15 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1987


AN tACHT UM ÁISEANNA SAOTHAIR, 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

An lá bunaithe.

3.

An Foras Áiseanna Saothair a bhunú.

4.

Feidhmeanna an Fhorais.

5.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Fhoras.

6.

Ard-Stiúrthóir.

7.

Foireann an Fhorais agus na fochuideachta.

8.

Aoisliúntas fhoireann an Fhorais.

9.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí den Fhoras nó ag foireann an Fhorais.

10.

Airleacain ón Aire chun an Fhorais.

11.

Cuntais an Fhorais agus na fochuideachta agus iniúchóirí.

12.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

13.

Faisnéis a nochtadh.

14.

An Foras agus an fhochuideachta d'infheistiú airgid.

15.

An Foras agus an fhochuideachta d'fháil iasachta.

16.

Bronntanais.

17.

Orduithe ón Aire don Fhoras.

18.

An Chomhairle a dhíscaoileadh, An Ghníomhaireacht a fhoirceannadh agus a dhíscaoileadh agus an tSeirbhís Daonchumhachta a fhoirceannadh.

19.

Maoin agus dliteanais áirithe de chuid an Aire, na Comhairle agus na Gníomhaireachta a aistriú chun an Fhorais.

20.

Conarthaí leanúnacha áirithe a bhuanú agus tagairtí don Aire, don Chomhairle agus don Ghníomhaireacht i ndoiciméid áirithe a oiríúnú.

21.

Cosaint d'orduithe, do rialacháin, do rialacha, do dhíolúintí, do choistí, etc., áirithe.

22.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

23.

Nithe áirithe a chríochnú a thosaigh an tAire, an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht.

24.

Leasú ar alt 24 d'Acht 1967.

25.

Tobhach Fostaíochta agus Oiliúna.

26.

Aisghairm.

27.

Díolúine ó dhleacht stampa.

28.

Caiteachais.

29.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

An Foras

Cuid I

Comhaltaí agus Nós Imeachta an Fhorais

Cuid II

Comhaltaí Fhostaithe an Fhorais den Fhoras a Thoghadh

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973

1973, Uimh. 25

An tAcht Oiliúna Tionscail, 1967

1967, Uimh. 5

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984

Na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981

1981, Uimh. 32

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1987


AN tACHT UM ÁISEANNA SAOTHAIR, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE hOIL-IÚINT AGUS ATHOILIÚINT A CHUR AR FÁIL LE hAGHAIDH FOSTAÍOCHTA, LE TAITHÍ OIBRE A CHUR AR FÁIL AGUS LE SCÉIMEANNA FOSTAÍOCHTA AGUS SEIRBHÍSÍ POST-IONADÚCHÁIN A BHUNÚ, DO DHÉANAMH FORÁIL, CHUN NA gCRÍOCH SIN AGUS CHUN CRÍOCHA EILE, CHUN COMHLACHT A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN FORAS ÁISEANNA SAOTHAIR AGUS DO SHAINIÚ A FHEIDHMEANNA, DO DHÉAN-AMH FORÁIL CHUN AN CHOMHAIRLE OILIÚNA AGUS AN GHNÍOMHAIREACHT FOSTAÍOCHTA DON AOS ÓG A DHÍSCAOILEADH AGUS CHUN AN tSEIRBHÍS NÁIS-IÚNTA DAONCHUMHACHTA DE CHUID AN AIRE SAOTHAIR A FHOIRCEANNADH AGUS CHUN A bhFEI-DHMEANNA A AISTRIÚ GO DTÍ AN FORAS ÁISEANNA SAOTHAIR AGUS DO DHÉANAMH FORÁIL LE hAGHAIDH NITHE COMHGHAOLMHARA. [18 Iúil, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht Oiliúna Tionscail, 1967 ;

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg a foirmíodh agus a cláraíodh faoin Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 ;

ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle Oiliúna;

ciallaíonn “an Foras” an comhlacht a bhunófar le halt 3;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire faoi alt 2;

ciallaíonn “an tSeirbhís Daonchumhachta” an tSeirbhís Náisiúnta Daonchumhachta de chuid an Aire;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn agus comhlachais foirne atá aitheanta ag an bhForas chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair fostaithe nó lena gcoinníollacha fostaíochta nó lena ndálaí oibre;

ciallaíonn “an fhochuideachta” an fhochuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ), más ann, de chuid an Fhorais arna fáil, nó arna foirmiú agus arna clárú, aige de bhun alt 4 (6).

(2) (a) San Acht seo, aon tagairt d'alt nó do sceideal, is tagairt í d'alt den Acht seo nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An Foras Áiseanna Saothair a bhunú.

3. —(1) Ar an lá bunaithe beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar An Foras Áiseanna Saothair agus dá ngairtear “an Foras” san Acht seo chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Beidh éifeacht le forálacha an Sceidil maidir leis an bhForas.

Feidhmeanna an Fhorais.

4. —(1) Is iad príomhfheidhmeanna an Fhorais—

(a) oiliúint agus athoiliúint le haghaidh fostaíochta a chur ar fáil nó socrú a dhéanamh, nó spreagadh agus cothú a thabhairt, chun an céanna a chur ar fáil agus cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile) do dhaoine eile chun an oiliúint sin a chur ar fáil agus a cur ar fáil acu a chomhordú,

(b) scéimeanna fostaíochta a chur ar fáil nó socrú a dhéanamh nó spreagadh agus cothú a thabhairt chun an céanna a chur ar fáil agus cúnamh a thabhairt do na scéimeanna sin, agus bainisteoireacht, riaradh agus comhordú a dhéanamh orthu agus cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile) do dhaoine eile chun na scéimeanna sin a chur ar fáil agus a gcur ar fáil acu a chomhordú,

(c) cúnamh a thabhairt chun fostaíocht a fháil sa Stát do dhaoine atá ag lorg fostaíochta den sórt sin nó socrú a dhéanamh nó spreagadh agus cothú a thabhairt chun an cúnamh sin a thabhairt, faoi chonarthaí seirbhíse nó faoi chonarthaí i gcomhair seirbhísí agus cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile) do dhaoine eile chun an cúnamh sin a chur ar fáil agus a chur ar fáil acu a chomhordú,

(d) cúnamh a thabhairt chun taithí oibre a fháil i bhfostaíocht nó socrú a dhéanamh chun an cúnamh sin a thabhairt,

(e) na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil nó socrú a dhéanamh chun iad a chur ar fáil, le haghaidh luaíochta nó ar shlí eile—

(i) seirbhísí ina dtabharfar daoine a bheidh ag lorg fostaíochta agus daoine a bheidh ag tairiscint fostaíochta sa Stát i dteagmháil le chéile,

(ii) seirbhísí arb é a bheidh iontu daoine a shuíomh i bhfostaíocht, agus

(iii) seirbhísí arb é a bheidh iontu treoireacht, comhairle agus eolas a chur ar fáil maidir le roghnú gairme agus fostaíochta

agus cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile) do dhaoine eile chun na seirbhísí sin a chur ar fáil agus a gcur ar fáil acu a chomhordú,

