29 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 1987


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Fostóir do thabhairt scéala faoi thosach fostaíochta.

3.

Fostóirí do thabhairt sonraí ar fhostaithe chun éileamh ar shochar a chinneadh.

4.

Fostóirí do thabhairt sonraí ar fhostaithe chun éileamh ar chúnamh a chinneadh.

5.

Fostóirí do thabhairt taifead ar aird lena n-iniúchadh.

6.

Ranníocaí a íoc agus taifid a choimeád.

7.

Cigireacht.

8.

Ré íocaíochta sochair míchumais.

9.

Coinníollacha ranníoca le haghaidh pinsin easláine.

10.

Coinníollacha ranníoca chun liúntas máithreachais a fháil.

11.

Teideal chun sochair pá-choibhneasa.

12.

An ráta seachtainiúil liúntais máithreachais.

13.

Daoine ar a bhfearann aighnis cheirde.

14.

Breithnithe ón mBinse Leasa Shóisialaigh.

15.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú i gcoitinne).

16.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht (teideal chun sochair míchumais).

17.

Leasú ar alt 125 den Phríomh-Acht (íocaíochtaí tar éis bháis).

18.

Leasú ar Riail 1 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (rialacha maidir le hacmhainn a ríomh).

19.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Oiliúna Tionscail, 1967

1967, Uimh. 5

An tAcht Sláinte, 1947

1947, Uimh. 28

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981

1981, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1982

1982, Uimh. 23

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1983

1983, Uimh. 6

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985

1985, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985

1985, Uimh. 14

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986

1986, Uimh. 8

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1987

1987, Uimh. 2

/images/harp.jpg


Uimhir 29 de 1987


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1987. [23 Nollaig, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ;

ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1982 ” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1982 ;

ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1983 ;

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985 ;

ciallaíonn “Acht Uimh. 2 de 1985 ” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 ;

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986 ;

ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1987 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

Fostóir do thabhairt scéala faoi thosach fostaíochta.

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 15:

“15A.—(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar fhostóir scéala a thabhairt dó faoi dháta tosaigh fhostaíocht aon duine atá ar fostú aige.

(2) Déanfar na himthosca ina bhféadfar a cheangal scéala a thabhairt faoi fho-alt (1) agus an tslí a dtabharfar an scéala sin a fhorordú i rialacháin.

(3) Duine a mhainneoidh déanamh de réir an ailt seo nó de réir rialachán arna ndéanamh faoi beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

Fostóirí do thabhairt sonraí ar fhostaithe chun éileamh ar shochar a chinneadh.

3. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 112:

“112A.—(1) Déanfaidh fostóir, maidir le haon duine atá nó a bhí ar fostú aige cibé sonraí, lena n-áirítear tréimhsí fostaíochta, a theastóidh ón Aire chun go bhféadfar éileamh ar shochar ar bith ag an duine sin nó ina leith a chinneadh nó a athbhreithniú, a thabhairt don Aire i scríbhinn.

(2) Féadfaidh rialacháin na sonraí a thabharfaidh fostóir faoi fho-alt (1) a shonrú agus an tslí ina mbeidh na sonraí sin le tabhairt amhlaidh a fhorordú.

(3) Duine a mhainneoidh déanamh de réir an ailt seo nó de réir rialachán arna ndéanamh faoi, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

Fostóirí do thabhairt sonraí ar fhostaithe chun éileamh ar chúnamh a chinneadh.

4. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 143A (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1985 agus a leasaíodh le halt 16 d'Acht 1986):

“143B.—(1) Déanfaidh fostóir, maidir le haon duine atá nó a bhí ar fostú aige cibé sonraí, lena n-áirítear tréimhsí fostaíochta, a theastóidh ón Aire chun go bhféadfar éileamh ar aon chúnamh ag an duine sin nó ina leith a chinneadh nó a athbhreithniú, a thabhairt don Aire i scríbhinn.

