilíocht sa limistéar ina bhfuil an gléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas, nó

(iv) má bhíonn fianaise bhreise agus níos fearr, nach raibh ar fáil an tráth a deonaíodh an ceadúnas, ar fáil maidir le truailleán atá i láthair san astaíocht lena mbaineann nó maidir le hiardraí an truailleáin sin, nó

(v) má dhéanann an ceadúnaí iarratas chuig an údarás áitiúil lena mbaineann chun an ceadúnas a athbhreithniú;

(b) más rud é—

(i) go mbeidh luach teorann astaíochta iomchuí sonraithe i rialacháin faoi alt 51 i ndáil le haon truailleán a astaítear ón ngléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas, nó

(ii) go mbeidh caighdeán aercháilíochta iomchuí sonraithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 50 i ndáil le haon truailleán a astaítear ón ngléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas, nó

(iii) go dtiocfaidh ordú um limistéar faoi rialú speisialta a fhearann ar aon truailleán a astaítear ón ngléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas i ngníomh i ndáil leis an limistéar ina bhfuil an gléasra tionscail suite, nó

(iv) go n-eiseoidh an tAire aon treoracha ina sonróidh sé an dóigh is fearr is féidir chun astaíocht lena mbaineann an ceadúnas a chosc nó a theorannú,

déanfaidh an t-údarás áitiúil, a luaithe is féidir tar éis na rialacháin a dhéanamh, an t-ordú a theacht i ngníomh nó na treoracha a thabhairt, de réir mar a bheidh, an ceadúnas a athbhreithniú,

agus beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hathbhreithniú faoin bhfo-alt seo.

(4) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críche an ailt seo.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin bhfo-alt seo i ndáil le haon cheann nó gach ceann de na hábhair seo a leanas—

(i) an t-údarás áitiúil do thabhairt fógra go bhfuil sé i gceist aige ceadúnas a athbhreithniú,

(ii) a cheangal ráiteas a thabhairt i bhfógra den sórt sin go bhféadfar uiríll i ndáil leis an athbhreithniú a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe, agus

(iii) a cheangal ar údaráis áitiúla aon fhógraí sonraithe a fhoilsiú maidir le cinneadh ceadúnas athleasaithe a dheonú.

(5) Nuair a bheidh ceadúnas á athbhreithniú faoin alt seo, beidh aird ag údarás áitiúil ar na nithe seo a leanas—

(a) aon athrú ar aercháilíocht ina limistéar feidhme, agus

(b) forbairt an eolais teicniúil i ndáil le truailliú aeir agus iardraí truailleán.

Achomhairc.

34. —(1) Féadfaidh aon duine, tráth ar bith sula rachaidh an tréimhse fhorordaithe in éag, achomharc a dhéanamh chun an Bhoird Pleanála i ndáil le ceadúnas a dheonú nó a dhiúltú faoi alt 32, nó i ndáil le ceadúnas athleasaithe a dheonú faoi alt 33.

(2) Tar éis don Bhord Pleanála achomharc a bhreithniú faoin alt seo, déanfaidh sé (de réir mar is cuí leis) an t-achomharc a dhiúltú nó treoracha cuí a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann i ndáil le ceadúnas a dheonú nó a dhiúltú agus, i gcás treoracha den sórt sin a thabhairt, ní mór don údarás áitiúil lena mbaineann déanamh de réir na dtreoracha a luaithe is féidir tar éis iad a fháil.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, foráil a dhéanamh le haghaidh aon ábhar gnáthaimh i ndáil le hachomharc faoin alt seo.

(4) Maidir le rialacháin faoin alt seo féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha, iarmhartacha agus idirlinne (lena n-áirítear modhnú ar aon fhoráil de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, nó cur chun feidhme aon fhorála de na hAchtanna sin) a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá.

Táillí.

35. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a dhéanfaidh foráil—

(a) maidir le táillí forordaithe a íoc le húdaráis áitiúla i ndáil le hiarratais—

(i) ar cheadúnais faoin Acht seo, nó

(ii) ar athbhreithnithe ar cheadúnais faoi alt 33.

(b) maidir le táillí forordaithe a íoc leis an mBord Pleanála i ndáil le hachomhairc faoi alt 34,

agus féadfar foráil a dhéanamh leis na rialacháin maidir le táillí éagsúla i ndáil le cásanna d'aicmí nó de thuairiscí éagsúla, maidir le díolmhú ó tháillí a íoc in imthosca sonraithe, maidir le táillí a tharscaoileadh, a loghadh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) in imthosca sonraithe agus maidir leis an modh ina ndiúscrófar táillí.

(2) Más rud é faoi rialacháin faoin alt seo go mbeidh táille iníoctha le húdarás áitiúil ag iarratasóir i leith iarratais dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní chinnfidh an t-údarás an t-iarratas mura mbeidh an táille faighte ag an údarás.

(3) Más rud é faoi rialacháin faoin alt seo go mbeidh táille iníoctha leis an mBord Pleanála ag achomharcóir i leith achomhairc aige chuig an mBord Pleanála, beidh an t-achomharc neamhbhailí mura bhfaighidh An Bord Pleanála an táille fhorordaithe roimh éag don tréimhse fhorordaithe chun an t-achomharc a dhéanamh.

Teorainn le ré ceadúnais.

36. —(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é, maidir le gléasra tionscail lena mbaineann ceadúnas faoin Acht seo—

(a) nach mbeidh oibríochtaí tosaithe aige laistigh de thrí bliana ón dáta a deonaíodh an ceadúnas, nó

(b) go mbeidh scortha d'oibríochtaí aige ar feadh tréimhse tri bliana ar a laghad,

scoirfidh an ceadúnas d'éifeacht a bheith leis.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) má deonaíodh ceadúnas sular foirgníodh gléasra tionscail nó sular thosaigh gléasra tionscail ar na hoibríochtaí, agus i gcás gur deimhin leis an údarás áitiúil, ag féachaint do chineál agus do mhéid na n-oibreacha foirgníochta agus d'aon chúinsí iomchuí eile, gur chóir don cheadúnas leanúint i bhfeidhm go ceann cibé tréimhse is dóigh leis an údarás áitiúil is réasúnach, ag féachaint do na himthosca uile.

Athrú ar úinéireacht gléasra tionscail.

37. —(1) I gcás ceadúnas a dheonú faoin Acht seo ansin, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an gceadúnas, faibhreoidh deonú an cheadúnais chun tairbhe don ghléasra tionscail agus do gach duine a mbeidh leas aige ann de thuras na huaire, ach sin gan dochar d'fhorálacha alt 33 i ndáil le hathbhreithniú an cheadúnais.

(2) Más rud é maidir le duine dár deonaíodh ceadúnas faoin Acht seo, go scoirfidh sé dá leas sa ghléasra tionscail lena mbaineann an ceadúnas a shealbhú nó go n-aistreoidh sé an leas sin chuig duine eile, tabharfaidh sé fógra láithreach don údarás áitiúil a dheonaigh an ceadúnas—

(a) á rá nach sealbhaíonn sé leas feasta sa ghléasra tionscail lena mbaineann, agus

(b) i dtaobh ainm an duine ar aistríodh a leas sa ghléasra chuige.

Athruithe i ngléasra tionscail.