(f) éascaíocht a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt (le hairgead nó ar shlí eile) do ghasraí pobail áitiúla agus do chomharchumainn d'oibrithe nó de chomhaltaí pobail áitiúil, chun fostaíocht a chur ar fáil trí bhíthin fiontair d'aon saghas a bhunú agus a mhéadú, bunú na bhfiontar sin ag na gasraí agus ag na comharchumainn sin a ghríosú agus a chothú agus cúnamh (le hairgead nó ar shlí eile) a thabhairt do na gasraí agus do na comharchumainn sin i mbainisteoireacht, i riaradh agus i maoirseacht na bhfiontar sin,

(g) éascaíocht a dhéanamh agus cúnamh a thabhairt, i cibé slí a mheasfaidh an Foras is gá nó is inmhianaithe, do dhaoine uair ar bith a iarrann siad air sin a dhéanamh chun fostaíocht a fháil i stát is ball de na Comhphobail Eorpacha,

(h) faisnéis (lena n-áirítear staidreamh agus réamhaisnéisí agus eachtarshuímh treochtaí agus forbairtí) i ndáil le seirbhísí nó gníomhaíochtaí a chuirfidh an Foras ar fáil nó a sheolfaidh sé nó a chuirfear ar fáil nó a sheolfar thar a cheann agus cibé nithe eile i dtaca lena chuid feidhmeanna a shonróidh an tAire, a bhailiú, a chóimheas, a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh ó am go ham agus anailísithe ar an bhfaisnéis réamhráite arna n-ullmhú ag an bhForas, nó arna n-ullmhú thar a cheann, a fhoilsiú agus a dháileadh,

(i) comhairle a thabhairt don Aire aon uair is cuí leis an bhForas nó aon uair a iarrann an tAire amhlaidh i ndáil le haon ní a bhaineann leis na feidhmeanna nó leis na gníomhaíochtaí nó leis na seirbhísí a chuireann an Foras ar fáil, agus

(j) taighde a sheoladh nó a shocrú go seolfar taighde maidir le haon ní a bhaineann le feidhmeanna nó gníomhaíochtaí an Fhorais nó leis na seirbhísí a chuireann sé ar fáil.

(2) Beidh ag an bhForas freisin, agus teachtfaidh sé, na feidhmeanna sin go léir a bhí dílsithe don Chomhairle, don Ghníomhaireacht agus don tSeirbhís Daonchumhachta díreach roimh an lá bunaithe agus nach bhfuil sonraithe i bhfo-alt (1).

(3) Beidh ag an bhForas na cumhachtaí sin go léir atá riachtanach nó fóirsteanach chun a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh.

(4) Féadfaidh an Foras, maidir le daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát agus a bhaineann leas as na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a sholáthraíonn nó a sheolann an Foras sa Stát nó a ghlacann páirt iontu—

(a) aon cheann de na seirbhísí, a n-údaraítear don Fhoras leis an alt seo nó faoi alt 5 iad a chur ar fáil nó socrú a dhéanamh iad a chur ar fáil sa Stát, a chur ar fáil nó a shocrú iad a chur ar fáil lasmuigh den Stát, agus

(b) aon cheann de na gníomhaíochtaí, a n-údaraítear leis an alt seo nó faoi alt 5 iad a sheoladh sa Stát, a sheoladh nó a shocrú iad a sheoladh lasmuigh den Stát.

(5) Féadfaidh an Foras, le toiliú an Aire, aon cheann dá chuid seirbhísí a chur ar fáil sa Stát nó aon cheann dá chuid gníomhaíochtaí a sheoladh sa Stát ar mhaithe le daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát.

(6) (a) Féadfaidh an Foras, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, lasmuigh den Stát—

(i) aon cheann de na feidhmeanna a chomhlíonadh, aon cheann de na seirbhísí a chur ar fáil nó aon cheann de na gníomhaíochtaí a sheoladh a n-údaraítear leis an Acht seo iad a chomhlíonadh, a chur ar fáil nó a sheoladh sa Stát, agus

(ii) seirbhísí comhairle agus seirbhísí sainchomhairle a chur ar fáil i ndáil le—

(I) daoine eile do chomhlíonadh feidhmeanna lasmuigh den Stát,

(II) daoine eile do chur seirbhísí ar fáil lasmuigh den Stát, nó

(III) daoine eile do sheoladh gníomhaíochtaí lasmuigh den Stát,

ar feidhmeanna, seirbhísí agus gníomhaíochtaí iad atá ar aon dul leis na feidhmeanna, na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí a n-údaraítear don Fhoras leis an Acht seo iad a chomhlíonadh, a chur ar fáil agus a sheoladh sa Stát.

(b) Is trí aon fhochuideachta amháin (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ), a bheidh ar lánúinéireacht ag an bhForas, a dhéanfar feidhmeanna, seirbhísí agus gníomhaíochtaí a shonraítear i mír (a), a chomhlíonadh, a chur ar fáil, agus a sheoladh agus féadfaidh an Foras, dá réir sin, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, fochuideachta amháin, ach gan dul thar fhochuideachta amháin (is fochuideachta de réir na brí réamhráite) a fháil nó a fhoirmiú agus a chlárú chun na feidhmeanna, na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí sin a chomhlíonadh, a chur ar fáil agus a sheoladh.

(c) Is i cibé foirm a chinnfidh an Foras le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a bheidh meabhrán agus airteagail chomhlachais na fochuideachta.

(d) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt i scríbhinn don Fhoras maidir le haon ábhar a bhaineann leis an bhfochuideachta nó le beartais, cláir nó gníomhaíochtaí na fochuideachta agus déanfaidh an Foras, nó de réir mar is iomchuí, áiritheoidh sé go ndéanfar, an t-ordú a chomhlíonadh.

(e) Ní thabharfar ordú faoin bhfo-alt seo i ndáil le haon sócmhainní nó brabúis de chuid na cuideachta a dhiúscairt gan toiliú an Aire Airgeadais.

(7) (a) Déanfaidh an Foras nó an fhochuideachta, de réir mar a bheidh, cibé muirir is cuí leis a ghearradh i gcomaoin comhlíonadh feidhme, cur ar fáil seirbhíse nó seoladh gníomhaíochta de bhun fho-alt (5) nó (6) ach ní bheidh na muirir níos lú ná an costas a bhaineann le comhlíonadh na feidhme, cur ar fáil na seirbhíse nó seoladh na gníomhaíochta, de réir mar a bheidh.

(b) Féadfaidh an Foras nó an fhochuideachta, de réir mar a bheidh, méid muirir faoin alt seo a ghnóthú ón duine ar gearradh air é mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) San alt seo folaíonn “cúnamh a thabhairt” comhairle agus sainchomhairle a thabhairt agus forléireofar “cúnamh” dá réir sin.

Feidhmeanna breise a thabhairt don Fhoras.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, le hordú—

(a) cibé feidhmeanna breise a thabhairt don Fhoras a bhaineann le feidhmeanna an Fhorais de thuras na huaire nó leis na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a n-údaraítear don Fhoras iad a chur ar fáil nó a sheoladh de thuras na huaire, mar is cuí leis an Aire, agus

(b) cibé foráil a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach maidir le hábhair atá coimhdeach i ndáil le feidhmeanna, nó a éiríonn as feidhmeanna, a thabhairt don Fhoras faoin alt seo nó an Foras do chomhlíonadh feidhmeanna a thugtar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm le hordú.

(3) I gcás go mbeartaítear ordú a dhéanamh faoin alt seo déanfar dréacht den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go ndéanfaidh gach Teach díobh sin rún a rith ag ceadú an dréachta.

Ard-Stiúrthóir.