(2) Féadfaidh rialacháin na sonraí a thabharfaidh fostóir faoi fho-alt (1) a shonrú agus an tslí ina mbeidh na sonraí sin le tabhairt amhlaidh a fhorordú.

(3) Duine a mhainneoidh déanamh de réir an ailt seo nó de réir rialachán arna ndéanamh faoi, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

Fostóirí do thabhairt taifead ar aird lena n-iniúchadh.

5. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 114:

“114A.—(1) I gcás go gceanglaítear ar dhuine le halt 114 (3) taifid a thabhairt ar aird ar taifid iad a theastaíonn faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 15 (5) tabharfaidh sé na taifid sin ar aird ag a sheoladh cláraithe nó ag a phríomh-áit ghnó de réir mar a cheanglóidh cigire.

(2) Duine a mhainneoidh déanamh de réir fho-alt (1) a luaithe is féidir tar éis éileamh i scríbhinn a bheith seolta leis an bpost cláraithe chuige ag a sheoladh cláraithe nó ag a phríomh-áit ghnó, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

Ranníocaí a íoc agus taifid a choimeád.

6. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) I gcás go gceanglaítear taifid a choimeád ag fostóirí faoi rialacháin arna ndéanamh faoi fho-alt (5) a mhéid a bhaineann siad le taifead a dhéanamh ar íocaíocht tuillimh agus ar na tréimhsí lena mbaineann an tuilleamh sin déanfar na taifid sin a thaifeadadh tráth íoctha an tuillimh sin nó roimhe.

(8) Duine a mhainneoidh déanamh de réir fho-alt (7) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”.

Cigireacht.

7. —Leasaítear leis seo alt 114 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Is iad na háitribh agus na háiteanna a fhéadfar a iniúchadh faoin alt seo aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúis réasúnach ag cigire a chreidiúint go bhfuil nó go raibh aon daoine ar fostú nó féinfhostaithe iontu agus aon áitribh nó áiteanna a bhfuil cúis réasúnach ag cigire a chreidiúint go bhfuil aon doiciméid a bhaineann le daoine ar fostú nó le daoine féinfhostaithe á gcoimeád iontu.”.

Ré íocaíochta sochair míchumais.

8. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht trí “260 seachtain ranníoca” a chur in ionad “208 seachtain ranníoca” (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1987) i bhfo-alt (1) (a).

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon tréimhse teidil chun sochair míchumais a théann thar 312 lá i gcás gur thosaigh an tréimhse sin roimh an 4ú lá d'Eanáir, 1988.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo ná ag alt 8 (6) (b) d'Acht 1987 maidir le haon éileamh ar shochar míchumais i gcás go dtosóidh an tréimhse éagumais chun oibre ar an 4ú lá d'Iúil, 1988, nó dá éis.

Coinníollacha ranníoca le haghaidh pinsin easláine.

9. —(1) Leasaítear leis seo alt 89 den Phríomh-Acht trí “260 seachtain ranníoca” a chur in ionad “208 seachtain ranníoca” (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1987) i bhfo-alt (1) (a).

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le daoine a bheidh ag fáil pinsean easláine ná le daoine a bheidh ag fáil sochar míchumais ar feadh tréimhse a théann thar 312 lá i gcás gur thosaigh an tréimhse sin roimh an 4ú lá d'Eanáir, 1988.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo ná alt 8 (6) (e) d'Acht 1987 le haon éileamh ar phinsean easláine i gcás go dtosóidh an tréimhse éagumais chun oibre ar an 7ú lá d'Iúil, 1988, nó dá éis.

Coinníollacha ranníoca chun liúntas máithreachais a fháil.

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1981 agus a leasaíodh le halt 8 d'Acht 1987):

“(1) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás liúntais máithreachais is iníoctha faoi alt 24 (2) (a)—

(a) (i) ranníocaí cáilitheacha i leith 39 seachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa tréimhse dar tosach an dáta a tháinig sí faoi árachas agus dar críoch am díreach roimh an am iomchuí, agus

(ii) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 39 seachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí nó i mbliain ranníoca iomlán dá éis sin roimh an am iomchuí; nó

(b) ranníocaí cáilitheacha i leith 39 seachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa 12 mhí díreach roimh an gcéad lá den tréimhse saoire máithreachais.