38. —(1) Ní mór d'áititheoir gléasra tionscail—

(a) is gléasra a bhfuil ceadúnas i bhfeidhm ina leith faoin Acht seo, nó

(b) is gléasra tionscail láithreach nach gceanglaítear a oibriú a cheadúnú faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 30,

fógra a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá an gléasra tionscail suite má bheartaíonn sé—

(i) aon athrú nó athfhoirgniú a dhéanamh ar an ngléasra, nó

(ii) aon athrú a dhéanamh ar na próisis a bheidh á seoladh ann,

agus go gcuirfeadh nó gur dócha go gcuirfidh an t-athrú nó an t-athfhoirgniú sin go suntasach le hastaíochtaí ón ngléasra nó go dtiocfadh, nó gur dócha go dtiocfaidh, astaíochtaí nua ón ngléasra dá mbarr.

(2) Aon uair a gheobhaidh údarás áitiúil fógra faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo—

(a) má bhíonn ceadúnas i bhfeidhm maidir leis an ngléasra tionscail lena mbaineann, an ceadúnas a athbhreithniú faoi alt 33 nó a ordú don áititheoir iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua, nó

(b) mura mbeidh aon cheadúnas den sórt sin i bhfeidhm, a ordú don áititheoir iarratas a dhéanamh ar cheadúnas,

agus ní dhéanfaidh an t-áititheoir an t-athrú nó an t-athfhoirgniú go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú curtha i gcrích nó go mbeidh an ceadúnas nua nó an ceadúnas, de réir mar a bheidh, deonaithe.

(3) I gcás go gcinnfidh údarás áitiúil de bhun fho-alt (2) ar cheadúnas a athbhreithniú nó ar ordú a thabhairt don áititheoir lena mbaineann, iarratas a dhéanamh ar cheadúnas nua nó, de réir mar a bheidh, ar cheadúnas, cuirfidh an t-údarás áitiúil an méid sin i bhfios don áititheoir lena mbaineann laistigh de mhí amháin ón dáta a fuair sé an fógra faoin alt seo agus mura gcuirfear an méid sin i bhfios don áititheoir sin, scoirfidh fo-alt (2) d'éifeacht a bheith leis i ndáil leis an athrú nó leis an athfhoirgniú a shonraítear san fhógra.

CUID IV

Limistéir faoi Rialú Speisialta

Limistéir faoi rialú speisialta.

39. —(1) Aon uair a dhealraíonn sé d'údarás áitiúil gur chóir, d'fhonn truailliú aeir a chosc nó a theorannú, a dhearbhú maidir le hiomlán a limistéir feidhme nó aon chuid de gur limistéar faoi rialú speisialta é, féadfaidh sé ordú a dhéanamh faoin alt seo (dá ngairtear “ordú um limistéar faoi rialú speisialta” san Acht seo).

(2) Nuair a bheidh údarás áitiúil ag cinneadh an gá nó an fóirsteanach ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh i ndáil le haon limistéar, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas—

(a) minicíocht an truaillithe aeir sa limistéar agus an chúis atá leis, agus

(b) aon phlean bainisteoireachta aercháilíochta a bheidh i bhfeidhm i ndáil leis an limistéar, agus

(c) aon chaighdeán aercháilíochta iomchuí, agus

(d) na deiseanna is gá chun an t-ordú a chomhlíonadh a bheith ar fáil, agus

(e) an caiteachas a thabhófaí ag comhlíonadh an ordaithe.

(3) Sonrófar in ordú um limistéar faoi rialú speisialta—

(a) an limistéar lena mbaineann sé,

(b) an truailleán a mbaineann sé leis, agus

(c) na bearta a bheidh le déanamh agus na ceanglais a mbeidh éifeacht leo sa limistéar lena mbaineann an t-ordú.

(4) Féadfaidh an tAire, más dóigh leis gur fóirsteanach déanamh amhlaidh d'fhonn truailliú aeir a chosc nó a theorannú, ag féachaint d'fhorálacha mhíreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (2), treoir a thabhairt d'údarás áitiúil ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh i ndáil le cibé limistéar agus cibé truailleán a bheidh sonraithe sa treoir agus féadfaidh an tAire, más cuí leis, treoir bhreise a thabhairt gur chóir a shonrú leis an ordú go ndéanfar bearta áirithe agus go mbeidh éifeacht le ceanglais áirithe sa limistéar sin agus comhlíonfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann aon treoir de chuid an Aire a thabharfar faoin bhfo-alt seo laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa treoir.

(5) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú aon údaráis áitiúil eile lena mbaineann, ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh i ndáil le limistéar atá laistigh de limistéar feidhme an údaráis eile.

(6) (a) Faoi réir mhí (b), féadfaidh údarás áitiúil, le hordú faoi fho-alt (1), ordú um limistéar faoi rialú speisialta a chúlghairm nó a leasú.

(b) Ní fhéadfaidh údarás áitiúil ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanfar de bhun treorach ón Aire faoi fho-alt (4) a chúlghairm nó a leasú ach amháin le toiliú an Aire.

(7) Déanfaidh údarás áitiúil, ó am go ham agus uair amháin ar a laghad gach cúig bliana, gach ordú um limistéar faoi rialú speisialta a rinne sé, agus a bheidh fós i ngníomh, a athbhreithniú d'fhonn a chinneadh an gá nó an inmhianaithe an t-ordú a chúlghairm nó a leasú.

(8) Is feidhm fhorchoimeádta a bheidh ann ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh, a chúlghairm nó a leasú agus toiliú a thabhairt faoi fho-alt (5) le hordú den sórt sin a dhéanamh.

Orduithe um limistéar faoi rialú speisialta.

40. —(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 39 (3), féadfar foráil a dhéanamh le hordú um limistéar faoi rialú speisialta le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a) toirmeasc a chur, faoi réir cibé eisceachtaí nó teorainneacha a shonrófar, ar thruailleán sonraithe a astú ó aicmí nó ó thuairiscí sonraithe áitreabh;

(b) toirmeasc a chur, faoi réir cibé eisceachtaí nó teorainneacha a shonrófar, ar aon bhreosla seachas breosla údaraithe a dhó seachas i dtinteán údaraithe;

(c) toirmeasc a chur, faoi réir cibé eisceachtaí nó teorainneacha a shonrófar, ar thuí, fuíoll nó aon substaint eile a dhó;

(d) forálacha éagsúla a dhéanamh, ag féachaint do na himthosca go léir, le haghaidh codanna éagsúla den limistéar lena mbaineann an t-ordú agus le haghaidh áitreabh éagsúil nó aicmí éagsúla áitreabh;

(e) cibé áitribh nó cibé aicmí áitreabh a shonrófar, a dhíolmhú, fara nó d'uireasa coinníollacha, ó cheanglais uile an ordaithe nó ó aon cheanglais acu;

(f) cibé tinteáin nó cibé aicmí tinteán a shonrófar, a dhíolmhú, fara nó d'uireasa coinníollacha, ó cheanglais uile an ordaithe nó ó aon cheanglais acu;

(g) na cineálacha nó na cáilíochtaí breoslaí a shonrú a dhófar nó nach ndófar i cibé tinteáin nó aicmí tinteán a shonrófar;

(h) na coinníollacha a shonrú ar faoina réir, nó na críocha a shonrú ar lena n-aghaidh, a fhéadfar breoslaí nó aicmí breoslaí sonraithe a dhó sa limistéar faoi rialú speisialta;

(i) toirmeasc a chur ar cibé oibríochtaí nó próisis a bheidh sonraithe a sheoladh sa limistéar faoi rialú speisialta nó an seoladh sin a theorannú nó na coinníollacha a shonrú a bhféadfar na hoibríochtaí nó na próisis sin a sheoladh fúthu;

(j) toirmeasc nó srianadh a chur ar bhreoslaí sonraithe nó ar aicmí breoslaí sonraithe a dhíol nó a sheachadadh i limistéar faoi rialú speisialta.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú maidir le haon aicme áirithe tinteán gur tinteán údaraithe chun críocha ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bheidh ann, faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar sna rialacháin.