6. —(1) Beidh príomhoifigeach feidhmiúcháin ar an bhForas (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo, an tArd-Stiúrthóir).

(2) Déanfaidh an tArd-Stiúrthóir riarachán agus gnó an Fhorais a sheoladh, a bhainisteoireacht agus a rialú go ginearálta agus déanfaidh sé cibé feidhmeanna eile a chinnfidh an Foras a chomhlíonadh.

(3) Beidh an tArd-Stiúrthóir i seilbh oifige de réir nó faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus aoisliúntas) a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) Íocfar leis an Ard-Stiúrthóir cibé liúntais, i leith caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(5) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad Ard-Stiúrthóir agus féadfaidh sé é a chur as oifig tráth ar bith; is é an Foras le toiliú an Aire a cheapfaidh gach Ard-Stiúrthóir ina dhiaidh sin agus féadfaidh an Foras le toiliú an Aire é a chur as oifig tráth ar bith.

Foireann an Fhorais agus na fochuideachta.

7. —(1) (a) Féadfaidh an Foras cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Fhorais.

(b) Féadfaidh bord na fochuideachta cibé daoine agus cibé líon daoine a chinnfidh sé le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais a cheapadh le bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann na fochuideachta.

(2) (a) Déanfar cibé luach saothair, agus liúntais i leith caiteachas a thabhóidh comhalta d'fhoireann an Fhorais (seachas an tArd-Stiúrthóir) nó d'fhoireann na fochuideachta agus a chinnfidh an Foras nó an fhochuideachta de réir mar a bheidh, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an gcomhalta sin as airgead a bheidh faoina réir ag an bhForas nó ag an bhfochuideachta, de réir mar a bheidh.

(b) Beidh comhalta d'fhoireann an Fhorais dá dtagraítear i mír (a) nó d'fhoireann na fochuideachta i seilbh a oifige nó a fhostaíochta ar cibé téarmaí agus coinníollacha eile a chinnfidh an Foras, nó de réir mar a bheidh, bord na fochuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh an Foras le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais nó, de réir mar a bheidh, déanfaidh bord na fochuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, na gráid d'fhoirne an Fhorais agus na fochuideachta agus líon gach foirne i ngach grád a chinneadh.

(4) (a) Déanfar gach duine a bhí díreach roimh an lá bunaithe ina chomhalta d'fhoireann na Comhairle nó na Gníomhaireachta, an lá sin, a aistriú chun an Fhorais agus tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'fhoireann an Fhorais.

(b) Déanfar gach oifigeach don Aire a bheidh ainmnithe ag an Aire tráth ar bith roimh cibé lá a bheidh ceaptha ag an Aire le hordú, a aistriú ar lá an ainmnithe sin chuig foireann an Fhorais agus tiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'fhoireann an Fhorais.

(c) Ní dhéanfaidh an tAire ordú faoi mhír (b) gan é a bheith curtha in iúl i scríbhinn aige d'aon cheardchumainn nó chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann agus don Fhoras go bhfuil sé ar intinn aige é sin a dhéanamh agus gan breithniú a bheith déanta aige ar aon uiríll a dhéanfaidh siad nó a dhéanfaidh aon cheann acu i ndáil leis an ábhar laistigh de cibé tráth a bheidh sonraithe sa chur-in-iúl.

(5) (a) Na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige a dheonóidh an Foras i ndáil le comhalta d'fhoireann an Fhorais a aistríodh ón gComhairle nó ón nGníomhaireacht le fo-alt (4) chuig foireann an Fhorais ní lú fabhar dó iad fad a bheidh sé i seirbhís an Fhorais ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí i réim díreach roimh an lá bunaithe sa Chomhairle nó sa Ghníomhaireacht, de réir mar is iomchuí, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumainn nó chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann.

(b) Na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige a dheonóidh an Foras i ndáil le comhalta d'fhoireann an Fhorais a d'ainmnigh an tAire agus a aistríodh faoi fho-alt (4) chuig foireann an Fhorais leis an bhfo-alt sin, ní lú fabhar dó iad fad a bheidh sé i seirbhís an Fhorais, ná na téarmaí agus na coinníollacha a bheidh i réim de thuras na huaire sa státseirbhís; aon athrú ar na coinníollacha maidir le seilbh oifige aon chomhalta den sórt sin ní athrú den chineál sin é a fhágfaidh gur lú fabhar dó na coinníollacha sin ná na coinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís tráth an athraithe sin ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumainn nó chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann. Má bhíonn aon díospóid idir an Foras agus aon chomhalta den sórt sin i dtaobh na gcoinníollacha a bheidh i réim sa státseirbhís is é an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a chinnfidh an cheist.

(6) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon chomhalta d'fhoireann na Comhairle nó na Gníomhaireachta nó oifigeach don Aire arna ainmniú ag an Aire faoi fho-alt (4) a aistreofar leis an bhfo-alt sin chuig foireann an Fhorais ní lú, fad a bheidh sé i seirbhís an Fhorais, an scála pá a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas na téarmaí agus na coinníollacha sin a bhaineann le seilbh oifige) a mbeidh sé faoina réir ná an scála pá a raibh teideal aige chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) a raibh sé faoina réir díreach roimh an lá ar aistríodh é amhlaidh.

(7) Go dtí go ndéanfaidh an Foras, tar éis dó dul i gcomhairle le haon cheardchumainn agus chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, athrú ar scálaí pá agus ar théarmaí agus coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige) na foirne a bheidh aistrithe amhlaidh leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal ag an bhfoireann chucu agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse (seachas téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le seilbh oifige), na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an fhoireann faoina réir díreach sular aistríodh í, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an bhfoireann agus féadfaidh an Foras nó an tArd-Stiúrthóir iad a chur i bhfeidhm nó a fhorchur, de réir mar a bheidh, fad a bheidh an fhoireann i seirbhís an Fhorais. Ní oibreoidh aon athrú den sórt sin chun gur measa na scálaí pá nó na téarmaí nó coinníollacha seirbhíse réamhráite a bhain le comhalta den fhoireann sin díreach roimh an lá ar aistríodh é le fo-alt (4) chuig foireann an Fhorais ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumainn nó chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann.

(8) I ndáil le foireann a aistreofar le fo-alt (4) chuig foireann an Fhorais, féadfar seirbhís roimh ré sa Chomhairle, sa Ghníomhaireacht nó sa státseirbhís a áireamh chun críocha na nAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984, agus an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977 , ach sin faoi réir aon eisceachtaí nó eisiamh eile sna hAchtanna sin.

(9) Féadfaidh an Foras aon fheidhm dá chuid feidhmeanna a chomhlíonadh trí chomhalta dá fhoireann, nó le comhalta dá fhoireann, arna údarú go cuí ag an bhForas chuige sin.

Aoisliúntas fhoireann an Fhorais.

8. —(1) Féadfaidh an Foras, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim nó scéimeanna a dhéanamh chun sochair aoisliúntais a dheonú do dhaoine nó i leith daoine a cheapfar, nó a aistreofar le halt 7, chun ionaid lánaimseartha ar fhoireann an Fhorais.

(2) Socróidh scéim faoi fho-alt (1) an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh sochair aoisliúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim nó faoi na scéimeanna agus socrófar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an Foras, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, scéim a dhéanamh ag leasú nó ag cúlghairm scéime faoin alt seo lena n-áirítear scéim faoin bhfo-alt seo.