I mír (a) ciallaíonn ‘am iomchuí’ an chéad lá de shaoire máithreachais.

(1A) Is iad na coinníollacha ranníoca i gcás liúntais máithreachais is iníoctha faoi alt 24 (2) (b)—

(a) ranníocaí cáilitheacha i leith 39 seachtain ranníoca ar a laghad a bheith ag an éilitheoir sa tréimhse dar tosach an dáta a tháinig sí faoi árachas agus dar críoch am díreach roimh an am iomchuí, agus

(b) ranníocaí cáilitheacha nó ranníocaí creidiúnaithe i leith 39 seachtain ranníoca ar a laghad, ar ranníocaí cáilitheacha 13 cinn acu ar a laghad, a bheith ag an éilitheoir sa bhliain ranníoca iomlán dheiridh roimh thosach na bliana sochair ina bhfuil an t-am iomchuí.

I míreanna (a) agus (b) ciallaíonn ‘am iomchuí’ dáta tosaithe an 6ú seachtain roimh dheireadh na seachtaine tuartha luí seoil.”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon teideal chun liúntais máithreachais a thosóidh roimh an 4ú lá d'Eanáir, 1988.

Teideal chun sochair páchoibhneasa.

11. —(1) Leasaítear leis seo alt 72 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 8 d'Acht 1983 agus a leasaíodh le halt 11 d'Acht 1986):

“(a) is lá éagumais chun oibre ar cuid é de thréimhse bhearnaithe fostaíochta agus a bhfuil an duine i dteideal sochair míchumais ina leith nó a mbeadh an duine i dteideal sochair míchumais ina leith mura mbeadh go bhfuil sochar díobhála iníoctha leis an duine faoi Chaibidil 5 i leith an lae sin, nó”.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon éileamh ar liúntas máithreachais faoi alt 24 (2) (b) (a cuireadh isteach le halt 9 d'Acht 1981) den Phríomh-Acht a thosóidh roimh an 4ú lá d'Aibreán, 1988.

An ráta seachtainiúil liúntais máithreachais.

12. —Leasaítear leis seo alt 26B (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1986) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) San alt seo ciallaíonn “tuilleamh ináirithe seachtainiúil” meánmhéid an tuillimh ináirithe a gheofar in imeacht seachtaine gan dul thar cibé teorainn a bheidh arna forordú chun críche alt 73.”.

Daoine ar a bhfearann aighnis cheirde.

13. —(1) Leasaítear leis seo alt 35 den Phríomh-Acht (a bhaineann le dícháiliú chun sochar dífhostaíochta a fháil) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll i bhfo-alt (1):

“Ar choinníoll nach mbainfidh na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo le duine nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 142 den Phríomh-Acht (a bhaineann le dícháiliú chun cúnamh dífhostaíochta a fháil) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (3):

“(b) Ní bhainfidh mír (a) le duine nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 203 den Phríomh-Acht (a bhaineann le neamhshuim a dhéanamh de riachtanais d'fhonn teideal chun liúntais leasa fhorlíontaigh a fhionnadh) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le haon duine nach bhfuil páirteach, nó nach bhfuil leas díreach aige, san aighneas ceirde ba chúis leis an saotharstad.”.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1988.

Breithnithe ón mBinse Leasa Shóisialaigh.

14. —(1) Leasaítear leis seo alt 301A (2) (a cuireadh isteach le halt 1 d'Acht Uimh. 2 de 1982 ) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh an Bhinse maidir le hiarratas ar bhreithniú, ach féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar cheist dlí:

Ar choinníoll go bhféadfaidh duine ar díol leasa dó é (lena n-áirítear an tAire) iarratas a dhéanamh chuig an mBinse chun an cinneadh aige a athbhreithniú agus, más deimhin leis an mBinse gur tháinig athrú ábhartha ar dhálaí an tsaotharstad nó an aighnis ceirde ba chúis leis an saotharstad, nó go bhfuil fianaise nua nó fíorais nua ann a d'fhéadfadh i dtuairim an Bhinse difear a dhéanamh dá chinneadh, féadfaidh sé an cinneadh aige a athbhreithniú agus measfar gur breithniú faoin alt seo athbhreithniú den sórt sin.”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le breithnithe a rinne an Binse roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1988.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú i gcoitinne).

15. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht Uimh. 2 de 1985 ) sa mhíniú ar “cleithiúnaí aosaithe” i ndiaidh mhír (a) (iii):

“(iv) céile atá, nó a bheadh, de bhua fhorálacha alt 35 (1) nó 142 (3), dícháilithe chun sochar dífhostaíochta is iníoctha faoi Chaibidil 4 de Chuid II nó cúnamh dífhostaíochta is iníoctha faoi Chaibidil 2 de Chuid III a fháil dá cheart féin nó dá ceart féin ach gan céile a cháilíonn mar chleithiúnaí aosaithe de bhua rialachán arna ndéanamh faoi alt 3 a áireamh,

(v)   céile atá i dteideal nó atá ag fáil liúntais a bhfuil a ráta ar comhréir leis na rátaí cúnaimh dífhostaíochta is iníoctha faoi alt 139 nó na rátaí sochair dífhostaíochta is iníoctha faoi alt 31 nó 32 i leith cúrsa oiliúna lánaimseartha neamhcheardaíochta arna cheadú ag an gComhairle Oiliúna faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967 ,

nó”.

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon teideal chun méadú i leith aon éilimh ar shochar, pinsean, cúnamh nó liúntas a mbeidh méadú i leith cleithiúnaí aosaithe ar áireamh ann agus a thosóidh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1988.

Leasú ar alt 18 den Phríomh-Acht (teideal chun sochair míchumais).

16. —(1) Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (f) (a cuireadh isteach le halt 10 d'Acht 1986):

“(g) déanfar aon dá thréimhse éagumais chun oibre a bhfuil tréimhse eatarthu a bhfuil duine árachaithe á íoc ag a fhostóir i leith laethanta saoire i leith na tréimhse sin, a áireamh mar thréimhse amháin éagumais chun oibre.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) Ní bheidh duine a bhí ag fáil liúntais máithreachais faoi alt 24 ar aon lá de na trí lá roimh an lá a ndéantar éileamh ar shochar míchumais ina leith i dteideal sochair míchumais do na chéad trí lá éagumais chun oibre i leith an éilimh sin.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) (b) den alt seo i ngníomh ar an 4ú lá d'Aibreán, 1988.

Leasú ar alt 125 den Phríomh-Acht (íocaíochtaí tar éis bháis).

17. —(1) Leasaítear leis seo alt 125 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2):

“(a) i gcás duine d'fháil bháis atá ag fáil sochair ina n-áirítear méadú i leith cleithiúnaí aosaithe, leanfar den sochar sin a íoc go ceann tréimhse 6 sheachtain tar éis an dáta báis agus íocfar é i gcaitheamh na tréimhse sin le cibé duine agus faoi réir cibé coinníollacha a bheidh forordaithe, agus”.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon chás ina dtarlaíonn an bás ar dháta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1988.

Leasú ar Riail 1 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (rialacha maidir le hacmhainn a ríomh).

18. —Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (e) de mhír (4) de riail 1:

“(e) aon ioncam a éireoidh ar mhodh—

(i) íocaíochtaí faoi alt 44 den Acht Sláinte, 1947 , ó bhord sláinte leis an duine nó le cleithiúnaithe an duine nó ina leith,

(ii) íocaíochtaí de dhroim liúntais cothabhála faoi alt 69 den Acht Sláinte, 1970 , leis an duine nó,

(iii) liúntais soghluaiseachta is iníoctha faoi alt 61 den Acht Sláinte, 1970 , leis an duine,”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

19. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

(3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987” an tAcht seo.