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a dhearbhú maidir le haon chineál áirithe breosla gur breosla údaraithe é chun críocha ordú um limistéar faoi rialú speisialta.

(4) Aon duine a sháróidh aon fhoráil de chuid ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bheidh i ngníomh beidh sé ciontach i gcion.

(5) In aon imeachtaí maidir le sárú ar ordú um limistéar faoi rialú speisialta agus lena mbaineann astaíocht truailleáin, is cosaint mhaith é a shuíomh—

(a) nárbh é ba chúis le hastaíocht an truailleáin breosla seachas breosla údaraithe a úsáid;

(b) gurbh é ba chúis le hastaíocht an truailleáin breosla seachas breosla údaraithe a dhó i dtinteán údaraithe de réir na gcoinníollacha (más ann) ar faoina réir a dearbhaíodh gur tinteán údaraithe an tinteán.

Ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingniú.

41. —(1) A luaithe is féidir tar éis d'údarás áitiúil ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh, foilseoidh sé, i nuachtán nó i nuachtafada/>in a bheidh i gcúrsaíocht sa limistéar lena mbaineann an t-ordú, fógra—

(a) á rá go ndearnadh ordú um limistéar faoi rialú speisialta agus a shonróidh an limistéar lena mbaineann an t-ordú;

(b) ag ainmniú áite ina bhféadfaidh aon duine leasmhar cóip den ordú agus aon léarscáil nó plean dá dtagraítear ann a iniúchadh saor in aisce;

(c) a shonróidh na tráthanna agus an tréimhse, is tréimhse míosa ar a laghad, ar lena linn a fhéadfar an t-ordú, an léarscáil agus an plean (más ann) a iniúchadh amhlaidh;

(d) a shonróidh an tréimhse, is tréimhse míosa ar a laghad, ar laistigh di a fhéadfaidh aon duine ar a bhfearann an -ordú agóidí a dhéanamh ina choinne agus an modh ar a bhféadfaidh duine den sórt sin agóidí a dhéanamh amhlaidh;

(e) á rá nach dtiocfaidh an t-ordú i ngníomh go dtí go ndaingneoidh an tAire é;

(f) á rá go ndéanfaidh an tAire, sa chás go ndéanfar agóidí go cuí in aghaidh an ordaithe agus nach dtarraingeofar siar iad, a chur faoi deara, sula ndaingneoidh sé an t-ordú nó sula ndiúltóidh sé é a dhaingniú, éisteacht ó bhéal a thionól ina dtabharfar an deis éisteacht a fháil d'aon duine a mbeidh, laistigh den tréimhse a sonraíodh san fhógra, agóid déanta aige in aghaidh an ordaithe.

(2) A luaithe is féidir tar éis don tréimhse chun agóidí a dhéanamh a bheith caite, déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a tharchur chuig an Aire lena dhaingniú agus, nuair a bheidh sé ag tarchur an ordaithe amhlaidh, tarchuirfidh sé chuig an Aire freisin aon agóidí a rinneadh laistigh den tréimhse shonraithe agus nach mbeidh tarraingthe siar.

(3) I gcás nach mbeidh aon agóidí déanta, laistigh den tréimhse shonraithe, in aghaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh nó i gcás gach agóid den sórt sin a bheith tarraingthe siar, féadfaidh an tAire—

(a) an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingniú le hordú, fara nó d'uireasa modhnuithe, nó

(b) diúltú an t-ordú a dhaingniú, nó

(c) más dóigh leis go bhfuil sé inmhianaithe sin a dhéanamh, a chur faoi deara éisteacht ó bhéal a thionól i ndáil leis an ordú sula ndaingneoidh sé an t-ordú nó sula ndiúltóidh sé é a dhaingniú.

(4) I gcás agóidí a bheith déanta, laistigh den tréimhse shonraithe, in aghaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhéanamh agus nach mbeidh na hagóidí sin tarraingthe siar cuirfidh an tAire faoi deara éisteacht ó bhéal a thionól i ndáil leis an ordú agus tabharfaidh sé deis do gach duine a rinne agóid go cuí in aghaidh an ordaithe éisteacht a fháil.

(5) Nuair a bheidh tuarascáil (lena n-áirítear aon mholadh inti) an duine a thionól an éisteacht ó bhéal breithnithe ag an Aire, féadfaidh sé, le hordú, an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingniú, fara nó d'uireasa modhnuithe, nó féadfaidh sé diúltú é a dhaingniú.

(6) Nuair a bheidh an tAire ag cinneadh cibé acu a dhaingneoidh sé ordú um limistéar faoi rialú speisialta nó nach ndaingneoidh, beidh aird aige ar fhorálacha mhíreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'alt 39 (2).

(7) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo ag daingniú ordú um limistéar faoi rialú speisialta sonróidh sé dáta, nach déanaí ná sé mhí tar éis dháta déanta an ordaithe daingniúcháin, ar a dtiocfaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta i ngníomh: ar choinníoll i gcónaí maidir leis an dáta a bheidh sonraithe amhlaidh i ndáil le hordú um limistéar faoi rialú speisialta—

(a) a chúlghaireann ordú um limistéar faoi rialú speisialta roimhe sin, nó

(b) a dhíolmhaíonn limistéir shonraithe nó foirgnimh shonraithe nó aicmí sonraithe foirgneamh ó gach ceann nó ó aon cheann de cheanglais an ordaithe um limistéar faoi rialú speisialta,

go bhféadfadh gurb ionann an dáta sin agus dáta déanta an ordaithe daingniúcháin nó aon dáta tar éis an dáta sin.

(8) Déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann fógra i dtaobh ordú a dhéanamh ag daingniú ordú um limistéar faoi rialú speisialta agus i dtaobh an dáta a thiocfaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta i ngníomh a fhoilsiú, a thabhairt nó a sheirbheáil i cibé slí a ordóidh an tAire.

Éisteachtaí ó bhéal.

42. —(1) Is duine arna cheapadh ag an Aire chun na críche sin a stiúrfaidh éisteacht ó bhéal i ndáil le hordú um limistéar faoi rialú speisialta a thionólfar de bhun alt 41 (3) nó (4).

(2) Féadfaidh duine a bheidh ag stiúradh éisteachta ó bhéal a cheangal ar aon oifigeach de chuid údaráis áitiúil lena mbaineann aon fhaisnéis a éileoidh sé go réasúnach chun críche na héisteachta a thabhairt dó agus beidh sé mar dhualgas ar an oifigeach lena mbaineann déanamh de réir an cheanglais.

(3) (a) Féadfaidh duine a bheidh ag stiúradh éisteachta ó bhéal cuairt a thabhairt ar áitreabh agus é a iniúchadh chun aon chríche is dóigh leis is gá i ndáil leis an ordú um limistéar faoi rialú speisialta arb é is ábhar don éisteacht.

(b) Beidh aon duine ciontach i gcion a bhacfaidh feidhmiú cumhachta a thugtar leis an bhfo-alt seo.