(4) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon sochar aoisliúntais nó maidir le méid aon sochair aoisliúntais is iníoctha de bhun scéime nó scéimeanna faoin alt seo cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean é chun an Aire Airgeadais, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.

(5) Ní dheonóidh an Foras aon sochar aoisliúntais ar chomhalta d'fhoireann an Fhorais d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis ach amháin i gcomhréir le scéim nó scéimeanna faoin alt seo.

(6) Déanfar scéim faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(7) (a) Maidir le duine a aistreofar le halt 7 chuig ionad lánaimseartha ar fhoireann an Fhorais, déanfaidh scéim nó scéimeanna faoi fho-alt (1) soláthar chun sochair aois liúntais a dheonú dó nó ina leith ar théarmaí agus ar choinníollacha agus faoi réir téarmaí agus coinníollacha nach lú fabhar dó ná na téarmaí agus na coinníollacha a bhí i bhfeidhm maidir leis díreach roimh an lá a aistríodh é amhlaidh i ndáil leis na sochair sin a dheonú.

(b) Más rud é, le linn na tréimhse idir an lá bunaithe agus teacht i bhfeidhm scéime faoin alt seo, go mbeadh sochair aoisliúntais deonaithe do dhuine nó i leith duine a aistríodh le halt 7 chuig foireann an Fhorais maidir lena fhostaíocht leis an gComhairle nó leis an nGníomhaireacht nó mar oifigeach don Aire déanfaidh an Foras na sochair aoisliúntais a dheonú don duine agus a íoc leis an duine nó a dheonú agus a íoc ina leith.

(c)  (i) Na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais (lena n-áirítear an oibleagáid íocaíochtaí a dhéanamh maidir le sochair aoisliúntais) de chuid aon scéime nó faoi aon scéim chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí d'fhoireann na Comhairle nó na Gníomhaireachta nó ina leith dílseofar iad an lá bunaithe don Fhoras, gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh breise, go feadh, maidir leis na sócmhainní, an eastáit, an téarma nó an leasa go léir, de réir mar a bheidh, dá raibh na sócmhainní dílsithe don Chomhairle nó don Ghníomhaireacht, de réir mar a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe.

(ii) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an bhForas leis an bhfo-alt seo agus a bhí, an lá bunaithe, i leabhair aon chorparáide nó cuideachta in ainm na Comhairle nó na Gníomhaireachta nó in ainm aon duine ar iontaobhaí é, an lá bunaithe, ar scéim chun sochair aoisliúntais a dheonú do chomhaltaí d'fhoireann na Comhairle nó na Gníomhaireachta nó ina leith, déanfar, ar iarratas ón bhForas, iad a aistriú go dtí ainm an Fhorais nó go dtí ainm cibé duine a shonróidh an Foras.

(8) (a) Déanfaidh an tAire Airgeadais cibé ranníoc a shonrófar, lena thoiliú, i scéim nó i scéimeanna faoin alt seo faoi chomhair na sochar aoisliúntais i ndáil le seirbhís ináirithe (de réir bhrí na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963) a tugadh roimh an lá ar aistríodh é le halt 7 chuig foireann an Fhorais, ar ranníoc é is féidir a dheonú do chomhalta, nó i leith comhalta, den fhoireann sin a bhí, díreach roimh an lá sin ina oifigeach don Aire agus a bhí ainmnithe ag an Aire faoi alt 7 agus sonróidh an scéim nó na scéimeanna sin, le toiliú dá shamhail, modh íoctha agus tráthanna íoctha an ranníoca sin.

(b) Déanfar airgead a cheanglaítear ar an Aire Airgeadais a íoc faoi mhír (a) a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(9) San alt seo agus in alt 9 ciallaíonn “sochair aoisliúntais” pinsin, aiscí agus liúntais eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa ag comhaltaí den Fhoras nó ag foireann an Fhorais.

9. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Fhoras—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Fhoras.

(2) Más rud é, i gcás duine a bheidh ina chomhalta d'fhoireann an Fhorais—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun na Parlaiminte sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé air sin ar iasacht ó fhostaíocht ag an bhForas agus ní íocfaidh an Foras leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón bhForas aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Fhoras nó d'fhoireann an Fhorais.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear san fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an bhForas chun críocha aon phinsean, aiscí nó liúntas eile is iníoctha ar éirí as, ar scor nó ar bhás.

Airleacain ón Aire chun an Fhorais.

10. —Féadfaidh an tAire, ó am go ham le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire chun críocha caiteachais ag an bhForas i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna a airleacan chun an Fhorais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Cuntais an Fhorais agus na fochuideachta agus iniúchóirí.

11. —(1) Coimeádfaidh an Foras agus an fhochuideachta, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an Foras nó an fhochuideachta, nó a chaithfidh siad, de réir mar a bheidh, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe agus go háirithe, coimeádfaidh siad na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(2) Maidir leis na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo déanfaidh an Foras a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana airgeadais de chuid an Fhorais nó na fochuideachta, de réir mar a bheidh, lena mbaineann siad, iad a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh agus déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe agus den chuid eile sin (más ann) dá chuid cuntas a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais a thíolacadh a luaithe is féidir don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna de gach ceann de na doiciméid réamhráite a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

12. —(1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais de chuid an Fhorais, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Foras tuarascáil don Aire faoina ghníomhaíochtaí, agus gníomhaíochtaí na fochuideachta, le linn na bliana sin agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) I ngach tuarascáil faoi fho-alt (1) den alt seo beidh faisnéis i cibé foirm, agus maidir le cibé ábhair, a ordóidh an tAire.

(3) Déanfaidh an Foras, 3 mhí ar a laghad roimh dheireadh gach bliana airgeadais dá chuid, tuarascáil i scríbhinn a sholáthar don Aire—

(a) a thabharfaidh sracléiriú ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe aige (seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá) agus ag an bhfochuideachta sa bhliain airgeadais díreach ina dhiaidh sin agus a thaispeánfaidh na hamanna a dtosófar agus, más iomchuí, a gcríochnófar tionscadail agus cláir a bheidh le tosú an bhliain sin, agus

(b) a thabharfaidh meastacháin dá chaiteachas agus de chaiteachas na fochuideachta sa bhliain is déanaí a luaitear i ndáil le gach ceann de na gníomhaíochtaí, de na tionscadail agus de na cláir sin,

agus ní dhéanfaidh an Foras ná an fhochuideachta aon cheann de na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích ná aon chaiteachas den sórt sin a thabhú go dtí go mbeidh an tuarascáil ceadaithe ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais.

(4) Ní dhéanfaidh an Foras ná an fhochuideachta, le linn aon bhliana airgeadais den sórt sin—

(a) nuair a bheidh na gníomhaíochtaí á seoladh acu a shonraítear sa tuarascáil i ndáil leis an mbliain sin, a bheidh ceadaithe ag an Aire agus ag an Aire Airgeadais, imeacht ón sracléiriú ar an gcéanna sa tuarascáil,

(b) aon ghníomhaíocht (seachas gníomhaíocht ó lá go lá) nach mbeidh sonraithe sa tuarascáil a sheoladh, nó

(c) caiteachas a thabhú i ndáil le haon ghníomhaíocht, tionscadal nó clár de bhreis ar mheastachán an chaiteachais sin a tugadh sa tuarascáil,

gan ceadú roimh ré ón Aire agus ón Aire Airgeadais.

(5) Déanfaidh an Foras, aon uair a iarrfaidh an tAire air amhlaidh, faisnéis a thabhairt don Aire i ndáil le cibé ábhar a shonróidh sé maidir le réimese a chuid gníomhaíochtaí nó a chuid straitéise nó a bhaineann leis an gcéanna, i gcoitinne nó i leith aon chuntais a d'ullmhaigh an Foras nó an fhochuideachta nó aon tuarascáil a shonraítear i bhfo-alt (1) nó (3) nó in alt 11 (2) nó i leith pholasaí agus gníomhaíochtaí an Fhorais, seachas gníomhaíochtaí ó lá go lá.

Faisnéis a nochtadh.

13. —(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Fhorais, aon fhaisnéis a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta mar stiúrthóir den Fhoras nó den fhochuideachta nó mar chomhalta d'fhoireann an Fhorais nó na fochuideachta nó mar chomhairleoir nó mar shainchomhairleoir don Fhoras nó don fhochuideachta.

(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlifear fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1) faisnéis i dtuarascáil a thabharfar don Fhoras nó a thabharfaidh an Foras nó a thabharfar thar a cheann don Aire a nochtadh.

An Foras agus an fhochuideachta d'infheistiú airgid.

14. —Féadfaidh an Foras nó an fhochuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais cistí an Fhorais nó na fhochuideachta, de réir mar a bheidh, a infheistiú, i cibé slí is cuí leis an bhForas nó, de réir mar a bheidh, leis an bhfochuideachta.

An Foras agus an fhochuideachta d'fháil iasachta.

15. —Féadfaidh an Foras nó an fhochuideachta, ó am go ham, chun foráil a dhé anamh le haghaidh caiteachais reatha nó caipitiúil, airgead lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a fháil ar iasacht (cibé acu ar urrús shócmhainní an Fhorais nó na fochuideachta, de réir mar a bheidh, nó ar shlí eile), ach ní dhéanfaidh sé amhlaidh gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

Bronntanais.

16. —(1) Féadfaidh an Foras nó an fhochuideachta bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus cionníollacha, más ann, a shonróidh an deontéir.

(2) Ní ghlacfaidh an Foras ná an fhochuideachta le bronntanas má bhíonn na hiontaobhais nó na coinníollacha a ghabhann leis ar neamhréir le feidhmeanna an Fhorais nó na fochuideachta, de réir mar a bheidh.

Orduithe ón Aire don Fhoras.

17. —(1) (a) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt i scríbhinn don Fhoras á cheangal air—

(i) seirbhísí sonraithe a chur ar fáil nó gníomhaíochtaí sonraithe a sheoladh, a mbeidh sé údaraithe dó le halt 4 nó 5 den Acht seo iad a chur ar fáil, nó de réir mar a bheidh, a sheoladh,

(ii) staonadh ó sheirbhísí sonraithe a chur ar fáil nó ó ghníomhaíochtaí sonraithe a sheoladh,

(iii) caiteachas de mhéideanna sonraithe a thabhú, nó a chuid caiteachais a mhéadú de mhéideanna sonraithe, ar sheirbhísí sonraithe nó gníomhaíochtaí sonraithe a mbeidh sé údaraithe dó leis an alt sin 4 nó 5 iad a chur ar fáil nó, de réir mar a bheidh, a sheoladh, nó

(iv) staonadh ó chaiteachas a thabhú, nó a chuid caiteachais a laghdú de mhéideanna sonraithe, ar sheirbhísí sonraithe nó ar ghníomhaíochtaí sonraithe.

(b) Folaíonn tagairtí i mír (a) do sheirbhísí a chur ar fáil agus do ghníomhaíochtaí a sheoladh tagairtí do shocrú a dhéanamh chun iad a chur ar fáil agus a sheoladh.

(2) Féadfaidh an tAire ordú a thabhairt i scríbhinn don Fhoras i ndáil le polasaí i gcoitinne, i ndáil le haon ábhar a shonraítear i dtuarascáil a sholáthraítear dó faoi alt 11 (2) nó fo-alt (1) nó (3) d'alt 12 nó i ndáil le haon fhaisnéis a sholáthraítear dó faoi fho-alt (5) den alt sin 12.

(3) Déanfaidh an Foras de réir ordú faoin alt seo.

An Chomhairle a dhíscaoileadh, an Ghníomhaireacht a fhoirceannadh agus a dhíscaoileadh agus an tSeirbhís Daonchumhachta a fhoirceannadh.

18. —(1) Ar an lá bunaithe tiocfaidh an Chomhairle chun bheith, agus beidh sí, díscaoilte.

(2) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, a luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe, a foirceannadh agus a díscaoileadh a thabhairt chun críche agus scoirfidh sí, amhail ar an agus ón lá sin, d'aon fheidhmeanna a chomhlíonadh nó d'aon chumhachtaí a fheidhmiú nó d'aon dualgais a chur i gcrích seachas feidhmeanna, cumhachtaí nó dualgais a mbeidh a gcomhlíonadh, a bhfeidhmiú nó a seoladh riachtanach chun críocha a foirceanta agus a díscaoilte.

(3) Foirceannfar an tSeirbhís Daonchumhachta ar an lá bunaithe.

(4) Déanfar tagairtí in aon Acht den Oireachtas a ritheadh roimh an lá bunaithe nó in aon ionstraim a rinneadh roimh an lá bunaithe faoi Acht den Oireachtas, don Chomhairle, don Ghníomhaireacht nó don tSeirbhís Daonchumhachta a fhorléiriú amhail ar an agus ón lá sin mar thagairtí don Fhoras.

Maoin agus dliteanais áirithe de chuid an Aire, na Comhairle agus na Gníomhaireachta a aistriú chun an Fhorais.

19. —(1) Déanfar, agus déantar leis seo, na nithe seo a leanas a aistriú ar an lá bunaithe chun an Fhorais:

(a) an mhaoin agus na cearta uile a bhí díreach roimh an lá sin á sealbhú nó á dteachtadh ag an gComhairle nó ag an nGníomhaireacht, agus

(b) na dliteanais uile a thabhaigh an tAire roimh an lá sin i ndáil leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó chun críocha na Seirbhíse sin, agus na dliteanais uile a thabhaigh an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht roimh an lá sin, nach raibh urscaoilte roimh an lá sin, agus, dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú nó sannadh breise—

(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, an lá bunaithe, don Fhoras go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sé díreach roimh an lá sin dílsithe don Chomhairle nó don Ghníomhaireacht, de réir mar a bheidh, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus is inchomhlíonta,

(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an agus ón lá bunaithe, ar teachtadh ag an bhForas, agus

(iii) amhail ar an agus ón lá bunaithe, is dliteanais de chuid an Fhorais na dliteanais sin.

(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an bhForas leis an alt seo agus atá, ar an lá ceaptha, in ainm na Comhairle nó na Gníomhaireachta déanfar, má iarrann an Foras amhlaidh, iad a aistriú in ainm an Fhorais.

(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1) chuig an bhForas féadfar, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ag an bhForas nó i gcoinne an Fhorais ina ainm féin agus ní gá don Fhoras fógra faoin aistriú a thabhairt don duine arb é a cheart nó a dhliteanas a aistrítear leis an bhfo-alt sin.