(4) Féadfaidh duine a bheidh ag stiúradh éisteachta ó bhéal fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus féadfaidh sé chun na críche sin daoine a chur faoi mhionn, agus beidh duine a bheidh ag tabhairt fianaise i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh sé ina dteideal dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(5) (a) Faoi réir mhír (b), féadfaidh duine a bheidh ag stiúradh éisteachta ó bhéal, trí fhógra i scríbhinn sa chéill sin chuig duine ar bith, a cheangal ar an duine sin freastal cibé tráth agus ionad a bheidh sonraithe san fhógra chun fianaise a thabhairt i ndáil le haon ábhar a bheidh i gceist ag an éisteacht nó aon leabhair, gníomhais, conarthaí, léarscáileanna, pleananna, nó doiciméid eile a thabhairt ar aird a bheidh ina sheilbh, faoina choimeád nó faoina rialú agus a bhaineann le haon ábhar den sórt sin.

(b) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha na míre sin roimhe seo:

(i) ní gá do dhuine freastal de réir fógra in ionad a bheidh níos mó ná deich míle slí óna ghnáth-áit chónaithe mura mbeifear tar éis cibé suim a chlúdóidh na costais réasúnacha agus riachtanacha a bhaineann leis an bhfreastal a íoc leis nó a thairiscint dó;

(ii) déanfaidh an t-údarás áitiúil, ar iarratas ón duine a bheidh ag stiúradh na héisteachta ó bhéal, cibé suim a íoc le haon duine nó a thairiscint d'aon duine a gceanglaítear air freastal is suim a mheasfaidh an duine a bheidh ag stiúradh na héisteachta a chlúdóidh na costais réasúnacha agus riachtanacha a bhaineann leis an bhfreastal;

(iii) maidir le haon duine a d'fhreastail de réir fógra ar aon áit déanfaidh an t-údarás áitiúil, ach amháin sa mhéid gur íocadh leis cheana na costais réasúnacha agus riachtanacha a bhain leis an bhfreastal, na costais sin a íoc leis, agus beidh na costais sin ach amháin mar a dúradh, mura n-íocfar amhlaidh iad, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla;

(iv) gach duine dár tugadh fógra agus a dhiúltóidh nó a fhailleoidh go toiliúil freastal de réir an fhógra nó a dhéanfaidh go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a athrú, a cheilt, a fholú nó a scriosadh nó tar éis dó freastal amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbaineann an fógra a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion.

(6) I gcás go ndéanfar éisteacht ó bhéal a stiúradh thar ceann an Aire faoin Acht seo ag duine a bheidh arna cheapadh chun na críche ag an Aire, tabharfaidh an duine a bheidh ceaptha amhlaidh don Aire tuarascáil i scríbhinn ar an éisteacht agus áireoidh sé ina thuarascáil moladh i dtaobh an ábhair lenar bhain an éisteacht.

Ordú um limistéar faoi rialú speisialta a mhaolú nó a fhionraí.

43. —(1) Más rud é, tráth ar bith, gur dóigh leis an Aire gur gá sin a dhéanamh, féadfaidh sé, le hordú, oibriú ordaithe um limistéar faoi rialú speisialta a fhionraí nó a mhaolú i ndáil le hiomlán limistéir faoi rialú speisialta nó i ndáil le haon chuid de, go ceann cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1), rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbaineann, ach amháin sa chás nárbh fhéidir dul i gcomhairle amhlaidh de bharr phráinn na hócáide.

(3) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo (lena n-áirítear faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm le hordú.

(4) Ní mór d'údarás áitiúil fógra a fhoilsiú ar cibé modh a ordóidh an tAire, á rá go ndearnadh ordú faoin alt seo.

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal athruithe a dhéanamh ar áitribh.

44. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an duine ar dóigh leis gurb é is úinéir nó áititheoir ar áitreabh—

(a) atá laistigh de limistéar faoi rialú speisialta, nó

(b) a bheidh, nuair a thiocfaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta a dhaingnigh an tAire i ngníomh, laistigh de limistéar den sórt sin,

a cheangal ar úinéir nó áititheoir an áitribh cibé athruithe ar an áitreabh a dhéanamh a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Maidir le fógra faoi fho-alt (1)—

(a) sonrófar ann na hoibreacha is dóigh leis an údarás áitiúil a bheith riachtanach chun go gcomhlíonfar an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta;

(b) ordóidh sé don duine ar a seirbheálfar an fógra cibé oibreacha a bheidh sonraithe san fhógra a sheoladh nó a chur faoi deara iad a sheoladh;

(c) sonrófar ann tréimhse (is tréimhse nach giorra ná ocht lá is fiche dar tús dáta seirbheála an fhógra agus dar críoch tráth nach luaithe ná an dáta a thiocfaidh an t-ordú um limistéar faoi rialú speisialta i ngníomh) ar laistigh di a bheidh na hoibreacha sin le cur i gcrích;

(d) sonrófar ann go bhféadfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra uiríll i scríbhinn i ndáil le téarmaí an fhógra a dhéanamh chun an údaráis áitiúil laistigh den tréimhse a bheidh luaite san fhógra.

(3) Ní mór don údarás áitiúil breithniú a dhéanamh ar aon uiríll a dhéanfar chuige go cuí laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus más dóigh leis, tar éis dó na huiríll sin a bhreithniú, go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, féadfaidh sé an fógra a leasú nó a chúlghairm.

(4) Ní mór do dhuine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo ceanglais an fhógra nó, de réir mar a bheidh, ceanglais an fhógra arna leasú a chomhlíonadh laistigh den tréimhse shonraithe.

(5) I gcás nach ndéanfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo ceanglais an fhógra nó, de réir mar a bheidh, ceanglais an fhógra arna leasú, a chomhlíonadh laistigh den tréimhse a sonraíodh, féadfaidh an t-údarás áitiúil a sheirbheáil an fógra cibé bearta a dhéanamh is dóigh leis a bheith réasúnach agus riachtanach chun an comhlíonadh sin a urrú.

(6) Féadfaidh údarás áitiúil aon chaiteachais a tabhaíodh de bhíthin fheidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le fo-alt (5) a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

Cúnamh airgid le haghaidh oibreacha áirithe.

45. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun cúnamh airgid a thabhairt i ndáil le hiomlán na gcostas, nó i ndáil le haon chuid de na costais, a thabhóidh úinéir nó áititheoir áitribh a bheidh suite laistigh de limistéar faoi rialú speisialta chun go gcomhlíonfaidh an t-áitreabh ceanglais ordaithe um limistéar faoi rialú speisialta nó fógra faoi alt 44.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le scéim faoin alt seo:

(a) féadfar a fhoráil le scéim den sórt sin go ndéanfaidh údarás áitiúil nó cibé duine nó comhlacht eile (lena n-áirítear an tAire) a shonrófar sa scéim í a riaradh go hiomlán nó go páirteach;

(b) féadfar a fhoráil le scéim den sórt sin go gcinnfidh an tAire nó aon duine eile (lena n-áirítear eadránaí) aon díospóid a éireoidh maidir le teideal aon duine chun aon chúnaimh airgid is iníoctha faoin scéim nó maidir le méid aon chúnaimh airgid den sórt sin;

(c) foilseofar fógra ar cibé modh is dóigh leis an Aire is iomchuí á rá go ndearnadh scéim den sórt sin.

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim a rinne sé faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

CUID V

Pleananna Bainisteoireachta Aercháilíochta agus Caighdeáin Aercháilíochta

Pleananna bainisteoireachta aercháilíochta.

46. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, agus i gcás go n-ordaíonn an tAire amhlaidh ní mór dó, plean (dá ngairtear “plean bainisteoireachta aercháilíochta” san Acht seo) a dhéanamh, i ndáil le hiomlán a limistéir feidhme nó i ndáil le cuid de chun an aercháilíocht sa limistéar lena mbaineann an plean sin a chaomhnú nó a fheabhsú.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, ó am go ham de réir mar is gá de réir na hócáide, agus ní mór dó uair amháin ar a laghad gach cúig bliana tar éis an dáta a ndéanfar plean bainisteoireachta aercháil ifada/>ochta, an plean a athbhreithniú agus aon chlaochluithe a dhéanamh ann (cibé acu ar mhodh athrú, breisiú nó scriosadh) is dóigh leis is cuí nó plean nua a chur ina ionad.

(3) Féadfaidh dhá údarás áitiúla nó níos mó, i ndáil le hiomlán a limistéar feidhme nó le haon chuid díobh, plean bainisteoireachta aercháilíochta a dhéanamh i gcomhpháirt agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) maidir le haon phlean den sórt sin.

(4) Beidh i bplean bainisteoireachta aercháilíochta cibé cuspóirí is dóigh leis an údarás áitiúil lena mbaineann a bheith réasúnach agus riachtanach chun truailliú aeir a chosc nó a theorannú nó chun an aercháilíocht sa limistéar lena mbaineann an plean sin a chaomhnú nó a fheabhsú ach ní bheidh ann aon chuspóir a bheadh ar neamhréir le haon rialachán arna dhéanamh faoi ailt 50 nó 51 nó le haon ordú um limistéar faoi rialú speisialta a bheidh i ngníomh i ndáil leis an limistéar sin.

(5) Is feidhm fhorchoimeádta é plean bainisteoireachta aercháilíochta a dhéanamh, a athbhreithniú, a chlaochlú nó plean bainisteoireachta aercháilíochta eile a chur ina ionad.

Cumhacht an Aire i ndáil le plean bainisteoireachta aercháilíochta.

47. —Féadfaidh an tAire—

(a) a ordú d'údarás áitiúil, nó do dhá údarás áitiúla nó níos mó i gcomhpháirt, plean bainisteoireachta aercháilíochta a dhéanamh;

(b) a cheangal ar údarás áitiúil nó de réir mar a bheidh, ar dhá údarás áitiúla nó níos mó, plean bainisteoireachta aercháilíochta a rinne siad nó a rinne siad i gcomhpháirt a chlaochlú (cibé acu trí athrú, breisiú nó scriosadh) ar cibé modh a shonróidh an tAire nó plean nua a chur in ionad an phlean;

(c) a cheangal maidir le plean bainisteoireachta aercháilíochta a rinne dhá údarás áitiúla nó níos mó nó a bheidh le déanamh ag dhá údarás áitiúla nó níos mó, go ndéanfaí é a chomhordú ar cibé modh agus i ndáil le cibé nithe a shonróidh an tAire;

agus déanfaidh údarás áitiúil gach ordú nó ceanglas den sórt sin ón Aire a chomhlíonadh.

Fógraí a fhoilsiú i ndáil le pleananna bainisteoireachta aercháilíochta.

48. —(1) Más rud é go mbeartaíonn údarás áitiúil plean bainisteoireachta aercháilíochta a dhéanamh nó a chlaochlú nó go mbeartaíonn sé plean bainisteoireachta aercháilíochta eile a chur ina ionad, cuirfidh an t-údarás áitiúil faoi deara fógra á rá go bhfuil sé ar intinn an plean a dhéanamh nó a chlaochlú nó plean eile a chur ina ionad, de réir mar a bheidh, a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a bheidh i gcúrsaíocht ina limistéar feidhme.

(2) Maidir le fógra faoi fho-alt (1), luafar ann—

(a) go bhféadfar cóip den phlean beartaithe nó, de réir mar a bheidh, den chlaochlú ar an bplean a iniúchadh in ionad a bheidh luaite agus ag tráthanna a bheidh luaite le linn tréimhse a bheidh luaite;

(b) go ndéanfar uiríll i ndáil leis an bplean beartaithe, nó i ndáil leis an gclaochlú beartaithe ar an bplean, a bheidh déanta chun an údaráis áitiúil laistigh den tréimhse shonraithe a chur san áireamh sula ndéanfar an plean nó, de réir mar a bheidh, an claochlú ar an bplean (agus cuirfear aon uiríll en sórt sin san áireamh dá réir sin).

(3) Nuair a bheidh breithniú déanta ag an údarás áitiúil ar aon uiríll a rinneadh go cuí chuige laistigh den tréimhse a bhí luaite san fhógra faoi fho-alt (2), féadfaidh an t-údarás áitiúil de réir mar is cuí leis, an plean a dhéanamh, a chlaochlú nó plean eile a chur ina ionad, fara nó d'uireasa leasú.

(4) (a) Féadfaidh aon duine cóip de phlean bainisteoireachta aercháilíochta nó sliocht as a iarraidh ar údarás áitiúil agus déanfaidh an t-údarás áitiúil de réir na hiarrata sin.

(b) Doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de phlean bainisteoireachta aercháilíochta nó gur sliocht é as plean den sórt sin agus a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach d'údarás áitiúil, beidh sé ina fhianaise prima facie ar an bplean nó ar an sliocht, de réir mar a bheidh, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é.

(c) Féadfar fianaise i dtaobh plean bainisteoireachta aercháilíochta nó i dtaobh sleachta as plean den sórt sin a thabhairt trí chóip de arna dheimhniú de bhun an fho-ailt seo a thabhairt ar aird agus ní gá an plean féin a thabhairt ar aird.

(d) I gcás go n-iarrfar cóip faoin bhfo-alt seo ar údarás áitiúil, eiseofar an chóip chuig an iarratasóir ar é d'íoc leis an údarás áitiúil cibé táille (más ann) a shocróidh siad ar táille í nach rachaidh thar an gcostas réasúnach a bhainfidh leis an gcóip a dhéanamh.

Dualgas údaráis áitiúil ar phlean bainisteoireachta aercháilíochta a dhéanamh, a chlaochlú nó ar phlean eile a chur ina ionad.

49. —A luaithe is féidir tar éis d'údarás áitiúil plean bainisteoireachta aercháilíochta a dhéanamh, a chlaochlú nó plean bainisteoireachta aercháilíochta eile a chur ina ionad, tarchuirfidh an t-údarás áitiúil cóip den phlean nó den phlean nua, de réir mar a bheidh, chuig n Aire agus chuig cibé daoine eile a bheidh forordaithe.

Caighdeáin aercháilíochta.

50. —(1) Féadfaidh an tAire, chun críocha an Achta seo, caighdeáin (dá ngairtear “caighdeáin aercháilíochta” san Acht seo) a shonrú le rialacháin, agus féadfar caighdeáin aercháilíochta éagsúla a shonrú le haghaidh limistéar éagsúil nó aicmí éagsúla limistéar, le haghaidh imthosca éagsúla nó aicmí éagsúla imthosca nó le haghaidh tréimhsí ama éagsúla.

(2) Gan dochar d'fhorálacha fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh le haghaidh gach ceann nó aon cheann de na hábhair seo a leanas—

(a) caighdeán aercháilíochta a chur i mbaint le truailleán faoi leith nó le teaglaim truailleán;

(b) caighdeán aercháilíochta a lua mar thiúchan san aer, nó mar mhais ag sil-leagan ar limistéar áirithe, den truailleán áirithe nó den teaglaim truailleán áirithe is tiúchan nó mais nach cead a shárú ar feadh tréimhsí sonraithe agus faoi dhálaí sonraithe;

(c) a fhoráil go bhféadfaidh an tAire caighdeán aercháilíochta a fhionraí, a mhaolú nó a mhodhnú go ceann cibé tréimhse agus i cibé imthosca a bheidh sonraithe go ginearálta nó i ndáil le limistéar áirithe.