(4) (a) Cibé áitribh a bhí ar áitiú ag an Aire díreach roimh an lá bunaithe, chun críocha na Seirbhíse Daonchumhachta agus a shonróidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfar, an lá sin agus dá éis, iad a bheith ar áitiú ag an bhForas, nó aistrithe chuige, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Foras agus an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

(b) Cibé maoin eile a bhí á húsáid ag an Aire díreach roimh an lá bunaithe chun críocha na Seirbhíse Daonchumhachta, agus a shonróidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfar, an lá sin agus dá éis, iad a bheith in úsáid ag an bhForas nó aistrithe chuige, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an Foras agus an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

Conarthaí leanúnacha áirithe a bhuanú agus tagairtí don Aire, don Chomhairle agus don Ghníomhaireacht i ndoiciméid áirithe a oiriúnú.

20. —(1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne nó a thug an tAire nó a rinneadh nó a tugadh thar a cheann i ndáil leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó chun críocha na Seirbhíse Daonchumhachta nó a rinne nó a thug an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht nó a rinneadh nó a tugadh thar a ceann d'aon duine, nó a thug aon duine don Aire agus ar ghlac an tAire leis nó ar glacadh leis thar a cheann i ndáil leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó chun críocha na Seirbhíse Daonchumhachta, nó a thug aon duine don Chomhairle nó don Ghníomhaireacht agus ar ghlac an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht leis nó ar glacadh leis thar a ceann agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an tAire i ndáil leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó chun críocha na Seirbhíse Daonchumhachta, nó a rinneadh idir an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht, agus aon duine eile, agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh siad i bhfeidhm an lá sin agus dá éis agus forléireofar iad agus beidh éifeacht leo ionann is dá gcuirfí ainm an Fhorais iontu in ionad ainm an Aire, na Comhairle nó na Gníomhaireachta, de réir mar a bheidh, agus beidh siad infheidhmithe ag an bhForas nó ina aghaidh agus leanfaidh gach socrú a rinne an Chomhairle faoi alt 36 nó 41 d'Acht 1967 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe, i bhfeidhm an lá sin agus dá éis agus beidh sé infheidhmithe ag an bhForas nó ina aghaidh.

(2) Aon tagairtí don Aire, don Chomhairle nó don Ghníomhaireacht a bhí díreach roimh an lá bunaithe i meabhrán agus in airteagail chomhlachais aon chuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ), ar tagairtí iad, maidir le tagairtí don Aire, a bhaineann leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó chun críocha na Seirbhíse Daonchumhachta, déanfar ar an lá bunaithe agus dá éis, iad a fhorléiriú mar thagairtí don Fhoras ach i gcás tagairtí don Aire, sa mhéid amháin gur tagairtí i ndáil leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó tagairtí chun críocha na Seirbhíse Daonchumhachta iad.

Cosaint d'orduithe, do rialacháin, do rialacha, do dhíolúintí, do choistí, etc., áirithe.

21. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do bhailíocht aon ordaithe, rialacháin, rialach, díolúine, ceadaithe nó fógra a rinneadh, a tugadh nó a seirbheáladh ná do bhailíocht aon choiste a bhunaigh, a dhearbhaigh nó a cheap an Chomhairle faoi Acht 1967 roimh an lá bunaithe agus gach ordú, rialachán, riail, díolúine, ceadú, fógra agus coiste den sórt sin, má bhí sé agus a mhéid a bhí sé i ngníomh nó ar marthain, de réir mar a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, leanfaidh sé i bhfeidhm nó ar marthain, de réir mar a bheidh, agus beidh éifeacht leis an lá sin agus dá éis amhail is dá mba é an Foras a rinne, a thug nó a sheirbheáil go bailí é nó a bhunaigh, a dhearbhaigh nó a cheap go bailí é faoi Acht 1967.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do bhailíocht aon ghníomh a rinne an tAire nó a rinneadh thar a cheann, roimh an lá bunaithe, i ndáil leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó chun críocha na Seirbhíse sin nó a rinne an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht nó a rinneadh thar a gceann agus beidh éifeacht ag gach gníomh den sórt sin an lá sin agus dá éis má bhí sé agus a mhéid a bhí sé i ngníomh roimh an lá sin, amhail is dá mba é an Foras a rinne é nó dá mba gur thar a cheann a rinneadh é.

Imeachtaí dlí atá ar feitheamh.

22. —Más rud é, díreach roimh an lá bunaithe, go bhfuil imeachtaí dlí ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí an tAire (de bhíthin go mbaineann na himeachtaí leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó le gníomhaíochtaí na Seirbhíse sin) nó an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht, déanfar ainm an Fhorais, de réir mar is iomchuí—

(a) a chur in ionad ainm an Aire sna himeachtaí nó a chur leis, nó

(b) a chur in ionad ainm na Comhairle nó na Gníomhaireachta sna himeachtaí,

agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár mar gheall ar an ionadú nó ar an gcur-leis sin.

Nithe áirithe a chríochnú a thosaigh an tAire, an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht.

23. —Aon ní a thosaigh an tAire roimh an lá bunaithe i ndáil leis an tSeirbhís Daonchumhachta nó chun críocha na Seirbhíse sin agus aon ní a thosaigh an Chomhairle nó an Ghníomhaireacht roimh an lá sin féadfaidh an Foras é a sheoladh agus é a chríochnú an lá sin agus dá éis.

Leasú ar alt 24 d'Acht 1967.

24. —Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1967 trí “(cibé acu a bhaineann siad leis an oiliúint dá dtagraítear in alt 23 (1) nó nach mbaineann)” a chur isteach i ndiaidh “feidhmeanna” i bhfo-alt (1).

Tobhach Fostaíochta agus Oiliúna.

25. —(1) An tobhach a fhorchuirtear le halt 15 den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 , tabharfar, an lá bunaithe agus dá éis, Tobhach Fostaíochta agus Oiliúna air agus aon tagairtí san Acht sin agus in aon Acht den Oireachtas a ritheadh roimh an lá sin agus in aon ionstraim a rinneadh faoi Acht den Oireachtas roimh an lá sin, do Thobhach Fostaíochta don Aos Óg, forléireofar iad an lá sin agus dá éis mar thagairtí do Thobhach Fostaíochta agus Oiliúna.

(2) Chomh maith leis an gcaiteachas a íoc a shonraítear san alt sin 15, úsáidfear Tobhach Fostaíochta agus Oiliúna chun cibé caiteachas eile a íoc i ndáil le hoiliúint agus fostaíocht a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

Aisghairm.

26. —(1) Ar an gComhairle a dhíscaoileadh aisghairfear Cuid II d'Acht 1967, agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Ar an nGníomhaireacht a dhíscaoileadh aisghairfear ailt 2 go 14 den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981 .

Díolúine ó dhleacht stampa.

27. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó cearta a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú don Fhoras, nó do dhuine a bheidh sonraithe ag an bhForas faoi alt 8 (7).

Caiteachais.

28. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

29. —Féadfar an tAcht um Áiseanna Saothair, 1987 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

An Foras

Alt 3.

Cuid I

Comhaltaí agus Nós Imeachta an Fhorais

1. Beidh an Foras ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus séala oifigiúil aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó leas i dtalamh nó in aon mhaoin eile a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

2. (1) Is é a bheidh san Fhoras cathaoirleach, agus 16 ghnáthchomhalta a cheapfaidh an tAire ar an bhForas.

(2) D'ainneoin fhomhír (1) agus mhír 7, go dtí go ndéanfar na daoine a thoghfar de réir Chuid II den Sceideal seo, sa chéad toghchán a dhéanfar faoin gcéanna, a cheapadh mar chomhaltaí fhostaithe an Fhorais den Fhoras is é a bheidh san Fhoras cathaoirleach agus 14 ghnáthchomhalta agus ní bheidh aon chomhalta fhostaithe an Fhorais i measc a chuid comhaltaí.

3. Féadfaidh cathaoirleach an Fhorais éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

4. Féadfaidh an tAire tráth ar bith cathaoirleach an Fhorais a chur as oifig.

5. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo sealbhóidh an cathaoirleach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

6. Íocfar le cathaoirleach an Fhorais, as airgead a bheidh faoina réir ag an bhForas, cibé luach saothair agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

7. (1) Maidir le gnáthchomhaltaí an Fhorais, comhaltaí ceardchumainn a bheidh i 4 acu, comhaltaí fostóirí a bheidh i 4 acu, comhalta oideachasúil a bheidh i nduine amháin acu, comhalta leasa shóisialaigh a bheidh i nduine amháin acu, comhalta óige a bheidh i nduine amháin acu, comhaltaí fhostaithe an Fhorais a bheidh i 2 acu, ionadaí don Aire Airgeadais a bheidh i nduine amháin acu agus ionadaithe don Aire a bheidh i 2 acu.

(2) Is iad a bheidh i gcomhaltaí ceardchumainn an Fhorais na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ar an bhForas ag cibé eagraíocht a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do cheardchumainn oibrithe agus a chinnfidh an tAire.

(3) Is iad a bheidh i gcomhaltaí fostóirí an Fhorais na daoine a bheidh ainmnithe lena gceapadh ar an bhForas ag cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach d'fhostóirí agus a chinnfidh an tAire.

(4) Is é a bheidh i gcomhalta oideachasúil an Fhorais cibé duine a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do leasanna oideachasúla agus a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

(5) Is é a bheidh i gcomhalta leasa shóisialaigh an Fhorais cibé duine a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do leasanna leasa shóisialaigh agus a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Leasa Shóisialaigh.

(6) Déanfaidh cibé eagraíocht a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach don óige agus a chinnfidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle le cibé eagraíocht nó eagraíochtaí a mheasfaidh an tAire a bheith iomchuí, comhalta óige an Fhorais a ainmniú lena cheapadh mar chomhalta amhlaidh.

(7) (a) Faoi réir chlásal (b), is iad comhaltaí fhostaithe an Fhorais den Fhoras cibé daoine a thoghfar de réir Chuid II den Sceideal seo.

(b)   (i) Más rud é go n-éagfaidh comhalta fhostaithe an Fhorais den Fhoras, go n-éireoidh sé as oifig nó go bhfágfaidh sé fostaíocht an Fhorais nó go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Fhoras chun an corrfholúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh agus is é an duine a cheapfar amhlaidh an chéad iarrthóir intofa eile, más ann, ar an liosta vótála faoi mhír 8 den Chuid sin II.

(ii) Más rud é go bhfaigheann beirt iarrthóir nó níos mó líon comhionann vótaí sa liosta vótála réamhráite, roghnóidh an tAire duine acu trí chrannchur.

(iii) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta den Fhoras de bhua an chlásail seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chionsiocair leis an bhfolúntas a gceapfar é lena líonadh.

(c) Beidh comhalta den Fhoras a cheapfar de bhua chlásal (b) inainmnithe mar iarrthóir i dtoghchán agus intofa i dtoghchán chun críocha na fomhíre seo.

(8) Is é an comhalta den Fhoras a bheidh ionadaitheach don Aire Airgeadais cibé oifigeach de chuid an Aire Airgeadais a chinnfidh an tAire Airgeadais.

(9) Is iad na comhaltaí den Fhoras a bheidh ionadaitheach don Aire, faoi seach, cibé oifigeach don Aire a chinnfidh an tAire agus cibé duine eile a chinnfidh an tAire.

(10) (a) Más rud é go n-éagfaidh gnáthchomhalta den Fhoras (seachas comhalta fhostaithe an Fhorais den Fhoras), go n-éireoidh sé as oifig, go dtiocfaidh sé chun bheith dícháilithe nó go gcuirfear as oifig é, féadfaidh an tAire duine a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Fhoras chun an corrfholúntas a tharla amhlaidh a líonadh agus an duine a cheapfar amhlaidh ceapfar é sa tslí chéanna ar ceapadh an comhalta den Fhoras ar tharla an corrfholúntas dá bharr.

(b) Duine a cheapfar chun bheith ina chomhalta de bhua na fomhíre seo beidh sé i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha de théarma oifige an chomhalta ba chionsiocair leis an bhfolúntas a gceapfar é lena líonadh, agus beidh sé inathcheaptha mar chomhalta den Fhoras.

8. Beidh gach comhalta den Fhoras ina chomhalta páirtaimseartha den Fhoras agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, sealbhóidh gach gnáthchomhalta den Fhoras oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire.

9. Beidh gnáthchomhalta den Fhoras a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha mar chomhalta den Fhoras nó intofa nó in-atofa lena athcheapadh amhlaidh de réir mar is iomchuí.

10. Féadfaidh an tAire tráth ar bith gnáthchomhalta den Fhoras a chur as oifig.

11. Féadfaidh gnáthchomhalta den Fhoras éirí as a oifig mar chomhalta trí litir a bheidh dírithe chun an Aire.

12. Beidh comhalta den Fhoras dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.

13. Íocfar le gach gnáthchomhalta den Fhoras as airgead a bheidh faoina réir ag an bhForas, cibé luach saothair (más ann) agus liúntais le haghaidh caiteachas a thabhóidh sé (más ann), a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

14. Tionólfaidh an Foras cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

15. Féadfaidh an tAire dáta, am agus áit chéad-chruinniú an Fhorais a shocrú.

16. Naonúr is córam do chruinniú den Fhoras.

17. Ag cruinniú den Fhoras—

(a) is é cathaoirleach an Fhorais, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, cathaoirleach an Fhorais i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh roghnóidh comhaltaí an Fhorais a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

18. Beidh vóta ag cathaoirleach an Fhorais agus ag gach gnáthchomhalta den Fhoras a bheidh i láthair ag cruinniú den chéanna.

19. Déanfar gach ceist a éireoidh ag cruinniú den Fhoras a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionnanas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

20. Féadfaidh an Foras gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.

21. Faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, rialálfaidh an Foras, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Fhorais.

22. Soláthróidh an Foras séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe.

23. Fíordheimhneofar séala an Fhorais le síniú chathaoirleach an Fhorais nó le síniú comhalta éigin eile den Fhoras a bheidh údaraithe ag an bhForas gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don Fhoras a bheidh údaraithe ag an bhForas gníomhú chuige sin.

24. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Fhorais agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Foras agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír 23) an Fhorais glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

Cuid II

Comhaltaí Fhostaithe an Fhorais den Fhoras a Thoghadh

1. (1) Is é Rúnaí an Fhorais (nó duine a roghnóidh sé tar éis dó dul i gcomhairle le haon cheardchumainn nó chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann) a bheidh ina cheann comhairimh le haghaidh gach toghcháin chomhaltaí fhostaithe an Fhorais den Fhoras.