(3) Más rud é gur cosúil, de thoradh monatóireachta a rinneadh faoi alt 54 nó ar shlí eile, go sáraítear, nó gur dócha go sárófar caighdeán aercháilíochta in aon chuid dá limistéar feidhme ní mór d'údarás áitiúil—

(a) cibé cuspóirí is dóigh leis an údarás áitiúil is iomchuí chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus chun truailliú aeir sa limistéar i gceist a chosc nó a theorannú a chur ar áireamh in aon phlean bainisteoireachta aercháilíochta a bheidh arna ullmhú acu, ionas nach ndéanfar, laistigh de cibé tréimhse is dóigh leis an údarás áitiúil is réasúnach, nó laistigh de cibé tréimhse a ordóidh an tAire, an caighdeán aercháilíochta a shárú, agus

(b) cibé bearta eile a dhéanamh is iomchuí i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna dóibh faoin Acht seo chun a áirithiú go gcomhlíonfar an caighdeán aercháilíochta.

Luachanna teorann astaíochta.

51. —(1) Féadfaidh an tAire, chun críocha an Achta seo, teorainneacha (dá ngairtear “luachanna teorann astaíochta” san Acht seo) le haghaidh astaíochtaí a shonrú le rialacháin agus féadfar luachanna teorann astaíochta éagsúla a shonrú le haghaidh limistéar éagsúil nó aicmí éagsúla limisteár, le haghaidh áitreabh éagsúil nó aicmí éagsúla áitreabh, le haghaidh imthosca éagsúla nó aicmí éagsúla imthosca nó le haghaidh tréimhsí ama éagsúla.

(2) Féadfaidh luach teorann astaíochta baint a bheith aige le truailleán faoi leith nó le teaglaim truailleán.

(3) Aon uair go mbeidh luach teorann astaíochta ábhartha sonraithe i rialacháin faoin alt seo, ní mór d'áititheoir aon áitribh óna mbeidh an truailleán nó, de réir mar a bheidh, an teaglaim truailleán á astú isteach san atmaisféar cibé bearta a dhéanamh is gá chun a áirithiú nach sáróidh na hastaíochtaí sin an luach teorann astaíochta lena mbaineann.

(4) Féadfaidh an tAire treoracha a thabhairt d'údarás áitiúil i ndáil leis na modhanna samplaithe, anailísithe agus tomhais a bheidh le húsáid nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil astaíochtaí aon truailleáin nó aon teaglaime truailleán de réir luach teorann astaíochta arna shonrú i ndáil leis an truailleán nó leis an teaglaim truailleán sin agus beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil lena mbaineann déanamh de réir aon treoracha den sórt sin.

(5) Féadfar le rialacháin faoin alt seo a fhoráil go bhféadfaidh an tAire luach teorann astaíochta a fhionraí, a mhaolú nó a mhodhnú go ceann cibé tréimhse agus i cibé imthosca a bheidh sonraithe go ginearálta nó i ndáil le háitribh d'aicme áirithe nó i ndáil le limistéar áirithe.

Treoracha ón Aire i ndáil le truailliú aeir.

52. —(1) Eiseoidh an tAire ó am go ham, de réir mar is gá sa chás, cibé treoracha ginearálta is dóigh leis is gá maidir le beartas i ndáil le truailliú aeir a chosc agus a theorannú.

(2) Nuair a bheidh siad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo, tabharfaidh údarás áitiúil agus An Bord Pleanála aird ar aon treoracha a eiseoidh an tAire faoin alt seo.

(3) Aon uair a thabharfaidh an tAire treoir faoin alt seo, cuirfidh é faoi deara—

(a) cóip den treoir a tharchur chun gach údaráis áitiúil agus chun n Bhoird Pleanála,

(b) fógra á rá gur eisíodh an treoir a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(4) Aon uair a chuirfidh an tAire faoi deara fógra a fhoilsiú de bhun fho-alt (3) (b), sonrófar san fhógra sin cá bhféadfar cóip den treoir lena mbaineann sé a fháil agus cad í an táille (más ann) a bheidh iníoctha i leith cóipe den sórt sin.

Rialacháin i ndáil le breosla.

53. —(1) Féadfaidh an tAire, d'fhonn truailliú aeir, a chosc nó a theorannú, rialacháin a dhéanamh i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) caighdeán, sonraíocht, comhdhéanamh agus ábhar aon bhreosla de chineál a úsáidtear i bhfeithiclí inneallghluaiste nó i bhfeithiclí inneallghluaiste d'aicme nó de thuairisc áirithe nó i bhfeithiclí inneallghluaiste i limistéar áirithe nó in aicme áirithe limistéar;

(b) caighdeán, sonraíocht, comhdhéanamh agus ábhar aon chineáil breosla a dhóitear i dtinteáin nó i dtinteáin d'aicme nó de thuairisc áirithe nó i dtinteáin i limistéar áirithe nó in aicme áirithe limistéar;

(c) breosla de chineál nó de thuairisc ar bith a tháirgeadh, a chóireáil, a allmhairiú, a chur ar an margadh, a dháileadh nó a dhíol;

(d) breosla, nó breosla nach gcomhlíonann cibé ceanglais a bheidh sonraithe, a dhó i dtinteáin, nó i dtinteáin d'aicme nó de thuairisc áirithe, nó a dhó amhlaidh a chosc;

(e) breosla, nó breosla nach gcomhlíonann cibé ceanglais a bheidh sonraithe, a úsáid i bhfeithiclí inneallghluaiste, nó i bhfeithiclí inneallghluaiste d'aicme nó de thuairisc áirithe, nó a úsáid amhlaidh a chosc.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

(a) cosc a chur ar dhíol, dáileadh, úsáid nó dó breosla nach gcomhlíonann cibé caighdeáin a bheidh sonraithe go ginearálta nó i limistéar nó in aicme limistéar sonraithe;

(b) caighdeáin éagsúla a shonrú i ndáil le breoslaí éagsúla;

(c) na tástálacha a shonrú a bheidh le seoladh d'fhonn a fhionnadh an gcomhlíonann breosla forálacha rialachán arna ndéanamh faoin alt seo;

(d) foráil a dhéanamh maidir le diolmhú a thabhairt ó aon cheann nó ó gach ceann d'fhorálacha na rialachán i cibé imthosca nó i cibé cásanna a bheidh sonraithe;

(e) a cheangal go ndéanfar faisnéis shonraithe i ndáil le breoslaí a thaispeáint i cibé ionaid agus i cibé slí a bheidh sonraithe;

(f) a fhoráil go gcuirfidh daoine a bheidh sonraithe sna rialacháin na rialacháin (nó aon fhoráil de na rialacháin) i bhfeidhm agus foráil a dhéanamh maidir le cumhachtaí na ndaoine in agus aon duine a bheidh údaraithe ag na daoine sin;

(g) a fhoráil go ndéanfaidh cibé daoine a bheidh sonraithe deimhnithe a eisiúint;

(h) foráil a dhéanamh maidir le daoine sonraithe do choimeád taifead agus maidir leis na taifid sin a scrúdú;

(i) foráil a dhéanamh maidir le cibé áitribh, taifid agus feithiclí a bheidh sonraithe a scrúdú agus maidir leis na ceanglais a fhéadfar a chur ar an úinéir nó ar an duine eile a bheidh i gceannas ar na háitribh, ar na taifid nó ar na feithiclí a bheidh arna sonrú amhlaidh chun críche an scrúdaithe sin;

(j) foráil a dhéanamh maidir le samplaí breoslaí a thógáil in áitribh shonraithe nó ó fheithiclí sonraithe;

(k) foráil a dhéanamh maidir le dathú a dhéanamh ar bhreoslaí éagsúla a bheidh le húsáid i bhfeithiclí inneallghluaiste éagsúla nó in aicmí éagsúla feithiclí inneallghluaiste;

(l) a fhoráil, maidir le haon deimhniú nó fianaise eile a thabharfar nó a bheidh le tabhairt i ndáil le haon tástáil, scrúdú nó anailísiú ar aon sampla a tógadh nó a seoladh de bhun na rialachán, gur fianaise é, gan tuilleadh cruthúnais, ar thoradh na tástála, an scrúdaithe nó an anailísithe, go dtí go suífear a mhalairt.