(2) Ní bheidh an ceann comhairimh i dteideal a bheith ainmnithe mar iarrthóir i dtoghchán ná iarrthóir i dtoghchán a ainmniú ná gníomhú mar ghníomhaire d'iarrthóir i dtoghchán nó a leasanna ann a chur chun cinn.

(3) Féadfaidh an ceann comhairimh a údarú d'aon duine feidhmeanna ainmnithe a fheidhmiú thar a cheann agus beidh feidhm ag fomhír (2) maidir le haon duine den sórt sin.

2. (1) Déanfar vótaíocht a stiúradh i gcás ar mó líon na n-iarrthóirí ná líon na suíochán a bheidh le líonadh.

(2) Is le rúnbhallóid agus ar bhonn phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire ar mhodh aonghutha inaistrithe a dhéanfar vótáil.

(3) Is é an ceann comhairimh a dhéanfaidh oifigigh ceannais ag vótaíocht agus cléirigh vótaíochta a cheapadh.

(4) Is de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an ceann comhairimh a dhéanfar toghchán.

(5) Beidh ar an gceann comhairimh fógra cuí a thabhairt don toghlacht maidir leis na comhshocraíochtaí sin agus áitreabh a ainmniú mar oifig toghcháin.

(6) Beidh gach comhshocraíocht le haghaidh toghcháin faoi réir thoiliú an Aire.

3. (1) Déanfaidh an ceann comhairimh i ndáil le toghchán, tar éis dó dul i gcomhairle le haon cheardchumainn agus chomhlachais foirne aitheanta lena mbaineann—

(a) an lá (dá ngairtear “an lá ainmniúcháin” ina dhiaidh seo sa Chuid seo) a shocrú a gceanglófar ar dhaoine a bheartaíonn a bheith ina n-iarrthóirí ag an toghchán a bheith ainmnithe mar iarrthóirí den sórt sin, agus

(b) fógra faoin toghchán a thabhairt don toghlacht tráth nach déanaí ná 10 seachtaine roimh an lá sin.

Déanfar an lá ainmniúcháin don chéad toghchán a shocrú sa tslí go bhféadfar toghchán a bheith ann a luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe.

(2) Ní thitfidh an lá ainmniúcháin ar dháta is luaithe ná 6 seachtaine tar éis an lae a gcinnfear vótálaithe agus iarrthóirí a bheith cáilithe de réir mhíreanna 11 agus 12, faoi seach.

4. Féadfaidh an ceann comhairimh a dhearbhú go mbeidh gach iarrthóir tofa mura mó an líon iarrthóirí a bheidh arna n-ainmniú go cuí ná líon na suíochán a bheidh le líonadh.

5. (1) Féadfaidh an ceann comhairimh réamhvótaíocht a thógáil, ar iarratas ó cheardchumann nó chomhlachas foirne aitheanta amháin nó níos mó, a bheidh ionadaitheach do 15 faoin gcéad ar a laghad den toghlacht, chun a chinntiú cibé acu a bheidh tromlach den toghlacht i bhfabhar dul ar aghaidh leis an toghchán nó nach mbeidh.

(2) Déanfar an réamhvótaíocht de réir comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an ceann comhairimh agus a chuirfidh sé in iúl go cuí don toghlacht.

(3) Má chuireann tromlach ag an réamhvótaíocht in aghaidh an toghcháin déanfar an toghchán a chur siar go ceann 4 bliana.

(4) Beidh na comhshocraíochtaí le haghaidh réamhvótaíochta faoi réir thoiliú an Aire.

6. Má chuirtear isteach ar ainmniúchán iarrthóirí nó ar aon vótaíocht nó mura féidir dul ar aghaidh leo, féadfaidh an ceann comhairimh an t-ainmniúchán nó an vótaíocht a chur ar athló ar feadh cibé tréimhse is cuí leis chun a chumasú dó, ar dhul in éag don tréimhse, dul ar aghaidh leis an ainmniúchán nó leis an vótaíocht nó iad a thabhairt chun críche.

7. Ar fhógra a fháil ón gceann comhairimh maidir lé hainmneacha na n-iarrthóirí a toghadh nó a dearbhaíodh a bheith tofa faoi mhír 4, déanfaidh an tAire, de réir mhír 2 de Chuid I den Sceideal seo, gach ceann de na hiarrthóirí a cheapadh mar chomhalta fhostaithe an Fhorais den Fhoras.

8. Déanfaidh an ceann comhairimh na hiarrthóirí atá fágtha a chur ar liosta vótála de réir an líon vótaí a creidiúnaíodh do gach duine díobh sa chomhaireamh deiridh ina raibh sé páirteach.

9. Íocfaidh an Foras costas toghchán a dhéanamh seachas costais a thabhóidh iarrthóirí go sainráite ar a son féin.

10. Gach fostaí de chuid an Fhorais ar amhlaidh dó, ar cibé lá a shonróidh an ceann comhairimh i ndáil le toghchán agus ar an lá a dtógfar an vótaíocht ag an toghchán sin—

(a) nach bhfuil sé faoi bhun 18 mbliana d'aois, agus

(b) go raibh sé ina fhostaí de chuid an Fhorais ar feadh tréimhse leanúnaí bliana ar a laghad, agus

(c) go mbíonn sé ag obair 18 n-uaireanta an chloig ar a laghad sa tseachtain don Fhoras

beidh sé i dteideal vótáil sa toghchán nó sa réamhvótaíocht.

11. (1) Gach fostaí de chuid an Fhorais a bheidh, ar an lá a shonróidh an ceann comhairimh i ndáil le toghchán faoi mhír 10, 18 mbliana d'aois ar a laghad agus ar fostaí é de chuid an Fhorais ar feadh tréimhse leanúnaí 3 bliana ar a laghad agus a bheidh ag obair 18 n-uaireanta an chloig ar a laghad sa tseachtain don Fhoras beidh sé inainmnithe mar iarrthóir sa toghchán.

(2) Déanfar ainmniúcháin ar an modh a fhorordóidh an ceann comhairimh.

(3) Féadfaidh ceardchumann nó comhlachas foirne aitheanta, nó dhá chomhlacht nó níos mó den sórt sin i gcomhpháirt, iarrthóir a ainmniú ach ní bheidh aon chomhlacht den sórt sin i dteideal iarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú dá thoil féin chomh maith le hiarrthóir amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhpháirt le comhlacht nó comhlachtaí eile den sórt sin.

(4) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht na n-ainmniúchán. Is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.

12. Déanfar réamhsheirbhís duine (ar feadh tréimhse leanúnaí dar críoch lá a aistrithe le halt 7 chuig foireann an Fhorais) mar chomhalta d'fhoireann na Comhairle nó na Gníomhaireachta nó mar oifigeach don Aire a áireamh, i gcás daoine a aistríodh amhlaidh, mar sheirbhís leis an bhForas chun críocha mhíreanna 10 agus 11.

13. Ullmhóidh agus cothabhálfaidh an ceann comhairimh liosta de vótálaithe agus d'iarrthóirí a bheidh cáilithe.

14. Ullmhóidh agus cothabhálfaidh an ceann comhairimh liosta de cheardchumainn agus chomhlachais foirne aitheanta chun críocha na Coda seo.