CUID VI

Ilghnéitheach

Monatóireacht ar aercháilíocht agus ar astaíochtaí.

54. —(1) Déanfaidh údarás áitiúil, nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, cibé monatóireacht—

(a) ar aercháilíocht, agus

(b) ar chineál, ar mhéid agus ar thionchar astaíochtaí,

is dóigh leis an údarás áitiúil is gá chun a fheidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú nó a ordóidh an tAire dó a dhéanamh.

(2) Déanfaidh údarás áitiúil nó cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar, cibé taifid ar aon mhonatóireacht a bheidh déanta faoi fho-alt (1) a cheapfaidh sé a bheith réasúnach agus riachtanach, a choimeád agus a chothabháil.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil a cheangal ar áititheoir aon áitribh, seachas teaghais phríobháideach, óna bhfuil astaíocht, cibé monatóireacht a dhéanamh ar chineál, ar mhéid agus ar éifeacht na hastaíochta agus ar an aercháilíocht is dóigh leis an údarás áiti ufada/>il is gá agus cibé taifid ar an monatóireacht a choimeád agus a chur ar fáil don údarás áitiúil is dóigh leis an údarás áitiúil is gá.

(4) Déanfaidh údarás áitiúil, má ordaíonn an tAire dó amhlaidh, taifid ar aon mhonatóireacht a bheidh déanta faoin alt seo a chur ar fáil dósan nó d'aon duine a shonróidh sé, i gceann cibé tréimhsí agus i cibé slí a ordóidh an tAire.

(5) I gcás go mbainfidh caighdeán aercháilíochta lena limistéar feidhme nó le haon chuid de, déanfaidh an t-údarás áitiúil, i ndáil leis an limistéar lena mbaineann an caighdeán aercháilíochta, cibé comhshocraíochtaí le haghaidh monatóireachta is gá ionas go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an bhfuil an caighdeán aercháilíochta á chomhlíonadh.

(6) Féadfaidh an tAire orduithe a thabhairt d'údarás áitiúil i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) líon agus suíomh na n-ionad laistigh de limisteár ar iontu a bheidh monatóireacht le déanamh,

(b) an modh ar a ndéanfar samplú, tomhas agus anailísiú chun críocha an ailt seo,

(c) an trealamh a bheidh le húsáid chun críocha an tsamplaithe, an tomhais nó an anailísithe sin,

agus déanfaidh an t-údarás áitiúil de réir gach ordaithe den sórt sin ón Aire.

(7) Féadfaidh an tAire monatóireacht a dhéanamh, nó cibé comhshocraíochtaí a dhéanamh chun monatóireacht a dhéanamh, ar thruailliú aeir is dóigh leis is gá nó is inmhianaithe.

Cumhacht cúirte chun oibreacha a údarú.

55. —(1) Más rud é maidir le háititheoir aon áitribh, nach bhfuil ar a chumas, gan toiliú duine éigin eile, oibreacha a dhéanamh a gceanglaítear air iad a dhéanamh chun forálacha an Achta seo a chomhlíonadh, agus go ndiúltaíonn an duine eile sin toiliú leis na hoibreacha a dhéanamh, féadfaidh an t-áititheoir iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ar ordú faoin alt seo.

(2) Más rud é, ar iarratas a éisteacht faoi fho-alt (1), go gcinnfidh an Chúirt Dúiche gur dhiúltaigh an duine eile go míréasúnach a thoiliú a thabhairt, féadfaidh an Chúirt Dúiche dá rogha a mheas gur tugadh an toiliú agus a ordú d'áititheoir an áitribh na hoibreacha a dhéanamh.

(3) Má cheanglaítear ar áititheoir aon áitribh oibreacha a dhéanamh de bhun an Achta seo ar an áitreabh, agus má mheasann an t-áititheoir sin gur chóir d'úinéir an áitribh sin nó do dhuine éigin eile a bhfuil leas aige ann, nó d'úinéir nó d'áititheoir áitribh thadhlaigh iomlán an chostais nó cuid den chostas a bhaineann leis na hoibreacha sin a ghlanadh, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig cúirt dlínse inniúla ar ordú á ordú go ndéanfaidh úinéir an áitribh, an duine eile a bhfuil leas aige ann nó úinéir nó áititheoir an áitribh thadhlaigh, de réir mar a bheidh, iomlán an chostais nó cibé cuid de chostas na n-oibreacha a bheidh sonraithe san ordú, a ghlanadh; agus déanfaidh an chúirt cibé ordú ar éisteacht an iarratais is dóigh léi a bheith cóir ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

Feidhm an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

56. —(1) I gcás go ndeonaítear ceadúnas faoin Acht seo i ndáil le gléasra tionscail agus go dtugtar cead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , i leith an ghléasra chéanna, ansin maidir le haon choinníollacha a bhí i gceangal leis an gcead sin, scoirfidh siad, a mhéid a bhaineann siad ar bhealach ar bith le truailliú aeir, d'éifeacht a bheith leo.

(2) Má thugtar cead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , i ndáil le haon áitreabh ní dhéanfaidh sé sin aon dochar, difear ná srianadh ar bhealach ar bith ar fheidhmiú aon fhorála den Acht seo maidir leis an áitreabh sin.

Forálacha idirlinne i ndáil le hobair alcaile, etc.

57. —(1) Maidir le forálacha an Alkali, etc. Works Regulation Act, 1906, i ndáil le hastaíochtaí, beidh feidhm acu, d'ainneoin aisghairm an Achta sin leis an Acht seo, maidir le gach obair iomchuí, go dtí go ndéanfar ceadúnas faoin Acht seo a dheonú i leith na hoibre.

(2) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), ní bheidh feidhm maidir le hobair iomchuí ag forálacha alt 9 den Alkali, etc. Works Regulation Act, 1906, i ndáil le clárú oibreacha.

(3) Údarás áitiúil ar ina limistéar feidhme atá obair iomchuí suite, beidh sé, tráth thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, freagrach as a chinntiú go ndéanfar an obair sin de réir fhorálacha fho-alt (1).

(4) San alt seo, ciallaíonn “obair iomchuí” gléasra tionscail láithreach—

(a) ar obair alcaile é de réir bhrí an Alkali, etc. Works Regulation Act, 1906, nó

(b) ar obair é a liostaítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

Forálacha idirlinne i ndáil le hoibreacha incheadúnaithe áirithe.

58. —Maidir le forálacha alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962 , agus na Rialachán um Thruailliú an Atmaisféir a Rialú (Ceadúnú), 1985, beidh feidhm acu, d'ainneoin aisghairm an Achta sin agus na Rialachán sin leis an Acht seo, maidir le gléasra tionscail láithreach a úsáidtear chun críche aon trádala, oibreacha nó próisis de réir bhrí na rialachán sin go dtí go ndeonófar ceadúnas faoin Acht seo i leith an ghléasra lena mbaineann.

Cosaint.

59. —(1) Aon ní san Acht seo ní dhéanfaidh sé dleathach aon ghníomh nó mainneachtain a measfaí, murach an tAcht seo, é a bheith ina núis nó a bheith, ar shlí eile, contrártha don dlí, nó a choiscfeadh ar aon duine aon leigheas a mbeadh sé ina theideal murach gur ritheadh an tAcht seo.

(2) Ní bheidh duine i dteideal gléasra tionscail a fhoirgniú, a athrú nó a oibriú nó aon oibríocht nó gníomhaíocht eile a sheoladh de bhíthin amháin gur deonaíodh ceadúnas faoin Acht seo.

(3) Taobh amuigh d'alt 28 (4), ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'oibriú na nAchtanna um Shábháilteacht i dTionscal, 1955 agus 1980, i ndáil le monarchana nó le haon áitribh eile lena mbaineann na hAchtanna sin.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Truailleáin Lena mBaineann an tAcht

Alt 7.

1. Gach deatach, gás, aerasól agus deannach.

2. Gan dochar do ghinearáltacht mhír (1), beidh feidhm faoi leith ag an Acht seo maidir le deatach, gás, aerasóil agus deannach arb éard atá ann nó iontu—

(a) dé-ocsaíd sulfair agus comhdhúile eile sulfair, nó

(b) ocsaídí nítrigine agus comhdhúile eile nítrigine, nó

(c) mona-ocsaíd carbóin, nó

(d) comhdhúile orgánacha, nó

(e) miotail throma agus a gcomhdhúile, nó

(f) snáithíní aispeiste, snáithíní gloine nó snáithíní mianrúla, nó

(g) clóirín agus a chomhdhúile, nó

(h) fluairín agus a chomhdhúile.

AN DARA SCEIDEAL

Alt 9.

CUID I

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Seisiún agus Caibidil, Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

41 & 42 Vict. c. 52

Public Health (Ireland) Act, 1878.

Mír 7 d'alt 107; na focail “Any chimney (not being the chimney of a private dwelling house) sending forth black smoke in such quantity as to be a nuisance” in alt 107; an dara coinníoll le halt 107; na focail “also to enforce the provisions of any Act in force within their district requiring fireplaces and furnaces to consume their own smoke” in alt 108.

6 Edw. 7, c. 14

Alkali, etc. Works Regulation Act, 1906.

An tAcht iomlán.

Uimh. 26 de 1962

An tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962

Alt 10.

Uimh. 28 de 1963

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

Alt 56 (1) (c) (iva) (a cuireadh isteach leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976), agus alt 61 (1) (arna leasú leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976), a mhéid a bhaineann na forálacha sin le truailliú aeir.

Cuid II

Na hIonstraimí Reachtúla a Aisghairtear

I.R. Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

I.R. Uimh. 156 de 1970

Na Rialacháin chun Truailliú Atmasféir a Rialú 1970.

Na Rialacháin uile.

I.R. Uimh. 361 de 1977

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cion Sulfair in Ola Gháis), 1977.

Na Rialacháin uile.

I.R. Uimh. 178 de 1985

Na Rialacháin um Thruailliú an Atmaisféir a Rialú (Ceadúnú), 1985.

Na Rialacháin uile.

I.R. Uimh. 326 de 1985

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Cion Sulfair in Ola Gháis) (Leasú), 1985.

Na Rialacháin uile.

I.R. Uimh. 378 de 1985

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Cion Luaidhe i bPeitreal), 1985.

Na Rialacháin uile.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Na Próisis Tionscail lena mBaineann an tAcht

Alt 6.

Uimh.

An Próiseas

1.

Ola a scagadh seachas oibríochtaí ag monarú bealaidh ó amhola amháin.

2.

Leictreachas a ghiniúint i ngléasraí le haschur teasa ainmniúil is mó ná 50 MW, seachas hidreaghléasraí agus gléasraí núicléacha.

3.

Gal a ardú i ngléasraí le haschur teasa ainmniúil is mó ná 50 MW.

4.

Mianaigh miotail a róstadh agus a shintéarú i ngléasraí le toilleadh is mó ná 1,000 tona sa bhliain.

5.

Muciarann agus amhchruach a tháirgeadh i ngléasraí comhtháthaithe.

6.

Miotail fheiriúla a tháirgeadh i dteilgcheártaí ag a bhfuil suiteálacha leáite le toilleadh is mó ná 5 thona.

7.

Miotail neamhfheiriúla a tháirgeadh agus a leá i suiteálacha ag a bhfuil toilleadh is mó ná 1 tona do mhiotail throma nó 0.5 thona do mhiotail éadroma.

8.

Suimint a tháirgeadh.

9.

Comhdhúil nó cóimhiotal de mhaignéisiam a tháirgeadh.

10.

Aol a tháirgeadh i dtornóg.

11.

Comhdhúil nó cóimhiotal de mhaingainéis a tháirgeadh.

12.

Aispeist a tháirgeadh agus a phróiseáil.

13.

Táirgí aispeist-bhunaithe a mhonarú.

14.

Snáithín gloine nó snáithín mianrúil a mhonarú.

15.

Gloine (gnáthghloine agus gloine speisialta) a tháirgeadh i ngléasraí le toilleadh is mó ná 5,000 tona sa bhliain.

16.

Garbh-earraí criadóireachta a mhonarú ar a n-áirítear brící teasfhulangacha, píopaí cruachré, brící foraghaidhe agus urláir agus leacáin dín.

17.

Olaifíní, díorthaigh d'olaifíní, monaiméirí agus polaiméirí a mhonarú.

18.

Táirgí idirmheánacha orgánacha seachas iad sin a shonraítear ag Uimh. 17 a mhonarú.

19.

Ceimiceáin neamhorgánacha bunúsacha a mhonarú.

20.

Aon phróiseas ceimiceach ina n-úsáidtear nó ina ndíorthaítear aon cheann de na ceimiceáin neamhorgánacha seo a leanas, is é sin le rá, amóinia, bróimín, déshuilfíd carbóin, clóirín, fluairín, aigéad hidreafluarach, clóirid hidrigine, ciainíd hidrigine nó suilfíd hidrigine.

21.

Aon phróiseas ceimiceach ina n-úsáidtear nó ina ndíorthaítear mearcaptain.

22.

Fuíll sholadacha nó leachtacha a dhó.

23.

Laíon páipéir a mhonarú go ceimiceach i ngléasraí le toilleadh is mó ná 25,000 tona sa bhliain.

24.

Leasaithigh shaorga a mhonarú.

25.

Ocsaíd alúmanaim a úscadh as mianach agus imoibriú alúmanaim nó a chóimhiotail le clóirín nó lena chomhdhúile.

26.

Tarra agus biotúman a tháirgeadh agus táirgí ina bhfuil an céanna a mhonarú.

27.

Alúmanam, sinc, copar nó luaidhe a úscadh nó a ghnóthú, trí dhó nó trí theas a chur leo, as aon dramh-mhiotal nó cóimhiotal, as aon ábhar fuílligh nó iarmhar lena n-áirítear cábla dramhaíle nó fuíll.

28.

Mianraí a fháil, a ardú, a thógáil, a bhreith chun siúil agus a phróiseáil (lena n-áirítear iad a laghdú, a ghrádú agus a théamh) agus fuíll mhianraí a stóráil.

29.

Loitniticídí, táirgí cógaisíochta agus a dtáirgí idirmheánacha a mhonarú.

30.

An tsaill a fháil as fo-tháirgí ainmhí.